Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Chum ár leasa. Seanán Naomhtha. XXIII.

Title
Chum ár leasa. Seanán Naomhtha. XXIII.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CHUM ÁR LEASA.



SEANÁN NAOMHTHA.



XXIII.



An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.



Do shuidh cómhairle cléire uair i
n-Inis Cathaig. Do chin an chómhairle
ar a lán neithe a bhain le gnóthaibh
Creidimh ar an oileán. Nídh dhíobh dob
eadh gur cheart teampal beag do chur
suas i n-áit áirighthe ann, i n-onóir
do'n Mhaighdin Mhuire. Nuair a
chuathas chun an teampail a dhéanamh
do fuaradh ná raibh clocha le fághail
sa n-áit. Níor féadadh an obair a
thusnú' an lá san. Lár na mháireach a
bhí chúghainn bhí duine des na manaig
ag féuchaint ar an áit 'na raibh an
teampal le déanamh, agus é go
brónach, ag cásamh easba na gcloch.
Féuchaint d'á dtug sé thairis chonaic
sé cárnán cloch. Tháinig sé agus
d'fhéuch sé iad agus do láimhsiáil sé
iad. Fuair sé gur bh'iad san díreach
an saghas a dhéanfadh an gnó agus go
raibh dóthin na h-oibre ann díobh.
Tháinig na saoír agus a lucht frithálmha
agus do cuireadh suas an teampal i
n-onóir do'n Mhaighdin Mhuire.


L. 155


“Cad deirir leis sin, a Mhister
Filosofer?”



“Deirim gur mór an truagh gan
gobán a chur ionat! Ní'l agat ach
mírbhúiltí, mírbhúiltí, mírbhúiltí, ar
fad. Dar leat níor chuir Seanán
oiread agus cor de chois 'ná de láimh
leis i gcaitheamh a bheatha gan mírbhúilt
éigin a dhéanamh! Cad a mheasan tú?
Nó conus is dóich leat is féidir
dúinn géile do d' chaint? Tá daoíne
naomhtha sa tsaoghal anois chómh maith
agus a bhí an uair sin. Chímíd go léir
a lán tairbhthe acu 'á dhéanamh. Ní
fheicimíd aon mhírbhúiltí acu 'á déan-
amh. Dá n-abarthí gur dhéin aoinne
acu mírbhúilt, ní'l aoinne is thúisge
shéanfadh é 'ná an duine féin. Daoíne
iseadh iad go bhfuil cial acu agus gur
túisge leó an fhírinne dh'ínsint 'ná pé
creideamhaint a gheabhdís as ainim
mírbhúiltí bheith ortha. An lucht sean-
achuis a sgríbh beatha Sheanáin, agus
go bhfuarais-se na mírbhúiltí seo go
léir as a gcuid sgríbhinní, chuirfidís
comaoíne níos feár ar chlú Sheanáin
dá gcuiridís síos dúinn níos mó de'n
fhírinne agus níos lúgha des na mír-
bhúiltíbh. Agus churfá-sa comaoíne
níos feár ar chlú Sheanáin agus ar chlú
an lucht seanachuis, agus ar do chlú
féin, má tá aon mheas i n-aon chor
agat air, dá dtugtá iaracht ar theacht
ar fírinne an t-seanachais agus an
fhírinne chur síos dúinn i n-inead bheith
'ghár ndalladh agus 'ghár dtachtadh
agus 'ghár mbodhradh le mírbhúiltíbh.
Dá ndéinteá an iaracht adeirim ar
theacht ar an bhfírinne agus í thabhairt
dúinn gheabhfí duine éigin a chuirfadh
suím ad chaint. Ach nuair a chíon
daoíne ná fuil agat ar fad ach
mírbhúiltí, ní dhéanfidh aoinne ach a
cheann a chrothadh agus a chúl a thabhairt
leat. Na daoíne atá ar an saoghal
anois táid siad ró chialmhar, ró
thuisgionach, chun a rádh go bhféadfí
bob a bhualadh ortha le mírbhúiltíbh gan
éifeacht.”



“Bhuailis do mhéar air, a Mhister
Filosofer. Bhuailis do mhéar air sa
bhfocal déanach san a dúbhrais. ‘Tá
san aoghal ró thuisgionach anois chun
géile do mhírbhúiltíbh.’”



“Ar airighis riamh, a Mhister Filoso-
fer, gur dóich leis an amadán gur
aige atá tuisgint an domhain? ‘Tá
an saoghal ró thuisgionach,’ arsa tusa.
Cá bhfuil an tuisgint? Má deir
duine liom go bhfuil tuisgint aige
níl agam ach féuchaint ar a ghníomh.
Má chím neamhthuisgint 'na ghníomh cad
a bhéidh le rádh agam i dtaobh a
thuisgiona? Má dhéinean duine am-
adántacht agus botún agus aimhleas
dó féin os cómhair mo shúl cad é an
meas is féidir dom a bheith agam ar a
thuisgint? Is aimhleas do dhuine a
chroídhe agus a mhian do chur ar an
saoghal chómh maith agus dá mbéadh sé
le fanmhaint anso choídche. Corp
neamhthuisgiona iseadh é. Tá níos mó
de'n neamhthuisgint sin sa tsaoghal
anois 'ná mar a bhí roimis seo. Cá
bhfuil an ‘ró thuisgint’ seo adeirir?”



“Ach b'fhéidir, a Mhister Filosofer,
gur b'é rud atá at' aigne, ach nách
maith leat é leogaint amach, go bhfuil
an saoghal ró thuisgionach anois chun a
admháil go bhfuil Dia ná saoghal eile
i n-aon chor ann. Má 'sé sin atá at'
aigne caith amach é, a dhuine, agus ná
bí 'ghá chogaint! Dá mba le neart
tuisgiona a déarfadh daoíne ná fuil
Dia ná saoghal eile i n-aon chor ann,
nár chóir go ndéanfadh an tuisgint
chéadna san a chur fhéuchaint ortha an
saoghal so chur chómh fada agus d'fhéad-
fidís é? Nár dhóich leat go ndéar-
fidís leo féin: “Ní'l aon áthas ag
duine ar an saoghal níos mó 'ná
sláinte aigne agus chuirp. Ní foláir
dom d'á bhrígh sin, aire mhaith a thabhairt
do'n dá adhbhar áthais sin agus gach
nídh a dhéanfadh díobháil dóibh do sheach-
nadh mar a sheachnóchainn an bás.” An
mar sin a dhéinid na daoíne seo atá
ró thuisgionach chun Creidimh a bheith
acu? Ní gá dhómh-sa a ínsint duit-se
nách eadh. Déinid siad a mhalairt.
Déinid siad díreach an rud is feár a
loitfidh áthas an tsaoghail seo féin
ortha. Tugaid siad srian do gach
anmhian. Ní fada go mbíon an dá
adhbhar áthais úd imthighthe, gan súil le
n-a gcasadh. I n-inead an áthais ní'l
ach pianta cuirp, agus croídhe briste,
agus aigne ar buile le buairt. ‘Tá


L. 156


an saoghal ró thuisgionach,’ arsa tusa.
Is deas an saghas tuisgiona é. Ní
h-eadh, ach ní raibh an donus riamh le
neamh-thuisgint ar an saoghal go dtí
gur thusnuig daoíne mar thusa ar a
rádh, ‘tá an saoghal ró thuisgionach.’”



“Agus siné an saoghal ‘ró thuis-
gionach’ so gur mhaith leat go
ndéanfinn-se mírbhúiltí Seanáin, nú
Phádraig, nú Bhríghde, do bhogadh dhó!”



“Cad é an tairbhthe dhuit bheith 'ghá
n-ínsint mura gcreidfar uait iad.”



“Cad é an deifrígheacht a dhéinean
sé do'n fhírinne cé 'cu a creidfar í nú
ná creidfar?”



“Ní dhéinean, má 'sí an fhírinne í.
Nách shiné an sgéal go léir?”



“Am briathar féin nách é, 'ná leath an
sgéil go léir. Ní fírinne 'ná neamh-
fhírinne a bhíon uaibh-se i mírbhúiltíbh ach
leathsgéal éigin chun gan géile dóibh
'ná iad do chreideamhaint. Dhéanfhadh,
‘tá an saoghal ró thuisgionach,’ an
gnó maith go leór mar leathsgéal
mura mbéadh an donus le neamh-
thuisgint a bheith ar an saoghal mar
atá. Caithfhidh tú leathsgéal éigin eile
tharach chúghat, a Mhister Filosofer,
má's maith leat diúltú' do mhírbhúiltíbh,
i n-éagmuis tuisgiona an tsaoghail
atá anois ann.”



“Cad is gá dhom aon leathsgéal!”



“Go díreach. Anois a dúbhraís é.
Ní gá dhuit aon leathsgéal ach do thoil
fhéin. Ní cúrsaí fírinne 'ná neamh-
fhírinne é ach cúrsaí toile. Siné an
sgéal go léir go fheilmionta. Agus
mheasfá-sa dhómh-sa na mírbhúiltí
fhágáilt gan cur síos sa tseanachas
gan aon chúis ar domhan ach mar ná
taithnid siad leat-sa! Is ana thuis-
gionach an duine thú, a Mhister Filo-
sofer, agus bhéinn-se chómh tuisgionach
leat dá ndéininn rud ort.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services