Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chum ár leasa. Seanán Naomhtha. XXIII.
Title
Chum ár leasa. Seanán Naomhtha. XXIII.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUM ÁR LEASA. SEANÁN NAOMHTHA. XXIII. An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. Do shuidh cómhairle cléire uair i n-Inis Cathaig. Do chin an chómhairle ar a lán neithe a bhain le gnóthaibh Creidimh ar an oileán. Nídh dhíobh dob eadh gur cheart teampal beag do chur suas i n-áit áirighthe ann, i n-onóir do'n Mhaighdin Mhuire. Nuair a chuathas chun an teampail a dhéanamh do fuaradh ná raibh clocha le fághail sa n-áit. Níor féadadh an obair a thusnú' an lá san. Lár na mháireach a bhí chúghainn bhí duine des na manaig ag féuchaint ar an áit 'na raibh an teampal le déanamh, agus é go brónach, ag cásamh easba na gcloch. Féuchaint d'á dtug sé thairis chonaic sé cárnán cloch. Tháinig sé agus d'fhéuch sé iad agus do láimhsiáil sé iad. Fuair sé gur bh'iad san díreach an saghas a dhéanfadh an gnó agus go raibh dóthin na h-oibre ann díobh. Tháinig na saoír agus a lucht frithálmha agus do cuireadh suas an teampal i n-onóir do'n Mhaighdin Mhuire.
“Cad deirir leis sin, a Mhister Filosofer?” “Deirim gur mór an truagh gan gobán a chur ionat! Ní'l agat ach mírbhúiltí, mírbhúiltí, mírbhúiltí, ar fad. Dar leat níor chuir Seanán oiread agus cor de chois 'ná de láimh leis i gcaitheamh a bheatha gan mírbhúilt éigin a dhéanamh! Cad a mheasan tú? Nó conus is dóich leat is féidir dúinn géile do d' chaint? Tá daoíne naomhtha sa tsaoghal anois chómh maith agus a bhí an uair sin. Chímíd go léir a lán tairbhthe acu 'á dhéanamh. Ní fheicimíd aon mhírbhúiltí acu 'á déan- amh. Dá n-abarthí gur dhéin aoinne acu mírbhúilt, ní'l aoinne is thúisge shéanfadh é 'ná an duine féin. Daoíne iseadh iad go bhfuil cial acu agus gur túisge leó an fhírinne dh'ínsint 'ná pé creideamhaint a gheabhdís as ainim mírbhúiltí bheith ortha. An lucht sean- achuis a sgríbh beatha Sheanáin, agus go bhfuarais-se na mírbhúiltí seo go léir as a gcuid sgríbhinní, chuirfidís comaoíne níos feár ar chlú Sheanáin dá gcuiridís síos dúinn níos mó de'n fhírinne agus níos lúgha des na mír- bhúiltíbh. Agus churfá-sa comaoíne níos feár ar chlú Sheanáin agus ar chlú an lucht seanachuis, agus ar do chlú féin, má tá aon mheas i n-aon chor agat air, dá dtugtá iaracht ar theacht ar fírinne an t-seanachais agus an fhírinne chur síos dúinn i n-inead bheith 'ghár ndalladh agus 'ghár dtachtadh agus 'ghár mbodhradh le mírbhúiltíbh. Dá ndéinteá an iaracht adeirim ar theacht ar an bhfírinne agus í thabhairt dúinn gheabhfí duine éigin a chuirfadh suím ad chaint. Ach nuair a chíon daoíne ná fuil agat ar fad ach mírbhúiltí, ní dhéanfidh aoinne ach a cheann a chrothadh agus a chúl a thabhairt leat. Na daoíne atá ar an saoghal anois táid siad ró chialmhar, ró thuisgionach, chun a rádh go bhféadfí bob a bhualadh ortha le mírbhúiltíbh gan éifeacht.” “Bhuailis do mhéar air, a Mhister Filosofer. Bhuailis do mhéar air sa bhfocal déanach san a dúbhrais. ‘Tá san aoghal ró thuisgionach anois chun géile do mhírbhúiltíbh.’” “Ar airighis riamh, a Mhister Filoso- fer, gur dóich leis an amadán gur aige atá tuisgint an domhain? ‘Tá an saoghal ró thuisgionach,’ arsa tusa. Cá bhfuil an tuisgint? Má deir duine liom go bhfuil tuisgint aige níl agam ach féuchaint ar a ghníomh. Má chím neamhthuisgint 'na ghníomh cad a bhéidh le rádh agam i dtaobh a thuisgiona? Má dhéinean duine am- adántacht agus botún agus aimhleas dó féin os cómhair mo shúl cad é an meas is féidir dom a bheith agam ar a thuisgint? Is aimhleas do dhuine a chroídhe agus a mhian do chur ar an saoghal chómh maith agus dá mbéadh sé le fanmhaint anso choídche. Corp neamhthuisgiona iseadh é. Tá níos mó de'n neamhthuisgint sin sa tsaoghal anois 'ná mar a bhí roimis seo. Cá bhfuil an ‘ró thuisgint’ seo adeirir?” “Ach b'fhéidir, a Mhister Filosofer, gur b'é rud atá at' aigne, ach nách maith leat é leogaint amach, go bhfuil an saoghal ró thuisgionach anois chun a admháil go bhfuil Dia ná saoghal eile i n-aon chor ann. Má 'sé sin atá at' aigne caith amach é, a dhuine, agus ná bí 'ghá chogaint! Dá mba le neart tuisgiona a déarfadh daoíne ná fuil Dia ná saoghal eile i n-aon chor ann, nár chóir go ndéanfadh an tuisgint chéadna san a chur fhéuchaint ortha an saoghal so chur chómh fada agus d'fhéad- fidís é? Nár dhóich leat go ndéar- fidís leo féin: “Ní'l aon áthas ag duine ar an saoghal níos mó 'ná sláinte aigne agus chuirp. Ní foláir dom d'á bhrígh sin, aire mhaith a thabhairt do'n dá adhbhar áthais sin agus gach nídh a dhéanfadh díobháil dóibh do sheach- nadh mar a sheachnóchainn an bás.” An mar sin a dhéinid na daoíne seo atá ró thuisgionach chun Creidimh a bheith acu? Ní gá dhómh-sa a ínsint duit-se nách eadh. Déinid siad a mhalairt. Déinid siad díreach an rud is feár a loitfidh áthas an tsaoghail seo féin ortha. Tugaid siad srian do gach anmhian. Ní fada go mbíon an dá adhbhar áthais úd imthighthe, gan súil le n-a gcasadh. I n-inead an áthais ní'l ach pianta cuirp, agus croídhe briste, agus aigne ar buile le buairt. ‘Tá
an saoghal ró thuisgionach,’ arsa tusa. Is deas an saghas tuisgiona é. Ní h-eadh, ach ní raibh an donus riamh le neamh-thuisgint ar an saoghal go dtí gur thusnuig daoíne mar thusa ar a rádh, ‘tá an saoghal ró thuisgionach.’” “Agus siné an saoghal ‘ró thuis- gionach’ so gur mhaith leat go ndéanfinn-se mírbhúiltí Seanáin, nú Phádraig, nú Bhríghde, do bhogadh dhó!” “Cad é an tairbhthe dhuit bheith 'ghá n-ínsint mura gcreidfar uait iad.” “Cad é an deifrígheacht a dhéinean sé do'n fhírinne cé 'cu a creidfar í nú ná creidfar?” “Ní dhéinean, má 'sí an fhírinne í. Nách shiné an sgéal go léir?” “Am briathar féin nách é, 'ná leath an sgéil go léir. Ní fírinne 'ná neamh- fhírinne a bhíon uaibh-se i mírbhúiltíbh ach leathsgéal éigin chun gan géile dóibh 'ná iad do chreideamhaint. Dhéanfhadh, ‘tá an saoghal ró thuisgionach,’ an gnó maith go leór mar leathsgéal mura mbéadh an donus le neamh- thuisgint a bheith ar an saoghal mar atá. Caithfhidh tú leathsgéal éigin eile tharach chúghat, a Mhister Filosofer, má's maith leat diúltú' do mhírbhúiltíbh, i n-éagmuis tuisgiona an tsaoghail atá anois ann.” “Cad is gá dhom aon leathsgéal!” “Go díreach. Anois a dúbhraís é. Ní gá dhuit aon leathsgéal ach do thoil fhéin. Ní cúrsaí fírinne 'ná neamh- fhírinne é ach cúrsaí toile. Siné an sgéal go léir go fheilmionta. Agus mheasfá-sa dhómh-sa na mírbhúiltí fhágáilt gan cur síos sa tseanachas gan aon chúis ar domhan ach mar ná taithnid siad leat-sa! Is ana thuis- gionach an duine thú, a Mhister Filo- sofer, agus bhéinn-se chómh tuisgionach leat dá ndéininn rud ort.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services