Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanán Naomhtha. XXII.
Title
Seanán Naomhtha. XXII.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEANÁN NAOMHTHA. XXII. An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. Tháinig taoiseach dar bh' ainim Risteard de Claér agus do sgrios sé Corca Baoísgne go léir. Fear ab eadh é ná raibh bean aige féin 'ná agá shluagh ar Dhia 'ná ar dhaoíne. Pé ball 'na bhfuair sé aon rud i bhfuirim saidhbhris 'ná olmhathasa do rug sé greim air agus do strac sé leis é, pé 'cu bhain sé le cléir nú le tuath, le h-órd nú le h-eaglais. Níor fhág sé Inis Cathaig gan rian a lámh a chur air. Chuaidh sé féin agus a shluagh robál- aidhthe isteach ar an oileán. Do bhriseadar agus do loiteadar agus do sgartáladar an áit, agus do sgiobadar leó gach aon rud go raibh aon tairbhthe ann 'ná aon luacht airgid ann, pé 'cu bhí sé coisricthe nú ná raibh. Do chrom na manaig agus muíntir na tíre ar a nguídhe chur chun Dé agus chun Sheanáin, 'ghá iaraidh go ndéanfadh Seanán an rud a gheall sé. D'imthig Risteárd de Claér agus do rug sé leis a chuid foghla. An oidhche chéadna san do thaisbeáin Seanán é féin do shacristach na mainistreach
agus dúbhairt sé leis nár bhfoláir dó féin, mar gheall ar ghuídhe na manach agus na ndaoíne, dul agus pionós do chur ar an gcuirptheach a dhéin an t-éirleach ar an dtír agus ar an eaglais.Láithreach 'na diagh san pé áit 'na raibh Risteárd de Claér chonaic sé an t-easbog Seanán 'na sheasamh os a chómhair agus a bhachul easboig 'na láimh aige. Do thóg sé suas an bachul agus bhuail sé buile dé ar Risteárd. Dhéin amadán de Risteárd láithreach.Bhí sé gan mhea- bhair gan chruinneas. Trí lá na dhiagh san do marbhuigheadh i gcath é. Bhí eaglais sa pharóiste, i gContae an Chláir, ar a dtugtar Cíll Fearagh anois. Cíll Chailíghe an ainim a bhí ar an eaglais sin. Bhí an eaglais sin fé chomairce Sheanáin chómh maith agus bhí Inis Cathaig féin, agus bhí an uraim chéadna ag an bpoibilidheacht di. Le h-imtheacht aimsire ámhthach, agus de thoradh cruadh-bheart namhad, chuaidh an uraim ar feódh i ndiaig ar ndiaig, agus dhéin cabhlach de'n eaglais. Fé dheire do thárla go raibh fear éigin sa chómharsanacht agus gur theastuig sgioból uaidh. Chonaic sé seana chabhlach na b-eagailse agus thuig sé i n' aigne go ndéanfadh an tseana chabhlach a ghnó go h-áluinn. Bhí na falaí go maith. Chuir sé ceann agus díon ortha agus bhí sgioból breagh aige, dar leis. Ní ró fhada a fhágadh an ceann ar an sgioból. Bhí teine ar lasadh tamal ó'n sgioból. Tháinig éun éigin agus do rug sé ó'n dteine leis sop a bhí ar lasadh agus chuir sé an sop i ndíon an sgiobóil. Do las an díon. Níor bh'fhada go raibh an duine gan shgioból agus na falaí chómh lom, chómh nochtuighthe agus a bhíodar riamh. Thuig na daoine gur bh'é Seanán fé ndeár an shgioból do losgadh. Tháinig cathú' ortha mar gheall ar leogaint do Chill Chailíghe dul chun deiridh agus tuitim, mar a leogadar. Shocaruigh- dar ar an sean eaglaish a dhéanamh suas airís. Thánadar agus chruinnígh- dar clocha agus adhmad agus lucht ceárd. Bhí aon nídh amháin i n-easnamh ortha go cruaidh. Ní raibh aon aol acu chun mairtéil a dhéanamh 'ná aon fhios acu cá bhfaighdís é. Thaisbeáin Seanán é féin do dhuine bocht 'nar bh'ainim dó Senánín ua h-Édromáin agus dúbhairt sé leis dul go tig inghíne d' Uíbh Macháin agus poll a dhéanamh i n-áit áirighthe i n-aice an tíghe sin agus go bhfaghfí oiread aoíl ann agus dhéanfadh an gnó. Do tánathas agus do déineadh an poll agus do fuaradh an t-aol. Do cuireadh suas an eaglais agus do tugadh an uraim cheart di as san amach. Do tugadh fé ndeara nár cuireadh an t-aol i luíghead sa pholl; go raibh oiread aoíl i ndiaigh na h-oibre ann agus a bhí ann roimis an obair. Do fuaradh leis go raibh leigheas sa n-aol san, gur leighseadh daoine agus beithíg go minic leis. Bhí rígh ar Chorca Baoísgne. Donchadh mac Dómhnail ab ainim dó. Droch dhuine b'eadh é. Bhíodh sé ag creachadh na ndaoíne, ag breith a gcuid arbhair agus a gcuid stuic leis le lámh láidir. Níor shos do na h-eaglaisibh é uaidh. Do sgrios sé Cíll Chailíghe agus Cíll Chairitáin agus Ros an Aircheil. Do chruinnig cléir na tíre agus biocáire Sheanáin os a gcionn. Thugadar amach taise na naomh, an méid a bhí acu dhíobh. Do lasadar choínnle agus do bhuaileadar cluig agus do ghluais- eadar i gcómhshíubhal sholmanta go rabhdar i láthair Dhonchadh. D'ínseadar dó go raibh na neithe a thóg sé as na h-eaglaisibh fé tharmuin Sheanáin, agus gur bh'feara dhó iad do chur thar n-ais. Dúbhairt sé na cuirfadh. Do chuir- eadar fé chainnealbháth é. Níor bh'fhada 'na dhiagh san go raibh air féin agus ar a shluagh dul i gcath. Do thuit sé sa chath, agus do thuit 'na theanta an uile dhuine d'á raibh ag cabhrú' leis ag sgrios na n-eaglaishí. Bhí aon dritháir amháin aige ná raibh ciontach i n-aon chor i robáil na n-eaglaisí. Tháinig an dritháir sin saor ó'n gcath. Do cuireadh raint éigin beithígheach, uair, chun a gcosanta, ar thalamh a bhí fé tharmuin Sheanáin. Tháinig taoís- each gur bh'ainim dó Mathúin agus cheap sé na beithíg a bhreith leis i n-aimhdheóin na tarmuna. Tháinig biocáire Sheanáin chun na mbeithígheach a choimeád tré
bhíthinn na tarmuna. Chaith Mathúin dhá urchar saighid leis an mbiocáire. Níor pholl an saíghead éadach an bhiocáire le h-aon urchar díobh. Do thuit gach saighead acu chun tailimh gan a dhéanamh ach baint leis an éadach. Nuair a chonaic Mathúin an méid sin níor dhéin sé ach preabadh isteach ameasg na mbeithígheach agus an ceann ba raimhre a bhí ortha do mharbhú.’ Chrom sé féin agus na fir a bhí i n-aonfheacht leis ar an gcroicean a bhaint de'n bheithígheach san. Ní ró fhada a chuadar ar an obair sin nuair a thuit Mathúin. Do tógadh suas é. Bhí sé chómh marbh leis an mbeithígheach go raibh an croicean acu 'á bhaint de! Táinig bitheamhnaig, lá, agus ghuid- eadar bó ó shagart. Ua Reagáin ab ainim do'n tsagart. Bhí an talamh ar a raibh an bhó fé tharmuin Sheanáin. Do rug na bitheamhnaig an bhó leó go bruach locha agus mharbhuighdar ann í. Bhí gamhain sa bhoin. D'fhileadar an gamhain i seithe na bó agus chaithadar síos é i bpoll a bhí ann. Nuair a fuaradh an bhó imighthe do ghluais na dhaoíne go léir 'á cuardach. Do theip í fhághail. Dúbhairt gach aoinne gur mhór an iongna leó mara dtagadh díbhirg Sheanáin ar an mbitheamhnach, pé'r b'é féin. D'fhan an sgéal mar sin go ceann mí. Ansan do tháinig na bitheamhnaig chun an phoill airís. Tóg- adar aníos as an bpoll an seithe agus an gamhain istig ann. D'osgaladar an seithe. Bhí an gamhain 'na bheathaig! Chuir sé trí bhéic as. Tháinig crith chos a's lámh ar na bitheamhnaig. Siúd ag trial ar an sagart iad. D'adamhuígh- dar láithreach gur bh' iad a ghuid an bhó uaidh. D'ínseadar dó i dtaobh an ghamhna. Dúbhradar go rabhdar ceap- aithe ar leórghníomh a dhéanamh agus díol as an mboin le h-eagla go ndéanfadh Seanán díoltas ortha. Ghealladar leis ná déanfidís a thuile gadaídheachta i gcaitheamh a saoghal airís, ach go mairfidís macánta, críosdamhail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services