Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aindrias MacCruitin cct.
Title
Aindrias MacCruitin cct.
Author(s)
Mac Cruitín, Aindrias,
Composition Date
1738
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1960)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An ríoghan chóir ó fhóir an Aonaigh d'fhás, is íoc-luibh bróin a sórt do chéile d'fháil: faoileann mhórga chórr-ruisc chéim-leasc cháidh, is dísle glór gan móid 's is féile lámh. A mín-chneas nó mar shnó na géise ar tráigh, a rín-dearc bhórr 's an reódh, is d'aon-dath dáibh, a braoi mar rón 's is cló don daol a scáil, grís 'na beól 's ní heól di bréag dho rádh. A lí-dhreach leóite ar nós an éasca láin is títhe cró mar rós 'na gné gan ghráin; a píp ní crón is ró-fhada gléigeal d'fhás; a cíoch re a deól ní ló do laogh a lán. A críonnacht nóis, a cómhall bréithre, a báidh, a tigheas gan dóirr gan tóirse ó dhaonnacht ghnás, a fíon-fhuil fós don phór is aeirde fás: - is dighnit mhór dá nóchar féin a fáil. Draoithe deóra Fhódla, is cléirche Fáil, saoithe comhad is ceóil, 's gan tréad don dáimh: a ndaoithin sóigh go gheóbhaidh gach aon don táin 'na mbruidhnibh teó 's badh leó gach réir ba áil. Mo scís do chlódh do gheóbh-sa óm théacht 'na ndáil in aoibhneas tsóigh ó nóin go n-éirghe lá; fíon is feóil is beóir ní daor dhom d'fháil, líonadh córn is ól na gcaobh-chup lán. Guidhim an Ógh is mór-Mhac Dé na ngrás an ríoghan nósmhar ód 's a caomhthach Seán do dhídean beó go sóghmhar saolach slán, is síordhacht glóire dhóibh tar éis a mbáis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services