Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aindrias MacCruitin cct.

Title
Aindrias MacCruitin cct.
Author(s)
Mac Cruitín, Aindrias,
Compiler/Editor
Ó Floinn, Donnchadh
Composition Date
1721
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1953)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Don uasail fhior-chráifigh dárbh pearsa an leabhar so .i.
Siobhán iníon tSéamais Mhic Conmara.



A bhile gan bhéim is gléire shuidheas gach lá
gloine ar gach taobh na gcraobh ór shínis tráth,
in imeachtaibh Gael duit céile cuíbhe 'dir mhnáibh
ní fheicim i bhféidhm ón Léim go taoibh na Má.



Nárab miste do shéan nár chlaon do chroí go tláth
ar ionmhas bréige an tsaoghail tím do ghrá,
's nach cuirir do spéis 'na léigean tríd do lá
ach mar ritheas san maoth-mhuir braon don fhaoilinn bháin.



Is tilte gach lae dod aol-bhrog aoibhinn árd
do rithid fád dhéinse déarcaigh is daoir-dhonáin,
's gan d'fhriotal 'na mbéal ag téacht 's ag ímeacht dáibh
ach: "Goirimse is glaeim 's go gcaomhna Críost Siobhán!"



'S ní miste gach séibe séite bhíos ar fán,
ná 'n glogaire claon do thaoscas fíon 'na bhráid,
ná trudaire tréith mar mé 's a bhraoif 'na láimh,
mar rugadh d'fhuil Aodha na stéad-each síth Siobhán.



'S ós ciste don chléir nach téid tú choíche i dtrá,
is go ndlithear don fhéile baochas Chríost 'na deáidh,
ní thuigim dá réir, a shéagain shaoir-dhil sháimh,
nach rithfidh do ré 's nach raeghaidh do mhaoin i mbáth.



Gér duibhe ná an daol dom naomh-chairt dírge tráth,
ní thuigim go bhféadfadh éan-fhear d'fhuíoll na ndámh
imeachtaibh Bhréanainn naofa is aoibh-Sheanáin
níos cliste ná léireas féin i scríbhinn bhláith.



'S ós duitse 's dod chéile théid a bhuí 's a bháidh
's nach d'fhile mar mé dó féin do thuíll a phá,
gurab oirchill séin dod dhé-shliocht díleas 'fháil,
's fá choimircibh Éarlaimh aeird na hÍnse dáibh.



Donnchadh Ó Floinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services