Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Do Imtheachta Ghenerodeis
Title
Do Imtheachta Ghenerodeis
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1645
Publisher
(Má Nuad: An Sagart, 1987)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1 "... frithóilti dóibh, óir dá madh teithe do dhénta leis an ngníomh nach dearnais do ghoirfidhe duine ciontach díot agus tú neamhchiontach." Adubhairt Generodes: "Tuigim," ar sé, "go bhfuil an ríghain ar tí uilc do dhéanamh dhamh, óir is nár lé an sgéal úd do bheith agam uirre ó nachar fhaomhus a toil do dhéanamh." Dála na ríghna, ar n-imtheacht do Ghenerodes, do thairrng sí a folt, agus a fionnfadh, agus do bhúail a bosa, agus ro éigh co hárd, agus co hacaínteach, agus táinic an stíbhard fo ghárrthaibh na bann- ríghna, agus ro fhiadhfraidh créd d'ime uirre asa ndearnaigh an nuallghudhadh dearmhár sin. Adubhairt sisi gurob é a héaigniúdhadh do shanntaigh Generodes do dhéanamh agus ro fergaigheadh Sir Amalóg .i. an stíbhard, trít an ngníomh sin, agus ro nocht a chlaodhemh agus adubhairt go dtuitfeadh Generodes isin ngníomh sin, agus tug íarraidh air ina sheomra, agus ní bhfúair ann é. Táinig Aimpiríus .i. an rí, on bhfiadhach iar sin agus do tógbhadh búird altacha órrghaidhe os trisdélaibh caomh- ghlana cumhdaighe agus do folchadh íad do scoraídibh sgiamh- ghlana, agus d'anairtibh iúbhladha, agus d'ilchinél gach datha mur atá gorm, agus úaine, agus buidhe, agus breac, agus corcair, agus dá gach dath illdhathach éxamhail archeana. Agus do chúaidh Generodes agus na...ch isdeagh i gcumaidh cháigh, agus do shuidheadh na slúaigh do réir a n-ua- isleadh, agus a n-athardha, a ndúchais agus a n-onóra. Nír suidheadh íseal a n-ionadh úasail, na úasal a n-ionadh ísil, ná trén a n-ionadh aintréin ná daor a n-ionadh flatha, ach gach aon ina ionadh cheart chubhaidh chumhdruma chomhadhais. Agus ro éirgheadur lucht feadhma agus freasdail agus frithólmha an dúna, agus na cathrach, agus do chúaidh Generodes do fhrithólamh ar in rí agus ar in ríghain mur fa ghnáth leis. l 198> Agus do chonairc an stíbhard é agus adubhairt: 2 "A thrétúir fhallsa fhíorchealgaigh cía atá ag íarraidh na hoibri sin ort, óir is olc úait a déanamh," agus ní thug Generodes freagra air acht mur nach cluinfeadh é. Agus adubhairt an stíbhard arís: "A thrétúir" ar sé "ní fhreagrann tú mé," agus do dhruid an stíbhard lais iar sin agus do bhúail do dhornn é co díscir deaghthapaidh gur dhoirt a fhuil go fíoraibidh a bhfíanaise an rí agus na ríoghna. Arna fhaicsin sin don rí, ro éirigh go grod géarúrlach d'ionnsaidhe an stíbhaird, agus ro sháidh sgian trí bhun a ridhe, agus is ar éigean do rugadh úadha gan marbhadh é. Agus do chúaigh Sir Amalóg .i. an stíbhard, i gcaislén daingean dobhrisdi do bhí aige féin, agus do chruinne a mhuintir chuige as gach aird, ionnus go raibhe sé iolimad sluaigh agus sochaidhe. Agus as é fa mheanma aige gach díth agus gach dochar is mó do fhédfadh do dhéanamh don rí agus do bhí an ríghin mur an céadna. Dála Ghenerodeis do fhritháil sé na sochaidhe go maith an aoídhche sin agus nír éagaoin a easanóir, agus do badh olc le teaghlach an rí uile an easanóir sin tugadh do Ghenerodes. Iomthúsa Ghenerodeis, arna mhárach do chúaidh sé i bhfíadhnaise an rí agus do rinne umhla dhó agus as eadh adubhairt. "A Ampírius," ar sé, "an t-ionadh a bhfúarus féin an náire agus an masla úd gan adhbhur, ní bhear ann ní is sia nó go mbía cosg duine do neart annam agus dá bhféada mé digheolaidh mé m'easanóir fós ar an stíbhard. Agus má mhairim dodhéan maith dhuitsi fós." Ro cheileabhair Generodes don rí iar sin, agus ro imidh roimhe, agus nír chomhnaidh nó co ráinig tír an tsabhdáin re n-aburthar Peis agus do chúaidh i ccrích dheiridh an laoí gusan gcathraigh móir re n-aburar Montínar, agus ro ghabh teagh ósda innti an aoidhche sin. Agus do chuaidh ar maidin i gceann an tsabhdáin, agus do bheannaidh dhó, agus adubhairt Natánel: "A thighearna," ar sé "ag súd Mac diúice do Ghréagaibh lerb áil do thoil do dhéanamh do láimh agus do ghníobh 3 agus do sheirbhís." Adubhairt an sabhdán go bhfuidheadh sé sin maille re toil mhaith. Agus ro bhuí Generodes a bhfochair an tsabhdáin aimsir fhada iar sin, agus do ba romhaith an fear fiadhaigh le conaibh agus le líontaibh, agus le seabhcaibh ar muir agus ar tír é. Agus do badh umhal grádhach tidhlacach an mac sin, l 199> agus do ghrádhaigh an sabhdán agus a mhuintir uile é, ar dheaghbhésaibh. Agus do bhí aon ridire ar theaghlach an tsabhdáin aga roibhe tnúth agus formad re Generodes, darb ainm Malachías. Aroile lá dá raibhe an sabhdán ag caitheamh fleidhe agus Generodes aga fhrithóla, agus tug an rí oirchisecht dó dá thabhuirt do Chlarínas .i. inghean in tsabhdáin. Agus ro fhéach sí ar Ghenerodes ag fadhbháil an bhí uadha agus gion go raibhe fios a fholuidheachta ná a úaisle aice, do líon sí dá sheirc agus dá shíorghrádh agus dá annsacht ón tsilleadh sin tug sí fair. Agus ro fhéch Generodes uirresi mur an gcéadna agus nír lugha a ghrádh dhi arna faicsin. Agus ro imigh día sheomra go rodheithinsach ór nír shaoil a sháith d'fhadhbháil don inghin rena bheatha. Dála Chlarínas, do chuaidh sí ina gríanán ghlanradharcach ghloinidhi agus ro bhoí ann go cumhthach cíantuirsech, agus go ndoghra ndearmháir do ghrádh Ghenerodeis. Agus ro bhoí cumhal coimhideachta aice d'fhine úasal, agus is é do badh ainm dhi Mirabúla .i. maighdean mhíolla mhalachdhubh mhall- rosgach mhuingleabhur. Agus ro bhoí sí críonna ceannsa caoinbhriathrach, lán do thuicsi agus do dheaghbhésaibh, agus do chuaidh sí os cionn a banntigherna, agus is amhlaidh fúair í ag síordhul a n-anbhfuine agus a n-égcrúas, agus ro fhiadhfruidh di créd táinic ría. Adubhairt Clarínas nach fidir sin, "acht dom dhóigh," ar sí, "is gar bás damh, óir do chuaidh mo neart co léir úaim." Adubhairt Mírabula: "a ríoghain rathmhur," ar sí, "na ceil do rún orumsa, óir is díleas agus is innrúin duit mé agus ca fios nach tiocfadh díom do leighios?" Agus adubhairt Clarínas: "Nír fhionnus do mhírún ríamh," ar sí, "agus is dílis agus is tairisi thú in gach uile chás, agus inneosad adhbhur mo dheacra dhuit: sguibhéar 4 óg do bhí dom fhriothálamh dá ngoirthear Mac in Diúice Ghréacaigh; ro líonus dia ghrádh agus dia ansacht, agus ní budh búan mo bheatha muna fhadhar tiol mo mhean- man de." Adubhairt Mírabula: "A ríghain," ar sí, "bíodh croidhe agus meanma mhaith agatsa, agus dar liomsa, is maith an díol grádha an sguibhéar sin, óir is mór a mhéid, agus is óg a aois, agus is maith a dhealbh, agus is mín caoín carthanach compánta é, agus atá sáith gach impire nó gach tighearna sa domhan do mhac nó d'oighre ann, agus tiocfaidh dhíomsa a thabhairt chugadsa dot l 200> agallaimh co minic." Tugadar na bríathra sin cabhair agus comhfhurtacht mhór do Chlárinas. Dála Mhírabula, d'éis na hagallmhadh sin do dhéanamh risin inghin, do chúaidh amach as in gcaislén, agus tarlaidh Natánel uirre agus é dubhach déarach dobrónach. Agus ro fhiadh- fraidh de cá roibh Generodes agus ro indis Natánel di a bheith co gúasachtach easlán ina sheomra. Agus do chúaidh Mirabula dá insuidhe agus do bheandaigh dó, agus ro fhiadhfraidh de créd táinig ris. Adubhairt Generodes nach fidir, "acht dom dhóigh," ar sé, "is gar bás damh." "Indis fios do rúin damhsa," ar sí "agus dom dhóigh, tiocfa dhíom do leigheas, agus do thoil féin d'fhadhbháil duit do gach ní dá mbia at uireasbaidh." Ro innis Generodes di, ar mbraith a hintinne agus ar ndaing- niughadh cumainn agus caradraidh ria, grádh dícra dofhulaing do thabhairt dó do Chlárínas, agus in grádh sin do bheith aga mheasgadh agus aga mhórbhúaireadh. "Bíodh croidhe maith agadsa," ar Mírabula, "agus doghéansa slighi agus eaólus duit le a mbeir ag comhrádh re Clarínas." Agus do badh maith le Generodes an comhrádha sin do chlos úaithi agus do chuaidh sé le Mírabula, agus do rinne sí eolus dó tré fhíneamhuin agus tre oir- bhear nó co ráinic fa bhun in thúir ina roibhe Clarínas. Agus do chuir sí a ceann amach isin bhfuinneoig agus do labhair sí re Generodes, agus do fhiadhfraidh de créud táinig ris, agus ro innis di gach ní da roibh aga bhúaidhreadh agus do léig a rún ria. Adubhairt Clarinas: "a Ghenerodeis," ar sí "is beac 5 an ní sin doní tusa díomsa, agus dá ccluintí an comhrádh sin úait do thuitfeadh féin ann." Agus arna chlos sin do Ghenerodes do thuitsion i dtaisibh agus i dtáimhnéllaibh, agus a n-anbhfuine isin oiribhear agus nír fuilngeadh sin disi acht do labhuir fris do bhriathraibh ceannsa agus do chomhrádh áilghineach, agus is do dhearbhadh a ghrádha dhi tug sí in freagra sin air. Agus adubhairt Clarínas ris teacht co minic do comhrádh ria sa slighidhe chéanna agus gan a bhrath air gurab dá hagallmhadh do bhíadh ag teacht. Agus nír dheacair le Generodes sin do dhéanamh uirre. Agus ní dó labhrus in sdair go fóill. Dála Shir Amalóg .i. an stíbhard, ar n-éirghi dhó asan orthus tug Ampírius air, do chuaidh roimhe da chathraigh féin darb ainm Uisi, agus do chuir sé a fhine uile agus an méid fúair sé rena cceannach agus rena n-agallaimh do na hInniachuibh leis do chogadh ar Ampírius .i. airdrígh na hInnia, agus ro éaire an l 201> ríghain le Sir Amalóg a naghaidh an rí isin cogadh sin, agus ar fhaomh lé idir fhior agus mhnaoi do mhaithe na nIndíach. Do chuir Sir Amalóg iliomad slúadh agus sochaidhe a bhfochair agus a bhfarradh a chéile, agus do chuaidh go hinchleithi folaidhtheach gusan gcarthaigh iona roibhe Aimpírius, Parantínus ainm na cathrach sin an airdrígh, agus do chuadh .3. rígha ro fhaomh an feall sin do dhéanamh le Sir Amalóg asdteagh mur a raibhe Ampírius, agus do íarradur leó chum fíadhaigh é, agus do chuaighsimh leo gan rogha gan ráthughadh, óir ní roibhe fios uilc ná aingidheachta na muinntire sin aige. Agus do chuaigh leo dá mbreith sin d'ionnsaidhe na foraíse fíoráille fíadhaigh bhoí aige. Ro bhoí Sir Amalóg cona mhuintir i gceilg isin choill re taobh na cathrach agus ar bhfaicsin an rí dhóibh ar ndul társa isin bhforaís isteach, do chúadar féin d'ionnsaidhe na cathrach agus do ghabhadur í agus do chuir Sir Amalóg coróin rí na hInnia fona cheann féin an lá sin agus consacráladh é ina ri, agus ina thighearna, agus Sirinéis ina bannríghain. Ní 6 roibhe fios na sgéal sin ag Ampírius, agus nior chian dó sa bhforaís an tan adchonairc fear coiméada na foraíse chuige agus marcaidheacht dían dásachtach aige aga déanamh. Agus ráinig sé a bhfód fíadhnaise don rí, agus is fada co dtáinig de sgéala d'innisin dó le méid a anbhúana agus a eagla, agus ro fhiadhfraidh an rí sgéla de agus do innis dó gur gabhadh an ard- chathair .i. Parantínus, agus gur goireadh rí do Shir Amalóg agus gur fhaomh an ríoghain leis mar bhainchéile, agus fúagra bháis do thabhairt do Ampírius gibé ionadh a mbéarthaí air, agus "do bhádur na trí rígh úd atá do láthair a gcogur an fhill sin do dhéanamh ort, agus is dod bhrath tángadur annso." Ro fhéch Ampírius ar na ríogha, agus do fhiadhfraidh díobh an roibh a fhios acu go ndingéantaí an feall sin air. Adubhratur san go raibhe agus nachar bhfearr leo an ríghe aigi- sion ná Sir Amalóg. Agus ro éairidh Ampírius ina sheasamh leis sin, agus do nocht a chlaoidheamh go héasga imúrlach, agus tug buille bríoghmhar borbneartmhar do rí dhíobh gur scoilt goruic a ucht é. Agus do theitheadar an dá rí eile roimhe, agus do lean Ampírius iad, agus rug orra dá n-aimhdheoin agus bhean a dhá gceann díobh, ionnus nach fada do mhaireadar an triúr sin do lucht an fhill. Dála Aimpírius iar sin, do theaith roimhe agus nír lean é acht días sguibhérí agus do chuir a dheisi agus a chula rígh i bhfolach, l 202> agus do chuir cula ridaire uime, agus do chualaidh go raibhe talamh saibhir rochonáigh annsa chuid thúaigh don Innia, agus Tír na Tairise dob ainm di, agus is aisdi tháinig an treas rí táinig leis na haisceadhaibh chum Íosa Críost iarna bhreith a mBeaithil Iúda. Téaid Ampírius iar sin don Tairisi agus do chuaidh a gceann an rí, agus do bheannaigh dhó, agus do íar grása air fa é féin do bheith ina choimhdeacht ag seirbhís agus ag frithálamh dó agus fós go mbíadh sé ina ghaisgeadhach ghalach ghníomhéachtach ag cosnamh a thíre agus a thalmhan, agus a thighearnais don rí. Do fhreagair rí na Tairisi dó agus agus is eadh adubhairt: "Doghéabhair gach ní dar íarrais, agus dia do bheatha chuige." Agus do bhí Ampírius iar sin i gcoimhideacht rí na Tairisi ag frithálamh go humhal deaghbhésach dhó, agus ag cosnamh a thíre agus a thalmhan agus do ghráidhe in rí cona mhuintir go hiomurcach é ar a dheaghbhésaibh, agus tuga marasgalacht tighe in rí dhó, agus a stíbhardacht, agus ceannas a shlúaigh, agus gach anóir eile dob áil leais ó sin amach. Agus teasda íarladh isin tír in tan sin, agus do bhí sé gan oighri agus ráinig a thighearnas chum in rí, agus tug sé do Ampírius é. Sguire in stair go fóill do Ampírius agus labhruidh sé do Shirína inghean rí na Sorcha. Dála Shirína, iar n-éag a hathur, do bhí ríghe agus rocheannas na Sorcha aice, agus do bhí sí seal do bhliadhanaibh a n-aontumha gan fear gan fearchéile agus do bhí ag síorsmúain- tiughadh ar Ampírius agus ar Ghenerodes, agus do bhí íarladh suimeamhuil saidhbhir sárúasal lán do ghaois agus do ghliocas agus d'fhírinne i dTír na Sorcha in tan sin agus do bhí bean úasal aige, agus do badh siúr do Shirína í. Agus do chuir an ríghain teachta ar ceann an íarladh sin agus do labhuir fris a n-ionadh úaigneach agus ro innis a rún uile dó, agus go háiridhi ar gheineamhain Ghenerodeis agus ro innis gur bhfear di Ampírius rí na hInnia agus adubhairt nach dingnadh comhnuidhi acht ag siubhal an dombain nó co bhfadhadh scéala a fir agus a mic. Adubhairt sí ris in íarladh ceannas agus agus coiméad a tíre agus a talmhan do bheith aige co toidhecht di féin tar a hais. Adubhuirt an t-íarladh, aga léigion ar a ghlúinibh a bhfiadhnaise na ríghna: "A bhaintighearna," ar sé, "ní cubhaidh riumsa sin, agus gidheadh, dodhéan do thoilsi." Iomthúsa Shirina, do ghlúais roimpi agus ní rug do bhuidhin nó do chuideachtuin lé acht días ridireadh agus triar sguibhéar l 203> agus begán marcshluaigh, agus nír sguir do mhuir ná do thír nó go ráinig sí Parantínus, cathair Ampírius, agus is innti do bhuí Sir Amalóg .i. in stíbhard ... finghalach agus é 'na rí ar in Indía in tan sin agus in ríghain mhalíseach mhíthaómach .i. Sirínies ina fharradh agus ina fhochair, agus íad lán den uile chonách, agus rug Sirínies inghin álainn inóglaigh do Shir Amalóg 8 darbo comhainm Lucidas. Dála Shirína .i. inghean rí na Sorcha, do gabh si teagh ósda in aoidhche sin i bParantínus agus is é inadh ina ttarlaidh í, i tteagh fhir choiméada fhorúisi Ampírius an tan do bhí ríghe agus tighearnas aige, agus is é in fear sin tug robhadh dhó an lá do gabhadh an chathuir, agus tugadh achur agus ionnarbadh ar in rí. Agus ar ccathamh forgladh agus urmhóir a gcodadh dóibh, ro fhiadhfraidh Sirína: "Cá bhfuil rí na tíre so?" air sí. "Truagh sin, a ríghain," ar sé, "óir dá gcluintí thú aga luadh nó aga labhuirt ní badh beg leo d'adhbhur do chora chum báis é, óir d'fheall a bhean féin agus a stíbhard air, agus do chuireadoir ar achur agus ar ionnarbadh é, agus atá sé anois ina íarladh os cionn na tíre agus na talmhan so. Agus ro fhágaibh an rí mo sháith agamsa do gach uile shaidhbhrios agus maitheas an tráth do fhágaibh sé an tír so, agus do chaitheas gach ní dár fhágaibh sé agam. Agus atáim anois go bocht gan aon réd agam don tsaidhbhrios sin, agus atá fuath agus fíormhioscais ag cách damh ar son Ampírius, agus atáim ag tríall dia ionnsaidhe anois isin tír iona bhfuil sé." "Is córaide duitse dul isin turus sin" ar in ríghain, "atáid gnóithi deithinsacha agamsa ris, agus is éigion damh dul mar a bhfuil sé; agus tarsa liom do dhéanamh eóluis damh, agus dobhéar cosdas agus lón chum na slighi dhuid." "Dodhéansa sin," ar sé, "óir rachad leatsa isin tír sin." Agus rugatar as an aoidhche sin co ttáinig lá cona lánshoillsi; agus ar n-éirghe don ghréin ina croinnphubaill tinntighe ós dreich an talmhan tromfhódaigh agus ar soillsiughadh chnoc, agus chéide, agus chabhán agus thuaitheamhrach an talmhan dí, ro éire in ríghin cona muintir agus an ridire agus do ghlúaiseadur rompa, agus ní hoiriseamh ná comhnuidhe do rindeadh leo do mhuir nó do thír agus ní haithristear úathfás ná imneadh d'imtheacht orra co rángatur Tír na Tairisi, agus nír chian dóibh ag siubhal an tíri sin an tan adchoncatur cathair dhaingean dhobhrisdi agus píláid álainn ionganntach agus iosda flatha agus indeoin forais agus árus caithmhe." l 204> 11r° doghébhair básaighthe é, agus déna féain rún maith ar an gníomh sin doroinnis agus dodhéanamne rún air", agus do thairngeadar na barúin an corp leo agus d'fhágbhadar ar in gceann íochturach don sdoighri é agus do chuireadar fios chum an tsabhdáin dá innisin dó go bhfúair Malachias bás le esgar fuair sé sin túr. Agus is mór do ghoill sin air an rí agus do bhí sé aimhirseach ar na barúnaibh go ttugadar féin cungnamh chum a bhásaidhthi agus do chuir daoine ar a gceann agus adubhairt onóir mhaith ionnlaice do thabhairt do Mhalacias. Agus is amhlaidh fúaradar é ina oirnidhe gearrtha arna ithe ag madraibh. Agus rugadar leo amhlaidh sin féin é dia innlacadh agus ba móide fearg an rí an díol sin tuga ar Mhalachias agus arna mhárach ro urfáil sé Generodes do thabhairt as an bprísún chuige, agus ar rochtain ina fhíadhnaise dhó adubhairt an rí: "Ag súd tréatúir fallsa do thuill bás d'fhadhbháil agus do bhrath m'inghin" arsan rí "agus do mhill a geanmnaidheacht, agus tabhraidh bás dó." Agus do éisdeadar cách uile fris. Adubhuirt Anasar: "A thighearna," ar sé, "ná mill nech ar domhan gan dlíghe ar ttús d'fhéachain fris, agus ní chúalamairne go bhfríth a n-ionadh ciontach é." Adubhairt an sabhdán: "A Anasair, ní hédir a leithscéal súd do ghabháil, agus is égóir adubhairt". Do labhair Dáirel agus is l 205> é adubhairt: "Is maith an gach ní dá ndubhairt Anasar óir ní cóir duine do chur chum báis gan cúirt dlighe do thabhairt dó agus ní chualamarne adhbhur báis do dhéanamh dhó riamh." Agus do mholadar cách i gcoitchinne gach ní dá ndubhradar na barúin. Et do ghabh fearg an sabhdán tré gan a mholadh les bás do thabhuirt do Ghenerodes agus adubhairt an sabhdán: "Beire libh as m'fhianaise é, agus coiméadaidh go maith é agus dobhéaraimid dá fhichid lá dó, agus go deaimhin ní ghébh an la sin ... duine gan ... tabhairt dó". Rugadar na barúin leo é iar sin agus ... mhaith do bheith aige agus nír chuireadur a nglasaibh ná a ngeimhlibh é agus adubhradar ris an caislén uile do bheith faí. Ar tteacht críoch na cairde do ghairm an sabhdán a mhuintir uile co haon láthair re haghaidh báis do thabhairt do Ghenerodes agus tuga a bhfiadhnaise an rí é. Agus adubhairt an sabhdán: "Ag so sguibhéar comhaoidheach, agus adeir sé féin is Generodes is ainm dó. do mheall m'inghinsa agus do thruailligh a hóghacht agus do mhill a haontumha agus cu ... thuill sé bás d'fhadhbháil agus co bhfuidhe sé é gan fuireachair." D'fhreagair Generodes 11v° agus adubhairt: "Nír thuilleassa bás d'fhadhbháil úait", ar sé, "óir nír ghuidheas t'inghin agus nír thruaillios a hóghacht, agus ní dhearna ní badh olc duit féin ríamh, agus do rinnis do sheirbhís agus do theachtariocht mur is ferr gur fhéadus. Agus ní fhuil barún dá uaisle, ná rudaire da chródhacht, na sgiubhéar dá shaibhri adéaradh go ndearnassa an gníomh sin nach rachuinn dá shuighughadh air nach dearnus féin an gníomh sin". Adubhairt an sabhdán: "A Ghenerodeis", ar sé, "ní bhfuidhir comhrag anso ná an oiread sin do chairde gan bás d'fhadhbháil." Adubhuirt Anasar: "Tuigid a bhfuil do shluaghaibh annso dá mbeadh an sguibhéar úd ciontach nach íarfadh sé comhrac óir is é an ciontach claítear isin chomhrac et fear na córa thig slán úadh, agus dá mbeadh sé ciontach isin sgéal do cuire air, do bhíadh a fhios aige go bhfuidhbheadh sé bás ann, agus ní bú fearr leis bás d'fhadhbháil a gcomhrac ná a fhadhbháil úaitsi air in láthair so, agus tuigmaid ar an adhbhar sin nár thuill sé bás d'fhadhbháil úaitsi." Ro fhéch an sabhdán go feargach ar Anasar, agus as eadh adubhairt: "Ní reacha do leithscéal fallsa i dtarbha dhuitsi ná dósan." Do fhreagair Dáirel don tsabhdán agus is eadh adubhairt: "Is maith a ní a deir Anasar agus ní dénta duitsi fearg l 206> ris fan ccóir do leanmhain agus do rádh dó agus is neamhchion- tach Generodes ris an aimhleas dorindeadh air. Agus nír thuill bás d'fhadhbháil fós." Ar deireadh in chomhráidh sin do chonncadar misidear agus giolladh turais go talcair troidhéascaidh ag teacht dá n-innsuidhi agus táinic a bhfiadhnaise an rí, agus do bheannaigh dhó agus adubhairt: "Dodhéan féin mo theachtaireacht riot", ar sé. "rí na rígh agus tighearna na dtighearna do chuir chug- adsa mé .i. beilín dá rádh riot cíos d'íoc ris gacha bliadhna, agus doladh d'iomchar dhó, agus t'inghean Clarínas do thabhairt mar mhnaoi dhó. Agus adubhuirt sé fios freagartha do chur chuige fo cheann míosa agus muna badh áil libh sin do dhéanamh sgrisfe agus loiscfe sé bhur ttalamh agus bhur ttír agus dobhéar ... adh agus ionarbadh oraibh nó dobhéara bás uile dhíbh." Adubhairt an sabhdán go dtiubhradh fios freagartha dó fa cheann na haimsire sin. Ro imthigh an misitear leais an bhfreagra sin agus do chúaidh in sabhdán agus a uaisle agus a mhór- theaghlach i gcomhairle dá fhéchain créad do dhéanfadh sé 12r° is in ccás sin agus ro fhiadhfraidh díobh créad an freagra dobhéara sé ar Bhelín .i. rí na rí. Adubhairt Anasar mac Crobhais mac rí na hAráiphe: "An cíos nó in doladh ná raibhe orainn riamh ná ar ar sinsearaibh romhainn ní dhéanamne tosach ar a íoc, agus dobhéaram cath do Bheilín ó thús nís túsca ná dobhéaram na nithe sin dó." Adubhairt Dáriel gur mhaith an chomhairle sin agus do mholadar cách uile í agus do bhí ridire glic gaosmhar dána deaghchomhairleach ar theaghlach an tsabhdáin an tan sin agus níor dhiúlt an rí aon chomhairle dá ttug sé dhó riamh do dhéanamh, agus Sir Lúcás a ainmsidhe. Agus adubhairt Sir Lúcás: "A thighearna", ar sé, "dobhéarainn féin comhairle mhaith dhuit anos, ó taoi ag tríall chum catha agus a ttús chogadh, Generodes do shaoradh agus ridire do dhéanamh de, agus is dóigh liom gurb duine úasal é agus go ndiongna sé gníomh maith gaisge." Adubhairt Anasar agus Dáriel gur mhaith an chomhairle sin agus adubhradar cách i coitchinne mur in gcéadna. Adubhairt an rí gidh bé comhairle ar a mbeidis na sluaigh sin uile gur chóir a déanamh orra. Agus adubhairt Generodes do chur isin gcar- cair choimeáda ina raibhe sé roimbe an aoidhche sin, agus go ttiobhraidh fios freagartha úadha arna mhárach. Rug Anasar l 207> agus Dáriel leo é isin carcair chéadna agus nír fhágbhadar glas ná géimhionn fair an oidhche sin uair ro buí dóigh as a chogús acu, agus as a neimhchion nach imeochadh uatha gan chead dóibh féain. Agus do chuadar an dá ridiri sin mur a raibhe Clarínas agus ro fhíafraidh sí díobh go gearánach go mbrón agus go ttuirse ndearmhuir ar milleadh Generodes. Adubhradar na barúin go soilibhir sólásach nach dearnadh agus nach digheantaoi dia ndeoin sin agus tug sin furtacht agus fóirithin d'anam na ríghna, óir níor mhó an ghúasacht ina raibhe Generodes re haighidh báis d'fhadhbháil gach laoi dhó ná mar do bhí Clarínas d'iarraidh báis d'fhadhbháil uair ní ba beo í dia éis. d'ordaigh an rí arna mhárach scaoileadh do Ghenerodes agus a thabhairt dá láthair. Táinig an scuibhéar úasal .i. Generodes i bhfiaghnuise in rí ... agus adubhairt fris: "A thighearna", ar sé, "ní dhearna féin rud badh olc duitsi, agus is í do mhaith is mian liom do dhéanumh agus is mó ghoilleas orm burba an uirghill do chuir rí Eighiphti chugad ná in ghuasachd ina rabha féin go ruicce so, agus do-racha so in anóir díbhsi agus a hucht bhur córa, dá shuighiughadh air gurb air 12v° in éagóir", agus rug an rí buidhchus ar Ghenerodes tríd an chomhrádh sin do rinne sé. Adubhairt an sabhdán, ar sé, "do-dhéan ridire amárach dhíot", agus rugadar as an aoidhche sin go seascair sóghamhail nó go ttánig lá cona lánshoillsi arna mhárach agus ro éirigh an rí i mocha na mainde agus dorinde sé ridire do Ghenerodes, agus tucadh dhá shleigh agus scíath dhíghrais dháthálainn dhonnchor- cra, agus cloidheamh leathan lánghér agus each midhach meargánta móraigintach faiteach foluaimneach fíoraíbhinn dó. Agus dorinde an sabhdán céad ridire an lá sin mar anóir do Ghenerodes. Is annsin do chuir an sabhdán tionól agus tiom- sughadh ar a shluaghaibh día ttabhairt do chur chatha a naighaidh rí Éighipta agus tug sé a inghin chuige do dhéanamh síodha ré. Toicheasdal shluagh an tsabhdáin annso síos badhdheasda. Is annsin táinig Crobhus cródha coscrach airdri na hAráipi, agus a mhac úasal antréanda iorghalach .i. Anasar, agus fiche míle marcach mear meanmnach móraingeantach do ridiraibh cródha céadfadhacha maraon riú a n-éagmuis a ttroighthech agus a ccoisigheadh, agus a lucht boghadh agus lámhairm; agus ro badh fearamhail fíorárrachta na fir sin do chois agus d'each, agus Crobhus l 208> féin cródha coscrach cathbhuadhach i ceartmheadhon a aoíse agus 'aimsire an tan sin lán do neart agus do ghaisce. Táinic ann iar sin rí sárthrén trócaireach tromdhaigh na tTurcach deich míle marcach agus a dhá mhac mheara mheanmnacha mar aon ris .i. Sir Dáibhidh agus Sir Abel, agus nír ghabh úamhan ná imeagla an chlann sin rí na dTurcach roimh imad slúadh ná sochaidhe dá ttarladh riú ríamh ar muir ná air tír agus ... troightheach trénchalmadh agus tuairgne catha farr rí na tTurcach isin ccomhdháil sin. Táinic iar sin Seridhún séitreach síorchalma mac prionnsa na Siosaile, agus a mhac Dáriel dian dásachtach deigh-mheanmnach.i. rogha gaisgeadhach na cruinne ceath- ardha ... céad marcach mear mórdhálach maraon riú a n-iongnus ... troighthech tromneartmhar. Táinig ann air- drí séitreach na Siosaile dhá chéad marcach do ridearadhaib cródha coscracha agus slóigh mhóra mhílita do throightheachaibh tréanchalma do lucht bogha agus lámhairm maraon riú. Táinic annsa tromthionól sin na 15 rí corónta do bhí do mhuintir ag an sabhadán agus nír thuilleadar isin gcarthaigh ar a n-iomad agus ar a líonmhuracht do shluagh, agus an chuid nár thuill isin ccathraigh isdigh díobh, dorónnsat botha agus bél- scátha agus pupuille príomhdhaingne ré 13r° taoibh foraíse fíoráille fíadhaigh in tsabhdáin a n-aice na cathrach móire re n-aburthar Montínar .i. dún agus deagh-áras agus iosdagh flathadh agus inneoin fhorais agus ionadh comhnaidhe in tsabhdáin. Dob iomdha dealractha deighmhaiseacha na ndathana n-éxamhail os cennaibh na gcuradh agus na ccathmhíleadh sin do dhubh agus do dhearg, do dhonn agus do bhuidhe, do ghorm agus do úaine, do bhreac agus chorcair agus do na huile dhath archeana agus do sholus néall lonnrach lasamhail na ttuagh mbéal-leathan móraláinn, agus na cclaoidheamh slíopa solusghlan, agus na sleagh sárneimhneach ngreannmhur ngráineamhail nguasachtach, agus na n-éideadh ndaingean ndobhrisdi bpuinnmhígh bpríomh- dhaingion bpláta, agus na ccinnbheart ccaomh clochbhuadhach cumhdaigh, agus na n-uile threalamh catha agus arm gaisgidh archeana. Rugadar as an aoidhche sin agus táinic an sabhdán ar maidean arna mhárach iona ccomhdháil agus ro fhear fíorchaoin fáilte co frichnumhach ris na ríoghaibh rathmhura ro-uaisle sin, agus rug buidhchus méad agus feabhas na sochaidhe agus na sluagh sin tángadar dá ionnsaidhe, agus do-rinnde comhairle riú an l 209> dtiubhradaois cath do rí Éighipta nó in ttiobhradaois cíos agus slúaghadh dhó. Adubhradar uile d'aitheasc aon fhir agus do ghlór aon chinn an ní nach tugadar a sinsir úatha agus nach roibh do cheart orra nach dénadaois féin tosach ar a thabhairt uatha. Agus adubhradar nach tiobhradaois freagra slúagh do rí Éighipta ná do aon rí eile do ríghaibh in talmhan, agus go cuirfidís teachta chum Belín rí Éighipta d'fhuagra catha fair. Tinól agus toichiosdal sluagh rí Éighipta annso síos: Dála rí Éighipta, do chruinnigh a mhuintir as gach aird dia ionnsaidhe .i. 19 rí corónta do bhí ag freagra dhó agus tángadar uile ina chomhdháil cona mhórthionól eile maraon riú agus do badh fada dhúinn bheith aga comh- aireamh ana n-anmann annso, agus do-rónsatar na slúaigh sin Bhelín comhdhaingean dá scíathaibh ina n-úrthimcheall agus do ghluaisidar go déadla deaghthapaidh agus go dána dubhrúnach a gcuinne an tsabhdáin dochum cathrach Mhontínar. Dála in tsabhdáin, do chuir sé innioll catha ar a mhuintir agus dorindeadar ag ... 13v° rí Éighipta. Adubhairt Sir Abel mac rí na tTurcach gurab aige féin do bheadh meirgi agus bratach an tsabhdáin isin chath sin, agus adubhairt gurab dó bu dual a bheith aige agus do ghlac iar sin in mheirigi mhín mhaoithshróill in lá sin .i. bratach fpuinnmhidhi phríomhár- rachta na Peise agus do chuaidh roimhe i dtús an chatha. Cidh trácht do bhúireadar na catha ceachtardha sin i gcuinne agus i gcomhdháil a chéile go mear míchéillighi móraigeantach, agus go dian dána dásachtach do-ingabhála, agus do chaitheadar frasa dá n-armuibh diúbhraice re chéle. Ar roch- tuin dóibh trína chéile dob iomdha meirige ghorm ghráineamhail ar glúasacht acu an tan sin, agus meirige dhubh dhuaibhseach dhaolamhail, agus meirigi dhearg dhásachtach dho-ingabhála, agus meirigi úaine álainn eirleabhar, agus bratach bhuidhe bhreadha bharrómra bhúandatha. Agus tugadar torann trén talcair tinneasnach dá chéile agus do chaitheadar frais re araoile do ghaindibh géara gúasachtacha ocus do shleaghaibh séanta sodhiubhraice agus do bhearaibh barrghéra bárrloisce agus do chlocha cruaidh cruinne cudrumtha comhmóra na talmhan. Agus do ghlacadar a cclaimhthe leathna lánghéara leadarthacha agus do chaitheadar iar sin frais don huile arm archeana. Dob l 210> iomdha ón torain sin laoch léidmheach leathmharbh agus curaidh créachtach cnámhghearrtha agus míleadh mear múghaghthi, agus trénfhear teann tromghonta agus diúci dána dásachtach arna ndíanmharbha agus íarla úasal ag osnaghaidh agus barún breadha búanrépa agus ridire rathmhar róghonta agus scuibhéar scíamhach arna scolta. Dob iomdha fós ón scathadh sin ceann curadh arna chnámhghearra agus súil arna saobhadh agus srón arna sárghearra agus béil bhlasda bhinn- ghlóracha arna mbriseadh agus muiníl mhíleadh arna mórmhilleadh agus lámha laoch arna leadairt agus ochta arda ainmheacha agus droma daingne díanbhrisde agus cosa curadh ar comhlúadhail agus dob iomdha fós inde agus ionathair mhílidh ar imlúaghaill fo chosaibh each, aithirdeadh agus ainbhinteadh mbrúideamhail isin chathghleodh iorghalach eadarbhuasach sin. Is annsin ro innistear comhraic in chatha uair tarladh Ginan gnúsa láin mac rí Éighipta agus Generódes mac rí na hInnia da chéile san chath agus dorónnsat comhrag fíochdha fíochaighmhéil 14r° feargach fórniata naimhdighe neart- chalma re chéle agus do trascradh Ginann i bhfoircheann in chomhruig, agus do beanadh a each dhe darbh ainm Blonseard. Tánic Aimpírius .i. rí na hIndia, athair Ghenerodeis co láthair agus comhruigeas réna mhac óir nír aithneadar a chéle, agus is ar éigin do teasargadh iat gan comhthuitim le chéile. Tarla Manasar .i. ridire uasal do mhuinntir rí Éighipta agus Sir Lúcás dá chéile .i. ridire mear meanmnach do mhuintir an tsabh- dáin, agus do-rónnsad comhrac féaigh fuileach fóbartach comh- neartmhar calma croidheamhuil rúnmhear rachtmhur ródghonach treasach taobhdhearg tulgánach, bonnmhall basluath béiminnach créachtmhór ingnadh anaithnidh agus do thuit Manasar i bhfoirchionn in chomhraig sin. Tainic iar sin Cing Belín .i. rí Éighipta do dhíoghail a óglaigh ar Sir Lucás, agus do threascair sé Sir Lúcás co lánabéil. Agus do chúaidh Generodes d'fhurtacht Sir Lucás agus tug buille ar rí Éighipta agus do threascair é. Tug an rí buille ar in mbarr mbúabhaill ro buí aige do ghairm a mhuinntire chuige. Iarna chlos sin do rí na hIndia táinic d'fhurtacht rí Éighipta agus córughadh calmadh d'fhearuibh dubha duaibhseacha droch- dhatha mar aon ris, agus dob adhbhal méad na bhfear ndann- ardha ndíomsach ndrochdhatha sin, agus do saora rí Éighipta leo, agus nír féadagh cathúghadh friú le méad a nirt, agus le troime l 211> a n-arm. Do ghabh an sabhdán raon siubhail agus maidhme chuige le huamhan na bhfear ndubh, agus do chuadar isdegh ina gcathraigh agus do torchair céad ridire rochalma do mhuintir in tsabhdáin ag dul asdegh isin ccathraigh dhóibh. Do bhí Generodes frisin ré sin ag cathughadh re rí na hAifrice don dara taobh don chath agus arna chlos dó gur briseadh in cath ar an sabhdán do lean sé féain isteach chum na cathrach íad agus ní rángadar chucu ar méid shluaigh rí Éighipta atturtha agus in cathair. Do bhádar tar... caismearta caointeacha isin chathraigh ag caoineadh mic rí na hIndia agus Anasair, mic rí na hAráipi, óir ba dóigh leo go mbadh marbh iad. Táinic Dáriel amach as an cathraigh do chomhfhurtacht Ghenerodeis agus Anasair, agus do chuatar in tríar mear meanm- nach sin fó 14v° shluadhaibh na hÉighipta agus torchair ridire le gach aon díobh don ruathar sin. Agus dorónsat athmus adhbhalmhór ar shluaghaibh na hÉighipta in tan sin. Do ráidh Anasar mac rí na hAráibi: "A Ghenerodeis", ar sé, "is cruaidhe dúinne anois úair rug forgla agus urmhór shlúadh na hÉighipti orainn agus do fágbhadh inar n-úathadh agus 'nar n-aonar sinn agus éirghim inar gcathraigh bhudheasda." Adubhairt Generodes: "'Anasair", ar sé, "ná bíodh úamhan ná himeagladh ort. Gabhuimse ar mo chuimirce féin tú agus is iomdha inghean rí agus rofhlatha agar bhfeitheamh ar tháiblibh na cathrach úd Mhontínar. Agus do badh nár dhúinne ar bhfaic- sin ag teitheadh dhóibh, agus atá Clarinas agus Mírabula agar bhfeitheamh go háirithi." Adubhairt Anasar: "Gealluim fó mh'armuibh", ar sé, "go n-anfadsa it fharradhsa in feadh anfair féain." Agus do mhol Dáriel sin agus adubhairt go ndioghnadh féin an céna. Do bhátar na trí mic rígh sin treall fada ag cathúghadh ina n-aonar re sluaghaibh na hÉighipta agus do chuadar isin ccathraigh go mbúadhaibh gcoscair agus gcomhmaoiti, agus do suigheadh rí Éighipti gona tshluaghaibh i dtimchioll chathrach Mhontínar, agus adubhairt Mádan Mear .i. rí na Tráisiá gurbo maith suigheadh na sluaigh sin. Mar sin dóibh an aoidhche sin agus do Ghenerodes agus sluagh na cathrach arna mhárach agus tugadar cath níata naimhdighe dá chéile agus sluaghaibh na hÉighipti. Agus tarla dá chéile isin chath Mádan Mear rí na Trásia agus Dáriel agus dorónsat comhrag mear meanmnach móraigintach. Agus an uair fá crúaidh do Mhádan l 212> isin chomhlann d'fhóireadar sluagh Tráisía é. Tarla umorro Dáriel agus Cing Sainic .i. rí na hAifrice dá chéile isin chath agus dorónsat comhrac dian dásachtach, agus do chuir Dáriel sleigh co sétreach síorchalma fó bhun righeadh an rí agus do bhris a lámh don tsáthadh sin agus do rugadar a mhuinntir féain leo é as a haithle. Tarla Anasar mac rí na hAráipi agus Brasías rí na Bóhémia dá chéile isin cath agus do-rónsat comhrac greannmhur grodghníomhach agus úrlaidhe olcacha ainíarmhartacha, agus tug Anasar buille bríoghmhar bithúrlaidh do rí na Bóhémia gur threascair ... nach é, agus do bhris a chos don bhuille sin conár fhéd sé an t-ionadh i rabhe sé d'fhágbháil. Tarla Mádan rí na Tráisia agus Generodes dá chéile agus do badh docair comhrac do thabhairt do Mhádan le feabhas a láimhe agus a arm, agus le crúas a chroidhe agus le daingne a éideadh, agus ro ionn- saidheadur in 15r° días deaghlaoch sin a chéle go dian díscir dána dásachtach do-iongabhála míchéillidhi, agus co cródha coscrach céadfadhach comhlannchrúaidh, agus go hogla- arrachta andreanda urrúnnta, agus co níata naimhdighe neart- chalma agus go beogha borbaigintach búanfhíochmhar biothaigmhéil agus go santach sétreach síorchalma sárneimh- neach agus go dían dána díoghair tréan teann tulbhorb tinneas- nach. Agus do badh comhrac dhá dhamh dhíana dhosleathna dílinn nó dhá léaomhan léidmheacha lánchalma luathghonacha no dhá nathair neimhneacha niathmhisc- neacha neartárrachta comhrac na déise deaghlaogh sin. Ba gona sanntacha seabhaic na sáithi sin agus ba brisi borbghaoithi ar bhratachaibh na béiminna agus ba leona lagcroidhe an lánúrluidhe; agus do bhí bratach dhearg dhathálainn dheagh- mhaiseach ar rinn shleighi Ghenerodeis in lá sin, agus do chuir sé in tsleigh cona brataigh tré chorp Mhádain gur badh marbh gan anam é don tsáthadh sin. Dála Sir Abel mic rí na tTurcach, is aige do bhí meirge agus bratach an tsabhdáin in lá sin, agus tarla é féin agus Cing Beilín rí Éighipti dá chéle, agus dorónsat comhrac cródha coscrach agus gleo greannmhar grodurlach agus tug Sir Abel sáthadh sanntach sár- chalma sleighi ar Ching Beilín agus ro bhris a éideadh agus tug cneadh ghúasachtach air, agus ro iompó rí na hÉighipta re Sir Abel, agus tug buille bríoghmhar borbneartmhar báis dó gur chuir marbh don bhuille sin é agus rugatur a mhuinntir a chorp leo chum na cathrach, agus ro hadhlaiceadh co honórach é agus ro l 213> fearadh a chluithi caointeach. Do chuireadar cách in cath iar sin go cródha coscrach agus do marbhadh mórán acu leath ar leath agus ba tuirseach sluagh na carthach ón chathúghadh sin, agus do chuatar asdeagh isin gcathair agus do bhádar go brónach an aoidhche sin do chumha mic rí na tTurcach. Adubhairt Generodes risin rí: "A thig- earna", ar sé, "gabh meanma mhaith chugad ór má tá an lá 'niugh leosan beidh lá eile leatsa." Dá aoidhche dhóibh amhlaidh sin gan cath agus táinic Generodeis amach iaramh agus míle ridire mear meanmach maraon ris agus tugadar cath nósmhar do rí Éighipte. Gach laoch ar a mbuaileadh Generodes béim claoidhimh, do threasgradh é féin 15v° agus a each agus doní Anasar agus Dáriel a ní céadna. Do chuaidh Ermunel .i. rí na hInnia airdi annsa cath agus slúagh séitreach síorchalma maraon ris d'fhearaibh dubha duaibhseacha drochdhatha agus tarla Ermunel dá chéile agus Anasar agus do chomhraicsead co borb bígneartmhar agus do bhí arm leathan lánfhada a láimh in rí agus tug buille dian dásachtach dochum Anasair agus do badh marbh a each don bhuille sin. Agus do bhí Anasar dá chois, agus a chlaoidheamh nocht ina láimh, agus ro imigh d'aimhdheoin an rí a measc a mhuintire féin agus fuair Anasar a each eile agus do chuaigh arís fón ccath chéadna do dhíghail a easanára. Agus tarla ridire Indiaghach ris do mhuintir Ermanuel agus do chomhraic siad re chéile co calma cloidheamhchrúaidh agus ba marbh in ridire Indiaghach i bhfoirchionn in chomhraic sin. Táinic Ermanuel do dhíghail a ridire fón ccath agus tarla Generodes ris agus dorónsat comhrac fíochdha forníata fearamhail agus tug Ermanel mear mórneartmhar buille d'arm throm tréanchalma do ghnáthuigheadh sé do bheith aige dhó, agus do scoilt a scíath ar dhó. Tug Generodes buille cruaidh calma cloidhimh do rí na bhfear ndubh agus do chuir cloidheamh coruig a ucht ann agus do badh marbh gan anmuin é. Agus do ghabhadar na fir dhubha raon maidhme cucu ar marbhadh i ttríath agus a ttighearna agus ro fhágbhadar in cath. Tarla Beilín rí Éighipti orra agus ro íarr isin chaith leis íat. Agus adubhairt ridire acu darb ainm Otran: "Atá aon ridire ar theaghlach an tsabhdáin darb ainm Generodes agus ní hin- chomhraic fir in talmhan fris agus is leis do thuit ar ttighearna .i. Ermanel, agus dom dhóigh is deamhan é agus ní duine." Is mór do chuir sin ar in rí agus do chuaidh roimhe fón gcath go l 214> feargach fíochmhar fórniata agus do ghabh ag cuartughadh an chatha ag iarradh Generodés agus tarla ris é agus dorónsat comhrac calma cathardha agus do bhádar sealad fada ag cathúghadh, agus do chuireadar a muintir ó chéile íat gan díth do dhéanamh dá chéile. Agus ba mó séan catha in tsabhdáin in lá sin ná séan rí Éighipte do láthair in chatha. Fa brónach beagmheanmanach ro boí rí Éighipte an aoidhche sin do chumhaidh ar marbadh día mhuintir, agus as é 16r° fa rún aige comhrag re Generodes ar maidin arna mhárach, agus doruinne comhairle rena mhuintir agus as eadh adubhairt friú: "Atámaoid ráithi i ttír in tsabhdáin agus nír ghabhamar neart innte fós. Agus is mór do dhíth agus do dhochar doroinne dhúinn fris in ré sin, agus is aon ridire amháin atá ag ag cosnamh na críche orainn agus is é is mian liomsa", ar sé, "dul do chomhrag aonfhir amárach ris, agus mo cheart ar thír in tsabhdáin do chur ar in ccomhrag sin." Do mhol Lombidín, .i. rí úasal dá mhuintir, in chomhairle sin agus do ghaireadar na sluaigh uile do Lambidun trít in chomhairle sin do moladh leis an rí, agus adubhratar nár chubhaidh leis in rí dul do chomhrac agus nár chóir a léigion ann, "uair do badh mór in bhreith éagcruais orainne uile a léigean ann", agus adubhairt gach aon d'aithiosg aonfhir agus do ghlór aon nduine an rí do mholfadh in chomhairle sin gurab dó féain badh cóir dul ann. Adubhairt rí Éigipte: "Ná labhraidh sin", ar sé, "uair ní ghébhsa toirmeasc gan dul chum an chomhraigh út." Do chuir rí Éighipte trí rí día mhuintir uadha d'íarraidh comhraig ar in sabhdán, agus is iad so anamunna na rígh sin .i. Samson sárneartmhar agus Ionatas airdrí na hEtiopíae, agus Loridas laochmhíleadh rí na Damaisce, agus do badh cródha coimhneart-mhar calma in laochmhíleadh sin. Agus do chuatar na trí rí sin mur a raibhe in sabhdán agus craobh álainn ola i láimh gach rí díbh agus dorindeadar a tteachtaireacht mar adubhradh riú. Agus adubhratar co gcaithfeadh an sabhdán Clarínas a inghen do thabhairt do rí Éighipti do mhnaoi agus do bhainchéile agus a cheart ar a ríghe, agus ar a thighearnas ... an aghaidh ... ceart Bheilín agus gibé acu claoidhfear, an dá ríghe do bheith ag an té ag a mbeith búaidh an chomhraic, agus rachaidh rí Éighipti chum an chomhraic ... cuirfear chuige. "Dobhéarsa freagra oraibh o hucht m ... dó féain", ar Generodes, "úair rachadsa do chomhrac re rí Éighipthi i gcionn cheathra lá", agus tug a lámhann do na techtaibh mar l 215> chomhartha ... fhoilleadh nár bhféidir an comhrac do chur ar gcúl ná thar ais. 16v° agus adubhratur na ríghe sin nár cúbhaidh re rí Éighipte dul do chomhrac re haonduine acht re rí nó re mac rí nó re fuil uasal. Adubhairt Generodes: "Innsimsi dhaoibhsi gorab ridire uasal mé féin, úair is mac airdrí co trí ríghaibh mé, agus is inghean airdrí mo mháthair, agus nír indsios sin ríamh co tí so." Adubhairt rí do na trí ríghaibh táinic d'íarraigh an chomhraig: "Is mór in gníomh ridire óig, ar sé, "dul do chomhrac re rí Éighipti, atá do mhéad a thighearnais agus d'fheabhas a láimhe." Adubhairt Generodes: "Gidh cródha a lámh agus gidh mór 'ainm, rachatsa a hucht cirt agus córa mo thighearna féin do chomhrac ris, úair dlighe fear na córa bheith neamheaglach ag dul chum comhraic." d'imgheatar na teachta íar sin, agus rugatar in lamhann leo, agus ro indseatar cach a ndubhradh riú ó thús co deireadh do rí Éighipte. Ro ullmhaidh rí Éighipte é féin dochum an chomh- raic, agus tug fúagradh dá mhuintir gan teacht dhá mhíle ar comhgar dó. Dála Ghenerodeis, tug in sabhdán each maith dó, agus ní raibhe a n-aon aimsir fria each do bo fearr ná hí. Do folchadh í d'aighlibh somhaiseacha síoda, agus do bhrataibh úaisle órshnáith agus do ceangladh morán do fhpéarladhaibh agus do chlochaibh buadha bitháille isin chumhdach sin do cuireadh ar in each. Do ghabh doilgheas agus dobrón agus drochchineamhain Clarínas ar bhfaicsin Ghenerodeis ag dul dochum in chomhruic agus do ghoir sí a seaomradóir chuice, agus adubhairt brat dearg dorine sí féin do ghréas uasal iubhlaidhi do chur ar cheann shleighi Ghenerodeis mur shúaithchintas. Agus do ghuidh é fána rádh re Generodes teacht do labhairt fria sul do reachadh sé chum an chomhraic. Dorinne an seomradóir a theachtaireacht mar adubhairt Clarínas ris; agus tug comhartha leis ó Ghenerodes chum Clarínas agus táinic féin iar sin do labhairt ré. Do chuaidh rí Éighiphti go láthair an chomhraicc agus do chuaidh Generodes ina chuinne agus ina chomhdháil, agus tarla dá chéile iad agus ro fhiafraidh rí Éighipti do Ghenerodes: "Créd tú féin?" ar sé, "an teachtaire nó an fear comhraic thú?" Adubhairt Generodes: "Is teachtaire maith mé", ar sé, "uair dá madh áil leatsa tír an tsabhdáin d'fhágbháil agus gan ní is mó do mhilleadh innte, doghébha cead imtheachta gan tóraidheacht, agus maithfidhear duit a ndearnais, agus munab l 216> áil leat sin rachadsa dá shuidhiughadh ort a hucht chirt an tsabhdáin go bhfuil an éagóir agat." Do feargaigheadh rí Éighiphti ar gclos an chomhrádh sin dó. Cidh trácht as annsin 17r° do ionnsaighetar in dá mhíleadh mhearchalama sin a chéile mur dhá leomhan lonna lánfheargacha, nó mur dhá bheaithir bhríoghmhara bhorb- neartmhara, dhá bheathadhach bhrátha bhuanaigmhéile bhéadghníomhacha, nó dhá onchoin ághmhóra iolbhúadhacha, nó mur dhá tharbh thréana thnúthacha throdláidre. Agus tug Generodes buille bríoghmhur do rí Éighipti agus do bhean pláta príomhdhaingin don chlogat chloch- bhuadhach ro buí for a cheann ag an rí, agus tug créacht ina éadan fair. Agus do dhoirt a fhuil co falcmhur fíorárrachta. Tug rí Éighipti sáthadh santach sleighi agus guin ghreannmhar ghúasachtach gha a mullach a thaoibh ar Ghenerodes, agus doroine áladh dhomhain dholeighis for a chorp agus ro shil fuil go hadhbhal as. Agus adubhairt rí Éighipti: "A óglaoigh," ar sé, "dá ndearntha in chóir do sguirfea dod chomhrag feasta úair is beag nach marbh tú." Adubhairt Generodeis go míchéadfadhach: "Ní duitsi doním umhla iná obair agus in tí dá ndéanuim is í a thoil dodhén, agus is measa atáisi nó atáim ag créachtnughadh t'aighthi agus t'éadain. Agus do chuireadur na heich iar sin chum a chéile agus tarladar gúaille na n-each fa chéile, agus do treascradh íad araon, agus do chúadar na heich úatha a bhfad ón láthair agus do leanadarsom íad go hobann. Agus is í each Ghenerodeis tarla chum rí Éighipte agus tarla Morel .i. each rí Éighipte chum Ghenerodeis agus ní dheárna sí éaxamhlacht ná gníomh maith faí agus do ghoill sin go mór air. Do chuireadar na heich dochum a chéile agus do treascradh arís íad, agus tarla Beilín féin do Ghenerodes agus do ba móidi leis a mheanma hé agus do chuireadar comhrac ar a chéile agus tuc rí Éighipte guin gh ... a ladhairce a nGenerodes agus ro bhrúcht sruth donn- fhola go habéil as. Adubhairt Beilín: "Ataí" ar sé "a ngúasacht t'anma feasta agus dá ndéantha ... scor dot chomhrac agus doghéabhtha ceannach uaimsi agus dobhéarainn Clarínas mar bhainchéile dhuit." Ní thug Generodes freag- radh fair acht mar 17v° nach cluinfeadh aon fhocal uadha agus cidheadh do bhí ina mheanmain a easanóir do dhíoghuilt. Do chuadar a gcoinne a chéile iar sin agus treascradh Generodes agus do bhí sé dá chois co mear meanmnach l 217> móraigiontach agus do sháithigh Beilín in t-each chum Ghenerodeis, agus tug buille chuige, agus dochuaidh Generodes go greannmhar gasda gníomhághmhur fón sleigh agus do ghabh sé an rí ar a aradhain agus do treascradh go héasgaidh as a dhiallait lais é, agus ró éirigh an rí co ro-úrlamh agus rug gach neach dhíoph ar a each féin agus do sháitheadar dochum a chéile agus do bhúaileadar buillidhi bríoghmhara borbneartmhara bíogamhla búanaigmhéile chum a chéile agus tarla buille Ghenerodeis a néadan an rí a náit an chéad bhuille agus do threascair é agus do chuaidh a nanmhuine, agus ro fhíafraidh Generodes: "A Bheilín," ar sé, "an inchomhraig thú anois? Agus máseadh comhraig riomsa co calma." Adubhairt in rí "ní hionchomhraicc mé," ar sé, "agus ar ghrádh an athar neamhdha ná hathmharbh mé, agus beir mo chlaoidheamh leat mur chomhartha claoiti, agus ní bheadsa ná neach eile dar geineadh uaim ag cocadh ar in talamh céadna co brách arís." Do ghabh truaighe Generodes don rí agus do tógbhadh ina dhíalait é, agus do thinnlaic an t-each dochum a mhuintire féin é, agus do léigeadar na sluaigh gáir comht ... ar bhfac- sin an rí marbh, agus roimgheatur ar ais sin Éighipt, agus tesda an rí an dara lá iar sin ... ar mullach cnuic aird agus ro buí sé cneadhach créachtach ... anbhfonn eagcrúaidh aimhneart- mhur ar sileadh a fhola co himurcach agus ro buí an sabhdán cona shluaghaibh ag feitheamh an oinaidh ina raibhe Generodes uatha, agus rob adhbhal méad a lúathghára ro buí orra arna fhaicsin. Do chuadar sluagh na cathrach uile agus a lucht úird i prósi siam i gcuinne Ghenerodeis agus na huile cheol musica ag a comhshinim acu. l 218> 19r° ina mheanmain cionnus dobhéaradh sé Clarínas leis. Aroile lá do chuaidh an ridire Éighipteach mur a raibhe an sabhdán agus as eadh adubhairt ris: "Atá scéal agam dhuit 'aird- rígh," ar sé, "agus dobhéara sé masladh agus míchlú dhuit muna coiméadair air thú." "Créd é in scéal atá agat?" ar in sabhdán. "An ridire óg úd agadsa re n-aburthar Generodes, mac in diúice Gréagaigh, atá sé do ló agus do aoidhche ag guidhe agus ag íarraidh t'inghinisi agus fós atá grádh adhbhal aicesi dó agus rachaidh sí a n-éludh leis muna coiméadair co maith í." Adubhairt an rí: "Dorinneadh an scéal sin damhsa orra roimhe so, agus frí 'na bhréig é agus is mór comaoin an ridire sin ormsa agus ní chreidim aimhleas air feasda ó dhuine ar bith." "A Thighearna," ar sé, "craidhail anocht dot mhuintir uile dul leat chum fiadhaigh ar maidin amárach agus sul tighir ón tseilg doghéabhair a dheimhin gur fírinneach an scéal indisim dhuit." Dála in rí, iar ccaitheamh a choda dhó tug craidhail dia mhuintir agus adubhuirt riú uile bheith ullamh leis chum fíadhaigh ar maidin arna mhárach agus do chuaidh in rí chum an fhíadhaigh amhail ro gheall agus do chuaidh Generodes mar aon ris, agus ro impó Sir Iuel úatha gan fhios dóibh go hinchlidhi, agus do chuaidh mur a raibhe Clarínas agus adubhairt ré a heir- eadh aonaigh agus oireachtais do chur uimpe agus a hathair do lean- mhain isin bhforaois, agus go n-anfadh sé seachtmhuin inti ag seilg agus ag fiadhach. Dála Chlarinas, do ghabh sí a heireadh shomhaisi shaoiri uimpi agus do chúaidh sí ar cúlaibh Sir Iuel agus do cuireadh Mírabula ar each ina haonar agus ro fhágbhadar in chathair amhlaidh sin. Agus tárladar días scuibhéar do mhuintir Sir Iuel orra agus íad ina n-éideadha agus 'na cculaidh gaiscidh, agus do ghlúasadar rompa aisin, agus ní chum na foraoisi do chuadar acht d'ionnsaidhe a luinge mur a raibhe sí ar feisteadh acu. Agus do chuireadar a ndroim ris in bhforaois. Ro ghabh uamhan agus imeagla Clarinas agus Mírabula arna aithne dhóibh gur fealladh orra, agus go rabhadar ag a mbreith as a ccrích agus as a dtír féain. Adubhairt Sir Iuel arna aithne sin dó: "A ríoghain," ar sé, "bídh misneach agad agus béaratsa leam thú chum an fhir is mó muintir agus is fearr inmhe, agus is ... isin chruinne co comhchoitcheann." Dochonnairc l 219> Mírabula iar sin Natánel ag dul tairsi agus each ina rith faoi, agus damh allta roimhe, agus do sméid sí fair agus táinic chuicche do láthair agus ro innis sí dhó co hinchlidhi foloidhtheach co rabhadar ag a bhfuadach 19v° ag Sir Iuel dá mbreith isin Éighipt, agus adubhairt sí ris scéal do thabhairt co lúath do Ghenerodes ar sin. Ó nach dearna Natanél dóigh comhraic don triar ridireadh do chuaidh sé mur a raibhe Generodes agus ro innis scéal dhó. Do lean Generodes agus Natánel Sir Iuel agus rugatar air agus do ghabh eagla an ridire Éighiptach agus do thúrling dia each co lúath a dhá láimh, agus do léaig ar a ghlúine é, agus do chionntaigh é féin ann gach gníomh dá ndearnadh, agus ro iarr anacal agus comraidhe, agus adubhairt nach diongnadh míthaoim ná drochní isin chrích chéadna co brách arís. Adubhairt Generodes: "Ní mhuirfinn aon duine nach bía ar a chosnamh féin agus muna bheadh sin dobhéaruinn brón báis agus timdhibhe saoghail duit, agus ní bhfuil áit na ionadh 'na mbéarad ort ó 'nocht amach nach tibhar bás duit, agus sechain in talamh so feasda." Adubhairt Sir Iuel: "Co roibh maith agad", ar sé, "is mór an anóir sin dobheire dhamh, óir do thuilleas bás d'fhadhbháil úait", agus adubhairt Sir Iuel: "A Ghenerodeis," ar sé, "an annso anocht agus ná dein sibhal aoidhche leis an ríoghain." Dorinne Generodes sin air, agus dorinne sé dá bhoith dhaingne dhobhrisde íar sin, agus do chuir dlaoi díona orra, agus dochúaidh Clarínas agus Mírabúla a mboith dhíobh, agus do chuaidh Generodes agus Natánel isin mboith eile agus do choladar as a haithle. Agus do chuir Generodes a chlaoidheamh nocht láimh ris agus a n-eich ceangailti d'ursain na boithe agus do cholladar amhlaidh sin. Dála in rudire mheabhlaigh mhíchoinghilligh .i. Sir Iuel a Barna, do chúaidh roimhe mur a raibhe an sabhdán agus ro innis do gur éalaidh Clarínas le Generodes "agus do leanair co luath íad béarair orra agus dodhéansa eólas duit mur a bhfuil síad anocht, agus marbhtar Generodes agus saor Clarínas." Do gheall an sabhdán co ndionghna sé sin agus dochúatar a ttóraidheacht Ghenerodeis agus nír chían dóibh an tan rángatar gus an pupaill ina raibhe Generodes ina chodla, agus dochonn- cadar Clarínas agus Mírabula ina ttorchim súain agus síorchodalta isin phupaill eile. Do smúain an sabhdán ina mheanmain dá mb'eadh mur mhnaoi dó féin do bhéaradh Generodes Clarínas leis gurab ina farradh agus ina fochair do bheadh sé, agus do shaor an rí Generodes ar in adhbhur sin gan mharbhadh. Agus tug sé l 220> a chlaoidheamh úadha, agus ro fhágaibh a chlaidheamh féin aige ina ionadh. Is ann sin do thógaibh an sabhdán a inghean leis idir a dhá láimh seal fada ón phupaill amach, agus do chuir ar chúlaibh Sir Iuel í agus adubhairt ris a breith leis co Montínar, agus dochúaidh féin chum na foraoisi agus ro ba dóigh le Sir Iuel gur marbhadh Generodes leis in rí mar do gheall sé a mharbhadh. Dála Sir Iuel íar scaradh ris in sabhdán do imthe roimhe chum a luinge. Dála Ghenerodeis, ar n-éirghe na mainde moch- shoillse air, ro fhéch ar in pupaill ina raibhe Clarínas, agus ní fhacuidh ann í, agus ro fhíafraidh do Mhírabula cá raibhe Clarínas. Adubhairt Mírabula: "Ro fheall Sir Iuell orain", ar sí, "agus rug sé in ríoghain leis." 20r° Is brónach bithim- shnímhach ro ghabh Generodes sin chuige, agus adubhairt Mírabula: "A ridire chródha choinghleacaigh" ar sí, "leantar Sir Iuel leatsa chum an chúain agus imir bás fair." Ro éirigh Generódeis iar sin co feargach fírneimhneach agus fuair claoidheamh in tsabhdáin aige iona thrúaill a n-ionadh a chlaoidheimh féin agus ro athain sé ar sin co raibhe in sabhdán os a chionn isin phupaill agus ro ba lúghaide a dhobrón sin, agus do ghlúais roimhe i dtóraidheacht Sir Iuel agus ní rug orra co ndeachatar ar muir agus ar sál agus ar farrge. Agus ro athain Sir Iuell Generodes úadha i dtír, agus adubhairt: "A Ghenerodeis," ar sé, "is olc an fhaire dorindis agus béaradsa Clarínas lium chum rí Éighipti, agus ni fhaicfir co brách arís í." Rángadar na scéala chum an tsabhdáin isin bhforaois agus táinig roimhe co ruicce an t-ionadh inar fhág sé Clarínas agus ni bhfúair sé ann acht a háit, agus tarla Mírabúla dhó agus ro indis sí don rí mar do fheall Sir Iuell orra, agus ro indis fírinde an scéil dó ó thús co deireadh, agus do shaor sí nach roibhe mailís idir Generodes agus Clarínas. Do bhí Generodes ag feitheamh na luinge úadha, agus ag silleadh agus sírdhearcsain Chlarínas. Agus ro buí sisi ag féchain Generodeis úaithi, agus do chuaidh sí 15 cúarta in anbhfuinne aga fhaicsin dí. Is í sin uair agus aimsir dochonnaic Generodes long luchtmhar lánmhór a ghabháil cúain agus calaidh i gcomhfhogus dó, agus foirinn fhearamhail innti. Táinig máighistir na luinge i dtír agus do chuir Generodes a each ina rith ina chuinne agus claoidheamh nocht ina láimh agus ro ghabh úamhan agus imeagla in máighistir ag faicsin in ridire ghreannmhair ghníomhéachtaigh i gculaidh chatha agus chomhraic ag teacht dá ionnsaidhe. Fochtais l 221> Generodes scéala don mháighistir cá tír dhó nó cá talamh as a ttáinic. Adubhairt in máighistir: "Indeosatsa fírinne duit", ar sé, "úair is dreach agus aghaidh dheaghdhuine fil ort. Ó chríochaibh na Sórcha tángamar", ar sé, "agus Ampírius aird- rígh na Sorcha do chuir do lorgaireacht a mhic sinn, agus Gener- ódeis a anim, agus do hindiseadh dhúinn a bheith i dtír an tsabhdáin agus atá Ampírius féin, rí na Sorcha, 5 céad long luchtmhar lánfhairsing co n-iomad sluaigh agus deaghdhaoine eile ag dul isin nIndía do chogadh ar Sir Amalóg .i. a stíbhard féin do bhain a bhean de agus a ríghe, agus atá a mhac cona mhuintir ina fharradh .i. rí na Tairisi." Ro fhear Generodes fíorchaoin fáilte friú, agus ro indis dóibh gurab é féin ro bhádar d'íarragh, "agus ro imthigh míshéan orm anois", ar sé ".i. mo bhantighearna agus an bhean dob annsa liom do mhnáibh na cruinne co comhlán do goideadh úaim í, agus is 'na tóraidheacht atáim anois agus rugadh i gcraos mhara agus mhórfharrge úaim í agus deasuighidhsi bhar long go lean- maois í." Adubhairt an fear stiúghradh ro buí acu: "Dochonnac féin ar muir í" ar sé, "agus an drong dannardha dobhésach sin aga imchoiméad." Táinic Natánel cucu íar sin agus do chuatar leo uili isin luing, agus tugatur bann séitreach sír- chalma isin sálmhuir co sundach ... agus rángatar i gcrios- laghaibh fonnghlasa fúarlinnteacha fíorghráineamhla na farrge acht ní rugadar ar in ríoghain ar muir, agus do ghabhadar cuan cobhsaidh clár re tír nÉighipte. 20v° Ro fhiafraidh Generodes do stiúrthóir na luinge: "Créud do dhéanam anois?" ar sé. Adubhairt an máighistir: "Cuirfiodsa ola go healadhnach fá t'aghidhsi agus saoilfidh gach aon duine dochífe thú co mbeir ad lobhar agus ní aithneochaidh cara ná námha thú agus dobhéar uisín shláinci duit, agus an úair chuirfir ort é, beir slán dá éis." Dorónsad amhlaidh, agus do thug Generodes in chulaidh áluinn ildhealbhach rígha romhaiseach ro buí uime ar dheisi agus ar chulaidh dhuine bhoicht dá dhíthladh agus dá fholach féin, agus ro imigh roimhe ina réim roreatha co cathraigh rí Éighipti. Agus do chonnairc an rí agus Clarínas úadha agus do chuaidh ar in slighi romp' agus iad ag dul chum aifrinn pósda do rádh dóibh, agus muintir rí Éighipte uile ar ttionól ar tiomsughadh go haon láthair do chaitheamh bainnsi an phósda sin. Agus is é fa racht isin n-aimsir sin gan loidhe le mnaoi nó co caittí a banuis iar bhféasda ocht lá. Do chrioth Generodes an clabaire l 222> ro buí ina láimh dá fhoillsiughadh gurbo lobhar é agus nach raibhe comhrádh aige. Ro fhéch Clarínas fair agus do chuir Generodes a lámh amach tar 'éadach leis sin agus do bhí singnéad an tsabhdáin fóna mhéir.i. fáinne úasal tuc Clarínas mur shéad suirghe dhó. Ro aithin Clarínas an fáinne agus ro fhíafraidh ca bhfúair an lobhar é. Adubhairt Generodes: "Mar dhéirc fúarus é", ar sé. "Cá tír duit féin?" ar Clarínas. "Indíach mé", ar sé, "agus i gcríochaibh na Sorcha rugadh mé agus i ttír in tsabhdáin do hoileadh mé agus dob áil lium seaomra agus beatha d'fhabháil úaitsi a n-onóir an athar neamhdha." "Doghébhair sin", ar sí agus ro imigh an ríghain dá seomra féin, agus do chuir sí teachta ar cheann Ghenerodeis agus do chuaidh sé mur a raibhe sí, agus ro indis fírinne don ríoghain iona thaobh féain agus nír chreid sí é nó gur ghlan sé a aghaidh leis an uisce sláince. Arna aithne do Chlarínas dorinne sí ionadh cuinne ris isin aoidhche a n-oiribhear láimh ré pálás an rí, agus do chuaidh Generodes chum a luinge agus táinic sé a ttosach aoidhche 'na éideadh agus Natánel mar aon ris i gcoinde na ríoghna. Dála Clarínas do cheangail sí cumann re mnaoí seomra rí Éighipte do dhul lé isin n-oiribhear d'fhéchain na réadlann agus na n-airdreannach, agus do chuaidh Clarínas agus do chuir a deisi agus a culaidh féin di agus do chuir ionar na mná seomra uimpe agus do chumail gual día gnúis agus dia lámhaibh d'úamhan agus d'eagla a haitheanta agus do chuir oire éadaigh for a muin agus do chuaidh isin n-oiribhear. Tarla Sir Iuel orro agus ro fhíafraidh díobh cé híad féin, agus adubhairt an bhean tseaomra: "Misi", air sí, "bean fhrith- ólmha an rí ag dul do nidhe éadaighe an ríghdhúnaidh re haghaidh na bainnisi so, agus mo shearbhóntaighe féin farrum." Do ghlac Sir Iuel Clarínas agus do bhí sisi ag druid úadha a ndíaigh a droma d'eagla a haitheanta dhó. Is beg nach 21r° tarla ar lár í, agus tug an bhean tseomra buille dá dorn i Sir Iuel agus do chuir úaithe é, agus adubhairt ris: "Inghean do cheandaighe isin gcathraigh so an mháighdion mhíolla sin, agus atá ridire do mhuintir in rí ar tí a hóghachta do thruailleadh gan phósadh agus do cuireadh liomsa go cúirt in rí dá coiméad í, agus dobheir sí cumhna dhamh do nidhe éadaighe na mbórd dochum na bainnisi, agus má fearrdi leatsa a faicsin tarra um dhíaigh um sheomra i gcionn úaire ina dhiaigh so, agus do ghébhair do dhíol radhairc uirre ann." Adubhairt Sir Iuel co ndionghnadh sé sin, agus ro imigh úatha iair sin agus do chuaidh go l 223> seomra na mná frithólmha agus ro buí seal fada ag fuireach friú. Do chúaidar na mná a sin don oiribhear, agus nír chían doibh ann an tan do chonncatar Natánel agus Generodes ina dhíaigh ag teacht cucu, agus íad araon ina n-éideadh, agus do ghabh eagla in bhean fritheolmha roimh an droing níata n-anaithne nacharbh aithne dhi roimhe sin, agus do bhí sí do ba áil lé éimhe aibhle adhbhalmhóra do dhéanamh, agus do cheannsaigh Clarínas í do bhríathraibh míne macánta, agus adubhairt Clarínas ría dá labhradh sí aon fhocal co muirfeadaois na ridireadha í. Agus adubhairt in ríoghain ris an mnaoi sheómra: "Tarra liomsa", ar sí, "agus dobhéar do sháith do gach uile mhaith dhuit." Do smuain an bhean tseómra dá labhradh sí co muirfeadaois na ridireadha í, agus dá n-anfadh sí ó Chlarínas co ttiobradh rí Éighipte bás di, agus is í comhairle ar ar chinn sí dul leis in ríoghain agus do chuaidh sí ar cúlaibh Natánel, agus do chuaidh Clarínas ar cúlaibh Ghenerodeis agus do ghlúaiseadar rompa chum a luinge. Dála Sir Iuel mur dob fhada les do bhátar na mná, do chuaidh roimhe co seomra na ríoghna agus ro fhiafraidh cá roibh sí, agus adubhratar lucht an tseomra nach facatar í ó do chuaidh sí leis in mnaoi sheomra. Do aithin Sir Iuel gur imigh Clarínas agus do chuir a éideadh uime agus do chuaidh ar each, agus do lean na mná agus adubhairt a rádh ris an rí cona theaghlach a leanmhain, agus ruc sé ar Ghenerodes ar maidin. Ó 'dchonnairc Clarínas ina díaigh é do ghabh eagla adhbhalmhór í, agus adubhairt Gener- odes ría arna aithne sin dó: "A ríoghain," ar sé, "ná bíodh úamhan ná imeagla ort úair ní maith an dóigh catha ag Sir Iuel sinne. Do thurling Clarínas an tan sin, agus do sháith Sir Iuel an t-each chum ghenerodeis agus tug sáthadh sanntach sleighi ann agus ní dhearna mórán díthi dhó, agus tug Generodes an dara buille i Sir Iuel agus do threascair é, agus ro íarr Sir Iuel anacal ar Ghenerodes agus do chiontaigh é féin agus adubhairt gurbo minic do thuill sé bás d'fhadhbháil ó Ghenerodes roimhe sin. Is amhlaidh ro buí Sir Iuel agus scían nocht fóna éadach aige chum Ghenerodeis 21v° do mharbhadh agus ro fhúagair Clarínas do co roibhe Sir Iuel ar tí a mharbhtha i bhfeall. Is annsin tug Sir Iuel sáthadh sanntach do sciain scáthghuirm a mullach a ochta a nGenarodés agus ro ainic Dia ar sin é. Agus cidheadh ro shil full co frasach úadha, agus do fearghaigheadh Generodes tríd sin agus do nocht a lann co lántapa agus do bhain a cheann don chéad bhuille do Sir Iuel agus ruga a chorp dá adhlacadh chum l 224> na cathrach céadna, agus do caoineadh co hadhbhal acu é, agus is ro-olc do ghabh Ginann rí Éighipte na gníomha sin chuige .i. a bhean do bhreith úadha agus a ridire do mharbhadh. Dála Ghenerodeis iar sin, do chuaidh sé 'na luing agus nír scuir don rúathar sin gur ghabh cúan cluthar comh-dhaingean i dtír a' tsabhdáin. Agus ro ghabh lúathgháir adhbhal an sabhdán ar bhfaicsin Chlarínas agus Ghenerodeis dó. Agus dorónadh fleadh agus féasda adhbhalmhór isin gcarthaigh an lá sin mur onóir do Chlarínas agus do Ghenerodes. Agus tángadar triar ridire ar trí heachaibh ina cceann fón am sin, agus fochtus agus fíafraidheas in sabhdán scéala dhíobh cé hiad féin agus cá ionad as a ttángadar. "Do mhuintir Aimpírius rí na Sorcha sinn" ar síat, "agus atá in rí ármhach oirbheartach sin ag dul ar sluaigheadh ar Sir Amalóg annsa nIndía, agus do chuir sé sinne ar ceann a mhic .i. Generodes, dá bhreith leis isin nIndía agus is iad sin ar scéala-nne", ar síad. Adubhairt an sabhdán: "A Ghenerodeis," ar sé, "dobhéarsa Clarínas mur mhnaoi dhuit anois, agus leath mo thighearnais rem linn féin agus mo thighearnas uile ó shoin amach." Ruc Generodes a bhuidheachus sin risin ri, agus muna bhadh méad na hanbhuana ro bhuí fair ag dul i gcoinne a athar do fpósfadh sé i re n-imtheacht dó. Ro innis an sabhdán na scéala sin do Chlarínas agus ro ba maith léisi a menma thríd sin agus gidheadh do bhí sí lán do bhrón agus do thorsi agus do dhubhachas ar son Ghenerodeis do bheith ag imtheacht, agus ro ba dóigh lé nach tiucfa sé dá hinn- saidhe arís. Adubhairt Mírabula: "A rioghain," ar sí, "ná bíodh amharas agad ar Ghenerodes óir ní fhuidhthear bréag 'na leith co brách." Táinig Generodes do labhuirt re Clarínas re n-imtheacht dó, agus tuc a fhírinne co ttiocfadh arís dá hionn- saidhe agus tuc sin menma agus móraigne do Chlarínas, agus adubhairt an sabhdán: "A Ghenerodeis," ar sé, "tiucfaidh Ginann rí Éighipte d'innreadh agus d'argain na tíri so a ndiaigh Chlarínas ó dochluinfidh sé thusa d'imtheacht." Adubhairt Generodes: "Dá bhfadharsa a scéala sin", ar sé, "tiucfad da bhur gcobhair agus dia bhur bhfurtacht, agus ro cheileabhair don rí iar sin agus don teaghlach i gcoitchinne agus do chuaidh chum a luinge, agus nír oiris agus nír chomhnaigh as sin co ráinic isin n-áit ina raibhe a athair. Agus ar rochtain dó dá ionnsaidhe do chuatar na 22r° catha ceachtardha ina lungaibh co lánurlamh agus nír scuireadar don l 225> dubhimramh dían dásachtach sin gur ghabhadar cúan cluthair ciomhusréidh isin nIndía agus dochúatar gus an gcath- raigh móir re n-abarthar Parantínus, agus is annsin boí Sir Amalóg in tan sin. Dála Sir Amalóg, ó 'dchlos dó na slúaigh aibhle adhbhalmhóra sin do theacht d'ionnsaidhe na tíri dá hinnreadh is dá harguin, do chuir tionól agus timsughadh ar a shluaghaibh chuige as gach aird i rabhadar agus do chuaidh i gcuinne agus i gcomhdháil Aimpírius, agus tucatar catha níata naimhdeach neamhcharthanach dá chéile agus tarla re chéile isin chath sin Generodes agus Sir Amalóg agus dorónnsad comhrac mear meanmach móraigeanntach díscir dána dásachtach do-ion- gabhála agus do marbhadh each Sir Amalóg le Generodes agus ro threascair é féin, agus do fhóireadar a mhuinntir é gan marbhadh. Do chomhraic Aimpírius agus Cing Sainic rí na hAifrice re chéle, agus dob é in rí sin athair na mná meabhlaighe do bhí in tan sin ag Sir Amalóg. Agus torchair Cing Sainic i bhfoirchinn an chomhraic le béiminnibh aibhle oscardha Aimpírius. Ó dochonnaic Ísorés mac rí na hAifrice a athair arna mhar- bhadh ro chaoin é co hadhbhal agus ro imdhearg go haithiseach Sir Amalóg agus adubhairt gurbo olc gach ní dá ndearna sé riamh coruige sin .i. a thighearna d'innarbadh as a fhlathas féin agus a bhean do bhúain de, agus do chuir Ísorés ridire d'ionn- lacadh choirp 'athar isin gcathraigh. Tárla Íota .i. íarla ón nÉtiópiá, agus Dáirel dá chéile agus dorón-sat combrac neartmhur neamhghrádhach agus do threascar Dáirel an t-iarla agus do bhainfadh a cheann de muna bheadh a lúatha d'fhóireadar a mhuintir hé. Do bhí Sirínes, inghean rí na hAithfrice, agus a hinghion, .i. Lúcidas, ag feitheamh Dháirel ag déanamh an ghníomha sin agus do chonnairc Dáiriel na mná ar taoibhlibh na cathrach agus tuc sé grádh dícra dofhulaing do Lúcidas, agus nir lúgha a grádhsi dhósan, agus d'fhíafraidh Dáirel cia hí in ríoghain chaomh chruthálain dochonnairc sé ar barr na cathrach. Adubhairt Sígradh .i. giolla Ghenerodeis: "Is í súd Lúcidas inghean Sir Amalóg .i. maighdean mhíolla mhalachdhubh mhongbhuidhe agus adhbhar ríoghna is fearr san India go huile. Do badh binn le Dáirel an moladh sin, agus do bo buidheach é don ghiolla as a chungnamh, agus adubhairt co dtiubhradh iliomad mórmhaitheasa ar son maitheasa do rádh re Lúcidas. Táinic Lumbidín d'íarraidh giúsdála ar Dháirel agus tucatar l 226> sáitheadha sanntacha sárneimhneacha ina chéle, agus do threascair Dáirel Cing Lumbidín agus do bhain a each dhe, agus tug do Shígradh í mur do gheall sé ar son maitheas do rádh re Lúcidas. Táinic Lumbidín arís agus dorónsad comhrac calma 22v° cruaidhchúiseach coimhdhíchra curata re chéile agus tuc Generodes sátha sanntach sleighi ar Lumbidín agus do chuir sleigh trína cheann agus trína scéith gur bo marbh don tsáthadh sin é, agus do bhris ar shluaghaibh na cathrach les in marbhadh sin agus is ar éigin do ráinic leó doirsi na cathrach do dhúnadh aturra agus Generodes agus do marbhadh dronga díáirmhe díobh fá dhoirsi na cathrach. Ro boí comhsa eatura an aoidhche sin, agus do tógbhadh botha agus bélscáladha agus puible daingne dobhriste leó, agus do chaithseat a bphruinn agus a dtomhaltus ann, agus ar maidin an laoi arna mhárach táinic Sir Amalóg amach as in ccathraigh líon catha do chur, agus tucatar cath dían díthach dána dofhreasdail an lá sin, agus tarla Ananuel dearbhráthair Sir Amalóg agus Generodes dá chéile isin chath agus dorónsat comhrac colgdha céadfadhach, agus do thuit Ananel le Generodes i bhfoirchionn in chomhraic iar ccur sleighi feimhnighi síthfhada trína chorp síar seachtair. Tarla Dáirel agus Sir Amalóg dá chéile agus ro fhearatar gleo greannmhar grodúrlamh gráineamhail agus tug Sir Amalóg sáthadh sanntach sleighi ar Dháirel agus do threascair é, agus táinic Generodes dá fhurtacht agus do chatha co cródha iona thim- chioll. Agus do bhris Generodes ar Sir Amalóg agus ar a shluaghaibh agus do chuir dá n-aimhdheoin romhe ina raon maoidhemadh isin gcathraigh íad agus do mharbh céad díobh fá dhorus na cathrach. Agus do dhúnsat an doras orra íar sin. Do bhádar mar sin tréimhse dá n-aimsir ag cur chatha gach aon lá agus is mór do thuit díobh ar gach taobh ris in ré sin agus gérbh iomdha míleadh mearchalma agus cuinge crúaidhchúiseach catha agus laoch léaidmheach lánchalma agus mac rí rathmhar ro-úasal do bhí ar in dá shluagh sin ní raibhe ceathrar ann dob fhearr ná Generodes, Sir Amalóg, agus Anasar, agus Dáirel. Dála Dháiriel is amhlaidh ro boí sé agus 'aire co mór ar inghin Shir Amalóg agus do bhí sisi dhósan mar in ccéadna agus do chuireadh Dáiriel Sígradh co minic dá fios agus dá féachain. Ro aithin Sirínés co ttuc Lúcidas toil agus grádh do neach éigin agus ní raibhe fhios aice cia hé d'fhearaibh in bheatha agus ro fhíafraidh scéala dhí créad ro chlaochlaigh a cruth agus a l 227> dealbh a déanamh agus a caomhlí, agus ro bhúaidhir a meanma agus a móraigne. Ro indis Lúcidas dí gur bo grádh éagmaiseach tug sí do Dháirel .i. barún úasal agus prionnsa 23r° do mhuinntir Ghenerodeis. Adubhairt Sirínés: "Is maith in díol grádh sin", ar sí, "ói is romhaith a lámh agus a ghaisce agus is álainn a dhealbh agus a dhéanamh, agus is uasal a fhuil agus is mór in tighearnas atá 'feitheamh air. Agus dá mbeadh a ghrádhsan duitsi mur atá do ghrádh dhó is maith do fhéadfadh síodh agus réiteach do dhéanamh adruinne agus Ampírius úair is é Dáiriel is comhairleach ar Ghenerodes agus Generodes is comhairleach do Aimpírius agus do fhéadfadh Dáiriel síodh do dhéanamh adruinn, agus a inghean" ar Sirinés "dearbhsa in bhfuil grádh fíre ag Dáiriel duit." "Cionnas do dhearbheochann sin", ar Lúcidas. "Dodhéanair co maith", ar Sirenés, "óir atá fáinne uasal ag Generodes tuc Clarínas inghean in tsabhdáin dó mur shéad suirghe agus is é sin signéad rí na nIbhal agus fóiridh sé mná re n-iodhnaibh agus coisce fuil agus ní bhfuil isin domhan fáinne is fearr na hé. Agus is ag Dáirel atá a choiméad, agus cuirsi fios dá iarraidh ar íasacht agus abair co bhfuil dearbhchomhalta carrthanach agad ag tréigion a coda fola, agus más inmhain le Dáirel thú cuirfe sé in fáinne sin chugad, agus is amhla sin fhionnfair an bhfuil grádh aige dhuit." Do chuir Lúcidas iar sin teachta ag íarraidh an fháinne ar Dháiriel, agus adubhairt Dáiriel: "Dá mbeaith maitheas an domhain uile ar aon fháinne amháin agus an fáinne do bheith agamsa" ar sé "dobhéarainn a íasacht disi", agus tuc sé íasacht an fháinne dhí. Do ghlac Sirenés an fáinne agus adubhairt: "Do mheallas mo lucht cogaidh agus imrisna", ar sí "agus béarad búaidh in choga so feasda", agus do ghoir Sirenés Giúsar dá hionnsaidhe .i. ridire Affraiceach, agus gnáthfhear leanamhna dí féin hé, agus adubhairt sí ris: "A Ghiúsair," ar sí, "beir an fáinne so leat agus tabhuir do inghin an tsabhdáin é agus innis dhí co ndearna síodh agus réiteach eadar Sir Amalóg agus Aimpírius agus co tuc Gener-odes Lúcidas inghean Sir Amalóg mur mhnaoí agus mur bhain- chéle, agus gur mhaitheatar dá chéle gach díth agus gach dochur agus gach díobháil dá ndearnatar ar gach taobh agus innis do Chlarínas nárbh áil le Generodes séad suirghe inghine an tsabhdáin do chondmháil aige ó nach bía sí féin aige." Dála Ghiúsair iar sin do dheasaidh a long agus do ghluais roibhe a ccraos mhara agus mhórfhairge co ráinic Peis .i. tír in tsabhdáin agus tarla an rí dhó agus ro ghabh ag fíafraidhe scéal de, l 228> agus ro innis Giúsar gur sídhaigheadh eadar Ampírius agus 23v° agus Sir Amalóg, agus co tuco a bhean féin do Aim- pírius agus a thighearnas go hiomlán agus gur phós Generodes Lúcídas inghean Sir Amalóg, "agus do chuir Generodes", ar sé, "misi le fáinne h'inghinise ói nírbh áil leis a séad suirghe do chonnmháil ó nach bíadh sí féin aige." Do ghlac in sabhdán an fáinne agus do chuaidh leis chum Clarínas agus ro imigh Giúsar fón n-am sin, agus tug in sabhdán an fáinne do Chlarínas ro innis na scéala sin fúair ó Ghiúsar don inghin ó thús co deireadh. Ar clos na scéal sin do Chlarínas, tángatar datha iongantacha éagsamhla dhí ói do dhearg sí nachar dheirga grís ar gcur a chrithridhi, nó rós dathálainn delrach, no núadhfhuil laoigh ar shneachta ná in loisni lándearg táinic tar a gealghruadhaibh, agus do bhán sí ina dhiaidh sin innas nachar bháine bláth lile nó cubhar tuile trénanfaighe, nó sneachta adhfhúar ina sí, agus do dhubh sí fá dheaoigh nachar dhuibhe seanghúal soileach arna bháthadh a n-uisci gharbhfhúar gheaimhreata ná gach ball agus gach alt agus gach áidhe dhí ó bheaarradh co bonn. Arna fhaicsin sin don tsabhdán as eadh adubhairt: "A ríoghain," ar sé, "ná bíodh dubhachas ná dobrón ná drochmheanma ort ói dobhéarsa do Ghynan rí Éighipte mar mhnaoi agus mar bhainchéile thú." Adubhairt Mírabula: "A ríghain," ar sí, "ná creid na scéala úd agus doghébhtear ina mbréig íad óir ní dhubhairt Generodes bréag riamh agus tuc sé a dhaingean agus a mhionda re tusa do phósa. Rachadsa san Indía agus dobhéar scéala co dearbhtha cugatsa, agus ná gabhsa fear cugat co tigearsa tar m'ais." Iomthúsa Mhírabula, do ghlúais roimpi d'ionnsaighe a luinge agus ní rug do bhuidhin ná do chuideachtain lé acht días ridireadha agus tríar scuibhéar. Agus ar rochtuin ar sálmhuir dóibh do thógbhatar an seolbhréid saidhbhir solasmhór síor- aibhseach snáthríghin isin seolchrann co sundíreach agus do léigeadar an ghaoth ghlórach ghlífideach ina glutain, 24r° agus ní haithristear uathfás ná imshníomh d'imtheacht orra nó co rángatar faidhche Pharantínus .i. príomhdhúnadh rí na hIndía. Dála Ghiúsair .i. an ridire Aifriceach do chuaidh leis an bhfáinne chum Chlarínas, ráinic sé mar a raibhe Aimpírius agus do chuaidh isin fpubaill ina raibhe Generodes agus ro fhiafraidh dhe cá raibhe sé. Adubhairt Giúsar: "Do bhádhas l 229> i dtír in tsabhdáin", ar sé. "Scéala in tíre sin agat dúinn?" ar Generodes. Adubhairt Gyúsar: "Do chonnarc Gynann rí Éighipte annsúd ar déanamh cleamhnais ris in sabhdán óir tug sé Clarínas inghean in tsabhdáin do mhnaoi agus do bhain- chéile agus do bhí banais adhbhalmhór acu. Ar clos na scéal sin do Ghenerodes do ghabh dubhachas agus dobrón agus droch- meanma hé agus táinig iar sin Mírabúla cona cuideachtain co doras na puble céadna agus do chuala sí Giúsar ag innisin na mbréagscéal sin agus do chuaidh sí féin agus a muinntir isdeagh isin fpubaill agus ro fhear Generodes fáilti friú, acht cídh brónach do bhuí sé. Adubhairt Mírabula re Giúsar: "A thrétúir fhallsa fhíorchealgaigh", ar sí, "is olc an toisc agus an turas le ndeachais co tír in tsabhdáin do chuma bréige agus do dhéanamh aimhleasa idir na cairdibh agus do thuillis bás d'fhabháil in gach siubhal dá ndearnais agus doghébhair é." Tar éis na mbríathar sin do rádh do Mhírabula ro fhéach sí ar a muintir co feargach fíorneimh- neach agus do thuicidar a hintinn agus a haigne agus do nocht ridire díbh co lánúrlamh agus do bhuail buille borbneartmhar báis ar Ghiúsar gur theasc a cheann dia cholaind agus do ba lúathgháireach Mírabula d'éis in ghníomha sin do dhéanamh agus do mhol Generodes é. Ro innis Mírabula fírinne an sceil ó thús co deireadh agus ro ba binn le Generodes na scéala sin agus do cheileabhair don rí íar sin agus do chúaidh as sin co tír in tsabhdáin agus ro innis gach ní do Chlarínas agus don tsabhdán agus ro ba maith leo a meanma ó na scéalaibh do chlos dóibh. Dála na nInniadhach íar sin 24v° is mór do thuit aturra ar gach taobh, agus ní ghébhadaois fir an domhain an chathair sin ar éigin acht muna gabhadaois le hintleacht ealadhan nó le díth lóin í. La dá raibhe Generodes ag cathadh agus ag comhrac, agus do chonnaic sé ridire chuige agus culaidh shibhail agus aisdir agus imtheachta air, agus ro fhíadhfraidh Generodes de cá raibhe sé. "I dtír an tsabhdáin do bhádhas", ar in ridire. "Innis scéala na tíre sin dúin", ar Generodes. "Is olc a scéala" ar in ridire, úair do hinnreadh agus do hairgeadh tír an tsabhdáin le rí Éighipte agus do loisg a cathracha agus a caisléin, agus atá ag gabháil agus ag marbhadh a mban agus a macaomh, a n-óg agus a n-ársadh." Adubhairt Generodes: "Do gheallassa", ar sé, "dá dticeadh rí Éighipti co tír an tsabhdáin co rachainn do chathughadh ris do chungnamh don tsabhdán, agus dodhéan fírinne dom ghealladh." Adubhairt Generodeis: "A l 230> Dháriel," ar sé, "ní táinic linn as tír an tsabhdáin acht trí chéad ridire agus connaibh dhá chéad díobh agad féin agus mo mheirgi agus mo bhratach agus mo shúathchionntas agus déana m'ion- adhsa isin chathadh so co teacht damh féin tar m'ais. Rachadsa céad ridire eile maraon riom co tír an tsabhdáin do chungnamh dó." Dála Ghenerodeis do ghlúais roimhe go ráinic tír an tsabh- dáin agus fuair ina fásach í gan áitreabh gan áitiúghadh. Agus nír cían dó ag sibhal na slídhe go bfaca ríoghain rathmhar ro-álainn ina haonar ar each ardéirmeach a n-aice na coille, agus beacán cuideachtan ina farra agus ina fochar, agus ro theith an ríoghain ar bhfaicsin Ghenerodeis dí agus ro lean Generodes í agus ruc uirre ar lár na fiodhbhuidhe, agus ro ghabh eagla adhbhal an ríoghain uair do 25r° badh dóigh lé gur bo hÉighiptigh íat, agus co ttibhradaois bás di. Agus ro fhíadhfraigh Generodes scéala don inghin cé hí féin. "Inghean dearbhráthar don tsabhdán mé", ar sí, "agus tugas fúath don fhear dá ttugadh mé agus do shaoil gurb Éighiptigh sibhsi, agus is uime sin do theaithios romhaibh." Ro fhíadhfraigh Generodes don ríghain cá roibh rí Éighipte. "Atá sé", ar sí, "isin gcathraigh re n-abarar Monsperson agus ticfaidh sé trí chéad armtha éidighthi amárach d'fhíadhach chum na foraoisi so." Tar éis na scéal sin d'innisin don ríoghain ro imigh roimpe, agus ro an Generodes agus a chéad ridire isin bhforaois co hinn- chleithi folathach agus nír chian dhóibh arna mhárach co bhfacatar rí Éighipte ag teacht isin bhforaois agus trí chéad arm- tha éidighthi maille ris. Agus do léig Generodes tairis iad, agus ro éirigh dhóibh ina n-aghaidh. Do chonnaic rí Éighipti iat agus ro ghabh uamhan agus eagla adhbhal é, agus adubhairt rena mhuinntir calma do dhéanamh ag a cosnamh ar a naibhdibh. Ro innsaighetar féain agus Generodes a chéile, agus tucatar cath dían díscir dána dásachtach níata naimhdighe neamhcharthanach dá chéile agus do briseadh ar rí Éighipti agus do ghabhatar tarraing cucu chum na cathrach tar a n-ais a measc a muintire agus do chuaidh Generodes agus a chéad ridireadh ag a n-áirleach agus ag a n-athchuma ina ndeaghaidh. Adubhairt ridire do mhuinn- tir Ghenerodeis: "A airdmhílidh," ar sé, "ná lean ina ndiaigh íad, acht gabh dá leathtaobh agus bí aturra agus an chathair." Dorinde Generodes amhlaidh sin agus do chuaigh eadar rí éighipte agus an chathair. Tarla an rí agus Generodes dá chéile, agus dorónsat comhrag dían díscir dána dasachtach agus l 231> urlaidhi óglaigh ainiarmhurtacha níata naimhdighe neart- chalama cródha coscrach 25v° comhlanchrúaidhe, agus gleao greannmhar gráineamhail gúasachtach, agus tucatar áladha doimhne doleighis, agus créachta farsinnga fíordhoimhne ar chneasaibh agus ar chorpaibh a chéile. Ro éirigh luinne agus lúathfhearg a nGenerodes amhal leomhan lonn leadarthach luathghonach, agus tug sé sátha sann- tach sleighi ar rí Éighipti gur chuir trína scéith agus trína thaobh síar seachtair an sáthadh sin agus ro threascair as a dhíallait é. Do chuaidh an rí a n-anbhfainne ar ttréigin a fhola, agus ní raibhe cíall ná caoimhne aige. Adubhairt Generodes: "A air- drí," ar sé, "cathaigh go calma más féidir leat hé." Adubhairt rí Éighipti: "A airdmhílidh," ar sé, "agus a thréinfhir bhfear ttalmhan, ar ghrádh an Athar neamhdha ná hathmharbh mé feasda agus faoícfiod tír an tsabhdáin maille re síodh agus ní dhiongéan cogadh ná coinnscleó isin chrích chéadna co broinne an bheatha agus co foirchionn an bhrátha, agus leasóchat gach ní ro milleadh innti agus dobhéar cuir agus slána orm ris sin do chomhall." Adubhairt Generodes: "Ní mhuirfidh misi aon duine co brách nach bía ar cumus dó féin a chosnamh", agus doroinne sé síodh agus muintearas re rí Éighipti, agus do chuatar le chéile isin gcathraigh agus do bhátar an aoidLche sin innte. Do chuatar íar sin i gceann an tsabhdáin mur a raibhe sé isin gcathraigh re n-aburthar Montínar agus do dhaingnedar an tsíth chéadna a bhfiadhnaisi in tsabhdáin fána thoil féin do dhénamh co brách arís. Ro imigh Gynan .i. rí Éighipti iar sin dá chrích agus dá chaomhfhearann féin, agus nír bhfeas don tsabhdán ná do Chlarínas co ndearna na mórghníomha sin nó co bhfacatar Generodes agus rí Éighipti ag teacht chucca 26r° go Peis agus gusan gcathraigh re n-abarthar Montínar. Tar éis gacha gníomha díobh sin do dhéanamh do Ghenerodes, ní fada in comhnuidhe dorinde sé i Montínar in tráth d'fhágaibh í agus do chuaidh isin nIndía agus fúair sé a athair Ampírius cona shluaghaibh i timchill na cathrach móire agar fhágaibh sé féin roimhe sin íat. Is mór an díth agus an dochar agus an díbháil dorónsat lucht na cathrach agus Ampírius dá chéle an feadh do bhí Generodes ina bhféagmais, agus do ba cródha coscrach Dáriel a n-ionadh Ghenerodeis ann feadh do bhí Generodes ina éagmais. Do l 232> mhéadaidh meanma agus móraigne na ccath gceachtardha ar bhfaicsin Ghenerodeis, agus do ghabhatar ag leadairt agus ag lán-mharbhadh lucht na cathrach. Do thinóil Sir Amalóg iar sin a mhuintir uile co haonláthair, agus táinig sé amach as an gcathraigh, agus tug sé cath naimhdeamhail neamhcharthanach d'Ampírius cona shluaghaibh agus tarla Generodes agus Sir Amalóg dá chéile isin chath sin agus dorónnsad comhrac naimhdeamhuil neamhcharthanach agus úrlaidhi óglaigh aníarmhartach agus tug Generodes sáthadh sanntach sleighi dochum Sir Amalóg agus do thogaibhsimh a scíath dá imdhídean, agus do scoilt Generodes an scíath agus do rinne dhá leath dhí, agus do chuir sé feadh láimhe laoich lánchalma do chrann chruaidh cheathardhruimneach tréna chorp agus tréna choluinn agus do thuit sé chum láir agus chum lántalmhan ón tsátha sin agus do nocht Generodes claidh- eamh leathan lánghéar íar sin agus adubhairt re Sir Amalóg: "Cosain tú féin", ar sé, "co calma más féidir leat hé." Adubhairt Sir Amalóg: "A ridire is fearr atá at' aimsir féin tabhair cumairce dom agus ná hathmharbh mé óir ní bhfuil fáth na héirghe agam agus dobhéar an chathair cona huile mhaitheas duit, agus gabh cumairce na cathrach 26v° agus m'inghine chugat." Arna aithne do Ghenerodes co raibhe an curaidh anbhfann éagcruaidh inirt rug leis isin gcathruigh é, agus do leagatar sluagh na cathrach uile gárrtha troma taibhseacha agus comhnúall caointe ag caoineadh Sir Amalóg agus do légeadh ar lár isin halla rí é, agus do luidh a bhean agus a inghean ar a mhuin agus do ghabhatar ag a phóga co dil dícra agus adubhairt Sir Amalóg maille re haithreachus mór: "Nír marbhadh riamh", ar sé "aon duine is lugha do scéal do mharbhadh ná misi uair is mé neach is measa isin domhan isin aimsir so, úair ro fheallas ar mo thíagharna gan adhbhar agus do bheanus a bhean de agus do chuireas é féin ar innarbadh as a thíghearnas agus as a chrích agus as a chaomhfhearann gurbh éigin dó dul a ccríchaibh cíana comhaidhtheacha agus is olc an éaraic mo bhás féin ar a son sin." Do chuir Sir Amalóg a bhean agus 'inghin agus a raibhe do mhaithas agus do shaidhbhris acu ar cuimirce Ghenerodeis agus do scar 'anam rena coluinn, agus do shín Sirenés í féin ar a mhuin agus fúair bás, úair ní raibhe súil aice re furtacht d'fhadhbháil tar éis a ndearna sí d'olc do chách roimhe sin. Agus do chuir Generodes a n-aon tumba iad maille re honóir mhóir. Do l 233> ghabh Generodes an chathair co comhlán iaramh, agus do chuaidh a seilbh a maithisa, agus tángatar na sluaighe uile isin gcathraigh agus ro ríoghadh Ampírius leo agus do chuir Ampírius coróin na ríghe sin ar cheann Ghenerodeis agus tuc sé maitheas na tíre sin uile ina cheann sin dó. Táinic Lúcidas inghean Sir Amalóg i bhfiadhnaisi Ghenerodeis agus ro íarr sí air a ghealladh do choimhlíonadh 26r° mur do gheall sé. Adubh- airt Generodes co ndiongnadh co gcroidhe maith agus do ghoir sé Dárel chuige agus adubhairt ris: "Ag súd" ar sé, "maighdean mhíolla mhalachdhubh agus aindear óg uasal tug grádh dílis domheasda duit, agus dá ttucais féin searc síoradhbhal agus grádh adhbholmhór, agus gabh chugat mar mhnaoí fpósda í agus doghébhair tíghearnas a hathar agus 'uile mhaitheas lé, agus morán dom thighearnassa féin maille leis." Do phós Dárel Lúcidas iar sin agus do caitheadh a mbanais. Dála Ampírius ro fhágaibh an Indía ag a mhac agus do chuaidh féin isin Sorcha agus fúair scéala ar slighi co bhfúair a bhean bás .i. Sirína inghean rí na Sorcha, agus is beag nach fúair Ampírius bás do chumhaidh a bhainchéle, agus do bhí do loige agus d'fhanbhfainne air gurb éigin días do bheith aga chonmháil ina dhíallait agus an treas fear a n-aradhain an eich gurb amhlaidh sin rugatar leo chum na cathrach é. Dorónsat slúaigh na Sorcha ceol agus ealadha dó do laigh- diughadh a chumhadh agus a thoirsi a dhubhachais agus a dhobróin agus a dhrochmheanman, agus ní thug sin fortacht ná fóirithin dó agus fúair bás i gcionn a' dara lá agus do hadhlacadh co honórach é a dtumba a mhná pósda, agus an tan rángatar na scéala sin Generodes is beag nach fúair bás do chumhaidh a athar agus a mháthar, agus do chuaidh isin Sorcha fó thásc an rí agus na ríghna, agus do bhátar gárrtha adhbhalmhóra caointi ar fud na Sórcha uile ag caoineadh Ampírius agus Sirína agus iar dteacht Ghenerodeis cucu tug sin meanma, cobhar agus comhfhurtacht 27v° dhóibh agus do ríghadh Generodes leo for an Sorcha agus gidheadh do bhí Generodes ag meath agus a ngalar sheirglighi do chumhaidh a thuirsmitheoradh .i. 'athar agus a mháthar agus nír fhéad líaigh ná fáidh ná feallsamh ná fisigidh furtacht ná fórithin dó gur bo gar bás dó. Dála Chlarínas inghine an tsabhdáin, íarna chlos dí Generodes do bheith a ngúasacht bháis, do dheasaigh hí do dhul dá fhéachain i gcruth bhannleagha, agus beacán cuideachtan maraon ría .i. Ebined a seomradóir féin agus nír fhan nó co l 234> ráinic cathair mhór na Sorcha. D'iarr an ríghain oslugadh agus ro fhíadhfraidh an doirseóir cia buí ann. Adubhairt Clarínas gur bo banliagh maith í, agus do chuir Generodes Natánel dá leaigin asdeach agus do chuaidh os cionn Ghenerodeis agus ro fhiafraidh dhe créd táinig ris. Adubhairt Generodes nach roibh a fhios aige créad táinig ris, "acht dom dhóigh atáim marbh". Adubhairt Clarínas: "Tabhair póg damhsa" ar sí "agus is tús leighis duit é." Adubhairt Generodes: "Ní thugas póg do mhnaoi ríamh" ar sé "acht d'aon mhnaoi amháin .i. Clarínas inghean an tsabhdáin agus muna bhfaicear an bhean sin ní chuirfead mo bhél ar bhél mná eile co brách." "Más eadh", ar Clarínas, "is misi an bhean sin do ráidhsi", agus tug Generodes oslughadh ar a shúile agus ro fhéch uirre agus ro éirigh ina shuidhe, agus arna haithne dhó tug teora póg co dil dícra dhí. Caoiccís di ina fharradh agus adubhairt Generodes ré dul roimhe i dtír an tsabhdáin, agus fleadh bainnsi d'ullmhughadh ar a chionn agus co rachadh ina díaigh dá pósadh. Dála Chlarínas, do chuaidh ruimpe co Pes agus co Montínar agus do hullmhuigheadh fleadh bhúantidhlaiceach bhainnsi lé, agus tánaic Generodes ina diaigh agus do phós sé hí do thoil a hathar agus a máthar agus a muintire uile archeana agus dorónadh a mbanais 28r° co honórach íar sin, agus is síad días ro buí ag marascalacht tighe an dúnaidh ar feadh na bainnsi sin .i. Ismael an sabháisde, rígh na Tairsi, dearbhráthair Ghenerodeis, agus Dáriel. Tuga Mírabula do mhnaí agus do bhainchéle do Natánel agus do phós sé Síograidh, a ghiolla fén, ris an mnaoí ro élódh le Clarínas ó theigh rí Éighipte, agus tuc sé céad púnt gacha bliadhna dóibh dia mbeathúghadh agus an chathair re n-abarthar agus dá mhíle dhéag d'fhearann ar gach taoibh dhí. Do chuir sé méaraidhe agus báillidhi íar sin ina gcathrachaibh féin, agus maoir agus lucht coiméada cirt agus córa for a thighearnas uile agus nír b'fhada íar sin go bhfúair an sabhdán bás. Agus do ríghadh Generodes for thír an tsabhdáin, agus do bhádar trí ríghachta aige an tan sin .i. ríghacht na hlnnia agus ríghacht na Sorcha agus ríghacht na Peisi .i. tír an tsabhdáin. Agus tug Clarínas clann do Ghenerodes .i. días d'ingheinaibh suarca saorbhéasacha agus mac amhra oireadha, agus tug inghean dá ingheanaibh do rí Éighipta agus inghean ele do rí na hAifrice agus is leis féin do thuit a athair, rí Éighipte agus is lena athair .i. Ampírius do thuit athair rí na hAifrice, agus do bhádar an dá rí sin ina gcleamhnadhaibh aige, agus íat umhal urrmach odhmanta l 235> dhó do ghnáth, agus do bhí ríghacht na Tairisi ag a dhearbhráthar .i. Ismahel an sabháisdi, agus do bhí mac maith aige do ghlac na ríghachta sin tar 'éis, agus do chaith fén 'aimsir co sámh socair ó sin amach re feadh a bheatha. Agus do ba lán beaoil fir an talmhan do chlú ... A ... d'oirdhearcus agus d'ardnós Generódes an f ... e ... a gníomhra gaoile agus gaisgeadh a ghineal ... innbh ... a mbélaibh suadh agus sean- chadh co foircionn in bheatha agus co críoch an domhain. Conadh í sin geineamhain Ghenerodeis agus a mhaithghníomhartha. Beannacht Dé don té ler scríobhadh in stair sin isin leabhar so, agus do chuir críoch uirre an aonmha lá do mhí August, 1645 aois Chríost in tan sin. Mise fén Seán Galldubh mac Piarais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services