Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bheatha Shíoraí do Thuilleamh a Bhus
Title
An Bheatha Shíoraí do Thuilleamh a Bhus
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1768
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1953)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN BHEATHA SHIORAI DO THUILLEAMH ABHUS Cuirean Naomh Augustin a n-úil dúinn gur cóir bheith lán d'oghmóghas is d'urraim a dtimpchioll rúindiamhra Dé, bheith lánaireach ag déanamh machtnaimh orrtha, bheith dianchúramach dá gcuardach comh fada agus fuileóngaidh foirísleacht ár dtuigsiona is ár gcreidiomh dúinn é, agus gan breitheamhnas díoghbhálach giorruisg do thabhairt orrtha. Secretum Dei intentos nos habere debet non adversos. Ag sin, a dhearbhráithreacha, ceacht ró-thairbheach díbh, mar as aon do earráidibh ár spioraide as mó le fagháil nách 146 maith linn géilleadh do nídh air bith as dóigh línn a bheith contrárdha lenár n-eólas agus lenár lagthuigsin féin, agus dá bhrígh sin go gcuirean iongantas ró- mhór orruinn na drochdhaoine do bheith cómh sonaídhe air an saoghal so an fhaid agus bíd na deaghdhaoine annson anacradh. Gidheadh áitighim nách cúis díbh sin chum bhur gcreidiomh do luíghdiúghadh, óir bíodh nách bhfuil ann ach rúindiamhair do-chuardaighthe nó dubhaigéin nách tiucfadh linn go brách teacht chum a ghrinnioll, tar éis sin uile nír chóir dár gcreidiomh aon athrúghadh d'fhagháil tríd ach éighmheadh a n-éinfheacht leis an apsdal “o altitudo!”, agus admháil gurb rúndiamhair é nách tiucfadh linn a thuigsin mar as dual. Agus go fírinneach tar cheann nách tuigim rúindiamhair oirdheirc na Tríonóide ró-naomhtha, nó Ioncholnadh ár Slánaighthéora a mbroinn bheannaighthe na Maighdine Muire tré chómhoibriughadh an Spioraid Naoimh, ní bhiadh ceart agam amhras air bith do bheith orrtha. Agus mar an gcéadna bíodh nách tuigim iompchar Dé na n-uilechomhacht ag stiúradh 's ag riaradh an chine dhaonda air feadh na beatha so, ní cúis dam é chum amhras do bheith agam nách fuil Dia fírinneach ann dá stiúradh. Atáid míle áitiomh aguinn chum a chruthughadh go bhfuil Dia ann atá 'na chruthaightheóir is 'na riaghaltóir air an gcruinne so, agus gach nídh dá dtuitean amach gur do réir a thoile nó a ordaighthe bhíon. Níl aguinn ach ár súile d'fhosgladh is féuchain air na cheithre dúilibh, air an spéir is air an dtallamh, air a' ngréin, air an raé is air raeltanaibh nimhe, air chréatúir eatartha nách tabharfaidh fiadhnaise agus nách cruthóchuidh an fhírinne sin damh. d'admhadar na págánacha is na daoine bhus oitire aineólaighe
é, agus créad é an fáth nách admhóchadh sibh-se é atá ionbhur gCríosduighthe oilthe foghlomtha san tsoibhsgéal. Agus ó nách bhfuil fios foirlíonta aguibh créad é an chial 'na bhfulaingean Dia na fíréin do bheith dá gcrádh is dá gcéasadh, agus na mallaightheóirighe go súgach sonaídhe an tan san, sásuighidh sibh féin le bheith ag smuaineamh go mbiaidh sáirfhios aguibh fós air an tobar an eolais, 'sé sin a nDia a seilbh na glóire síorruidhe. As amhla san do labhair an Ríghfháidh. “Atá muinighin agam,” ar sé, “go dtiucfaidh an lá aoibhin úd 147 ann na nochtfaidh tú dhamh go follas do shlighte rúntacha ag riaradh an tsaoghail so, air chor go dtuigfiod go soiléir créad é an fáth duit fulang don fhíréun so bheith dá chéasadh is dá ghéarleanamhain gan aen chúis, go bhfuilid saothar is cúraim an duine mhacánta úd ag dul ar gcúla agus an bhean gheanmnuidhe cráibhtheach san ag caitheamh a laethana a ndobrón is a n-anacradh, agus san am chéadna go bhfuil fóirneart is anfhorlann an mhallaigh- theóir úd ag buadchain air an neimhchiontach is air an díleachtaidhe, go bhfuil an saoghaltánach aindiuide so gan chreidiomh gan choinsias gan chrábhadh ag dul ar aghaidh iona chúraim is iona áitrimh agus an mheirdreach mhal- laighthe dothug í féin suas do bheatha náireach scandalach ag maireachtain a lár aoibhnis is cumpórda an tsaoghail. Ó, a Thiarna, múinfidh tú damh fós é le héan lonnradh soillseach amháin dod eolas is dod mhórthuigsin an uair do scaipfidh tú na néala dúbha diamhaire atáid dár gcongbháil san dorchadas. Do mheas mé tré neart mo mhachtnaimh féin go dtiucfadh liom do shlithte d'fhagháil amach. Gidheadh do mealladh go mór mé agus dobhí mo lorgaireacht gan aen tairbhe. Existimabam ut cognoscerem hoc; labor est ante me, nó gur chuimhnidh mé gur ba chóir dham fuireach le dul asteach ann do theaghlach naomhtha so, áit iona bhfaicinn go glanruisg críoch dhéighionach air dhóthchas an fhíréin comh maith leis an mallaightheóir. Donec intrem in sanctuarium Dei, et intelligam in novissimis eorum. Ag so, a Chríosdaighthe, a n-athchumaireacht na réasúin as féidir liom a thabhairt díbh a dtaobh iompchar Dé na n-uilechómhacht an uair fhulangan sé bochtaineacht is anacradh na bhfíréun. Atá, mar as meabhair leis a lucht toghtha do ghlanadh is do sgiomradh ó gach salchar pheacaidhle teine na n-anróidh is na n-anacradh fá mar do
ghlantar an t-ór san bhfúirnéis. Atá, gur maith leis cead slíghe do thabhairt dóibh chum a ndillseacht do chur a n-úil do. Atá, gur méin leis a shlánúghadh do bheith deimhnighthe agus a gcosain ó bhaoghalaibh do-áirmhthe do theang- bhóchadh orrtha a lár aoibhnis is saibhris na beatha. Atá, gur meabhair leis cathaighe gnáthacha do chur iona slíghe 148 d'fhonn cúis luaidheachta agus cosgair d'fhuráileamh orrtha. Agus fá dheoig, dá fhíréuntacht is dá naomhthacht a mbeatha, ó deimhnighean an sgríbhin diadha dhúinn go dtuitean an duine fíréanta seacht n-uaire san ló, atá, chum a bpeacaídhe do chúitionmh anois agus chum peanós do thabhairt dóibh mar athair thruaighmhéileach do réir a mhórthrócaire annso bheatha so chum gan aonpheanós do thabhairt dóibh mar bhreithiomh láinfheargach do réir a mhóirchirt annso bheatha shíorruídhe. Uime sin, más deónaightheach le Dia an fíréun do chrádh is do chéasadh, é do bhualadh le tinnios, le hanacradsh nó le bochtaineacht, agus é d'úmhlughadh fós cómh hísiol le luaithréan na talmhan, tabharfaidh a gcómhnuídhe míle moladh is beanachtain le Dia d'eagla an t-asachán céadna do chas an Slánaightheoir le Naomh Peadair do chur 'na leith, modicae fidei, quid dubitasti? A dhuine chaoich dhallradharcaíghe, léig dod Thiarna Dia a thoil féin do dhéanamh. Atá grádh aige dhuit agus as fearr atá a fhios aige créad é an nídh iorras (oireas) duit ná agad féin. Má thugan sé peanós cruadhálach dhuit san tsaoghal so is le neart greanamhair- eachta is dlúthannsacht ort do dhéanan é, d'fhonn peanós as míle guasachtaighe ná é do sheachain air feadh na siorruídheachta. A n-éanfhocal, a chomhluadair chríosdamhail, má bheir Dia peanós cruadhálach diachrach don fhíréan ar feadh na beatha so le tinneas, le huireasbaidh nó le míoágh air bith eile, as chum a fhoighide 's a dhillseachta do chur a gcuimhne dho doghnídhean é. Óir deimhnighean sé dhúinn tré bhéil na bhfáidhe a mórán ionaduibh don scríbhinn diadha gur gnáthach leis an mhuíntir as annsa leis do smachtúghadh tar cách eile. Ag so an freagra bunudhasach dothug Minutius Felix, cosantóir díograsach an chreidimh a n-aghaidh na bpágánach agus na díchreidmheacha, an uair dobhídís ag áitiomh 'na choinne nách raibh Dia maith ná trócaireach leis na fírchreidmheachaibh tar éis iad do chéasadh is do ghéarleanamhain le hiomad foirnirt agus mío-chomhthroim, gur fhreagair dóibh “atá sibh meallta
go mór, a cháirde, ní theastuighean maithios ná mór- chomhachta ónár Slánaightheoir dochum fóirighthin orruinn; gidheadh as meabhair leis gach 149 n-aon aguinn do mhionsgrúdadh ag buain saidhbhrios na beatha so dín.” Deus ille noster quem colimus nec non potest subvenire nec despicit, sed in adversis unumquemque explorat. Cuar- duighean sé croidhe an duine leis na pianaibh éagcruais is mórriachtanais. Vitam hominis sciscitatur. Comh maith agus dá n-abradh Dia leis an bhfíréan “comh fada agus atá tú ághmharach sonaidhe air an dtalamh ag blaiseadh mill- seacht na síothchána is na sáimhe, as fíor go ndubhairt tú gurb ionmhun leat me; gidheadh nírbh fhéidir meas mór do thabhairt air an admháil sin; ach anois gur hiompuígheadh cumpórd is aoibhnios do bheatha a searbhas, a n-uireasbaidh is a n-édtreóir, is go bhfuilid iomad tromuilc dod threasgairt ó gach árd, as annso staid sin as féidir liom creideamhuin do thabhairt dod chómhráidhtibh is dod gheallamhnaigh; mar sin má chídhim tú ag buanchosnamh ann mo dhlíghe, ag dlúthchoiméad m'aitheanta; má gheibhim fós ag columhan na h-altóra ag athnuadhchain do dhillseachta damh, creidfiod annsan do bhréithre agus éisdfiod gan aen chontabhairt leat.” As uime sin dorinne Dáibhí an úrnaighthe so chum De: “A Thiarna,” air se, “cuardaigh is mionsgrúdaigh me chum go dtaisbeánfainn duit cia hé mé agus créad é an t-áirdmhéin atá agam chum urraim is onóir do thabhairt duit, ach ó nach féidir liom é chur a n-aithne dhuit níbhus fearr na le pianta is anacradh d'fhulang air do shon, deónaigh me bhualadh me losgadh agus me chiorrughadhleis an aindeise.” Proba me, Domine, et tenta me; ure renes meos. As maith le Dia fós an duine fíréanta do shaoradh is do ghlanadh ó gach anntoil dá bhfuil aige do neithibh na talmhan, óir dá mbiadh an sochar saoghalta ceangailte dona subháilcibh beannaighthe, as mar ghrádh dhóibh do dhéanfamaois Dia d'ónórughadh is do fhreasdal, agus mar sin ní bhiadh grádh aguinn dó air a shon féin. Asé anídh céadna tug fá ndeara do Naomh Augustin a rádh “an uair dochídhion sibh naimhde fógartha Dé is lucht a mhaslaighthe a seilbhe mórshaibhris is áitrimh, glacan sibh miosgais is foromad tríd ag rádh libh fén “as fada fada atáimid a seirbhíse an Tiarna ag géilleadh do 's ag coiméad a aitheanta; 150 tar a cheann san atáimid gan saibhrios gan áitriomh, ár gcúraim 's ár ngnótha saoghalta ag dul chum neimhbhreise gach lá dá n-eirghean orruinn, agus ár muintir 's ár gcualacht
ag imtheacht chum fáin is chum iarraidh; agus féuchaidh an mhuintir úd atá a' maireachtain annsa pheacadh agus annsan adhaltranas gan chreidiomh gan choinsias gan chrábhadh, go bhfuilid gan uireasbaidh bídh ná dígh ná deaghshláinte ag cur saibhrios ós ciónn saibhriosa agus onóir ós cionn onóra.” Gidheadh freagran an dochtúir naomhtha dóibh ag rádh “an iad a leithshéidighe sin dobhí tú a lorg - talia ergo quaerebas?” - As mar gheall air deaghshláinte, air shaibhrios agus air onóir shaoghalta ba mheabhair liot Dia do ghrádhachan is d'onórughadh. An é nach raibh sé oireamhnach mar sin, a chairde, iad go léir do bhuain díbh chum go bhfoghlameóchadh sibh é do ghrádhachan air a shon féin. Óir níl cóir ná ceart ag an gCríosduighe grádh do bheith dho ach 'na thaobh féin, bar asé féin luach saothair agus críoch dhéighionach gach n-aon dínn. Noli ad praemium diligere Deum qui ipse est preamium tuum. Atáid ollmhaithios is saibhrios na talmhan cómh díoghbhálach san don mhuíntior do shealbhuíghios iad gur minic tugaid chum droichbhearta is cuirptheacht na deaghdhaoine. Atáid iomad suighidighe ró-fhollus aguinn le faicsin air an bhfírinne sin, ach tréna mhór-thrócaire 's a dheagthoil chum slánughadh síorruidhe na bhfíréun tugan coimirc dóibh ar na baoghalaibh doi-ínste sin le bochtain- eacht do thabhairt dóibh chum iad do chosain ó aicíd leathan togbhalach an saibhris saoghalta, le foirísleacht a dtreibhe 's a muinteardhais dobheir coimirce dóibh air ghradam is air réimonóir chailleamhnaighe, agus fá dheóig le héagcruas nó le tinnios chum iad do chur bunoscionn air stríopachas, air adhaltranas agus air iliomán peacaidhibh eile. As fíor nach faicion an fíréan anois gach baoghal díobh, mar aon le mórán eile nách áirmhim. Gidheadh gach n-aon díobh nach faicion san bheatha so, dochídhfid fós go soiléir iad an lá mórthaisbéanta an Tiarna. Annsain nochtfuighear do go follas gach éagcóir dothiucfadh leis do dhéanamh dá mbiadh saint do-shásda agus andúil ainmhianach don airgiod dá bhrosdughadh chum uilc. As ann dochífidh gach claonbheart do chuirfeadh uabhar is díomas d'fhiacha air a dhéanamh. As ann dochífidh go glanroisg gach drochchomluadar do chleachtóchadh agus gach mallaightheacht anna 151 dtiománadaois a dhrochchlaonta brúideamhla é muna mbiadh srian na bochtaineachta do chur leo agus muna mbiadh anacra na beatha so ag toirmisg teine na n-ainmhiana ó adhaint is ó eadughadh (adudh) a meódhan a chroidhe, ionas
air mbeith do soillsighthe leis an lonnradh lántaithneamhach so na glóire ag amharc air choispeinibh na diadhachta dá stiúradh féin air feadh a bheatha chum a chrích déighionaighe go dtabharfaidh míle moladh is buidheachas lena Chruthaightheóir air son grása na bochtaineacht, na n-éagcruais is na n-anacra do thabhairt do air an saoghal so, ós iad féin fá ndeara é bheith a bhfochair Dé ann seilbh na glóire re saoghal na saoghal. Crádhan is céasan Dia na fíréin san bheatha so chum a chur d'fhiachaibh orrtha filleadh air, dóthchas do bheith ann, agus iad féin do thabhairt suas do. Óir deimhnighean Naomh Bernard dúinn go bhfuilid cheithre aicme fíréan ann. An chéad drong, an mhuintir do ghabhan ríoghacht Dé le foiréigin, agus asé aicme iad na boicht toilthineacha do thréigion an saoghal so uatha féin. An dara dram daoine saibhre dothugan mórán déarca uatha do bhochtaibh Dé agus don chléir chum guidhe Dé air a soin. An treas dram na daoine foirísle unhalchroidheacha do sheachnan solas an laoi agus do dhéanan a ndeaghoibreacha gan fhios don tsaoghal. Agus fá dheóig na daoine rachas go flaitheamhnas dá n-aimhdheóin, 'sé sin le rádh, dá mbiadh saibhrious ná onóir shaoghalta aco mar atá ag daoinibh eile, nách tiucfadh smuaineamh air bith dóibh chum cuighniomh air Dhia ná chum leas a n-anama do dhéanamh, go díreach mar a' bpobal cholnaidhe úd do oil sé le méithreas na talmhan ná cuimhneóchadh gurb é a nDia ná a gCruthuightheór é mar adeir Moyse. Populus incrassatus impinguatus dilatatus dereliquit Deum factorum suum. Ach ó ba thoil leis deilgine géara do chur iona shlighe mórán drochamhantura do thárla dóibh, do chuireadar iad féin air a choimirce agus do ghlac asteach air measg a chairde dillse iad ag tabhairt beatha dóibh tar éis a mbásaighthe. Cum occideret eos revertebantur et diluculo veniebant ad eum. Mar sin gan tréanchomhraic níl buadh ná cosgar ág an gCriosduíghe le fagháil agus gan buadh do bhreith níl coróinn ghlórmhar aige le saothrughadh mar adeir an t-apsdal non coronabitur nisi qui legitime certaverit. Bíodh go smachtuighean Dia na fíréin annso bheatha so, as smacht athardha thrócaireach é, óir “atá sé fíor nach bhfuil aon neach dá mairion gan peacaidhe do dhéanamh agus gur dual iad do chúitiomh air an saoghal so nó tar éis bháis. Dar ndóigh ní féidir nách fearr leórshásamh do dhéanamh ionta annso abhus chum a ghlóire shíorruidhe do
shealbhughadh gan aon toirmisg thall. As amhlaidh so do thug Naomh Jerome cumpórd do bhean uasal áirighthe dárab ainm Paula tar éis a muintior 's a maoin saoghalta do chail- leamhain, chum a' dobróin do ghlac sí tríd do sgaipeadh. Elige, aut sanctes et probaris, aut peccatrix et emendaris. 'Sé sin le rádh, créad é an fáth dhuit an oiread san deóra do shilleadh. Bíodh do robha agad don dá chomhairle so dobheirim dhuit agus tabharfaidh ceachtar dhíobh sólás duit. Má atá do chroidhe díleas umhal dod Thiarna Dia gan rún pheacaidh, cuimhnidh gur chum do shúbháilcidhe do mhéadughadh le teine glanta na n-anróidh is na bochtain- eachta atá tú ag fulang. Nó má smuainion (tú) air na coirteachaibh ann na raibh tú ciontach roimhe, bíodh cumpórd ort fós gur ba deónaightheachle Dia tú smach- tughadh agus meódhan d'fhuráileamh ort comh saordhálach san chum leórghníomh do dhéanamh ionnta. Agus go fírineach, a chairde, níl dá fhaid chuirean Dia a dhíoghaltas air cáirde nach dá mhóide agus dá nimhnighe thuitean sé air na mallaightheóiribh. Agus as mairg mairg do lucht saibhris na beatha so, do lucht an díomais agus an uabhair, atáid dá ramharúghadh féin mar iodhbartaigh fá chomhair lae fhíochmhair feirge an Tiarna mar adeir Tertulian: quasi victima ad supplicium saginatur. Uime sin, a dhearbhráithreacha róghrádhacha, níl aguibhse ach géilleadh ó chroidhe agus foighide do bheith aguibh anns gach cruadháil do theangmhochuid díbh, agus doilghios mór do ghlacadh anois mar nach dearnabhair gach anacradh, tinneas is bochtaineacht d'ár chuir Dia orruibh go dtí so d'iompódh chum tairbhe agus chum búntáiste síorruídhe dábhur n-anam. Mar d'éisteabhair go ró-iomarcach le smuaintibh míodhóthchais agus go ndeárnabhair iad do chraobhsgaoileadh air measg an choitchianacht le gearáin do dhéanamh an aighidh bhur maighisdre mórchomhachtaidhe atá dábhur bhfáire is dábhur bhforcamás do ló is d'oidhche. Atá, a dtaobh gan cluas bhoghar do thabhairt do chomh- ráidhtibh mealltacha suaracha an tsaoghail a dtimpchioll bhur mío-áigh agus bochtaineacht bhur staide beatha. 153 Atá, mar nach raibh tuigsin aguibh mar ba dual annsna riaghal- achaibh oirdhearca úd an tsoibhsgéil. As beannaighthe na boicht do bhrígh gur leo bhainean ríoghacht flaitheamhnais. As beannaighthe an dram do fhulaingean géarleanamhna air an dtallamh agus dobhíon ag silleadh na ndeór do bhrígh go
dtabharfuighear sólás síorruídhe dóibh annsna flaithis. Air an adhbhar san, ó a Thiarna ró-mhillis, órduigh dhúinn do réir do thoile agus déan línn fá mar as maith leat. Bíodh ardcheannas is uachtaránacht ag an mallaightheóir air an bhfíréan. Déanadh é shatail fána chosaibh, agus tugthar an drochúsáid as mó le fagháil damh féin tar cách eile. Ní labhóraidh mé choidhche mar na hapsdail meata timeaglacha, ag rádh “tabhair cabhair dhúinn, ó mo Thiarna, atáimíd a mbaoghal ár mbáidhte”, acht dár gcaithiomh féin suas a lámh- aibh do thrócaire is do mhaithiosa doichríochnaighthe déar- faidh mé mar aon leis an bhfáidh in te Domine speravi, non confundar in aeternum; 'sé sin le rádh, as ionat atá mo dhóthchas agus ní meallfúighear go brách ann mo mhuinighin me, óir atáim deimhnightheach go rachaidh gach aon nídh chum tairbhe is sochar síorraidhe dham an fhaid agus biaidh mo dhóthchas go daingion buantseasmhaightheach ionnat. Mar sin is fíor nách bhfuil aen nídh annsan iompchar so Dé na n-uilechomhachta ag tabhairt bochtaineacht is anacradh don fhíréan d'fhéadfadh ar gcreidiomh do lagughadh ach deimhnighim díbh fós gur meódhan ró-neartmhar dhúin é chum ar gcreidiomh do chothughadh suas. BRIAN Ó CUÍV.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services