Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Do Imtheachta Ghenerodeis

Title
Do Imtheachta Ghenerodeis
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1645
Publisher
(Má Nuad: An Sagart, 1987)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




1 "... frithóilti dóibh, óir dá madh teithe do dhénta leis
an ngníomh nach dearnais do ghoirfidhe duine ciontach díot
agus tú neamhchiontach." Adubhairt Generodes:
"Tuigim," ar sé, "go bhfuil an ríghain ar tí uilc do dhéanamh
dhamh, óir is nár lé an sgéal úd do bheith agam uirre ó nachar
fhaomhus a toil do dhéanamh."



Dála na ríghna, ar n-imtheacht do Ghenerodes, do thairrng
sí a folt, agus a fionnfadh, agus do bhúail a bosa, agus ro éigh co hárd,
agus co hacaínteach, agus táinic an stíbhard fo ghárrthaibh na bann-
ríghna, agus ro fhiadhfraidh créd d'ime uirre asa ndearnaigh an
nuallghudhadh dearmhár sin. Adubhairt sisi gurob é a
héaigniúdhadh do shanntaigh Generodes do dhéanamh agus ro
fergaigheadh Sir Amalóg .i. an stíbhard, trít an ngníomh sin,
agus ro nocht a chlaodhemh agus adubhairt go dtuitfeadh Generodes
isin ngníomh sin, agus tug íarraidh air ina sheomra, agus ní bhfúair
ann é.



Táinig Aimpiríus .i. an rí, on bhfiadhach iar sin agus do
tógbhadh búird altacha órrghaidhe os trisdélaibh caomh-
ghlana cumhdaighe agus do folchadh íad do scoraídibh sgiamh-
ghlana, agus d'anairtibh iúbhladha, agus d'ilchinél gach datha mur
atá gorm, agus úaine, agus buidhe, agus breac, agus corcair, agus dá gach
dath illdhathach éxamhail archeana.



Agus do chúaidh Generodes agus na...ch isdeagh i
gcumaidh cháigh, agus do shuidheadh na slúaigh do réir a n-ua-
isleadh, agus a n-athardha, a ndúchais agus a n-onóra. Nír
suidheadh íseal a n-ionadh úasail, na úasal a n-ionadh ísil,
ná trén a n-ionadh aintréin ná daor a n-ionadh flatha,
ach gach aon ina ionadh cheart chubhaidh chumhdruma
chomhadhais. Agus ro éirgheadur lucht feadhma agus freasdail agus
frithólmha an dúna, agus na cathrach, agus do chúaidh Generodes
do fhrithólamh ar in rí agus ar in ríghain mur fa ghnáth leis.



l 198>
Agus do chonairc an stíbhard é agus adubhairt: 2 "A
thrétúir fhallsa fhíorchealgaigh cía atá ag íarraidh na hoibri
sin ort, óir is olc úait a déanamh," agus ní thug Generodes
freagra air acht mur nach cluinfeadh é.



Agus adubhairt an stíbhard arís: "A thrétúir" ar sé "ní
fhreagrann tú mé," agus do dhruid an stíbhard lais iar sin agus do
bhúail do dhornn é co díscir deaghthapaidh gur dhoirt a fhuil
go fíoraibidh a bhfíanaise an rí agus na ríoghna. Arna fhaicsin
sin don rí, ro éirigh go grod géarúrlach d'ionnsaidhe an
stíbhaird, agus ro sháidh sgian trí bhun a ridhe, agus is ar éigean do
rugadh úadha gan marbhadh é.



Agus do chúaigh Sir Amalóg .i. an stíbhard, i gcaislén
daingean dobhrisdi do bhí aige féin, agus do chruinne a mhuintir
chuige as gach aird, ionnus go raibhe sé iolimad sluaigh agus
sochaidhe. Agus as é fa mheanma aige gach díth agus gach
dochar is mó do fhédfadh do dhéanamh don rí agus do bhí
an ríghin mur an céadna. Dála Ghenerodeis do fhritháil sé na
sochaidhe go maith an aoídhche sin agus nír éagaoin a easanóir,
agus do badh olc le teaghlach an rí uile an easanóir sin tugadh
do Ghenerodes.



Iomthúsa Ghenerodeis, arna mhárach do chúaidh sé i
bhfíadhnaise an rí agus do rinne umhla dhó agus as eadh adubhairt.
"A Ampírius," ar sé, "an t-ionadh a bhfúarus féin an náire
agus an masla úd gan adhbhur, ní bhear ann ní is sia nó go
mbía cosg duine do neart annam agus dá bhféada mé
digheolaidh mé m'easanóir fós ar an stíbhard. Agus má
mhairim dodhéan maith dhuitsi fós."



Ro cheileabhair Generodes don rí iar sin, agus ro imidh
roimhe, agus nír chomhnaidh nó co ráinig tír an tsabhdáin re
n-aburthar Peis agus do chúaidh i ccrích dheiridh an laoí
gusan gcathraigh móir re n-aburar Montínar, agus ro ghabh
teagh ósda innti an aoidhche sin.



Agus do chuaidh ar maidin i gceann an tsabhdáin, agus do
bheannaidh dhó, agus adubhairt Natánel: "A thighearna," ar sé
"ag súd Mac diúice do Ghréagaibh lerb áil do thoil do
dhéanamh do láimh agus do ghníobh 3 agus do sheirbhís."



Adubhairt an sabhdán go bhfuidheadh sé sin maille re toil
mhaith. Agus ro bhuí Generodes a bhfochair an tsabhdáin
aimsir fhada iar sin, agus do ba romhaith an fear fiadhaigh
le conaibh agus le líontaibh, agus le seabhcaibh ar muir agus ar
tír é. Agus do badh umhal grádhach tidhlacach an mac sin,
l 199>
agus do ghrádhaigh an sabhdán agus a mhuintir uile é, ar
dheaghbhésaibh.



Agus do bhí aon ridire ar theaghlach an tsabhdáin aga roibhe
tnúth agus formad re Generodes, darb ainm Malachías.
Aroile lá dá raibhe an sabhdán ag caitheamh fleidhe agus
Generodes aga fhrithóla, agus tug an rí oirchisecht dó dá
thabhuirt do Chlarínas .i. inghean in tsabhdáin. Agus ro fhéach
sí ar Ghenerodes ag fadhbháil an bhí uadha agus gion go raibhe
fios a fholuidheachta ná a úaisle aice, do líon sí dá sheirc agus dá
shíorghrádh agus dá annsacht ón tsilleadh sin tug sí fair. Agus ro
fhéch Generodes uirresi mur an gcéadna agus nír lugha a
ghrádh dhi arna faicsin. Agus ro imigh día sheomra go
rodheithinsach ór nír shaoil a sháith d'fhadhbháil don inghin
rena bheatha.



Dála Chlarínas, do chuaidh sí ina gríanán ghlanradharcach
ghloinidhi agus ro bhoí ann go cumhthach cíantuirsech, agus go
ndoghra ndearmháir do ghrádh Ghenerodeis. Agus ro bhoí
cumhal coimhideachta aice d'fhine úasal, agus is é do badh ainm
dhi Mirabúla .i. maighdean mhíolla mhalachdhubh mhall-
rosgach mhuingleabhur. Agus ro bhoí sí críonna ceannsa
caoinbhriathrach, lán do thuicsi agus do dheaghbhésaibh, agus
do chuaidh sí os cionn a banntigherna, agus is amhlaidh fúair í ag
síordhul a n-anbhfuine agus a n-égcrúas, agus ro fhiadhfruidh
di créd táinic ría. Adubhairt Clarínas nach fidir sin, "acht
dom dhóigh," ar sí, "is gar bás damh, óir do chuaidh mo
neart co léir úaim."



Adubhairt Mírabula: "a ríoghain rathmhur," ar sí, "na
ceil do rún orumsa, óir is díleas agus is innrúin duit mé agus ca fios
nach tiocfadh díom do leighios?" Agus adubhairt Clarínas:
"Nír fhionnus do mhírún ríamh," ar sí, "agus is dílis agus is tairisi
thú in gach uile chás, agus inneosad adhbhur mo dheacra dhuit:
sguibhéar 4 óg do bhí dom fhriothálamh dá ngoirthear
Mac in Diúice Ghréacaigh; ro líonus dia ghrádh agus dia ansacht,
agus ní budh búan mo bheatha muna fhadhar tiol mo mhean-
man de."



Adubhairt Mírabula: "A ríghain," ar sí, "bíodh croidhe agus
meanma mhaith agatsa, agus dar liomsa, is maith an díol grádha
an sguibhéar sin, óir is mór a mhéid, agus is óg a aois, agus is maith
a dhealbh, agus is mín caoín carthanach compánta é, agus atá sáith
gach impire nó gach tighearna sa domhan do mhac nó
d'oighre ann, agus tiocfaidh dhíomsa a thabhairt chugadsa dot
l 200>
agallaimh co minic." Tugadar na bríathra sin cabhair agus
comhfhurtacht mhór do Chlárinas.



Dála Mhírabula, d'éis na hagallmhadh sin do dhéanamh
risin inghin, do chúaidh amach as in gcaislén, agus tarlaidh
Natánel uirre agus é dubhach déarach dobrónach. Agus ro fhiadh-
fraidh de cá roibh Generodes agus ro indis Natánel di a bheith
co gúasachtach easlán ina sheomra. Agus do chúaidh Mirabula dá
insuidhe agus do bheandaigh dó, agus ro fhiadhfraidh de créd táinig
ris. Adubhairt Generodes nach fidir, "acht dom dhóigh," ar
sé, "is gar bás damh." "Indis fios do rúin damhsa," ar sí "agus
dom dhóigh, tiocfa dhíom do leigheas, agus do thoil féin
d'fhadhbháil duit do gach ní dá mbia at uireasbaidh."



Ro innis Generodes di, ar mbraith a hintinne agus ar ndaing-
niughadh cumainn agus caradraidh ria, grádh dícra dofhulaing
do thabhairt dó do Chlárínas, agus in grádh sin do bheith aga
mheasgadh agus aga mhórbhúaireadh. "Bíodh croidhe maith
agadsa," ar Mírabula, "agus doghéansa slighi agus eaólus duit
le a mbeir ag comhrádh re Clarínas." Agus do badh maith le
Generodes an comhrádha sin do chlos úaithi agus do chuaidh sé
le Mírabula, agus do rinne sí eolus dó tré fhíneamhuin agus tre oir-
bhear nó co ráinic fa bhun in thúir ina roibhe Clarínas.



Agus do chuir sí a ceann amach isin bhfuinneoig agus do labhair
sí re Generodes, agus do fhiadhfraidh de créud táinig ris, agus ro
innis di gach ní da roibh aga bhúaidhreadh agus do léig a rún
ria. Adubhairt Clarinas: "a Ghenerodeis," ar sí "is beac 5
an ní sin doní tusa díomsa, agus dá ccluintí an comhrádh sin úait
do thuitfeadh féin ann."



Agus arna chlos sin do Ghenerodes do thuitsion i dtaisibh
agus i dtáimhnéllaibh, agus a n-anbhfuine isin oiribhear agus nír
fuilngeadh sin disi acht do labhuir fris do bhriathraibh
ceannsa agus do chomhrádh áilghineach, agus is do dhearbhadh a
ghrádha dhi tug sí in freagra sin air. Agus adubhairt Clarínas ris
teacht co minic do comhrádh ria sa slighidhe chéanna agus gan
a bhrath air gurab dá hagallmhadh do bhíadh ag teacht. Agus
nír dheacair le Generodes sin do dhéanamh uirre. Agus ní dó
labhrus in sdair go fóill.



Dála Shir Amalóg .i. an stíbhard, ar n-éirghi dhó asan
orthus tug Ampírius air, do chuaidh roimhe da chathraigh
féin darb ainm Uisi, agus do chuir sé a fhine uile agus an méid fúair
sé rena cceannach agus rena n-agallaimh do na hInniachuibh leis
do chogadh ar Ampírius .i. airdrígh na hInnia, agus ro éaire an
l 201>
ríghain le Sir Amalóg a naghaidh an rí isin cogadh sin, agus ar
fhaomh lé idir fhior agus mhnaoi do mhaithe na nIndíach.



Do chuir Sir Amalóg iliomad slúadh agus sochaidhe a
bhfochair agus a bhfarradh a chéile, agus do chuaidh go
hinchleithi folaidhtheach gusan gcarthaigh iona roibhe Aimpírius,
Parantínus ainm na cathrach sin an airdrígh, agus do chuadh .3.
rígha ro fhaomh an feall sin do dhéanamh le Sir Amalóg
asdteagh mur a raibhe Ampírius, agus do íarradur leó chum
fíadhaigh é, agus do chuaighsimh leo gan rogha gan ráthughadh,
óir ní roibhe fios uilc ná aingidheachta na muinntire sin aige.



Agus do chuaigh leo dá mbreith sin d'ionnsaidhe na
foraíse fíoráille fíadhaigh bhoí aige. Ro bhoí Sir Amalóg
cona mhuintir i gceilg isin choill re taobh na cathrach agus
ar bhfaicsin an rí dhóibh ar ndul társa isin bhforaís isteach,
do chúadar féin d'ionnsaidhe na cathrach agus do ghabhadur
í agus do chuir Sir Amalóg coróin rí na hInnia fona cheann féin
an lá sin agus consacráladh é ina ri, agus ina thighearna, agus
Sirinéis ina bannríghain. Ní 6 roibhe fios na sgéal sin ag
Ampírius, agus nior chian dó sa bhforaís an tan adchonairc fear
coiméada na foraíse chuige agus marcaidheacht dían dásachtach aige aga
déanamh.



Agus ráinig sé a bhfód fíadhnaise don rí, agus is fada co dtáinig
de sgéala d'innisin dó le méid a anbhúana agus a eagla, agus ro
fhiadhfraidh an rí sgéla de agus do innis dó gur gabhadh an ard-
chathair .i. Parantínus, agus gur goireadh rí do Shir Amalóg agus
gur fhaomh an ríoghain leis mar bhainchéile, agus fúagra bháis
do thabhairt do Ampírius gibé ionadh a mbéarthaí air, agus "do
bhádur na trí rígh úd atá do láthair a gcogur an fhill sin do
dhéanamh ort, agus is dod bhrath tángadur annso."



Ro fhéch Ampírius ar na ríogha, agus do fhiadhfraidh díobh
an roibh a fhios acu go ndingéantaí an feall sin air.
Adubhratur san go raibhe agus nachar bhfearr leo an ríghe aigi-
sion ná Sir Amalóg. Agus ro éairidh Ampírius ina sheasamh
leis sin, agus do nocht a chlaoidheamh go héasga imúrlach, agus tug
buille bríoghmhar borbneartmhar do rí dhíobh gur scoilt
goruic a ucht é. Agus do theitheadar an dá rí eile roimhe, agus do lean
Ampírius iad, agus rug orra dá n-aimhdheoin agus bhean a dhá
gceann díobh, ionnus nach fada do mhaireadar an triúr sin do
lucht an fhill.



Dála Aimpírius iar sin, do theaith roimhe agus nír lean é acht días
sguibhérí agus do chuir a dheisi agus a chula rígh i bhfolach,
l 202>
agus do chuir cula ridaire uime, agus do chualaidh go raibhe
talamh saibhir rochonáigh annsa chuid thúaigh don Innia, agus
Tír na Tairise dob ainm di, agus is aisdi tháinig an treas rí
táinig leis na haisceadhaibh chum Íosa Críost iarna bhreith a
mBeaithil Iúda.



Téaid Ampírius iar sin don Tairisi agus do chuaidh a gceann
an rí, agus do bheannaigh dhó, agus do íar grása air fa é féin do
bheith ina choimhdeacht ag seirbhís agus ag frithálamh dó agus fós
go mbíadh sé ina ghaisgeadhach ghalach ghníomhéachtach
ag cosnamh a thíre agus a thalmhan, agus a thighearnais don rí.
Do fhreagair rí na Tairisi dó agus agus is eadh adubhairt:
"Doghéabhair gach ní dar íarrais, agus dia do bheatha chuige."



Agus do bhí Ampírius iar sin i gcoimhideacht rí na Tairisi
ag frithálamh go humhal deaghbhésach dhó, agus ag cosnamh a
thíre agus a thalmhan agus do ghráidhe in rí cona mhuintir go
hiomurcach é ar a dheaghbhésaibh, agus tuga marasgalacht tighe
in rí dhó, agus a stíbhardacht, agus ceannas a shlúaigh, agus gach anóir
eile dob áil leais ó sin amach. Agus teasda íarladh isin tír in
tan sin, agus do bhí sé gan oighri agus ráinig a thighearnas chum in
rí, agus tug sé do Ampírius é. Sguire in stair go fóill do Ampírius
agus labhruidh sé do Shirína inghean rí na Sorcha.



Dála Shirína, iar n-éag a hathur, do bhí ríghe agus rocheannas
na Sorcha aice, agus do bhí sí seal do bhliadhanaibh a
n-aontumha gan fear gan fearchéile agus do bhí ag síorsmúain-
tiughadh ar Ampírius agus ar Ghenerodes, agus do bhí íarladh
suimeamhuil saidhbhir sárúasal lán do ghaois agus do ghliocas agus
d'fhírinne i dTír na Sorcha in tan sin agus do bhí bean úasal aige,
agus do badh siúr do Shirína í.



Agus do chuir an ríghain teachta ar ceann an íarladh sin agus do
labhuir fris a n-ionadh úaigneach agus ro innis a rún uile dó, agus
go háiridhi ar gheineamhain Ghenerodeis agus ro innis gur
bhfear di Ampírius rí na hInnia agus adubhairt nach dingnadh
comhnuidhi acht ag siubhal an dombain nó co bhfadhadh
scéala a fir agus a mic.



Adubhairt sí ris in íarladh ceannas agus agus coiméad a tíre
agus a talmhan do bheith aige co toidhecht di féin tar a hais.
Adubhuirt an t-íarladh, aga léigion ar a ghlúinibh a
bhfiadhnaise na ríghna: "A bhaintighearna," ar sé, "ní
cubhaidh riumsa sin, agus gidheadh, dodhéan do thoilsi."



Iomthúsa Shirina, do ghlúais roimpi agus ní rug do bhuidhin
nó do chuideachtuin lé acht días ridireadh agus triar sguibhéar
l 203>
agus begán marcshluaigh, agus nír sguir do mhuir ná do thír nó go
ráinig sí Parantínus, cathair Ampírius, agus is innti do bhuí Sir
Amalóg .i. in stíbhard ... finghalach agus é 'na rí ar in Indía
in tan sin agus in ríghain mhalíseach mhíthaómach .i. Sirínies
ina fharradh agus ina fhochair, agus íad lán den uile chonách, agus
rug Sirínies inghin álainn inóglaigh do Shir Amalóg 8
darbo comhainm Lucidas.



Dála Shirína .i. inghean rí na Sorcha, do gabh si teagh ósda
in aoidhche sin i bParantínus agus is é inadh ina ttarlaidh í, i
tteagh fhir choiméada fhorúisi Ampírius an tan do bhí ríghe
agus tighearnas aige, agus is é in fear sin tug robhadh dhó an lá do
gabhadh an chathuir, agus tugadh achur agus ionnarbadh ar in rí.



Agus ar ccathamh forgladh agus urmhóir a gcodadh dóibh, ro
fhiadhfraidh Sirína: "Cá bhfuil rí na tíre so?" air sí. "Truagh
sin, a ríghain," ar sé, "óir dá gcluintí thú aga luadh nó aga
labhuirt ní badh beg leo d'adhbhur do chora chum báis é, óir
d'fheall a bhean féin agus a stíbhard air, agus do chuireadoir ar
achur agus ar ionnarbadh é, agus atá sé anois ina íarladh os
cionn na tíre agus na talmhan so. Agus ro fhágaibh an rí mo sháith
agamsa do gach uile shaidhbhrios agus maitheas an tráth do
fhágaibh sé an tír so, agus do chaitheas gach ní dár fhágaibh sé
agam. Agus atáim anois go bocht gan aon réd agam don
tsaidhbhrios sin, agus atá fuath agus fíormhioscais ag cách damh ar
son Ampírius, agus atáim ag tríall dia ionnsaidhe anois isin tír
iona bhfuil sé."



"Is córaide duitse dul isin turus sin" ar in ríghain, "atáid
gnóithi deithinsacha agamsa ris, agus is éigion damh dul mar a
bhfuil sé; agus tarsa liom do dhéanamh eóluis damh, agus dobhéar
cosdas agus lón chum na slighi dhuid." "Dodhéansa sin," ar sé,
"óir rachad leatsa isin tír sin."



Agus rugatar as an aoidhche sin co ttáinig lá cona lánshoillsi;
agus ar n-éirghe don ghréin ina croinnphubaill tinntighe ós dreich
an talmhan tromfhódaigh agus ar soillsiughadh chnoc, agus chéide,
agus chabhán agus thuaitheamhrach an talmhan dí, ro éire in ríghin
cona muintir agus an ridire agus do ghlúaiseadur rompa, agus ní
hoiriseamh ná comhnuidhe do rindeadh leo do mhuir nó do
thír agus ní haithristear úathfás ná imneadh d'imtheacht orra co
rángatur Tír na Tairisi, agus nír chian dóibh ag siubhal an tíri sin
an tan adchoncatur cathair dhaingean dhobhrisdi agus píláid
álainn ionganntach agus iosda flatha agus indeoin forais agus árus
caithmhe."



l 204>
11r° doghébhair básaighthe é, agus déna féain rún
maith ar an gníomh sin doroinnis agus dodhéanamne rún air",
agus do thairngeadar na barúin an corp leo agus d'fhágbhadar ar in
gceann íochturach don sdoighri é agus do chuireadar fios chum
an tsabhdáin dá innisin dó go bhfúair Malachias bás le esgar
fuair sé sin túr. Agus is mór do ghoill sin air an rí agus do bhí sé
aimhirseach ar na barúnaibh go ttugadar féin cungnamh
chum a bhásaidhthi agus do chuir daoine ar a gceann agus
adubhairt onóir mhaith ionnlaice do thabhairt do Mhalacias.
Agus is amhlaidh fúaradar é ina oirnidhe gearrtha arna ithe ag
madraibh. Agus rugadar leo amhlaidh sin féin é dia innlacadh
agus ba móide fearg an rí an díol sin tuga ar Mhalachias agus
arna mhárach ro urfáil sé Generodes do thabhairt as an
bprísún chuige, agus ar rochtain ina fhíadhnaise dhó
adubhairt an rí: "Ag súd tréatúir fallsa do thuill bás
d'fhadhbháil agus do bhrath m'inghin" arsan rí "agus do
mhill a geanmnaidheacht, agus tabhraidh bás dó." Agus do éisdeadar
cách uile fris.



Adubhuirt Anasar: "A thighearna," ar sé, "ná mill nech
ar domhan gan dlíghe ar ttús d'fhéachain fris, agus ní
chúalamairne go bhfríth a n-ionadh ciontach é." Adubhairt
an sabhdán: "A Anasair, ní hédir a leithscéal súd do
ghabháil, agus is égóir adubhairt". Do labhair Dáirel agus is
l 205>
é adubhairt: "Is maith an gach ní dá ndubhairt Anasar óir
ní cóir duine do chur chum báis gan cúirt dlighe do thabhairt
dó agus ní chualamarne adhbhur báis do dhéanamh dhó riamh."
Agus do mholadar cách i gcoitchinne gach ní dá ndubhradar
na barúin. Et do ghabh fearg an sabhdán tré gan a mholadh
les bás do thabhuirt do Ghenerodes agus adubhairt an
sabhdán: "Beire libh as m'fhianaise é, agus coiméadaidh go
maith é agus dobhéaraimid dá fhichid lá dó, agus go deaimhin
ní ghébh an la sin ... duine gan ... tabhairt dó".



Rugadar na barúin leo é iar sin agus ... mhaith do bheith
aige agus nír chuireadur a nglasaibh ná a ngeimhlibh é agus
adubhradar ris an caislén uile do bheith faí. Ar tteacht
críoch na cairde do ghairm an sabhdán a mhuintir uile co
haon láthair re haghaidh báis do thabhairt do Ghenerodes
agus tuga a bhfiadhnaise an rí é. Agus adubhairt an sabhdán:
"Ag so sguibhéar comhaoidheach, agus adeir sé féin is
Generodes is ainm dó. do mheall m'inghinsa agus do
thruailligh a hóghacht agus do mhill a haontumha agus cu ... thuill
sé bás d'fhadhbháil agus co bhfuidhe sé é gan fuireachair."



D'fhreagair Generodes 11v° agus adubhairt: "Nír
thuilleassa bás d'fhadhbháil úait", ar sé, "óir nír ghuidheas
t'inghin agus nír thruaillios a hóghacht, agus ní dhearna ní badh olc
duit féin ríamh, agus do rinnis do sheirbhís agus do
theachtariocht mur is ferr gur fhéadus. Agus ní fhuil barún
dá uaisle, ná rudaire da chródhacht, na sgiubhéar dá shaibhri
adéaradh go ndearnassa an gníomh sin nach rachuinn dá
shuighughadh air nach dearnus féin an gníomh sin".



Adubhairt an sabhdán: "A Ghenerodeis", ar sé, "ní
bhfuidhir comhrag anso ná an oiread sin do chairde gan bás
d'fhadhbháil." Adubhuirt Anasar: "Tuigid a bhfuil do
shluaghaibh annso dá mbeadh an sguibhéar úd ciontach nach
íarfadh sé comhrac óir is é an ciontach claítear isin chomhrac
et fear na córa thig slán úadh, agus dá mbeadh sé ciontach isin
sgéal do cuire air, do bhíadh a fhios aige go bhfuidhbheadh
sé bás ann, agus ní bú fearr leis bás d'fhadhbháil a gcomhrac ná
a fhadhbháil úaitsi air in láthair so, agus tuigmaid ar an adhbhar
sin nár thuill sé bás d'fhadhbháil úaitsi."



Ro fhéch an sabhdán go feargach ar Anasar, agus as eadh
adubhairt: "Ní reacha do leithscéal fallsa i dtarbha dhuitsi ná
dósan." Do fhreagair Dáirel don tsabhdán agus is eadh
adubhairt: "Is maith a ní a deir Anasar agus ní dénta duitsi fearg
l 206>
ris fan ccóir do leanmhain agus do rádh dó agus is neamhchion-
tach Generodes ris an aimhleas dorindeadh air. Agus nír thuill bás
d'fhadhbháil fós."



Ar deireadh in chomhráidh sin do chonncadar misidear
agus giolladh turais go talcair troidhéascaidh ag teacht dá
n-innsuidhi agus táinic a bhfiadhnaise an rí, agus do bheannaigh
dhó agus adubhairt: "Dodhéan féin mo theachtaireacht riot", ar
sé. "rí na rígh agus tighearna na dtighearna do chuir chug-
adsa mé .i. beilín dá rádh riot cíos d'íoc ris gacha bliadhna,
agus doladh d'iomchar dhó, agus t'inghean Clarínas do thabhairt
mar mhnaoi dhó. Agus adubhuirt sé fios freagartha do chur
chuige fo cheann míosa agus muna badh áil libh sin do
dhéanamh sgrisfe agus loiscfe sé bhur ttalamh agus bhur ttír
agus dobhéar ... adh agus ionarbadh oraibh nó dobhéara bás uile
dhíbh."



Adubhairt an sabhdán go dtiubhradh fios freagartha dó
fa cheann na haimsire sin. Ro imthigh an misitear leais an
bhfreagra sin agus do chúaidh in sabhdán agus a uaisle agus a mhór-
theaghlach i gcomhairle dá fhéchain créad do dhéanfadh sé
12r° is in ccás sin agus ro fhiadhfraidh díobh créad an freagra
dobhéara sé ar Bhelín .i. rí na rí.



Adubhairt Anasar mac Crobhais mac rí na hAráiphe: "An
cíos nó in doladh ná raibhe orainn riamh ná ar ar sinsearaibh
romhainn ní dhéanamne tosach ar a íoc, agus dobhéaram cath do
Bheilín ó thús nís túsca ná dobhéaram na nithe sin dó."



Adubhairt Dáriel gur mhaith an chomhairle sin agus do
mholadar cách uile í agus do bhí ridire glic gaosmhar dána
deaghchomhairleach ar theaghlach an tsabhdáin an tan sin agus
níor dhiúlt an rí aon chomhairle dá ttug sé dhó riamh do
dhéanamh, agus Sir Lúcás a ainmsidhe. Agus adubhairt Sir Lúcás:
"A thighearna", ar sé, "dobhéarainn féin comhairle mhaith
dhuit anos, ó taoi ag tríall chum catha agus a ttús chogadh,
Generodes do shaoradh agus ridire do dhéanamh de, agus is dóigh
liom gurb duine úasal é agus go ndiongna sé gníomh maith
gaisge."



Adubhairt Anasar agus Dáriel gur mhaith an chomhairle sin agus
adubhradar cách i coitchinne mur in gcéadna. Adubhairt an
rí gidh bé comhairle ar a mbeidis na sluaigh sin uile gur chóir
a déanamh orra. Agus adubhairt Generodes do chur isin gcar-
cair choimeáda ina raibhe sé roimbe an aoidhche sin, agus go
ttiobhraidh fios freagartha úadha arna mhárach. Rug Anasar
l 207>
agus Dáriel leo é isin carcair chéadna agus nír fhágbhadar glas ná
géimhionn fair an oidhche sin uair ro buí dóigh as a chogús
acu, agus as a neimhchion nach imeochadh uatha gan chead
dóibh féain.



Agus do chuadar an dá ridiri sin mur a raibhe Clarínas agus
ro fhíafraidh sí díobh go gearánach go mbrón agus go ttuirse
ndearmhuir ar milleadh Generodes. Adubhradar na barúin go
soilibhir sólásach nach dearnadh agus nach digheantaoi dia
ndeoin sin agus tug sin furtacht agus fóirithin d'anam na
ríghna, óir níor mhó an ghúasacht ina raibhe Generodes re
haighidh báis d'fhadhbháil gach laoi dhó ná mar do bhí
Clarínas d'iarraidh báis d'fhadhbháil uair ní ba beo í dia éis.
d'ordaigh an rí arna mhárach scaoileadh do Ghenerodes
agus a thabhairt dá láthair. Táinig an scuibhéar úasal .i.
Generodes i bhfiaghnuise in rí ... agus adubhairt fris: "A
thighearna", ar sé, "ní dhearna féin rud badh olc duitsi,
agus is í do mhaith is mian liom do dhéanumh agus is mó
ghoilleas orm burba an uirghill do chuir rí Eighiphti chugad
ná in ghuasachd ina rabha féin go ruicce so, agus do-racha so in
anóir díbhsi agus a hucht bhur córa, dá shuighiughadh air gurb
air 12v° in éagóir", agus rug an rí buidhchus ar Ghenerodes
tríd an chomhrádh sin do rinne sé.



Adubhairt an sabhdán, ar sé, "do-dhéan ridire amárach
dhíot", agus rugadar as an aoidhche sin go seascair sóghamhail
nó go ttánig lá cona lánshoillsi arna mhárach agus ro éirigh an
rí i mocha na mainde agus dorinde sé ridire do Ghenerodes, agus
tucadh dhá shleigh agus scíath dhíghrais dháthálainn dhonnchor-
cra, agus cloidheamh leathan lánghér agus each midhach
meargánta móraigintach faiteach foluaimneach fíoraíbhinn
dó. Agus dorinde an sabhdán céad ridire an lá sin mar anóir do
Ghenerodes. Is annsin do chuir an sabhdán tionól agus tiom-
sughadh ar a shluaghaibh día ttabhairt do chur chatha
a naighaidh rí Éighipta agus tug sé a inghin chuige do dhéanamh
síodha ré.



Toicheasdal shluagh an tsabhdáin annso síos badhdheasda.
Is annsin táinig Crobhus cródha coscrach airdri na hAráipi,
agus a mhac úasal antréanda iorghalach .i. Anasar, agus fiche míle
marcach mear meanmnach móraingeantach do ridiraibh
cródha céadfadhacha maraon riú a n-éagmuis a ttroighthech
agus a ccoisigheadh, agus a lucht boghadh agus lámhairm; agus ro badh
fearamhail fíorárrachta na fir sin do chois agus d'each, agus
Crobhus
l 208>
féin cródha coscrach cathbhuadhach i ceartmheadhon a aoíse
agus 'aimsire an tan sin lán do neart agus do ghaisce. Táinic ann iar
sin rí sárthrén trócaireach tromdhaigh na tTurcach deich míle
marcach agus a dhá mhac mheara mheanmnacha mar aon ris .i.
Sir Dáibhidh agus Sir Abel, agus nír ghabh úamhan ná imeagla
an chlann sin rí na dTurcach roimh imad slúadh ná sochaidhe
dá ttarladh riú ríamh ar muir ná air tír agus ... troightheach
trénchalmadh agus tuairgne catha farr rí na tTurcach isin
ccomhdháil sin. Táinic iar sin Seridhún séitreach síorchalma
mac prionnsa na Siosaile, agus a mhac Dáriel dian dásachtach
deigh-mheanmnach.i. rogha gaisgeadhach na cruinne ceath-
ardha ... céad marcach mear mórdhálach maraon riú a
n-iongnus ... troighthech tromneartmhar. Táinig ann air-
drí séitreach na Siosaile dhá chéad marcach do ridearadhaib
cródha coscracha agus slóigh mhóra mhílita do
throightheachaibh tréanchalma do lucht bogha agus lámhairm
maraon riú.



Táinic annsa tromthionól sin na 15 rí corónta do bhí do
mhuintir ag an sabhadán agus nír thuilleadar isin gcarthaigh ar
a n-iomad agus ar a líonmhuracht do shluagh, agus an chuid nár
thuill isin ccathraigh isdigh díobh, dorónnsat botha agus bél-
scátha agus pupuille príomhdhaingne ré 13r° taoibh foraíse
fíoráille fíadhaigh in tsabhdáin a n-aice na cathrach móire re
n-aburthar Montínar .i. dún agus deagh-áras agus iosdagh flathadh
agus inneoin fhorais agus ionadh comhnaidhe in tsabhdáin. Dob
iomdha dealractha deighmhaiseacha na ndathana
n-éxamhail os cennaibh na gcuradh agus na ccathmhíleadh sin do
dhubh agus do dhearg, do dhonn agus do bhuidhe, do ghorm agus do
úaine, do bhreac agus chorcair agus do na huile dhath archeana agus do
sholus néall lonnrach lasamhail na ttuagh mbéal-leathan
móraláinn, agus na cclaoidheamh slíopa solusghlan, agus na sleagh
sárneimhneach ngreannmhur ngráineamhail nguasachtach, agus
na n-éideadh ndaingean ndobhrisdi bpuinnmhígh bpríomh-
dhaingion bpláta, agus na ccinnbheart ccaomh clochbhuadhach
cumhdaigh, agus na n-uile threalamh catha agus arm gaisgidh
archeana.



Rugadar as an aoidhche sin agus táinic an sabhdán ar maidean
arna mhárach iona ccomhdháil agus ro fhear fíorchaoin fáilte co
frichnumhach ris na ríoghaibh rathmhura ro-uaisle sin, agus rug
buidhchus méad agus feabhas na sochaidhe agus na sluagh sin
tángadar dá ionnsaidhe, agus do-rinnde comhairle riú an
l 209>
dtiubhradaois cath do rí Éighipta nó in ttiobhradaois cíos agus
slúaghadh dhó. Adubhradar uile d'aitheasc aon fhir agus do
ghlór aon chinn an ní nach tugadar a sinsir úatha agus nach roibh
do cheart orra nach dénadaois féin tosach ar a thabhairt
uatha. Agus adubhradar nach tiobhradaois freagra slúagh do rí
Éighipta ná do aon rí eile do ríghaibh in talmhan, agus go
cuirfidís teachta chum Belín rí Éighipta d'fhuagra catha
fair.



Tinól agus toichiosdal sluagh rí Éighipta annso síos: Dála
rí Éighipta, do chruinnigh a mhuintir as gach aird dia
ionnsaidhe .i. 19 rí corónta do bhí ag freagra dhó agus
tángadar uile ina chomhdháil cona mhórthionól eile
maraon riú agus do badh fada dhúinn bheith aga comh-
aireamh ana n-anmann annso, agus do-rónsatar na slúaigh sin
Bhelín comhdhaingean dá scíathaibh ina n-úrthimcheall agus
do ghluaisidar go déadla deaghthapaidh agus go dána
dubhrúnach a gcuinne an tsabhdáin dochum cathrach
Mhontínar.



Dála in tsabhdáin, do chuir sé innioll catha ar a mhuintir
agus dorindeadar ag ... 13v° rí Éighipta. Adubhairt Sir Abel
mac rí na tTurcach gurab aige féin do bheadh meirgi agus
bratach an tsabhdáin isin chath sin, agus adubhairt gurab dó bu
dual a bheith aige agus do ghlac iar sin in mheirigi mhín
mhaoithshróill in lá sin .i. bratach fpuinnmhidhi phríomhár-
rachta na Peise agus do chuaidh roimhe i dtús an chatha.



Cidh trácht do bhúireadar na catha ceachtardha sin i
gcuinne agus i gcomhdháil a chéile go mear míchéillighi
móraigeantach, agus go dian dána dásachtach do-ingabhála, agus do
chaitheadar frasa dá n-armuibh diúbhraice re chéle. Ar roch-
tuin dóibh trína chéile dob iomdha meirige ghorm
ghráineamhail ar glúasacht acu an tan sin, agus meirige dhubh
dhuaibhseach dhaolamhail, agus meirigi dhearg dhásachtach
dho-ingabhála, agus meirigi úaine álainn eirleabhar, agus bratach
bhuidhe bhreadha bharrómra bhúandatha. Agus tugadar torann
trén talcair tinneasnach dá chéile agus do chaitheadar frais re
araoile do ghaindibh géara gúasachtacha ocus do shleaghaibh
séanta sodhiubhraice agus do bhearaibh barrghéra bárrloisce agus
do chlocha cruaidh cruinne cudrumtha comhmóra na talmhan.
Agus do ghlacadar a cclaimhthe leathna lánghéara leadarthacha
agus do chaitheadar iar sin frais don huile arm archeana. Dob
l 210>
iomdha ón torain sin laoch léidmheach leathmharbh agus
curaidh créachtach cnámhghearrtha agus míleadh mear
múghaghthi, agus trénfhear teann tromghonta agus diúci
dána dásachtach arna ndíanmharbha agus íarla úasal ag osnaghaidh agus
barún breadha búanrépa agus ridire rathmhar róghonta agus
scuibhéar scíamhach arna scolta. Dob iomdha fós ón
scathadh sin ceann curadh arna chnámhghearra agus súil arna
saobhadh agus srón arna sárghearra agus béil bhlasda bhinn-
ghlóracha arna mbriseadh agus muiníl mhíleadh arna
mórmhilleadh agus lámha laoch arna leadairt agus ochta arda
ainmheacha agus droma daingne díanbhrisde agus cosa curadh ar
comhlúadhail agus dob iomdha fós inde agus ionathair mhílidh ar
imlúaghaill fo chosaibh each, aithirdeadh agus ainbhinteadh
mbrúideamhail isin chathghleodh iorghalach eadarbhuasach
sin.



Is annsin ro innistear comhraic in chatha uair tarladh
Ginan gnúsa láin mac rí Éighipta agus Generódes mac rí na
hInnia da chéile san chath agus dorónnsat comhrag fíochdha
fíochaighmhéil 14r° feargach fórniata naimhdighe neart-
chalma re chéle agus do trascradh Ginann i bhfoircheann in
chomhruig, agus do beanadh a each dhe darbh ainm Blonseard.



Tánic Aimpírius .i. rí na hIndia, athair Ghenerodeis co
láthair agus comhruigeas réna mhac óir nír aithneadar a chéle, agus
is ar éigin do teasargadh iat gan comhthuitim le chéile. Tarla
Manasar .i. ridire uasal do mhuinntir rí Éighipta agus Sir Lúcás
dá chéile .i. ridire mear meanmnach do mhuintir an tsabh-
dáin, agus do-rónnsad comhrac féaigh fuileach fóbartach comh-
neartmhar calma croidheamhuil rúnmhear rachtmhur
ródghonach treasach taobhdhearg tulgánach, bonnmhall
basluath béiminnach créachtmhór ingnadh anaithnidh agus do
thuit Manasar i bhfoirchionn in chomhraig sin.



Tainic iar sin Cing Belín .i. rí Éighipta do dhíoghail a
óglaigh ar Sir Lucás, agus do threascair sé Sir Lúcás co lánabéil.
Agus do chúaidh Generodes d'fhurtacht Sir Lucás agus tug buille ar
rí Éighipta agus do threascair é. Tug an rí buille ar in mbarr
mbúabhaill ro buí aige do ghairm a mhuinntire chuige. Iarna
chlos sin do rí na hIndia táinic d'fhurtacht rí Éighipta agus
córughadh calmadh d'fhearuibh dubha duaibhseacha droch-
dhatha mar aon ris, agus dob adhbhal méad na bhfear ndann-
ardha ndíomsach ndrochdhatha sin, agus do saora rí Éighipta
leo, agus nír féadagh cathúghadh friú le méad a nirt, agus le troime
l 211>
a n-arm. Do ghabh an sabhdán raon siubhail agus maidhme
chuige le huamhan na bhfear ndubh, agus do chuadar isdegh
ina gcathraigh agus do torchair céad ridire rochalma do
mhuintir in tsabhdáin ag dul asdegh isin ccathraigh dhóibh.



Do bhí Generodes frisin ré sin ag cathughadh re rí na
hAifrice don dara taobh don chath agus arna chlos dó gur
briseadh in cath ar an sabhdán do lean sé féain isteach chum
na cathrach íad agus ní rángadar chucu ar méid shluaigh rí
Éighipta atturtha agus in cathair. Do bhádar tar...
caismearta caointeacha isin chathraigh ag caoineadh mic rí
na hIndia agus Anasair, mic rí na hAráipi, óir ba dóigh leo go
mbadh marbh iad.



Táinic Dáriel amach as an cathraigh do chomhfhurtacht
Ghenerodeis agus Anasair, agus do chuatar in tríar mear meanm-
nach sin fó 14v° shluadhaibh na hÉighipta agus torchair
ridire le gach aon díobh don ruathar sin. Agus dorónsat athmus
adhbhalmhór ar shluaghaibh na hÉighipta in tan sin. Do
ráidh Anasar mac rí na hAráibi: "A Ghenerodeis", ar sé, "is
cruaidhe dúinne anois úair rug forgla agus urmhór shlúadh na
hÉighipti orainn agus do fágbhadh inar n-úathadh agus 'nar n-aonar
sinn agus éirghim inar gcathraigh bhudheasda." Adubhairt
Generodes: "'Anasair", ar sé, "ná bíodh úamhan ná
himeagladh ort. Gabhuimse ar mo chuimirce féin tú agus is
iomdha inghean rí agus rofhlatha agar bhfeitheamh ar tháiblibh
na cathrach úd Mhontínar. Agus do badh nár dhúinne ar bhfaic-
sin ag teitheadh dhóibh, agus atá Clarinas agus Mírabula agar
bhfeitheamh go háirithi." Adubhairt Anasar: "Gealluim fó
mh'armuibh", ar sé, "go n-anfadsa it fharradhsa in feadh
anfair féain." Agus do mhol Dáriel sin agus adubhairt go
ndioghnadh féin an céna.



Do bhátar na trí mic rígh sin treall fada ag cathúghadh ina
n-aonar re sluaghaibh na hÉighipta agus do chuadar isin
ccathraigh go mbúadhaibh gcoscair agus gcomhmaoiti, agus do
suigheadh rí Éighipti gona tshluaghaibh i dtimchioll
chathrach Mhontínar, agus adubhairt Mádan Mear .i. rí na
Tráisiá gurbo maith suigheadh na sluaigh sin.



Mar sin dóibh an aoidhche sin agus do Ghenerodes agus sluagh na
cathrach arna mhárach agus tugadar cath níata naimhdighe dá
chéile agus sluaghaibh na hÉighipti. Agus tarla dá chéile isin
chath Mádan Mear rí na Trásia agus Dáriel agus dorónsat comhrag mear
meanmnach móraigintach. Agus an uair fá crúaidh do Mhádan
l 212>
isin chomhlann d'fhóireadar sluagh Tráisía é. Tarla umorro
Dáriel agus Cing Sainic .i. rí na hAifrice dá chéile isin chath agus
dorónsat comhrac dian dásachtach, agus do chuir Dáriel sleigh
co sétreach síorchalma fó bhun righeadh an rí agus do bhris a
lámh don tsáthadh sin agus do rugadar a mhuinntir féain
leo é as a haithle.



Tarla Anasar mac rí na hAráipi agus Brasías rí na Bóhémia dá
chéile isin cath agus do-rónsat comhrac greannmhur
grodghníomhach agus úrlaidhe olcacha ainíarmhartacha, agus tug
Anasar buille bríoghmhar bithúrlaidh do rí na Bóhémia gur
threascair ... nach é, agus do bhris a chos don bhuille sin conár
fhéd sé an t-ionadh i rabhe sé d'fhágbháil.



Tarla Mádan rí na Tráisia agus Generodes dá chéile agus do badh
docair comhrac do thabhairt do Mhádan le feabhas a láimhe
agus a arm, agus le crúas a chroidhe agus le daingne a éideadh, agus ro ionn-
saidheadur in 15r° días deaghlaoch sin a chéle go dian
díscir dána dásachtach do-iongabhála míchéillidhi, agus co
cródha coscrach céadfadhach comhlannchrúaidh, agus go hogla-
arrachta andreanda urrúnnta, agus co níata naimhdighe neart-
chalma agus go beogha borbaigintach búanfhíochmhar
biothaigmhéil agus go santach sétreach síorchalma sárneimh-
neach agus go dían dána díoghair tréan teann tulbhorb tinneas-
nach. Agus do badh comhrac dhá dhamh dhíana dhosleathna
dílinn nó dhá léaomhan léidmheacha lánchalma
luathghonacha no dhá nathair neimhneacha niathmhisc-
neacha neartárrachta comhrac na déise deaghlaogh sin. Ba
gona sanntacha seabhaic na sáithi sin agus ba brisi borbghaoithi
ar bhratachaibh na béiminna agus ba leona lagcroidhe an
lánúrluidhe; agus do bhí bratach dhearg dhathálainn dheagh-
mhaiseach ar rinn shleighi Ghenerodeis in lá sin, agus do
chuir sé in tsleigh cona brataigh tré chorp Mhádain gur badh
marbh gan anam é don tsáthadh sin.



Dála Sir Abel mic rí na tTurcach, is aige do bhí meirge agus
bratach an tsabhdáin in lá sin, agus tarla é féin agus Cing Beilín
rí Éighipti dá chéle, agus dorónsat comhrac cródha coscrach agus gleo
greannmhar grodurlach agus tug Sir Abel sáthadh sanntach sár-
chalma sleighi ar Ching Beilín agus ro bhris a éideadh agus tug
cneadh ghúasachtach air, agus ro iompó rí na hÉighipta re Sir
Abel, agus tug buille bríoghmhar borbneartmhar báis dó gur
chuir marbh don bhuille sin é agus rugatur a mhuinntir a chorp
leo chum na cathrach, agus ro hadhlaiceadh co honórach é agus ro
l 213>
fearadh a chluithi caointeach.



Do chuireadar cách in cath iar sin go cródha coscrach agus do
marbhadh mórán acu leath ar leath agus ba tuirseach sluagh na
carthach ón chathúghadh sin, agus do chuatar asdeagh isin
gcathair agus do bhádar go brónach an aoidhche sin do chumha
mic rí na tTurcach. Adubhairt Generodes risin rí: "A thig-
earna", ar sé, "gabh meanma mhaith chugad ór má tá an lá
'niugh leosan beidh lá eile leatsa."



Dá aoidhche dhóibh amhlaidh sin gan cath agus táinic
Generodeis amach iaramh agus míle ridire mear meanmach
maraon ris agus tugadar cath nósmhar do rí Éighipte. Gach
laoch ar a mbuaileadh Generodes béim claoidhimh, do
threasgradh é féin 15v° agus a each agus doní Anasar agus
Dáriel a ní céadna. Do chuaidh Ermunel .i. rí na hInnia airdi
annsa cath agus slúagh séitreach síorchalma maraon ris d'fhearaibh
dubha duaibhseacha drochdhatha agus tarla Ermunel dá chéile
agus Anasar agus do chomhraicsead co borb bígneartmhar agus do bhí
arm leathan lánfhada a láimh in rí agus tug buille dian
dásachtach dochum Anasair agus do badh marbh a each don
bhuille sin. Agus do bhí Anasar dá chois, agus a chlaoidheamh
nocht ina láimh, agus ro imigh d'aimhdheoin an rí a measc a
mhuintire féin agus fuair Anasar a each eile agus do chuaigh arís fón
ccath chéadna do dhíghail a easanára. Agus tarla ridire
Indiaghach ris do mhuintir Ermanuel agus do chomhraic siad re
chéile co calma cloidheamhchrúaidh agus ba marbh in ridire
Indiaghach i bhfoirchionn in chomhraic sin.



Táinic Ermanuel do dhíghail a ridire fón ccath agus tarla
Generodes ris agus dorónsat comhrac fíochdha forníata
fearamhail agus tug Ermanel mear mórneartmhar buille d'arm
throm tréanchalma do ghnáthuigheadh sé do bheith aige dhó,
agus do scoilt a scíath ar dhó. Tug Generodes buille cruaidh
calma cloidhimh do rí na bhfear ndubh agus do chuir cloidheamh
coruig a ucht ann agus do badh marbh gan anmuin é. Agus do
ghabhadar na fir dhubha raon maidhme cucu ar marbhadh i
ttríath agus a ttighearna agus ro fhágbhadar in cath.



Tarla Beilín rí Éighipti orra agus ro íarr isin chaith leis íat.
Agus adubhairt ridire acu darb ainm Otran: "Atá aon ridire
ar theaghlach an tsabhdáin darb ainm Generodes agus ní hin-
chomhraic fir in talmhan fris agus is leis do thuit ar ttighearna
.i. Ermanel, agus dom dhóigh is deamhan é agus ní duine." Is mór
do chuir sin ar in rí agus do chuaidh roimhe fón gcath go
l 214>
feargach fíochmhar fórniata agus do ghabh ag cuartughadh an
chatha ag iarradh Generodés agus tarla ris é agus dorónsat comhrac
calma cathardha agus do bhádar sealad fada ag cathúghadh, agus do
chuireadar a muintir ó chéile íat gan díth do dhéanamh dá
chéile. Agus ba mó séan catha in tsabhdáin in lá sin ná séan rí
Éighipte do láthair in chatha. Fa brónach beagmheanmanach
ro boí rí Éighipte an aoidhche sin do chumhaidh ar marbadh
día mhuintir, agus as é 16r° fa rún aige comhrag re Generodes
ar maidin arna mhárach, agus doruinne comhairle rena mhuintir
agus as eadh adubhairt friú: "Atámaoid ráithi i ttír in tsabhdáin
agus nír ghabhamar neart innte fós. Agus is mór do dhíth agus do
dhochar doroinne dhúinn fris in ré sin, agus is aon ridire
amháin atá ag ag cosnamh na críche orainn agus is é is mian
liomsa", ar sé, "dul do chomhrag aonfhir amárach ris, agus mo
cheart ar thír in tsabhdáin do chur ar in ccomhrag sin."



Do mhol Lombidín, .i. rí úasal dá mhuintir, in chomhairle
sin agus do ghaireadar na sluaigh uile do Lambidun trít in
chomhairle sin do moladh leis an rí, agus adubhratar nár
chubhaidh leis in rí dul do chomhrac agus nár chóir a léigion ann,
"uair do badh mór in bhreith éagcruais orainne uile a léigean
ann", agus adubhairt gach aon d'aithiosg aonfhir agus do ghlór
aon nduine an rí do mholfadh in chomhairle sin gurab dó
féain badh cóir dul ann. Adubhairt rí Éigipte: "Ná labhraidh
sin", ar sé, "uair ní ghébhsa toirmeasc gan dul chum an
chomhraigh út."



Do chuir rí Éighipte trí rí día mhuintir uadha d'íarraidh
comhraig ar in sabhdán, agus is iad so anamunna na rígh sin .i.
Samson sárneartmhar agus Ionatas airdrí na hEtiopíae, agus
Loridas laochmhíleadh rí na Damaisce, agus do badh cródha
coimhneart-mhar calma in laochmhíleadh sin. Agus do chuatar na trí
rí sin mur a raibhe in sabhdán agus craobh álainn ola i láimh gach
rí díbh agus dorindeadar a tteachtaireacht mar adubhradh riú.
Agus adubhratar co gcaithfeadh an sabhdán Clarínas a inghen do
thabhairt do rí Éighipti do mhnaoi agus do bhainchéile agus a
cheart ar a ríghe, agus ar a thighearnas ... an aghaidh ...
ceart Bheilín agus gibé acu claoidhfear, an dá ríghe do bheith
ag an té ag a mbeith búaidh an chomhraic, agus rachaidh rí
Éighipti chum an chomhraic ... cuirfear chuige.
"Dobhéarsa freagra oraibh o hucht m ... dó féain", ar
Generodes, "úair rachadsa do chomhrac re rí Éighipthi i
gcionn cheathra lá", agus tug a lámhann do na techtaibh mar
l 215>
chomhartha ... fhoilleadh nár bhféidir an comhrac do chur
ar gcúl ná thar ais.



16v° agus adubhratur na ríghe sin nár cúbhaidh re rí Éighipte
dul do chomhrac re haonduine acht re rí nó re mac rí nó re
fuil uasal. Adubhairt Generodes: "Innsimsi dhaoibhsi gorab
ridire uasal mé féin, úair is mac airdrí co trí ríghaibh mé, agus
is inghean airdrí mo mháthair, agus nír indsios sin ríamh co tí
so." Adubhairt rí do na trí ríghaibh táinic d'íarraigh an
chomhraig: "Is mór in gníomh ridire óig, ar sé, "dul do
chomhrac re rí Éighipti, atá do mhéad a thighearnais agus
d'fheabhas a láimhe." Adubhairt Generodes: "Gidh cródha
a lámh agus gidh mór 'ainm, rachatsa a hucht cirt agus córa mo
thighearna féin do chomhrac ris, úair dlighe fear na córa
bheith neamheaglach ag dul chum comhraic."



d'imgheatar na teachta íar sin, agus rugatar in lamhann leo,
agus ro indseatar cach a ndubhradh riú ó thús co deireadh do rí
Éighipte. Ro ullmhaidh rí Éighipte é féin dochum an chomh-
raic, agus tug fúagradh dá mhuintir gan teacht dhá mhíle ar
comhgar dó. Dála Ghenerodeis, tug in sabhdán each maith
dó, agus ní raibhe a n-aon aimsir fria each do bo fearr ná hí. Do
folchadh í d'aighlibh somhaiseacha síoda, agus do bhrataibh
úaisle órshnáith agus do ceangladh morán do fhpéarladhaibh agus
do chlochaibh buadha bitháille isin chumhdach sin do
cuireadh ar in each.



Do ghabh doilgheas agus dobrón agus drochchineamhain Clarínas
ar bhfaicsin Ghenerodeis ag dul dochum in chomhruic agus do
ghoir sí a seaomradóir chuice, agus adubhairt brat dearg dorine
sí féin do ghréas uasal iubhlaidhi do chur ar cheann shleighi
Ghenerodeis mur shúaithchintas. Agus do ghuidh é fána rádh re
Generodes teacht do labhairt fria sul do reachadh sé chum an
chomhraic. Dorinne an seomradóir a theachtaireacht mar
adubhairt Clarínas ris; agus tug comhartha leis ó Ghenerodes
chum Clarínas agus táinic féin iar sin do labhairt ré.



Do chuaidh rí Éighiphti go láthair an chomhraicc agus
do chuaidh Generodes ina chuinne agus ina chomhdháil, agus tarla dá
chéile iad agus ro fhiafraidh rí Éighipti do Ghenerodes: "Créd
tú féin?" ar sé, "an teachtaire nó an fear comhraic thú?"
Adubhairt Generodes: "Is teachtaire maith mé", ar sé,
"uair dá madh áil leatsa tír an tsabhdáin d'fhágbháil agus gan ní
is mó do mhilleadh innte, doghébha cead imtheachta gan
tóraidheacht, agus maithfidhear duit a ndearnais, agus munab
l 216>
áil leat sin rachadsa dá shuidhiughadh ort a hucht chirt an
tsabhdáin go bhfuil an éagóir agat."



Do feargaigheadh rí Éighiphti ar gclos an chomhrádh sin
dó. Cidh trácht as annsin 17r° do ionnsaighetar in dá
mhíleadh mhearchalama sin a chéile mur dhá leomhan lonna
lánfheargacha, nó mur dhá bheaithir bhríoghmhara bhorb-
neartmhara, dhá bheathadhach bhrátha bhuanaigmhéile
bhéadghníomhacha, nó dhá onchoin ághmhóra
iolbhúadhacha, nó mur dhá tharbh thréana thnúthacha
throdláidre. Agus tug Generodes buille bríoghmhur do rí Éighipti
agus do bhean pláta príomhdhaingin don chlogat chloch-
bhuadhach ro buí for a cheann ag an rí, agus tug créacht ina
éadan fair. Agus do dhoirt a fhuil co falcmhur fíorárrachta.



Tug rí Éighipti sáthadh santach sleighi agus guin ghreannmhar
ghúasachtach gha a mullach a thaoibh ar Ghenerodes, agus
doroine áladh dhomhain dholeighis for a chorp agus ro shil fuil
go hadhbhal as. Agus adubhairt rí Éighipti: "A óglaoigh," ar
sé, "dá ndearntha in chóir do sguirfea dod chomhrag feasta
úair is beag nach marbh tú." Adubhairt Generodeis go
míchéadfadhach: "Ní duitsi doním umhla iná obair agus in tí dá
ndéanuim is í a thoil dodhén, agus is measa atáisi nó atáim ag
créachtnughadh t'aighthi agus t'éadain. Agus do chuireadur na heich
iar sin chum a chéile agus tarladar gúaille na n-each fa chéile,
agus do treascradh íad araon, agus do chúadar na heich úatha a
bhfad ón láthair agus do leanadarsom íad go hobann. Agus is í each
Ghenerodeis tarla chum rí Éighipte agus tarla Morel .i. each rí
Éighipte chum Ghenerodeis agus ní dheárna sí éaxamhlacht ná
gníomh maith faí agus do ghoill sin go mór air. Do chuireadar
na heich dochum a chéile agus do treascradh arís íad, agus tarla
Beilín féin do Ghenerodes agus do ba móidi leis a mheanma
hé agus do chuireadar comhrac ar a chéile agus tuc rí Éighipte
guin gh ... a ladhairce a nGenerodes agus ro bhrúcht sruth donn-
fhola go habéil as. Adubhairt Beilín: "Ataí" ar sé "a
ngúasacht t'anma feasta agus dá ndéantha ... scor dot
chomhrac agus doghéabhtha ceannach uaimsi agus dobhéarainn
Clarínas mar bhainchéile dhuit." Ní thug Generodes freag-
radh fair acht mar 17v° nach cluinfeadh aon fhocal
uadha agus cidheadh do bhí ina mheanmain a easanóir do
dhíoghuilt.



Do chuadar a gcoinne a chéile iar sin agus treascradh
Generodes agus do bhí sé dá chois co mear meanmnach
l 217>
móraigiontach agus do sháithigh Beilín in t-each chum
Ghenerodeis, agus tug buille chuige, agus dochuaidh Generodes go
greannmhar gasda gníomhághmhur fón sleigh agus do ghabh sé
an rí ar a aradhain agus do treascradh go héasgaidh as a dhiallait
lais é, agus ró éirigh an rí co ro-úrlamh agus rug gach neach dhíoph
ar a each féin agus do sháitheadar dochum a chéile agus do
bhúaileadar buillidhi bríoghmhara borbneartmhara
bíogamhla búanaigmhéile chum a chéile agus tarla buille
Ghenerodeis a néadan an rí a náit an chéad bhuille agus do
threascair é agus do chuaidh a nanmhuine, agus ro fhíafraidh
Generodes: "A Bheilín," ar sé, "an inchomhraig thú anois?
Agus máseadh comhraig riomsa co calma." Adubhairt in rí "ní
hionchomhraicc mé," ar sé, "agus ar ghrádh an athar neamhdha
ná hathmharbh mé, agus beir mo chlaoidheamh leat mur
chomhartha claoiti, agus ní bheadsa ná neach eile dar geineadh
uaim ag cocadh ar in talamh céadna co brách arís."



Do ghabh truaighe Generodes don rí agus do tógbhadh
ina dhíalait é, agus do thinnlaic an t-each dochum a mhuintire
féin é, agus do léigeadar na sluaigh gáir comht ... ar bhfac-
sin an rí marbh, agus roimgheatur ar ais sin Éighipt, agus tesda
an rí an dara lá iar sin ... ar mullach cnuic aird agus ro buí sé
cneadhach créachtach ... anbhfonn eagcrúaidh aimhneart-
mhur ar sileadh a fhola co himurcach agus ro buí an sabhdán
cona shluaghaibh ag feitheamh an oinaidh ina raibhe
Generodes uatha, agus rob adhbhal méad a lúathghára ro buí
orra arna fhaicsin.



Do chuadar sluagh na cathrach uile agus a lucht úird i prósi
siam i gcuinne Ghenerodeis agus na huile cheol musica ag a
comhshinim acu.



l 218>
19r° ina mheanmain cionnus dobhéaradh sé Clarínas leis.
Aroile lá do chuaidh an ridire Éighipteach mur a raibhe an
sabhdán agus as eadh adubhairt ris: "Atá scéal agam dhuit 'aird-
rígh," ar sé, "agus dobhéara sé masladh agus míchlú dhuit muna
coiméadair air thú." "Créd é in scéal atá agat?" ar in
sabhdán. "An ridire óg úd agadsa re n-aburthar Generodes,
mac in diúice Gréagaigh, atá sé do ló agus do aoidhche ag guidhe
agus ag íarraidh t'inghinisi agus fós atá grádh adhbhal aicesi dó agus
rachaidh sí a n-éludh leis muna coiméadair co maith í."



Adubhairt an rí: "Dorinneadh an scéal sin damhsa orra
roimhe so, agus frí 'na bhréig é agus is mór comaoin an ridire sin
ormsa agus ní chreidim aimhleas air feasda ó dhuine ar bith."
"A Thighearna," ar sé, "craidhail anocht dot mhuintir uile
dul leat chum fiadhaigh ar maidin amárach agus sul tighir ón
tseilg doghéabhair a dheimhin gur fírinneach an scéal indisim
dhuit."



Dála in rí, iar ccaitheamh a choda dhó tug craidhail dia
mhuintir agus adubhuirt riú uile bheith ullamh leis chum
fíadhaigh ar maidin arna mhárach agus do chuaidh in rí chum an
fhíadhaigh amhail ro gheall agus do chuaidh Generodes mar aon
ris, agus ro impó Sir Iuel úatha gan fhios dóibh go hinchlidhi, agus
do chuaidh mur a raibhe Clarínas agus adubhairt ré a heir-
eadh aonaigh agus oireachtais do chur uimpe agus a hathair do lean-
mhain isin bhforaois, agus go n-anfadh sé seachtmhuin inti ag
seilg agus ag fiadhach.



Dála Chlarinas, do ghabh sí a heireadh shomhaisi shaoiri
uimpi agus do chúaidh sí ar cúlaibh Sir Iuel agus do cuireadh
Mírabula ar each ina haonar agus ro fhágbhadar in chathair
amhlaidh sin. Agus tárladar días scuibhéar do mhuintir Sir Iuel
orra agus íad ina n-éideadha agus 'na cculaidh gaiscidh, agus do
ghlúasadar rompa aisin, agus ní chum na foraoisi do chuadar
acht d'ionnsaidhe a luinge mur a raibhe sí ar feisteadh acu.
Agus do chuireadar a ndroim ris in bhforaois.



Ro ghabh uamhan agus imeagla Clarinas agus Mírabula arna
aithne dhóibh gur fealladh orra, agus go rabhadar ag a mbreith
as a ccrích agus as a dtír féain. Adubhairt Sir Iuel arna aithne
sin dó: "A ríoghain," ar sé, "bídh misneach agad agus
béaratsa leam thú chum an fhir is mó muintir agus is fearr inmhe,
agus is ... isin chruinne co comhchoitcheann." Dochonnairc
l 219>
Mírabula iar sin Natánel ag dul tairsi agus each ina rith faoi,
agus damh allta roimhe, agus do sméid sí fair agus táinic chuicche do
láthair agus ro innis sí dhó co hinchlidhi foloidhtheach co
rabhadar ag a bhfuadach 19v° ag Sir Iuel dá mbreith isin
Éighipt, agus adubhairt sí ris scéal do thabhairt co lúath do
Ghenerodes ar sin. Ó nach dearna Natanél dóigh comhraic don
triar ridireadh do chuaidh sé mur a raibhe Generodes agus ro
innis scéal dhó. Do lean Generodes agus Natánel Sir Iuel agus
rugatar air agus do ghabh eagla an ridire Éighiptach agus do
thúrling dia each co lúath a dhá láimh, agus do léaig ar a ghlúine é,
agus do chionntaigh é féin ann gach gníomh dá ndearnadh, agus ro iarr
anacal agus comraidhe, agus adubhairt nach diongnadh míthaoim
ná drochní isin chrích chéadna co brách arís.



Adubhairt Generodes: "Ní mhuirfinn aon duine nach bía
ar a chosnamh féin agus muna bheadh sin dobhéaruinn brón báis
agus timdhibhe saoghail duit, agus ní bhfuil áit na ionadh 'na
mbéarad ort ó 'nocht amach nach tibhar bás duit, agus sechain
in talamh so feasda." Adubhairt Sir Iuel: "Co roibh maith
agad", ar sé, "is mór an anóir sin dobheire dhamh, óir do
thuilleas bás d'fhadhbháil úait", agus adubhairt Sir Iuel: "A
Ghenerodeis," ar sé, "an annso anocht agus ná dein sibhal
aoidhche leis an ríoghain." Dorinne Generodes sin air, agus
dorinne sé dá bhoith dhaingne dhobhrisde íar sin, agus do chuir
dlaoi díona orra, agus dochúaidh Clarínas agus Mírabúla a mboith
dhíobh, agus do chuaidh Generodes agus Natánel isin mboith eile agus
do choladar as a haithle. Agus do chuir Generodes a
chlaoidheamh nocht láimh ris agus a n-eich ceangailti d'ursain na
boithe agus do cholladar amhlaidh sin.



Dála in rudire mheabhlaigh mhíchoinghilligh .i. Sir Iuel a
Barna, do chúaidh roimhe mur a raibhe an sabhdán agus ro innis
do gur éalaidh Clarínas le Generodes "agus do leanair co
luath íad béarair orra agus dodhéansa eólas duit mur a bhfuil
síad anocht, agus marbhtar Generodes agus saor Clarínas." Do
gheall an sabhdán co ndionghna sé sin agus dochúatar a
ttóraidheacht Ghenerodeis agus nír chían dóibh an tan rángatar
gus an pupaill ina raibhe Generodes ina chodla, agus dochonn-
cadar Clarínas agus Mírabula ina ttorchim súain agus síorchodalta
isin phupaill eile. Do smúain an sabhdán ina mheanmain dá
mb'eadh mur mhnaoi dó féin do bhéaradh Generodes Clarínas
leis gurab ina farradh agus ina fochair do bheadh sé, agus do shaor
an rí Generodes ar in adhbhur sin gan mharbhadh. Agus tug sé
l 220>
a chlaoidheamh úadha, agus ro fhágaibh a chlaidheamh féin aige
ina ionadh.



Is ann sin do thógaibh an sabhdán a inghean leis idir a dhá
láimh seal fada ón phupaill amach, agus do chuir ar chúlaibh Sir
Iuel í agus adubhairt ris a breith leis co Montínar, agus dochúaidh
féin chum na foraoisi agus ro ba dóigh le Sir Iuel gur marbhadh
Generodes leis in rí mar do gheall sé a mharbhadh. Dála Sir
Iuel íar scaradh ris in sabhdán do imthe roimhe chum a
luinge. Dála Ghenerodeis, ar n-éirghe na mainde moch-
shoillse air, ro fhéch ar in pupaill ina raibhe Clarínas, agus ní
fhacuidh ann í, agus ro fhíafraidh do Mhírabula cá raibhe
Clarínas. Adubhairt Mírabula: "Ro fheall Sir Iuell orain", ar
sí, "agus rug sé in ríoghain leis." 20r° Is brónach bithim-
shnímhach ro ghabh Generodes sin chuige, agus adubhairt
Mírabula: "A ridire chródha choinghleacaigh" ar sí, "leantar
Sir Iuel leatsa chum an chúain agus imir bás fair." Ro éirigh
Generódeis iar sin co feargach fírneimhneach agus fuair
claoidheamh in tsabhdáin aige iona thrúaill a n-ionadh a
chlaoidheimh féin agus ro athain sé ar sin co raibhe in sabhdán
os a chionn isin phupaill agus ro ba lúghaide a dhobrón sin, agus do
ghlúais roimhe i dtóraidheacht Sir Iuel agus ní rug orra co
ndeachatar ar muir agus ar sál agus ar farrge. Agus ro athain Sir
Iuell Generodes úadha i dtír, agus adubhairt: "A Ghenerodeis,"
ar sé, "is olc an fhaire dorindis agus béaradsa Clarínas lium chum
rí Éighipti, agus ni fhaicfir co brách arís í."



Rángadar na scéala chum an tsabhdáin isin bhforaois agus
táinig roimhe co ruicce an t-ionadh inar fhág sé Clarínas agus
ni bhfúair sé ann acht a háit, agus tarla Mírabúla dhó agus ro indis
sí don rí mar do fheall Sir Iuell orra, agus ro indis fírinde an
scéil dó ó thús co deireadh, agus do shaor sí nach roibhe mailís idir
Generodes agus Clarínas. Do bhí Generodes ag feitheamh na
luinge úadha, agus ag silleadh agus sírdhearcsain Chlarínas. Agus
ro buí sisi ag féchain Generodeis úaithi, agus do chuaidh sí 15
cúarta in anbhfuinne aga fhaicsin dí.



Is í sin uair agus aimsir dochonnaic Generodes long luchtmhar
lánmhór a ghabháil cúain agus calaidh i gcomhfhogus dó, agus
foirinn fhearamhail innti. Táinig máighistir na luinge i dtír agus
do chuir Generodes a each ina rith ina chuinne agus claoidheamh
nocht ina láimh agus ro ghabh úamhan agus imeagla in máighistir ag
faicsin in ridire ghreannmhair ghníomhéachtaigh i gculaidh
chatha agus chomhraic ag teacht dá ionnsaidhe. Fochtais
l 221>
Generodes scéala don mháighistir cá tír dhó nó cá talamh as
a ttáinic. Adubhairt in máighistir: "Indeosatsa fírinne duit",
ar sé, "úair is dreach agus aghaidh dheaghdhuine fil ort. Ó
chríochaibh na Sórcha tángamar", ar sé, "agus Ampírius aird-
rígh na Sorcha do chuir do lorgaireacht a mhic sinn, agus Gener-
ódeis a anim, agus do hindiseadh dhúinn a bheith i dtír an
tsabhdáin agus atá Ampírius féin, rí na Sorcha, 5 céad long
luchtmhar lánfhairsing co n-iomad sluaigh agus deaghdhaoine
eile ag dul isin nIndía do chogadh ar Sir Amalóg .i. a stíbhard
féin do bhain a bhean de agus a ríghe, agus atá a mhac cona
mhuintir ina fharradh .i. rí na Tairisi."



Ro fhear Generodes fíorchaoin fáilte friú, agus ro indis dóibh
gurab é féin ro bhádar d'íarragh, "agus ro imthigh míshéan orm
anois", ar sé ".i. mo bhantighearna agus an bhean dob annsa
liom do mhnáibh na cruinne co comhlán do goideadh úaim
í, agus is 'na tóraidheacht atáim anois agus rugadh i gcraos mhara
agus mhórfharrge úaim í agus deasuighidhsi bhar long go lean-
maois í." Adubhairt an fear stiúghradh ro buí acu:
"Dochonnac féin ar muir í" ar sé, "agus an drong dannardha
dobhésach sin aga imchoiméad." Táinic Natánel cucu íar sin
agus do chuatar leo uili isin luing, agus tugatur bann séitreach sír-
chalma isin sálmhuir co sundach ... agus rángatar i gcrios-
laghaibh fonnghlasa fúarlinnteacha fíorghráineamhla na
farrge acht ní rugadar ar in ríoghain ar muir, agus do ghabhadar
cuan cobhsaidh clár re tír nÉighipte.



20v° Ro fhiafraidh Generodes do stiúrthóir na luinge:
"Créud do dhéanam anois?" ar sé. Adubhairt an máighistir:
"Cuirfiodsa ola go healadhnach fá t'aghidhsi agus saoilfidh gach
aon duine dochífe thú co mbeir ad lobhar agus ní aithneochaidh
cara ná námha thú agus dobhéar uisín shláinci duit, agus an úair
chuirfir ort é, beir slán dá éis." Dorónsad amhlaidh, agus do thug
Generodes in chulaidh áluinn ildhealbhach rígha romhaiseach
ro buí uime ar dheisi agus ar chulaidh dhuine bhoicht dá
dhíthladh agus dá fholach féin, agus ro imigh roimhe ina réim
roreatha co cathraigh rí Éighipti.



Agus do chonnairc an rí agus Clarínas úadha agus do chuaidh ar in
slighi romp' agus iad ag dul chum aifrinn pósda do rádh
dóibh, agus muintir rí Éighipte uile ar ttionól ar tiomsughadh go
haon láthair do chaitheamh bainnsi an phósda sin. Agus is é fa
racht isin n-aimsir sin gan loidhe le mnaoi nó co caittí a
banuis iar bhféasda ocht lá. Do chrioth Generodes an clabaire
l 222>
ro buí ina láimh dá fhoillsiughadh gurbo lobhar é agus nach
raibhe comhrádh aige. Ro fhéch Clarínas fair agus do chuir
Generodes a lámh amach tar 'éadach leis sin agus do bhí singnéad
an tsabhdáin fóna mhéir.i. fáinne úasal tuc Clarínas mur
shéad suirghe dhó. Ro aithin Clarínas an fáinne agus ro
fhíafraidh ca bhfúair an lobhar é. Adubhairt Generodes:
"Mar dhéirc fúarus é", ar sé. "Cá tír duit féin?" ar Clarínas.
"Indíach mé", ar sé, "agus i gcríochaibh na Sorcha rugadh
mé agus i ttír in tsabhdáin do hoileadh mé agus dob áil lium seaomra
agus beatha d'fhabháil úaitsi a n-onóir an athar neamhdha."



"Doghébhair sin", ar sí agus ro imigh an ríghain dá seomra
féin, agus do chuir sí teachta ar cheann Ghenerodeis agus do chuaidh
sé mur a raibhe sí, agus ro indis fírinne don ríoghain iona thaobh
féain agus nír chreid sí é nó gur ghlan sé a aghaidh leis an uisce
sláince. Arna aithne do Chlarínas dorinne sí ionadh cuinne ris
isin aoidhche a n-oiribhear láimh ré pálás an rí, agus do chuaidh
Generodes chum a luinge agus táinic sé a ttosach aoidhche 'na
éideadh agus Natánel mar aon ris i gcoinde na ríoghna. Dála
Clarínas do cheangail sí cumann re mnaoí seomra rí Éighipte
do dhul lé isin n-oiribhear d'fhéchain na réadlann agus na
n-airdreannach, agus do chuaidh Clarínas agus do chuir a deisi agus a
culaidh féin di agus do chuir ionar na mná seomra uimpe agus do
chumail gual día gnúis agus dia lámhaibh d'úamhan agus d'eagla a
haitheanta agus do chuir oire éadaigh for a muin agus do chuaidh
isin n-oiribhear.



Tarla Sir Iuel orro agus ro fhíafraidh díobh cé híad féin, agus
adubhairt an bhean tseaomra: "Misi", air sí, "bean fhrith-
ólmha an rí ag dul do nidhe éadaighe an ríghdhúnaidh re
haghaidh na bainnisi so, agus mo shearbhóntaighe féin farrum."
Do ghlac Sir Iuel Clarínas agus do bhí sisi ag druid úadha a
ndíaigh a droma d'eagla a haitheanta dhó. Is beg nach
21r° tarla ar lár í, agus tug an bhean tseomra buille dá dorn i
Sir Iuel agus do chuir úaithe é, agus adubhairt ris: "Inghean do
cheandaighe isin gcathraigh so an mháighdion mhíolla sin, agus
atá ridire do mhuintir in rí ar tí a hóghachta do thruailleadh
gan phósadh agus do cuireadh liomsa go cúirt in rí dá
coiméad í, agus dobheir sí cumhna dhamh do nidhe éadaighe na
mbórd dochum na bainnisi, agus má fearrdi leatsa a faicsin tarra
um dhíaigh um sheomra i gcionn úaire ina dhiaigh so, agus
do ghébhair do dhíol radhairc uirre ann." Adubhairt Sir Iuel co
ndionghnadh sé sin, agus ro imigh úatha iair sin agus do chuaidh go
l 223>
seomra na mná frithólmha agus ro buí seal fada ag fuireach
friú. Do chúaidar na mná a sin don oiribhear, agus nír chían
doibh ann an tan do chonncatar Natánel agus Generodes ina
dhíaigh ag teacht cucu, agus íad araon ina n-éideadh, agus do ghabh
eagla in bhean fritheolmha roimh an droing níata n-anaithne
nacharbh aithne dhi roimhe sin, agus do bhí sí do ba áil lé
éimhe aibhle adhbhalmhóra do dhéanamh, agus do cheannsaigh
Clarínas í do bhríathraibh míne macánta, agus adubhairt Clarínas
ría dá labhradh sí aon fhocal co muirfeadaois na ridireadha í.



Agus adubhairt in ríoghain ris an mnaoi sheómra: "Tarra
liomsa", ar sí, "agus dobhéar do sháith do gach uile mhaith
dhuit." Do smuain an bhean tseómra dá labhradh sí co
muirfeadaois na ridireadha í, agus dá n-anfadh sí ó Chlarínas co
ttiobradh rí Éighipte bás di, agus is í comhairle ar ar chinn sí dul
leis in ríoghain agus do chuaidh sí ar cúlaibh Natánel, agus
do chuaidh Clarínas ar cúlaibh Ghenerodeis agus do ghlúaiseadar
rompa chum a luinge.



Dála Sir Iuel mur dob fhada les do bhátar na mná,
do chuaidh roimhe co seomra na ríoghna agus ro fhiafraidh cá roibh
sí, agus adubhratar lucht an tseomra nach facatar í ó do chuaidh
sí leis in mnaoi sheomra. Do aithin Sir Iuel gur imigh Clarínas
agus do chuir a éideadh uime agus do chuaidh ar each, agus do lean na
mná agus adubhairt a rádh ris an rí cona theaghlach a leanmhain,
agus ruc sé ar Ghenerodes ar maidin. Ó 'dchonnairc Clarínas
ina díaigh é do ghabh eagla adhbhalmhór í, agus adubhairt Gener-
odes ría arna aithne sin dó: "A ríoghain," ar sé, "ná bíodh
úamhan ná imeagla ort úair ní maith an dóigh catha ag Sir
Iuel sinne. Do thurling Clarínas an tan sin, agus do sháith Sir
Iuel an t-each chum ghenerodeis agus tug sáthadh sanntach
sleighi ann agus ní dhearna mórán díthi dhó, agus tug Generodes
an dara buille i Sir Iuel agus do threascair é, agus ro íarr
Sir Iuel anacal ar Ghenerodes agus do chiontaigh é féin agus
adubhairt gurbo minic do thuill sé bás d'fhadhbháil ó Ghenerodes
roimhe sin.



Is amhlaidh ro buí Sir Iuel agus scían nocht fóna éadach aige
chum Ghenerodeis 21v° do mharbhadh agus ro fhúagair Clarínas
do co roibhe Sir Iuel ar tí a mharbhtha i bhfeall. Is annsin
tug Sir Iuel sáthadh sanntach do sciain scáthghuirm a mullach
a ochta a nGenarodés agus ro ainic Dia ar sin é. Agus cidheadh ro
shil full co frasach úadha, agus do fearghaigheadh Generodes
tríd sin agus do nocht a lann co lántapa agus do bhain a cheann don
chéad bhuille do Sir Iuel agus ruga a chorp dá adhlacadh chum
l 224>
na cathrach céadna, agus do caoineadh co hadhbhal acu é, agus is
ro-olc do ghabh Ginann rí Éighipte na gníomha sin chuige .i.
a bhean do bhreith úadha agus a ridire do mharbhadh.



Dála Ghenerodeis iar sin, do chuaidh sé 'na luing agus nír scuir
don rúathar sin gur ghabh cúan cluthar comh-dhaingean i dtír
a' tsabhdáin. Agus ro ghabh lúathgháir adhbhal an sabhdán ar
bhfaicsin Chlarínas agus Ghenerodeis dó. Agus dorónadh fleadh
agus féasda adhbhalmhór isin gcarthaigh an lá sin mur onóir do
Chlarínas agus do Ghenerodes.



Agus tángadar triar ridire ar trí heachaibh ina cceann fón am
sin, agus fochtus agus fíafraidheas in sabhdán scéala dhíobh cé hiad
féin agus cá ionad as a ttángadar. "Do mhuintir Aimpírius rí
na Sorcha sinn" ar síat, "agus atá in rí ármhach oirbheartach sin
ag dul ar sluaigheadh ar Sir Amalóg annsa nIndía, agus do chuir
sé sinne ar ceann a mhic .i. Generodes, dá bhreith leis isin
nIndía agus is iad sin ar scéala-nne", ar síad. Adubhairt an
sabhdán: "A Ghenerodeis," ar sé, "dobhéarsa Clarínas mur
mhnaoi dhuit anois, agus leath mo thighearnais rem linn féin agus
mo thighearnas uile ó shoin amach." Ruc Generodes a
bhuidheachus sin risin ri, agus muna bhadh méad na hanbhuana
ro bhuí fair ag dul i gcoinne a athar do fpósfadh sé i re
n-imtheacht dó.



Ro innis an sabhdán na scéala sin do Chlarínas agus ro ba
maith léisi a menma thríd sin agus gidheadh do bhí sí lán do
bhrón agus do thorsi agus do dhubhachas ar son Ghenerodeis do
bheith ag imtheacht, agus ro ba dóigh lé nach tiucfa sé dá hinn-
saidhe arís. Adubhairt Mírabula: "A rioghain," ar sí, "ná
bíodh amharas agad ar Ghenerodes óir ní fhuidhthear bréag
'na leith co brách." Táinig Generodes do labhuirt re Clarínas
re n-imtheacht dó, agus tuc a fhírinne co ttiocfadh arís dá hionn-
saidhe agus tuc sin menma agus móraigne do Chlarínas, agus adubhairt
an sabhdán: "A Ghenerodeis," ar sé, "tiucfaidh Ginann rí
Éighipte d'innreadh agus d'argain na tíri so a ndiaigh
Chlarínas ó dochluinfidh sé thusa d'imtheacht." Adubhairt
Generodes: "Dá bhfadharsa a scéala sin", ar sé, "tiucfad da bhur
gcobhair agus dia bhur bhfurtacht, agus ro cheileabhair don rí iar
sin agus don teaghlach i gcoitchinne agus do chuaidh chum a luinge,
agus nír oiris agus nír chomhnaigh as sin co ráinic isin n-áit ina
raibhe a athair.



Agus ar rochtain dó dá ionnsaidhe do chuatar na 22r° catha
ceachtardha ina lungaibh co lánurlamh agus nír scuireadar don
l 225>
dubhimramh dían dásachtach sin gur ghabhadar cúan
cluthair ciomhusréidh isin nIndía agus dochúatar gus an gcath-
raigh móir re n-abarthar Parantínus, agus is annsin boí Sir
Amalóg in tan sin. Dála Sir Amalóg, ó 'dchlos dó na slúaigh
aibhle adhbhalmhóra sin do theacht d'ionnsaidhe na tíri dá
hinnreadh is dá harguin, do chuir tionól agus timsughadh ar a
shluaghaibh chuige as gach aird i rabhadar agus do chuaidh i
gcuinne agus i gcomhdháil Aimpírius, agus tucatar catha níata
naimhdeach neamhcharthanach dá chéile agus tarla re chéile isin
chath sin Generodes agus Sir Amalóg agus dorónnsad comhrac mear
meanmach móraigeanntach díscir dána dásachtach do-ion-
gabhála agus do marbhadh each Sir Amalóg le Generodes agus ro
threascair é féin, agus do fhóireadar a mhuinntir é gan
marbhadh.



Do chomhraic Aimpírius agus Cing Sainic rí na hAifrice re
chéle, agus dob é in rí sin athair na mná meabhlaighe do bhí in
tan sin ag Sir Amalóg. Agus torchair Cing Sainic i bhfoirchinn
an chomhraic le béiminnibh aibhle oscardha Aimpírius. Ó
dochonnaic Ísorés mac rí na hAifrice a athair arna mhar-
bhadh ro chaoin é co hadhbhal agus ro imdhearg go haithiseach
Sir Amalóg agus adubhairt gurbo olc gach ní dá ndearna sé riamh
coruige sin .i. a thighearna d'innarbadh as a fhlathas féin
agus a bhean do bhúain de, agus do chuir Ísorés ridire d'ionn-
lacadh choirp 'athar isin gcathraigh.



Tárla Íota .i. íarla ón nÉtiópiá, agus Dáirel dá chéile agus
dorón-sat combrac neartmhur neamhghrádhach agus do threascar
Dáirel an t-iarla agus do bhainfadh a cheann de muna bheadh a
lúatha d'fhóireadar a mhuintir hé. Do bhí Sirínes, inghean rí
na hAithfrice, agus a hinghion, .i. Lúcidas, ag feitheamh Dháirel
ag déanamh an ghníomha sin agus do chonnairc Dáiriel na mná
ar taoibhlibh na cathrach agus tuc sé grádh dícra dofhulaing do
Lúcidas, agus nir lúgha a grádhsi dhósan, agus d'fhíafraidh
Dáirel cia hí in ríoghain chaomh chruthálain dochonnairc sé ar
barr na cathrach. Adubhairt Sígradh .i. giolla Ghenerodeis: "Is í
súd Lúcidas inghean Sir Amalóg .i. maighdean mhíolla
mhalachdhubh mhongbhuidhe agus adhbhar ríoghna is fearr san
India go huile. Do badh binn le Dáirel an moladh sin, agus do
bo buidheach é don ghiolla as a chungnamh, agus adubhairt co
dtiubhradh iliomad mórmhaitheasa ar son maitheasa do
rádh re Lúcidas.



Táinic Lumbidín d'íarraidh giúsdála ar Dháirel agus tucatar
l 226>
sáitheadha sanntacha sárneimhneacha ina chéle, agus do
threascair Dáirel Cing Lumbidín agus do bhain a each dhe, agus
tug do Shígradh í mur do gheall sé ar son maitheas do rádh re
Lúcidas. Táinic Lumbidín arís agus dorónsad comhrac calma
22v° cruaidhchúiseach coimhdhíchra curata re chéile agus tuc
Generodes sátha sanntach sleighi ar Lumbidín agus do chuir
sleigh trína cheann agus trína scéith gur bo marbh don tsáthadh
sin é, agus do bhris ar shluaghaibh na cathrach les in marbhadh
sin agus is ar éigin do ráinic leó doirsi na cathrach do dhúnadh
aturra agus Generodes agus do marbhadh dronga díáirmhe díobh fá
dhoirsi na cathrach.



Ro boí comhsa eatura an aoidhche sin, agus do tógbhadh
botha agus bélscáladha agus puible daingne dobhriste leó, agus do
chaithseat a bphruinn agus a dtomhaltus ann, agus ar maidin an
laoi arna mhárach táinic Sir Amalóg amach as in ccathraigh
líon catha do chur, agus tucatar cath dían díthach dána
dofhreasdail an lá sin, agus tarla Ananuel dearbhráthair Sir
Amalóg agus Generodes dá chéile isin chath agus dorónsat comhrac
colgdha céadfadhach, agus do thuit Ananel le Generodes i
bhfoirchionn in chomhraic iar ccur sleighi feimhnighi
síthfhada trína chorp síar seachtair.



Tarla Dáirel agus Sir Amalóg dá chéile agus ro fhearatar gleo
greannmhar grodúrlamh gráineamhail agus tug Sir Amalóg
sáthadh sanntach sleighi ar Dháirel agus do threascair é, agus
táinic Generodes dá fhurtacht agus do chatha co cródha iona thim-
chioll. Agus do bhris Generodes ar Sir Amalóg agus ar a
shluaghaibh agus do chuir dá n-aimhdheoin romhe ina raon
maoidhemadh isin gcathraigh íad agus do mharbh céad díobh fá dhorus
na cathrach. Agus do dhúnsat an doras orra íar sin.



Do bhádar mar sin tréimhse dá n-aimsir ag cur chatha gach
aon lá agus is mór do thuit díobh ar gach taobh ris in ré sin agus
gérbh iomdha míleadh mearchalma agus cuinge
crúaidhchúiseach catha agus laoch léaidmheach lánchalma agus mac
rí rathmhar ro-úasal do bhí ar in dá shluagh sin ní raibhe
ceathrar ann dob fhearr ná Generodes, Sir Amalóg, agus Anasar,
agus Dáirel. Dála Dháiriel is amhlaidh ro boí sé agus 'aire co
mór ar inghin Shir Amalóg agus do bhí sisi dhósan mar in ccéadna
agus do chuireadh Dáiriel Sígradh co minic dá fios agus dá féachain.
Ro aithin Sirínés co ttuc Lúcidas toil agus grádh do neach éigin
agus ní raibhe fhios aice cia hé d'fhearaibh in bheatha agus ro
fhíafraidh scéala dhí créad ro chlaochlaigh a cruth agus a
l 227>
dealbh a déanamh agus a caomhlí, agus ro bhúaidhir a meanma agus
a móraigne. Ro indis Lúcidas dí gur bo grádh éagmaiseach
tug sí do Dháirel .i. barún úasal agus prionnsa 23r° do
mhuinntir Ghenerodeis. Adubhairt Sirínés: "Is maith in díol
grádh sin", ar sí, "ói is romhaith a lámh agus a ghaisce agus is álainn
a dhealbh agus a dhéanamh, agus is uasal a fhuil agus is mór in
tighearnas atá 'feitheamh air. Agus dá mbeadh a ghrádhsan duitsi
mur atá do ghrádh dhó is maith do fhéadfadh síodh agus réiteach
do dhéanamh adruinne agus Ampírius úair is é Dáiriel is
comhairleach ar Ghenerodes agus Generodes is comhairleach do
Aimpírius agus do fhéadfadh Dáiriel síodh do dhéanamh
adruinn, agus a inghean" ar Sirinés "dearbhsa in bhfuil grádh
fíre ag Dáiriel duit." "Cionnas do dhearbheochann sin", ar
Lúcidas. "Dodhéanair co maith", ar Sirenés, "óir atá fáinne
uasal ag Generodes tuc Clarínas inghean in tsabhdáin dó mur
shéad suirghe agus is é sin signéad rí na nIbhal agus fóiridh sé mná
re n-iodhnaibh agus coisce fuil agus ní bhfuil isin domhan fáinne
is fearr na hé. Agus is ag Dáirel atá a choiméad, agus cuirsi
fios dá iarraidh ar íasacht agus abair co bhfuil dearbhchomhalta
carrthanach agad ag tréigion a coda fola, agus más inmhain le
Dáirel thú cuirfe sé in fáinne sin chugad, agus is amhla sin
fhionnfair an bhfuil grádh aige dhuit."



Do chuir Lúcidas iar sin teachta ag íarraidh an fháinne ar
Dháiriel, agus adubhairt Dáiriel: "Dá mbeaith maitheas an
domhain uile ar aon fháinne amháin agus an fáinne do bheith
agamsa" ar sé "dobhéarainn a íasacht disi", agus tuc sé íasacht
an fháinne dhí. Do ghlac Sirenés an fáinne agus adubhairt: "Do
mheallas mo lucht cogaidh agus imrisna", ar sí "agus béarad búaidh
in choga so feasda", agus do ghoir Sirenés Giúsar dá hionnsaidhe
.i. ridire Affraiceach, agus gnáthfhear leanamhna dí féin hé,
agus adubhairt sí ris: "A Ghiúsair," ar sí, "beir an fáinne so leat
agus tabhuir do inghin an tsabhdáin é agus innis dhí co ndearna
síodh agus réiteach eadar Sir Amalóg agus Aimpírius agus co tuc
Gener-odes Lúcidas inghean Sir Amalóg mur mhnaoí agus mur bhain-
chéle, agus gur mhaitheatar dá chéle gach díth agus gach dochur agus
gach díobháil dá ndearnatar ar gach taobh agus innis do
Chlarínas nárbh áil le Generodes séad suirghe inghine an
tsabhdáin do chondmháil aige ó nach bía sí féin aige."



Dála Ghiúsair iar sin do dheasaidh a long agus do ghluais
roibhe a ccraos mhara agus mhórfhairge co ráinic Peis .i. tír in
tsabhdáin agus tarla an rí dhó agus ro ghabh ag fíafraidhe scéal de,
l 228>
agus ro innis Giúsar gur sídhaigheadh eadar Ampírius agus
23v° agus Sir Amalóg, agus co tuco a bhean féin do Aim-
pírius agus a thighearnas go hiomlán agus gur phós Generodes
Lúcídas inghean Sir Amalóg, "agus do chuir Generodes", ar sé,
"misi le fáinne h'inghinise ói nírbh áil leis a séad suirghe do
chonnmháil ó nach bíadh sí féin aige."



Do ghlac in sabhdán an fáinne agus do chuaidh leis chum
Clarínas agus ro imigh Giúsar fón n-am sin, agus tug in sabhdán an
fáinne do Chlarínas ro innis na scéala sin fúair ó Ghiúsar don
inghin ó thús co deireadh. Ar clos na scéal sin do Chlarínas,
tángatar datha iongantacha éagsamhla dhí ói do dhearg sí
nachar dheirga grís ar gcur a chrithridhi, nó rós dathálainn
delrach, no núadhfhuil laoigh ar shneachta ná in loisni
lándearg táinic tar a gealghruadhaibh, agus do bhán sí ina
dhiaidh sin innas nachar bháine bláth lile nó cubhar tuile
trénanfaighe, nó sneachta adhfhúar ina sí, agus do dhubh sí fá
dheaoigh nachar dhuibhe seanghúal soileach arna bháthadh
a n-uisci gharbhfhúar gheaimhreata ná gach ball agus gach alt agus
gach áidhe dhí ó bheaarradh co bonn.



Arna fhaicsin sin don tsabhdán as eadh adubhairt: "A
ríoghain," ar sé, "ná bíodh dubhachas ná dobrón ná
drochmheanma ort ói dobhéarsa do Ghynan rí Éighipte mar
mhnaoi agus mar bhainchéile thú." Adubhairt Mírabula: "A
ríghain," ar sí, "ná creid na scéala úd agus doghébhtear ina
mbréig íad óir ní dhubhairt Generodes bréag riamh agus tuc sé
a dhaingean agus a mhionda re tusa do phósa. Rachadsa san
Indía agus dobhéar scéala co dearbhtha cugatsa, agus ná gabhsa
fear cugat co tigearsa tar m'ais."



Iomthúsa Mhírabula, do ghlúais roimpi d'ionnsaighe a
luinge agus ní rug do bhuidhin ná do chuideachtain lé acht días
ridireadha agus tríar scuibhéar. Agus ar rochtuin ar sálmhuir
dóibh do thógbhatar an seolbhréid saidhbhir solasmhór síor-
aibhseach snáthríghin isin seolchrann co sundíreach agus do
léigeadar an ghaoth ghlórach ghlífideach ina glutain, 24r°
agus ní haithristear uathfás ná imshníomh d'imtheacht orra nó
co rángatar faidhche Pharantínus .i. príomhdhúnadh rí na
hIndía.



Dála Ghiúsair .i. an ridire Aifriceach do chuaidh leis an
bhfáinne chum Chlarínas, ráinic sé mar a raibhe Aimpírius agus
do chuaidh isin fpubaill ina raibhe Generodes agus ro
fhiafraidh dhe cá raibhe sé. Adubhairt Giúsar: "Do bhádhas
l 229>
i dtír in tsabhdáin", ar sé. "Scéala in tíre sin agat dúinn?"
ar Generodes. Adubhairt Gyúsar: "Do chonnarc Gynann rí
Éighipte annsúd ar déanamh cleamhnais ris in sabhdán óir
tug sé Clarínas inghean in tsabhdáin do mhnaoi agus do bhain-
chéile agus do bhí banais adhbhalmhór acu. Ar clos na scéal sin
do Ghenerodes do ghabh dubhachas agus dobrón agus droch-
meanma hé agus táinig iar sin Mírabúla cona cuideachtain co
doras na puble céadna agus do chuala sí Giúsar ag innisin na
mbréagscéal sin agus do chuaidh sí féin agus a muinntir isdeagh isin
fpubaill agus ro fhear Generodes fáilti friú, acht cídh brónach do
bhuí sé. Adubhairt Mírabula re Giúsar: "A thrétúir fhallsa
fhíorchealgaigh", ar sí, "is olc an toisc agus an turas le ndeachais
co tír in tsabhdáin do chuma bréige agus do dhéanamh aimhleasa
idir na cairdibh agus do thuillis bás d'fhabháil in gach siubhal dá
ndearnais agus doghébhair é." Tar éis na mbríathar sin do rádh
do Mhírabula ro fhéach sí ar a muintir co feargach fíorneimh-
neach agus do thuicidar a hintinn agus a haigne agus do nocht ridire
díbh co lánúrlamh agus do bhuail buille borbneartmhar báis ar
Ghiúsar gur theasc a cheann dia cholaind agus do ba
lúathgháireach Mírabula d'éis in ghníomha sin do dhéanamh
agus do mhol Generodes é.



Ro innis Mírabula fírinne an sceil ó thús co deireadh agus ro
ba binn le Generodes na scéala sin agus do cheileabhair don rí
íar sin agus do chúaidh as sin co tír in tsabhdáin agus ro innis gach
ní do Chlarínas agus don tsabhdán agus ro ba maith leo a meanma
ó na scéalaibh do chlos dóibh. Dála na nInniadhach íar sin
24v° is mór do thuit aturra ar gach taobh, agus ní ghébhadaois
fir an domhain an chathair sin ar éigin acht muna gabhadaois
le hintleacht ealadhan nó le díth lóin í.



La dá raibhe Generodes ag cathadh agus ag comhrac, agus
do chonnaic sé ridire chuige agus culaidh shibhail agus aisdir agus
imtheachta air, agus ro fhíadhfraidh Generodes de cá raibhe sé.
"I dtír an tsabhdáin do bhádhas", ar in ridire. "Innis scéala
na tíre sin dúin", ar Generodes. "Is olc a scéala" ar in ridire,
úair do hinnreadh agus do hairgeadh tír an tsabhdáin le rí
Éighipte agus do loisg a cathracha agus a caisléin, agus atá ag gabháil
agus ag marbhadh a mban agus a macaomh, a n-óg agus a
n-ársadh." Adubhairt Generodes: "Do gheallassa", ar sé,
"dá dticeadh rí Éighipti co tír an tsabhdáin co rachainn do
chathughadh ris do chungnamh don tsabhdán, agus dodhéan
fírinne dom ghealladh." Adubhairt Generodeis: "A
l 230>
Dháriel," ar sé, "ní táinic linn as tír an tsabhdáin acht trí
chéad ridire agus connaibh dhá chéad díobh agad féin agus mo
mheirgi agus mo bhratach agus mo shúathchionntas agus déana m'ion-
adhsa isin chathadh so co teacht damh féin tar m'ais.
Rachadsa céad ridire eile maraon riom co tír an tsabhdáin do
chungnamh dó."



Dála Ghenerodeis do ghlúais roimhe go ráinic tír an tsabh-
dáin agus fuair ina fásach í gan áitreabh gan áitiúghadh. Agus
nír cían dó ag sibhal na slídhe go bfaca ríoghain rathmhar
ro-álainn ina haonar ar each ardéirmeach a n-aice na coille, agus
beacán cuideachtan ina farra agus ina fochar, agus ro theith an
ríoghain ar bhfaicsin Ghenerodeis dí agus ro lean Generodes í
agus ruc uirre ar lár na fiodhbhuidhe, agus ro ghabh eagla adhbhal an
ríoghain uair do 25r° badh dóigh lé gur bo hÉighiptigh íat,
agus co ttibhradaois bás di. Agus ro fhíadhfraigh Generodes scéala
don inghin cé hí féin. "Inghean dearbhráthar don tsabhdán
mé", ar sí, "agus tugas fúath don fhear dá ttugadh mé agus do
shaoil gurb Éighiptigh sibhsi, agus is uime sin do theaithios
romhaibh." Ro fhíadhfraigh Generodes don ríghain cá roibh
rí Éighipte. "Atá sé", ar sí, "isin gcathraigh re n-abarar
Monsperson agus ticfaidh sé trí chéad armtha éidighthi amárach
d'fhíadhach chum na foraoisi so."



Tar éis na scéal sin d'innisin don ríoghain ro imigh roimpe,
agus ro an Generodes agus a chéad ridire isin bhforaois co hinn-
chleithi folathach agus nír chian dhóibh arna mhárach co
bhfacatar rí Éighipte ag teacht isin bhforaois agus trí chéad arm-
tha éidighthi maille ris. Agus do léig Generodes tairis iad, agus ro
éirigh dhóibh ina n-aghaidh. Do chonnaic rí Éighipti iat agus ro
ghabh uamhan agus eagla adhbhal é, agus adubhairt rena mhuinntir
calma do dhéanamh ag a cosnamh ar a naibhdibh. Ro
innsaighetar féain agus Generodes a chéile, agus tucatar cath dían
díscir dána dásachtach níata naimhdighe neamhcharthanach
dá chéile agus do briseadh ar rí Éighipti agus do ghabhatar
tarraing cucu chum na cathrach tar a n-ais a measc a muintire agus
do chuaidh Generodes agus a chéad ridireadh ag a n-áirleach agus
ag a n-athchuma ina ndeaghaidh. Adubhairt ridire do mhuinn-
tir Ghenerodeis: "A airdmhílidh," ar sé, "ná lean ina
ndiaigh íad, acht gabh dá leathtaobh agus bí aturra agus an
chathair." Dorinde Generodes amhlaidh sin agus do chuaigh
eadar rí éighipte agus an chathair. Tarla an rí agus Generodes
dá chéile, agus dorónsat comhrag dían díscir dána dasachtach agus
l 231>
urlaidhi óglaigh ainiarmhurtacha níata naimhdighe neart-
chalama cródha coscrach 25v° comhlanchrúaidhe, agus gleao
greannmhar gráineamhail gúasachtach, agus tucatar áladha
doimhne doleighis, agus créachta farsinnga fíordhoimhne ar
chneasaibh agus ar chorpaibh a chéile.



Ro éirigh luinne agus lúathfhearg a nGenerodes amhal
leomhan lonn leadarthach luathghonach, agus tug sé sátha sann-
tach sleighi ar rí Éighipti gur chuir trína scéith agus trína thaobh
síar seachtair an sáthadh sin agus ro threascair as a dhíallait é.
Do chuaidh an rí a n-anbhfainne ar ttréigin a fhola, agus ní
raibhe cíall ná caoimhne aige. Adubhairt Generodes: "A air-
drí," ar sé, "cathaigh go calma más féidir leat hé."
Adubhairt rí Éighipti: "A airdmhílidh," ar sé, "agus a
thréinfhir bhfear ttalmhan, ar ghrádh an Athar neamhdha ná
hathmharbh mé feasda agus faoícfiod tír an tsabhdáin maille re
síodh agus ní dhiongéan cogadh ná coinnscleó isin chrích
chéadna co broinne an bheatha agus co foirchionn an bhrátha, agus
leasóchat gach ní ro milleadh innti agus dobhéar cuir agus slána
orm ris sin do chomhall."



Adubhairt Generodes: "Ní mhuirfidh misi aon duine co
brách nach bía ar cumus dó féin a chosnamh", agus doroinne sé
síodh agus muintearas re rí Éighipti, agus do chuatar le chéile isin
gcathraigh agus do bhátar an aoidLche sin innte. Do chuatar íar
sin i gceann an tsabhdáin mur a raibhe sé isin gcathraigh re
n-aburthar Montínar agus do dhaingnedar an tsíth chéadna a
bhfiadhnaisi in tsabhdáin fána thoil féin do dhénamh co
brách arís.



Ro imigh Gynan .i. rí Éighipti iar sin dá chrích agus dá
chaomhfhearann féin, agus nír bhfeas don tsabhdán ná do
Chlarínas co ndearna na mórghníomha sin nó co bhfacatar
Generodes agus rí Éighipti ag teacht chucca 26r° go Peis agus
gusan gcathraigh re n-abarthar Montínar. Tar éis gacha
gníomha díobh sin do dhéanamh do Ghenerodes, ní fada in
comhnuidhe dorinde sé i Montínar in tráth d'fhágaibh í agus
do chuaidh isin nIndía agus fúair sé a athair Ampírius cona
shluaghaibh i timchill na cathrach móire agar fhágaibh sé féin
roimhe sin íat.



Is mór an díth agus an dochar agus an díbháil dorónsat lucht na
cathrach agus Ampírius dá chéle an feadh do bhí Generodes ina
bhféagmais, agus do ba cródha coscrach Dáriel a n-ionadh
Ghenerodeis ann feadh do bhí Generodes ina éagmais. Do
l 232>
mhéadaidh meanma agus móraigne na ccath gceachtardha ar
bhfaicsin Ghenerodeis, agus do ghabhatar ag leadairt agus ag
lán-mharbhadh lucht na cathrach. Do thinóil Sir Amalóg iar sin
a mhuintir uile co haonláthair, agus táinig sé amach as an
gcathraigh, agus tug sé cath naimhdeamhail neamhcharthanach
d'Ampírius cona shluaghaibh agus tarla Generodes agus Sir
Amalóg dá chéile isin chath sin agus dorónnsad comhrac
naimhdeamhuil neamhcharthanach agus úrlaidhi óglaigh aníarmhartach agus
tug Generodes sáthadh sanntach sleighi dochum Sir Amalóg agus do
thogaibhsimh a scíath dá imdhídean, agus do scoilt Generodes an
scíath agus do rinne dhá leath dhí, agus do chuir sé feadh láimhe
laoich lánchalma do chrann chruaidh cheathardhruimneach
tréna chorp agus tréna choluinn agus do thuit sé chum láir agus chum
lántalmhan ón tsátha sin agus do nocht Generodes claidh-
eamh leathan lánghéar íar sin agus adubhairt re Sir Amalóg:
"Cosain tú féin", ar sé, "co calma más féidir leat hé."
Adubhairt Sir Amalóg: "A ridire is fearr atá at' aimsir féin
tabhair cumairce dom agus ná hathmharbh mé óir ní bhfuil
fáth na héirghe agam agus dobhéar an chathair cona huile
mhaitheas duit, agus gabh cumairce na cathrach 26v° agus
m'inghine chugat."



Arna aithne do Ghenerodes co raibhe an curaidh anbhfann
éagcruaidh inirt rug leis isin gcathruigh é, agus do leagatar sluagh
na cathrach uile gárrtha troma taibhseacha agus comhnúall
caointe ag caoineadh Sir Amalóg agus do légeadh ar lár isin halla
rí é, agus do luidh a bhean agus a inghean ar a mhuin agus do
ghabhatar ag a phóga co dil dícra agus adubhairt Sir Amalóg
maille re haithreachus mór: "Nír marbhadh riamh", ar sé
"aon duine is lugha do scéal do mharbhadh ná misi uair is mé
neach is measa isin domhan isin aimsir so, úair ro fheallas ar
mo thíagharna gan adhbhar agus do bheanus a bhean de agus do
chuireas é féin ar innarbadh as a thíghearnas agus as a chrích
agus as a chaomhfhearann gurbh éigin dó dul a ccríchaibh cíana
comhaidhtheacha agus is olc an éaraic mo bhás féin ar a son
sin."



Do chuir Sir Amalóg a bhean agus 'inghin agus a raibhe do
mhaithas agus do shaidhbhris acu ar cuimirce Ghenerodeis agus do
scar 'anam rena coluinn, agus do shín Sirenés í féin ar a mhuin
agus fúair bás, úair ní raibhe súil aice re furtacht d'fhadhbháil
tar éis a ndearna sí d'olc do chách roimhe sin. Agus do chuir
Generodes a n-aon tumba iad maille re honóir mhóir. Do
l 233>
ghabh Generodes an chathair co comhlán iaramh, agus
do chuaidh a seilbh a maithisa, agus tángatar na sluaighe uile isin
gcathraigh agus ro ríoghadh Ampírius leo agus do chuir
Ampírius coróin na ríghe sin ar cheann Ghenerodeis agus tuc sé
maitheas na tíre sin uile ina cheann sin dó. Táinic Lúcidas
inghean Sir Amalóg i bhfiadhnaisi Ghenerodeis agus ro íarr sí air a
ghealladh do choimhlíonadh 26r° mur do gheall sé. Adubh-
airt Generodes co ndiongnadh co gcroidhe maith agus do ghoir sé
Dárel chuige agus adubhairt ris: "Ag súd" ar sé, "maighdean
mhíolla mhalachdhubh agus aindear óg uasal tug grádh dílis
domheasda duit, agus dá ttucais féin searc síoradhbhal agus grádh
adhbholmhór, agus gabh chugat mar mhnaoí fpósda í agus
doghébhair tíghearnas a hathar agus 'uile mhaitheas lé, agus morán
dom thighearnassa féin maille leis." Do phós Dárel
Lúcidas iar sin agus do caitheadh a mbanais.



Dála Ampírius ro fhágaibh an Indía ag a mhac agus
do chuaidh féin isin Sorcha agus fúair scéala ar slighi co bhfúair a
bhean bás .i. Sirína inghean rí na Sorcha, agus is beag nach fúair
Ampírius bás do chumhaidh a bhainchéle, agus do bhí do loige
agus d'fhanbhfainne air gurb éigin días do bheith aga chonmháil
ina dhíallait agus an treas fear a n-aradhain an eich gurb
amhlaidh sin rugatar leo chum na cathrach é.



Dorónsat slúaigh na Sorcha ceol agus ealadha dó do laigh-
diughadh a chumhadh agus a thoirsi a dhubhachais agus a dhobróin
agus a dhrochmheanman, agus ní thug sin fortacht ná fóirithin dó
agus fúair bás i gcionn a' dara lá agus do hadhlacadh co honórach
é a dtumba a mhná pósda, agus an tan rángatar na scéala sin
Generodes is beag nach fúair bás do chumhaidh a athar agus a
mháthar, agus do chuaidh isin Sorcha fó thásc an rí agus na ríghna,
agus do bhátar gárrtha adhbhalmhóra caointi ar fud na Sórcha
uile ag caoineadh Ampírius agus Sirína agus iar dteacht
Ghenerodeis cucu tug sin meanma, cobhar agus
comhfhurtacht 27v° dhóibh agus do ríghadh Generodes leo
for an Sorcha agus gidheadh do bhí Generodes ag meath agus a
ngalar sheirglighi do chumhaidh a thuirsmitheoradh .i.
'athar agus a mháthar agus nír fhéad líaigh ná fáidh ná feallsamh ná
fisigidh furtacht ná fórithin dó gur bo gar bás dó. Dála
Chlarínas inghine an tsabhdáin, íarna chlos dí Generodes do
bheith a ngúasacht bháis, do dheasaigh hí do dhul dá
fhéachain i gcruth bhannleagha, agus beacán cuideachtan
maraon ría .i. Ebined a seomradóir féin agus nír fhan nó co
l 234>
ráinic cathair mhór na Sorcha. D'iarr an ríghain oslugadh agus
ro fhíadhfraidh an doirseóir cia buí ann. Adubhairt Clarínas
gur bo banliagh maith í, agus do chuir Generodes Natánel dá
leaigin asdeach agus do chuaidh os cionn Ghenerodeis agus ro
fhiafraidh dhe créd táinig ris. Adubhairt Generodes nach
roibh a fhios aige créad táinig ris, "acht dom dhóigh atáim
marbh". Adubhairt Clarínas: "Tabhair póg damhsa" ar sí
"agus is tús leighis duit é." Adubhairt Generodes: "Ní thugas
póg do mhnaoi ríamh" ar sé "acht d'aon mhnaoi amháin .i.
Clarínas inghean an tsabhdáin agus muna bhfaicear an bhean sin
ní chuirfead mo bhél ar bhél mná eile co brách." "Más
eadh", ar Clarínas, "is misi an bhean sin do ráidhsi", agus tug
Generodes oslughadh ar a shúile agus ro fhéch uirre agus ro éirigh
ina shuidhe, agus arna haithne dhó tug teora póg co dil dícra dhí.



Caoiccís di ina fharradh agus adubhairt Generodes ré dul
roimhe i dtír an tsabhdáin, agus fleadh bainnsi d'ullmhughadh ar
a chionn agus co rachadh ina díaigh dá pósadh. Dála Chlarínas,
do chuaidh ruimpe co Pes agus co Montínar agus do hullmhuigheadh
fleadh bhúantidhlaiceach bhainnsi lé, agus tánaic Generodes ina
diaigh agus do phós sé hí do thoil a hathar agus a máthar agus a muintire
uile archeana agus dorónadh a mbanais 28r° co honórach íar
sin, agus is síad días ro buí ag marascalacht tighe an dúnaidh ar
feadh na bainnsi sin .i. Ismael an sabháisde, rígh na Tairsi,
dearbhráthair Ghenerodeis, agus Dáriel. Tuga Mírabula do
mhnaí agus do bhainchéle do Natánel agus do phós sé Síograidh, a
ghiolla fén, ris an mnaoí ro élódh le Clarínas ó theigh rí
Éighipte, agus tuc sé céad púnt gacha bliadhna dóibh dia
mbeathúghadh agus an chathair re n-abarthar agus dá mhíle
dhéag d'fhearann ar gach taoibh dhí.



Do chuir sé méaraidhe agus báillidhi íar sin ina gcathrachaibh
féin, agus maoir agus lucht coiméada cirt agus córa for a thighearnas
uile agus nír b'fhada íar sin go bhfúair an sabhdán bás.



Agus do ríghadh Generodes for thír an tsabhdáin, agus do
bhádar trí ríghachta aige an tan sin .i. ríghacht na hlnnia agus
ríghacht na Sorcha agus ríghacht na Peisi .i. tír an tsabhdáin.
Agus tug Clarínas clann do Ghenerodes .i. días d'ingheinaibh
suarca saorbhéasacha agus mac amhra oireadha, agus tug inghean dá
ingheanaibh do rí Éighipta agus inghean ele do rí na hAifrice agus
is leis féin do thuit a athair, rí Éighipte agus is lena athair .i.
Ampírius do thuit athair rí na hAifrice, agus do bhádar an dá rí
sin ina gcleamhnadhaibh aige, agus íat umhal urrmach odhmanta
l 235>
dhó do ghnáth, agus do bhí ríghacht na Tairisi ag a
dhearbhráthar .i. Ismahel an sabháisdi, agus do bhí mac maith
aige do ghlac na ríghachta sin tar 'éis, agus do chaith fén 'aimsir
co sámh socair ó sin amach re feadh a bheatha. Agus do ba
lán beaoil fir an talmhan do chlú ... A ... d'oirdhearcus
agus d'ardnós Generódes an f ... e ... a gníomhra gaoile agus
gaisgeadh a ghineal ... innbh ... a mbélaibh suadh agus sean-
chadh co foircionn in bheatha agus co críoch an domhain.
Conadh í sin geineamhain Ghenerodeis agus a
mhaithghníomhartha.



Beannacht Dé don té ler scríobhadh in stair sin isin leabhar
so, agus do chuir críoch uirre an aonmha lá do mhí August,
1645 aois Chríost in tan sin. Mise fén Seán Galldubh mac
Piarais.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services