Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar do Chailleas Morán Airgíd

Title
Mar do Chailleas Morán Airgíd
Author(s)
Údair éagsúla,
Pen Name
B. B.
Composition Date
1923
Publisher
Irish Fun

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


IRISH FUN


L. 143


Go raibh Nodlaig mheidhreach mhaith agaibh!


L. 165


MAR DO CHAILLEAS MORÁN AIRGÍD



EACHTRA UGHDAIR



Do léigheas arís an litir a
Fuaireas tamall ó shoin ó
Eagarthóir áirithe. “A Dhuine
Uasail,” do scríobh sé, “bheinn go
deó fé chomaoin agat ach scéilín nó
aiste nó dán nó dráma beag nó
aon ní eile in ao' chor do scrí dom
páipéar. Toisg an t-airgead bheith
gann aguinn ní féidir liom níos
mó ná fiche giní a thabhairt duit as
an obair. Tá fhios agam go bhfaghan
tú abhfad níos mó ná san ó eagar-
thóirí eile — tá afhios san go maith
agam, óir dúbhrais féin liom é dá
rabhamar ag ól le chéile i dtigh
tábhairne. Ach cuimhnig gur chum
glóire Dé agus onóra na hÉireann
a bheidh an obair 'ghá dhéanamh agat
agus dein beart dá réir.”



FÉILE IS FUISGÍ.



Fear fial iseadh mé. Ní fhéad-
fainn an tEagarthóir bocht fhágaint
i gcruaidh chás. Chuas isteach im
sheomra. D'ólas dhá ghloine fuisgí
(chun na smaointe do mhealladh
chugham) thógas mo pheann im ghlaic
agus thosnuigheas ar scéal iongan-
tach, neamh-choitianta do scrí. Bhí
teidiol an scéil is ainm an ughdair
scríobhtha agam agus bhíos díreach
chun gloine eile den fhuisgí d'ól
nuair tháinig mo ghiolla chugham.



“Tá bean uasal amuigh,” ar
seisean, “is bu mhaith léi caint a
dhéanamh leat.”



“Bhfuil sí gléasta go deas?”
arsa mise leis.



“Go gloóite,” ar seisean, “tá
jumper den crepe de chine uirri
agus —”



“Abair léi teacht isteach.”



IMPIDHE.



Tháinig sí isteach. Rith sí chugham.
Chuaidh sí síos ar a glúnaibh ós mo
chomhair amach.



“A dhuine uasail,” ar sise, agus
na deora móra ag rith síos go dtí
a smig beag bídeach, “ná diúltuigh
mé, ná diultuigh mé nó maróchad
mé féin le mísleáin agus toitíní.
Ó, a dhuine uasail áluinn, dein
rud orm is bead buidheach díot go
deo.”



“Cad tá uait, a bhean mhaith”
arsa mise go maordha mall agus
mé ag féachaint idir an dá shúil
uirri. “Conus a dhéanfad rud
ort?”



“Dráma atá uaim,” ar sise de
ghlór bog binn íseal, “agus ní
féidir le héinne fé spéarthaibh na
cruinne é scrí ach tusa. An ndéan-
faidh tú dom é?”



“Do dhéanfainn níos mó ná san
duit,” arsa mise, agus thugas mo
sámh di le pógadh, “ach cad an
laghas dráma atá uait?”



DRÁMA DEAS.



Do thóg sí a ceann. Bhí luisne
na leacain agus solus iongantach
'na súilibh.



“Dráma,” ar sise “go mbeidh
an cló Rómhánach agus an Litriú
Simplí ann agus an sean-chlo
cómh maith leo; dráma a bheidh
simplí go leór do lucht foghlumtha
na Gaedhilge cruaidh agus casta
go leor do mhacaibh — léighinn na
hollscoile, spéiseamhail go leór
do'n cléireach atá i ngrádh is don
feirmeoir atá i ndíg soléir go
leor d'aon amadán i Sasana agus
doimhin go leor do scoláirí móra
na hEurópa; dráma nárbh féidir
le héinne é léiriú ar árdán ná é
léigheamh os árd; dráma go
mbheidh —”



“Is baolach” arsa mise “nach
féidir —”



“Cúig puint fhichead a bheidh le
fáil agat as an obair” ar sise.



“Déanfad é” arsa mise “ach
caithfidh tú an t-airgead a thabhairch
dom roim ré.”



OCHÓN!



Ar an nóiméid chéadna do shiúbhal
mo chara an tEagarthóir isteach a
Hata 'na láimh aige agus é go
humhal, imnidheach, sgáthmhar.



“Déanfad,” arsa mise, “ach
caithfidh tú íoc as roim sé.”



“Ag seo seic le fiche giní,” ar
seisean.



“Ag seo seic le cúig púint
fhichead,” ars an bhruinneall bhéasach.



Shíneas amach mo lámh chun greim
fháil ar na seiceannaibh.



Annsan do dhúisigheas.



B. B.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services