Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar do Chailleas Morán Airgíd
Title
Mar do Chailleas Morán Airgíd
Author(s)
Údair éagsúla,
Pen Name
B. B.
Composition Date
1923
Publisher
Irish Fun
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IRISH FUN
Go raibh Nodlaig mheidhreach mhaith agaibh!
MAR DO CHAILLEAS MORÁN AIRGÍD EACHTRA UGHDAIR Do léigheas arís an litir a Fuaireas tamall ó shoin ó Eagarthóir áirithe. “A Dhuine Uasail,” do scríobh sé, “bheinn go deó fé chomaoin agat ach scéilín nó aiste nó dán nó dráma beag nó aon ní eile in ao' chor do scrí dom páipéar. Toisg an t-airgead bheith gann aguinn ní féidir liom níos mó ná fiche giní a thabhairt duit as an obair. Tá fhios agam go bhfaghan tú abhfad níos mó ná san ó eagar- thóirí eile — tá afhios san go maith agam, óir dúbhrais féin liom é dá rabhamar ag ól le chéile i dtigh tábhairne. Ach cuimhnig gur chum glóire Dé agus onóra na hÉireann a bheidh an obair 'ghá dhéanamh agat agus dein beart dá réir.” FÉILE IS FUISGÍ. Fear fial iseadh mé. Ní fhéad- fainn an tEagarthóir bocht fhágaint i gcruaidh chás. Chuas isteach im sheomra. D'ólas dhá ghloine fuisgí (chun na smaointe do mhealladh chugham) thógas mo pheann im ghlaic agus thosnuigheas ar scéal iongan- tach, neamh-choitianta do scrí. Bhí teidiol an scéil is ainm an ughdair scríobhtha agam agus bhíos díreach chun gloine eile den fhuisgí d'ól nuair tháinig mo ghiolla chugham. “Tá bean uasal amuigh,” ar seisean, “is bu mhaith léi caint a dhéanamh leat.” “Bhfuil sí gléasta go deas?” arsa mise leis. “Go gloóite,” ar seisean, “tá jumper den crepe de chine uirri agus —” “Abair léi teacht isteach.” IMPIDHE. Tháinig sí isteach. Rith sí chugham. Chuaidh sí síos ar a glúnaibh ós mo chomhair amach. “A dhuine uasail,” ar sise, agus na deora móra ag rith síos go dtí a smig beag bídeach, “ná diúltuigh mé, ná diultuigh mé nó maróchad mé féin le mísleáin agus toitíní. Ó, a dhuine uasail áluinn, dein rud orm is bead buidheach díot go deo.” “Cad tá uait, a bhean mhaith” arsa mise go maordha mall agus mé ag féachaint idir an dá shúil uirri. “Conus a dhéanfad rud ort?” “Dráma atá uaim,” ar sise de ghlór bog binn íseal, “agus ní féidir le héinne fé spéarthaibh na cruinne é scrí ach tusa. An ndéan- faidh tú dom é?” “Do dhéanfainn níos mó ná san duit,” arsa mise, agus thugas mo sámh di le pógadh, “ach cad an laghas dráma atá uait?” DRÁMA DEAS. Do thóg sí a ceann. Bhí luisne na leacain agus solus iongantach 'na súilibh. “Dráma,” ar sise “go mbeidh an cló Rómhánach agus an Litriú Simplí ann agus an sean-chlo cómh maith leo; dráma a bheidh simplí go leór do lucht foghlumtha na Gaedhilge cruaidh agus casta go leor do mhacaibh — léighinn na hollscoile, spéiseamhail go leór do'n cléireach atá i ngrádh is don feirmeoir atá i ndíg soléir go leor d'aon amadán i Sasana agus doimhin go leor do scoláirí móra na hEurópa; dráma nárbh féidir le héinne é léiriú ar árdán ná é léigheamh os árd; dráma go mbheidh —” “Is baolach” arsa mise “nach féidir —” “Cúig puint fhichead a bheidh le fáil agat as an obair” ar sise. “Déanfad é” arsa mise “ach caithfidh tú an t-airgead a thabhairch dom roim ré.” OCHÓN! Ar an nóiméid chéadna do shiúbhal mo chara an tEagarthóir isteach a Hata 'na láimh aige agus é go humhal, imnidheach, sgáthmhar. “Déanfad,” arsa mise, “ach caithfidh tú íoc as roim sé.” “Ag seo seic le fiche giní,” ar seisean. “Ag seo seic le cúig púint fhichead,” ars an bhruinneall bhéasach. Shíneas amach mo lámh chun greim fháil ar na seiceannaibh. Annsan do dhúisigheas. B. B.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services