Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanstair
Title
Seanstair
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1700
Publisher
(Má Nuad: An Sagart, 1986)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1 ... cathrach agus do goireadh Róimh ó Romulus di. Fáguim ag ughdaraibh eile a rádh go cinnte créd an t-am nó an saoghal a ndearnadh í acht go n-abair Varro gurab isan gceathramhadh bliadhain dhon seisiodh olympiad do cuireadh suas í. Annsin do chuir an Capitól suas do bhí 'na thearmann dá ngoirtear Asylium ag lucht míbhés agus drochghníomh; agus tar ceann nar fhéd Romulus mur bhí teirce daoine air, nísa mhó ná trí mhíle troicheach agus trí chéad marcach do bheith in arm aige, ní fada 'na dhiaidh sin gur tharruing an tearmann sin lán na cathrach do ruifínigh agus d'aos uilc chuige; acht ní raibh mnáibh aige le tabhairt dáibh, agus is é ní do concus dó a dhéanamh, coimhling each agus mórán do spóirtibh eile chur dha ndéanamh isan gcathair, agus do chuir fógradh chum na gcríoch ba coimhneasa dhó teacht chum a gcuid don spóirt agus don chaitheamh aimsire sin a bheith acu, agus ar theacht do mhórán ban agus maighdion as na críochaibh sinn agus go háirighthe as críoch na Sabíneach, ní luaithe tugadh comhartha áirighthe do na Romhánchaibh ná d'fhuadaigh gach aon acu bean leis dá árus féin. Thóig sin cogadh idir na Romhánchaibh agus na criocha reimhráite go ttugadar cath dá chéile agus isan gcath sin do mharbh Romulus lena lámha féin Acron rígh na Cininthes agus do bhris ar a shluagh. Gidheadh ní fada dá éis sin gur ghabhdar an Capitol le trétúracht mná tug na heochracha dháibh. Arna fhaicsin sin do Romulus do chuir Hostilius 'na thaoisioch slóigh dá mbualadh as, agus ar mbeith ag troid dáibh feadh aimsire do loiteadh é féin agus do bhí a mhuintir ag teitheadh; leis sin do bhí Romulus féin cona shluagh ag dul dá ttreisiugh go dtáinicc na mná Sabíneacha eatorra ag iarraidh orra ar gach taobh síthcháin do dhénamh re roile. Leis sin dorinneadar síthcháin ar na coinghill so .i. Tatius a bheith 'na rígh i gcomhfhlaithios agus i gcomhpháirt le Romulus, an t-ainm céadna do bhí ar an gcathair d'fhagbháil uirre, acht Quirites do ghairm do na háitigheoiribh ó Cures .i. tír Thatius, agus priuiléideacha na cathrach do bheith ag na Sabínigh gan eidirdhealbhadh ar bith mur na seanRómhánaigh. Do bhídar
mur sin ar feadh cúig mbliadhan gur marbhadh Tatius le lucht na Lauinia ní nár ghoill go mór ar Romulus. Ní cian 'na dhiaidh sin gur chuir Romulus cogadh ar na Fidenáitibh bhí 'na gcomh- nuidhe ar bruach Tibris gur sgrios agus gur dhíbir iad, agus gur cheangail a ttír dá dhúthaigh féin. Do chuir lucht na hEtruria dá dhruim sin cogadh air, gur ghabhsan a ttír mur an gcédna agus gur cheangail dá righacht féin í. Agus ba dhamhna báis go grod dá éis na héuchtaibh móra sin do Romulus. Do ghlac an uiriod sinn lena ais d'uaill ó iomad na mbuadh do fuair ar naimhdibh agus le méd na gcumhacht do chonnairc aige féin, nachar bh'fhiú leis comhairle na Senaide d'iarradh, do dhéanamh, ná do ghlacadh, agus go ttug an uile tharcuisne d'uaislibh agus do ardchinn na righachta. Arna fhaicsin dáibhsion gur ag fás leis do bhí an t-uabhar anchumhachtach, do thángattar 'na thimchioll ag Loch Capria áit a raibh ag dénamh óráide dhá mhuintir, gur threasgradar agus gur stróiciodar 'na phiosaioghe beaga ó chéile é isan .55. bliadhain dá aois agus an 27 bliadhain dá fhlaithios. Dá éis iar mbeith don tsenáid ag stiúradh na ríghachta ar feadh bliadhna do rinneadar rígh do Shabíneach dar bh'aimn Numa Pampilius. Do rinne so mórán do dhlighthibh maithe, agus is é do chuir an dá mhí .i. Ianuair agus Februair isan mbliadhain, agus Romulus d'ainmnigh an chuid eile díobh. Iar mbeith 43 bhliadhna 'na rígh do fuair bás. Do ghabh Tullius Hostilius, prionsa rochródha, an ríghe. Is a bhflaithios an rígh so do chuir muintir chríche na hAlba cogadh ar na Rómhánaigh agus ar tteacht a bhfogus dá chéile dhaíbh dochum catha do thabhairt, do ghlac eagla na hAlbanaigh do bhrígh go bhfuair a ngenearal nó a n-ardthaoiseach sluaigh bás agus nach raibh muinghin mhaith acu as an tí táinicc anna ionad. d'iarradar ar Thullius Hostilius an triúr dearbhráthreach do bhí anna shluagh dó ngoirthí na Horatii do chur i gcomhlonn troda le triúr eile dearbhráthar do bhí 'na bhfochair dá ngoirthí na Coratii agus an mhéid imreasain do tharla eatorra d'fhagháil ar chrích an chomhluinn sin, agus gibé taobh aga mbeith an bhuaidh, urraim agus umhlacht d'fhagháil ón taobh eile; do rinneadh mur sin leo. Agus ar mbeith ag comhrac dháibh mur sin, do marbhadh dias do na Horatii, agus an uair do chonnairc an treas fear dhíobh sin, do thuig go rabhdar 'na ttriúr rothrén aige, agus do smuain ar ghliocus do dhénamh, agus is é sin teitheamh uatha
gur lean triúr é, agus an uair do dhruid uatha do mharbh a fhear comhluinn féin. Do lean an dias eile go dásachtach é, ach ar mbeith do dhuine acu tromloitigh roimhe, níor fhéd teacht suas nó gur mharbh an Horáisioch an dara fear agus leis sin gur thuill air agus gur marbh é. Iar sin tháinicc an Rómhánaigh dhá iomchur go ttugadar isteach don chathraigh é. Arna fhaicsin dá dheirbhshiair féin, do sgread ag caoineadh aoin do na dearbhráithreacha sin do marbhadh do bhí 'na leanán gráidh aice; agus mur do chonnairc a chlóca ag a dearbhráthair adubhairt sí gur bé saothar a lámh féin do bhí ann agus gurab í do bhronn don Chuiráisioch é. Arna chlos sin dósan do sháith a chloidhmhe tréna corp gur mharbh air an láthair í. Agus do ghoill an gníomh gráineamhail sin ar bhreitheamhain an bhaile comh mór sin gur chuireadar cuibhriocha iaruinn air agus go ttugadar breitheamhnus báis 'na aghaidh. Agus iarna chur i lámhaibh na gcésdúnach chum báis do thabhairt dó, do bhean an pobal coitchionn díobh é, agus do rinneadar sárughadh orra. Do chuir Hostilius na Fidináitigh agus na Vientigh fo smach agus fo árdchios agus dá éis sin do mharbh Ancus Martius go felltach é, agus, air marbhadh a mhná agus a chloinne mur sin dó, do loisg sé an pálás 'na ttimchioll, agus do chuir i gcéill do mhórán iar sin gur caor tinntigh do loisg iad, agus is uime dorinne sé an feall sin do bhrígh gurab í inghean Numa Pampilius do bhí póstaigh aige agus dá bhrígh sin do mheas go raibh ceart aige féin ar an ríghe. Do ghabh Ancus Martius iar sin an ríghe, agus mur do shíl na Fidenátígh agus na Vientigh nach raibhe sé cródha ná calma do theilgiodar cuing na Rómhánach díobh. Gidheadh do fuaradar iad féin mealltaigh óir ní fada bhí sé dhá gclaoidh agus ag cur an méid do bhí idir é agus fairge fóna smacht. Do chuir droichiod idir an Róimh agus Ianiculum agus do rinne sé príosún i lár na cathrach, agus do thug sé é féin suas do chrábhadh, a dhéanamh teampall agus iodhbartacha don dea bhréige do bhí acu agus do chuir sé cathair Ostia ar an Tiber suas agus do fuair bás iar mbeith 24 bliadhna 'na righ dó. Iar sin do ghabh Lucius Tarquinius .i. Grégach as Corinth do thaobh a athar agus Etrúireach do thaobh a mháthar, an ríghe. Lucumo dob ainm ar tús dó, agus ba prionsa cródha calma é, óir iar gclaoidh móráin do thíorthaibh 'na thimchioll dó, do chuir sé céd do bhiseach ar an tsenaid, óir ar ttús do chuir Romulus céd Rómhánach inte, 'na dhiaidh sin do chuir Tatius céd
Sabíneach leo sin, agus do chuir Lucius Tarquinius céd eile leo dá ttug mur ainm Patres minorum Gentium. Do leasaigh sé fós ballaighe na cathrach, do mhédaigh sé uimhir na maighdion vestalach. Agus ar mbeith 38 mbliadhna 'na ríghe dhó agus 80 bliadhain d'aois do rinne mac Ancuis Marcuis feall air. Goirthigh fós Priscus don Tarquinius so. Do ghabh Servius .i. fear inghine Tarquinius Priscus an ríghe dá éis sin. Do rinne sé so mórán dlighthe anna aimsir; is é chuir fo bhalla na cathrach an cnoc .i. Veminalis agus Esquilinus. Tug sé go leor fearainn do na daoine bochta; gidheadh do cheap sé árdchios orra do tharruing mórán dá sochar uatha. Ar gach cúigeadh bliadhin do dhíoladh cách an cíos sin agus Lustrum ó luendo do goirthí don bhliadhain sin. Agus do chuir Iulius Caesar ar an gceathramhadh bliadhain díol an chíosa so. 874,000 do dhíol an chéduair é. Dob é Servius céd duine do chuir iomháigh beathadhach dá chur ar airgead agus is uime sin goirtear pecunia dhe .i. ón bhfocal Laidne pécus. Is é fós do thosaigh le saoirse do thabhairt ó mhoghsaineacht do sclábhaighthibh agus díobh dá éis sin do goirthí Libertini ó bheith ar a gcomhuirle féin, agus is uaidhe aniugh goirtear libertínigh do na daoine neamhcheannsaigh míchreidmheach agus do mhédaigh sé áitigheoiridh na cathrach go mór leis sin, agus is de dorinneadh an dlighe dá ngoirthear Manumissio. Do phós sé a dhias inghean le dias mac Tharquinius .i. bean acu bhí deaghbhésach leis an bprionnsa díobh sin do bhí deaghbhésach agus bean drochbhésach leis an bprionnsa acu ba drochbhésach agus do chogradar so eatorra an rígh do chur chum báis. Agus ar tteacht i gceann a chéile don tsenáid do shuidh Lucius Tarquinius isan gcathaoir ríghdha agus do labhair mórán do neithe gráineamhla a naghaidh an rígh. Ar gclos na callóide sin don rígh Severius, do tháinicc asteach. Ní luaithe chonnairc Tarquinius é ná do éirigh roimhe agus tug urchur le fánaidh na stoighrigh dhó agus d'eagla nár leor sin dubhairt le duine crosta dá mhuintir a chloidhmhe do sháthadh tréna chroidhe, agus leis sin do theilgiodar amach ar an tsráid é. Ar gclos dá inghin féin .i. do mhnaoi Tarquinius, gor marbhadh a hathair níor chomhnuidh go ndeachaidh go lúthgháireach d'ionnsaighe na senáide chum go ndénfaidh banríghain di. Agus ar bhfaicsin a hathar síntidh ar an mbealach di, do chuir sí d'ualach a cóiste do thiomáin ar a
thárr, agus is uime sin do goireadh Vicus Sceleratus don tshráid sin. Is ann sin .i. isan gceathramhadh bhliadhain don 150 olimpiad do ghabh Tarquinius dá ngoirthí Superbus nó uaibhreach an ríghe, agus ar mbeith mórán buaidhe dhó ar na críochaibh fa choimhneasa dhó do rinne teampaill do Iupiter do Iuno, agus do Minerva. Is ann' aimsir do thainicc seanbhean ag díol naoi leabhar agus d'iarr fiacha romhóra orra, agus mur diúltadh na fiacha sin do thabhairt di, do loisg sí trí leabhur díobh, agus do thairg an chuid eile air na fiacha cédna agus ar bhfagháil diúltaidh di do loisg trí leabhar eile díobh. Is annsin tug na draoithe comhairle do Tarquinius na fiacha d'iarr sí an chéaduair do thabhairt ar na trí leabhair do bhí gan dógh, agus leis sin le hamharc dá ttug cách ní fhacadar an bhean uaidhe, sin amach, agus ba hiad sin leabhra na Sibilligh agus ba bhean díobh í sin. Iar gceannach na leabhar sin don rígh do chuir dias dá gcumhdach, agus díobh sin goirtidh Duumviri Sacrorum. 'Na dhiaidh sin cuireadh deichneamhar dá gcumhdach dá ngoirthí Decemviri Sacrorum agus ní féachtaoidh ionnta acht le héigion mór iar sin ... Iar mbeith i gcampa dó a ... a mhac oighreacht éigion Lucrésia .i. mná .. an uair do chonnairc Lucresia tar éis a cas ... féin agus lena cairdibh di nach raibh díoghaltus ... Sixtus do sháith sí sgian tréna croidhe féin go bhfuair ... agus ba hé sin damhna díbertha na tTarquinius agus righthe na Rómha uaidhe sin amach. Óir ar chomhairle Lucius Brutus do chuir an tsenáid .. a gcogair agus a gcongnamh leis an armáil gur dhíbriodar Tarquinius agus é aosda. Iar sin do chuaidh an tsenaid i gcomhairle cionnus nó créad an modh ar a mbeith stiúradh na ríghacht, agus is í comhairle ar ar cinneadh acu gan aenrígh do bheith orra uaidhe sin amach agus Republic do ghairm don chrích, dias do chur i gceannas in ionad na ríghthe, agus d'eagla nach beithdís sin féin buansheasmhach le maith do dhénamh don chrích, d'ordaighdar gan aendias acu do bheith i gcumhacht acht feadh bliadhna gan malairt; agus consuil do goirthí dhíobh. Ba hiad Lucius Iunius Brútus, agus Lucius Tarquinius Collatinus céd chonsuil do bhí san Róimh agus ní fada bhádar mur sin an uair do fríth amach go raibh mórán do
mhaithibh na cathrach ar tí Tarquinius Superbus do thabhairt asteach arís le trétúracht. Do ghlac Brútus lena ais a bpíonúis do thabhairt don mhéid dá mhuintir féin do bhí cionntach is an bplot sin agus mur fuair a dhias mac féin ciontach do chuir a gcinn dá mbuain díbh. Gidheadh ní raibh Collatinus chomh díbhfheirgach agus sin leis an bpíonús cédna do thabhairt do na ciontaigh do taobhadh ris, agus dá bhrígh sin thug Publius Valerius píonús dáibh, agus fuair mur athchuinge Collatínus do dhíbirt; agus do rinneadh consul de féin i gcomhpháirt le Brútus, agus annsin do leagadar re lár pálás an rígh agus do roinneadar a mhaoin i measg na sluagh. Ní fada 'na dhiaidh sin go ttáinicc Tarquinius i gceann slóigh mhóir Etriúrach a naghaidh na Rómhánach. Agus isan gcath thugattar dá chéile do thuit Aruns mac Tarquinius agus Brutus le chéile. Gidheadh do bhí an bhuaidh ag na Rómhánaigh. Annsin do bhí Valerius 'na chonsul 'na aonar agus dorinne mórán do dhlighthibh tairbheacha don phobal choithchionn. Thug fós cead do gach duine, aenneach dá mbeith go follusach 'na thiaránach do mharbhadh ... Dá éis sin do rinneadh consul in ionadh Bhrutus do Lucresius athair Lucresia, acht do fuair bás go grod dá éis sin, agus do cuireadh Marcus Horatius ina ionad. Is anna aimsir do rinne na Rómhánaigh an céd shithcháin leis an gCartagenia. An bhliadhain dá éis sin ar mbeith do Mharcus an dara feacht 'na chonsul ... tá inice Porsenna rígh na Clusium le harmáil go n-ionsaigheadh sé cathair na Rómha leis an ríghacht do bhúain ... Do chuaidh na consuil le cuid dá sluaghaibh .. ar aon iad, agus do chuir na hEtriúrigh ruaig orra féin ... soiche an droichiod; is annsin do sheas óigfhear calma dar bh'ainm Horatius Cocles ar cheann an droichid idir na Rómhánaigh agus a namhaid agus do chosain iad ar an tsluagh go hiomlán nó go ndeachadar tar an droichead ... iomlán. Iar sin tug spoir dá each gur chuir do léim isan Tiber í gur snáimh don taobh anonn dí go ráinicc a mhuintir féin iar mbriseadh an droichid roimhe. An bhliadhain dá éis ar mbeith do Valerius Publicola agus do Horásius Pulvillus 'na gconsuil do chuiriodar ruaig ar Phorsenna agus do mharbhadar uimhir mhór dá mhuintir. Gidheadh ní cian go ttáinicc ar a ais le sluagh rolíonmhur gur chuir campa an dara feacht leis an gcathair, agus go raibh ag déanamh móráin díghbhála do na Rómhánaigh. Is annsin
dorinne óigghaisgeadhach Rómhánach ceangal agus conradh le trí chéd eile dá shamhuil féin d' fheraibh adu ... go campa Porsenna; culeacha Etrúireacha do ghabháil iompa agus Porsenna do mharbhadh. Mutius Cordus dob ainm dhó. Agus a ngluasacht dáibh ar an turus sin do chuaidh Mutius go pailliún Porseanna agus ar tteacht asteach do chonnairc príomhfhear comhairle an rígh; mur mheas gurbh é féin do bhí ann do ling chuige agus do chuir sáthadh dá dhuigér tréna chroidhe gur thuit 'na chorpán marbh ar an láthair. Leis sin táinicc mórán don namhuid 'na thimchioll agus do ghabhdar é agus i measg cháich táinicc Porsenna féin. Arna fhaicsin do Mhútius nach é ro mharbh do chuaidh do léim chum tineadh móire do bhí arna hadhnadh agus do thiomáin a lámh dheas anna lár agus do chuinnigh annsin dá dógh í. Do ghlac iongnadh comh mór sin Porsenna ar bhfaicsin méd a chródhacht agus a dhíbhfheirge dó gur thárthaigh é agus ar gclos dó go raibh trí chéd eile dá shamhauil sin ar a thí, do rinne sithcháin ris na Rómhánaigh agus do ghluais dá chathair féin. I ndiaidh bháis Phublicola do chuir na Saibínigh cogadh orra go ttángadar go cathair na Rómha. Gidheadh do chuir Posthumius agus Memenius bhí 'na gconsuil ... nó gur mharbhadar iliomad díobh, gur iarradar síthcháin agus do ... sin. Dá éis sin ar mbeith do Posthumius Coimínus agus ... treasguir ... dáibh so arna ndíbirt .. tar ... mall tar abhainn na Rhéine ... iar gcur na coda eile chum báis díobh do ... rinneadar casaoid re Caesar agus tháinicc dá thartháil ... táinicc in amharc na namhad d'iarradar síthcháin go ha ... déanamh air agus iarna tabhairt sin dáibh do bhrisiodar .. do mharbhdar 60 marcach do mhuinntir Chesair do ... An uair do chonnairc Cesar sin do ghluais dá n-ionnsaidhe ... tais do dhéanamh orra, agus tar cheann go ttáinicc a ttaoisigh .. ag iarraidh maitheamhnuis an mhíghníomha sin do thug ionnsaidhe dhibhfheargach orra iar gcur na ttaoisioch sin i ngeimhiol dó ... agar orra ionnus nach deachaidh beo ar a n-ais do 430000 tar abhainn na Rhéine dhíobh acht na taoisigh do bí i láimh dochum uathbháis do chur ar an gcuid eile do na Gearmáinigh ... taobh anonn d'abhainn na Rhéine ar dhroichiod clár ... a dhéanamh, agus iar losgadh agus iar gcreachadh gach áiti .. tháinicc tar ais
don Fhrainc maille le mórán creach ... chuid na nGearmáinneach. Is annsin do chuir a chabhlach in or don Briotainne mhóir agus ní dochum cogaidh do cur orra, ach dochum na críche sin do bhreathnughadh, agus ar mbeith ag ullmhughadh a chabhlaigh dhó in áit dá ngoirthí Terrovenu ar aghaidh Kent ... bhfochair .. don chuan sin dob iongnadh ... ail le lucht na críche i bpearsannaibh - ... r chuige roimhe sin - mur do chonnairc an cuan .. líonta le mílidhibh armtha ar innioll troda 'na chuinne .. bhegán slóigh do bhí i bhfochair Chesair an tan sin ... d'aimhdheoin na sluagh sin, óir níor bhféidir leo an ... chum trágha, agus ba doiligh fós dá mhílidhibh troid do ... himlinn. Gidheadh ní cian do bhádar an uair do thug fear brataigh nó standaird do mhuintir Cesair léim do bhord loinge sa bhfairge agus d'fhuagair do ghuth ard do gach aon lér mhian clú Ró>mhánach do chosnamh é féin do leanmhuin. Leis sin do ling ... cách 'na dhiaidh. Tháinicc annsin an marcshluagh Briotaineach agus thar ceann go raibh na Rómhánaigh gan eachraigh, agus iad in uisge suas go himlinn, do throidiodar go cródha nó gur lion ...do mhilidhibh do thug cabhair do na coisighibh. Annsin do theith ... Ghabh Cesair gona bheagán sluaigh talamh agus d'umhlaigh ... go hiomlán dó; agus tugsan síthcháin dóibh. Do chuaidh Cesair iar sin ar a ais don Fhrainc agus fuair lucht na críche sin uile ag du ... Lucius Cotta gona légiún arna ttreasguirt go felltach ... a Francach nó Gailiceach dar b'ainm Ambiorix, thug Cesar .. asg agus chuir fo smacht uile iad. Annsin do thug ruathar ann ... Do bhrígh gur chuir na hAisírigh agus na Babilónaigh go grod dá éis sin cuing na Méudaibh dhíobh, agus go raibh mórán díobh 'na ríghthaibh i ndiaidh Shardenapalus dorine mórán díghbhála dona Iúdaighibh, is mian leam trácht athchumair do dhénamh annso orra. Ar mbeith do lucht na Ninve dá gcrádh fo chuing an Mhéudaigh Arbaces, ní luaithe do chualadar dearbha ar a bhás ná chuiriodar prionnsa dá muintir féin dar bh'ainm Ninus anna ionad, i ndóigh go leanfadh an chéd Ninuis mac Beil .i. fear Shemiramís. Tig Castor agus Synicellus leis an ní so Chron: pag: 182. Chronographiae principium fecimus, et ad Ninum usque deduximus qui Regnum suscepit post Sardenapalum.
Acht gibé dorinne an Ninus so, is dearbhtha go ttáinicc ríghthe róchumhachtacha 'na dhiaidh do bhean an Bhabilón ar éigin do na Caldeánaigh, agus do rinne mórán uilc, agus urchóide do na Iúdaighibh. Ní fhaghmaoid amach créd an aimsir do mhair an dara Ninus so, acht go ttáinic Sochoras, agus Tilghath 'na dhiaidh in oighreacht na ríghe. Phul táinicc 'na ndiaidh sin, agus is air thráchtas an ceathramhadh leabhar do Leabhra na Ríogh cap.15. áit a n-abair go ttáinicc go crích Israel, agus go ttug Manahem míle talend airgid dó ar chonndar congnamh do thabhairt dó re sealbh riaghacht na hIsrael do chonghbháil anna láimh iarna buain amach go hégcórach seal roimhe sin dó. I ndiaidh Phuil tainicc Teglathphalasar. Is é sin tháinicc iar nglacadh tuarasdail mhóir d'ór agus d'ionmhais an teampuill ó Achas ag neartughadh ris go Damaschus a naghaidh rígh na Siria, agus do mharbh sé Rasin rígh na Siria agus thug a mhuintir i ngéibhionn go hAsiria ris. 'Na dhiaidh sin tháinic Salmanasar, agus is é, 4. Reg: 17, tháinicc go Samaria, agus iar mbeith trí bliadhna i bhfoslongport leis an gcathair ndaingin sin dó do bhean amach re foiréigion í; do thug an rígh agus a mhuintir i ngéibhinn leis, agus do chuir fo dhaingean cathracha Hela agus Háboir i gcrích na Media do bhí fona smacht an uair sin iad. 'Na diaidh sin táinicc Sennacherib. Is air so labharthar Lib. 5. Regum cap. 18 agus 19. Do tháinicc in aimsir an rígh fhírénta Ezechias re sluaigh líonmhura go crích na Iúdaigheach, do chuir foslongphort nó campaighe re Ierusalem, agus re Lachis in aoinfheacht .i. cathair í so re rígh na hÉgipte. Do chuir Ezechias teachta go Lachis chuige ag iarraidh air maitheamhnus do thabhairt dó trésan gcoir dorinne 'na aghaidh ag diúltadh ardchíosa do chur lena theachta chuige; agus uaidh sin amach go ndéanfadh gach ní do réir a thola dhó. Annsin d'iarr Senncheireibh bréagach mailíseach trí chéad thallend airgid, agus XXX tallend óir air, agus iar nglacadh an óir agus an airgid sin dó, do chuir sé Rabsaces le harmáil go Ierusalem dá buain amach. Ach mur do chonnairc Dia Israel a bhréaga agus a mhíchoinghioll, d'fhéach go trócaireach ar neamhchionta, agus ar fhíréntacht an rígh bheannaighthe Ezechais; do tháinicc aingiol Dé isan oidhche ar champa Rabseces os comhair Ierusaleim, gur threasgair céd agus ceithre fithchid míle dá mhuintir, gur b'éigion do Sheannacereib féin
maille le náire, agus le hathmhéala mhóir a champa do bhí aige re Lachis do thógbháil agus imtheacht le luas a gcos dá ttír féin. Agus go grod dá éis sin, ar mbeith don rígh mheabhlach sin ag adhradh a dhea bréige i tteampall Neseroch i gcathair Ninve, tháinicc dias dá chloinn féin .i. Adramlech agus Sarfar, do mharbh go fealltach é, agus iarna dhénamh sin dháibh do theithiodar go hArmenia ar bhfágbháil na hoighreacht ag an treas mac, Asaradon. Seacht mbliadhna agus trí fithchid roimh Asarodon do ghabháil na ríghe, do chuir na Caldeánaigh agus na Babilónaigh cuing na ríghthe Médach dhíobh mur so: A bhflaithios Artecarmis do bhí fear ionaid rígh uaidhe isan mBabilón darb ainm Nanibre, agus tarla go ttug an fear so masla do thiaghearna Persiánach go ndeachaidh lena chasaoid gus an rígh. Do gheall an rígh go ttiubhradh sásadh dhó, an chéad uair do rachadh féin go Babilón, agus níor choimhlín sé sin, óir do thug Nanibre bríb d'aon do phríomhchomhairleacha an rígh, do fuair mar athchuinge uaidhe gan labhairt ar an gcúis sin, gus mur sin do fágadh marbh í. An tan do chonnairc Persondas, .i. an tiagharna Persiánach, sin do ghabh fearg mhóradhbhal gur mharbh go fealltach Nanibre mar aon re comhairleach an rígh, agus do theith sé iar sin go tir na gCadusiánach atá i bhfogus don Mhuir Caispiain, agus d'innis do lucht na críche an t-adhbhar fá ndeachaidh dá n-ionnsaighe, agus d'iarr orra congnamh le cuing na ríogh Médach do chrothadh dhíobh. Agus ar mbeith rofhonnmhar dháibh, do ghealladar dhó gan congnamh dá raibh anna gcumhacht, agus leisin do thóigiodar cogadh rofhuilteach in aghaidh na Médach. Arna fhaicsin sin do na Babilóinigh agus do lucht na Caldea go hiomlán d'éirigh siad mur an gcéadna gur dhíbirsiod na Médaigh as a ttír agus gur chuiridar an choróin ar phrionnsa dá muintir féin darb ainm Nabonasar agus do chuinnighsiod ríghthe i ndiaidh a chéile .i. 76. Gidheadh do bhrígh nach bhfuil a ngniomha sin ná a n-éachta ar shliocht suadh ná seanchuis, ní thráchtfad acht ar an rígh déighionach díobh ar a labhhartar. 4.Reg cap. 20. i. Meredoch Baladan. Is re linn an rígh so táinicc Asaradon mac Shennachereib as an Ninve re sluaightibh móra agus do chuir longphort nó campa re cathair na Babilóine agus iarna gabháil do chuir an tír uile fo smacht agus fo chumacht na hAsiria mur bhí roimhe; 'na
dhiaidh sin do rinne sé gabháltais eile, óir do chuir sé armáil mhór go Hierusalem, do thug a rígh mallaighthe .i. Manases i gcuibhreach iarnaidhe go Babilón leo. Iar mbás Asaradon do ghabh a mhac Soasdochim dá ngoirionn an scriptúir Nabuchadonasar an ríghe sin na Ninve. Is é ... 11 an leanbh marbh do chur anna ionad; do aontaoigh Mitradates sin go fonnmhur agus ar mbeith don leanbh in aois deich mbliadhan, do rinne gníomh thug solus do chách ar uaisle a athardhacht; óir ar mbeith dhó go laetheamhail i measg aos óg a lucht comhaoise féin ag súgradh agus ag caitheamh aimsire mur is dual do leanbha, do thionsgain siad rígh do dhéanamh dhóibh féin. Agus ar bhfaicsin dáibh go raibh Cyrus - óir is é sin ainm tugadh air tar éis a athardhacht d'fhoillsiugadh dhó - ní ba dhána, ní ba fheardha, agus ní ba chródha ná aon neoch oile 'na measc, do rinniodar rígh d'aentoil de. An uair do hoirneadh eision mur sin do cheap a chúram nó a oifige féin do gach aon fo leith don aos óg do mheas a bheith fona smacht agus do bhídar uile umhal dó acht amháin mac tiagherna do mhuintir an rígh Astiages, aga raibh teach tuaithe isan mbaile bheag anna raibh Cyrus, dar b'ainm Artambares. Agus ar bhfaicsin easumhlacht an leinbh sin ba hóige ná é féin do Chyrus adubhairt leis an aos óg eile a chonghbáil gur chuir ar mhuin aoin acu é agus do bhí sé dá sgúrsáil nó gur leig fuil go talamh leis. Iar sin d'imghidh an leanbh agus é ag gul go hard go ndearnaidh casaoid rena athair féin. Do ghluais sin fearg agus anmhian an athar gur chuir tóruighacht ar Chyrus agus ó nár fríth é do bhrígh go ndeachaidh i bhfolach, do thug Artambáres a mhac ris agus do thaisbéin don rígh é; leis sin do chuir an rígh teachta ar chionn Chyruis, agus ar tteacht do láthair dó d'fhiafraigh de créd far lámh sé mac tiaghearna comh mór leis sin do bhualadh agus do mhaslugadh mur do rinne sé. Do fhreagair Cyrus go misneamhuil dána é agus adubhairt ris gur cóir a smachtughadh, óir níorbh áil leis géilleadh ná umhlacht do thabhairt dá rígh. "Créd an rígh sin?" ar Astiages. "Mise féin," ar Cyrus, "óir gidh gur thogh an t-aos óg mur rígh ós a gcionn mé, níor fhaomh seision a chúram féin do réir mur cheapas dó a choimhlíonadh, ná umhlacht do thabhairt damh." Is annsin tug Astiages gnúis, dánacht, agus deaghdhéanamh an leinbh dá aire agus do mheas go cinnte ar an láthair nár
bhféidir do Mhitradates a shamhail do mhac a bheith aige, agus dá bhrígh sin do ghoir chuige in uaignios é, agus d'iarr air i bpéin bháis a innsin go fírinnioch dhó cá bhfuair sé an leanbh? Ar nglacadh uamhain mhóir agus uathbháis Mitradates, d'innis ó thús go deireadh fírinne an sgéil dó. Annsin do chuir Astiages fios ar Harpagus, agus d'fhiafraigh dhe créd do rinne sé leis an leanbh do sheachaid sé dhó? Adubhairt Harpagus gur chuir sé cúram a mharbhtha ar an bhfear cédna do bhí ar an láthair. "Is fíor sin," ar Astiageis, "is maith liom go mairionn mac m 'inghine agus tabharaidh dom chúirt féin é," ar sé, "agus adubhairt le Harpagus a mhac do chur chuige an lá cédna le comhluadar agus cuideachta dá leanbh féin, agus "bídh féin ag proinn um fhochair féin anocht," ar sé. Do ghluais Harpagus go lúthgháireach dá thigh, agus iar gcur a mhic go cúirt an rígh dhó, do tháinicc féin um nóin 'na dhiaidh, agus ar mbeith ag caitheamh proinne i bhfiadhnuis' an righ dhó, tugadh pasté chuige, agus iar n-itheadh coda dhe, d'fhiafraigh an rígh dhe ar thaithnigh a bhlas leis. Adubhairtsion gur mhaith a bhlas. Annsin d'ordaigh an rígh cosa, lámha, agus ceann a mhic féin do thabhairt i bhfiadhnuis' Harpaguis agus adubhairt leis gurab í feoil a mhic do bhí isan bpasté. Adubhairt Harpagus go suaimhneach stuidérach nár cheart dó féin locht d'fhagháil ar aon ní budh toil lena rígh. Gidheadh do bhí buaidhreadh agus dólás mór anna inntinn an tan sin, agus rún díoghaltais dá ttigeadh leis a dhénamh acht go ndearnaidh rún air nó go bhfuair uain agus aimsir an iomardaigh. Do chuir iar sin Astiages arís cruinniughadh ar dhraoithe agus lucht saobhfheasa na críche, agus d'fhiafraigh díobh créd budh cóir a dhéanamh re Cyrus? nó an raibh ádhbhar eagla air féin go ttiucfadh dhó an ríghacht do bhuain amach? Adubhradar na draoithe nach raibh baoghal air, óir gur coimhlíonadh brígh na haislinge, an tan do thogh an t-aos óg mur rígh ós a gcionn féin é. Arna chlos sin don rígh do rinne dimbrígh dhe, agus do chuir d'ionnsaighe a athar agus a mháthar féin go crích na Persia é. Do bhí cródhacht, críonnacht, agus calmacht Cyruis ag fás rena aois fheardhacht, ionnus go ndeachaidh cliú a neirt agus a chródhacht ar feadh na gcríoch fa choimhneasa dhó ar ttús agus 'na dhiaidh sin fo chríochaibh iomchiana na cruinne. Arna chlos sin do Harpagus do mheas a dhíoghaltas do chur
i ngníomh, agus do sgríobh leitir go Cyrus agus do chuir chuige i mbolg míl muighe í, ag iarraidh air misneach do ghlacadh rén' ais, agus go bhfuigheadh féin congnamh urmhóir uaisle na ríghachta dhó le tiaránacht Astiages do chosg agus leis an ríghe do bhuain re héigion de. Leis sin do chruinigh Cyrus sluaighte móra isan bPersia ar sealbhachus conganta do thabhairt don rígh a naghaidh a námhad, agus ar mbeith in aonáit i gceann a chéile dháibh, do chuir cruaidhobhair ag tochailt agus ag iomchar talmhan orra an chéad lá, acht an dara lá thug sé fledh agus fésda mór dháibh. An treas lá d'fhiafraigh sé dhíobh créd an roghain do ghlacfadís .i. a bheith ag obair mur bhídar an chéd lá nó a bheith mur do bhídar an dara lá go meadhrach ag caitheamh fleidhe agus fésda? Do fhreagradar é uile d'aithiosg aoinfhir ag rádh go m'fhearr leo go mór a bheith mur bhídar an dara lá. "Más eadh," ar sé, "leanaidh mise, agus do bhérad suaimhnios sógh agus saidhbhris daoibh féin agus da bhur sliocht ar ndiaidh." Adubhradar uile go leanfaidhdís gan mhaill é. Ar gclos dálaibh Chiruis do Astiages, do chuir cruinniughadh ar a mhórshluaghaibh féin as gach aird le dul 'na aghaidh, agus mur bhí mírath agus míshén i ndán dó, is é Harpagus do thogh le bheith 'na árdthaoiseach nó 'na ardmhariscail ar a shlóigh go hiomlán. Quos Deus vult perdere hos dementat. Agus iar sin do chuir teachta d'ionnsaighe Chíruis le rogha chuige gan teacht dá thír ar aenchor. Acht níor ghlac Cyrus an rogha sin uaidhe, óir do ghluais gan mhaill go ráinig críoch na Media, agus arna fhaicsin do Harpagus do tháinicc maille le mórán dá shluagh chuige, agus an dream díobh d'fhan i bhfochair an ríbh níor throidiodar acht go fann do bhrígh .... tiarántacht, ionnus gan morán duaighe gur briseadh ... agus gur theith féin agus an mhéid do ghabh leis go príomhchathair na Media agus iar gcruiniughadh slóighte eile dhó thug an dara cath do Chyrus agus do briseadh arís air, agus do rinneadh príosúnach dhe féin, ní do chuir lúthgháire mhór ar Harpagus, agus do chuir sé i gcuimhne dhó mur do thug feoil a mhic re hithe dhó, agus d'fhiafraigh de ar thaitnigh a staid féin an uair sin leis. Is mur sin, más fíor do Herodotus, do chaill na Médaigh a ríghdhacht agus a gceannus go bhfuair na Persiánaigh ar éigin í, iar mbeith do Astiages .XXX. bliadhna ina thiaránach os a gcionn.
Ní luaithe do cuireadh coróin ar Chyrus ná thug lucht na Média agus na Persia móid umhlachta dhó, agus do chuadar leis gan mhaill ag cur cogaidh ar Cresus rígh na Lídia, áit atá idir abhainn Hális agus Muir Euxin. Lidus dob ainm don chédrígh do bhí ar an gcrich sin ó ngoirtear Lídia dhi; agus i ndiaidh a shleachta sin do bhí Argon mac Ninois mic Bélois mic Alceuis don treibh dá ngoireadh Heraclidibh do shliocht Hercules 'na ríghthibh uirre agus an rígh déighionach díobh sin dar bh'anim Gandaules do chaill sé go míghnaoidheamhuil an ríghacht mur so: Ar mbeith pósdaigh ag mnaoi ro-áluinn, do bhí a ghrádh comh mór agus sin di go mbíodh ag síorthrácht le gach duine ar a sgéimh, agus i measg cháich le fear gráidh dó féin dar bh'ainm Giges agus do chuir air sin dá aimhdheoin é féin d'fholach anna seomra lena faicsin nochtaigh ar ndul anna leabaidh dhi, agus do rinne sé mur d'iarr air. Acht ar ndul amach dhó, do chonnairc sise é, agus d'innis sí don rígh go bhfacaidh fear éigin ag dul amach as an tseomra; adubhairt an rígh léidh gan suim do chur ann, óir gurab é féin a d'iarr ar Ghiges theacht ag amharc uirre ar mbeith nochtaidh dhi. Gidh do chuir sin fearg mhór ar an mbanríghain, níor labhair sí nísa mhó air an ní sin go ttáinicc an lá arna mhárach. Agus annsin do chuir fios ar Ghiges agus thug sí isteach dá seomra é, agus adubhairt ris "ó thugais masla damsa le humhlacht don rígh," ar sí "bíodh do roghain do dhá ní anois agad .i. meise agus an ríghacht má mharbhann tú an rígh, nó bás d'fhulang sul bhfágaidh tú an áit so le lámha mo shearbhfhoghantaigh atá ag dorus an tseomra so. Agus gidh gur leasg leis do ghlac sé an an chéd roghain, agus an oidhche chédna ar mbeith 'na chodladh don rígh, do thug sise sgían do Ghiges lér mharbh é. Iar sin do phós an bhanríghain é agus do bhí 'na rígh ar an Lídia, agus is dá shliocht an Cresus so ar a bhfuilim ag trácht do chuir cogadh ar Chyrus. Óir an tan do chualaidh gur bhean Cyrus a ríghacht le héigion do Astiages, do mheas gurbh fhéidir leis an Mhédia agus an Phersia do bhuain de agus go mbeith féin 'na airdrígh orra, agus do bhí an uiriod si dóchuis aige as cródhacht agus as neart a mhuintire gur shíl nach beith toirmeasg mór ar bith leis sin do thabhairt chum críche gan mórán maille. Agus ar ttús do rinne sé cairdios agus comhcheangal le rígh na hÉigipte, agus agus leis na Lacedemóinigh; do rinne annsin comhcheangal ... agus
Iupiter Hamon, agus ar mheas dó go raibh freagra fabhrach ... do ghluais le harmáil mhóir throitheach agus mharcshluagh go bruach aibhne Halos go ndearnaidh droichiod uirre, nó, mur deir drong eile, gur tharring an t-uisge as a áit, agus go ndeachaidh d'ionnsaighe Chyruis ar an taobh eile dhi. Agus ar dtús do chuaidh go Capadocia agus do ghabh sé an chathair sin dar bh'ainm Ptérium maille mórán do bhailtibh ba lugha áireamh ná sin, agus do bhrígh gur mhó agus gur líonmhuire a shlóigh ná shlóigh Cyruis an tráth sin, níor chomhnuidh go ttugadar cath fuilteach fíorchalma dá chéile gan fios buadhe ag ceachtar díobh iar mbeith ag tuarguin agus ag treasgairt a chéile ó thús laoi go teacht oidhche dhóibh, gur sguiriodar ar gach taobh gan chead dá chéile. Adeirid aroile úghdair bharántamhla gur mhó agus gur líonmhuire go mór slóigh Cyruis, agus gurab uime sin do bhí muintir Cresuis arna mhárach ag murmur go mór 'na aghaidh fona thír féin d'fhágbháil agus a dhul go tír námhad ba threise agus ba lionmhuire slóigh ná é, agus gur chomhartha mearaighthe céille an bheart sin nó go háirighthe gur chosmhuil dó a bheith tuirsioch dá shaoghal féin agus a mhuintire. Arno chlos din do Chrésus agus go bhfacaidh sé gur chruinnigh Cyrus a shlóigh i seilbh ionaid an chatha arís, do ghluais go prap ar a ais i muinghin go ttiucfadh arís an t-earrach dá éis sin maille le congnamh slóigh ón Égipt, agus ón Lacedemonia, agus níor chomhnaigh go ndeachaidh go Lidia .i. dá ríghacht féin. Agus iar sin do scap sé a shlóigh go ndeachaidh cuid mhór díobh i gcomhnuidhe gheimhridh go háitibh imchiana ón gceannchathair anna raibh sé féin, agus sin i muinghin go mbeith uain aige ar a gcruinniughadh i ttús an earraidh le gluasacht arís isan Márta a naghaidh Cyruis. Gidheadh ní luaithe do spíon sé a mhuintir mur sin, agus dob áill leis féin agus don mhéid de shlóigh do bhí 'na fhochair sgíth chomhnuidhe do dhéanamh ná do fuair sgéla cinnte Cyrus gona mhórshluaghaibh do bheith i gceartlár a ríghacht isan Lídia istigh. Arna chlos sin do Chresus do ghlac uamhan, agus uathbhás mór. Agus ní raibh slighe tárthála aige acht cruinniughadh do chur ar an méd dá shlóigh ler b'fhéidir teacht chuige leis an aimsir ghearr do bhí aige le hé féin do chur in innioll cosanta. Agus ar mbeith do Chyrus ag teacht dá ionnsaighe do chuir córughadh catha ... sin, agus ar gcur an mharcsluaigh i ttús an chatha do
shíl sé ar a bhfeabhus go mbrissdis gan mhaill ar shlóigh Chyruis, agus ní meallfaidh anna chédfaidh é muna mbeith an chomhuirle thug Harpagus do Chyrus .i. na hualaighe do bhuain anuas do na camhaill, agus a mharcshluagh do chur orra i ttús an chatha. Agus ar ndul isan n-ionnioll sin isin gcath dáibh in amharc mharcshluaigh Chresuis do ghabh sgéin agus sgáth a neachradh ar bhfaicsin na mbeathadhach gcoimhidhach sin dáibh go nárbh fhéidir a gceannsugadh nó gur scionniodar le gealtacht as amharc na gcámhall óir adeirtear go coitcheann nach bhfuilingid eachraigh boladh ná amharc na gcámhall. An tan do chonnairc marcshluagh na Lidia nach raibh ar a gcumas a n-eachradh do thabhairt chum troda a naghaidh na gcámhall, agus go raibh a ttroitheacha nó a gcoisighthe isan am céadna dá ttreasgradh gan coigill le sluaghaibh Chyruis, do thuirlingiodar agus do rinneadar ar a gcosaibh comhrac cródha calma nó gur claoidheadh fa dheoidh le hanneart, agus le haniomad namhad iad gur bha héigion dáibh briseadh do ghlacadh. Agus iar bhfágbháil iliomaid dá gcuraidhibh cródha ceartchalma marbh isan ár dháibh do theithiodar isteach go Sardis ceannchathair na Lídia. Iar bhfagháil buadha an chatha sin do Chyrus níor chomhnuidh a bhfad isan machaire acht do thug tóruighacht dhlúth do Chresus agus dá shluagh brisdigh gur chuir campa timchill le cathair Shardis. Agus iar mbeith ceithre lá décc ar aghaidh na cathrach mur sin dó, gan maith ar bith do dhéanamh, dob fhóbhair dó drochmhisnioch agus édóchus do ghlacadh óir iar mbreathnughadh neirt an bhaile dhó do mheas dár leis nár bhféidir a ghabháil. Annsin do chuir sé bollscairidh i measg na slógh dá fhoillsiughadh dhóibh go ttiubhradh luach saothair agus tuarusdal don chéad duine dá mhuintir do rachadh isteach tar bhalla na cathrach nó do ghéubhadh bealach le dul innte. An oidhche dá éis sin do bhí aon do na saighideoiridh ag breathnughadh taoibh don bhalla ar nach raibh garda ar bith arna mheas do lucht an bhaile nár bhféidir d'aonneach isan domhan dul a naghaidh cairge ró-áirde do bhí sínte ris an mballa ar an taobh sin. Gidheadh, ní cian do bhí an saighdeoir ann an uair do chonnairc sé mílidh armtha do muintir Chresuis ag seasadh ar an gcarraig sin, agus le hamharc dá ttug faoi do thuit a chlogadh re fánadh na cairge go ndeachaidh ar an taobh amuich go talamh. Iar sin do leig é féin síos ris an gcarraig chédna, agus iar thógbháil a chlogaid do chuaidh ar a ais le dreapuireacht go
fíormhullach na cairge arís agus as sin isteach isan gcathraigh. Do ghluais an saighdeoir d'ionnsaighe a charad iar sin, agus d'innis dáibh go bhfuair féin slighe mhaith neamhchontabhairtach le dul isteach isan gcathraigh; do ghluais dream mhór leis annsin go bun na cairge; do chuaidh féin agus cuid díobh suas ar a mullach, agus an uair do chonnairc an cuid eile sin do lean dream bheag ar ttús é, agus 'na ndiaidh sin dream eile; acht fá dheoidh do bhí buidhin mhór dhíobh thuas, agus ar mbeith do lucht na cathrach suaimhneach do chuadar sin isteach innte, agus iar ngabháil seilbhe na ngeataidhe do bhídar ag tuargain agus ag treasguirt lucht na cathrach gan géilleadh d'fhear óg ná shean, do mhnaoi ná do leanbh, nó go rángadar pálás rígh Cresus, áit a ttarla ní iongantach dhóibh. Óir ar mbeith d'aon acu ag tarraing a bhuille chum an rígh do mharbhadh, do labhair aonmhac an rígh do bhí isan láthair, agus do bhí 'na phrionnsa áluinn dheaghmhaisioch do mheas cách a beith ó bhruinn 'na bhalbhán, óir níor labhair aenfhocal iriamh nó go ndubhairt leis an tí do bhí ar a bhuille; "an rígh atá ann, ná marbh é." Leis sin do choisg an t-óglaoch acht go ndearnaidh príosúnach don rígh, agus go ttug go láthair Chyrus é, agus is é breitheamhnus tug Cyrus é féin agus ceithre fir dhécc d'árduaisle na Lydia do losgadh beo ar an láthair, agus an tan do hadhnadh teinidh mhór chunnaidh chum an uilelosgadh sin do dhéanamh, tugadh Cresus ceangailtidh le hiarainn dá láthair, agus arna fhaicsin dó adubhairt do ghuth ghearánach dhólasach: "Sólon" Sólon! Sólon!" Ar gclos a ghotha do Chyrus do ghabh mian mór é chum fhios d'fhagháil créd an tí ar ar ghoir sé isan éigion sin. D'innis Cresus dó gur fallsamhnach feasach fíorfhoghlamtha bhí isan Atéin dar b'ainm Sólon adubhairt leis nár chóir dó meas ná áireamh do bheith ar dhonus ná ar shaidhbhrios aige, ar ágh fós nár ar fhortún dá mhéd ar an tsaoghal nó go mmbeith fios aige créd an chríoch do bheith air agus "Agus anois thuigim, ar sé, gur fírinneach gach ní dhá ndubhairt sé." Arna chlos sin do Chyrus do ghlac truaighe dhó, agus iarna shaoradh ón mbás sin adubhairt leis go ttiubhradh énbhiadh, agus énbhord leis féin ar feadh a shaoghail dó. Iar sin do tháinicc muintir na Lidia, agus thíorthaibh eile do chuir Cresus go nuadh roimhe sin fo chuir agus fo smacht, le humhlacht agus le hárdchíos chum Cyruis. Do ghlac sé sin ó mhuintir na Lidia acht do dhiúlt sé ó lucht na gcríoch eile é tré mur do dhiúltadar
congnamh a naghaidh Chresuis do thabhairt dó. Agus d'innis sé fáthsgél mur fhreagra do na teachtairibh .i. go raibh iasgaire áirigh ar bhruach abhann, agus do shinn a phíopa a ndóigh go ttiucfadh na héisg ar thalamh thirim ag déanamh spóirte agus damhsa dhó. Agus an uair do chonnairc sé nach ttángadar chuige mur do shíl do chuir a líonta amach agus do ghabh sé go leor dhíobh, agus iar na ttarraing iníos as an uisge dhó dob áil leo spóirt agus damhsa do dhénamh dhó. Agus adubhairt san riú; "ó nach dearna sibh sin in am nó an uair a d'iarrus é oraibh, ní ghlacfad in antráth é". Agus as a haithle sin do chuir sé Harpagus i gceann mhórshlóigh dá ttíribh gur chuir fo bhruid agus fo dhaorchíos iad gan choigill. Iar sin do ghluais Cyrus in aghaidh na hAsiria, agus do bhrígh gurba hí an Bhabilón ba cheannchathair chomhnuidhe do ríghthibh na hAsíria an tráth sin, ní raibh isan domhan go háirighthe ó scriosadh cathair Ninve baile ba háille agus ba shaidhbhre ná í, agus is uime sin do chinn Sírus ar a gabháil. Do réir na fáidhe Daniel is é Darius Médach do tháinicc i ndiaidh Bhaltasair do bhí an tan sin 'na rígh ar an mBabilóin, agus ba Bhabilónach do thaobh a mháthar é, agus Médach do thaobh a athar, agus is leis do treasgradh an rígh déighionach do shliocht Nabuchadonosair. Arna chlos do Dhárius, nó do Labentus do réir Heredotuis, go raibh Cyrus gona shluaigh dá ionnsaighe do chuir gairm ar a shlóigh, agus iarna gcruinniughadh dhó chuaidh sé amach as an gcathair ag tabhairt chatha do Chyrus agus iar mbeith do na slóigh naimhdighe sin seal fada ag tuargain agus ag treasgairt a chéile do briseadh ar Dharius agus ar a mhuintir, agus do theith féin go cathair Bhorsepi iar bhfágbháil a mhuintire 'na dhiaidh cuid mhór dhíobh marbh agus cuid ag imtheacht le luas a gcos go Babilón agus go háitibh eile. Dála Cyruis ní dhearnaidh sgíth ná comhnuidhe gur chuir campa timchill re Babilón, acht, gidheadh, ní luaithe do bhreathnaigh sé neart a ballaighe agus a daoine ná do thuig sé nár bhféidir a gabháil ar éigin, agus dá bhrígh sinn do thionnsgain sé slighe eile gliocuis do ghlacadh. Do bhí abhainn na hEufráite ag snighe tré lár an bhaile; do rine Cyrus comhairle rena mhuintir créd an modh a bhfédfaidh an sruth do thógbháil dá mháthair. Adubhairt Cresus - bhí 'na fhochair an tan sin - leabaidh eile do thochailt ar an taebh amuich dá champa ó bhél an easa nó ón ionad i raibh ag dul
isteach isan gcathraigh agus iarna dhéanamh sin do thiormaigh an tslighe óna champa isteach don bhaile, agus leis sin do bhrúcht Cyrus agus a mhuintir ar lorg an uisge go ndeachadar isteach i lár na cathrach gan fhios do lucht na cathrach féin ar mbeith dháibh ag caitheamh fleidhe agus fésda um iodhbairt shollamhanta shollomanta éigin do bhí dá hofráil an lá sin acu ionnus nár mhothaighdar ní nó go raibh leath an bhaile arna ghabháil gan fhios dáibh. Ba dhiáirmhe méd an áir do rinneadh orra; ní féidir fós méd an arguin d'innsin ná teasdas do thabhairt ar an iliomad maoine agus édála, ionnmhuis, óir agus airgid do thugadar leo as an gcathair shaidhbhir, shádhail, arduaibhrigh sin, óir ní raibh an uair sin isan domhan a samhuil i saidhbhrios ná a neart. Acht atá ní cheana, do fuair Cyrus le buaidh an lae sin a bheith 'na áirdrígh gan fhreasabhra ar an Asia uile .i. ar an bPersia, Armenia, Media, Syria, Cylitia, Caldea, Mesopotamia, agus ar an bPalistín, agus fós, ar gach tír eile dár bhean riú sin. Acht gidheadh, níor choisg sin a ainmhian, óir do chin go grod dá éis sin ar na Mesageitibh nó arna Sgíthiochaibh do chur fona smacht; is annsa tír sin chomhnuighios na Cosacaibh, agus na Crimtartair anois .i. an taobh i ttuaidh do chóstaighibh Mhara Caspiain, an taobh thall d'abhainn Araxes. Agus do bhí bladh mhór talmhan anna seilbh ó Chnoc Cacausus soir go tír Cham an Tartair, agus cuid mhór do na tíortha atá amuigh i seilbh impir na Muscóvia. Do bhádar an uair sin fo stiúr agus fo smacht banghaisgidh darbh ainm Tomyris do bhí an tan sin 'na bantreabhaigh. Do chuir Cyrus teachta le sgéla cealgach chuigthe sin ag cur i gcéill di gur mhian leis a pósadh, acht do thuig sise an cheilg sin, agus dá bhrígh sin adubhairt sí leis na teachta a innsinn do Chyrus gur iarr sí air a bpéin a bháis agus a bheagshaoghal gan dul isteach tar tóruinn anna tír féin. Ní luaithe fuair Cyrus fios an fhreagra sin ná do ghluais féin agus a shlóigh doáirmhigh go ráinicc go bruach aibhne Araxes, agus ar mbeith dhó ag tionsgnadh droichid do dhénamh uirre, do tháinicc teachtaire ó Tomyris chuige d'innis dó go ndubhairt an bhanríghain leis ó bhí a shaint agus a anmhian chomh dochoimsigh sin agus nárbh fhéidir leis a bheith sásda leis an ríghachtaibh mhóra do bhí cheana aige, nó go bhfaghadh a ríghacht féin, gan duaigh ná dochar do thabhairt dó féin ná dá mhuintir ag dénamh droichid, óir go ttiubhradh sí uain shé lá dhó le dul gan toirmiosg ar bith tar
an abhainn, nó go rachadh sí féin ar an taobh anonn dá ionnsaighe, agus go ttiubradh cath anna thír féin dó. Do rinne Cyrus comhairle ar an roghain thug Tomyris dó, gus do ghlac comhairle Chresuis do bhí an tan sin 'na fhochair adubhairt leis dá leigeadh do na Mesegeitibh nó do na Scitigh, do bhí dighbhálach gortach, teacht ar thalamh na Persia do bhí áluinn torthamhuil, nach bhfácfadh choidhche dá ndeoin í go háirighthe dá bhfaghadis buaidh an chatha. Ádhbhar eile fós go raibh sé náireach ag áirdrígh na hÁsia teitheadh roimh mhnaoi. Iar gcinneadh do Chyrus ar an gcomhuirle sin Chresuis ar a raibh meas mór aige, adubhairt le teachtaire Thomiris go rachadh féin dá hionnsaighe tar an abhainn anonn. Agus ar ndul tar an abhainn ar thalamh na Scítia dhó, d'ordaigh sé dá mhuintir mórán do thogha gacha bídh agus dighe d'ullmhughadh do réir mur do thug Cresius comhairle dhó, buird do chur 'na suidhe ar feadh an champa agus a bhfagbháil líonta do na biadha, agus do na deocha, do na fíonta dob fhearr acu. Agus annsin d'imghidar féin uile as an gcampa, acht fíorbheagán buidhne d'fhágadar le taisbénadh cealgach cosonta do dhéanamh, agus do chuaidh Cyrus féin le corp an champa i luidheachán roimh an námhuid. A moch na maidine arna mhárach do chuir Tomíris a mac dar bh'ainm Spargabyses maille le trian a slóigh ag breathnughadh campa Chyruis chum teasdais ghrinn do tabhairt chuigthi. Do ghluaisiodar gan toirmiosg go rángadar ionad an champa gur threasgairsiod agus gur dhícheannsiod an méid d'fhág Cyrus dá mhuintir ann agus iar bhfaicsin an bhídh iar sin dóibh, d'ionsaighdar go cíocrach é, agus d'ithiodar a leordhaoithin de, agus do chomhnuighdar iar sin ag ól an fhíona nó gur thuitiodar le meisge agus le codladh mur dhruing mhairbh ar an láthair. Leis sin tháinicc Cyrus go tobann orra agus do marbh gan duaidh ná docamhal ar bith mórán díobh, agus do rinne braighde don chuid eile dhíobh, agus 'na measg sin do bhí Spargabíses .i. mac Thomiris agus é ar meisge. Agus an uair do mhúsgail as an meisge, agus go ttug dá aire an bheart mhíchródha mhí-onórach do rinne sé féin lér fágadh ceangailte creapuilte ar lámha namhad é, d'iarr mar athchuinge ar Chirus cead do thabhairt a lámha do scaoileadh, agus an uair do fuair a lámha ar a chumus do sháith sé scian tréna chroidhe féin gur mharbh ar an láthair é. An tan do chualaidh Tomíris bás a mic, agus an t-ár do rinneadh
ar a muintir do chuir teachta go Cyrus le hiomardadh imdheargthach ag rádh ris gur tár neamhchródha neamhuasal an gníomh sin do rinne sé; gur chosmhuil dá mhailís, dá mhirún agus dá cheilg nach ag iarraidh deighchliú ná caithréime mar laoch uasal do bhí sé, acht mur mheathánach fhealltach ag iarraidh fola do dhórtadh, agus a d'iarr sí air go feargach a tír d'fhágbháil gan mhaill nó go ttiubhradh sí a dhaoithin dá fhuil féin, agus d'fhuil a mhuintire dhó. Adubhairt Cyrus léidh a díthchioll do dhénamh. Iar tteacht do na teachtairibh sin ar a n-ais go Tomíris, do chruinnigh sí a slóigh as gach ard don ríghacht, agus do ghluais riu go ráinicc go hairm a raibh Cyrus agus iar mallughadh dá chéile dháibh do séideadh na stuic chatha ar gach taobh, agus tug sí cath curata, cródha, ceartchalma dhó, lér chuir deargár dochoimsigh ar a shlóigh gur briseadh orra, agus gur marbhadh é féin agus iar mbuain a chinn de, do chuir a lámha féin síos i ndabhaigh bhí lionta d'fhuil é, ag rádh na mbriathar so: "Satia te sanguine quam semper sitivisti, et cujus insatiabilis semper extitisti" .i. Sásaidh thú féin leis an bhfuil, le nárbh fhéidir leat fós do thart domhúchta do chosg. Mar sin do cuireadh críoch ar bheatha Chyruis iar mbeith 29 mbliadhna i bhflaithios dó. Is mur so chuirios an seanúghdar Herodótus agus seanúghdair eile síos beatha Cyruis tar cheann a n-abair úghdar an leabhair bhig, mhaith, dá ngoirtear Eachtar nó Imtheachta Chíruis, Syrus's travels. Óir is chum siompla móráltacht, foghlama, eagna, agus deaghbhés do thabhairt don aos óg do ceapadh an leabhar sin mur Eachtra Thelamachuis agus ní chum cinntacht staire d'fhoillsiughadh. Gidheadh ní abruim go bhfuil gach ní annso 'na dhearbhfhíruinne acht nach bhfaicim aon stair eile ar an bhfear so dár cosmhula a bheith fírinneach iná an ní chuirios na seanúghdair dob fhoicse dhá aimsir síos. Iar marbhadh Chyruis mur dubhrus thuas do chuaidh an mhéid dá shlóigh ler bhféidir imtheacht le luas a gcos ón ár go cathair Súsa isan bPeirsia agus iar n-innsin dáibh annsin gur marbhadh an t-áirdrigh Cyrus do ghabh a mhac .i. Cambyses an ríghe, agus níor chian dá éis sin gur fhógair cogadh ar rígh na hÉgipte dar bh'ainm Amasis. Is é ádhbhar .. nó damhna cogaidh
do bhí aige, inghean áluinn dheaghchrothach do bhí ag rígh na hÉigipte ar a raibh muirn mhór aige, agus d'iarr Cambyses mur mhnaoi dhó féin í, agus iar na theacht do láthair Amasis le tobhairtais mhóra do theachtairigh Chambyses níorbh fheas dó créd do dhénfadh, óir le méd a ghráidh féin ar a inghin níor fhéd sé sgaradh léidh agus dá ttugadh diúltadh do Cambyses dob eagail leis go ndéanfaidh díoghaltus díbhfheirgeach air. Agus ar mbeith i bhfad idir an chomhairle sin dó ag scrúdadh a inntleachta táinicc smuaineadh chuige go mb'éidir leis a inghion do chongbháil aige, agus Cambyses isan am cédna do shásughadh, óir do bhí Nitetis inghean Apries an rígh dhéighionaigh do bhí ar an Égipt - do mharbh sé féin go fealltach gráineamhuil, dochum na ríghechta d'fhagháil dó féin - anna chúirt an uair sin do bhí 'na maighdin ro-áluinn, agus do mheas go gcuirfeadh innioll agus cóir uirre go nglacfadh Cambyses a riocht a inghine féin í. Agus iar gcur rúin uirre féin, do chuir le teachtairidh Chaimbyses í, agus ar tteacht do láthair Chambyses di go ghlac go honórach lúthgháirioch í, agus iar gcur fáilte i riocht inghine Amásis 'na choinne dhó adubhairt sise gur mealladh go mór é, óir nach arbh í féin inghean Amasis acht inghean Aprieis an rígh dhlistionaigh, dar chóir agus dar cheart an Égipt, do marbhadh le hAmasis go fealltach, gus gur mur sin do fuair sé coróin na hÉgipte. Arna chlos sin do Cambyses do ghabh fearg adhbhalmhór é, agus do lúidh fona dheeibh adhartha go ndénfadh díoghaltus ar rígh, agus ar ríghacht na hÉgipte. Iar sin do chruinnigh slóigh iliomdha chuige, agus do ghluais leo in athghoirid gacha conaire go hÉgipt. Ar gclos do na hÉifidigh go raibh Cambyses cona shlóigh dá n-ionnsaidhe do ghlacadar a n-airm, do ghluaisiodar fhéin agus a nuadhrígh do bhí an tan sin orra .i. Psameticus mac Amásis - do fuair bás go dlúth roimhe sin - go ndeachadar 'na chuinne go Pelúsium, áit a ttugadar cath fuilteach fíornimhneach dá chéile acht do briseadh ar na hÉifidigh iar ndénadh áir mhóir orra, agus do theith an chuid eile dhíobh go cathair Memphis; do thug Cambysés tóruighacht dáibh, do ghabh an chathair le foirneart, agus an rígh Psametitus innte, gur bhásaigh go mithrócuireach tiaránta é féin a chlann agus an méid thárla d'uaislibh na hÉgipte dhó isan gcathair sin; annsin d'umhlaigh an ríghacht uile dó, go bhfuair a mhian féin orra, óir do thóig sé uatha an méid maoine agus édála do thaitnigh leis agus lena mhuintir.
Ar mbreith buaidhe mar sin ar an Égipt do Chambyses d'árdaigh a mhisneach agus a uabhar gur chinn ar ghabháiltais eile do dhéanamh. Agus do roinn a shlóigh i ttrí ranna ionnus go gcuirfeadh cogadh in aoinfheacht agus in aonam ar na Cartagínigh, ar na Hamónaigh, agus ar na hEtiópaibh. Agus do bhrígh gur bha mian leis féin dul go hEtiopia do thionnsgain faisnéis ar ttús d'fhagháil ar neart na críche sin, agus do chuir sé a theachairidh roimhe innti le tiodhlaicibh agus le tobhairtais mhóra agus adubhairt leo a innsin d'uaislibh agus d'ardchinn na críche sin, go raibh sé féin ag dul dá n-ionnsaighe ag iarraidh síthe agus cáirdis orra. Gidheadh níor chreid lucht na críche an ní sin uatha. Agus do chuiriodar mar fhreagra chuige nár chóir creideadh a thabhairt do ghlór príonnsa comh égceart agus comh míchoinghiollach le Cambyses gur 20 gur leor dhó a raibh aige féin agus gan a ttír do shanntughadh, agus leis sin do chuireadar bogha mór chuige, agus d'iarradar air gan dul dá n-ionnsaighe, nó go bhfeacadh féin nó duine eile dá mhuintir é. Ar tteacht do na teachtaibh sin ar a n-ais d'innsiodar an freagra sin dó, agus iar ttaisbénadh an bhogha dháibh níor fríth i measg an tsluaigh aon lér bhféidir a fheacadh, acht Smerdes dearbhbhráthair Cambyses an rígh agus níor fhéd sin féin a thabhairt isteach acht timchioll i bhfoicse dhá orlaigh don fheacadh cheart. Gidheadh do mhúsgail sin féin iomthnúth mór in aigne Cambys a naghaidh a dhearbhbhráthar go ttug ordughadh dhó dul ar ais don Phersia, agus i gceann thrí lá 'na dhiaidh sin tug ordúghadh do Prexaspes a leanmhuin agus a mharbhadh d'eagla go mbeith sé 'na rígh anna ionad féin. Dála Cambyses an tan do chualaidh an freagra tarcuisneach sin, do thug na hÉtiópaibh ar a theachta, do ghlac fearg dhásachtach dhíbhfheirgach é, gur chinn a dhíoghaltus do dhénamh, agus do ghluais leis an treas rann sin do bhí dá shlóigh 'na fhochair go rángadar Thebes, agus annsin do bhí easbhaidh beatha orra, ar mhodh nach raibh ní ar bith acht luibhionnaigh na gcnoc léna ithe acu agus an uair d'fhágadar an talamh réidh anna raibh sin féin le fagháil acu, agus go ttángadar isan díthreibh atá i ttórainn na hÉgipte agus na hEtiópia mur a raibh gaineamh go glúine is gan coiscéim dhe, tháinicc gorta comh mhór agus sin orra gur bh'éigion dáibh crannchuir do theilgion eatorra leis an deachmhadh duine do mharbhadh le beatha do dhéanamh dhe don chuid eile nó gur
chailliodar an leith dob fhearr dá muintir, agus annsin do thuilliodar a a n-ais. Agus an rann slóigh do ghluais an aghaidh na Hammóinibh ó chuadar i bhfogus do Thebes ní chualus énfhocal uatha ó shoin, acht go n-abair na Hamóinigh, an tan rángadar an tráigh mhóir atá idir Oasis agus Hamóna gur shéid an ghaoith ó dheas an gaineamh chomh neartmhur sin ana gcúl gur múchadh faoí iad. Dála an treas ranna do ghluais a n-aghaidh na gCartagéinigh, do bhí mórán Grégach 'na measg do chuir toirmeasg ar an iomlán um troid do dhénamh a n-aghaidh lucht na Cartagéine tréna gcairdios riú. Ar tteacht ar ais do Chambyses go cathair Memphis do chualaidh gach sgél dólásach díobh sin .i. gur chaill sé an méid sin dá shlóigh, do ghlac buile nó cuthach é agus do chuidigh leis sin go mór an lúthgháire dár leis do chonnairc ar mhuintir na hÉgipte go hiomlán agus is é adhbhar nó cúis lúthgháire do bhí acu, ní neamhghnáthach do chonncadar isan am cédna sin .i. amharc do fuaradar ar an Dia Apis agus is uime sin do bhí feúsdaighe agus ulghairdios ar feadh na ríghacht an tráth sin. Do mheas Cambyses a bheith tréna mhíthoice nó nó a mhíratha féin. Agus uime sin do chuir gairm ar shagartaibh Apis, agus adubhairt riú an dia sin i bpéin a mbáis do thabhairt dá láthair, agus thugadar chuige é. Iarna fhaicsin dó, dubhairt go feargach riú, is é so bhur ndíol féin do dhia .i. gamhain díthchéilligh mur ibh féin, agus leis sin do chuir sáthadh do sgín tréna chorp gur mharbh é, agus iar ttabhairt maslaigh agus sgiúrsála re slataibh do na sagairt, do cuir d'ualach ar a mhuintir, an méid eile do bhí ar an láthair do mharbhadh. Iar sin do ghluais Cambyses dá thír féin chum sluagh mórádhbhal eile do chruinniughadh in ionad na sluaghaibh móra do chaill roimhe sin. Agus ar tteacht go Cathair Ecbatanis isan Siria dhó, fuair sgélta .. a ann as a ttáinicc a bhás go tobann. Ag so an ní do chualaidh sé .i. an tan ghluais féin a aghaidh na hÉgipte d'fhág cúram agus ceannus a ríghacht ag días d'easarlaighthibh darbha hanmanna Smerdes agus Patisithes, agus arna chlos dáibh sin gur chaill sé a shlóigh mur dubhrus thuas, agus fós gur marbhadh Smerdes .i. dearbhbhráthair an rígh do chinniodar ar an ríghacht do bheith acu féin, agus ar gcur na coróna ríghdha ar Smerdes do chuiriodar teachta agus bollsairidh dá fhógradh is gach áird don ríghacht go raibh Smerdes .i. dearbhbhráthair Chambyses
arna thogha mur rígh. Do chreid cách go coitcheann an ní sin, óir ní raibh fios acu gur marbhadh an Smerdes sin ba dhearbhbhráthair don rígh agus fós go raibh cosmhalacht ag Smerdes asarlaigh leis. Ar gclos na bhfuagartadh sin do Chambyses do ghlac uamhan mór é, agus do chuir teachta a gcuine Phrexaspes agus d'fhiafraigh de go neimhneach créad nár mharbh a dherbhráthair mur gheall dó? Do fhreagair Prexarxes ag dearbhadh gur mharbh sé é gan chontabhairt, "agus dá bhrígh sin má chuirionn tú ceisd ar an mbollsaire," ar sé, "ní fhédfaidh a rádh go bhfacaidh sé Smerdes". Agus ar gcur na ceasda sin do Chambyses ar an mbollscaire d'admhaigh dhó nach bhfacaidh sé féin é acht go ttug Patisithes an t-easarlaigheach cumhachta fo láimh agus fo shéula Smerdes chuige leis an bhforfhógra sin do thabhairt is gach áit uaidhe. "Is fíor sin," ar Prexarxes. "Is é Smerdes an t-easarlaigh atá in ionad rígh ann agus is trétúrach gan amhrus é." Leis sin do chin Cambyses ar ghluasacht 'na aghaidh agus ar ndul ar a each do thuit an scabard dá chloidheamh féin; do ghuin leis sin ina shliasaid é go bhfuair bás le goimh na gona sin. Iar sin do chuaidh na slóigh do bhí 'na fhochair go cathair Súsa. 'Na dhiaidh sin do chruinnigh uaisle agus árdchinn na Persia ar aonáit, agus d'fhiafraighdar do Prexaspes an fíor gur mharbh sé Smerdes an prionnsa? Ní dubhairtsan acht nár leig eagla Chambyses dó an fhírinne d'innsin. Do thug an freagradh sin sásadh ar an láthair sin do bhrígh gur thuirsioch do thiarántacht Chambyses iad. I gceann seacht mí dá éis do chuaidh uaisle agus áirdchinn na Persia in amhrus arís nach é an Smerdes ceart do bhí acu 'na rígh, óir ní fhuilingeadh d'aon díobh teacht dá láthair ná amharc air, acht do bhíodh i measg na bantracht do bhí ag Cambyses acht ní léigeadh aon acu le solus lae ná coinnle teacht chuige, acht do chuireadh fios ar gach aon díobh gach re seal re teacht i ndorchadus na hoidhche dochum a leaptha. Do bhíodh Patises ag imtheacht lena theachtaireacht, agus ag labhairt ar son an rígh le gach aon dá ttigeadh dá agallmhadh. Do bhí tiagharna mór an tráth sin 'na chomhnuidhe i gcathair Shúsa darbh ainm Otanes aga raibh inghean áluinn dár bh'ainm Phedime, do bhí 'na leannán leaptha ag Cambyses, agus do bhí 'na dhiaidh sin mar an gcédna ag Smerdes. Agus ar mbeith isan bpálás di do chuir a hathair bean tseicréide dá fhiafraigh ós isiol di ann é Smerdes mac Cyruis do bhíodh ag
luidhe léidh? Is é freagra do chuir sí chuige, nach raibh a fhios sin aice féin, óir nár thaisbéin sé a aghaidh d'aon dá mhnáibh ná dá leannánaibh, acht do réir a mhiana fios do chur fo seach isan dorchadus orra. Do chuir Othanes an teachtaire céadna chuigthi ag iarraidh sgéla cinnte uirre an raibh cluasa air, agus agus ar mbeith dhó iar sin 'na chodladh i bhfochair Phedime, do chuir sí a lámh um a cheann agus ní bhfuair aonchluais air agus do chuir sí na sgéla sin gan mhaill chum a hathar. Agus ní luaithe do fuair-sion na sgéla sin ná do chuir teachta i gcuinne na ttriath agus na ttiagharnaigh ba tréine do bhí isan gcrích an tráth sin .i. Intaphernes ... Magabyses, Patines, agus Darius mac Histaispeis, agus thug dearbhadh dáibh de réir mur do fuair an sgél óna inghin, gurbh é Smerdes an t-easarlaigh do bhí in ionad rígh acu. Arna chlos sin do na triathaibh do ghlac fearg adhbhalmhór iad agus is í comhairle ar ar cineadh acu, aimsir do ghlacadh le iad féin do chur in ionniollus cheart chum díoghailtais do dhénamh, acht do bhí Darius a naghaidh a chur ar cáirde agus adubhairt riú dul leis féin agus a cheann do bhuain ar an láthair don trétúrach. Adubhradar na tiagharnaigh eile nach leigfeadh an ghárda dháibh dul mur a raibh sé; "ní mur sin atá" ar Darius, "óir is Persianaigh iad nach gcuirfeadh toirmeasg ar phrionnsaighe agus ar arduaisle na ríghacht a dhul i láthair an rígh", agus leis sin d'éirigh 'na sheasamh agus adubhairt leo gluasacht leis in alt na huaire sin. Agus do chuadar go socair suaimhneach tar na gardaighe gan toirmeasg ná fiafraidh do chur orrra nó go ndeachadar go dorus seomra codalta an rígh; is ann tarla eunochaigh nó caillteánaigh dháibh lér bh'áil toirmiosg do chur orra um dul isteach. Leis sin thairring gach aon do na triatha a chloidheamh ler mharbhadar gan mhoill na heunoich uile. Leis sin tháinicc Smerdes agus Patizithes chum an doruis; ní luaithe d'fhéchadar uatha ar an ár sin ná do bhrúcht an uaisle Phersiánach isteach agus do dhícheannadar araon iad. Iar sin do thóigiodar ceann maolchluasach Smerdes in áirde agus do taisbéinadar do na gárdaighibh é. "Ag so," ar siad, "ceann Smeirdeis an easarlaigh dar bhean an rígh Cyrus a chluasa tré choir ghráineamhuil do rinne sé." Arna fhaicsin do chách go coitcheann gur himreadh an cheilg sin do ghabh dásacht agus díbhfheirg adhbhalmhór an aghaidh lucht easarlaighacht na Persia go hiomlán iad go nár
fágadh ceann ar brághaid an méid tarla leo dhíobh, agus dá éis sin do bhíodh an lá sin gacha bliadhain 'na shaoire shollomhanta in onóir an ármhaigh sin acu; Magophonia .i. árbhach na n-easarlaighibh do ghoireadhdis de. I gceann thrí lá dá éis sin do chuaidh na prionsaighe reimhráite chum comhairle d'fhios créd an modh stiúrtha do chuirfeadhdís ar an ríghacht sin na Persia; do bhí cuid díobh ag iarraidh uaisle agus ardphrionsaigh na ríghacht uile do beith i gceannus .i. Aristocrathia; cuid eile ag iarraidh an phobuil go coitchion, Democrasia nó Oligarsia, acht nach glacfadh Darius acht stiúradh ríoghdha .i. Monarchia, agus is ar sin do chinniodar; agus ar mbeith dháibh ar seachrán créd an tí don mhóirsheisior sin do toghthadis 'na rígh is é ní ar ar cinneadh leo an mhóirsheisior sin do dhul ar marcuighacht go haonáit agus gibé céd each dhíobh do dhéanfadh seitreach, a mharcach sin do bheith 'na rígh. Ar ndul dá thigh do Dharius do ghoir a thoíseach stéd féin chuige, agus do bhí eolach isan gceird sin, agus d'inis an ní sin. Adubhairt an taoisioch adubhairt an taoisioch, Abares a ainm, go ndénfadh féin an chuid eile. Agus an oidhche roimh an gcomhdháil sin tug stail mhómhar do bhí ag Darius leis agus tug eachláir chuige dá léim isan áit a raibh triall an mharcshluaigh sin. Agus arna mhárach do chuir sé ughaim mharcuighacht Dharius uirre agus ní luaithe do chuaidh sí isan ionad a bhfuair an eachláir an oidhche roimhe sin, ná do rinne sé seitreach mhór. Leis sin do thuirling an seisior eile agus thugadar féin agus an méid eile do bhí i láthair onóir agus umhlach dó; do churiodar annsin róbaidhe agus coróin ríoghda air. Mur sin do bhí Darius 'na áirdrígh ar Asia uile ón India, go hEtiópia agus is de goirthear Asverus i leabhar Esteir cap. 1. Do bhrígh go raibh mórán do ríghachtaibh na hÁsia do chleacht a bheith saor ar mhursantacht eachtairchineolta do bheith orra, do chinn cuid díobh ar shaoirse do thabhairt dóibh féin agus cuing Dharius do chrothadh dhíobh. Agus ba hiad na Babilónaigh céd-dream do thosaigh ris sin; óir ar mbeith do chathair na Babilóine roláidir do chuiriodar mórán lónta go príbháideach isteach innte, agus do thogh gach fear dhíobh aonbhean amháin le freastal dáibh ionnus nach beith murar anmhór ag caitheamh a lóin acht an lucht sin amháin; do mharbhadar an chuid eile do na mnáibh.
An uair do chualaidh Darius go ndeachaidh na Babilónaigh i ttrétúracht 'na aghaidh do chuaidh féin i bpearsain le harmáil mhóir agus do chuir campa timchill ris an gcathair sin. Gidheadh, do bhí lucht na cathrach comh dána agus sin as a neart féin go mbíodhdís ar na ballaighibh agus na rampáir a dhéna spórt, ceoil, gártha magaidh agus fonomhaid fo Dharius agus a mhuintir, gur adhnaighsiod fraoch agus fearg Dharius lena chumus do chur go hiomlán i ngníomh chum buaidhe do bhreith orra gur thóig abhainn Euphrates féin dá máthair, gur chuir a haghaidh i ttaobh eile ón mbaile. Gidheadh ar feadh bliadhna agus seacht mí níor fhéd sé dul coiscéim ar aghaidh as an áit ar thosaigh sé an chéd lá. Annsin do mhédaigh a édóchus agus a dhrochmhisnioch, gur mheas nach raibh acht díomhaoinius anna shaothar. Is annsin táinicc ógánach uasal dá mhuintir darb ainm Zopirus .i. mac do Megabyses aon don mhóirsheisear tritaha do bhí ag treasgairt na n-easarlaighibh, dá ionnsaighe, a shrón agus a chluasa gearrtaigh, a aighidh, agus a cheann uile lán d'fhuil ag snidhe go talamh leis. Arna fhaicsin do Dharius isan gcruth sin do ghlac náire, gráin, agus uathbhás é, tré neoch chomh caithréimeach, agus comh uasal le Sopírus a bheith comh gráineamhuil sin arna mhaslughadh anna champa gur ghoir chuige in uaignios agus gur fhiafraidh dhe cia do mhill agus do mhaslaigh mur sin é. "Mise féin a rígh," ar Sopirus, "do rinne an milleadh agus na míchórughadh so orum, agus má ghabhann tusa mo chomhuirle cuirfiod go grod cathair na Baibilóine fo do smacht. Óir is mian liom anois, um bhuinnighibh reatha, imtheacht go dorus na cathrach, casaoid ghearánach do dhéanamh ortsa, agus innsin dáibh gur tú féin go tiaránta míthrócuireach do mhill mur so mé. Léigfid isteach annsin gan amhrus mé, agus níl amhrus fós ná go ttiubhraid smacht agus ceannus ar chuid dá ucht cogaidh dhamh le díoghaltas do dhénamh ortsa agus ar do mhuintir, agus chum go gcrutheochainn sin," ar sé, "cuirse míle don tsluagh is táire agad an an deachmhadh lá tar éis mise do dhul isteach isan gcathraigh go dorus an gheata Shemiramis; i gceann seacht lá 'na dhiaidh sin cuir dhá mhíle go geata Ninóis, agus i gceann deich lá 'na dhiaidh sin cuir ceithre mhíle go geata na gcailanacha; tiucfadsa i gceann slóigh an bhaile gach lá dhíobh sin agus treasgórad go hiomlán iad, agus ná bíodh d'arm leo acht cloidheamh i ndorn gach duine dhíobh. Agus do bhrígh go measuim," ar sé, "i gceann fhithchid lá tar éis na móréucht sin go ttiobhraidh na Babilónaigh eochracha
na cathrach dhamh, tóigse do champa go hiomlán annsin; bíodh Persiánaigh iod fhochair féin ag geata Belídes, agus ag geata na Ciseánaibh, agus leigfiodsa isteach sibh." Agus ní luaithe do chuir críoch ar na fuighlibh sin ná léig chum reatha é féin, agus do bhí ag síoramharc 'na dhiaidh mur do bheith eagla tóra air go ráinicc geata na cathrach. An tan do chonnairc lucht an bhaile isan ndrochchruth sin é, do leigiodar isteach é ar na drochuaire dháibhsion, agus do ghlacadar go ro-onórach é ar mhodh nach raibh ní dá ndubhairt sé le Darius nach ttáinicc chum críche. Óir an lá cinnte d'ainmnigh sé do Dharius le teacht chuige nír mhothaidh lucht na cathrach a nolc nó go raibh an namhaid i gceartlár an bhaile dá ttreascairt, agus an uair do chonnacadar Sophirus, a gcaraid dar leo go n-uige sin, dá ttreorughadh, do ghlac an uiriod drochmhisnigh iad gur theilgiodar a n-airm uatha, agus gur theith cuid mhór dhíobh ag iarraidh tearmainn nó comairce go teampall na n-íodhal, agus cuid eile d'fhuiling a ttreasguirt agus a marbhadh gan cosaint ar bith, nó gur chuir Darius fa dheoidh toirmiosg orra, agus go ttug fuagra fa dheoidh i bpéin bháis dá mhuintir gan nísa mhó do mharbhadh do lucht na cathrach. Agus chum nach beith ar a gcumus dul i ttrétúracht do leag sé re lár a geataidh, a ballaighe, agus a túir neirt agus chosanta, agus fós mur bharr pionúis ar a háitigheoiridh, do chuir d'fhiachaibh orra trí mhíle don dream ba héifeachtaigh don lucht do mhair dhíobh do thabhairt do láthair chuige, agus ar tteacht dáibh do chuir d'ualach gráineamhuil ar a mhuintir go tiaránta a bhfeannadh beo as a gcroicne. Iar sin do ghoir Darius Sopirus chuige, agus arna fhásgadh rena chroidhe tug rogha séd agus tabhairtais dhaorluaidhe maille le ceannus na Babilóine go síorruidhe dhó agus adubhairt leis nach gceadeochadh ar fhithchid Babilón an milleadh do rinne sé air féin. Adeir Herodotus lib. 4. iar ngabháil na Babilóine do Dharius gur thionnsgain sé cogadh do chur ar lucht na Scitia áit atá mur dubhrus cheana isan taobh i ttuaidh do Mhuir Caispian, dob ionann iad agus na Mesegéitigh acht amháin an dream do bhí isan taobh thoirthuas don abhainn Araxes go rabhdar ní ba mheasamhla do bhrígh gurab iad ba fhearr tír agus dúthaigh. ... ina mór ag na hAisiánaigh dáibh so trésan ruathar agus trésan ár millteach do rinniodar orra in aimsir Ciaxereis; óir iar ndíbirt lucht na hÁisia as a ttír do bhí idir Shliabh Caucasius
agus abhainn Bhorestines dáibh, tugadar ruathar nó tóruighacht dáibh go hAisia, agus ar mbeith ar seachrán a slighe an tan ba mhian leo dul ar a n-ais tarla dháibh dul in aimhriocht go críoch na Media agus ar bhfaicsin dáibh gur thír áluinn thorthamhail í, do rinneadar gabháltais innti go hÉgipt agus do chomhnuídar ar feadh 28 mbliadhna nó gur dhíbir fa dheoidh le gliocus iad mur so. Do rinne sé fleadh mhór do na hoifigidh, agus do na hárdthaoisigh do ... bhí ósa gcionn agus ar mbeith ar meisge dháibh do bhean a gcinn díobh agus do theith an chuid eile dhíobh dá ttír féin. Agus le héigion mór do chuadar isteach innte, óir ar mbeith a bhfad agus cian d'aimsir as a ttír féin dháibh do phós a mnáibh 'na ndiaidh na sclábhthaighibh d'fhágadar 'na bhfochair, agus an tan ba mhian leis na fir dul ar n-ais do bhí a gclann sin ag congnamh lena n-aithre iadsan do chongbháil amach agus ní hiad sin amháin acht an chlann óg d'fhágadar féin 'na ndiaidh, do bhídar ag cur 'na n-aghaidh. Agus iar mbeith i ttroid ghábhthaigh cian d'aimsir in aghaidh a chéile dháibh ag chathughadh mur sin, do bhíodh an bhuaidh do ghnáth ag na sclábhthaighibh nó go ttug fa dheoigh caiptín do na Scítibh comhairle dháibh a n-airm do léigion ar lár, sciúrsaidhibh do ghlacadh anna lámha, a gcrothadh agus a mbagar ar na sclábhthaighibh sin, agus ní luaithe do rinneadar sin ná do theithiodar le huathbhás mór an tan do chuir an gníomh sin a staid ghnáthaigh agus dúthchais i gcéill agus i gcuimhne dháibh ná do theithiodar gan dias díobh do leanmhuin a chéile. Dála Dharius ar mbeith i bhfeirg agus i miosgus leis an druing sin dó trésan ruathar sin do thugadar ar chrích na Médach, agus ar chrích na Persia mur dubhrus, do ghluais sé le díoghaltas do dhénamh orra agus iar gcur ndroichid do bhádaibh dhó ar an gcaol fairge dá ngoirtear Bosphorus do chuaidh maille le seacht gcéd míle coisigh agus marcach tríd an Thracia agus iar mbeith robhuidheach do Mandrocles do ordaigh an droichiod sin, do chuaidh tar an gcaolfhairge sin, agus iar gcuir na Thracia agus chríche Gétis fona smacht dó, do ghluais go bél na Dainúibe, áit a bhfuair a chabhlach roimhe, agus iar gcur droichid annsin ar an abhainn dó, do thug a shlóigh leis ar an taobh araill, agus do chuir d'fhiachaibh ar a mhuintir an droichiod sin do bhriseadh. Gidheadh do chuir a chomhuirleacha toirmiosg air um sin do dhénamh, acht ordughadh do thabhairth do Choes agus do chaiptínidh eile an chabhlaigh anmhuin isan áit sin agus an droichiod do choimhéd go ceann dhá mhí agus muna ttigeadh féin
ar ais i gceann na haimsire sin cead do bheith acu dul ar a n-ais dá ttír féin. An tan do chualaidh lucht na Scítia Darius leis an armáil rolíonmhuir sin do bheith dá n-ionnsaighe is í comhuirle do cinneadh acu an méid lónta agus beatha do bhí acu maraon lena saidhbhris agus lena n-éudála eile le mnáibh agus lena leinibh do chur rompa i gcéin isan gcuid budh thuaidh don Scitia, agus ar mbeidh dá laochaibh armtha ag teitheadh gan díghbháil roimhe tré chnuic adhbhalmhóra agus tré ghleanntaibh gan puinn do bheatha fhéir fho ... na gcran toraidh d'fhágbháil 'na ndiaidh ag a námhuid gan losgadh gan mhilleadh. Leis sin do thairngiodar 'na ndiaidh iad tré bhealaighibh cumhanga cruaidhe, agus tré mhullaighaibh sléibhthe arda, agus tré ghleannta uathbhásacha Darius gona shlóigh nó gur chaithiodar a lónta agus gur chailliodar le tart agus le gorta a neart agus a misnioch. Is annsin do chuir rígh na Scítia ceithre neithe ar modh tabhairtais agus in ainm seod chum Darius .i. frog, luch, éan agus bolgán saighiod. Arna tteacht sin do láthair Dhariuis d'fhiafraigh sé don teachtaire créd ba chiall dáibh? Dubhairt an teachtaire nach raibh fhios sin aige, agus leis sin do thaisbéin Darius go lúthgháireach dá áirdthaoisiochaibh féin iad, ag rádh gur umhlacht dob áil le rígh na Scíthia a thabhairt dó féin, óir chiallaigh an luch maraon ris an bhfrog talamh agus uisge, "agus is iad sin iarramídne ar ar naimhde mur chomharthaigh umhlachta do ghnáth", ar sé. "Ná mealltar le leimhe mur sin thú a rígh," ar Gobrias - aon do na seacht n-árthriatha ar ar thráchtus go minic, - "óir is ag fonomhad fút atá an rígh Scítiach, agus dobheir forfhógra fonomhodach dhuit muna ngluaisidh tú go grod as a thír nach beidh slighe ag at acht dul fo thalamh mur an luich, an fhairge do shnámh mur an fhrog, imtheacht trésan aidheoir mur an én, nó imtheacht le seachrán gan filleadh go bráth tar h'ais mur shaighiod arna dhiubhraic i n-iomraill". Do chreid Darius agus a choimhearlacha gur ba hísin an chiall cheart agus dá bhrígh sin iar n-ordughadh teinte móra a d'adhnadh, agus d'fhágbháil ar lasadh in ionad an longphuirt do ghluaisiodar an oidhche chédna ar a n-ais. Ar glos do na Scítigh gur imghidh na Persiánaigh, thugadar tóruighacht le cúlghearradh treasgarthach do dhénamh orra ar feadh na slighe. Gidheadh ní rugadar orra - do bhrígh nach i n-éntslighe do thárla dháibh a bheith. Gidheadh ba luaithe leis na Scítigh ag an Danúib ná le Darius, agus ar bhfaicsin an chabhlaigh dháibh, agus iar n-aithne
dháibh gur gur Grégaigh do bhí ann, d'iarradar orra an droichiod do bhriseadh, agus go saorfadhdís féin ó sclábhaigheacht, ó chuir agus ó mhoghsanacht na bPersiánach iad, óir nach léigfeadhdís duine tar an Dainúib go bráth dhíobh. Ba dhoiligh le Choes agus le Histias gan a gcomhuirle do dhénamh, acht ar an taobh eile ba nár leo gan a bhfocal do choimhlíonadh le Darius agus mur shásadh do na Scítighibh do bhrisiodar ar an láthair cuid bheag don droichiod, agus leis sin do ghluaisiodar ar lorg Dharius. Gidheadh ní tharla dháibh é do bhrígh nach isan tslighe chóir do iarradar é, go ttáinicc sé ar a lorg go bruach na Dainiúibe, agus ar bhfagháil an chabhlaigh roimhe annsin dó, do chóirighdar an droichiod go ndeachaidh féin gona mhuintir gan toirmiosg tairis agus as sin dá ttír féin lán do náire do thuirse, agus do dhobrón. Acht ní luaithe do tháinicc Darius annsin ná do chinn ar thuarusdail daorluaidhe do ... toirmiosg air ... agus a shlóigh go hiomlán, agus arna had ... d'fhiafraigh ... d'fhagháil uaidhe. Adubhairt Histias nach n-iarrfadh acht a thír dúthchais .. ach amháin gur iarr clúid beag thíre do bhí anna thóruinn, dar bh'ainm Mycrin le cathair do dhénamh innte. D'iarr Choes ceannus críche Mytléine. Agus iarna fagháil do ghluaisiodar araon dá ttíorthaibh féin agus iar tteacht go Miletus do Histias ... saigh le cathair do chur suas isan Mircin. An tan chualaidh Megabises taoiseach slóigh Dháriuis gur chosmhuil don chathair sin a bheith roneartmhur adubhairt re Darius nár chóir dó a samhail do chathair neirt d'fhulaing gur chontabhairt leis an aimsir go ndéanfadh díbhbháil mhór don Phersia agus do Dharius ... den chédfuidh chédna, agus gur bha leasg leis toirmosg do ... do chuir teachta chuige ag iarraidh air dul dá ionnsaighe. Ar dteacht dá láthair dhó, adubhairt leis nár bhféidir dhó gan a ... air féin do ghnáth. Do thuig Hisdias an chealg sin, acht gidheadh ... diúltadh do thabhairt do Dharius agus ar mbeith isan gcúirt mur sin ... Darius Megabyses don Ghréig áit i ndearnaidh gabháltais mhóra ... do smuain Hestias, dar leis, ar shlighe mhaith re lámha Dhariuis d'fhágbháil óir do bhearr ceann fhir secréide dá mhuinntir, agus do chuir comhairleacha le hiarann dá ttarruin ann a bhathais ag tabhairt rogha ... dáibh dul i ttrétúracht a naghaidh Dhariuis, agus is uime do rinne sé sin do bhrígh gur mheas gurb é féin do chuirfeadh Darius i gceann slóigh 'na n-aghaidh.
Iar tteacht don óglach sin iar bhfás a ghruaige mur do ordaigh Histias do láthair uaisle chríche Ionia do bhearradar a cheann, agus iar bhfaicsin na gcomhairleacha dáibh, do ghlacadar a n-airm gan mhaill, agus d'éirigh lucht na hAthéine ag congnamh leó, agus do chuiriodar sinn agus lucht na hEretria, cuig ... d cogaidh mur chongnamh chucu, agus ba hé sin tús na n-olc do thárla ... d sin don impiracht so na Persia. Agus ar mbeith ullmhaigh don chabhlach .. tug Aristogaras .i. fear ionaid Histiais, sluaghaibh móra ar tír agus do ghabhdar Sardis, acht ní ráinig leo an caisleán, áit a raibh Artophernes dearbhbhráthair Dháriuis, do ghabháil nó gur ghabh teach don bhaile teinidh gur chuir le barr lasrach an chathair uile go hiomlán, gur 28 ... muintir na Cypria ag neartughadh na nGrégach d'iarr Histias cead dul 'na n-aghaidh agus thug Darius go fonnmhur sin dó, agus ní fada 'na dhiaidh sin gur claoidheadh ar muir agus ar tír iad gurbha héigion do Aristogrus teicheadh agus 'na dhiaidh sin do marbhadh le muintir Dhariuis é. I gcath do thug Harpagus ... iar mbeith a bhfad ag imtheacht ón áit go a chéile dhó gabhadh Histias agus thug Harpazus leis do láthair Aretaphernéis é, agus is é breitheamhnus thug sin air é chrochadh i gcroich énchoise, a cheann iar sin do scothadh dhe agus a chur d'ionnsaighe a dearbhráthar Darius, agus arna fhaicsin do Dharius do chuir dólás mór air. Ní raibh iar sin aon ní ar aire Dhariuis ba mhó ... is ná díoghaltas d'imirt ar na hAitéinigh agus ar na hEretribh. Gur chruinnigh slóigh líonmhura agus iar tteacht go crích hErétria dháibh do ghabhdar le ceilg í, agus ... di iarna hargain agus iar marbhadh na foirne do bhí innte. Agus ar tteacht go crích na hAthéine dháibh do thug an curadh calma ceartchródha Leonides cath fraochdha fíorneimhneach dháibh i machaire Maratoiniae.. le ndearnadh ár árdbhalmhór orra. Arna chlos sin do Dharius do las a fhonn díoghailtais, agus a fhearg a n-aghaidh na nAthéinach ní ba mhó go mór ná ar ttús, gur chinn gan comhnuidhe do dhéanamh acht díoghaltus, agus deargár agus creacha do dhénamh orra féin agus ar an Éigipt in aoinfheacht. Agus iarna ullmhughadh féin dó chum dul i bpearsainn i gceann na sluagh don turus sin, do chuimhnigh gur b'oirchios
dó sul ngluaisfeadh ar a i ... thiomna do dhénamh agus oighre d'ainmniughadh do réir ghnáis na ríghachta. Do bhí clann le mórán ban aige, agus ar ttús do bhí mhac aige le hinghin ... ba cédbhean roimh beith 'na rígh dhó do phós sé í so, agus do mheas a mac sin do cheart príomhgheine gur dó féin budh chóir an oighriocht. Do mheas fós an mac do bhí le hinghin Cyruis dar bh'ainm Atossa agus dá ngoirtear ... i Leabhur Estair do phós sé iar mbeith 'na rígh dhó, gurab aige féin ... ceart ar oighreacht na ríghe i ndiaidh a athar. Xerxes dob ainm ... agus is leis do raonadh an oighreacht, agus iar ndénamh a thiomna ... do Dharius do fuair sé bás sul ráinicc leis a thír d'fhágbháil ... ná go rachadh in cabhlach Grégach go ...e droichiod do bhí aige le dul ar ais dhá thír féin ... sluaightibh iliomdha bás le gortai dá bhfanadís ... Is annsin thug Mardonius comhairle dhó do ghlac go lúthgháireach óir adubhairt leis dá bhfágadh aige féin 300,000 fear go gcuirfeadh an Ghréig uile fona smacht agus go bhfédfadh féin an chuid eile do na sluaightibh do bhreith leis dá thír féin, "agus ní náireach duit imtheacht," ar sé, "óir is ... do rinnis .i. an Atenia agus Atica do sgrios, urmhór fós na nGrégach .. chum sléibhte". Do rinnidh Xerxes go fonnmhur gach ní de sin, agus ar bhfágbháil na huimhre sin ag Mardonius do ghluais leis an gcuid eile do na sluaightibh go Persia. Tar éis catha na Salamina do chomhuirligh an cabhlach Grégach an droichiod do bhriseadh mur dubhrus; dubhairt Temistocles nárbh oirchios sin do dhénamh óir is fearr do thuig an dochar do thiucfadh as an sluagh mór líonmhur sin do chongbháil go hiomlán anna ttír agus an tan do chonnairc nárbh áil leo sin do dhénamh do chuir fear seicréide le sgéla chum Xerxes gur caruid ... do ghnáth, agus dá rádh ris muna ndénadh deifir go mbrisfeadh an cabhlach Grégach a dhriochiod. Ar bhfagháil na sgéal sin don rígh do ghluais féin agus a mhuintir comh dian agus sin go nár ráinicc lena leath a dhul beo go Helispontus acht do chuaidh féin agus na cennfuirt do bhí 'na fhochair i ndrochluing bhristidh tarla dóibh, óir do bhí an droichiod arna bhriseadh le stoirm roimhe sin, go ndeachaidh go Sardis. Dála Mhardónius mhic Ghabrias iar gceileabhra dó le
Xerxes ní bhfuair fosadh ná comhnuidhe geimhridh nó go ndeachaidh go Peloponesus gur chomhnuigh annsin agus do ghluais a ttús an earraidh gur ghabh tríd an Beotica agus go hAtica áit ar shíl teagbháil do na Grégaigh, acht ar bhfaicsin loime na háite sin ar a ndearnaidh féin roimhe ruathar thineadh agus cloidhmhe, fós a .. garbh míchomhthrom dhi le troid marcshluaigh de dhénamh inte, ar losgadh na tteampall agus na ttighthe do fágadh inte do ghluais ar lorg an champa Ghrégaigh go ndeachaidh go Thebes agus iar ndul san gcathair sin dhó, do chuir a champa 'na shuidhe le taobh aibhne Asoipe agus amach go tír na Platea. Isan am cédna do chruinnigh na Grégaigh le taobh Corint .. ná raibh acu acht céd míle fear do Lacedamóinibh. A ... Corint agus Peloponesus ... Agus do na Phoceánaigh agus do na Macedónaigh ... fo bhratachaibh Mhardonius nó Xerxes, gus iar ... a chéile do ghluaisiodar lena n-árdgheneral .i. Pausanias .. an rígh ro-uasail rochródha .i. Leonidas, agus do chuiriodar ... ar aghaidh champa Mhardonius ag an gcathair darbh ainm Platea. Do bhí na Lacedhemóinigh ar an láimh dheis agus na hAttinígh ar an láimh chlé don champa sin is an lár do lucht conganta do tháinig. Thug Mardonius an suidheachán sin dá aire agus chuir roimhe na marcaigh do chur a naghaidh na Lacedmóinighibh do bhrigh nach raibh cairdeamh acu so ar mhodh troda na bPersiánacha. Arna chlos sin do phrionsa Gréagach do bhí i gcampa Mardonius .i. Alexander mac Amithais tánaicc isan oidhche go campa na nGrégach dá innsin dáibh. Leis sin do cuiradh na hAtéinigh anna n-ionad do bhrígh gurab acu bhí .. Persia. An tan do chonnairc Mardonius sin ar mbeith dhó ullmhaighthe do thuill ar ais dá champa arís áit ar chomhnuidh ar feadh .x. lá ... acht go mbíodh a mharcshluagh ag dénamh ruathair ar champa na nGrégach agus a measg gach díghbhála dhá ndearnadar dáibh do líonadar le clocha agus le cré na tobair do bheireadh uisge dháibh; agus leis sin do chuir na Grégaigh rompa a gcampa d'athrughadh. Do bhí na hAtéinigh i ttosach, agus Pausanias gona Lacedemóinibh cródha ar deireadh; agus ní fada chuaidh an uair bhrúcht a námhuid leis na sálaibh acu, gur bhuail ar a bheith dá ngearradh agus dá gcoscuirt. Leis sin chuir Pausanias sgéla chum na nAtéineach teacht dá ttreisiughadh acht sul d'fhédadar teacht dob éigion dó troid
do dhéanamh a naghaidh na nGrégach do tháinicc ag congnamh le Mardonius, agus mar sin dob éigion do Pausanias troid do thabhairt do 300,000 Persiánach agus Médach agus gan aige 'na n-aghaidh acht 53,000. Do bhí sgéithe, clogaid, agus lúireacha mhuintir Mhardonius lonnrach le hór agus le hairgead ... agus ní rabhdar láidir go leor a naghaidh shleghacha na nGrégach; agus ní mar sin dáibhsion tar ceann go raibh a gcultacha airm meirgiocha mídhathaigh do bhídar láidir a naghaidh dhartacha a namhad. Agus dá bhrígh sin agus ar an gcéd teacht síos do thug muintir Mhardonius talamh uatha agus ar mbeith dhó féin i gceann a shluaigh ag dénamh áir agus díghbhála do na Lacedemóinigh, thug gaisgídeach dhíobh dar bh'ainm Arimestes amus air re saighiod gur chuir seacha siar tréna chroidhe í gur thuit marbh ar an láthair .. an .. An tan do chonnairc sluaighte na Persia a gceann feadhna .i. Mardonius marbh do léigiodar le luas a gcos, agus thugadar a gcúil don namhuid, agus anna n-imtheacht bhí a marcshluagh ag siubhal ar chorpaibh a ttroitheacha agus gearradh cúil ag na Lacedemónaibh orra go rángadar daingion do rinniodar féin roimhe sin i bhfogus do chathair na Tebes ar a raibh fál cuailliocha dá ngoirtear anois palásádaighibh, agus ar ndul annsin dáibh do bhádar dá chosaint agus ag dénamh díghbhála do Phausanias go ttáinicc na hAtéinigh dhá threisiughadh gur bhrúchtadar annsin isteach dá n-aimhdheoin gur bhuailsiod dá ttuargain agus dá ttreasgairt go nach bhfacaidh aon neach san domhun ariamh anna uiriod sin do thalamh samhail an áir do rinneadh ann; óir do na 300,000 Persiánach agus Médach do bhí i ttús an chatha sin ag Mardonius ní háirmhítear imtheacht beo díobh acht 43,000 fear. Agus más fíor do Herodotus níor chaill na Lacedemóinibh acht céd agus cúigear, agus na hAtéinigh 50 fear. Mur sin do cuireadh críoch ar mhórchath na Platea mar ar leagadh uabhar le calmacht agus le cródhacht na hárdfhlatha Pausanias. Ní féidir innsin ná áiriomh do dhéanamh ar an méid saidhbhris, óir airgid, agus ilmhaoine do fuair na Grégaigh ar lorg an champa agus an áir sin, agus an feadh nó an lá cédna do rug Pausanias an bhuaidh so ar talamh, do fuair rígh eile do bhí ar Lacedominia buaidh iomlán air chabhlach na Persia, le a bhfuair Ionia do chur leis an nGréig irís. Do chuaidh na Grégaigh iar sin gach dream díobh dá ttír féin acht gur chuir na hAtéinigh campa le Abidos baile
bhí ag Xerxes ar bhruach Helispont agus ghabhdar é. Tar éis gach mírath dá ttáinicc ar Xerxes d'fhás gráin agus tarcuisne a mhuintire féin air go háirighthe fona chreatuighacht cholamhuil le mnaoi a dhearbhráthar, agus le bean a mhic féin. An tan do chonnairc Artabánus .i. caiptín a ghárda, do ghlac mian é leis an ríghacht do bheith aige féin. Agus chum an mhiana sin do thabhairt chum críche do chinn ar an rígh cona thriúr mac do bhásughadh go bhfuair le bladar ó Mhitridates é féin agus cuid dá chloinn mhac do léigion asteach go seomra codalta an rígh gur gur mharbh go fealltach é. Agus leis sin do chuaidh gan mhoill go seomra Artexerxes agus d'innis dó go ndearnaidh Darius a dhearbhbhráthair bás fealltach d'imirt ar an rígh. D'éirigh Artexerxes do chliseadh arna chlos sin dó agus do chuaidh mur a raibh a athair marbh agus arna fhaicsin mur sin dó, do chuaidh 'na rith go seomra a dhearbhráthar agus níor labhair leis acht a chloidheamh do sháthadh tréna chroidhe gur mharbh é. Leis sin táinicc Artabanus 'na dhiaidh agus ar mbeith ag tarruing a choidhmhe as ucht a dhearbhráthar dhó thug buille do shíl a bheith marbhthach chuige, acht, gidh nach dearnaidh dolaigh dhó, ghoir go hárd ar chabhair, agus táinicc sin ar an láthair chuige ler ceangladh an trétúrach go bhfuair pionús do réir mur thuill, agus is mur sin do chuaidh críoch ar Xerxes .i. prionsa míbhésach míthrócuireach drochmhianach nár choigill do neoch an' fheirg, ná do mhnaoi anna dhrúis. Caibidil .5. anna gCurtar cuid do Dhálaibh Artexerxeis agus do na Ríghthibh táinicc ar a lorg go haimsir Alasdruinn Uaibhrigh. Tar éis báis Xerxes do ghabh a mhac .i. Artexerxes Longimanus nó lámhfhada, ríghe na Persia xxxx bliadhain. Níor shamhuil dá athair é óir ba phrionnsa ro-ionmholta é, óir do bhí sé carthannach cáirdamhuil cheartbhreathach ler mhian mórán do thabhairt uaidh gan tnúth le maoin na cuid énduine agus is uime sin thug freagra ar aon do chuir ceisd air cionnus tárla dhá dheasláimh bheith ní ba fhaide go mór ná a lámh chlí. Do fhreagairsan ag rádh gur maith do thug an nádúir lámha fhada dhó le bronntunais do dhéanamh, agus lámh ghearr le glacadh. Do ghlac sé go ro-onórach an Grégach Themosticles - do rinne mórán díghbhála dá athair i gcogadh na Gréige - ar tteacht ar a chomairce, agus thug dhó féin an tuarusdal .i. dá
chéd talland do gheall a athair ar son a thabhairt chuige beo nó marbh. Is é an tArxerxerxes cédna so ar an seachtmadh bliadhain dá fhlaithios do thug cead go puiblidhe do na Iúdaighibh do bhí anna ríghacht mun am sin dul go Ierusalem agus áitiughadh dhénamh inte. Agus ... ... teachta le tiodhlaicthe agus le tabhartuis chuige agus ag iarraidh sith agus cairdios do dhénamh riú. Adubhairt-sion gur mhaith sin agus go raibh riachtanus air dul asteach san gcathair óir mur bhí sé ar shliocht Hercules gur bh'oirchios dó iodhbairt do dhénamh dhó isan teampall do bhí ann' onóir isan gcathraigh. Do thuig na teachta nach le deaghintinn d'iarr sé sin, agus, mur bhí muinghin mhór acu as neart na cathrach, dubhradar leis iodhbairt do dhénamh isan teampall do bhí aige ar réiteach na tíre i ttóruinn na críche. Arna chlos sin d'Alexander do ghlac fearg adhbhalmhór é gur chuir crannaibh cédair dá ngearradh gur chuir ar an gaolfhairge bí idir é agus an baile, go ndearnaidh i mbeagán laethaibh droichiod anna raibh ceithre stada ar fad le clocha le gaineamh agus leis an crainn rofhada sin, agus arna fhaigsin dó go raibh arna ardugadh os cionn an uisge d'fhág Pármenio le críoch do chur air; do chuaidh féin agus cuid den tsluagh ag bualadh na nAraibeacha do bhí ag cur toirmisg ar a chuid oibre, agus ar tteacht ar ais dó, do fuair a shaothar cailltidhe, óir air bhfaicsin an adhmaid do lucht na cathrach, chuiriodar luing theineadh dá ceangal don ághmad do dhóigh go hiomlán é. Gidheadh níor chuir sin toirmeasg ar Alexander acht do thug móide nach ndénfadh comhnuidhe nó go ndéanfadh ar lucht na cathrach díoghaltus do bhrígh gur theilgiodar na teachta chuir le hairtiogail síthchána chucu le fánadh na cairge. Agus do chuir an droichiod dá dhéanamh arís a ttaobh eile don chathair, agus gur chríochnaigh annsin é; do thug fós a chabhlach chuige leis an mbaile do bhuain amach. Is annsin do bhí an troid ba dhioghaltaigh dá bhfacaidh aon neoch ariamh óir do bhíodh cuid acu arna tteilgion le fánadh na gcargeacha agus iad sin ag straoilleadh a namhad leo, cuid acu lámh ar láimh ag troid nó go ttuiteadh araon isan bhfairge, agus annsin féin ag streachailt agus ag bualadh a chéile nó go sluigeadh an fhairge araon iad. Do bhíodh fós, loingios ag briseadh agus ag raebadh a chéile
nó go ttuitidis féin agus a bhfoirionn go grinnioll na fairge, tuir a naghaidh tor, acht cithrácht ní raibh gaisceadh cródhacht ná gliocas nach raibh dá gcur i ngníomh ar gach taobh agus ar mbeith ag tuargain agus ag iombhualadh a chéile dháibh ar feadh cheithre n-oidhche agus cheithre lá mur sin nó go rabhdar gan spracadh gan láthar ar gach taobh .. annsin do fuair chid don chabhlach faill ar thor don chathair go ndeachaidh drong díobh as teach agus leis sin iar marbhadh móráin d'Alexander ... ar do thóig sé ar an droichiod le taobh balla na cathrach do chuaidh ... agus a mhuintir 'na dhiaidh. Is annsin do rinneadh an t-ár is míthróccairighe dá ndearnadh riamh ar domhan, óir níor fhágadar duine gan marbhadh innte. Sé mhíle do marbhadh ar an láthair dá lucht cogaidh agus dhá míle di ... Alexander dá gcrochadh ar an gcuan. Annsin do loisg sé an chathair go ndearnadh luaithredh dhí. Is mur sin do chuaidh críoch ar chathair ársaigh Tyre tar éis champa sheacht mí. As sin do chuaidh Alexander go Ierusalem, le díoghaltus do dhéanamh orra fa mur dhúilt congnamh do chur chuige a naghaidh catharach Tyre, óir do mheasadar nár dhlisdionach an mhóid umhlacht do thugadar do Dharius a bhriseadh, óir do bhí na Iúdaighibh go sona sénmhur an úair sin fo umhlacht agus fo ardchíos ag an bPhersia. Ar mbeith d'Alexander ag ionnsaighe cathrach Ierusalem d'éirigh an t-ardsagart anna róbaidhe féin agus mórán do na sagairt anna n-éudaíbh sagartacht féin 'na dhiaidh, agus ba hé ainm an árdshagairt sin Iadhdus. Arna fhaicsin do Alexander gur chum onóra agus fáilte do tabhairt dó thangattar dá ionsaighe agus ar ndearcadh go grinn ar Iadhdus dó, do thuirling gan mhaill agus do rinne adhradh agus umhlacht dó. D'fhiafraigh Parmenjo dhe créad fá ndearnaidh sin, agus gur rún díoghaltuis do ghluais chum na háite sin é; do fhreagair Alexander é agus adubhairt gur isan gcórughadh chédna do thaisbéin dó é féin an dia do ghluais agus do bhrosdaigh le cogadh do chur ar impireacht na Persia é. Agus do chuaidh le Iadhus agus leis na sagairt oile asteach don chathair agus chuir iodhbarthacha dá n-ofráil ar a shon féin, agus do rinne tír shaor don Phailistín annsin gan cíos cáin ná dualgas ar bith do bheith orra, agus tug geallamh do na Iúdaighibh go hiomlán go seasfadh féin dáibh gach onóir, gach urraim, agus gach priuiléid dá raibh roimhe sin acu. Agus as sin do ghluais agus ar mbeith ag gabháil Ghása dhó do loiteadh anna ghualainn é. Do ghluais as sin mur aon le cuideachta thoghtha tré fhásaighibh agus tré thrághaibh diamhra do-eoluis go ndeachaidh mur a raibh Iupiter Hamon agus ar ndénamh shléuchta dho láthair an iodhail sin dó, do ghoir an bhandia bhréige ... sin mac Iupiter dhe, agus is mór do chuir sin in uabhar agus i ndíchéille é; ar tteacht ar a ais dó do chuir cathair mhór Alexandria suas idir ... eotis agus fairge na hÉgipte. Dála Darius iar n-imtheacht dó ar a dhaingion as ár Issuis do sgríobh mórán leitreacha dochum Alexandair ag iarraidh síthe agus cairdis air agus ag ...
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services