Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Foghar-Script ó Chontae Chorcaighe
Title
Foghar-Script ó Chontae Chorcaighe
Compiler/Editor
Ó Floinn, Donnchadh
Composition Date
1806
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1947)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N IMN1947 79-90} {L 79} {B 1806c 19T} {G L} {U 0401} {C Prós} {M 8} Foghar-script ó Chontae Chorcaighe II 1. Is chuige do cruthaíodh sinn go léir chun réir Dé do dhéanamh sa tsaol so agus é shealbhú sa tsaol atá le teacht: creideann sibh go léir agus admhaíonn sibh an fhírinne seo. 'Sé freagra úr leanbh é nuair fiafraítear dhíobh cad chuige nur cruthaíodh iad agus nur cuireadh ar an saol iad. Níl go fiú na bpeacach is measa ná hadmhaíonn gurabé gnó is tábhacht- mhaire ag an nduine ina bheatha ríocht na bhflaitheas do shaothrú, agus, le sin do dhéanamh, aoibhneas marthanach do chur in áirithe dá anam múirneach do-mharaithe tar éis crích a bheith ar an saol so agus ar gach sólás dá bhfaghtar ann. 2. Anois ó táid Críostaithe go hiomlán ar aon fhocal sa phointe seo, cadé an fáth nur ró-fhánach duine ina measc do shaoth- raíonn le lán-dúthracht ríocht Dé, ná a leanann le dian-imníomh na slite atá fíor- ríochtanach chun a fála? 'Sé an fáth é, mar atá furmhór dhaoine an domhain tógtha suas le gnótha agus cúrain saolta, ag snámh i sólás, i saibhreas, nó i ngradam, nó teimhlithe ag sna peacaí do chleachtaid, ar chor go measaid gurab obair chruaidh mhí-thaitneamhach sár-dhuail réir an Tiarna do dhéanamh, agus, dá ngabhaidis orthu a déanamh, go loitfeadh a sult go fórlíonta agus go ndéanfadh sé cortha dá saol iad.
3. Agus an fíor go bhfuil réir Dé chomh dodhéanta san? Níl gan amhras, de bhrí go ndimhníonn Íosa Críost dúinn go bhfuil "a chuing suáilceach agus a ualach éadrom". Breithnímis láithreach an ní seo mar is ceart a bhreithniú: cuirimis dea-iompar agus droch-iompar i gcomóradh le chéile; agus féachaimis cé acu den bheirt is suairce beatha - an té a chomhlíonann go dúth- rachtach a bhfuil d'ualach air mar Chríostaí, nó an té a dhiúltaíonn réir Dé do dhéanamh, do thréigeann slí na maith-ghníomh, agus atá fé smacht ag a ainmhiana. Áiteoidh, do réir mar mheasaim, réiteach na ceiste seo dhíbh nách obair dhofhulangtha réir Dé, mar mheasaid mórán daoine a beith; agus, an diagacht roimh a bhfuil cradhscal acu, nách ní í chun faitís do chur orainn, ach ní ró-éifeachtúil chun taitnimh agus mian ar gcrathacha do tharraint. 4. Go dearfa, munarbh fhéidir duine d'áireamh ina dhea-Chríostaí nó ina sheir- bhíseach dílis do Dhia gan gach a bhfuil ina sheilbh, an uile ní ina gcuirtear suim ná spéis sa tsaol so - a bhean, a chlann, a chairde, a thigh, a thalamh, agus iomlán ba mhian leis a bheith aige - do thréigean chun gan comhluadar do bheith aige ach leis an Té a chruthaigh é amháin, agus a bheith ag guidhe chuige ó éirí go dul gréine fé; agus an chuid eile dá shaol do chaith- eamh in aithrí, i dtroscadh, agus in uaigneas - admhaím gurbh obair dhuail réir Dé, agus, dá mb'éigean a oiread úd de dhua a déanta d'fháil, gur mó de dhroch-mhis- neach ná d'fhonn do chuirfeadh sé ar dhuine cur chun a déanta. Agus ar a shon san, dá mbeadh sé fíor-ríochtanach ag duine an saothar úd go léir do ghabháil air chun a anama a shábháil, ba cheart dó a ghabháil le hais go lán-toilteanach seachas é chail- liuint; mar go mbíonn deireadh i gcomhnaí le hainnise shaolta, agus ná beidh deireadh go deo le pianta ifrinn.
5. Gidhea, glacaigí misneach, a dhear- tháracha! Ár dTiarna Dia, d'ordaíonn dúinn a réir do dhéanamh, tá fios ar lagachair aige; ní loirgeann sé agus ní iarrann orainn gabháil trí shár-shaothar mar siúd chun a aitheanta do chomhlíonadh. Is féidir a réir do dhéanamh in gach slí bheatha ná fuil peacúil inti féin, agus do rinneadar na mílte romhainn í go dúthrachtach, de gach cineál, in gach céim, gairm, agus slí ina rángaíodar. Leanadh mar sin gach n-aon den tslí bheatha ina bhfuil sé: bíodh imníoch ina ghnó; déanadh bainistí mhaith ar a fháltas; cuireadh a chlann i gcrích; taspánadh meas agus cumann dá chéile; coimeádach cuideachta dá charaid; comh- líonadh a bhfuil d'fhiachaibh air mar dhea- chomharsain; bíodh séimh, galánta ina iompar i measc chách; déanadh a bhfuil ríochtanach chun a shláinte do bhuanú agus chun suaircis do chur ar a aigne - níl so go léir bun os cionn le réir Dé. Ní choisceann Dia ach an t-aiteas do bhíonn in aghaidh sholais na céille do thug sé don duine. Aiteas agus anspás neamh-dhlitheach, siúd is go mbeidis lamhálta féin, ba cheart do dhuine a sheachaint, mar go mbíd i gcomh- naí díobhálach dá shláinte, do shuaimhneas a aigne, nó dá strus, agus go minic dhóibh go léir. 6. Ós mar seo atá an ní, má aistríonn duine ó dhroch-bhearta go diagacht, cadé an t-athrú do-chífear ann? Beidh sé níos imníhí i gcomhlíonadh gach a bhfuil d'ualach air ina shlí bheatha, beidh sé níos folláine ina dheighleail leis an uile dhuine, níos dea- aigeanta, níos ceannsa, níos so-choideartha muinteartha stuama measarga, agus níos geanmnaí ná bhí sé riamh. Feasta ní baol d'éinne é. Is fearr a fhocal anois mar gheall leis an bhfírinne ná a leabhar go dtí so. Má éiríonn an saol leis, beidh sé níos umhaile; má théann sé ina choinne, beidh sé níos foidhní. An aimsir do chaitheadh sé ag
beartú agus ag déanamh mí-ghníomh, caitheann sé anois í i mbunús agus i dtoir- bheart. 'Sé sin le rá, ó d'iompaigh ina dhea-Chríostaí, gurab ómósaí de mhac é, gur fearr d'athair clainne, de chéile, de dhuine mhuinteartha, agus de chomharsain é, agus gur tairbhí ar gach aon mhodh de bhall de phoiblíocht é. Táid a ghnótha agus a ghníomhartha níos dea-riartha, agus, in ionad maith-ghníomhartha a dhéanamh le lom-dhaonnacht shaolta mar a néadh, díríonn sé anois iad chun glóire Dé agus scéimhíonn le hór na ngrást iad, ar chor go naomhaíonn sé go fiú na nithe atá go laethúil de chúram air a dhéanamh leis an intinn diaga lena ndéineann iad, go gcuirid ar a aghaidh é i mbealach a leasa agus go bhfónaid dó chun a anama a shábháil. 7. An bhfuil aon ní anso do-bhéarfadh diomblas do dhuine ar dhiagacht? Cad tá ann lena measfaí go bhfuil réir Dé mí- thaitneamhachh ná do-fhulangtha? - B'fhéidir gur cruadhálach leat, a dhuine, oibleagáidí coiteanta do chreidimh? An n-áiríonn tú gur duail an obair t'urnaithe do rá ar maidin agus istoíche? Dar ndóigh, gan trácht ar an gcreideamh d'fhoillsigh Críost dúinn, taspánann ciall nádúrtha don duine go bhfuil sé d'fhiachaibh air adhradh, grá, agus buíochas do thabhairt don Té a chruthaigh é, do bhuanaíonn é, agus óna bhfuair sé gach maith dá bhfuil aige láithreach agus gach séan na bhfuil dóchas aige a shroisint go brách. Ní mheasann éinne de chéill ná de dhea-aigne gur cruadhálach an ní dhó meas a bheith ar a charaid, a bheith ómósach dá athair, dá mháthair, agus dá uachtaránaibh, onóir a thabhairt don drong do thuilleann an onóir, agus a bheith dílis don rí. Cadé an fáth mar sin na ndiúltódh duine comharthaí adhartha, grá, agus buíochais do thaspáint dá Thiarna Dia, Rí neimhe agus talún,
rogha na n-athar agus na gcarad? Cadé an fáth na mba lek leis guidhe go dúth- rachtach chuige ar maidin agus istoíche a ghrásta do roinnt leis sa bheatha so agus a ghlóire sa bheatha shíorraí? - 8. An n-áiríonn tú go bhfuil an aithne ró-chruadhálach do cheanglann ort aifreann d'éisteacht agus an tsaoire a choimeád? Dar ndóigh, ó thagann Íosa Críost gach lá dhíobh súd ó chúirt na bhflaitheas mar mhaithe leatsa amháin, ní foláir go bhfuileann tú dall ar a bhfónann dot anam má tá doic ort teacht chun fáiltiú roimhis, agus é siúd d'onórú do-bhéarfadh, b'fhéidir, breithiúnas ort sula bhfeicfeá aon Domh- nach eile. An Té a chum lá agus oíche, do-bheir solas don domhan, agus do bhreacaigh na spéartha le réaltanna, do bhí údarás fóirlionta aige aon lá amháin de gach seachtain do naomhú chun a sheirbhíse féin agus mar lá suaimhnis don drong iomadúil ar a mbíonn crua-obair. - 9. An gcuireann tú síos mar oibleagáid dhian a bheith d'fhiachaibh faoistin do dhéanamh id pheacaí? Cuimhnigh an uair a bhí taom throm thinnis ort nó géar- phian, cadé chomhlúcháireach do bheifeá a bheith scartha leo! cadé a mhéad de chaitheamh i ndiaidh sláinte do choirp do bhí agat! Agus an féidir ná beidh caitheamh i ndiaidh sláinte t'anama agat agus ná déanfaidh tú dícheall ar é shábháil ó dhamaint shíorraí? - An é an troscadh agus an tréanas d'or- daíonn an eaglais is cúis ghearáin agat? Muna bhfuileann tú i gcumas troiscthe a dhéanamh, ní cheanglann an eaglais ort é; agus má táir, cad é an fáth na ndiúltófá a dhéanamh ar son t'anama an tráth a néid na mílte go laethúil ar son a gcoirp é? Ní hé amháin ná caithid aon bhiadh do choiscid na dochtúirí orthu, ach sloigid na stuifeanna is déistiniúla d'ordaíd dóibh. -
10. Abair an é a bheith d'ualach na nithe seo do chomhlíonadh fé ndeara dhuit a mheas gur cuing throm cuing an chreid- imh? Ní féidir dhuit a mheas. Ach dá mb'fhéidir réir Dé agus an deamhain do dhéanamh in éineacht - dá lamháltaí do dhuine a bheith uaibhreach agus umhal, a bheith maifeach agus díoltach, naofa agus droch-ghníomhach - 'sé sin, dá mb'fhéidir solas agus dorchadas, flaith- iúnas agus ifreann do tháthú le chéile, ansan ní háireofaí go mbeidis oibleagáidí an chreidimh thar chumas an duine a chomhlíonadh. Ach mar nach féidir réir Dé do dhéanamh gan a bheith umhal, geanmnaí, measarga, agus gan na hain- mhiana do chlaoi, siné fé ndeara diomblas a bheith ar an gcreideamh; siné an fáth na meastar gurab ualach nach féidir a fhulang é. 11. Ach cadé an t-abhar na measfaí sin? Nár cheangladar na mílte do bhí ó nádúir chomh mór caitheamh i ndiaidh a suaimhnis agus sólásaibh an tsaoil agus atáimidne iad féin chun, ní hé amháin aitheanta an tsoiscéil, ach fós chun na comhairleacha atá ann do chomhlíonadh? Nár chleachtadar na mílte, óg agus aosta, d'fhir agus de mhnáibh, sna slite beatha ina rángaíodar, na suáilcí críostúla; agus ná fuaradar amach go mba é a séan agus a rath réir Dé do dhéanamh go buan- tseasamhach? Ní foláir mar sin ná fuil cuing an Tiarna chomh muiríonach is do meastar sa choiteantacht, de bhrí, an mhuintir d'iomprann í, go bhfuil sí éadrom orthu, agus ná gearánann éinne ar a troime ach an drong do dhiúltaíos í iompar. Chun a fháil amach an féidir réir cheann-urraid do dhéanamh nó nách féidir, ní foláir do dhuine féin a thástáil, nó a fhiafraí den té ag a bhfuil a fhios. Anois, na daoine go hiomlán do chaith a mbeatha go rialta, deimhníd dúinn ná fuil aon chomóradh ag an aiteas do faghtar i sásamh na
n-ainmhian leis an sólás do faghtar i ndéanamh réire Dé. 12. Ach ná fuil, cruadháil ar bith le fulang ag an muintir do chuireann suas do dhlí Chríost do leanúint, agus do thugann iad féin suas do dhéanamh droch-bheart? - nó tugaimis fé ndeara céacu is troime, an t-ualach do ghabhadar orthu nó an t-ualach do dhiúltaíodar d'iompar. Chun an cheist seo do réiteach, cuirimis daoine dea- bheathacha agus droch-bheathacha i gcomóradh le chéile, agus feicimis an lia de chruadhálaibh agus de mhí-chomhgair do bhíonn i mbeatha rialta ná i mbeatha mhí-rialta. 13. Agus ar dtúis cuirfimid i gcom- paráid le chéile duine measarga i ndigh agus duine iomarcach ólach. - Bíonn ciall an duine stuama gan mhear- bhall agus a cheann fionnuar. Dá réir sin, tá sé i gcumas a ghnótha a dhéanamh amuigh agus ag baile, ar mhargadh agus ar aonach,, go staidéartha agus go heagnaí, agus casadh abhaile go tráthúil agus go síochánta. Ní chuireann sé a mhuintir thí trí chéile ná a chomharsa in earraid leis. Sula dtéann sé chun codlata, féadann sé buíochas do bhreith le Dia ar son a ghrásta agus a thabharthaisí dhó ar feadh an lae agus ó tháinig sé ar an saol. - 14. Ach coimeádann an duine ólach cuideachta le drong daoine na mba cheart dó dian-chaitheamh i ndiaidh a bheith aige gan go fiú aithne phearsan do bheith acu air. Do-bheir sé faillíth ina ghnó. Cailleann sé a chiall. Bíonn sé ina fhinné, agus go minic páirteach, i ngáróid, i mionna móra, i bhfocalaibh agus in amhráin neamh- gheanmnaí, agus ní go fánach i mbruíonta agus i ndortadh fola. In éamais a chéille a chailliuint, cailleann sé a aimsir, a chuid airgid, a chlú, a shláinte, síocháin a aigne, agus grásta Dé. Agus de bhrí gur minic do thuit sé amach gur cailleadh fear óil
le tuitim dá chapall nó lena mhúchadh i ndíg, bíd a bhean agus a chlann fé bhuairt go dtagann sé abhaile; agus ní móide a suaimhneas é theacht: níl teora lena dhorraíocht agus lena mhadrúlacht thuatúil; ní féidir é stuanú ná shásamh. Fé dheireadh, tar éis deireadh a ghruamacht do scéachan, tar éis na mionn mór agus an úirlicthe, tuiteann a chodladh air; baintear a éadach dhe, agus caitear ar leabain é amhail beithígh, gan chumas buíochas do bhreith le Dia ná focal urnaithe a rá, gan cuimh- neamh ar bhás, ar bhreithiúnas, ar ifreann, ná ar fhlaithiúnas, chun gal a chraois agus a phótaireacht do scaipeadh le codladh. Anois fágaim fénúr mbreithiúnas - nách daor a cheannaigh sé aon aiteas dá bhfuair sé in ól na dí? Agus fiafraím dhíbh céacu den bheirt d'áiríos is fearr d'athair clainne, de chéile, de mhac, de chliamhain, nó de chomharsain; nó céacu dhíobh - gan trácht ar an saol atá le teacht is sáimhe agus is suaimhneasaí beatha sa tsaol atá láith- reach. - 15. Cuirimis anois i gcomóradh le chéile duine síochánta agus duine bruíonach. - Níl eagla ar an nduine síochánta ar aonach ná ar mhargadh, i mbaile mhór ná i dtuaith, go dteangmhóidh sé le námhaid. Ní dhéanann sé dochar ar bith ná díobháil d'éinne, agus leis sin níl námhaid ar bith aige. Tá sé i síocháin le Dia agus lena chomharsana go léir. Tá meas mór ag a chomhnámhaithe air agus fós ag daoine móra le feabhas a chlú. - 16. Gidhea, is contúrthach é cor fhir na bruíne ar aonach agus ar mhargadh mar gheall ar a liacht de dhaoine dá ndearna sé dochar ó uair go huair agus ar an ioma- dúlacht na n-áiríonn sé a bheith d'ualach air páirt do thógáil leo i gcás bruíne nua, de cheann mar chúnadarsan leis sna
bruíonta d'adhain sé féin. Ach nuair a rángós bruíon ar a láimh féin, tuigigí cad a bhfuighidh sé dhá dhua! cad a bhfuil de shlite aige le beartú agus de thathant le déanamh! cadé méad a imní, ag cur teachtairí ó bhaile go baile agus ó pharóiste go paróiste d'iarracht ar a ghaolta agus ar a charaid chun a gcruinnithe i gceann a chéile le haghaidh gnótha dhamanta, 'sé sin, fuil a gcomhchréatúirí do tharraint! 17. Aiteas do-gheibhid lucht bruíne in obair Íosa Críost do chur ar gcúl. Chun síochána do chur ar bun do tháinig an Slánaitheoir; agus 'sé for fhir na bruíne an t-imreas. Dá bhrí sin seachnaid daoine de chéill a chuideachta agus an uile chom- luadar leis. Tá a aigne ar fiuchadh le díoltas. Maireann sé ina námhaid ag Dia, de bhrí, ó dúirt Críost gur beannaithe lucht dhéanta na síochána, nách foláir gur drong mallaithe lucht a briste. - 18. Anois, ag cur duine gheanmnaí i gcomparáid le duine drúisiuil, is ró-thait- neamhach í cáil dhuine acu agus is gráiniuil í cáil an dara duine. Múchann an duine geanmnaí gach droch-smaoineamh d'éiríonn ina aigne; iompaíonn a shúile ón uile ní do bhrostódh chun peaca é; 'sé a mhór- imníomh mairiuint i neamh-chiontacht béasa agus lonnú sa ghlaine chroí atá taitneamhach i láthair Dé agus daoine, agus nur ag tagairt do adúirt Críost gur "beannaithe iad lucht an chroí ghlain, mar do-chífid siad Dia." - 19. Bun os cionn leis seo, sloigeann an duine neamh-gheanmnaí an drúis ina shúile; scéann sé í lena theangain dhialmhar; agus, mar is uirthi a bhíonn sé ag marana de ghnáth, in éamais a dhroch-ghníomh- artha, bíonn sé ciontach i suim gan áireamh de smaointe damanta. Meallann sé an bhean óg dhealbh agus an díleachtaí gan mháthair: tarraingeann iad chun droch-
bheart do stiúrós go hifreann iad; agus, in éamais a chortha féin, bíonn sé freagarthach i láthair Dé ina bpeacaí siúd go léir. Tá nimh ar a fhocal, tá a anál foghlach, agus sladann sé anamnacha na muintire do thaithíos a chuideachta. Bíonn sé ina bhun le héad agus le himreas idir lánúna pósta, agus tarraingeann iad féin agus a gclann chun mí-ádha agus ainnise. Ach tar éis a bheith á únfairt féin i ndríb an pheaca, a bheith á stracadh ag cnuimh a chogúis; tar éis mórán mallachtaí do thuilleamh agus deora do tharraint; tar éis réir an diail do ghnáth-dhéanamh ar feadh a shaoil - téann sé fé dheireadh ó thine na drúise do bhí ar síor-lasadh ina chroí go tine ifrinn ná múchfar go deo. 20. Óna ndúradh ag déanamh comparáide suáilce agus duáilce le chéile, measaim, a dheartháracha, go dtugúir úr mbreithiúnas ar shuaimhneas aigne agus ar shéan na muintire do mhaireann go rialta, agus ar chor anacrach na ndaoine do thugann iad féin ar dhroch-bhearta; agus go bhfuiltí deimhneach gur mó de chruadháil d'fhulaingid siad ag leanúint a ndroch- chleachttha agus faoi sclábhaíocht a n-ainmhiana ná a gheibhid dea-Chríostaithe i gcomhlíonadh dlí Dé. "Saothraigí, mar sin, ríocht Dé thar an uile ní," agus ná tugaigí ar aon ghnó eile na nithe atá ríoch- tanach chun í shroisint. 21. Níl gnó ar domhan is fearr ná dícheall do dhéanamh ar shonas síorraí do shroisint. Déarfaid, gan amhras, saoltánaigh - ná faghann aiteas ar bith ach i ngnótha agus i gcaitheamh aimsire saolta - le duine nurabé a mhór-imníomh flaitheas Dé do shaothrú, do ghlacas go minic an Naomh- Shácraimin, do chuireann dúil in uaigneas agus in urnaithe: "Cad is mian leis? Cad is gá dhó an duadh go léir do ghabhann sé air? Cad fé ndeara é bheith chomh leithleach is atá sé?" - an tráth is mó go
mór d'ionadh ná tugaid iomlán na gCríostaithe iad féin ar réir Dé do dhéanamh, ó tá a fhios acu gur gearr é a gcairt ar an saol agus nách fios dóibh cathain do bheidh deireadh léi, ó tá a fhios acu go bhfuil an bás scannrúil d'ídeos iad ag druidim leo an uile lá, ó tá fios daoirse an bhreithiúnais do bhéarfas Dia, na bhfuil fios an uile ní aige, ar dhroch-dhaoine, agus an difir uathásach atá idir phríosún ifrinn agus sólás síorraí fhlaithiúnais. 22. Ca! ná fuilid pláinéidí an aeir ag déanamh toile an Ard-Uachtaráin, agus ag síor-ghluaiseacht cruinn díreach sna slite do roinn sé dhóibh? "Craobhscaoilid na flaitheasa," deir an fháidh, "glóire an Té a chum iad, agus taspáinid na spéartha an obair a rinn sé>. Ná fuilid beithigh na mbánta, éanlaithe an aeir, agus éisc an duíogáin ag gnáth-leanúint na gcúrsaí do cheap Dia dhóibh? Agus cadé an cúram is cirte, is onóraí, agus is tairbhí do chréatúir tuigseanach do bheith aige ná moladh agus adradh a thabhairt agus friothálamh dílis do dhéanamh ar Thiarna na cruinne? 23. Faid atá an talamh ar a seasúin is é ag tabhairt lóin dá gcomhnaíonn air; faid atá an ghrian, an ghealach, réalta, agus pláinéidí ag scéachaint a solais ar an ndomhan; faid atá an uile ní eile fé smacht agus fé riail an Té a chruthaigh iad - cadé an fáth na mbeadh an duine rogha a bhfuil le feiscint d'oibreacha Dé sa tsaol so, agus cnú dhíoghrais an Tiarna, ag déanamh starráin agus toirmisc i lár na dea-staula so? Cad é an fáth, neach ar ar dealbhadh cosúlacht Dé, do deargadh le Fuil Íosa, do bheathaítear lena shácraiminí, do near- taítear lena ghrásta, agus do cuireadh, an lá a rugadh é, ar chúram agus fé chumhdach aingil - gurab é siúd amháin neach atá earráideach in aghaidh an Té a chruthaigh é, agus ag cur i gcoinne a ard-riarú san? Cad fé ndeara dhó a bheith chomh mór
san ar baois nách é amháin nách sochar, ach gur dochar agus díobháil dó, Críost do chéasadh ar a shon? Cadé an fáth na dtarcaisneodh sé grásta Dé, go dtogh- fadh sé an deamhan mar mháistir, agus na raghadh sé i ndiaidh a chinn go hifreann in ionad an tséin síorraí dár ceapadh é do shaothrú dhó féin? 24. Ná cuirigí mar sin, a dheartháracha, spéis ar bith i ráite ná i mbarúlacha saol- tánach, ach "saothraigí - mar a threasaím oraibh arís - ríocht Dé thar an uile ní," chun go mbeadh sibh fé lúcháir inti nuair a imeoidh an saol so agus gach a bhfuil taitneamhach ann gan tuairisc. DONNCHADH Ó FLOINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services