Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aindrias MacCruitin cct.

Title
Aindrias MacCruitin cct.
Author(s)
Mac Cruitín, Aindrias,
Composition Date
1738
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1960)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An ríoghan chóir ó fhóir an Aonaigh d'fhás,
is íoc-luibh bróin a sórt do chéile d'fháil:
faoileann mhórga chórr-ruisc chéim-leasc cháidh,
is dísle glór gan móid 's is féile lámh.



A mín-chneas nó mar shnó na géise ar tráigh,
a rín-dearc bhórr 's an reódh, is d'aon-dath dáibh,
a braoi mar rón 's is cló don daol a scáil,
grís 'na beól 's ní heól di bréag dho rádh.



A lí-dhreach leóite ar nós an éasca láin
is títhe cró mar rós 'na gné gan ghráin;
a píp ní crón is ró-fhada gléigeal d'fhás;
a cíoch re a deól ní ló do laogh a lán.



A críonnacht nóis, a cómhall bréithre, a báidh,
a tigheas gan dóirr gan tóirse ó dhaonnacht ghnás,
a fíon-fhuil fós don phór is aeirde fás: -
is dighnit mhór dá nóchar féin a fáil.



Draoithe deóra Fhódla, is cléirche Fáil,
saoithe comhad is ceóil, 's gan tréad don dáimh:
a ndaoithin sóigh go gheóbhaidh gach aon don táin
'na mbruidhnibh teó 's badh leó gach réir ba áil.



Mo scís do chlódh do gheóbh-sa óm théacht 'na ndáil
in aoibhneas tsóigh ó nóin go n-éirghe lá;
fíon is feóil is beóir ní daor dhom d'fháil,
líonadh córn is ól na gcaobh-chup lán.



Guidhim an Ógh is mór-Mhac Dé na ngrás
an ríoghan nósmhar ód 's a caomhthach Seán
do dhídean beó go sóghmhar saolach slán,
is síordhacht glóire dhóibh tar éis a mbáis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services