Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Paidrín le naghaidh othar
Title
An Paidrín le naghaidh othar
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Paidrín le naghaidh othar. Cionnus is in-déanta machtnamh ar ruindiamhraibh na coróineach muire. Na Rúindiamhra Sólásacha. 1. An Teachtaireacht. A Liaigh Neámhdha, a tháinig anuas as na flaithis chum tinneas ar n-anmann a chneas- ughadh, glacaim go humhal-chroidheach an leigheas péine seo agat dá chur chugham dom' bhreoidh- teacht, dá impidhe ort go n-oibrigheadh sé ionnam gach ar mhian leat féin nuair chuiris de bharr do ghrádha-sa chugham é. Paidir, deich nabhe & glóire dhón Athair. 2. An Fiosrughadh. A Íosa agus á Mhuire, a aoidheacha neimhe, ó's sibhse do thug an sólás go Teaghlach Sachaire, tabhraidh damh-sa na grásta chum an ualaigh péine seo cuireadh orm d'iomchar go háthasach. 3. An Bhreith. Ó Íosa ró-dhílif do ghlac anbhochtaineacht, an fhuacht, an chruadháil & an céasadh do roghain ó fhíor-thosach do shadghail ar an talamh-sa, deónuigh led' ghrástaibh go gcabhró'idh mo phianadh-sa led' chrádh féin chum mo shlánuighthe. 4. Anofráil. Ó a leinbh ró-bheannuighthe, agus a Mháthair ró-shásta, mar aon leis an ofráil fhialmhair do-gheinif-se sa Teampoll, gabhaim-se orm fhéin gach ar mian le toil Dé do chur orm d'fhulang. 5. An Fhagháil sa Teampoll. A Mháthair bheannuighte, ní féidir liom a thuilleadh dul d'iarraidh do Mhic Diadha, don Teampoll 'na gcomhnuígheann Sé sa Sácrai- mint; athchuingim ort na grásta fhagháil dam. go gcuardó'd & go bhfuighead é i dteampoll mo chroidhe féin; go n-éistéo'd ánn le n-a theagasg naomhtha, & go gcuirfead sin, i ngníomh go creideamhnach. Na Rúindiamhra Dólásacha. 1. An Taom sa nGáirdín. Ó a Thighearna ró-naomhtha gur dom' dheas- gaibhse & de dheasgaibh mo pheacaí do tháinig eagla & truime chroide & brón bháis ort i nGáirdín na nOlach, innis dam an tshghe go ndéarfad lem' chroidhe iomlán, mar abubhraís féin: "Ní do réir mo thola-sa, a Athair, acht do réir do thóla féín go ndéantar." 2. An Sbiúrsáil. Ó a Uain neamh-chionntaigh Dé, an Tusa amháin do sheasó'idh na leadhbanna? Ní tu a Thighearna an chroidhe. Táim buidheach dhíot ar son na bpianta so agat dá gcur chugam sa an peacach dona. Deónuigh a gcur maille leis na mór-bhuillidhibh do bualadh ag an bpiolóir ort tríd' ghrádh dam. 3. An Corónughadh le Deilgníbh. A Rí mh'anma, molaim tu ar son na breoidh- teaít seo thabhairt dam mar dheilg ón gcoróin sin an mhasluighthe do cuireadh ort. Go ndéanad a coinneáil mar bhronn tanas uait se féin.l 4. Iomchur na Croise. Ó a Thigearn ró-naomhtha, mo mhíle buidheachas leat i dtaobh gur glaodhais orin chum cabhra leat chuin do chroise d'iomchur, mar do-ghein Simóin an Gíréanach. Tabhair dam na grásta chum a ionchus le saor-thoil Maille leat-sa. 5. An Céasadh. Ó a Íosa a Shlánuightheoir, d'fhan i bpiantaibh báis ar ceangal do chruadh adh mad na croise ar i feadh Trí nuaire ar son do ghrádha dham & ar son mo pheacaidhe-se, & a fuair bás ann dhom' dheasgaibh-se, tabhair dam, impighim ort, croidh-bhrugha iomlán ar na peacaidhibh iomad- amhla, le ndeárna chomh minic fearg dochur ort, maille leis na grástaibh cum bás naomhtha sona d'fhagháil mar fuairais féin.
Na Rúindiamhra Glórmhara. 1. An Eiséirghe. Ó a Thighearna tre ghlóire d'eiséirighthe caith- réimighe, neartuigh mo chreideamh, & tabhair dam foidhne an crádh & an ísleacht so d'iomchur go fearamhail ionnas go dtiocfaidh dá bharr chugham-sa an tsíoraidheacht ghlórmhar. 2. An Deasgabháil. A Thighearna ró-dhílis, a dubhairt go rabhais ag dul chum ionad do chórughadh dhúinne, cuir domh chongnamh, athchuingim ort, dhóchas neamh-staonuighthe id' gheallmhanaibh naomhtha. 3. Tuiring an Spioraid Naoimh Ó a Spioraid Naoim a Chábhruightheoir, gabh i leith, & líon mo chroide led' ghrádh & le nola do ghrásta naomhtha. 4. Bas na maigdne mye atógamtar ne. Ó a Mháthair na Trócaire, ar mBéatha, ar Milseacht & ar nDochas, impighim ort, as ucht an áthais a bhí ort ag fágáil an tsioghail seo, bheith i ngoireacht dam ar uair mo bháis, & toradh naomhtha do bhronn, Íosa, do thaisbéant dam. 5. Corónughadh na Maighdine Muire & Sólás na Naomh. Ó a Mháthair bheannuighthe Dé bí id' mháthair damféin, ná tuilleann bheith im' leanbh duit, & guidh orm go rabhaid na pianta so, 'na séodaibh im' choróin ins na Flaithis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services