Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanstair

Title
Seanstair
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1700
Publisher
(Má Nuad: An Sagart, 1986)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




1 ... cathrach agus do goireadh Róimh ó Romulus di. Fáguim
ag ughdaraibh eile a rádh go cinnte créd an t-am nó an saoghal
a ndearnadh í acht go n-abair Varro gurab isan gceathramhadh
bliadhain dhon seisiodh olympiad do cuireadh suas í. Annsin do
chuir an Capitól suas do bhí 'na thearmann dá ngoirtear
Asylium ag lucht míbhés agus drochghníomh; agus tar ceann nar
fhéd Romulus mur bhí teirce daoine air, nísa mhó ná trí mhíle
troicheach agus trí chéad marcach do bheith in arm aige, ní fada
'na dhiaidh sin gur tharruing an tearmann sin lán na cathrach do
ruifínigh agus d'aos uilc chuige; acht ní raibh mnáibh aige le
tabhairt dáibh, agus is é ní do concus dó a dhéanamh, coimhling
each agus mórán do spóirtibh eile chur dha ndéanamh isan
gcathair, agus do chuir fógradh chum na gcríoch ba coimhneasa
dhó teacht chum a gcuid don spóirt agus don chaitheamh aimsire
sin a bheith acu, agus ar theacht do mhórán ban agus maighdion
as na críochaibh sinn agus go háirighthe as críoch na Sabíneach,
ní luaithe tugadh comhartha áirighthe do na Romhánchaibh ná
d'fhuadaigh gach aon acu bean leis dá árus féin.



Thóig sin cogadh idir na Romhánchaibh agus na criocha
reimhráite go ttugadar cath dá chéile agus isan gcath sin do
mharbh Romulus lena lámha féin Acron rígh na Cininthes agus
do bhris ar a shluagh. Gidheadh ní fada dá éis sin gur ghabhdar
an Capitol le trétúracht mná tug na heochracha dháibh. Arna
fhaicsin sin do Romulus do chuir Hostilius 'na thaoisioch slóigh
dá mbualadh as, agus ar mbeith ag troid dáibh feadh aimsire do
loiteadh é féin agus do bhí a mhuintir ag teitheadh; leis sin do bhí
Romulus féin cona shluagh ag dul dá ttreisiugh go dtáinicc na
mná Sabíneacha eatorra ag iarraidh orra ar gach taobh síthcháin
do dhénamh re roile.



Leis sin dorinneadar síthcháin ar na coinghill so .i. Tatius a
bheith 'na rígh i gcomhfhlaithios agus i gcomhpháirt le Romulus,
an t-ainm céadna do bhí ar an gcathair d'fhagbháil uirre, acht
Quirites do ghairm do na háitigheoiribh ó Cures .i. tír Thatius,
agus priuiléideacha na cathrach do bheith ag na Sabínigh gan
eidirdhealbhadh ar bith mur na seanRómhánaigh. Do bhídar


L. 157


mur sin ar feadh cúig mbliadhan gur marbhadh Tatius le lucht na
Lauinia ní nár ghoill go mór ar Romulus. Ní cian 'na dhiaidh sin
gur chuir Romulus cogadh ar na Fidenáitibh bhí 'na gcomh-
nuidhe ar bruach Tibris gur sgrios agus gur dhíbir iad, agus gur
cheangail a ttír dá dhúthaigh féin. Do chuir lucht na hEtruria dá
dhruim sin cogadh air, gur ghabhsan a ttír mur an gcédna agus gur
cheangail dá righacht féin í.



Agus ba dhamhna báis go grod dá éis na héuchtaibh
móra sin do Romulus. Do ghlac an uiriod sinn lena ais d'uaill ó
iomad na mbuadh do fuair ar naimhdibh agus le méd na
gcumhacht do chonnairc aige féin, nachar bh'fhiú leis comhairle
na Senaide d'iarradh, do dhéanamh, ná do ghlacadh, agus go
ttug an uile tharcuisne d'uaislibh agus do ardchinn na righachta.
Arna fhaicsin dáibhsion gur ag fás leis do bhí an t-uabhar
anchumhachtach, do thángattar 'na thimchioll ag Loch Capria
áit a raibh ag dénamh óráide dhá mhuintir, gur threasgradar
agus gur stróiciodar 'na phiosaioghe beaga ó chéile é isan .55.
bliadhain dá aois agus an 27 bliadhain dá fhlaithios.



Dá éis iar mbeith don tsenáid ag stiúradh na ríghachta ar
feadh bliadhna do rinneadar rígh do Shabíneach dar bh'aimn
Numa Pampilius. Do rinne so mórán do dhlighthibh maithe,
agus is é do chuir an dá mhí .i. Ianuair agus Februair isan
mbliadhain, agus Romulus d'ainmnigh an chuid eile díobh. Iar
mbeith 43 bhliadhna 'na rígh do fuair bás.



Do ghabh Tullius Hostilius, prionsa rochródha, an ríghe. Is a
bhflaithios an rígh so do chuir muintir chríche na hAlba cogadh
ar na Rómhánaigh agus ar tteacht a bhfogus dá chéile dhaíbh
dochum catha do thabhairt, do ghlac eagla na hAlbanaigh do
bhrígh go bhfuair a ngenearal nó a n-ardthaoiseach sluaigh bás
agus nach raibh muinghin mhaith acu as an tí táinicc anna ionad.
d'iarradar ar Thullius Hostilius an triúr dearbhráthreach do bhí
anna shluagh dó ngoirthí na Horatii do chur i gcomhlonn troda le
triúr eile dearbhráthar do bhí 'na bhfochair dá ngoirthí na Coratii
agus an mhéid imreasain do tharla eatorra d'fhagháil ar chrích
an chomhluinn sin, agus gibé taobh aga mbeith an bhuaidh,
urraim agus umhlacht d'fhagháil ón taobh eile; do rinneadh mur
sin leo.



Agus ar mbeith ag comhrac dháibh mur sin, do marbhadh
dias do na Horatii, agus an uair do chonnairc an treas fear
dhíobh sin, do thuig go rabhdar 'na ttriúr rothrén aige, agus do
smuain ar ghliocus do dhénamh, agus is é sin teitheamh uatha


L. 158


gur lean triúr é, agus an uair do dhruid uatha do mharbh a fhear
comhluinn féin. Do lean an dias eile go dásachtach é, ach ar
mbeith do dhuine acu tromloitigh roimhe, níor fhéd teacht suas
nó gur mharbh an Horáisioch an dara fear agus leis sin gur thuill
air agus gur marbh é. Iar sin tháinicc an Rómhánaigh dhá
iomchur go ttugadar isteach don chathraigh é.



Arna fhaicsin dá dheirbhshiair féin, do sgread ag caoineadh
aoin do na dearbhráithreacha sin do marbhadh do bhí 'na leanán
gráidh aice; agus mur do chonnairc a chlóca ag a dearbhráthair
adubhairt sí gur bé saothar a lámh féin do bhí ann agus gurab í
do bhronn don Chuiráisioch é. Arna chlos sin dósan do
sháith a chloidhmhe tréna corp gur mharbh air an láthair í.
Agus do ghoill an gníomh gráineamhail sin ar bhreitheamhain an
bhaile comh mór sin gur chuireadar cuibhriocha iaruinn air agus
go ttugadar breitheamhnus báis 'na aghaidh. Agus iarna chur i
lámhaibh na gcésdúnach chum báis do thabhairt dó, do bhean an
pobal coitchionn díobh é, agus do rinneadar sárughadh orra.



Do chuir Hostilius na Fidináitigh agus na Vientigh fo smach
agus fo árdchios agus dá éis sin do mharbh Ancus Martius go
felltach é, agus, air marbhadh a mhná agus a chloinne mur sin
dó, do loisg sé an pálás 'na ttimchioll, agus do chuir i gcéill do
mhórán iar sin gur caor tinntigh do loisg iad, agus is uime
dorinne sé an feall sin do bhrígh gurab í inghean Numa
Pampilius do bhí póstaigh aige agus dá bhrígh sin do mheas
go raibh ceart aige féin ar an ríghe.
Do ghabh Ancus Martius iar sin an ríghe, agus mur do shíl
na Fidenátígh agus na Vientigh nach raibhe sé cródha ná
calma do theilgiodar cuing na Rómhánach díobh. Gidheadh do
fuaradar iad féin mealltaigh óir ní fada bhí sé dhá gclaoidh
agus ag cur an méid do bhí idir é agus fairge fóna smacht. Do
chuir droichiod idir an Róimh agus Ianiculum agus do rinne sé
príosún i lár na cathrach, agus do thug sé é féin suas do
chrábhadh, a dhéanamh teampall agus iodhbartacha don dea
bhréige do bhí acu agus do chuir sé cathair Ostia ar an Tiber
suas agus do fuair bás iar mbeith 24 bliadhna 'na righ dó. Iar sin
do ghabh Lucius Tarquinius .i. Grégach as Corinth do thaobh a
athar agus Etrúireach do thaobh a mháthar, an ríghe. Lucumo
dob ainm ar tús dó, agus ba prionsa cródha calma é, óir iar
gclaoidh móráin do thíorthaibh 'na thimchioll dó, do chuir sé
céd do bhiseach ar an tsenaid, óir ar ttús do chuir Romulus céd
Rómhánach inte, 'na dhiaidh sin do chuir Tatius céd


L. 159


Sabíneach leo sin, agus do chuir Lucius Tarquinius céd eile leo
dá ttug mur ainm Patres minorum Gentium. Do leasaigh sé fós
ballaighe na cathrach, do mhédaigh sé uimhir na maighdion
vestalach. Agus ar mbeith 38 mbliadhna 'na ríghe dhó agus 80
bliadhain d'aois do rinne mac Ancuis Marcuis feall air.
Goirthigh fós Priscus don Tarquinius so.



Do ghabh Servius .i. fear inghine Tarquinius Priscus an ríghe
dá éis sin. Do rinne sé so mórán dlighthe anna aimsir; is é chuir
fo bhalla na cathrach an cnoc .i. Veminalis agus Esquilinus.
Tug sé go leor fearainn do na daoine bochta; gidheadh do
cheap sé árdchios orra do tharruing mórán dá sochar uatha. Ar
gach cúigeadh bliadhin do dhíoladh cách an cíos sin agus
Lustrum ó luendo do goirthí don bhliadhain sin. Agus do chuir
Iulius Caesar ar an gceathramhadh bliadhain díol an chíosa so.
874,000 do dhíol an chéduair é. Dob é Servius céd duine do
chuir iomháigh beathadhach dá chur ar airgead
agus is uime sin goirtear pecunia dhe .i. ón bhfocal Laidne
pécus. Is é fós do thosaigh le saoirse do thabhairt ó mhoghsaineacht
do sclábhaighthibh agus díobh dá éis sin do goirthí
Libertini ó bheith ar a gcomhuirle féin, agus is uaidhe aniugh
goirtear libertínigh do na daoine neamhcheannsaigh
míchreidmheach agus do mhédaigh sé áitigheoiridh na cathrach
go mór leis sin, agus is de dorinneadh an dlighe dá ngoirthear
Manumissio.



Do phós sé a dhias inghean le dias mac Tharquinius .i. bean
acu bhí deaghbhésach leis an bprionnsa díobh sin do bhí
deaghbhésach agus bean drochbhésach leis an bprionnsa acu
ba drochbhésach agus do chogradar so eatorra an rígh do chur
chum báis. Agus ar tteacht i gceann a chéile don tsenáid do
shuidh Lucius Tarquinius isan gcathaoir ríghdha agus do
labhair mórán do neithe gráineamhla a naghaidh an rígh. Ar
gclos na callóide sin don rígh Severius, do tháinicc asteach. Ní
luaithe chonnairc Tarquinius é ná do éirigh roimhe agus tug
urchur le fánaidh na stoighrigh dhó agus d'eagla nár leor sin
dubhairt le duine crosta dá mhuintir a chloidhmhe do sháthadh
tréna chroidhe, agus leis sin do theilgiodar amach ar an tsráid
é. Ar gclos dá inghin féin .i. do mhnaoi Tarquinius, gor
marbhadh a hathair níor chomhnuidh go ndeachaidh go
lúthgháireach d'ionnsaighe na senáide chum go ndénfaidh
banríghain di. Agus ar bhfaicsin a hathar síntidh ar an
mbealach di, do chuir sí d'ualach a cóiste do thiomáin ar a


L. 160


thárr, agus is uime sin do goireadh Vicus Sceleratus don tshráid
sin.
Is ann sin .i. isan gceathramhadh bhliadhain don 150
olimpiad do ghabh Tarquinius dá ngoirthí Superbus nó
uaibhreach an ríghe, agus ar mbeith mórán buaidhe dhó ar na
críochaibh fa choimhneasa dhó do rinne teampaill do Iupiter do
Iuno, agus do Minerva.



Is ann' aimsir do thainicc seanbhean ag díol naoi leabhar
agus d'iarr fiacha romhóra orra, agus mur diúltadh na fiacha sin
do thabhairt di, do loisg sí trí leabhur díobh, agus do thairg an
chuid eile air na fiacha cédna agus ar bhfagháil diúltaidh di do
loisg trí leabhar eile díobh. Is annsin tug na draoithe comhairle
do Tarquinius na fiacha d'iarr sí an chéaduair do thabhairt ar na
trí leabhair do bhí gan dógh, agus leis sin le hamharc dá ttug
cách ní fhacadar an bhean uaidhe, sin amach, agus ba hiad
sin leabhra na Sibilligh agus ba bhean díobh í sin.



Iar gceannach na leabhar sin don rígh do chuir dias dá
gcumhdach, agus díobh sin goirtidh Duumviri Sacrorum. 'Na
dhiaidh sin cuireadh deichneamhar dá gcumhdach dá ngoirthí
Decemviri Sacrorum agus ní féachtaoidh ionnta acht le héigion
mór iar sin ...



Iar mbeith i gcampa dó a ... a mhac oighreacht éigion
Lucrésia .i. mná .. an uair do chonnairc Lucresia tar éis a cas
... féin agus lena cairdibh di nach raibh díoghaltus ... Sixtus do
sháith sí sgian tréna croidhe féin go bhfuair ... agus ba hé sin
damhna díbertha na tTarquinius agus righthe na Rómha
uaidhe sin amach. Óir ar chomhairle Lucius Brutus do chuir an
tsenáid .. a gcogair agus a gcongnamh leis an armáil gur
dhíbriodar Tarquinius agus é aosda.



Iar sin do chuaidh an tsenaid i gcomhairle cionnus nó
créad an modh ar a mbeith stiúradh na ríghacht, agus is í
comhairle ar ar cinneadh acu gan aenrígh do bheith orra uaidhe
sin amach agus Republic do ghairm don chrích, dias do chur
i gceannas in ionad na ríghthe, agus d'eagla nach beithdís sin
féin buansheasmhach le maith do dhénamh don chrích,
d'ordaighdar gan aendias acu do bheith i gcumhacht acht feadh
bliadhna gan malairt; agus consuil do goirthí dhíobh.



Ba hiad Lucius Iunius Brútus, agus Lucius Tarquinius
Collatinus céd chonsuil do bhí san Róimh agus ní fada
bhádar mur sin an uair do fríth amach go raibh mórán do


L. 161


mhaithibh na cathrach ar tí Tarquinius Superbus do thabhairt
asteach arís le trétúracht. Do ghlac Brútus lena ais a
bpíonúis do thabhairt don mhéid dá mhuintir féin do bhí
cionntach is an bplot sin agus mur fuair a dhias mac féin
ciontach do chuir a gcinn dá mbuain díbh. Gidheadh ní raibh
Collatinus chomh díbhfheirgach agus sin leis an bpíonús cédna
do thabhairt do na ciontaigh do taobhadh ris, agus dá bhrígh
sin thug Publius Valerius píonús dáibh, agus fuair mur
athchuinge Collatínus do dhíbirt; agus do rinneadh consul de
féin i gcomhpháirt le Brútus, agus annsin do leagadar re lár
pálás an rígh agus do roinneadar a mhaoin i measg na sluagh.
Ní fada 'na dhiaidh sin go ttáinicc Tarquinius i gceann slóigh
mhóir Etriúrach a naghaidh na Rómhánach. Agus isan gcath
thugattar dá chéile do thuit Aruns mac Tarquinius agus Brutus
le chéile. Gidheadh do bhí an bhuaidh ag na Rómhánaigh.
Annsin do bhí Valerius 'na chonsul 'na aonar agus dorinne
mórán do dhlighthibh tairbheacha don phobal choithchionn.
Thug fós cead do gach duine, aenneach dá mbeith go follusach
'na thiaránach do mharbhadh ... Dá éis sin do rinneadh consul
in ionadh Bhrutus do Lucresius athair Lucresia, acht do fuair
bás go grod dá éis sin, agus do cuireadh Marcus Horatius ina
ionad. Is anna aimsir do rinne na Rómhánaigh an céd
shithcháin leis an gCartagenia.



An bhliadhain dá éis sin ar mbeith do Mharcus an dara
feacht 'na chonsul ... tá inice Porsenna rígh na Clusium le
harmáil go n-ionsaigheadh sé cathair na Rómha leis an
ríghacht do bhúain ... Do chuaidh na consuil le cuid dá
sluaghaibh .. ar aon iad, agus do chuir na hEtriúrigh ruaig
orra féin ... soiche an droichiod; is annsin do sheas óigfhear
calma dar bh'ainm Horatius Cocles ar cheann an droichid idir
na Rómhánaigh agus a namhaid agus do chosain iad ar an
tsluagh go hiomlán nó go ndeachadar tar an droichead ...
iomlán. Iar sin tug spoir dá each gur chuir do léim isan Tiber í
gur snáimh don taobh anonn dí go ráinicc a mhuintir féin iar
mbriseadh an droichid roimhe.



An bhliadhain dá éis ar mbeith do Valerius Publicola agus do
Horásius Pulvillus 'na gconsuil do chuiriodar ruaig ar
Phorsenna agus do mharbhadar uimhir mhór dá mhuintir.
Gidheadh ní cian go ttáinicc ar a ais le sluagh rolíonmhur gur
chuir campa an dara feacht leis an gcathair, agus go raibh ag
déanamh móráin díghbhála do na Rómhánaigh. Is annsin


L. 162


dorinne óigghaisgeadhach Rómhánach ceangal agus conradh
le trí chéd eile dá shamhuil féin d' fheraibh adu ... go
campa Porsenna; culeacha Etrúireacha do ghabháil iompa
agus Porsenna do mharbhadh. Mutius Cordus dob ainm dhó.



Agus a ngluasacht dáibh ar an turus sin do chuaidh Mutius
go pailliún Porseanna agus ar tteacht asteach do chonnairc
príomhfhear comhairle an rígh; mur mheas gurbh é féin do
bhí ann do ling chuige agus do chuir sáthadh dá dhuigér tréna
chroidhe gur thuit 'na chorpán marbh ar an láthair. Leis sin
táinicc mórán don namhuid 'na thimchioll agus do ghabhdar é
agus i measg cháich táinicc Porsenna féin. Arna fhaicsin do
Mhútius nach é ro mharbh do chuaidh do léim chum tineadh
móire do bhí arna hadhnadh agus do thiomáin a lámh dheas
anna lár agus do chuinnigh annsin dá dógh í. Do ghlac
iongnadh comh mór sin Porsenna ar bhfaicsin méd a
chródhacht agus a dhíbhfheirge dó gur thárthaigh é agus ar
gclos dó go raibh trí chéd eile dá shamhauil sin ar a thí, do rinne
sithcháin ris na Rómhánaigh agus do ghluais dá chathair féin.



I ndiaidh bháis Phublicola do chuir na Saibínigh cogadh
orra go ttángadar go cathair na Rómha. Gidheadh do chuir
Posthumius agus Memenius bhí 'na gconsuil ... nó gur
mharbhadar iliomad díobh, gur iarradar síthcháin agus do ...
sin. Dá éis sin ar mbeith do Posthumius Coimínus agus



... treasguir ... dáibh so arna ndíbirt .. tar ...
mall tar abhainn na Rhéine ... iar gcur na coda eile chum
báis díobh do ... rinneadar casaoid re Caesar agus tháinicc
dá thartháil ... táinicc in amharc na namhad d'iarradar
síthcháin go ha ... déanamh air agus iarna tabhairt sin dáibh
do bhrisiodar .. do mharbhdar 60 marcach do mhuinntir
Chesair do ...



An uair do chonnairc Cesar sin do ghluais dá n-ionnsaidhe
... tais do dhéanamh orra, agus tar cheann go ttáinicc a
ttaoisigh .. ag iarraidh maitheamhnuis an mhíghníomha sin
do thug ionnsaidhe dhibhfheargach orra iar gcur na
ttaoisioch sin i ngeimhiol dó ... agar orra ionnus nach
deachaidh beo ar a n-ais do 430000 tar abhainn na Rhéine
dhíobh acht na taoisigh do bí i láimh dochum uathbháis do
chur ar an gcuid eile do na Gearmáinigh ... taobh anonn
d'abhainn na Rhéine ar dhroichiod clár ... a dhéanamh, agus
iar losgadh agus iar gcreachadh gach áiti .. tháinicc tar ais


L. 163


don Fhrainc maille le mórán creach ... chuid na
nGearmáinneach. Is annsin do chuir a chabhlach in or don
Briotainne mhóir agus ní dochum cogaidh do cur orra, ach
dochum na críche sin do bhreathnughadh, agus ar mbeith ag
ullmhughadh a chabhlaigh dhó in áit dá ngoirthí Terrovenu ar
aghaidh Kent ... bhfochair .. don chuan sin dob
iongnadh ... ail le lucht na críche i bpearsannaibh - ... r
chuige roimhe sin - mur do chonnairc an cuan .. líonta le
mílidhibh armtha ar innioll troda 'na chuinne .. bhegán
slóigh do bhí i bhfochair Chesair an tan sin ... d'aimhdheoin
na sluagh sin, óir níor bhféidir leo an ... chum trágha, agus
ba doiligh fós dá mhílidhibh troid do ... himlinn. Gidheadh ní
cian do bhádar an uair do thug fear brataigh nó standaird do
mhuintir Cesair léim do bhord loinge sa bhfairge agus
d'fhuagair do ghuth ard do gach aon lér mhian clú
Ró>mhánach do chosnamh é féin do leanmhuin. Leis sin do
ling ... cách 'na dhiaidh. Tháinicc annsin an marcshluagh
Briotaineach agus thar ceann go raibh na Rómhánaigh gan
eachraigh, agus iad in uisge suas go himlinn, do throidiodar
go cródha nó gur lion ...do mhilidhibh do thug cabhair do
na coisighibh. Annsin do theith ... Ghabh Cesair gona
bheagán sluaigh talamh agus d'umhlaigh ... go hiomlán dó;
agus tugsan síthcháin dóibh.



Do chuaidh Cesair iar sin ar a ais don Fhrainc agus fuair
lucht na críche sin uile ag du ... Lucius Cotta gona légiún
arna ttreasguirt go felltach ... a Francach nó Gailiceach dar
b'ainm Ambiorix, thug Cesar .. asg agus chuir fo smacht uile
iad. Annsin do thug ruathar ann ...



Do bhrígh gur chuir na hAisírigh agus na
Babilónaigh go grod dá éis sin cuing na Méudaibh dhíobh, agus
go raibh mórán díobh 'na ríghthaibh i ndiaidh Shardenapalus
dorine mórán díghbhála dona Iúdaighibh, is mian leam trácht
athchumair do dhénamh annso orra.



Ar mbeith do lucht na Ninve dá gcrádh fo chuing an
Mhéudaigh Arbaces, ní luaithe do chualadar dearbha ar a bhás
ná chuiriodar prionnsa dá muintir féin dar bh'ainm Ninus anna
ionad, i ndóigh go leanfadh an chéd Ninuis mac Beil .i. fear
Shemiramís. Tig Castor agus Synicellus leis an ní so Chron:
pag: 182. Chronographiae principium fecimus, et ad Ninum
usque deduximus qui Regnum suscepit post Sardenapalum.


L. 164


Acht gibé dorinne an Ninus so, is dearbhtha go ttáinicc ríghthe
róchumhachtacha 'na dhiaidh do bhean an Bhabilón ar éigin do
na Caldeánaigh, agus do rinne mórán uilc, agus urchóide do na
Iúdaighibh.



Ní fhaghmaoid amach créd an aimsir do mhair an dara
Ninus so, acht go ttáinic Sochoras, agus Tilghath 'na dhiaidh in
oighreacht na ríghe. Phul táinicc 'na ndiaidh sin, agus is air
thráchtas an ceathramhadh leabhar do Leabhra na Ríogh
cap.15. áit a n-abair go ttáinicc go crích Israel, agus go ttug
Manahem míle talend airgid dó ar chonndar congnamh do
thabhairt dó re sealbh riaghacht na hIsrael do chonghbháil anna
láimh iarna buain amach go hégcórach seal roimhe sin dó.



I ndiaidh Phuil tainicc Teglathphalasar. Is é sin tháinicc iar
nglacadh tuarasdail mhóir d'ór agus d'ionmhais an teampuill ó
Achas ag neartughadh ris go Damaschus a naghaidh rígh na
Siria, agus do mharbh sé Rasin rígh na Siria agus thug a
mhuintir i ngéibhionn go hAsiria ris. 'Na dhiaidh sin tháinic
Salmanasar, agus is é, 4. Reg: 17, tháinicc go Samaria, agus iar
mbeith trí bliadhna i bhfoslongport leis an gcathair ndaingin sin
dó do bhean amach re foiréigion í; do thug an rígh agus a
mhuintir i ngéibhinn leis, agus do chuir fo dhaingean cathracha
Hela agus Háboir i gcrích na Media do bhí fona smacht an uair
sin iad.



'Na diaidh sin táinicc Sennacherib. Is air so labharthar Lib.
5. Regum cap. 18 agus 19. Do tháinicc in aimsir an rígh
fhírénta Ezechias re sluaigh líonmhura go crích na Iúdaigheach,
do chuir foslongphort nó campaighe re Ierusalem, agus re
Lachis in aoinfheacht .i. cathair í so re rígh na hÉgipte. Do
chuir Ezechias teachta go Lachis chuige ag iarraidh air
maitheamhnus do thabhairt dó trésan gcoir dorinne 'na aghaidh
ag diúltadh ardchíosa do chur lena theachta chuige; agus
uaidh sin amach go ndéanfadh gach ní do réir a thola dhó.
Annsin d'iarr Senncheireibh bréagach mailíseach trí chéad
thallend airgid, agus XXX tallend óir air, agus iar nglacadh an
óir agus an airgid sin dó, do chuir sé Rabsaces le harmáil go
Ierusalem dá buain amach. Ach mur do chonnairc Dia Israel a
bhréaga agus a mhíchoinghioll, d'fhéach go trócaireach ar
neamhchionta, agus ar fhíréntacht an rígh bheannaighthe
Ezechais; do tháinicc aingiol Dé isan oidhche ar champa
Rabseces os comhair Ierusaleim, gur threasgair céd agus ceithre
fithchid míle dá mhuintir, gur b'éigion do Sheannacereib féin


L. 165


maille le náire, agus le hathmhéala mhóir a champa do bhí aige
re Lachis do thógbháil agus imtheacht le luas a gcos dá ttír
féin.



Agus go grod dá éis sin, ar mbeith don rígh mheabhlach
sin ag adhradh a dhea bréige i tteampall Neseroch i gcathair
Ninve, tháinicc dias dá chloinn féin .i. Adramlech agus Sarfar,
do mharbh go fealltach é, agus iarna dhénamh sin dháibh do
theithiodar go hArmenia ar bhfágbháil na hoighreacht ag an
treas mac, Asaradon. Seacht mbliadhna agus trí fithchid roimh
Asarodon do ghabháil na ríghe, do chuir na Caldeánaigh agus
na Babilónaigh cuing na ríghthe Médach dhíobh mur so:



A bhflaithios Artecarmis do bhí fear ionaid rígh uaidhe isan
mBabilón darb ainm Nanibre, agus tarla go ttug an fear so
masla do thiaghearna Persiánach go ndeachaidh lena chasaoid
gus an rígh. Do gheall an rígh go ttiubhradh sásadh dhó, an
chéad uair do rachadh féin go Babilón, agus níor choimhlín sé
sin, óir do thug Nanibre bríb d'aon do phríomhchomhairleacha
an rígh, do fuair mar athchuinge uaidhe gan labhairt ar
an gcúis sin, gus mur sin do fágadh marbh í. An tan do
chonnairc Persondas, .i. an tiagharna Persiánach, sin do ghabh
fearg mhóradhbhal gur mharbh go fealltach Nanibre mar aon
re comhairleach an rígh, agus do theith sé iar sin go tir na
gCadusiánach atá i bhfogus don Mhuir Caispiain, agus d'innis
do lucht na críche an t-adhbhar fá ndeachaidh dá n-ionnsaighe,
agus d'iarr orra congnamh le cuing na ríogh Médach do
chrothadh dhíobh. Agus ar mbeith rofhonnmhar dháibh, do
ghealladar dhó gan congnamh dá raibh anna gcumhacht, agus
leisin do thóigiodar cogadh rofhuilteach in aghaidh na Médach.



Arna fhaicsin sin do na Babilóinigh agus do lucht na Caldea
go hiomlán d'éirigh siad mur an gcéadna gur dhíbirsiod na
Médaigh as a ttír agus gur chuiridar an choróin ar phrionnsa
dá muintir féin darb ainm Nabonasar agus do chuinnighsiod
ríghthe i ndiaidh a chéile .i. 76. Gidheadh do bhrígh nach
bhfuil a ngniomha sin ná a n-éachta ar shliocht suadh ná
seanchuis, ní thráchtfad acht ar an rígh déighionach díobh ar a
labhhartar. 4.Reg cap. 20. i. Meredoch Baladan.



Is re linn an rígh so táinicc Asaradon mac Shennachereib as
an Ninve re sluaightibh móra agus do chuir longphort nó
campa re cathair na Babilóine agus iarna gabháil do chuir an tír
uile fo smacht agus fo chumacht na hAsiria mur bhí roimhe; 'na


L. 166


dhiaidh sin do rinne sé gabháltais eile, óir do chuir sé armáil
mhór go Hierusalem, do thug a rígh mallaighthe .i. Manases i
gcuibhreach iarnaidhe go Babilón leo. Iar mbás Asaradon do
ghabh a mhac Soasdochim dá ngoirionn an scriptúir Nabuchadonasar
an ríghe sin na Ninve. Is é ...
11 an leanbh marbh do chur anna ionad; do aontaoigh
Mitradates sin go fonnmhur agus ar mbeith don leanbh in aois
deich mbliadhan, do rinne gníomh thug solus do chách ar uaisle
a athardhacht; óir ar mbeith dhó go laetheamhail i measg aos
óg a lucht comhaoise féin ag súgradh agus ag caitheamh
aimsire mur is dual do leanbha, do thionsgain siad rígh do
dhéanamh dhóibh féin. Agus ar bhfaicsin dáibh go raibh Cyrus
- óir is é sin ainm tugadh air tar éis a athardhacht d'fhoillsiugadh
dhó - ní ba dhána, ní ba fheardha, agus ní ba chródha
ná aon neoch oile 'na measc, do rinniodar rígh d'aentoil de. An
uair do hoirneadh eision mur sin do cheap a chúram nó a oifige
féin do gach aon fo leith don aos óg do mheas a bheith fona
smacht agus do bhídar uile umhal dó acht amháin mac
tiagherna do mhuintir an rígh Astiages, aga raibh teach tuaithe
isan mbaile bheag anna raibh Cyrus, dar b'ainm Artambares.
Agus ar bhfaicsin easumhlacht an leinbh sin ba hóige ná é féin
do Chyrus adubhairt leis an aos óg eile a chonghbáil gur chuir
ar mhuin aoin acu é agus do bhí sé dá sgúrsáil nó gur leig fuil go
talamh leis. Iar sin d'imghidh an leanbh agus é ag gul go hard
go ndearnaidh casaoid rena athair féin.



Do ghluais sin fearg agus anmhian an athar gur chuir
tóruighacht ar Chyrus agus ó nár fríth é do bhrígh go ndeachaidh
i bhfolach, do thug Artambáres a mhac ris agus do thaisbéin
don rígh é; leis sin do chuir an rígh teachta ar chionn
Chyruis, agus ar tteacht do láthair dó d'fhiafraigh de créd far
lámh sé mac tiaghearna comh mór leis sin do bhualadh agus
do mhaslugadh mur do rinne sé. Do fhreagair Cyrus go
misneamhuil dána é agus adubhairt ris gur cóir a smachtughadh,
óir níorbh áil leis géilleadh ná umhlacht do thabhairt
dá rígh. "Créd an rígh sin?" ar Astiages. "Mise féin," ar
Cyrus, "óir gidh gur thogh an t-aos óg mur rígh ós a gcionn
mé, níor fhaomh seision a chúram féin do réir mur cheapas dó a
choimhlíonadh, ná umhlacht do thabhairt damh."



Is annsin tug Astiages gnúis, dánacht, agus deaghdhéanamh
an leinbh dá aire agus do mheas go cinnte ar an láthair nár


L. 167


bhféidir do Mhitradates a shamhail do mhac a bheith aige, agus
dá bhrígh sin do ghoir chuige in uaignios é, agus d'iarr air i
bpéin bháis a innsin go fírinnioch dhó cá bhfuair sé an leanbh?
Ar nglacadh uamhain mhóir agus uathbháis Mitradates, d'innis
ó thús go deireadh fírinne an sgéil dó. Annsin do chuir Astiages
fios ar Harpagus, agus d'fhiafraigh dhe créd do rinne sé leis an
leanbh do sheachaid sé dhó? Adubhairt Harpagus gur chuir sé
cúram a mharbhtha ar an bhfear cédna do bhí ar an láthair. "Is
fíor sin," ar Astiageis, "is maith liom go mairionn mac
m 'inghine agus tabharaidh dom chúirt féin é," ar sé, "agus
adubhairt le Harpagus a mhac do chur chuige an lá cédna le
comhluadar agus cuideachta dá leanbh féin, agus "bídh féin ag
proinn um fhochair féin anocht," ar sé.



Do ghluais Harpagus go lúthgháireach dá thigh, agus iar
gcur a mhic go cúirt an rígh dhó, do tháinicc féin um nóin 'na
dhiaidh, agus ar mbeith ag caitheamh proinne i bhfiadhnuis' an
righ dhó, tugadh pasté chuige, agus iar n-itheadh coda dhe,
d'fhiafraigh an rígh dhe ar thaithnigh a bhlas leis.
Adubhairtsion gur mhaith a bhlas. Annsin d'ordaigh an rígh
cosa, lámha, agus ceann a mhic féin do thabhairt i bhfiadhnuis'
Harpaguis agus adubhairt leis gurab í feoil a mhic do bhí isan
bpasté. Adubhairt Harpagus go suaimhneach stuidérach nár
cheart dó féin locht d'fhagháil ar aon ní budh toil lena rígh.
Gidheadh do bhí buaidhreadh agus dólás mór anna inntinn an
tan sin, agus rún díoghaltais dá ttigeadh leis a dhénamh acht
go ndearnaidh rún air nó go bhfuair uain agus aimsir an
iomardaigh.



Do chuir iar sin Astiages arís cruinniughadh ar dhraoithe
agus lucht saobhfheasa na críche, agus d'fhiafraigh díobh créd
budh cóir a dhéanamh re Cyrus? nó an raibh ádhbhar eagla
air féin go ttiucfadh dhó an ríghacht do bhuain amach?
Adubhradar na draoithe nach raibh baoghal air, óir gur
coimhlíonadh brígh na haislinge, an tan do thogh an t-aos óg
mur rígh ós a gcionn féin é. Arna chlos sin don rígh do rinne
dimbrígh dhe, agus do chuir d'ionnsaighe a athar agus a
mháthar féin go crích na Persia é. Do bhí cródhacht, críonnacht,
agus calmacht Cyruis ag fás rena aois fheardhacht,
ionnus go ndeachaidh cliú a neirt agus a chródhacht ar feadh na
gcríoch fa choimhneasa dhó ar ttús agus 'na dhiaidh sin fo
chríochaibh iomchiana na cruinne.



Arna chlos sin do Harpagus do mheas a dhíoghaltas do chur


L. 168


i ngníomh, agus do sgríobh leitir go Cyrus agus do chuir chuige
i mbolg míl muighe í, ag iarraidh air misneach do ghlacadh rén'
ais, agus go bhfuigheadh féin congnamh urmhóir uaisle na ríghachta
dhó le tiaránacht Astiages do chosg agus leis an ríghe do
bhuain re héigion de. Leis sin do chruinigh Cyrus sluaighte
móra isan bPersia ar sealbhachus conganta do thabhairt don
rígh a naghaidh a námhad, agus ar mbeith in aonáit i gceann a
chéile dháibh, do chuir cruaidhobhair ag tochailt agus ag
iomchar talmhan orra an chéad lá, acht an dara lá thug sé
fledh agus fésda mór dháibh. An treas lá d'fhiafraigh sé dhíobh
créd an roghain do ghlacfadís .i. a bheith ag obair mur bhídar
an chéd lá nó a bheith mur do bhídar an dara lá go meadhrach
ag caitheamh fleidhe agus fésda? Do fhreagradar é uile
d'aithiosg aoinfhir ag rádh go m'fhearr leo go mór a bheith mur
bhídar an dara lá. "Más eadh," ar sé, "leanaidh mise, agus do bhérad
suaimhnios sógh agus saidhbhris daoibh féin agus da
bhur sliocht ar ndiaidh." Adubhradar uile go leanfaidhdís gan
mhaill é.



Ar gclos dálaibh Chiruis do Astiages, do chuir cruinniughadh
ar a mhórshluaghaibh féin as gach aird le dul 'na aghaidh,
agus mur bhí mírath agus míshén i ndán dó, is é Harpagus do
thogh le bheith 'na árdthaoiseach nó 'na ardmhariscail ar a
shlóigh go hiomlán. Quos Deus vult perdere hos dementat.
Agus iar sin do chuir teachta d'ionnsaighe Chíruis le rogha
chuige gan teacht dá thír ar aenchor. Acht níor ghlac Cyrus an
rogha sin uaidhe, óir do ghluais gan mhaill go ráinig críoch na
Media, agus arna fhaicsin do Harpagus do tháinicc maille le
mórán dá shluagh chuige, agus an dream díobh d'fhan i
bhfochair an ríbh níor throidiodar acht go fann do bhrígh
.... tiarántacht, ionnus gan morán duaighe gur
briseadh ... agus gur theith féin agus an mhéid do ghabh leis
go príomhchathair na Media agus iar gcruiniughadh slóighte
eile dhó thug an dara cath do Chyrus agus do briseadh arís
air, agus do rinneadh príosúnach dhe féin, ní do chuir lúthgháire
mhór ar Harpagus, agus do chuir sé i gcuimhne dhó
mur do thug feoil a mhic re hithe dhó, agus d'fhiafraigh de ar
thaitnigh a staid féin an uair sin leis.



Is mur sin, más fíor do Herodotus, do chaill na Médaigh a
ríghdhacht agus a gceannus go bhfuair na Persiánaigh ar éigin
í, iar mbeith do Astiages .XXX. bliadhna ina thiaránach os a
gcionn.


L. 169


Ní luaithe do cuireadh coróin ar Chyrus ná thug lucht na
Média agus na Persia móid umhlachta dhó, agus do chuadar
leis gan mhaill ag cur cogaidh ar Cresus rígh na Lídia, áit atá
idir abhainn Hális agus Muir Euxin. Lidus dob ainm don
chédrígh do bhí ar an gcrich sin ó ngoirtear Lídia dhi; agus i
ndiaidh a shleachta sin do bhí Argon mac Ninois mic Bélois
mic Alceuis don treibh dá ngoireadh Heraclidibh do shliocht
Hercules 'na ríghthibh uirre agus an rígh déighionach díobh sin
dar bh'anim Gandaules do chaill sé go míghnaoidheamhuil an
ríghacht mur so:
Ar mbeith pósdaigh ag mnaoi ro-áluinn, do bhí a ghrádh
comh mór agus sin di go mbíodh ag síorthrácht le gach duine ar
a sgéimh, agus i measg cháich le fear gráidh dó féin dar
bh'ainm Giges agus do chuir air sin dá aimhdheoin é féin
d'fholach anna seomra lena faicsin nochtaigh ar ndul anna leabaidh
dhi, agus do rinne sé mur d'iarr air. Acht ar ndul amach
dhó, do chonnairc sise é, agus d'innis sí don rígh go bhfacaidh
fear éigin ag dul amach as an tseomra; adubhairt an rígh léidh
gan suim do chur ann, óir gurab é féin a d'iarr ar Ghiges
theacht ag amharc uirre ar mbeith nochtaidh dhi. Gidh do chuir
sin fearg mhór ar an mbanríghain, níor labhair sí nísa mhó air
an ní sin go ttáinicc an lá arna mhárach. Agus annsin do chuir
fios ar Ghiges agus thug sí isteach dá seomra é, agus adubhairt
ris "ó thugais masla damsa le humhlacht don rígh," ar sí
"bíodh do roghain do dhá ní anois agad .i. meise agus an ríghacht
má mharbhann tú an rígh, nó bás d'fhulang sul bhfágaidh
tú an áit so le lámha mo shearbhfhoghantaigh atá ag dorus an
tseomra so. Agus gidh gur leasg leis do ghlac sé an an chéd
roghain, agus an oidhche chédna ar mbeith 'na chodladh don
rígh, do thug sise sgían do Ghiges lér mharbh é.



Iar sin do phós an bhanríghain é agus do bhí 'na rígh ar an
Lídia, agus is dá shliocht an Cresus so ar a bhfuilim ag trácht
do chuir cogadh ar Chyrus. Óir an tan do chualaidh gur bhean
Cyrus a ríghacht le héigion do Astiages, do mheas gurbh fhéidir
leis an Mhédia agus an Phersia do bhuain de agus go mbeith
féin 'na airdrígh orra, agus do bhí an uiriod si dóchuis aige as
cródhacht agus as neart a mhuintire gur shíl nach beith
toirmeasg mór ar bith leis sin do thabhairt chum críche gan
mórán maille. Agus ar ttús do rinne sé cairdios agus comhcheangal
le rígh na hÉigipte, agus agus leis na
Lacedemóinigh; do rinne annsin comhcheangal ... agus


L. 170


Iupiter Hamon, agus ar mheas dó go raibh freagra fabhrach
... do ghluais le harmáil mhóir throitheach agus mharcshluagh
go bruach aibhne Halos go ndearnaidh droichiod uirre, nó,
mur deir drong eile, gur tharring an t-uisge as a áit, agus go
ndeachaidh d'ionnsaighe Chyruis ar an taobh eile dhi.



Agus ar dtús do chuaidh go Capadocia agus do ghabh
sé an chathair sin dar bh'ainm Ptérium maille mórán do
bhailtibh ba lugha áireamh ná sin, agus do bhrígh gur mhó agus
gur líonmhuire a shlóigh ná shlóigh Cyruis an tráth sin, níor
chomhnuidh go ttugadar cath fuilteach fíorchalma dá chéile gan
fios buadhe ag ceachtar díobh iar mbeith ag tuarguin agus ag
treasgairt a chéile ó thús laoi go teacht oidhche dhóibh, gur
sguiriodar ar gach taobh gan chead dá chéile. Adeirid aroile
úghdair bharántamhla gur mhó agus gur líonmhuire go mór
slóigh Cyruis, agus gurab uime sin do bhí muintir Cresuis arna
mhárach ag murmur go mór 'na aghaidh fona thír féin d'fhágbháil
agus a dhul go tír námhad ba threise agus ba lionmhuire
slóigh ná é, agus gur chomhartha mearaighthe céille an bheart
sin nó go háirighthe gur chosmhuil dó a bheith tuirsioch dá
shaoghal féin agus a mhuintire.



Arno chlos din do Chrésus agus go bhfacaidh sé gur
chruinnigh Cyrus a shlóigh i seilbh ionaid an chatha arís, do
ghluais go prap ar a ais i muinghin go ttiucfadh arís an t-earrach
dá éis sin maille le congnamh slóigh ón Égipt, agus ón
Lacedemonia, agus níor chomhnaigh go ndeachaidh go Lidia .i.
dá ríghacht féin. Agus iar sin do scap sé a shlóigh go ndeachaidh
cuid mhór díobh i gcomhnuidhe gheimhridh go háitibh
imchiana ón gceannchathair anna raibh sé féin, agus sin i
muinghin go mbeith uain aige ar a gcruinniughadh i ttús an
earraidh le gluasacht arís isan Márta a naghaidh Cyruis.
Gidheadh ní luaithe do spíon sé a mhuintir mur sin, agus dob
áill leis féin agus don mhéid de shlóigh do bhí 'na fhochair sgíth
chomhnuidhe do dhéanamh ná do fuair sgéla cinnte Cyrus
gona mhórshluaghaibh do bheith i gceartlár a ríghacht isan
Lídia istigh.



Arna chlos sin do Chresus do ghlac uamhan, agus uathbhás
mór. Agus ní raibh slighe tárthála aige acht cruinniughadh do
chur ar an méd dá shlóigh ler b'fhéidir teacht chuige leis an aimsir
ghearr do bhí aige le hé féin do chur in innioll cosanta. Agus ar
mbeith do Chyrus ag teacht dá ionnsaighe do chuir córughadh
catha ... sin, agus ar gcur an mharcsluaigh i ttús an chatha do


L. 171


shíl sé ar a bhfeabhus go mbrissdis gan mhaill ar shlóigh
Chyruis, agus ní meallfaidh anna chédfaidh é muna mbeith an
chomhuirle thug Harpagus do Chyrus .i. na hualaighe do bhuain
anuas do na camhaill, agus a mharcshluagh do chur orra i ttús an
chatha. Agus ar ndul isan n-ionnioll sin isin gcath dáibh in
amharc mharcshluaigh Chresuis do ghabh sgéin agus sgáth a neachradh
ar bhfaicsin na mbeathadhach gcoimhidhach sin dáibh
go nárbh fhéidir a gceannsugadh nó gur scionniodar le gealtacht
as amharc na gcámhall óir adeirtear go coitcheann nach
bhfuilingid eachraigh boladh ná amharc na gcámhall. An tan do chonnairc
marcshluagh na Lidia nach raibh ar a gcumas a n-eachradh
do thabhairt chum troda a naghaidh na gcámhall, agus
go raibh a ttroitheacha nó a gcoisighthe isan am céadna dá
ttreasgradh gan coigill le sluaghaibh Chyruis, do thuirlingiodar
agus do rinneadar ar a gcosaibh comhrac cródha calma nó
gur claoidheadh fa dheoidh le hanneart, agus le haniomad
namhad iad gur bha héigion dáibh briseadh do ghlacadh. Agus
iar bhfágbháil iliomaid dá gcuraidhibh cródha ceartchalma
marbh isan ár dháibh do theithiodar isteach go Sardis ceannchathair
na Lídia.



Iar bhfagháil buadha an chatha sin do Chyrus níor chomhnuidh
a bhfad isan machaire acht do thug tóruighacht dhlúth do
Chresus agus dá shluagh brisdigh gur chuir campa timchill le
cathair Shardis. Agus iar mbeith ceithre lá décc ar aghaidh na
cathrach mur sin dó, gan maith ar bith do dhéanamh, dob
fhóbhair dó drochmhisnioch agus édóchus do ghlacadh óir iar
mbreathnughadh neirt an bhaile dhó do mheas dár leis nár
bhféidir a ghabháil. Annsin do chuir sé bollscairidh i measg na
slógh dá fhoillsiughadh dhóibh go ttiubhradh luach saothair agus
tuarusdal don chéad duine dá mhuintir do rachadh isteach tar
bhalla na cathrach nó do ghéubhadh bealach le dul innte. An
oidhche dá éis sin do bhí aon do na saighideoiridh ag
breathnughadh taoibh don bhalla ar nach raibh garda ar bith
arna mheas do lucht an bhaile nár bhféidir d'aonneach isan
domhan dul a naghaidh cairge ró-áirde do bhí sínte ris an mballa
ar an taobh sin. Gidheadh, ní cian do bhí an saighdeoir ann an
uair do chonnairc sé mílidh armtha do muintir Chresuis ag
seasadh ar an gcarraig sin, agus le hamharc dá ttug faoi do thuit a
chlogadh re fánadh na cairge go ndeachaidh ar an taobh amuich
go talamh. Iar sin do leig é féin síos ris an gcarraig chédna, agus
iar thógbháil a chlogaid do chuaidh ar a ais le dreapuireacht go


L. 172


fíormhullach na cairge arís agus as sin isteach isan gcathraigh.



Do ghluais an saighdeoir d'ionnsaighe a charad iar sin, agus
d'innis dáibh go bhfuair féin slighe mhaith neamhchontabhairtach
le dul isteach isan gcathraigh; do ghluais dream mhór
leis annsin go bun na cairge; do chuaidh féin agus cuid díobh suas
ar a mullach, agus an uair do chonnairc an cuid eile sin do lean
dream bheag ar ttús é, agus 'na ndiaidh sin dream eile; acht fá
dheoidh do bhí buidhin mhór dhíobh thuas, agus ar mbeith do
lucht na cathrach suaimhneach do chuadar sin isteach innte,
agus iar ngabháil seilbhe na ngeataidhe do bhídar ag tuargain
agus ag treasguirt lucht na cathrach gan géilleadh d'fhear óg ná
shean, do mhnaoi ná do leanbh, nó go rángadar pálás rígh
Cresus, áit a ttarla ní iongantach dhóibh. Óir ar mbeith d'aon acu
ag tarraing a bhuille chum an rígh do mharbhadh, do labhair
aonmhac an rígh do bhí isan láthair, agus do bhí 'na phrionnsa
áluinn dheaghmhaisioch do mheas cách a beith ó bhruinn 'na
bhalbhán, óir níor labhair aenfhocal iriamh nó go ndubhairt
leis an tí do bhí ar a bhuille; "an rígh atá ann, ná marbh é."



Leis sin do choisg an t-óglaoch acht go ndearnaidh príosúnach
don rígh, agus go ttug go láthair Chyrus é, agus is é
breitheamhnus tug Cyrus é féin agus ceithre fir dhécc
d'árduaisle na Lydia do losgadh beo ar an láthair, agus an tan do
hadhnadh teinidh mhór chunnaidh chum an uilelosgadh sin do
dhéanamh, tugadh Cresus ceangailtidh le hiarainn dá láthair,
agus arna fhaicsin dó adubhairt do ghuth ghearánach dhólasach:
"Sólon" Sólon! Sólon!" Ar gclos a ghotha do Chyrus do ghabh
mian mór é chum fhios d'fhagháil créd an tí ar ar ghoir sé isan
éigion sin. D'innis Cresus dó gur fallsamhnach feasach fíorfhoghlamtha
bhí isan Atéin dar b'ainm Sólon adubhairt leis nár
chóir dó meas ná áireamh do bheith ar dhonus ná ar shaidhbhrios
aige, ar ágh fós nár ar fhortún dá mhéd ar an tsaoghal nó
go mmbeith fios aige créd an chríoch do bheith air agus
"Agus anois thuigim, ar sé, gur fírinneach gach ní dhá
ndubhairt sé."



Arna chlos sin do Chyrus do ghlac truaighe dhó, agus iarna
shaoradh ón mbás sin adubhairt leis go ttiubhradh énbhiadh,
agus énbhord leis féin ar feadh a shaoghail dó. Iar sin do tháinicc
muintir na Lidia, agus thíorthaibh eile do chuir Cresus go nuadh
roimhe sin fo chuir agus fo smacht, le humhlacht agus le
hárdchíos chum Cyruis. Do ghlac sé sin ó mhuintir na Lidia acht
do dhiúlt sé ó lucht na gcríoch eile é tré mur do dhiúltadar


L. 173


congnamh a naghaidh Chresuis do thabhairt dó. Agus d'innis sé
fáthsgél mur fhreagra do na teachtairibh .i. go raibh iasgaire
áirigh ar bhruach abhann, agus do shinn a phíopa a ndóigh go
ttiucfadh na héisg ar thalamh thirim ag déanamh spóirte agus
damhsa dhó. Agus an uair do chonnairc sé nach ttángadar
chuige mur do shíl do chuir a líonta amach agus do ghabh sé go
leor dhíobh, agus iar na ttarraing iníos as an uisge dhó dob áil
leo spóirt agus damhsa do dhénamh dhó. Agus adubhairt san riú;
"ó nach dearna sibh sin in am nó an uair a d'iarrus é oraibh, ní
ghlacfad in antráth é". Agus as a haithle sin do chuir sé
Harpagus i gceann mhórshlóigh dá ttíribh gur chuir fo bhruid
agus fo dhaorchíos iad gan choigill.



Iar sin do ghluais Cyrus in aghaidh na hAsiria, agus do bhrígh
gurba hí an Bhabilón ba cheannchathair chomhnuidhe do ríghthibh
na hAsíria an tráth sin, ní raibh isan domhan go
háirighthe ó scriosadh cathair Ninve baile ba háille agus ba
shaidhbhre ná í, agus is uime sin do chinn Sírus ar a gabháil. Do
réir na fáidhe Daniel is é Darius Médach do tháinicc i ndiaidh
Bhaltasair do bhí an tan sin 'na rígh ar an mBabilóin, agus ba
Bhabilónach do thaobh a mháthar é, agus Médach do thaobh a
athar, agus is leis do treasgradh an rígh déighionach do shliocht
Nabuchadonosair.



Arna chlos do Dhárius, nó do Labentus do réir Heredotuis, go
raibh Cyrus gona shluaigh dá ionnsaighe do chuir gairm ar a
shlóigh, agus iarna gcruinniughadh dhó chuaidh sé amach as an
gcathair ag tabhairt chatha do Chyrus agus iar mbeith do na
slóigh naimhdighe sin seal fada ag tuargain agus ag treasgairt a
chéile do briseadh ar Dharius agus ar a mhuintir, agus do theith
féin go cathair Bhorsepi iar bhfágbháil a mhuintire 'na dhiaidh
cuid mhór dhíobh marbh agus cuid ag imtheacht le luas a gcos go
Babilón agus go háitibh eile.



Dála Cyruis ní dhearnaidh sgíth ná comhnuidhe gur chuir
campa timchill re Babilón, acht, gidheadh, ní luaithe do bhreathnaigh
sé neart a ballaighe agus a daoine ná do thuig sé nár
bhféidir a gabháil ar éigin, agus dá bhrígh sinn do thionnsgain sé
slighe eile gliocuis do ghlacadh.



Do bhí abhainn na hEufráite ag snighe tré lár an bhaile; do rine
Cyrus comhairle rena mhuintir créd an modh a bhfédfaidh
an sruth do thógbháil dá mháthair. Adubhairt Cresus - bhí 'na
fhochair an tan sin - leabaidh eile do thochailt ar an taebh
amuich dá champa ó bhél an easa nó ón ionad i raibh ag dul


L. 174


isteach isan gcathraigh agus iarna dhéanamh sin do thiormaigh
an tslighe óna champa isteach don bhaile, agus leis sin do bhrúcht
Cyrus agus a mhuintir ar lorg an uisge go ndeachadar isteach i
lár na cathrach gan fhios do lucht na cathrach féin ar mbeith
dháibh ag caitheamh fleidhe agus fésda um iodhbairt shollamhanta
shollomanta éigin do bhí dá hofráil an lá sin
acu ionnus nár mhothaighdar ní nó go raibh leath an bhaile
arna ghabháil gan fhios dáibh.



Ba dhiáirmhe méd an áir do rinneadh orra; ní féidir fós méd
an arguin d'innsin ná teasdas do thabhairt ar an iliomad maoine
agus édála, ionnmhuis, óir agus airgid do thugadar leo as an
gcathair shaidhbhir, shádhail, arduaibhrigh sin, óir ní raibh an
uair sin isan domhan a samhuil i saidhbhrios ná a neart. Acht atá
ní cheana, do fuair Cyrus le buaidh an lae sin a bheith 'na
áirdrígh gan fhreasabhra ar an Asia uile .i. ar an bPersia,
Armenia, Media, Syria, Cylitia, Caldea, Mesopotamia, agus
ar an bPalistín, agus fós, ar gach tír eile dár bhean riú sin. Acht
gidheadh, níor choisg sin a ainmhian, óir do chin go grod dá éis
sin ar na Mesageitibh nó arna Sgíthiochaibh do chur fona
smacht; is annsa tír sin chomhnuighios na Cosacaibh, agus na
Crimtartair anois .i. an taobh i ttuaidh do chóstaighibh Mhara
Caspiain, an taobh thall d'abhainn Araxes. Agus do bhí bladh
mhór talmhan anna seilbh ó Chnoc Cacausus soir go tír Cham
an Tartair, agus cuid mhór do na tíortha atá amuigh i seilbh impir
na Muscóvia. Do bhádar an uair sin fo stiúr agus fo smacht
banghaisgidh darbh ainm Tomyris do bhí an tan sin 'na
bantreabhaigh.



Do chuir Cyrus teachta le sgéla cealgach chuigthe sin ag cur
i gcéill di gur mhian leis a pósadh, acht do thuig sise an cheilg
sin, agus dá bhrígh sin adubhairt sí leis na teachta a innsinn do
Chyrus gur iarr sí air a bpéin a bháis agus a bheagshaoghal gan
dul isteach tar tóruinn anna tír féin. Ní luaithe fuair Cyrus fios
an fhreagra sin ná do ghluais féin agus a shlóigh doáirmhigh go
ráinicc go bruach aibhne Araxes, agus ar mbeith dhó ag
tionsgnadh droichid do dhénamh uirre, do tháinicc teachtaire ó
Tomyris chuige d'innis dó go ndubhairt an bhanríghain leis ó
bhí a shaint agus a anmhian chomh dochoimsigh sin agus nárbh
fhéidir leis a bheith sásda leis an ríghachtaibh mhóra do bhí
cheana aige, nó go bhfaghadh a ríghacht féin, gan duaigh ná
dochar do thabhairt dó féin ná dá mhuintir ag dénamh droichid,
óir go ttiubhradh sí uain shé lá dhó le dul gan toirmiosg ar bith tar


L. 175


an abhainn, nó go rachadh sí féin ar an taobh anonn dá ionnsaighe,
agus go ttiubradh cath anna thír féin dó.



Do rinne Cyrus comhairle ar an roghain thug Tomyris dó,
gus do ghlac comhairle Chresuis do bhí an tan sin 'na fhochair
adubhairt leis dá leigeadh do na Mesegeitibh nó do na Scitigh,
do bhí dighbhálach gortach, teacht ar thalamh na Persia do bhí
áluinn torthamhuil, nach bhfácfadh choidhche dá ndeoin í go
háirighthe dá bhfaghadis buaidh an chatha. Ádhbhar eile fós go
raibh sé náireach ag áirdrígh na hÁsia teitheadh roimh mhnaoi.
Iar gcinneadh do Chyrus ar an gcomhuirle sin Chresuis ar a
raibh meas mór aige, adubhairt le teachtaire Thomiris go rachadh
féin dá hionnsaighe tar an abhainn anonn.



Agus ar ndul tar an abhainn ar thalamh na Scítia dhó,
d'ordaigh sé dá mhuintir mórán do thogha gacha bídh agus dighe
d'ullmhughadh do réir mur do thug Cresius comhairle dhó, buird
do chur 'na suidhe ar feadh an champa agus a bhfagbháil líonta
do na biadha, agus do na deocha, do na fíonta dob fhearr acu.
Agus annsin d'imghidar féin uile as an gcampa, acht fíorbheagán
buidhne d'fhágadar le taisbénadh cealgach cosonta do dhéanamh,
agus do chuaidh Cyrus féin le corp an champa i luidheachán
roimh an námhuid. A moch na maidine arna mhárach do chuir
Tomíris a mac dar bh'ainm Spargabyses maille le trian a slóigh
ag breathnughadh campa Chyruis chum teasdais ghrinn
do tabhairt chuigthi.



Do ghluaisiodar gan toirmiosg go rángadar ionad an
champa gur threasgairsiod agus gur dhícheannsiod an méid
d'fhág Cyrus dá mhuintir ann agus iar bhfaicsin an bhídh iar
sin dóibh, d'ionsaighdar go cíocrach é, agus d'ithiodar a
leordhaoithin de, agus do chomhnuighdar iar sin ag ól an fhíona
nó gur thuitiodar le meisge agus le codladh mur dhruing
mhairbh ar an láthair. Leis sin tháinicc Cyrus go tobann orra
agus do marbh gan duaidh ná docamhal ar bith mórán díobh,
agus do rinne braighde don chuid eile dhíobh, agus 'na measg
sin do bhí Spargabíses .i. mac Thomiris agus é ar meisge. Agus
an uair do mhúsgail as an meisge, agus go ttug dá aire an
bheart mhíchródha mhí-onórach do rinne sé féin lér fágadh
ceangailte creapuilte ar lámha namhad é, d'iarr mar athchuinge
ar Chirus cead do thabhairt a lámha do scaoileadh, agus an
uair do fuair a lámha ar a chumus do sháith sé scian tréna
chroidhe féin gur mharbh ar an láthair é.



An tan do chualaidh Tomíris bás a mic, agus an t-ár do rinneadh


L. 176


ar a muintir do chuir teachta go Cyrus le hiomardadh
imdheargthach ag rádh ris gur tár neamhchródha neamhuasal
an gníomh sin do rinne sé; gur chosmhuil dá mhailís, dá
mhirún agus dá cheilg nach ag iarraidh deighchliú ná
caithréime mar laoch uasal do bhí sé, acht mur mheathánach
fhealltach ag iarraidh fola do dhórtadh, agus a d'iarr sí air go
feargach a tír d'fhágbháil gan mhaill nó go ttiubhradh sí a
dhaoithin dá fhuil féin, agus d'fhuil a mhuintire dhó. Adubhairt
Cyrus léidh a díthchioll do dhénamh.



Iar tteacht do na teachtairibh sin ar a n-ais go Tomíris, do
chruinnigh sí a slóigh as gach ard don ríghacht, agus do
ghluais riu go ráinicc go hairm a raibh Cyrus agus iar
mallughadh dá chéile dháibh do séideadh na stuic chatha ar
gach taobh, agus tug sí cath curata, cródha, ceartchalma dhó,
lér chuir deargár dochoimsigh ar a shlóigh gur briseadh orra,
agus gur marbhadh é féin agus iar mbuain a chinn de, do chuir
a lámha féin síos i ndabhaigh bhí lionta d'fhuil é, ag rádh na
mbriathar so: "Satia te sanguine quam semper sitivisti, et cujus
insatiabilis semper extitisti" .i. Sásaidh thú féin leis an bhfuil,
le nárbh fhéidir leat fós do thart domhúchta do chosg. Mar sin
do cuireadh críoch ar bheatha Chyruis iar mbeith 29 mbliadhna
i bhflaithios dó. Is mur so chuirios an seanúghdar Herodótus
agus seanúghdair eile síos beatha Cyruis tar cheann a n-abair
úghdar an leabhair bhig, mhaith, dá ngoirtear Eachtar nó Imtheachta
Chíruis, Syrus's travels. Óir is chum siompla móráltacht,
foghlama, eagna, agus deaghbhés do thabhairt don aos
óg do ceapadh an leabhar sin mur Eachtra Thelamachuis agus
ní chum cinntacht staire d'fhoillsiughadh. Gidheadh ní abruim
go bhfuil gach ní annso 'na dhearbhfhíruinne acht nach bhfaicim
aon stair eile ar an bhfear so dár cosmhula a bheith fírinneach
iná an ní chuirios na seanúghdair dob fhoicse dhá aimsir síos.



Iar marbhadh Chyruis mur dubhrus thuas do chuaidh an mhéid
dá shlóigh ler bhféidir imtheacht le luas a gcos ón ár go cathair
Súsa isan bPeirsia agus iar n-innsin dáibh annsin gur marbhadh an
t-áirdrigh Cyrus do ghabh a mhac .i. Cambyses an ríghe, agus
níor chian dá éis sin gur fhógair cogadh ar rígh na hÉgipte dar
bh'ainm Amasis. Is é ádhbhar .. nó damhna cogaidh


L. 177


do bhí aige, inghean áluinn dheaghchrothach do bhí ag rígh na
hÉigipte ar a raibh muirn mhór aige, agus d'iarr Cambyses
mur mhnaoi dhó féin í, agus iar na theacht do láthair Amasis
le tobhairtais mhóra do theachtairigh Chambyses níorbh fheas
dó créd do dhénfadh, óir le méd a ghráidh féin ar a inghin níor
fhéd sé sgaradh léidh agus dá ttugadh diúltadh do Cambyses
dob eagail leis go ndéanfaidh díoghaltus díbhfheirgeach air.



Agus ar mbeith i bhfad idir an chomhairle sin dó ag
scrúdadh a inntleachta táinicc smuaineadh chuige go mb'éidir
leis a inghion do chongbháil aige, agus Cambyses isan am cédna
do shásughadh, óir do bhí Nitetis inghean Apries an rígh
dhéighionaigh do bhí ar an Égipt - do mharbh sé féin go fealltach
gráineamhuil, dochum na ríghechta d'fhagháil dó féin -
anna chúirt an uair sin do bhí 'na maighdin ro-áluinn, agus do
mheas go gcuirfeadh innioll agus cóir uirre go nglacfadh
Cambyses a riocht a inghine féin í. Agus iar gcur rúin uirre féin,
do chuir le teachtairidh Chaimbyses í, agus ar tteacht do láthair
Chambyses di go ghlac go honórach lúthgháirioch í, agus iar
gcur fáilte i riocht inghine Amásis 'na choinne dhó adubhairt
sise gur mealladh go mór é, óir nach arbh í féin inghean Amasis
acht inghean Aprieis an rígh dhlistionaigh, dar chóir agus dar
cheart an Égipt, do marbhadh le hAmasis go fealltach, gus gur
mur sin do fuair sé coróin na hÉgipte.



Arna chlos sin do Cambyses do ghabh fearg adhbhalmhór é,
agus do lúidh fona dheeibh adhartha go ndénfadh díoghaltus ar
rígh, agus ar ríghacht na hÉgipte. Iar sin do chruinnigh slóigh
iliomdha chuige, agus do ghluais leo in athghoirid gacha conaire
go hÉgipt. Ar gclos do na hÉifidigh go raibh Cambyses
cona shlóigh dá n-ionnsaidhe do ghlacadar a n-airm, do
ghluaisiodar fhéin agus a nuadhrígh do bhí an tan sin orra .i.
Psameticus mac Amásis - do fuair bás go dlúth roimhe sin -
go ndeachadar 'na chuinne go Pelúsium, áit a ttugadar cath
fuilteach fíornimhneach dá chéile acht do briseadh ar na
hÉifidigh iar ndénadh áir mhóir orra, agus do theith an chuid
eile dhíobh go cathair Memphis; do thug Cambysés tóruighacht
dáibh, do ghabh an chathair le foirneart, agus an rígh
Psametitus innte, gur bhásaigh go mithrócuireach tiaránta é
féin a chlann agus an méid thárla d'uaislibh na hÉgipte dhó isan
gcathair sin; annsin d'umhlaigh an ríghacht uile dó, go bhfuair
a mhian féin orra, óir do thóig sé uatha an méid maoine agus
édála do thaitnigh leis agus lena mhuintir.


L. 178


Ar mbreith buaidhe mar sin ar an Égipt do Chambyses
d'árdaigh a mhisneach agus a uabhar gur chinn ar ghabháiltais
eile do dhéanamh. Agus do roinn a shlóigh i ttrí ranna ionnus go
gcuirfeadh cogadh in aoinfheacht agus in aonam ar na
Cartagínigh, ar na Hamónaigh, agus ar na hEtiópaibh. Agus do
bhrígh gur bha mian leis féin dul go hEtiopia do thionnsgain
faisnéis ar ttús d'fhagháil ar neart na críche sin, agus do chuir
sé a theachairidh roimhe innti le tiodhlaicibh agus le tobhairtais
mhóra agus adubhairt leo a innsin d'uaislibh agus d'ardchinn
na críche sin, go raibh sé féin ag dul dá n-ionnsaighe ag iarraidh
síthe agus cáirdis orra. Gidheadh níor chreid lucht na
críche an ní sin uatha. Agus do chuiriodar mar fhreagra chuige
nár chóir creideadh a thabhairt do ghlór príonnsa comh égceart
agus comh míchoinghiollach le Cambyses gur 20 gur leor
dhó a raibh aige féin agus gan a ttír do shanntughadh, agus leis
sin do chuireadar bogha mór chuige, agus d'iarradar air gan
dul dá n-ionnsaighe, nó go bhfeacadh féin nó duine eile dá
mhuintir é.



Ar tteacht do na teachtaibh sin ar a n-ais d'innsiodar an
freagra sin dó, agus iar ttaisbénadh an bhogha dháibh níor
fríth i measg an tsluaigh aon lér bhféidir a fheacadh, acht
Smerdes dearbhbhráthair Cambyses an rígh agus níor fhéd sin
féin a thabhairt isteach acht timchioll i bhfoicse dhá orlaigh don
fheacadh cheart. Gidheadh do mhúsgail sin féin iomthnúth mór
in aigne Cambys a naghaidh a dhearbhbhráthar go ttug
ordughadh dhó dul ar ais don Phersia, agus i gceann thrí lá 'na
dhiaidh sin tug ordúghadh do Prexaspes a leanmhuin agus a
mharbhadh d'eagla go mbeith sé 'na rígh anna ionad féin.



Dála Cambyses an tan do chualaidh an freagra tarcuisneach
sin, do thug na hÉtiópaibh ar a theachta, do ghlac fearg
dhásachtach dhíbhfheirgach é, gur chinn a dhíoghaltus do
dhénamh, agus do ghluais leis an treas rann sin do bhí dá
shlóigh 'na fhochair go rángadar Thebes, agus annsin do bhí
easbhaidh beatha orra, ar mhodh nach raibh ní ar bith acht
luibhionnaigh na gcnoc léna ithe acu agus an uair d'fhágadar an
talamh réidh anna raibh sin féin le fagháil acu, agus go ttángadar
isan díthreibh atá i ttórainn na hÉgipte agus na hEtiópia
mur a raibh gaineamh go glúine is gan coiscéim dhe, tháinicc
gorta comh mhór agus sin orra gur bh'éigion dáibh crannchuir
do theilgion eatorra leis an deachmhadh duine do
mharbhadh le beatha do dhéanamh dhe don chuid eile nó gur


L. 179


chailliodar an leith dob fhearr dá muintir, agus annsin do
thuilliodar a a n-ais.



Agus an rann slóigh do ghluais an aghaidh na Hammóinibh
ó chuadar i bhfogus do Thebes ní chualus énfhocal uatha ó
shoin, acht go n-abair na Hamóinigh, an tan rángadar an tráigh
mhóir atá idir Oasis agus Hamóna gur shéid an ghaoith ó dheas
an gaineamh chomh neartmhur sin ana gcúl gur múchadh faoí
iad. Dála an treas ranna do ghluais a n-aghaidh na
gCartagéinigh, do bhí mórán Grégach 'na measg do chuir
toirmeasg ar an iomlán um troid do dhénamh a n-aghaidh lucht
na Cartagéine tréna gcairdios riú.



Ar tteacht ar ais do Chambyses go cathair Memphis do chualaidh
gach sgél dólásach díobh sin .i. gur chaill sé an méid
sin dá shlóigh, do ghlac buile nó cuthach é agus do chuidigh
leis sin go mór an lúthgháire dár leis do chonnairc ar mhuintir
na hÉgipte go hiomlán agus is é adhbhar nó cúis lúthgháire do
bhí acu, ní neamhghnáthach do chonncadar isan am cédna sin
.i. amharc do fuaradar ar an Dia Apis agus is uime sin do bhí
feúsdaighe agus ulghairdios ar feadh na ríghacht an tráth sin.
Do mheas Cambyses a bheith tréna mhíthoice nó nó a mhíratha
féin. Agus uime sin do chuir gairm ar shagartaibh Apis,
agus adubhairt riú an dia sin i bpéin a mbáis do thabhairt dá
láthair, agus thugadar chuige é. Iarna fhaicsin dó, dubhairt go
feargach riú, is é so bhur ndíol féin do dhia .i. gamhain
díthchéilligh mur ibh féin, agus leis sin do chuir sáthadh do sgín
tréna chorp gur mharbh é, agus iar ttabhairt maslaigh agus
sgiúrsála re slataibh do na sagairt, do cuir d'ualach ar a
mhuintir, an méid eile do bhí ar an láthair do mharbhadh.



Iar sin do ghluais Cambyses dá thír féin chum
sluagh mórádhbhal eile do chruinniughadh in ionad na
sluaghaibh móra do chaill roimhe sin. Agus ar tteacht go
Cathair Ecbatanis isan Siria dhó, fuair sgélta .. a ann as a
ttáinicc a bhás go tobann. Ag so an ní do chualaidh sé .i. an tan
ghluais féin a aghaidh na hÉgipte d'fhág cúram agus ceannus
a ríghacht ag días d'easarlaighthibh darbha hanmanna
Smerdes agus Patisithes, agus arna chlos dáibh sin gur chaill sé
a shlóigh mur dubhrus thuas, agus fós gur marbhadh Smerdes
.i. dearbhbhráthair an rígh do chinniodar ar an ríghacht do
bheith acu féin, agus ar gcur na coróna ríghdha ar Smerdes do
chuiriodar teachta agus bollsairidh dá fhógradh is gach áird
don ríghacht go raibh Smerdes .i. dearbhbhráthair Chambyses


L. 180


arna thogha mur rígh.



Do chreid cách go coitcheann an ní sin, óir ní raibh fios acu
gur marbhadh an Smerdes sin ba dhearbhbhráthair don rígh agus
fós go raibh cosmhalacht ag Smerdes asarlaigh leis. Ar gclos
na bhfuagartadh sin do Chambyses do ghlac uamhan mór é, agus do
chuir teachta a gcuine Phrexaspes agus d'fhiafraigh de go
neimhneach créad nár mharbh a dherbhráthair mur gheall dó?
Do fhreagair Prexarxes ag dearbhadh gur mharbh sé é gan
chontabhairt, "agus dá bhrígh sin má chuirionn tú ceisd ar an
mbollsaire," ar sé, "ní fhédfaidh a rádh go bhfacaidh sé Smerdes".
Agus ar gcur na ceasda sin do Chambyses ar an mbollscaire
d'admhaigh dhó nach bhfacaidh sé féin é acht go ttug Patisithes
an t-easarlaigheach cumhachta fo láimh agus fo shéula Smerdes
chuige leis an bhforfhógra sin do thabhairt is gach áit uaidhe.



"Is fíor sin," ar Prexarxes. "Is é Smerdes an t-easarlaigh
atá in ionad rígh ann agus is trétúrach gan amhrus é." Leis sin
do chin Cambyses ar ghluasacht 'na aghaidh agus ar ndul ar a
each do thuit an scabard dá chloidheamh féin; do ghuin leis sin
ina shliasaid é go bhfuair bás le goimh na gona sin. Iar sin
do chuaidh na slóigh do bhí 'na fhochair go cathair Súsa. 'Na
dhiaidh sin do chruinnigh uaisle agus árdchinn na Persia ar
aonáit, agus d'fhiafraighdar do Prexaspes an fíor gur mharbh sé
Smerdes an prionnsa? Ní dubhairtsan acht nár leig eagla
Chambyses dó an fhírinne d'innsin. Do thug an freagradh sin
sásadh ar an láthair sin do bhrígh gur thuirsioch do thiarántacht
Chambyses iad.



I gceann seacht mí dá éis do chuaidh uaisle agus áirdchinn
na Persia in amhrus arís nach é an Smerdes ceart do bhí acu
'na rígh, óir ní fhuilingeadh d'aon díobh teacht dá láthair ná
amharc air, acht do bhíodh i measg na bantracht do bhí ag
Cambyses acht ní léigeadh aon acu le solus lae ná coinnle
teacht chuige, acht do chuireadh fios ar gach aon díobh gach re
seal re teacht i ndorchadus na hoidhche dochum a leaptha. Do
bhíodh Patises ag imtheacht lena theachtaireacht, agus ag
labhairt ar son an rígh le gach aon dá ttigeadh dá agallmhadh.



Do bhí tiagharna mór an tráth sin 'na chomhnuidhe i
gcathair Shúsa darbh ainm Otanes aga raibh inghean áluinn dár
bh'ainm Phedime, do bhí 'na leannán leaptha ag Cambyses,
agus do bhí 'na dhiaidh sin mar an gcédna ag Smerdes. Agus ar
mbeith isan bpálás di do chuir a hathair bean tseicréide dá
fhiafraigh ós isiol di ann é Smerdes mac Cyruis do bhíodh ag


L. 181


luidhe léidh? Is é freagra do chuir sí chuige, nach raibh a fhios
sin aice féin, óir nár thaisbéin sé a aghaidh d'aon dá mhnáibh
ná dá leannánaibh, acht do réir a mhiana fios do chur fo seach
isan dorchadus orra. Do chuir Othanes an teachtaire céadna
chuigthi ag iarraidh sgéla cinnte uirre an raibh cluasa air, agus
agus ar mbeith dhó iar sin 'na chodladh i bhfochair
Phedime, do chuir sí a lámh um a cheann agus ní bhfuair
aonchluais air agus do chuir sí na sgéla sin gan mhaill chum a
hathar.



Agus ní luaithe do fuair-sion na sgéla sin ná do chuir teachta
i gcuinne na ttriath agus na ttiagharnaigh ba tréine do bhí isan
gcrích an tráth sin .i. Intaphernes ... Magabyses, Patines, agus
Darius mac Histaispeis, agus thug dearbhadh dáibh de réir
mur do fuair an sgél óna inghin, gurbh é Smerdes an t-easarlaigh
do bhí in ionad rígh acu. Arna chlos sin do na triathaibh
do ghlac fearg adhbhalmhór iad agus is í comhairle ar ar
cineadh acu, aimsir do ghlacadh le iad féin do chur in
ionniollus cheart chum díoghailtais do dhénamh, acht do bhí
Darius a naghaidh a chur ar cáirde agus adubhairt riú dul leis
féin agus a cheann do bhuain ar an láthair don trétúrach.



Adubhradar na tiagharnaigh eile nach leigfeadh an ghárda
dháibh dul mur a raibh sé; "ní mur sin atá" ar Darius, "óir is
Persianaigh iad nach gcuirfeadh toirmeasg ar phrionnsaighe
agus ar arduaisle na ríghacht a dhul i láthair an rígh", agus leis
sin d'éirigh 'na sheasamh agus adubhairt leo gluasacht leis in
alt na huaire sin. Agus do chuadar go socair suaimhneach tar
na gardaighe gan toirmeasg ná fiafraidh do chur orrra nó go
ndeachadar go dorus seomra codalta an rígh; is ann tarla
eunochaigh nó caillteánaigh dháibh lér bh'áil toirmiosg do chur
orra um dul isteach. Leis sin thairring gach aon do na triatha a
chloidheamh ler mharbhadar gan mhoill na heunoich uile. Leis
sin tháinicc Smerdes agus Patizithes chum an doruis; ní
luaithe d'fhéchadar uatha ar an ár sin ná do bhrúcht an uaisle
Phersiánach isteach agus do dhícheannadar araon iad. Iar sin
do thóigiodar ceann maolchluasach Smerdes in áirde agus
do taisbéinadar do na gárdaighibh é. "Ag so," ar siad,
"ceann Smeirdeis an easarlaigh dar bhean an rígh Cyrus a
chluasa tré choir ghráineamhuil do rinne sé."



Arna fhaicsin do chách go coitcheann gur himreadh an
cheilg sin do ghabh dásacht agus díbhfheirg adhbhalmhór an
aghaidh lucht easarlaighacht na Persia go hiomlán iad go nár


L. 182


fágadh ceann ar brághaid an méid tarla leo dhíobh, agus dá éis
sin do bhíodh an lá sin gacha bliadhain 'na shaoire
shollomhanta in onóir an ármhaigh sin acu; Magophonia .i.
árbhach na n-easarlaighibh do ghoireadhdis de.



I gceann thrí lá dá éis sin do chuaidh na prionsaighe
reimhráite chum comhairle d'fhios créd an modh stiúrtha do
chuirfeadhdís ar an ríghacht sin na Persia; do bhí cuid díobh ag
iarraidh uaisle agus ardphrionsaigh na ríghacht uile do beith i
gceannus .i. Aristocrathia; cuid eile ag iarraidh an phobuil go
coitchion, Democrasia nó Oligarsia, acht nach glacfadh
Darius acht stiúradh ríoghdha .i. Monarchia, agus is ar sin do
chinniodar; agus ar mbeith dháibh ar seachrán créd an tí don
mhóirsheisior sin do toghthadis 'na rígh is é ní ar ar cinneadh
leo an mhóirsheisior sin do dhul ar marcuighacht go haonáit
agus gibé céd each dhíobh do dhéanfadh seitreach, a mharcach
sin do bheith 'na rígh.



Ar ndul dá thigh do Dharius do ghoir a thoíseach stéd féin
chuige, agus do bhí eolach isan gceird sin, agus d'inis an ní
sin. Adubhairt an taoisioch adubhairt an taoisioch,
Abares a ainm, go ndénfadh féin an chuid eile. Agus an oidhche
roimh an gcomhdháil sin tug stail mhómhar do bhí ag Darius
leis agus tug eachláir chuige dá léim isan áit a raibh triall an
mharcshluaigh sin. Agus arna mhárach do chuir sé ughaim
mharcuighacht Dharius uirre agus ní luaithe do chuaidh sí isan
ionad a bhfuair an eachláir an oidhche roimhe sin, ná do rinne
sé seitreach mhór. Leis sin do thuirling an seisior eile agus
thugadar féin agus an méid eile do bhí i láthair onóir agus umhlach
dó; do churiodar annsin róbaidhe agus coróin ríoghda
air. Mur sin do bhí Darius 'na áirdrígh ar Asia uile ón India,
go hEtiópia agus is de goirthear Asverus i leabhar Esteir cap. 1.



Do bhrígh go raibh mórán do ríghachtaibh na hÁsia do
chleacht a bheith saor ar mhursantacht eachtairchineolta do
bheith orra, do chinn cuid díobh ar shaoirse do thabhairt dóibh
féin agus cuing Dharius do chrothadh dhíobh. Agus ba hiad na
Babilónaigh céd-dream do thosaigh ris sin; óir ar mbeith do
chathair na Babilóine roláidir do chuiriodar mórán lónta go
príbháideach isteach innte, agus do thogh gach fear dhíobh
aonbhean amháin le freastal dáibh ionnus nach beith murar
anmhór ag caitheamh a lóin acht an lucht sin amháin; do
mharbhadar an chuid eile do na mnáibh.


L. 183


An uair do chualaidh Darius go ndeachaidh na Babilónaigh i
ttrétúracht 'na aghaidh do chuaidh féin i bpearsain le harmáil
mhóir agus do chuir campa timchill ris an gcathair sin. Gidheadh,
do bhí lucht na cathrach comh dána agus sin as a neart
féin go mbíodhdís ar na ballaighibh agus na rampáir a dhéna
spórt, ceoil, gártha magaidh agus fonomhaid fo Dharius agus
a mhuintir, gur adhnaighsiod fraoch agus fearg Dharius lena
chumus do chur go hiomlán i ngníomh chum buaidhe do
bhreith orra gur thóig abhainn Euphrates féin dá máthair, gur
chuir a haghaidh i ttaobh eile ón mbaile. Gidheadh ar feadh
bliadhna agus seacht mí níor fhéd sé dul coiscéim ar aghaidh
as an áit ar thosaigh sé an chéd lá. Annsin do mhédaigh a
édóchus agus a dhrochmhisnioch, gur mheas nach raibh acht
díomhaoinius anna shaothar.



Is annsin táinicc ógánach uasal dá mhuintir darb ainm Zopirus
.i. mac do Megabyses aon don mhóirsheisear tritaha do bhí ag
treasgairt na n-easarlaighibh, dá ionnsaighe, a shrón agus a
chluasa gearrtaigh, a aighidh, agus a cheann uile lán d'fhuil ag
snidhe go talamh leis. Arna fhaicsin do Dharius isan gcruth sin do
ghlac náire, gráin, agus uathbhás é, tré neoch chomh caithréimeach,
agus comh uasal le Sopírus a bheith comh gráineamhuil sin
arna mhaslughadh anna champa gur ghoir chuige in uaignios agus
gur fhiafraidh dhe cia do mhill agus do mhaslaigh mur sin é. "Mise
féin a rígh," ar Sopirus, "do rinne an milleadh agus na míchórughadh
so orum, agus má ghabhann tusa mo chomhuirle cuirfiod go
grod cathair na Baibilóine fo do smacht. Óir is mian liom anois,
um bhuinnighibh reatha, imtheacht go dorus na cathrach, casaoid
ghearánach do dhéanamh ortsa, agus innsin dáibh gur tú féin go
tiaránta míthrócuireach do mhill mur so mé. Léigfid isteach annsin
gan amhrus mé, agus níl amhrus fós ná go ttiubhraid smacht
agus ceannus ar chuid dá ucht cogaidh dhamh le díoghaltas do
dhénamh ortsa agus ar do mhuintir, agus chum go gcrutheochainn
sin," ar sé, "cuirse míle don tsluagh is táire agad an
an deachmhadh lá tar éis mise do dhul isteach isan gcathraigh go
dorus an gheata Shemiramis; i gceann seacht lá 'na dhiaidh sin cuir
dhá mhíle go geata Ninóis, agus i gceann deich lá 'na dhiaidh sin
cuir ceithre mhíle go geata na gcailanacha; tiucfadsa i gceann
slóigh an bhaile gach lá dhíobh sin agus treasgórad go hiomlán
iad, agus ná bíodh d'arm leo acht cloidheamh i ndorn gach duine
dhíobh. Agus do bhrígh go measuim," ar sé, "i gceann fhithchid
lá tar éis na móréucht sin go ttiobhraidh na Babilónaigh eochracha


L. 184


na cathrach dhamh, tóigse do champa go hiomlán annsin;
bíodh Persiánaigh iod fhochair féin ag geata Belídes, agus ag geata
na Ciseánaibh, agus leigfiodsa isteach sibh." Agus ní luaithe do
chuir críoch ar na fuighlibh sin ná léig chum reatha é féin, agus do
bhí ag síoramharc 'na dhiaidh mur do bheith eagla tóra air go
ráinicc geata na cathrach.



An tan do chonnairc lucht an bhaile isan ndrochchruth sin é,
do leigiodar isteach é ar na drochuaire dháibhsion, agus do ghlacadar
go ro-onórach é ar mhodh nach raibh ní dá ndubhairt sé le
Darius nach ttáinicc chum críche. Óir an lá cinnte d'ainmnigh sé
do Dharius le teacht chuige nír mhothaidh lucht na cathrach a nolc
nó go raibh an namhaid i gceartlár an bhaile dá ttreascairt, agus
an uair do chonnacadar Sophirus, a gcaraid dar leo go n-uige sin,
dá ttreorughadh, do ghlac an uiriod drochmhisnigh iad gur
theilgiodar a n-airm uatha, agus gur theith cuid mhór dhíobh ag
iarraidh tearmainn nó comairce go teampall na n-íodhal, agus cuid
eile d'fhuiling a ttreasguirt agus a marbhadh gan cosaint ar bith, nó
gur chuir Darius fa dheoidh toirmiosg orra, agus go ttug fuagra
fa dheoidh i bpéin bháis dá mhuintir gan nísa mhó do mharbhadh
do lucht na cathrach.



Agus chum nach beith ar a gcumus dul i ttrétúracht do leag sé re
lár a geataidh, a ballaighe, agus a túir neirt agus chosanta, agus fós
mur bharr pionúis ar a háitigheoiridh, do chuir d'fhiachaibh orra
trí mhíle don dream ba héifeachtaigh don lucht do mhair dhíobh do
thabhairt do láthair chuige, agus ar tteacht dáibh do chuir d'ualach
gráineamhuil ar a mhuintir go tiaránta a bhfeannadh beo as a
gcroicne.



Iar sin do ghoir Darius Sopirus chuige, agus arna fhásgadh rena
chroidhe tug rogha séd agus tabhairtais dhaorluaidhe maille le
ceannus na Babilóine go síorruidhe dhó agus adubhairt leis nach
gceadeochadh ar fhithchid Babilón an milleadh do rinne sé air féin.
Adeir Herodotus lib. 4. iar ngabháil na Babilóine do Dharius gur
thionnsgain sé cogadh do chur ar lucht na Scitia áit atá mur
dubhrus cheana isan taobh i ttuaidh do Mhuir Caispian, dob
ionann iad agus na Mesegéitigh acht amháin an dream do bhí isan
taobh thoirthuas don abhainn Araxes go rabhdar ní ba mheasamhla
do bhrígh gurab iad ba fhearr tír agus dúthaigh.



... ina mór ag na hAisiánaigh dáibh so trésan ruathar
agus trésan ár millteach do rinniodar orra in aimsir Ciaxereis; óir
iar ndíbirt lucht na hÁisia as a ttír do bhí idir Shliabh
Caucasius


L. 185


agus abhainn Bhorestines dáibh, tugadar ruathar nó tóruighacht
dáibh go hAisia, agus ar mbeith ar seachrán a slighe an tan
ba mhian leo dul ar a n-ais tarla dháibh dul in aimhriocht go
críoch na Media agus ar bhfaicsin dáibh gur thír áluinn thorthamhail í,
do rinneadar gabháltais innti go hÉgipt agus do
chomhnuídar ar feadh 28 mbliadhna nó gur dhíbir fa dheoidh le
gliocus iad mur so. Do rinne sé fleadh mhór do na hoifigidh, agus
do na hárdthaoisigh do ... bhí ósa gcionn agus ar mbeith ar
meisge dháibh do bhean a gcinn díobh agus do theith an chuid
eile dhíobh dá ttír féin.



Agus le héigion mór do chuadar isteach innte, óir ar mbeith a
bhfad agus cian d'aimsir as a ttír féin dháibh do phós a mnáibh
'na ndiaidh na sclábhthaighibh d'fhágadar 'na bhfochair, agus an
tan ba mhian leis na fir dul ar n-ais do bhí a gclann sin ag congnamh
lena n-aithre iadsan do chongbháil amach agus ní hiad sin amháin
acht an chlann óg d'fhágadar féin 'na ndiaidh, do bhídar ag cur 'na
n-aghaidh. Agus iar mbeith i ttroid ghábhthaigh cian d'aimsir in
aghaidh a chéile dháibh ag chathughadh mur sin, do bhíodh an
bhuaidh do ghnáth ag na sclábhthaighibh nó go ttug fa dheoigh
caiptín do na Scítibh comhairle dháibh a n-airm do léigion ar lár,
sciúrsaidhibh do ghlacadh anna lámha, a gcrothadh agus a
mbagar ar na sclábhthaighibh sin, agus ní luaithe do rinneadar sin
ná do theithiodar le huathbhás mór an tan do chuir an gníomh sin a
staid ghnáthaigh agus dúthchais i gcéill agus i gcuimhne dháibh
ná do theithiodar gan dias díobh do leanmhuin a chéile.



Dála Dharius ar mbeith i bhfeirg agus i miosgus leis an druing
sin dó trésan ruathar sin do thugadar ar chrích na Médach, agus ar
chrích na Persia mur dubhrus, do ghluais sé le díoghaltas do
dhénamh orra agus iar gcur ndroichid do bhádaibh dhó ar an gcaol
fairge dá ngoirtear Bosphorus do chuaidh maille le seacht gcéd
míle coisigh agus marcach tríd an Thracia agus iar mbeith
robhuidheach do Mandrocles do ordaigh an droichiod sin, do chuaidh
tar an gcaolfhairge sin, agus iar gcuir na Thracia agus
chríche Gétis fona smacht dó, do ghluais go bél na Dainúibe, áit a
bhfuair a chabhlach roimhe, agus iar gcur droichid annsin ar an
abhainn dó, do thug a shlóigh leis ar an taobh araill, agus do chuir
d'fhiachaibh ar a mhuintir an droichiod sin do bhriseadh.
Gidheadh do chuir a chomhuirleacha toirmiosg air um sin do
dhénamh, acht ordughadh do thabhairth do Choes agus do
chaiptínidh eile an chabhlaigh anmhuin isan áit sin agus an
droichiod do choimhéd go ceann dhá mhí agus muna ttigeadh féin


L. 186


ar ais i gceann na haimsire sin cead do bheith acu dul ar a n-ais dá
ttír féin.



An tan do chualaidh lucht na Scítia Darius leis an armáil
rolíonmhuir sin do bheith dá n-ionnsaighe is í comhuirle do
cinneadh acu an méid lónta agus beatha do bhí acu maraon lena
saidhbhris agus lena n-éudála eile le mnáibh agus lena leinibh do
chur rompa i gcéin isan gcuid budh thuaidh don Scitia, agus ar
mbeidh dá laochaibh armtha ag teitheadh gan díghbháil roimhe tré
chnuic adhbhalmhóra agus tré ghleanntaibh gan puinn do
bheatha fhéir fho ... na gcran toraidh d'fhágbháil 'na ndiaidh
ag a námhuid gan losgadh gan mhilleadh. Leis sin do thairngiodar
'na ndiaidh iad tré bhealaighibh cumhanga cruaidhe, agus
tré mhullaighaibh sléibhthe arda, agus tré ghleannta uathbhásacha
Darius gona shlóigh nó gur chaithiodar a lónta agus gur
chailliodar le tart agus le gorta a neart agus a misnioch. Is annsin
do chuir rígh na Scítia ceithre neithe ar modh tabhairtais agus in
ainm seod chum Darius .i. frog, luch, éan agus bolgán saighiod.



Arna tteacht sin do láthair Dhariuis d'fhiafraigh sé don teachtaire
créd ba chiall dáibh? Dubhairt an teachtaire nach raibh fhios
sin aige, agus leis sin do thaisbéin Darius go lúthgháireach dá
áirdthaoisiochaibh féin iad, ag rádh gur umhlacht dob áil le rígh na
Scíthia a thabhairt dó féin, óir chiallaigh an luch maraon ris an
bhfrog talamh agus uisge, "agus is iad sin iarramídne ar ar
naimhde mur chomharthaigh umhlachta do ghnáth", ar sé. "Ná
mealltar le leimhe mur sin thú a rígh," ar Gobrias - aon do na
seacht n-árthriatha ar ar thráchtus go minic, - "óir is ag
fonomhad fút atá an rígh Scítiach, agus dobheir forfhógra
fonomhodach dhuit muna ngluaisidh tú go grod as a thír nach
beidh slighe ag at acht dul fo thalamh mur an luich, an fhairge do
shnámh mur an fhrog, imtheacht trésan aidheoir mur an én, nó
imtheacht le seachrán gan filleadh go bráth tar h'ais mur shaighiod
arna dhiubhraic i n-iomraill".



Do chreid Darius agus a choimhearlacha gur ba hísin an
chiall cheart agus dá bhrígh sin iar n-ordughadh teinte móra a d'adhnadh,
agus d'fhágbháil ar lasadh in ionad an longphuirt do
ghluaisiodar an oidhche chédna ar a n-ais. Ar glos do na Scítigh
gur imghidh na Persiánaigh, thugadar tóruighacht le cúlghearradh
treasgarthach do dhénamh orra ar feadh na slighe. Gidheadh
ní rugadar orra - do bhrígh nach i n-éntslighe do thárla dháibh a
bheith. Gidheadh ba luaithe leis na Scítigh ag an Danúib ná le
Darius, agus ar bhfaicsin an chabhlaigh dháibh, agus iar n-aithne


L. 187


dháibh gur gur Grégaigh do bhí ann, d'iarradar orra an droichiod
do bhriseadh, agus go saorfadhdís féin ó sclábhaigheacht, ó chuir
agus ó mhoghsanacht na bPersiánach iad, óir nach léigfeadhdís
duine tar an Dainúib go bráth dhíobh.



Ba dhoiligh le Choes agus le Histias gan a gcomhuirle do
dhénamh, acht ar an taobh eile ba nár leo gan a bhfocal do
choimhlíonadh le Darius agus mur shásadh do na Scítighibh do
bhrisiodar ar an láthair cuid bheag don droichiod, agus leis sin do
ghluaisiodar ar lorg Dharius. Gidheadh ní tharla dháibh é do
bhrígh nach isan tslighe chóir do iarradar é, go ttáinicc sé ar a lorg
go bruach na Dainiúibe, agus ar bhfagháil an chabhlaigh roimhe
annsin dó, do chóirighdar an droichiod go ndeachaidh féin gona
mhuintir gan toirmiosg tairis agus as sin dá ttír féin lán do náire do
thuirse, agus do dhobrón. Acht ní luaithe do tháinicc Darius
annsin ná do chinn ar thuarusdail daorluaidhe do ...



toirmiosg air ... agus a shlóigh go hiomlán, agus arna had ...
d'fhiafraigh ... d'fhagháil uaidhe. Adubhairt Histias nach
n-iarrfadh acht a thír dúthchais .. ach amháin gur iarr clúid beag
thíre do bhí anna thóruinn, dar bh'ainm Mycrin le cathair do
dhénamh innte. D'iarr Choes ceannus críche Mytléine. Agus
iarna fagháil do ghluaisiodar araon dá ttíorthaibh féin agus iar
tteacht go Miletus do Histias ... saigh le cathair do chur suas isan
Mircin. An tan chualaidh Megabises taoiseach slóigh Dháriuis
gur chosmhuil don chathair sin a bheith roneartmhur adubhairt
re Darius nár chóir dó a samhail do chathair neirt d'fhulaing
gur chontabhairt leis an aimsir go ndéanfadh díbhbháil mhór don
Phersia agus do Dharius ... den chédfuidh chédna, agus gur
bha leasg leis toirmosg do ...



do chuir teachta chuige ag iarraidh air dul dá ionnsaighe. Ar
dteacht dá láthair dhó, adubhairt leis nár bhféidir dhó gan a
... air féin do ghnáth. Do thuig Hisdias an chealg sin, acht
gidheadh ... diúltadh do thabhairt do Dharius agus ar mbeith
isan gcúirt mur sin ... Darius Megabyses don Ghréig áit i
ndearnaidh gabháltais mhóra ... do smuain Hestias, dar leis,
ar shlighe mhaith re lámha Dhariuis d'fhágbháil óir do bhearr
ceann fhir secréide dá mhuinntir, agus do chuir comhairleacha
le hiarann dá ttarruin ann a bhathais ag tabhairt rogha ...
dáibh dul i ttrétúracht a naghaidh Dhariuis, agus is uime do rinne
sé sin do bhrígh gur mheas gurb é féin do chuirfeadh
Darius i gceann slóigh 'na n-aghaidh.


L. 188


Iar tteacht don óglach sin iar bhfás a ghruaige mur do ordaigh
Histias do láthair uaisle chríche Ionia do bhearradar a
cheann, agus iar bhfaicsin na gcomhairleacha dáibh, do
ghlacadar a n-airm gan mhaill, agus d'éirigh lucht na hAthéine
ag congnamh leó, agus do chuiriodar sinn agus lucht na
hEretria, cuig ... d cogaidh mur chongnamh chucu, agus ba hé
sin tús na n-olc do thárla ... d sin don impiracht so na Persia.
Agus ar mbeith ullmhaigh don chabhlach .. tug Aristogaras
.i. fear ionaid Histiais, sluaghaibh móra ar tír agus do
ghabhdar Sardis, acht ní ráinig leo an caisleán, áit a raibh
Artophernes dearbhbhráthair Dháriuis, do ghabháil nó gur
ghabh teach don bhaile teinidh gur chuir le barr lasrach an
chathair uile go hiomlán, gur 28 ...
muintir na Cypria ag neartughadh na nGrégach d'iarr
Histias cead dul 'na n-aghaidh agus thug Darius go fonnmhur
sin dó, agus ní fada 'na dhiaidh sin gur claoidheadh ar muir
agus ar tír iad gurbha héigion do Aristogrus teicheadh agus
'na dhiaidh sin do marbhadh le muintir Dhariuis é. I gcath do
thug Harpagus ... iar mbeith a bhfad ag imtheacht
ón áit go a chéile dhó gabhadh Histias agus thug
Harpazus leis do láthair Aretaphernéis é, agus is é breitheamhnus
thug sin air é chrochadh i gcroich énchoise, a
cheann iar sin do scothadh dhe agus a chur d'ionnsaighe a
dearbhráthar Darius, agus arna fhaicsin do Dharius do chuir
dólás mór air.



Ní raibh iar sin aon ní ar aire Dhariuis ba mhó ... is ná
díoghaltas d'imirt ar na hAitéinigh agus ar na hEretribh. Gur
chruinnigh slóigh líonmhura agus iar tteacht go crích
hErétria dháibh do ghabhdar le ceilg í, agus ... di iarna
hargain agus iar marbhadh na foirne do bhí innte. Agus ar
tteacht go crích na hAthéine dháibh do thug an curadh calma
ceartchródha Leonides cath fraochdha fíorneimhneach
dháibh i machaire Maratoiniae.. le ndearnadh ár árdbhalmhór
orra. Arna chlos sin do Dharius do las a fhonn díoghailtais,
agus a fhearg a n-aghaidh na nAthéinach ní ba mhó go
mór ná ar ttús, gur chinn gan comhnuidhe do dhéanamh acht
díoghaltus, agus deargár agus creacha do dhénamh orra féin
agus ar an Éigipt in aoinfheacht.



Agus iarna ullmhughadh féin dó chum dul i bpearsainn i
gceann na sluagh don turus sin, do chuimhnigh gur b'oirchios


L. 189


dó sul ngluaisfeadh ar a i ... thiomna do dhénamh agus
oighre d'ainmniughadh do réir ghnáis na ríghachta. Do bhí
clann le mórán ban aige, agus ar ttús do bhí mhac aige le
hinghin ... ba cédbhean roimh beith 'na rígh dhó do phós sé
í so, agus do mheas a mac sin do cheart príomhgheine gur dó
féin budh chóir an oighriocht. Do mheas fós an mac do bhí le
hinghin Cyruis dar bh'ainm Atossa agus dá ngoirtear ... i
Leabhur Estair do phós sé iar mbeith 'na rígh dhó, gurab aige
féin ... ceart ar oighreacht na ríghe i ndiaidh a athar. Xerxes
dob ainm ... agus is leis do raonadh an oighreacht, agus iar
ndénamh a thiomna ... do Dharius do fuair sé bás sul ráinicc
leis a thír d'fhágbháil ...



ná go rachadh in cabhlach Grégach go ...e
droichiod do bhí aige le dul ar ais dhá thír féin ... sluaightibh
iliomdha bás le gortai dá bhfanadís ... Is annsin thug
Mardonius comhairle dhó do ghlac go lúthgháireach óir
adubhairt leis dá bhfágadh aige féin 300,000 fear go
gcuirfeadh an Ghréig uile fona smacht agus go bhfédfadh féin
an chuid eile do na sluaightibh do bhreith leis dá thír féin,
"agus ní náireach duit imtheacht," ar sé, "óir is ... do rinnis .i.
an Atenia agus Atica do sgrios, urmhór fós na nGrégach ..
chum sléibhte". Do rinnidh Xerxes go fonnmhur gach ní de sin,
agus ar bhfágbháil na huimhre sin ag Mardonius do ghluais
leis an gcuid eile do na sluaightibh go Persia.



Tar éis catha na Salamina do chomhuirligh an cabhlach
Grégach an droichiod do bhriseadh mur dubhrus; dubhairt
Temistocles nárbh oirchios sin do dhénamh óir is fearr do
thuig an dochar do thiucfadh as an sluagh mór líonmhur sin
do chongbháil go hiomlán anna ttír agus an tan do chonnairc
nárbh áil leo sin do dhénamh do chuir fear seicréide le sgéla
chum Xerxes gur caruid ... do ghnáth, agus dá rádh ris muna
ndénadh deifir go mbrisfeadh an cabhlach Grégach a
dhriochiod. Ar bhfagháil na sgéal sin don rígh do ghluais féin
agus a mhuintir comh dian agus sin go nár ráinicc lena leath a
dhul beo go Helispontus acht do chuaidh féin agus na cennfuirt
do bhí 'na fhochair i ndrochluing bhristidh tarla dóibh, óir
do bhí an droichiod arna bhriseadh le stoirm roimhe sin, go
ndeachaidh go Sardis.



Dála Mhardónius mhic Ghabrias iar gceileabhra dó le


L. 190


Xerxes ní bhfuair fosadh ná comhnuidhe geimhridh nó go
ndeachaidh go Peloponesus gur chomhnuigh annsin agus do
ghluais a ttús an earraidh gur ghabh tríd an Beotica agus go
hAtica áit ar shíl teagbháil do na Grégaigh, acht ar bhfaicsin
loime na háite sin ar a ndearnaidh féin roimhe ruathar
thineadh agus cloidhmhe, fós a .. garbh míchomhthrom dhi le
troid marcshluaigh de dhénamh inte, ar losgadh na tteampall
agus na ttighthe do fágadh inte do ghluais ar lorg an
champa Ghrégaigh go ndeachaidh go Thebes agus iar ndul san
gcathair sin dhó, do chuir a champa 'na shuidhe le taobh aibhne
Asoipe agus amach go tír na Platea. Isan am cédna do
chruinnigh na Grégaigh le taobh Corint .. ná raibh acu acht
céd míle fear do Lacedamóinibh. A ... Corint agus
Peloponesus ... Agus do na Phoceánaigh agus do na
Macedónaigh ... fo bhratachaibh Mhardonius nó Xerxes,
gus iar ... a chéile do ghluaisiodar lena n-árdgheneral .i.
Pausanias .. an rígh ro-uasail rochródha .i. Leonidas, agus
do chuiriodar ... ar aghaidh champa Mhardonius ag an
gcathair darbh ainm Platea.



Do bhí na Lacedhemóinigh ar an láimh dheis agus na
hAttinígh ar an láimh chlé don champa sin is an lár do lucht
conganta do tháinig. Thug Mardonius an suidheachán sin dá
aire agus chuir roimhe na marcaigh do chur a naghaidh na
Lacedmóinighibh do bhrigh nach raibh cairdeamh acu so ar
mhodh troda na bPersiánacha. Arna chlos sin do phrionsa
Gréagach do bhí i gcampa Mardonius .i. Alexander mac
Amithais tánaicc isan oidhche go campa na nGrégach dá
innsin dáibh. Leis sin do cuiradh na hAtéinigh anna n-ionad
do bhrígh gurab acu bhí .. Persia. An tan do chonnairc
Mardonius sin ar mbeith dhó ullmhaighthe do thuill ar ais
dá champa arís áit ar chomhnuidh ar feadh .x. lá ... acht go
mbíodh a mharcshluagh ag dénamh ruathair ar champa na
nGrégach agus a measg gach díghbhála dhá ndearnadar
dáibh do líonadar le clocha agus le cré na tobair do
bheireadh uisge dháibh; agus leis sin do chuir na Grégaigh
rompa a gcampa d'athrughadh. Do bhí na hAtéinigh i ttosach,
agus Pausanias gona Lacedemóinibh cródha ar deireadh;
agus ní fada chuaidh an uair bhrúcht a námhuid leis na sálaibh
acu, gur bhuail ar a bheith dá ngearradh agus dá gcoscuirt.
Leis sin chuir Pausanias sgéla chum na nAtéineach teacht dá
ttreisiughadh acht sul d'fhédadar teacht dob éigion dó troid


L. 191


do dhéanamh a naghaidh na nGrégach do tháinicc ag congnamh
le Mardonius, agus mar sin dob éigion do Pausanias
troid do thabhairt do 300,000 Persiánach agus Médach agus
gan aige 'na n-aghaidh acht 53,000.



Do bhí sgéithe, clogaid, agus lúireacha mhuintir
Mhardonius lonnrach le hór agus le hairgead ... agus ní
rabhdar láidir go leor a naghaidh shleghacha na nGrégach;
agus ní mar sin dáibhsion tar ceann go raibh a gcultacha airm
meirgiocha mídhathaigh do bhídar láidir a naghaidh dhartacha
a namhad. Agus dá bhrígh sin agus ar an gcéd teacht
síos do thug muintir Mhardonius talamh uatha agus ar mbeith
dhó féin i gceann a shluaigh ag dénamh áir agus díghbhála
do na Lacedemóinigh, thug gaisgídeach dhíobh dar bh'ainm
Arimestes amus air re saighiod gur chuir seacha siar tréna
chroidhe í gur thuit marbh ar an láthair .. an ..



An tan do chonnairc sluaighte na Persia a gceann
feadhna .i. Mardonius marbh do léigiodar le luas a gcos, agus
thugadar a gcúil don namhuid, agus anna n-imtheacht bhí a
marcshluagh ag siubhal ar chorpaibh a ttroitheacha agus
gearradh cúil ag na Lacedemónaibh orra go rángadar daingion do rinniodar
féin roimhe sin i bhfogus do chathair na Tebes ar a raibh
fál cuailliocha dá ngoirtear anois palásádaighibh, agus ar ndul
annsin dáibh do bhádar dá chosaint agus ag dénamh díghbhála
do Phausanias go ttáinicc na hAtéinigh dhá threisiughadh gur
bhrúchtadar annsin isteach dá n-aimhdheoin gur bhuailsiod dá
ttuargain agus dá ttreasgairt go nach bhfacaidh aon neach san
domhun ariamh anna uiriod sin do thalamh samhail an áir do rinneadh
ann; óir do na 300,000 Persiánach agus Médach do bhí i
ttús an chatha sin ag Mardonius ní háirmhítear imtheacht beo
díobh acht 43,000 fear. Agus más fíor do Herodotus níor
chaill na Lacedemóinibh acht céd agus cúigear, agus na
hAtéinigh 50 fear. Mur sin do cuireadh críoch ar mhórchath na
Platea mar ar leagadh uabhar le calmacht agus le cródhacht na
hárdfhlatha Pausanias.



Ní féidir innsin ná áiriomh do dhéanamh ar an méid saidhbhris,
óir airgid, agus ilmhaoine do fuair na Grégaigh ar lorg an champa
agus an áir sin, agus an feadh nó an lá cédna do rug Pausanias an
bhuaidh so ar talamh, do fuair rígh eile do bhí ar Lacedominia
buaidh iomlán air chabhlach na Persia, le a bhfuair Ionia do
chur leis an nGréig irís. Do chuaidh na Grégaigh iar sin gach dream
díobh dá ttír féin acht gur chuir na hAtéinigh campa le Abidos
baile


L. 192


bhí ag Xerxes ar bhruach Helispont agus ghabhdar é.



Tar éis gach mírath dá ttáinicc ar Xerxes d'fhás gráin agus
tarcuisne a mhuintire féin air go háirighthe fona chreatuighacht
cholamhuil le mnaoi a dhearbhráthar, agus le bean a mhic féin. An
tan do chonnairc Artabánus .i. caiptín a ghárda, do ghlac
mian é leis an ríghacht do bheith aige féin. Agus chum an mhiana
sin do thabhairt chum críche do chinn ar an rígh cona thriúr mac
do bhásughadh go bhfuair le bladar ó Mhitridates é féin agus cuid
dá chloinn mhac do léigion asteach go seomra codalta an rígh gur
gur mharbh go fealltach é.



Agus leis sin do chuaidh gan mhoill go seomra Artexerxes agus
d'innis dó go ndearnaidh Darius a dhearbhbhráthair bás fealltach
d'imirt ar an rígh. D'éirigh Artexerxes do chliseadh arna chlos sin
dó agus do chuaidh mur a raibh a athair marbh agus arna fhaicsin
mur sin dó, do chuaidh 'na rith go seomra a dhearbhráthar agus
níor labhair leis acht a chloidheamh do sháthadh tréna chroidhe
gur mharbh é. Leis sin táinicc Artabanus 'na dhiaidh agus ar
mbeith ag tarruing a choidhmhe as ucht a dhearbhráthar dhó thug
buille do shíl a bheith marbhthach chuige, acht, gidh nach
dearnaidh dolaigh dhó, ghoir go hárd ar chabhair, agus
táinicc sin ar an láthair chuige ler ceangladh an trétúrach go
bhfuair pionús do réir mur thuill, agus is mur sin do chuaidh críoch
ar Xerxes .i. prionsa míbhésach míthrócuireach drochmhianach
nár choigill do neoch an' fheirg, ná do mhnaoi anna dhrúis.



Caibidil .5. anna gCurtar cuid do Dhálaibh
Artexerxeis agus do na Ríghthibh táinicc ar
a lorg go haimsir Alasdruinn Uaibhrigh.



Tar éis báis Xerxes do ghabh a mhac .i. Artexerxes
Longimanus nó lámhfhada, ríghe na Persia xxxx bliadhain. Níor
shamhuil dá athair é óir ba phrionnsa ro-ionmholta é, óir do bhí
sé carthannach cáirdamhuil cheartbhreathach ler mhian
mórán do thabhairt uaidh gan tnúth le maoin na cuid énduine
agus is uime sin thug freagra ar aon do chuir ceisd air cionnus tárla
dhá dheasláimh bheith ní ba fhaide go mór ná a lámh chlí. Do
fhreagairsan ag rádh gur maith do thug an nádúir lámha fhada dhó le
bronntunais do dhéanamh, agus lámh ghearr le glacadh.



Do ghlac sé go ro-onórach an Grégach Themosticles - do
rinne mórán díghbhála dá athair i gcogadh na Gréige - ar
tteacht ar a chomairce, agus thug dhó féin an tuarusdal .i. dá


L. 193


chéd talland do gheall a athair ar son a thabhairt chuige beo nó
marbh.



Is é an tArxerxerxes cédna so ar an seachtmadh bliadhain
dá fhlaithios do thug cead go puiblidhe do na Iúdaighibh do bhí
anna ríghacht mun am sin dul go Ierusalem agus áitiughadh
dhénamh inte. Agus ...



... teachta le tiodhlaicthe agus le tabhartuis chuige
agus ag iarraidh sith agus cairdios do dhénamh riú. Adubhairt-sion
gur mhaith sin agus go raibh riachtanus air dul asteach san
gcathair óir mur bhí sé ar shliocht Hercules gur bh'oirchios dó
iodhbairt do dhénamh dhó isan teampall do bhí ann' onóir isan
gcathraigh. Do thuig na teachta nach le deaghintinn d'iarr sé
sin, agus, mur bhí muinghin mhór acu as neart na cathrach,
dubhradar leis iodhbairt do dhénamh isan teampall do bhí aige
ar réiteach na tíre i ttóruinn na críche.



Arna chlos sin d'Alexander do ghlac fearg adhbhalmhór é gur
chuir crannaibh cédair dá ngearradh gur chuir ar an gaolfhairge
bí idir é agus an baile, go ndearnaidh i mbeagán laethaibh
droichiod anna raibh ceithre stada ar fad le clocha le gaineamh
agus leis an crainn rofhada sin, agus arna fhaigsin dó go raibh
arna ardugadh os cionn an uisge d'fhág Pármenio le críoch do chur
air; do chuaidh féin agus cuid den tsluagh ag bualadh na
nAraibeacha do bhí ag cur toirmisg ar a chuid oibre, agus ar
tteacht ar ais dó, do fuair a shaothar cailltidhe, óir air bhfaicsin
an adhmaid do lucht na cathrach, chuiriodar luing theineadh
dá ceangal don ághmad do dhóigh go hiomlán é.



Gidheadh níor chuir sin toirmeasg ar Alexander acht do thug
móide nach ndénfadh comhnuidhe nó go ndéanfadh ar
lucht na cathrach díoghaltus do bhrígh gur theilgiodar na
teachta chuir le hairtiogail síthchána chucu le fánadh na cairge.
Agus do chuir an droichiod dá dhéanamh arís a ttaobh eile don
chathair, agus gur chríochnaigh annsin é; do thug fós a
chabhlach chuige leis an mbaile do bhuain amach. Is annsin do
bhí an troid ba dhioghaltaigh dá bhfacaidh aon neoch ariamh óir
do bhíodh cuid acu arna tteilgion le fánadh na gcargeacha agus
iad sin ag straoilleadh a namhad leo, cuid acu lámh ar láimh ag
troid nó go ttuiteadh araon isan bhfairge, agus annsin féin ag
streachailt agus ag bualadh a chéile nó go sluigeadh an fhairge
araon iad.



Do bhíodh fós, loingios ag briseadh agus ag raebadh a chéile


L. 194


nó go ttuitidis féin agus a bhfoirionn go grinnioll na fairge, tuir
a naghaidh tor, acht cithrácht ní raibh gaisceadh cródhacht ná
gliocas nach raibh dá gcur i ngníomh ar gach taobh agus ar
mbeith ag tuargain agus ag iombhualadh a chéile dháibh ar
feadh cheithre n-oidhche agus cheithre lá mur sin nó go
rabhdar gan spracadh gan láthar ar gach taobh .. annsin
do fuair chid don chabhlach faill ar thor don chathair go
ndeachaidh drong díobh as teach agus leis sin iar marbhadh
móráin d'Alexander ... ar do thóig sé ar an droichiod le
taobh balla na cathrach do chuaidh ... agus a mhuintir 'na
dhiaidh. Is annsin do rinneadh an t-ár is míthróccairighe
dá ndearnadh riamh ar domhan, óir níor fhágadar duine gan
marbhadh innte.



Sé mhíle do marbhadh ar an láthair dá lucht cogaidh agus
dhá míle di ... Alexander dá gcrochadh ar an gcuan. Annsin do
loisg sé an chathair go ndearnadh luaithredh dhí. Is mur sin
do chuaidh críoch ar chathair ársaigh Tyre tar éis champa
sheacht mí.



As sin do chuaidh Alexander go Ierusalem, le díoghaltus do
dhéanamh orra fa mur dhúilt congnamh do chur chuige a naghaidh
catharach Tyre, óir do mheasadar nár dhlisdionach an
mhóid umhlacht do thugadar do Dharius a bhriseadh, óir do
bhí na Iúdaighibh go sona sénmhur an úair sin fo umhlacht
agus fo ardchíos ag an bPhersia.



Ar mbeith d'Alexander ag ionnsaighe cathrach Ierusalem
d'éirigh an t-ardsagart anna róbaidhe féin agus mórán do na
sagairt anna n-éudaíbh sagartacht féin 'na dhiaidh, agus ba hé
ainm an árdshagairt sin Iadhdus. Arna fhaicsin do Alexander
gur chum onóra agus fáilte do tabhairt dó thangattar dá ionsaighe
agus ar ndearcadh go grinn ar Iadhdus dó, do thuirling
gan mhaill agus do rinne adhradh agus umhlacht dó. D'fhiafraigh
Parmenjo dhe créad fá ndearnaidh sin, agus gur rún díoghaltuis
do ghluais chum na háite sin é; do fhreagair Alexander é agus
adubhairt gur isan gcórughadh chédna do thaisbéin dó é féin an dia
do ghluais agus do bhrosdaigh le cogadh do chur ar impireacht na
Persia é. Agus do chuaidh le Iadhus agus leis na sagairt oile
asteach don chathair agus chuir iodhbarthacha dá n-ofráil ar a
shon féin, agus do rinne tír shaor don Phailistín annsin gan cíos
cáin ná dualgas ar bith do bheith orra, agus tug geallamh do na
Iúdaighibh go hiomlán go seasfadh féin dáibh gach onóir, gach
urraim, agus gach priuiléid dá raibh roimhe sin acu.



Agus as sin do ghluais agus ar mbeith ag gabháil Ghása dhó
do loiteadh anna ghualainn é. Do ghluais as sin mur aon le
cuideachta thoghtha tré fhásaighibh agus tré thrághaibh diamhra
do-eoluis go ndeachaidh mur a raibh Iupiter Hamon agus ar
ndénamh shléuchta dho láthair an iodhail sin dó, do ghoir an
bhandia bhréige ... sin mac Iupiter dhe, agus is mór do chuir sin in
uabhar agus i ndíchéille é; ar tteacht ar a ais dó do chuir cathair
mhór Alexandria suas idir ... eotis agus fairge na hÉgipte.



Dála Darius iar n-imtheacht dó ar a dhaingion as ár Issuis
do sgríobh mórán leitreacha dochum Alexandair ag iarraidh síthe
agus cairdis air agus ag ...



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services