Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Foghar-Script ó Chontae Chorcaighe

Title
Foghar-Script ó Chontae Chorcaighe
Compiler/Editor
Ó Floinn, Donnchadh
Composition Date
1806
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1947)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Foghar-script ó Chontae Chorcaighe II



1. Is chuige do cruthaíodh sinn go léir
chun réir Dé do dhéanamh sa tsaol so
agus é shealbhú sa tsaol atá le teacht:
creideann sibh go léir agus admhaíonn
sibh an fhírinne seo. 'Sé freagra úr leanbh
é nuair fiafraítear dhíobh cad chuige nur
cruthaíodh iad agus nur cuireadh ar an
saol iad. Níl go fiú na bpeacach is measa
ná hadmhaíonn gurabé gnó is tábhacht-
mhaire ag an nduine ina bheatha ríocht
na bhflaitheas do shaothrú, agus, le sin do
dhéanamh, aoibhneas marthanach do chur
in áirithe dá anam múirneach do-mharaithe
tar éis crích a bheith ar an saol so agus
ar gach sólás dá bhfaghtar ann.



2. Anois ó táid Críostaithe go hiomlán
ar aon fhocal sa phointe seo, cadé an fáth
nur ró-fhánach duine ina measc do shaoth-
raíonn le lán-dúthracht ríocht Dé, ná a
leanann le dian-imníomh na slite atá fíor-
ríochtanach chun a fála? 'Sé an fáth é,
mar atá furmhór dhaoine an domhain
tógtha suas le gnótha agus cúrain saolta,
ag snámh i sólás, i saibhreas, nó i ngradam,
nó teimhlithe ag sna peacaí do chleachtaid,
ar chor go measaid gurab obair chruaidh
mhí-thaitneamhach sár-dhuail réir an
Tiarna do dhéanamh, agus, dá ngabhaidis
orthu a déanamh, go loitfeadh a sult go
fórlíonta agus go ndéanfadh sé cortha dá
saol iad.


L. 80


3. Agus an fíor go bhfuil réir Dé chomh
dodhéanta san? Níl gan amhras, de bhrí
go ndimhníonn Íosa Críost dúinn go bhfuil
"a chuing suáilceach agus a ualach éadrom".



Breithnímis láithreach an ní seo mar is
ceart a bhreithniú: cuirimis dea-iompar agus
droch-iompar i gcomóradh le chéile; agus
féachaimis cé acu den bheirt is suairce
beatha - an té a chomhlíonann go dúth-
rachtach a bhfuil d'ualach air mar Chríostaí,
nó an té a dhiúltaíonn réir Dé do dhéanamh,
do thréigeann slí na maith-ghníomh, agus
atá fé smacht ag a ainmhiana. Áiteoidh,
do réir mar mheasaim, réiteach na ceiste
seo dhíbh nách obair dhofhulangtha réir
Dé, mar mheasaid mórán daoine a beith;
agus, an diagacht roimh a bhfuil cradhscal
acu, nách ní í chun faitís do chur orainn,
ach ní ró-éifeachtúil chun taitnimh agus
mian ar gcrathacha do tharraint.



4. Go dearfa, munarbh fhéidir duine
d'áireamh ina dhea-Chríostaí nó ina sheir-
bhíseach dílis do Dhia gan gach a bhfuil
ina sheilbh, an uile ní ina gcuirtear suim
ná spéis sa tsaol so - a bhean, a chlann, a
chairde, a thigh, a thalamh, agus iomlán
ba mhian leis a bheith aige - do thréigean
chun gan comhluadar do bheith aige ach
leis an Té a chruthaigh é amháin, agus a
bheith ag guidhe chuige ó éirí go dul gréine
fé; agus an chuid eile dá shaol do chaith-
eamh in aithrí, i dtroscadh, agus in uaigneas
- admhaím gurbh obair dhuail réir Dé,
agus, dá mb'éigean a oiread úd de dhua
a déanta d'fháil, gur mó de dhroch-mhis-
neach ná d'fhonn do chuirfeadh sé ar dhuine
cur chun a déanta. Agus ar a shon san,
dá mbeadh sé fíor-ríochtanach ag duine
an saothar úd go léir do ghabháil air chun
a anama a shábháil, ba cheart dó a ghabháil
le hais go lán-toilteanach seachas é chail-
liuint; mar go mbíonn deireadh i gcomhnaí
le hainnise shaolta, agus ná beidh deireadh
go deo le pianta ifrinn.


L. 81


5. Gidhea, glacaigí misneach, a dhear-
tháracha! Ár dTiarna Dia, d'ordaíonn
dúinn a réir do dhéanamh, tá fios ar lagachair
aige; ní loirgeann sé agus ní iarrann orainn
gabháil trí shár-shaothar mar siúd chun
a aitheanta do chomhlíonadh. Is féidir a
réir do dhéanamh in gach slí bheatha ná
fuil peacúil inti féin, agus do rinneadar na
mílte romhainn í go dúthrachtach, de gach
cineál, in gach céim, gairm, agus slí ina
rángaíodar. Leanadh mar sin gach n-aon
den tslí bheatha ina bhfuil sé: bíodh
imníoch ina ghnó; déanadh bainistí mhaith
ar a fháltas; cuireadh a chlann i gcrích;
taspánadh meas agus cumann dá chéile;
coimeádach cuideachta dá charaid; comh-
líonadh a bhfuil d'fhiachaibh air mar dhea-
chomharsain; bíodh séimh, galánta ina
iompar i measc chách; déanadh a bhfuil
ríochtanach chun a shláinte do bhuanú agus
chun suaircis do chur ar a aigne - níl so
go léir bun os cionn le réir Dé. Ní choisceann
Dia ach an t-aiteas do bhíonn in aghaidh
sholais na céille do thug sé don duine.
Aiteas agus anspás neamh-dhlitheach, siúd
is go mbeidis lamhálta féin, ba cheart do
dhuine a sheachaint, mar go mbíd i gcomh-
naí díobhálach dá shláinte, do shuaimhneas
a aigne, nó dá strus, agus go minic dhóibh
go léir.



6. Ós mar seo atá an ní, má aistríonn
duine ó dhroch-bhearta go diagacht, cadé
an t-athrú do-chífear ann? Beidh sé níos
imníhí i gcomhlíonadh gach a bhfuil d'ualach
air ina shlí bheatha, beidh sé níos folláine
ina dheighleail leis an uile dhuine, níos dea-
aigeanta, níos ceannsa, níos so-choideartha
muinteartha stuama measarga, agus níos
geanmnaí ná bhí sé riamh. Feasta ní baol
d'éinne é. Is fearr a fhocal anois mar gheall
leis an bhfírinne ná a leabhar go dtí so.
Má éiríonn an saol leis, beidh sé níos umhaile;
má théann sé ina choinne, beidh sé níos
foidhní. An aimsir do chaitheadh sé ag


L. 82


beartú agus ag déanamh mí-ghníomh,
caitheann sé anois í i mbunús agus i dtoir-
bheart. 'Sé sin le rá, ó d'iompaigh ina
dhea-Chríostaí, gurab ómósaí de mhac é,
gur fearr d'athair clainne, de chéile, de
dhuine mhuinteartha, agus de chomharsain
é, agus gur tairbhí ar gach aon mhodh de
bhall de phoiblíocht é. Táid a ghnótha
agus a ghníomhartha níos dea-riartha, agus,
in ionad maith-ghníomhartha a dhéanamh
le lom-dhaonnacht shaolta mar a néadh,
díríonn sé anois iad chun glóire Dé agus
scéimhíonn le hór na ngrást iad, ar chor
go naomhaíonn sé go fiú na nithe atá go
laethúil de chúram air a dhéanamh leis an
intinn diaga lena ndéineann iad, go gcuirid
ar a aghaidh é i mbealach a leasa agus
go bhfónaid dó chun a anama a shábháil.



7. An bhfuil aon ní anso do-bhéarfadh
diomblas do dhuine ar dhiagacht? Cad tá
ann lena measfaí go bhfuil réir Dé mí-
thaitneamhachh ná do-fhulangtha? -



B'fhéidir gur cruadhálach leat, a dhuine,
oibleagáidí coiteanta do chreidimh? An
n-áiríonn tú gur duail an obair t'urnaithe
do rá ar maidin agus istoíche? Dar ndóigh,
gan trácht ar an gcreideamh d'fhoillsigh
Críost dúinn, taspánann ciall nádúrtha
don duine go bhfuil sé d'fhiachaibh air
adhradh, grá, agus buíochas do thabhairt
don Té a chruthaigh é, do bhuanaíonn é,
agus óna bhfuair sé gach maith dá bhfuil
aige láithreach agus gach séan na bhfuil
dóchas aige a shroisint go brách. Ní
mheasann éinne de chéill ná de dhea-aigne
gur cruadhálach an ní dhó meas a bheith
ar a charaid, a bheith ómósach dá athair,
dá mháthair, agus dá uachtaránaibh, onóir
a thabhairt don drong do thuilleann an
onóir, agus a bheith dílis don rí. Cadé an
fáth mar sin na ndiúltódh duine comharthaí
adhartha, grá, agus buíochais do thaspáint
dá Thiarna Dia, Rí neimhe agus talún,


L. 83


rogha na n-athar agus na gcarad? Cadé
an fáth na mba lek leis guidhe go dúth-
rachtach chuige ar maidin agus istoíche
a ghrásta do roinnt leis sa bheatha so agus
a ghlóire sa bheatha shíorraí? -



8. An n-áiríonn tú go bhfuil an aithne
ró-chruadhálach do cheanglann ort aifreann
d'éisteacht agus an tsaoire a choimeád?
Dar ndóigh, ó thagann Íosa Críost gach lá
dhíobh súd ó chúirt na bhflaitheas mar
mhaithe leatsa amháin, ní foláir go bhfuileann
tú dall ar a bhfónann dot anam má tá
doic ort teacht chun fáiltiú roimhis, agus
é siúd d'onórú do-bhéarfadh, b'fhéidir,
breithiúnas ort sula bhfeicfeá aon Domh-
nach eile. An Té a chum lá agus oíche,
do-bheir solas don domhan, agus do
bhreacaigh na spéartha le réaltanna, do
bhí údarás fóirlionta aige aon lá amháin
de gach seachtain do naomhú chun a
sheirbhíse féin agus mar lá suaimhnis don
drong iomadúil ar a mbíonn crua-obair. -



9. An gcuireann tú síos mar oibleagáid
dhian a bheith d'fhiachaibh faoistin do
dhéanamh id pheacaí? Cuimhnigh an uair
a bhí taom throm thinnis ort nó géar-
phian, cadé chomhlúcháireach do bheifeá
a bheith scartha leo! cadé a mhéad de
chaitheamh i ndiaidh sláinte do choirp do
bhí agat! Agus an féidir ná beidh caitheamh
i ndiaidh sláinte t'anama agat agus ná
déanfaidh tú dícheall ar é shábháil ó
dhamaint shíorraí? -



An é an troscadh agus an tréanas d'or-
daíonn an eaglais is cúis ghearáin agat?
Muna bhfuileann tú i gcumas troiscthe a
dhéanamh, ní cheanglann an eaglais ort
é; agus má táir, cad é an fáth na ndiúltófá
a dhéanamh ar son t'anama an tráth a
néid na mílte go laethúil ar son a gcoirp
é? Ní hé amháin ná caithid aon bhiadh
do choiscid na dochtúirí orthu, ach sloigid
na stuifeanna is déistiniúla d'ordaíd dóibh. -


L. 84


10. Abair an é a bheith d'ualach na
nithe seo do chomhlíonadh fé ndeara dhuit
a mheas gur cuing throm cuing an chreid-
imh? Ní féidir dhuit a mheas. Ach dá
mb'fhéidir réir Dé agus an deamhain do
dhéanamh in éineacht - dá lamháltaí do
dhuine a bheith uaibhreach agus umhal,
a bheith maifeach agus díoltach, naofa
agus droch-ghníomhach - 'sé sin, dá
mb'fhéidir solas agus dorchadas, flaith-
iúnas agus ifreann do tháthú le chéile,
ansan ní háireofaí go mbeidis oibleagáidí
an chreidimh thar chumas an duine a
chomhlíonadh. Ach mar nach féidir réir
Dé do dhéanamh gan a bheith umhal,
geanmnaí, measarga, agus gan na hain-
mhiana do chlaoi, siné fé ndeara diomblas
a bheith ar an gcreideamh; siné an fáth
na meastar gurab ualach nach féidir a
fhulang é.



11. Ach cadé an t-abhar na measfaí
sin? Nár cheangladar na mílte do bhí ó
nádúir chomh mór caitheamh i ndiaidh a
suaimhnis agus sólásaibh an tsaoil agus
atáimidne iad féin chun, ní hé amháin
aitheanta an tsoiscéil, ach fós chun na
comhairleacha atá ann do chomhlíonadh?
Nár chleachtadar na mílte, óg agus aosta,
d'fhir agus de mhnáibh, sna slite beatha
ina rángaíodar, na suáilcí críostúla; agus ná
fuaradar amach go mba é a séan agus a
rath réir Dé do dhéanamh go buan-
tseasamhach? Ní foláir mar sin ná fuil
cuing an Tiarna chomh muiríonach is do
meastar sa choiteantacht, de bhrí, an
mhuintir d'iomprann í, go bhfuil sí éadrom
orthu, agus ná gearánann éinne ar a troime
ach an drong do dhiúltaíos í iompar. Chun
a fháil amach an féidir réir cheann-urraid
do dhéanamh nó nách féidir, ní foláir do
dhuine féin a thástáil, nó a fhiafraí den
té ag a bhfuil a fhios. Anois, na daoine
go hiomlán do chaith a mbeatha go rialta,
deimhníd dúinn ná fuil aon chomóradh
ag an aiteas do faghtar i sásamh na


L. 85


n-ainmhian leis an sólás do faghtar i
ndéanamh réire Dé.



12. Ach ná fuil, cruadháil ar bith le
fulang ag an muintir do chuireann suas do
dhlí Chríost do leanúint, agus do thugann
iad féin suas do dhéanamh droch-bheart? -
nó tugaimis fé ndeara céacu is troime, an
t-ualach do ghabhadar orthu nó an t-ualach
do dhiúltaíodar d'iompar. Chun an cheist
seo do réiteach, cuirimis daoine dea-
bheathacha agus droch-bheathacha i
gcomóradh le chéile, agus feicimis an lia
de chruadhálaibh agus de mhí-chomhgair
do bhíonn i mbeatha rialta ná i mbeatha
mhí-rialta.



13. Agus ar dtúis cuirfimid i gcom-
paráid le chéile duine measarga i ndigh
agus duine iomarcach ólach. -



Bíonn ciall an duine stuama gan mhear-
bhall agus a cheann fionnuar. Dá réir
sin, tá sé i gcumas a ghnótha a dhéanamh
amuigh agus ag baile, ar mhargadh agus
ar aonach,, go staidéartha agus go heagnaí,
agus casadh abhaile go tráthúil agus go
síochánta. Ní chuireann sé a mhuintir thí
trí chéile ná a chomharsa in earraid leis. Sula
dtéann sé chun codlata, féadann sé buíochas
do bhreith le Dia ar son a ghrásta agus a
thabharthaisí dhó ar feadh an lae agus ó
tháinig sé ar an saol. -



14. Ach coimeádann an duine ólach
cuideachta le drong daoine na mba cheart
dó dian-chaitheamh i ndiaidh a bheith
aige gan go fiú aithne phearsan do bheith
acu air. Do-bheir sé faillíth ina ghnó.
Cailleann sé a chiall. Bíonn sé ina fhinné,
agus go minic páirteach, i ngáróid, i mionna
móra, i bhfocalaibh agus in amhráin neamh-
gheanmnaí, agus ní go fánach i mbruíonta
agus i ndortadh fola. In éamais a chéille
a chailliuint, cailleann sé a aimsir, a chuid
airgid, a chlú, a shláinte, síocháin a aigne,
agus grásta Dé. Agus de bhrí gur minic
do thuit sé amach gur cailleadh fear óil


L. 86


le tuitim dá chapall nó lena mhúchadh i
ndíg, bíd a bhean agus a chlann fé bhuairt
go dtagann sé abhaile; agus ní móide a
suaimhneas é theacht: níl teora lena
dhorraíocht agus lena mhadrúlacht thuatúil;
ní féidir é stuanú ná shásamh. Fé dheireadh,
tar éis deireadh a ghruamacht do scéachan,
tar éis na mionn mór agus an úirlicthe,
tuiteann a chodladh air; baintear a éadach
dhe, agus caitear ar leabain é amhail
beithígh, gan chumas buíochas do bhreith
le Dia ná focal urnaithe a rá, gan cuimh-
neamh ar bhás, ar bhreithiúnas, ar ifreann,
ná ar fhlaithiúnas, chun gal a chraois agus
a phótaireacht do scaipeadh le codladh.



Anois fágaim fénúr mbreithiúnas - nách
daor a cheannaigh sé aon aiteas dá bhfuair
sé in ól na dí? Agus fiafraím dhíbh céacu
den bheirt d'áiríos is fearr d'athair clainne,
de chéile, de mhac, de chliamhain, nó de
chomharsain; nó céacu dhíobh - gan trácht
ar an saol atá le teacht is sáimhe agus
is suaimhneasaí beatha sa tsaol atá láith-
reach. -



15. Cuirimis anois i gcomóradh le chéile
duine síochánta agus duine bruíonach. -



Níl eagla ar an nduine síochánta ar
aonach ná ar mhargadh, i mbaile mhór
ná i dtuaith, go dteangmhóidh sé le námhaid.
Ní dhéanann sé dochar ar bith ná díobháil
d'éinne, agus leis sin níl námhaid ar bith
aige. Tá sé i síocháin le Dia agus lena
chomharsana go léir. Tá meas mór ag a
chomhnámhaithe air agus fós ag daoine
móra le feabhas a chlú. -



16. Gidhea, is contúrthach é cor fhir na
bruíne ar aonach agus ar mhargadh mar
gheall ar a liacht de dhaoine dá ndearna
sé dochar ó uair go huair agus ar an ioma-
dúlacht na n-áiríonn sé a bheith d'ualach
air páirt do thógáil leo i gcás bruíne nua,
de cheann mar chúnadarsan leis sna


L. 87


bruíonta d'adhain sé féin. Ach nuair a
rángós bruíon ar a láimh féin, tuigigí cad
a bhfuighidh sé dhá dhua! cad a bhfuil
de shlite aige le beartú agus de thathant
le déanamh! cadé méad a imní, ag cur
teachtairí ó bhaile go baile agus ó pharóiste
go paróiste d'iarracht ar a ghaolta agus
ar a charaid chun a gcruinnithe i gceann a
chéile le haghaidh gnótha dhamanta, 'sé
sin, fuil a gcomhchréatúirí do tharraint!



17. Aiteas do-gheibhid lucht bruíne in
obair Íosa Críost do chur ar gcúl. Chun
síochána do chur ar bun do tháinig an
Slánaitheoir; agus 'sé for fhir na bruíne
an t-imreas. Dá bhrí sin seachnaid daoine
de chéill a chuideachta agus an uile chom-
luadar leis. Tá a aigne ar fiuchadh le díoltas.
Maireann sé ina námhaid ag Dia, de bhrí,
ó dúirt Críost gur beannaithe lucht dhéanta
na síochána, nách foláir gur drong mallaithe
lucht a briste. -



18. Anois, ag cur duine gheanmnaí i
gcomparáid le duine drúisiuil, is ró-thait-
neamhach í cáil dhuine acu agus is gráiniuil
í cáil an dara duine. Múchann an duine
geanmnaí gach droch-smaoineamh d'éiríonn
ina aigne; iompaíonn a shúile ón uile ní
do bhrostódh chun peaca é; 'sé a mhór-
imníomh mairiuint i neamh-chiontacht béasa
agus lonnú sa ghlaine chroí atá taitneamhach
i láthair Dé agus daoine, agus nur ag tagairt
do adúirt Críost gur "beannaithe iad lucht
an chroí ghlain, mar do-chífid siad Dia." -



19. Bun os cionn leis seo, sloigeann an
duine neamh-gheanmnaí an drúis ina shúile;
scéann sé í lena theangain dhialmhar;
agus, mar is uirthi a bhíonn sé ag marana
de ghnáth, in éamais a dhroch-ghníomh-
artha, bíonn sé ciontach i suim gan áireamh
de smaointe damanta. Meallann sé an
bhean óg dhealbh agus an díleachtaí gan
mháthair: tarraingeann iad chun droch-


L. 88


bheart do stiúrós go hifreann iad; agus, in
éamais a chortha féin, bíonn sé freagarthach
i láthair Dé ina bpeacaí siúd go léir. Tá
nimh ar a fhocal, tá a anál foghlach, agus
sladann sé anamnacha na muintire do
thaithíos a chuideachta. Bíonn sé ina bhun
le héad agus le himreas idir lánúna pósta,
agus tarraingeann iad féin agus a gclann
chun mí-ádha agus ainnise. Ach tar éis a
bheith á únfairt féin i ndríb an pheaca,
a bheith á stracadh ag cnuimh a chogúis;
tar éis mórán mallachtaí do thuilleamh
agus deora do tharraint; tar éis réir an
diail do ghnáth-dhéanamh ar feadh a shaoil
- téann sé fé dheireadh ó thine na drúise
do bhí ar síor-lasadh ina chroí go tine
ifrinn ná múchfar go deo.



20. Óna ndúradh ag déanamh comparáide
suáilce agus duáilce le chéile, measaim, a
dheartháracha, go dtugúir úr mbreithiúnas
ar shuaimhneas aigne agus ar shéan na
muintire do mhaireann go rialta, agus ar
chor anacrach na ndaoine do thugann iad
féin ar dhroch-bhearta; agus go bhfuiltí
deimhneach gur mó de chruadháil
d'fhulaingid siad ag leanúint a ndroch-
chleachttha agus faoi sclábhaíocht a
n-ainmhiana ná a gheibhid dea-Chríostaithe
i gcomhlíonadh dlí Dé. "Saothraigí, mar
sin, ríocht Dé thar an uile ní," agus ná
tugaigí ar aon ghnó eile na nithe atá ríoch-
tanach chun í shroisint.



21. Níl gnó ar domhan is fearr ná dícheall
do dhéanamh ar shonas síorraí do shroisint.
Déarfaid, gan amhras, saoltánaigh - ná
faghann aiteas ar bith ach i ngnótha agus
i gcaitheamh aimsire saolta - le duine
nurabé a mhór-imníomh flaitheas Dé do
shaothrú, do ghlacas go minic an Naomh-
Shácraimin, do chuireann dúil in uaigneas
agus in urnaithe: "Cad is mian leis? Cad
is gá dhó an duadh go léir do ghabhann
sé air? Cad fé ndeara é bheith chomh
leithleach is atá sé?" - an tráth is mó go


L. 89


mór d'ionadh ná tugaid iomlán na
gCríostaithe iad féin ar réir Dé do dhéanamh,
ó tá a fhios acu gur gearr é a gcairt ar an
saol agus nách fios dóibh cathain do bheidh
deireadh léi, ó tá a fhios acu go bhfuil an
bás scannrúil d'ídeos iad ag druidim leo
an uile lá, ó tá fios daoirse an bhreithiúnais
do bhéarfas Dia, na bhfuil fios an uile ní
aige, ar dhroch-dhaoine, agus an difir
uathásach atá idir phríosún ifrinn agus
sólás síorraí fhlaithiúnais.



22. Ca! ná fuilid pláinéidí an aeir ag
déanamh toile an Ard-Uachtaráin, agus ag
síor-ghluaiseacht cruinn díreach sna slite
do roinn sé dhóibh? "Craobhscaoilid na
flaitheasa," deir an fháidh, "glóire an Té
a chum iad, agus taspáinid na spéartha
an obair a rinn sé<?>. Ná fuilid beithigh na
mbánta, éanlaithe an aeir, agus éisc an
duíogáin ag gnáth-leanúint na gcúrsaí do
cheap Dia dhóibh? Agus cadé an cúram
is cirte, is onóraí, agus is tairbhí do chréatúir
tuigseanach do bheith aige ná moladh agus
adradh a thabhairt agus friothálamh dílis
do dhéanamh ar Thiarna na cruinne?



23. Faid atá an talamh ar a seasúin
is é ag tabhairt lóin dá gcomhnaíonn air;
faid atá an ghrian, an ghealach, réalta,
agus pláinéidí ag scéachaint a solais ar an
ndomhan; faid atá an uile ní eile fé smacht
agus fé riail an Té a chruthaigh iad - cadé
an fáth na mbeadh an duine rogha a bhfuil
le feiscint d'oibreacha Dé sa tsaol so, agus
cnú dhíoghrais an Tiarna, ag déanamh
starráin agus toirmisc i lár na dea-staula
so? Cad é an fáth, neach ar ar dealbhadh
cosúlacht Dé, do deargadh le Fuil Íosa,
do bheathaítear lena shácraiminí, do near-
taítear lena ghrásta, agus do cuireadh, an
lá a rugadh é, ar chúram agus fé chumhdach
aingil - gurab é siúd amháin neach atá
earráideach in aghaidh an Té a chruthaigh
é, agus ag cur i gcoinne a ard-riarú san?
Cad fé ndeara dhó a bheith chomh mór


L. 90


san ar baois nách é amháin nách sochar,
ach gur dochar agus díobháil dó, Críost
do chéasadh ar a shon? Cadé an fáth
na dtarcaisneodh sé grásta Dé, go dtogh-
fadh sé an deamhan mar mháistir, agus na
raghadh sé i ndiaidh a chinn go hifreann
in ionad an tséin síorraí dár ceapadh é
do shaothrú dhó féin?



24. Ná cuirigí mar sin, a dheartháracha,
spéis ar bith i ráite ná i mbarúlacha saol-
tánach, ach "saothraigí - mar a threasaím
oraibh arís - ríocht Dé thar an uile ní,"
chun go mbeadh sibh fé lúcháir inti nuair
a imeoidh an saol so agus gach a bhfuil
taitneamhach ann gan tuairisc.



DONNCHADH Ó FLOINN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services