Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aindrias MacCruitin cct.
Title
Aindrias MacCruitin cct.
Author(s)
Mac Cruitín, Aindrias,
Compiler/Editor
Ó Floinn, Donnchadh
Composition Date
1721
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1953)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Don uasail fhior-chráifigh dárbh pearsa an leabhar so .i. Siobhán iníon tSéamais Mhic Conmara. A bhile gan bhéim is gléire shuidheas gach lá gloine ar gach taobh na gcraobh ór shínis tráth, in imeachtaibh Gael duit céile cuíbhe 'dir mhnáibh ní fheicim i bhféidhm ón Léim go taoibh na Má. Nárab miste do shéan nár chlaon do chroí go tláth ar ionmhas bréige an tsaoghail tím do ghrá, 's nach cuirir do spéis 'na léigean tríd do lá ach mar ritheas san maoth-mhuir braon don fhaoilinn bháin. Is tilte gach lae dod aol-bhrog aoibhinn árd do rithid fád dhéinse déarcaigh is daoir-dhonáin, 's gan d'fhriotal 'na mbéal ag téacht 's ag ímeacht dáibh ach: "Goirimse is glaeim 's go gcaomhna Críost Siobhán!" 'S ní miste gach séibe séite bhíos ar fán, ná 'n glogaire claon do thaoscas fíon 'na bhráid, ná trudaire tréith mar mé 's a bhraoif 'na láimh, mar rugadh d'fhuil Aodha na stéad-each síth Siobhán. 'S ós ciste don chléir nach téid tú choíche i dtrá, is go ndlithear don fhéile baochas Chríost 'na deáidh, ní thuigim dá réir, a shéagain shaoir-dhil sháimh, nach rithfidh do ré 's nach raeghaidh do mhaoin i mbáth. Gér duibhe ná an daol dom naomh-chairt dírge tráth, ní thuigim go bhféadfadh éan-fhear d'fhuíoll na ndámh imeachtaibh Bhréanainn naofa is aoibh-Sheanáin níos cliste ná léireas féin i scríbhinn bhláith. 'S ós duitse 's dod chéile théid a bhuí 's a bháidh 's nach d'fhile mar mé dó féin do thuíll a phá, gurab oirchill séin dod dhé-shliocht díleas 'fháil, 's fá choimircibh Éarlaimh aeird na hÍnse dáibh. Donnchadh Ó Floinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services