Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Foghar-Script ó Chontae Chorcaighe, c. 1806
Title
Foghar-Script ó Chontae Chorcaighe, c. 1806
Compiler/Editor
Ó Floinn, Donnchadh
Composition Date
1806
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1946)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N IMN1946 60-74} {L 60} {B 1806c 19T} {G L} {U 0401} {C Prós} {M 8} 1. Mar gach slí eile dá bhfuil sa tsaol so, táid a bhuntáistí, a chontúirtí, agus a oibleagáidí féin ag roinnt leis an bpósadh. Is cosúil é le incholnadh ár Slánaitheora, lenar ghaibh pearsa Mhic Dé colann daonna. Is cosúil é le ceangal Chríost leis an Eaglais, nur gheall sé bheith ina fochair go deireadh an domhain. Le gach sochar do bhain leis an bpósadh ó thúis an domhain, chun lánúna do chur i gcumas (d'ainneoin an uile chruadháil do thiocfadh ina slí) an sonas úd do shroisiuint atá d'fhiachaibh orainn go léir do shaothrú, do chuir ár Slánaitheoir ard-mhaise air. Cionnas? Tá, leis an bpósadh - ná raibh riamh go dtí san ach ina chonnradh nádúrtha d'ardú chun gairm sacraimin, agus aon desna sruthaibh speisialta do dhéanamh de lena dtíolaicthear a ghrásta féin. 2. Ó'n uair a cuireadh an pósadh in ard-chéim sacraimine, cuireann sé i gcumas na lánún grá bheith dá chéile cosúlach leis an gcumann do bhí ag Críost don Eaglais do chuir sé ar bun; agus comhairlíonn an tAspal Naomh Pól dóibh Eph. 5 caib. an cumann so bheith dá chéile. Cuireann sé i gcumas dóibh a gclann do thabhairt suas in eagla agus i ngrá Dé, gach cruadháil do
bhaineann leo d'iompar go foidhneach, agus a bheith dílis dá chéile go bás. 3. Is mór na cabhraibh, na pribhléidí. agus na grásta iad so. Ach chun a bhfálta, tá sé riachtanach ag an lánúin sacraimin an phósta do ghlacadh le ullmhú ceart; agus chuige sin, ní foláir dhóibh a bheith saor ó gach peaca marbh agus ó gach toirmeasc nó bárthan do bhrisfeadh an pósadh nó a dhéanfadh neamh-dhlitheach é; agus chun a bheith saor ó pheaca marfach ba cheart dóibh faoistin do dhéanamh agus comaoine do ghlacadh suim laethanna roimh an bpósadh. Tá sé ceangailte orthu sacraimin an phósta do ghlacadh le caondúthrarht, le hómós spioradálta, agus le hintinn dhiong- bhálta aitheanta Dé agus na hEaglaise do chomhlíonadh. 4. Ach fóríor dúch! Cad é a laghad, a dhianlaghad, do ghlacann an sacraimin seo leis na coinníll riachtanacha! Níl agó ná gur ró-fhánach iad. Cad é an fáth nurbh fhánach? An tráth, in ionad an ghnótha do chur i gcomhairle Dé, ná spéis a chur an bhfuil sé taitneamhach ina láthair nó ná fuil, gur tairbhe shaolta nó ainmhiana is bun-abhar aige. 5. Deirim ainmhiana, de bhrí gur minic ná bíonn duine leath chomh haireach i dtoghadh mná agus do bheadh sé i gceannach beithígh. I gceannach capaill, ní bheidh sé sásta le deallramh maith a bheith air, ach iniúchfaidh sé go mion agus go dlúth é. chun a fhios do bheith aige an bhfuilid aon chuid desna lochtaí ann is gnáthach ina amhlachas de bheithíoch: fiafraíonn sé go
aireach cad iad a ghníomhaíocht nó a dhea-cháilíochta; agus, tar éis an léir- scrúdadh so go léir, ní foláir leis urra d'fháil sula ndíola sé an t-airgead ná a nglaca sé ina sheilbh é. Ach ag toghadh céile dhó
féin, is leor ar uairibh gearr-chaidreamh, scéimh pearsan, nó sásamh a ainmhiana atá le fada á chlaoi, chun é bhrodú rogha a dhéanamh de mhnaoi; agus dá bhrí seo, is minic, an té úd do bhí intleachtúil aireach i gceannach beithígh, go ndéanann sé go dall agus go dithneasach an gnó is bunúsaí agus is mó a iarras d'imní do bhí roimhe sin fós ar a láimh. Mar is é an gnó saolta é nur mó atá de chontúirt meallta air, agus, má mealltar é, is lú na bhfuil de leigheas aige ar an ndroch-chor do thug sé dhó féin. 6. I ndéanamh cleamhnais, níl puinn le feicsint ach mealltóireacht, cam, agus breith buntáiste; an taobh is fearr de gach ní á iompó amach; na lochtaí agus na lagachair go léir á gceilt go
imníoch ar gach taobh, agus fós na dea-cháilíochta atá bun os cionn leo á dtaspánadh: ar chor, an t-ógánach na bhfuil dúil in ól, i mbruín, nó i mionna móra aige, atá droch-ghnóthach nó drúisiuil, ar eagla go bhfuighfí amach go rabhadar na droch-dhéataí seo ann agus go mbeadh col agus domlas ag an dtaobh eile air, deineann sé a dhícheall chun a chur ina luí orthu go bhfuil sé measarga, síochánta, neamh-earráideach, geanmnaí, dea-ghnóth- ach. Ar an ócáid gcéanna, an óig-bhean atá neamodhail, díomhaoin, uallach, nimh- neach, ceanndána, ligeann sí uirthi bheith modhail, gasta, umhal, séimh, so-chomhair- leach. As san do thagann gur machtíre a fuair duine in ionad caorach, agus, in ionad céile do chuirfeadh compord air i gcúrsa a shaoil, gur ceangladh le namhaid aon-tí é do chuirfeas síor-bhuaireamh aigne air; agus ní fós is measa ná san, ní bhfaghann sé amach é go mbíonn sé ró-dhéanach agus ná bíonn fáth leighiste air. Óir, tar éis pósta agus aontís dlitheach, dá n-iompaíodh an fear amach ina bhithiúnach, nó go dtréigh- feadh sé a bhean, nó an bhean ólach, adhall- tranach, nó coitean, ná lamháltar dhó san bean eile a phósadh, ná dhise fear. 7. Is céillí, aireach mar sin nách foláir
do dhuine a bheith i ngnó nách féidir a ghairm thar ais tar éis a dhéanta. Agus ar a shon san, téighid na mílte i mbun a dhéanta agus críochnaíd é gan a mheabhradh mar ba cheart. Is cosúil duine óg ar a bhfuil eibear chun pósta le féileacán ag eitilt timpeall coinnle ar lasadh: is ró-thait- neamhach leis an solas nó go ndruideann sé ró-ghairid dó, go ndóghann a sciathánaibh, agus go dtuiteann ar lár. An duine óg, tréna ainmhiana ná fuil sásta le bheith mar tá, measann ná fuil idir é agus séan ach a bheith pósta. Lán de dhithneas chun an tséin seo do shroisiuint, níl fulang aige, agus fós is fuafar leis comhairle a mhuintire nó a charad i leith go dtoirmiscid ar a fháil é. Ag diúltú dhó do gach comhairle, fé ghiollacht a an-tréine féin agus fóirnirt a ainmhiana, cuireann sé cuibhreach air féin ar feadh a shaoil agus do minic contúirt a bheith ainnis go bráth: mar is dearfa gur ar phósadh ábhrach nó mí-ábhrach do bhíonn sonas nó mí-ádh dhuine sa tsaol so, agus ina dhiaidh so cad a thuiteann amach? Insan idirluas lena ndearnthas an gnó, níor fanadh lena thabhairt fé ndeara an rabhadar cothrom in aois in imeacht, ná i meon. I suim aimsire do-gheibhid an lánú amach nách dá chéile a cheap Dia iad. Táid go hiomlán chomh mí-chosúlach sin le chéile i slí, in iompar agus in aigne, gur follas ná réiteoid in aontíos le chéile. - Cad é an ní eile ba dhual a theacht de chleamhnas do cuireadh ar aghaidh, ó thúis go deireadh, gan toil Dé do lorg, gan cuireadh a thabhairt d'Íosa Críost go dtí an pósadh, nár glacadh sacraimin mar ullmhú chuige chun go mbeadh an lánú ar staid na ngrást - nó má glacadh é, nách leis na coinníollaibh riach- tnacha é, agus dá bhrí sin, in ionad beannachta gur tharraing sé mallacht orthu. 8. Is ró iontach í daille Chríostaithe, ag tagairt don tsacraimin seo. Níl éinne, atá súil agam, láithreach nur ghnaoi leis agus ná lochtódh go fórlíonta an té a ghlacfadh
sacraimin Fola agus Feola Chríost agus a fhios aige le linn a ghlacaithe go raibh sé fé ualach mhór 'throm-choirthibh. Cad é an fáth mar sin ná cloiseann éinne (duine) ag tabhairt milleain ar dhuine eile 'cheann sacraimin an phósta do ghlacadh ar droch- staid, cé go ndamnann sé é féin agus go maslaíonn sé sacraimin mar an nduine thuas? Ní hé amháin ná bíonn aon scrupall orthu 'cheann sacraimin an phósta do ghlacadh go mí-fhiúntach, ach ní deall- raíthear orthu go n-áiríd go ndearnadar coir mhór 'cheann san do dhéanamh. - Dá bhrí seo, an mhuintir do cheapann a síocháin do dhéanamh le Dia, tosnú ar bheatha nua a chaitheamh - a mbeatha do chaitheamh feasta go rialta agus go hatuirseach ar son a ndroch-bheart - agus, chun an ghnótha so do chur i gcrích, do ghabhann orthu faoistin a mbeatha do dhéanamh, is ró- fhánach duine dhíobh do chiontaíonn é féin i maslú shacraimin an phósta. 9. Ach le breithiúnas do thabhairt ar an gcás do réir mar chímid, is féidir a rá go dearfa, fé aon lánú amháin dá bhfaghann ar an staid chóir é, go nglacaid céad lánú ar a mhalairt é. Déantar togha an aireachais an spré a chur in áirithe, ach ní déantar aon dícheall chun maslú an tsacraimin do sheachaint. Nuair a cuirtear an pósadh ar ath-lá, is le cúis éigin shaolta do-néitear é, nó 'cheann ná fuil gach ní ullamh chun a dhéanta; ach ní cuirtear ar ath-lá go bráth é d'fhonn aimsire a thabhairt don lánúin iad féin d'ullmhú chun an sacraimin do ghlacadh mar ba chóir. Cé go n-ordaíonn an Eaglais aifreann d'éisteacht fá phéin peaca mhóir, fanann an bhean nua-phósta uaidh an Domhnach roimh agus i ndiaidh a pósta; agus ní théigheann an lánú chun faoistin ach beagán nóimintí sul a bpóstar iad, tráth ina bhfuilid tógtha suas le nithe ná leofainnse d'aithris anso, agus a gcrath- acha ar gach modh neamh-ullamh chun grásta an Spioraid Naoimh do ghabháil. Níl agó ar bith ná gurab é an tarcaisne so do-bheirid do shacraimin do chuir Críost ar
bun lena n-aghaidh féin fé leith, is abhar agus cúis phrionnsapálta ag mórán dá gcrosa ar feadh a saoil. Luath nó mall taspáinid mórán acu lena ndroch-iompar ná fuaradar na grásta d'fhónfadh dóibh i gcaitheamh a saoil chun a bheith sonaí fé chuing an phósta. Tosnaíd ar dtúis ar a bheith patfhuar neamh-shuimiuil ina chéile; uaidh so a thagann neamh-chion, searús, mí-cháta, asachán, tarcaisne, agus fuath do bhriseann amach fé dheireadh in eadarghuidheanna agus ngráin oscailte, agus ar uairibh in éad fána scaraid ó chéile agus na dtugaid don phoiblíocht ná goilleann a gcás orthu - mar is ró-bheag a ghoilleann ar fhormhór na ndaoine, le huireasa grá dá gcomharsain - caoi medirála agus suilt, cúis maoite dá namhaid, cúis dóláis dá gcaraid, cúis cumha agus dochair dá gclainn - ar a dtuiteann de ghnáth a gcion den tubaist do thagann ó dhroch-iompar na lánún mhí-fhortúnaigh óna dtángadar. Agus cad is dóigh libh is féidir a mheas do phóstaí mí-ábhracha mar iad so ach gurab é an t-áirseoir do thionn- scail iad, do chuir ar a n-aghaidh iad, agus, ós cleamhnaisibh dá dhéantús féin iad, gur baolach go dtarraingeoidh sé na lánúna chun droch-chríche mar é féin? 10. Do-bheir an scríbhinn diaga sampla uafásach dhúinn ar chleamhnaisí de dhéan- tús an áirseora. Seo mar haithristear é: An tan do ghabh Salmanazar rí na Assyria lucht chomhnaithe Israel go dtí a thír féin, do bhí i measc na bpríosúnach duine darbh ainm Tiobóid. Do chaill sé a radharc, do thuit sé chun bochtanacht, agus, ar smaoineamh dó go mba ghearr uaidh an bás, do ghlaoidh sé ar a mhac, darbh ainm Tiobóid mar an gcéanna, agus dúirt leis: "A mhic ó, nuair ná rabhaisse ach ró-óg, do thugassa suim airgid ar iasacht do dhuine darab ainm Gabélus do chomh- naíonn i Ragos: tá a bhann a agam leis. Breic le dul ann agus an t-airgead d'fháil
uaidh. Agus mar ná fuil eolas na slí agat, loirg duine éigin macánta do stiúrós tú." d'imigh sé amach, agus do theagmhaigh ógánach leis adúirt go mb'eolach dó an té na raibh an t-airgead ag a athair air, agus go raibh fios na slí aige go dtí a thigh. Do tháinig sé in aonacht leis go tigh a athar, agus do réitigh leis chun a thíolaicthe. - Aingeal badh ea é seo i gcló ógánaigh, agus fé shlí dhóibh dúirt sé le Tiobóid óg: "Tá duine gaolmhar dhuit nách fada uainn darab ainm Raguél, agus níl de chlainn aige ach aon iníon amháin darab ainm Sára, agus do réir dhlí Mhaois is duitse ba cheart í fháil mar mhnaoi. Dá réir sin iarr ar a hathair í agus do-bhéarfaidh duit í." "Do chuala," arsa Tiobóid, "gur pósadh cheana í le mórsheisear fear i ndiaidh a chéile do fuair bás, agus dá éamais sin do chuala gurab ainspioraid do mhairbh iad. Dá bhrí sin dob eaglach liom go mbainfeadh an ní céanna dhom féin, agus ó táid mo mhuintir i dtaobh liom, go gcuirfeadh iomad cumha fá mise a chailliuint go luath don úir iad." "Éist liomsa," arsa an t-aingeal, "agus inneosaidh mé dhuit cé hiad na fir na mbíonn comhachta ag an ainspioraid ortha: fir a phósann gan smaoineamh ar bith ar Dhia, ach chun a n-ainmhiana féin do shásamh, ar nós na mbeithíoch allta." - 11. Tugaigí go cruinn fé ndeara cad é an fáth na raibh comhachta ag an ainspioraid ar an mórsheisear fear do pósadh leis an óg-mhnaoi úd, agus féachaigí, do réir ráite an aingil, formhór a bpósann de dhaoine anois, céaca fé ghiollacht Dé do bhíd nó fé chumas an áirseora; céaca chun réir Dé do dhéanamh níos imníhí feasta arís, nó chun a n-ainmhiana do shásamh. Fóríor! dá mbeadh radharc ar a gcrathacha agus ar a n-intinn, is ró-bheag d'eagla agus is lú ná san de ghrá Dé do chífí iontu. Agus dá bhfágtaí ar chumas an deamhain iad mar fágadh na fir a pósadh leis an mnaoi úd, ní fánach a cloisfí go bhfuaradh lánú marbh
an mhaidean tar éis a bpósta; agus cé go gcumhdaíonn Dia iad ón íde fhollasach scannrúil seo, is diomách fós é a gcor, de bhrí, in éamais a ndroch-bhearta eile, go nglacaid sacraimin an phósta go mí fhiún- tach, ní ná dearnadar mórsheisear fear na mná úd. 12. Má éistúir go haireach lena ndúradh, do-chífidh sibh go soiléir, cé go bhfuilid a bheannachtaí agus a shocharaibh féin sa phósadh, go bhfuilid contúirtí ag roinnt leis. Go dearfa, chun radhairc comhnaitheach do choimeád ar an ngnó mór chun ar cuir- eadh ar an saol sinn, tré gach docúl do bhaineann le pósadh, do theastódh ón lánúin buantseasmhacht rialta, cóimhreamh mór cráifeacht, agus gnáth-chúram ina n-anamnacha a shábháil ná feictear ach go fánach in éinne. Ní fánach é an toir- measc, nuair is gá bheith saothrach gan bheith sanntach, mórán le díol agus le ceannach gan chalaois, cúram anama agus cuirp clainne, imní i gcéile, údarás gan ró-dhéine, forairí gan bheith amhraisteach, macnas gan bhladar, ansacht gan bheith éadmhar, agus na hainmhiana is tréine, ar an ócáid is do-rianta iad, le coimeád ar (an) dtaobh istigh de rialacha an chreidimh is naofa agus is déine dlí. Is iomdha meáchaint trom insa cheann tsaolta den mheidh seo, agus is trialta an fear nó an bhean ná ligfidh don cheann eile den mheidh éirí, agus gan aon ní chun a coimeáta síos ach mór-imní dhuine ina anam a shábháil. Is cróga é creideamh na lánún do bhuaifeas ar na mór-dhocúlaibh seo agus do dhéanfas réir an Tiarna, d'ainneoin a mbeidh orthu, leis an saor-intinn do chomh- airlíos an tAspal I Cor.: Is gearr í, ar sé, ár n-aimsir: ná cuireadh an pósadh de mhursantacht orthu fé shlí, ach mar a bheidís gan pósadh ar aon chor.
13. Ag tagairt dosna
oibleagáidí (na dualgais) do bhaineann leis an bpósadh, tá cuid acu le tabhairt fé ndeara sul a ndéantar é, agus cuid le linn a dhéanta. Níl agó ná go mb'fhéidir do mhnaoi mhallaithe a bheith ina cúis damanta ag a fear, nó d'fhear chuiripe ina chúis damanta ag a mhnaoi, an tráth a sábhálfaí iad dá mbeidís pósta ag a malairt. Tá sé ró- riachtanach mar sin ag an muintir nur mian leo pósadh, céile oiriúnach do thoghadh dhóibh féin, de bhrí gur ar an rogha thóg- faid siad do sheasaíonn a suaimhneas sa tsaol so agus a sonas sa tsíorraíocht. Ní foláir dhóibh a meon, a n-aois, a ngairm, a gcreideamh, a gcáil, agus a dtreabhchas do bhreithniú. Deirim a dtreabhchas, mar atáid mórán daoine do thagann ó dhroch-threibh ar a dtugann an scríbhinn diaga "Préamh na ndroch-bheart," atá lochtach ó dhúchas agus chomh anrianta ó ghlúin go glúin gur ró-fhánach a chítear go fiú éinne amháin de dhea-iompar ina measc. Bíd cuid acu drúisiuil ólach; cuid bruíonach collóideach; cuid duairc do-riartha; cuid gan chreideamh gan chogús; cuid tugtha do mhionna móra nó do bhradaíl; cuid éadmhar ó dhúchas etc.; agus is mór é mí-ádh an fhir nó na mná do cheanglann le drong olc ó phréimh. 14. Tar éis an té atá ar thí pósta gach dícheall oiriúnach do dhéanamh chun céile cothrom do thoghadh, is é a ghnó sacraimin an phósta do ghlacadh mar is cóir; de bhrí gan san ná faghann sé na grásta do gheobhadh sé lena ghlacadh mar ba dhual. Chuige seo, ní foláir dhó faoistin a dhéanamh suim laethanna roimh ré, droch-smaointe do bheas ag lingeadh air do chosc, agus gan smiollagar ar bith do dhéanamh leis an mnaoi atá aige le pósadh. Ní féidir dhó a mheas gur cruadháil ar domhan san do chosc air. Óir, ó choisceann dlí (na) nádúra an fear, dá dhrúisiúla é, ó bhaint lena mháthair nó lena dheirfír dá áille iad, cad
é an ní ná déanfaidh grásta Dé do neartaigh na mílte chun an uile ghné báis d'fhulang chun a n-anama a shábháil? 15. Gan stad na ndéantar an pósadh, tá sé d'ualach ar an lánúin a bheith dílis dá chéile go bás. Mar is coir den ghné is measa briseadh cuinge pósta, atá éagórach ar an bpáirtí neamh-chiontach, do thar- raingeas mórán imris, atá droch-shamplach díobhálach don phoiblíocht, nách féidir go minic an dochar a thagann de do chneasú, agus lena dtuilleann an té bhíonn ciontach ann tine ifrinn de bhrí go ndeir an Spioraid Naomh ná sealbhóid lucht an adhalltranais Ríocht na bhflaitheas. 16. Is é dara ní atá d'oibleagáid ar an lánúin phósta, grá a bheith dá chéile. Tá so chomh riachtanach chun a séin ná déan- faidh óige ná scéimh, saibhreas ná ard- fholaíocht a ionad. Le fíor-chion ar a chéile, na mbeidh grásta Dé ina bhun, do bheadh an lánú i séan i mbothán bhocht: gan é, do bheidís donaí i gcúirt. Imreas do-ní dochar dhóibh féin agus dá gclainn, agus nuair a hathnuachtar é go minic le spochaireacht (le fala) ar gach taobh, tagann gach olc uaidh d'fhéadfadh an dial a ghuidhe dhóibh, is é sin, ifreann ina mbeatha agus tar éis a mbáis. Siúd is ná beadh aon Dia ann chun díoltais do dhéanamh, ná aon tsaol i ndiaidh an tsaoil seo, is follasach gur fearr an tsíocháin ná an t-imreas: agus is fusa go mór do lánúin a bheith cneasta le chéile ó thúis, ná a bheith fé riachtanas gach briseadh cumainn do shlánú; de bhrí, nuair a bearntar é, gur minic a fairsingítear an bhearna thar mar a ceapadh ná a síleadh. Mar ó aon aighneas amháin tagaid mórán eile do sheasaíonn ar feadh a saoil. 17. Dí gach imris imreas lánún, imreas croí-bhriste. Má tá tuitim amach agat le duine ná fuil in aontíos leat, ní bheidh tú comhnaitheach i mí-shuaimhneas; ní fheic-
fidh tú é ach go fánach, agus le diúltiú dá chomhluadar is annamha a chífir é agus is lúide do bhuaireamh. Gidhea, nuair a bhíonn lánú phósta in earraid le chéile, níl caoi ar so do dhéanamh: ní foláir dhóibh a bheith i bhfochair a chéile; agus dá réir tá eascara dhuine, agus an té is fuafar leis, ina láthair de ló is d'oíche. Coimeádann so ar díth suaimhnis é, cuireann dorchadas agus duairceas aigne air do-néann cortha dá shaol é, ná fágann spéis ina chreideamh aige, ná dúil i ngnó ná i dtoirbheart aige. Is é a thigh a ifreann; mar is deimhneach, pé ionad ina gcomhnaíonn an t-imreas, go gcomhnaíonn an dial ann, údar an imris agus an éithigh. 18. Chun mí-ádh chomhloititheach ar úr séan saolta agus síorraí do sheachaint, achraím ar gach n-aon agaibh atá ceaptha chun pósta na nithe atá agam le rá do bhreithniú go haireach. Nuair a póstar lánú lena lán-toil féin, is dual go mbeid ceanúil ar a chéile sealad aimsire, agus go ligfid friotal a rúin le chéile gan cheileatrom. Faid (a) sheasóidh an cion so acu ar a chéile, ba cheart d'fhear agus do mhnaoi phósta úsáid do dhéanamh den chaoi nua-fhabhrach so chun meoin agus aigne a chéile do bhrath agus do mheabhradh. Má gheibheann an bhean amach gur deallramhach a meon le chéile, is mór an compord di é. Gidhea, má thugann sí fé ndeara ná fuil an chosúlacht san eatortha, agus gur mian léi aigne shuaimhneasach do bheith aici san aimsir atá le teacht, ní foláir dhi a hiompar féin do rialú gan mhoill dá réir. 19. Nuair a chífidh sí go bhfuilid gnótha áirithe, ná tugtar faillíth go deo ina ndéan- amh ná go mbíonn fearg mhór agus mí- shásamh ar a fear, déanadh na nithe sin ar dtúis, cé go mbeidís gnótha eile níos riachtanasaí ná iad le déanamh. - Nuair a bheidh sé ag caint, ná tógadh sí suas an
comhrá, 'cheann fios an scéil a bheith aici níos fearr ná aige sin. - Ná tugadh sí asachán ná aighneas dó, má bhíonn sé ar digh, i bhfeirg, ná fé dhólás. - Bíodh sí imníoch ina chuid bídh agus éadaigh, agus déanadh sí breis imní dhe gach tráth a bheidh sé breoite. - Saothraíodh sí lena tionnscal féin pinginní do bheas ag teastáil sa tigh, chun ná cuirfeadh sí buaireamh air lena bheith de ghnáth á n-iarradh air, agus glaotaí níos géire aige le freagairt. - Ná téigheadh sí ag fiosradh a carad ach le riachtanas, agus ná fanadh sí i bhfad amuigh, agus tugadh sí i gcomhnaí rogha do chuideachtanas a compánaigh. - In aon fhocal, áitíodh sí dhó lena gnáth-iompar ná fuil aon ghnó saolta is mó atá ar a haire ná cúram do dhéanamh dá phearsain, dá shláinte, dá shéan, agus de shíocháin a aigne. Agus muna duine den droch-threibh úd é do choimeádann - le duairceas, le dorraíocht, le nimhneacht agus canncar aigne, le cáin- seorthacht, le hiompar madrúil mí-chuíosach - a muintir thighe i gcritheagla chomh- naitheach, agus do-néann amhail ifrinn dá dtigh, ní theipfidh sí a ghean do tharraint uirthi, de bhrí nách féidir dhó gan an síor- imní atá aici ann d'fheicsint. Taspáin cion do ghadhar agus bí cineálta leis, agus beidh sé ceanúil ort agus luacháireach romhat, agus leanfaidh sé tú roimh éinne eile dá mbeidh sa tigh; agus dar ndóigh ní foláir gur droch-dhuine an fear nó tarraingeoidh a gnáth-mhacnas a chion. 20. Má rángaíonn conspóid ná tuitim amach idir lánúin, tré chinniuint, tré fheirg, nó aon chúis eile, réitídís an t-imreas sul a dtéighe grian fé. Abradh an fear nó an bhean: "Do scaramair le daoine an domhain, le hathair, le máthair, agus le caraid, chun mairiúna i bhfochair a chéile ar feadh ár saoil. Tusa is ionad athar, máthar, céile, carad, agus cumhdathóra agamsa; agus cad é an fáth na gcoimeádfaimis a chéile i
mbuaireamh? Cá bhfuighfear searc agus cumann ar talamh muna mbeid idir lánúin phósta? Táid na mílte ar fuaid an domhain, agus bídís saibhir nó bocht, dea-shláinteach nó dhroc-shláinteach, faghaidís bás nó éiridís, ní raghaidh mo shéansa ar aghaidh ná ar gcúl. Ach níl dul agam ó bheith páirteach it ádhsa nó id mhí-ádh. Tiomán- aimis uainn mar sin an uile chasaoid, agus déanaimis d'aon iarracht síocháin le chéile do sheasós ar feadh ár saoil, mar ghrá d'Íosa Críost do tháinig ó neamh chun síochána agus ansacht do chur ar bun idir dhaoine an domhain." 21. Dúirt duine sa scríbhinn diaga Ecclus. 25 caib.: Táid trí nithe do chuir- eann aiteas ar m'anam agus atá taitneamh- ach i láthair Dé agus daoine, is é sin, grá idir dheartháracha, síocháin idir chomhar- sain, agus lánú phósta d'aon toil agus d'aon aigne. - Scaoil téad chun na snáth- acha dá ndearnthas í, agus brisfidh tú go héascaidh fé leith iad; faid a bheid casta ar a chéile ní fhéadfair é. Scaoil an cumann agus an greann ba chóir a bheith idir lánúin phósta, agus táid siad ar caoi na ndroch- dhaoine do bheadh ar thí a ndíobhála. An té eatortha súd is amarcaí do ghlacfadh an bhean, agus is mó do ligfeadh air trua a bheith dhi i leith a cumhdaithe, is é ba dhóichí a milleadh. 22. Oibleagáid dhéanach lánún pósta ar ar mian liom trácht, lena gclainn do bhaineann sí. Más áil leo a leaba phósta a bheith gan teimheal, agus a n-anam a shábháil, nuair a dhéanfaidh seilbh sásamh ní foláir dhóibh béasa dialmhara neamh- ghlana do sheachaint ná leofainnse a n-ainmniú ná a n-áireamh annso. D'ainneoin dóibh a bheith dealbh muiríneach, (níl sé lamhálta) acu gabháil bun os cionn le cloinn ná gein do ruagadh; agus is ró-mhór go háirithe do pheacaíonn an bhean do scarann le gein roimh a
ionbhaidh, le
tógáil ualaí móra, le hobair ró-dhuail, le hiomad siúlóide, le rinnce, ná le dian- tsaothar ar bith. 23. Thar éis bheirthe an linbh ní foláir a chur á bhaisteadh go tráthúil; mar dá n-imíodh sé gan baiste, do bheidis a athair agus a mháthair freagarthach ann i láthair Dé. - Do réir mar chríonnóidh an leanbh, ní foláir breis cúraim do dhéanamh de. Tá sé d'fhiachaibh ar an lánúin a gclann d'aistriú óna leabain féin go ró-luath, agus na fireannaigh agus na buineannaigh do dheighilt ó chéile. - Tá sé ceangailte orthu a mbuachaill nó a gcailín aimsire do chosc ó mhionna móra, ó mhonabar, agus ó fhocail bharbraithe, mar is deimhneach go loitfidis a gclann. - Ní foláir dhóibh aith- eanta a gcreidimh do mhúineadh, nó a gcur á múineadh, dhóibh, agus a chur d'fhiachaibh orthu a gcleachtadh ó thúis a n-óige. - Ba cheart dóibh trí dhea-nós do mhúineadh dhóibh agus do chur go dain- gean ina n-aigeanta, do chuirfeas ó mhórán clampair agus toirmisc iad i gcaitheamh a mbeatha, is é sin, aigne shíochánta neamh- dhíoltasach, an fhírinne d'innsint i ngach ní bíodh sé suimiuil nó suarach, agus a bheith caoin, dea-rúin, agus saor ó shuain- seán. 24. Ó is iad aithreacha agus máithreacha cumhdathóirí, maoir, scáthánaibh, agus mar adéarfainn déithe clainne i dtosach a saoil, seachnaidís aon droch-shampla do thabhairt dóibh; mar atá a sampla chomh neartmhar san go leanaid an chlann de ghnáth é. Má sheasaíonn tú ina bhfianaise is iad ag súgradh le chéile, chífidh tú an t-athair insa duine clainne: breithnóidh tú ann dorr- aíocht, droch-aigne, mionna móra, droch- ráite etc. an athar. Ó, dá mbeadh sé lamh- álta agamsa na peacaí gráiniúla do-néid an chlann de dheasca droch-shampla, neamh- chaoithiúlacht, beithíochúlacht, agus fail-
líthe a muintire ina staúil leabtha, d'aithris anso, déarfadh sibh go caoin, ag tagairt dá gclainn, an ní adúirt ár Slánaitheoir i dtaobh an aspail mhí-fhortúnaigh do dhíol go fealltúil é, is é sin, go mb'fhearra dhóibh ná béarfaí riamh iad, agus ag tagairt dosna droch-aithreacha agus máithreacha, go mb'fhearra dhóibh gan gein tsleachta a bheith acu. De bhrí, má dhaorann an uile dhuine, agus go gcuirtear chun báis do réir dhlí na ríochta, an té mharaíos a dhuine clainne, cad é an ní nách baol don té is cúis damanta aige? Muna ndéanaid a muintir béasa a gclainne do rialú, níl sé i gcumas na hEaglaise a dtabhairt thar n-ais: tá síol na ndroch-bheart curtha iontu sul a dtugtar ina láthair iad; téigheann an aicíd chun gadhscail sul a nglaotar ar an liaigh. 25. Tar éis socharaibh, contúirtí, agus oibleagáidí an phósta d'áireamh daoibh, agus a thaspáint daoibh gur ar a gcomh- líonadh so go dúthrachtach do sheasaíonn úr séan saolta agus síorraí, achraím oraibh úr n-urnaithe do chur le díoghrais chun Athar na huile thrócaire grásta a thabhairt daoibh chun grá a bheith dá chéile, mairiuint agus bás d'fháil i síocháin le chéile, úr gclann do thabhairt suas in eagla agus i ngrá Dé - chun, ó táthaoi féin agus iad súd in aontíos le chéile sa tsaol so, go mbeadh sibh in aontíos leo i dtigh an Dé úd na gcaifeam go léir, pósta agus gan phósadh, dul go luath ina láthair chun a bheith i sólás nó in anacra as san amach go deo. AGUISÍN Táid comhairleacha áirithe ná fuil ainm- nithe sa chomhrá thuas, le tabhairt do lánúin i gcathaoir na faoistine, atá ró- riachtanach dóibh i gcaitheamh a saoil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services