Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanán Naomhtha. XXII.

Title
Seanán Naomhtha. XXII.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SEANÁN NAOMHTHA.



XXII.



An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.



Tháinig taoiseach dar bh' ainim
Risteard de Claér agus do sgrios
sé Corca Baoísgne go léir. Fear ab
eadh é ná raibh bean aige féin 'ná
agá shluagh ar Dhia 'ná ar dhaoíne. Pé
ball 'na bhfuair sé aon rud i bhfuirim
saidhbhris 'ná olmhathasa do rug sé
greim air agus do strac sé leis é,
pé 'cu bhain sé le cléir nú le tuath, le
h-órd nú le h-eaglais. Níor fhág sé
Inis Cathaig gan rian a lámh a chur air.
Chuaidh sé féin agus a shluagh robál-
aidhthe isteach ar an oileán. Do
bhriseadar agus do loiteadar agus
do sgartáladar an áit, agus do
sgiobadar leó gach aon rud go raibh
aon tairbhthe ann 'ná aon luacht airgid
ann, pé 'cu bhí sé coisricthe nú ná
raibh. Do chrom na manaig agus
muíntir na tíre ar a nguídhe chur chun
Dé agus chun Sheanáin, 'ghá iaraidh go
ndéanfadh Seanán an rud a gheall sé.
D'imthig Risteárd de Claér agus do
rug sé leis a chuid foghla. An oidhche
chéadna san do thaisbeáin Seanán é
féin do shacristach na mainistreach


L. 74


agus dúbhairt sé leis nár bhfoláir dó
féin, mar gheall ar ghuídhe na manach
agus na ndaoíne, dul agus pionós do
chur ar an gcuirptheach a dhéin an
t-éirleach ar an dtír agus ar an
eaglais.Láithreach 'na diagh san pé
áit 'na raibh Risteárd de Claér
chonaic sé an t-easbog Seanán 'na
sheasamh os a chómhair agus a bhachul
easboig 'na láimh aige. Do thóg sé
suas an bachul agus bhuail sé buile
dé ar Risteárd. Dhéin amadán de
Risteárd láithreach.Bhí sé gan mhea-
bhair gan chruinneas. Trí lá na dhiagh
san do marbhuigheadh i gcath é.



Bhí eaglais sa pharóiste, i gContae
an Chláir, ar a dtugtar Cíll Fearagh
anois. Cíll Chailíghe an ainim a bhí ar
an eaglais sin. Bhí an eaglais sin
fé chomairce Sheanáin chómh maith agus
bhí Inis Cathaig féin, agus bhí an uraim
chéadna ag an bpoibilidheacht di. Le
h-imtheacht aimsire ámhthach, agus de
thoradh cruadh-bheart namhad, chuaidh an
uraim ar feódh i ndiaig ar ndiaig,
agus dhéin cabhlach de'n eaglais. Fé
dheire do thárla go raibh fear éigin
sa chómharsanacht agus gur theastuig
sgioból uaidh. Chonaic sé seana
chabhlach na b-eagailse agus thuig sé
i n' aigne go ndéanfadh an tseana
chabhlach a ghnó go h-áluinn. Bhí na
falaí go maith. Chuir sé ceann agus
díon ortha agus bhí sgioból breagh aige,
dar leis. Ní ró fhada a fhágadh an
ceann ar an sgioból. Bhí teine ar
lasadh tamal ó'n sgioból. Tháinig éun
éigin agus do rug sé ó'n dteine leis
sop a bhí ar lasadh agus chuir sé an
sop i ndíon an sgiobóil. Do las an
díon. Níor bh'fhada go raibh an duine
gan shgioból agus na falaí chómh lom,
chómh nochtuighthe agus a bhíodar riamh.
Thuig na daoine gur bh'é Seanán fé
ndeár an shgioból do losgadh. Tháinig
cathú' ortha mar gheall ar leogaint do
Chill Chailíghe dul chun deiridh agus
tuitim, mar a leogadar. Shocaruigh-
dar ar an sean eaglaish a dhéanamh
suas airís. Thánadar agus chruinnígh-
dar clocha agus adhmad agus lucht
ceárd. Bhí aon nídh amháin i
n-easnamh ortha go cruaidh. Ní raibh
aon aol acu chun mairtéil a dhéanamh
'ná aon fhios acu cá bhfaighdís é.
Thaisbeáin Seanán é féin do dhuine
bocht 'nar bh'ainim dó Senánín ua
h-Édromáin agus dúbhairt sé leis dul
go tig inghíne d' Uíbh Macháin agus
poll a dhéanamh i n-áit áirighthe i n-aice
an tíghe sin agus go bhfaghfí oiread
aoíl ann agus dhéanfadh an gnó. Do
tánathas agus do déineadh an poll
agus do fuaradh an t-aol. Do
cuireadh suas an eaglais agus do
tugadh an uraim cheart di as san
amach. Do tugadh fé ndeara nár
cuireadh an t-aol i luíghead sa pholl;
go raibh oiread aoíl i ndiaigh na h-oibre
ann agus a bhí ann roimis an obair. Do
fuaradh leis go raibh leigheas sa n-aol
san, gur leighseadh daoine agus beithíg
go minic leis.



Bhí rígh ar Chorca Baoísgne. Donchadh
mac Dómhnail ab ainim dó. Droch
dhuine b'eadh é. Bhíodh sé ag creachadh
na ndaoíne, ag breith a gcuid arbhair
agus a gcuid stuic leis le lámh láidir.
Níor shos do na h-eaglaisibh é uaidh.
Do sgrios sé Cíll Chailíghe agus Cíll
Chairitáin agus Ros an Aircheil. Do
chruinnig cléir na tíre agus biocáire
Sheanáin os a gcionn. Thugadar amach
taise na naomh, an méid a bhí acu
dhíobh. Do lasadar choínnle agus do
bhuaileadar cluig agus do ghluais-
eadar i gcómhshíubhal sholmanta go
rabhdar i láthair Dhonchadh. D'ínseadar
dó go raibh na neithe a thóg sé as na
h-eaglaisibh fé tharmuin Sheanáin, agus
gur bh'feara dhó iad do chur thar n-ais.
Dúbhairt sé na cuirfadh. Do chuir-
eadar fé chainnealbháth é. Níor bh'fhada
'na dhiagh san go raibh air féin agus ar
a shluagh dul i gcath. Do thuit sé sa
chath, agus do thuit 'na theanta an uile
dhuine d'á raibh ag cabhrú' leis ag sgrios
na n-eaglaishí. Bhí aon dritháir amháin
aige ná raibh ciontach i n-aon chor i
robáil na n-eaglaisí. Tháinig an
dritháir sin saor ó'n gcath.



Do cuireadh raint éigin beithígheach,
uair, chun a gcosanta, ar thalamh a bhí
fé tharmuin Sheanáin. Tháinig taoís-
each gur bh'ainim dó Mathúin agus cheap
sé na beithíg a bhreith leis i n-aimhdheóin
na tarmuna. Tháinig biocáire Sheanáin
chun na mbeithígheach a choimeád tré


L. 75


bhíthinn na tarmuna. Chaith Mathúin dhá
urchar saighid leis an mbiocáire. Níor
pholl an saíghead éadach an bhiocáire
le h-aon urchar díobh. Do thuit gach
saighead acu chun tailimh gan a dhéanamh
ach baint leis an éadach. Nuair a
chonaic Mathúin an méid sin níor dhéin
sé ach preabadh isteach ameasg na
mbeithígheach agus an ceann ba raimhre
a bhí ortha do mharbhú.’ Chrom sé féin
agus na fir a bhí i n-aonfheacht leis ar
an gcroicean a bhaint de'n bheithígheach
san. Ní ró fhada a chuadar ar an
obair sin nuair a thuit Mathúin. Do
tógadh suas é. Bhí sé chómh marbh leis
an mbeithígheach go raibh an croicean
acu 'á bhaint de!



Táinig bitheamhnaig, lá, agus ghuid-
eadar bó ó shagart. Ua Reagáin ab
ainim do'n tsagart. Bhí an talamh
ar a raibh an bhó fé tharmuin Sheanáin.
Do rug na bitheamhnaig an bhó leó go
bruach locha agus mharbhuighdar ann í.
Bhí gamhain sa bhoin. D'fhileadar an
gamhain i seithe na bó agus chaithadar
síos é i bpoll a bhí ann. Nuair a
fuaradh an bhó imighthe do ghluais na
dhaoíne go léir 'á cuardach. Do theip
í fhághail. Dúbhairt gach aoinne gur
mhór an iongna leó mara dtagadh
díbhirg Sheanáin ar an mbitheamhnach,
pé'r b'é féin. D'fhan an sgéal mar sin
go ceann mí. Ansan do tháinig na
bitheamhnaig chun an phoill airís. Tóg-
adar aníos as an bpoll an seithe agus
an gamhain istig ann. D'osgaladar
an seithe. Bhí an gamhain 'na bheathaig!
Chuir sé trí bhéic as. Tháinig crith chos
a's lámh ar na bitheamhnaig. Siúd ag
trial ar an sagart iad. D'adamhuígh-
dar láithreach gur bh' iad a ghuid an bhó
uaidh. D'ínseadar dó i dtaobh an
ghamhna. Dúbhradar go rabhdar ceap-
aithe ar leórghníomh a dhéanamh agus
díol as an mboin le h-eagla go
ndéanfadh Seanán díoltas ortha.
Ghealladar leis ná déanfidís a thuile
gadaídheachta i gcaitheamh a saoghal
airís, ach go mairfidís macánta,
críosdamhail.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services