1. Mar gach slí eile dá bhfuil sa tsaol so,
táid a bhuntáistí, a chontúirtí, agus a
oibleagáidí féin ag roinnt leis an bpósadh.
Is cosúil é le incholnadh ár Slánaitheora,
lenar ghaibh pearsa Mhic Dé colann daonna.
Is cosúil é le ceangal Chríost leis an Eaglais,
nur gheall sé bheith ina fochair go deireadh
an domhain. Le gach sochar do bhain leis
an bpósadh ó thúis an domhain, chun
lánúna do chur i gcumas (d'ainneoin an
uile chruadháil do thiocfadh ina slí) an
sonas úd do shroisiuint atá d'fhiachaibh
orainn go léir do shaothrú, do chuir ár
Slánaitheoir ard-mhaise air. Cionnas? Tá,
leis an bpósadh - ná raibh riamh go dtí
san ach ina chonnradh nádúrtha d'ardú
chun gairm sacraimin, agus aon desna
sruthaibh speisialta do dhéanamh de lena
dtíolaicthear a ghrásta féin.
2. Ó'n uair a cuireadh an pósadh in
ard-chéim sacraimine, cuireann sé i gcumas
na lánún grá bheith dá chéile cosúlach leis
an gcumann do bhí ag Críost don Eaglais
do chuir sé ar bun; agus comhairlíonn an
tAspal Naomh Pól dóibh Eph. 5 caib. an
cumann so bheith dá chéile. Cuireann sé i
gcumas dóibh a gclann do thabhairt suas
in eagla agus i ngrá Dé, gach cruadháil do
bhaineann leo d'iompar go foidhneach, agus
a bheith dílis dá chéile go bás.
3. Is mór na cabhraibh, na pribhléidí.
agus na grásta iad so. Ach chun a bhfálta,
tá sé riachtanach ag an lánúin sacraimin an
phósta do ghlacadh le ullmhú ceart; agus
chuige sin, ní foláir dhóibh a bheith saor ó
gach peaca marbh agus ó gach toirmeasc
nó bárthan do bhrisfeadh an pósadh nó a
dhéanfadh neamh-dhlitheach é; agus chun
a bheith saor ó pheaca marfach ba cheart
dóibh faoistin do dhéanamh agus comaoine
do ghlacadh suim laethanna roimh an
bpósadh. Tá sé ceangailte orthu sacraimin
an phósta do ghlacadh le caondúthrarht,
le hómós spioradálta, agus le hintinn dhiong-
bhálta aitheanta Dé agus na hEaglaise do
chomhlíonadh.
4. Ach fóríor dúch! Cad é a laghad, a
dhianlaghad, do ghlacann an sacraimin seo
leis na coinníll riachtanacha! Níl agó ná
gur ró-fhánach iad. Cad é an fáth nurbh
fhánach? An tráth, in ionad an ghnótha do
chur i gcomhairle Dé, ná spéis a chur an
bhfuil sé taitneamhach ina láthair nó ná
fuil, gur tairbhe shaolta nó ainmhiana is
bun-abhar aige.
5. Deirim ainmhiana, de bhrí gur minic
ná bíonn duine leath chomh haireach i
dtoghadh mná agus do bheadh sé i gceannach
beithígh. I gceannach capaill, ní bheidh sé
sásta le deallramh maith a bheith air, ach
iniúchfaidh sé go mion agus go dlúth é.
chun a fhios do bheith aige an bhfuilid aon
chuid desna lochtaí ann is gnáthach ina
amhlachas de bheithíoch: fiafraíonn sé go
<h>aireach cad iad a ghníomhaíocht nó a
dhea-cháilíochta; agus, tar éis an léir-
scrúdadh so go léir, ní foláir leis urra d'fháil
sula ndíola sé an t-airgead ná a nglaca sé
ina sheilbh é. Ach ag toghadh céile dhó
féin, is leor ar uairibh gearr-chaidreamh,
scéimh pearsan, nó sásamh a ainmhiana
atá le fada á chlaoi, chun é bhrodú rogha a
dhéanamh de mhnaoi; agus dá bhrí seo,
is minic, an té úd do bhí intleachtúil aireach
i gceannach beithígh, go ndéanann sé go
dall agus go dithneasach an gnó is bunúsaí
agus is mó a iarras d'imní do bhí roimhe
sin fós ar a láimh. Mar is é an gnó saolta
é nur mó atá de chontúirt meallta air, agus,
má mealltar é, is lú na bhfuil de leigheas
aige ar an ndroch-chor do thug sé dhó féin.
6. I ndéanamh cleamhnais, níl puinn le
feicsint ach mealltóireacht, cam, agus breith
buntáiste; an taobh is fearr de gach ní á
iompó amach; na lochtaí agus na lagachair
go léir á gceilt go <h>imníoch ar gach taobh,
agus fós na dea-cháilíochta atá bun os cionn
leo á dtaspánadh: ar chor, an t-ógánach na
bhfuil dúil in ól, i mbruín, nó i mionna
móra aige, atá droch-ghnóthach nó
drúisiuil, ar eagla go bhfuighfí amach go
rabhadar na droch-dhéataí seo ann agus go
mbeadh col agus domlas ag an dtaobh eile
air, deineann sé a dhícheall chun a chur ina
luí orthu go bhfuil sé measarga, síochánta,
neamh-earráideach, geanmnaí, dea-ghnóth-
ach. Ar an ócáid gcéanna, an óig-bhean
atá neamodhail, díomhaoin, uallach, nimh-
neach, ceanndána, ligeann sí uirthi bheith
modhail, gasta, umhal, séimh, so-chomhair-
leach. As san do thagann gur machtíre a
fuair duine in ionad caorach, agus, in ionad
céile do chuirfeadh compord air i gcúrsa a
shaoil, gur ceangladh le namhaid aon-tí é
do chuirfeas síor-bhuaireamh aigne air;
agus ní fós is measa ná san, ní bhfaghann sé
amach é go mbíonn sé ró-dhéanach agus
ná bíonn fáth leighiste air. Óir, tar éis pósta
agus aontís dlitheach, dá n-iompaíodh an
fear amach ina bhithiúnach, nó go dtréigh-
feadh sé a bhean, nó an bhean ólach, adhall-
tranach, nó coitean, ná lamháltar dhó san
bean eile a phósadh, ná dhise fear.
7. Is céillí, aireach mar sin nách foláir
do dhuine a bheith i ngnó nách féidir a
ghairm thar ais tar éis a dhéanta. Agus ar
a shon san, téighid na mílte i mbun a
dhéanta agus críochnaíd é gan a mheabhradh
mar ba cheart. Is cosúil duine óg ar a bhfuil
eibear chun pósta le féileacán ag eitilt
timpeall coinnle ar lasadh: is ró-thait-
neamhach leis an solas nó go ndruideann
sé ró-ghairid dó, go ndóghann a sciathánaibh,
agus go dtuiteann ar lár. An duine óg,
tréna ainmhiana ná fuil sásta le bheith mar
tá, measann ná fuil idir é agus séan ach a
bheith pósta. Lán de dhithneas chun an
tséin seo do shroisiuint, níl fulang aige,
agus fós is fuafar leis comhairle a mhuintire
nó a charad i leith go dtoirmiscid ar a
fháil é. Ag diúltú dhó do gach comhairle,
fé ghiollacht a an-tréine féin agus fóirnirt a
ainmhiana, cuireann sé cuibhreach air féin
ar feadh a shaoil agus do minic contúirt
a bheith ainnis go bráth: mar is dearfa
gur ar phósadh ábhrach nó mí-ábhrach do
bhíonn sonas nó mí-ádh dhuine sa tsaol so,
agus ina dhiaidh so cad a thuiteann amach?
Insan idirluas lena ndearnthas an gnó, níor
fanadh lena thabhairt fé ndeara an rabhadar
cothrom in aois in imeacht, ná i meon.
I suim aimsire do-gheibhid an lánú amach
nách dá chéile a cheap Dia iad. Táid go
hiomlán chomh mí-chosúlach sin le chéile
i slí, in iompar agus in aigne, gur follas ná
réiteoid in aontíos le chéile. - Cad é an ní
eile ba dhual a theacht de chleamhnas do
cuireadh ar aghaidh, ó thúis go deireadh,
gan toil Dé do lorg, gan cuireadh a thabhairt
d'Íosa Críost go dtí an pósadh, nár glacadh
sacraimin mar ullmhú chuige chun go
mbeadh an lánú ar staid na ngrást - nó má
glacadh é, nách leis na coinníollaibh riach-
tnacha é, agus dá bhrí sin, in ionad
beannachta gur tharraing sé mallacht orthu.
8. Is ró iontach í daille Chríostaithe, ag
tagairt don tsacraimin seo. Níl éinne, atá
súil agam, láithreach nur ghnaoi leis agus
ná lochtódh go fórlíonta an té a ghlacfadh
sacraimin Fola agus Feola Chríost agus a
fhios aige le linn a ghlacaithe go raibh sé
fé ualach mhór 'throm-choirthibh. Cad é
an fáth mar sin ná cloiseann éinne (duine)
ag tabhairt milleain ar dhuine eile 'cheann
sacraimin an phósta do ghlacadh ar droch-
staid, cé go ndamnann sé é féin agus go
maslaíonn sé sacraimin mar an nduine
thuas? Ní hé amháin ná bíonn aon scrupall
orthu 'cheann sacraimin an phósta do
ghlacadh go mí-fhiúntach, ach ní deall-
raíthear orthu go n-áiríd go ndearnadar
coir mhór 'cheann san do dhéanamh. - Dá
bhrí seo, an mhuintir do cheapann a síocháin
do dhéanamh le Dia, tosnú ar bheatha nua
a chaitheamh - a mbeatha do chaitheamh
feasta go rialta agus go hatuirseach ar son
a ndroch-bheart - agus, chun an ghnótha
so do chur i gcrích, do ghabhann orthu
faoistin a mbeatha do dhéanamh, is ró-
fhánach duine dhíobh do chiontaíonn é féin
i maslú shacraimin an phósta.
9. Ach le breithiúnas do thabhairt ar an
gcás do réir mar chímid, is féidir a rá go
dearfa, fé aon lánú amháin dá bhfaghann
ar an staid chóir é, go nglacaid céad lánú
ar a mhalairt é. Déantar togha an aireachais
an spré a chur in áirithe, ach ní déantar aon
dícheall chun maslú an tsacraimin do
sheachaint. Nuair a cuirtear an pósadh
ar ath-lá, is le cúis éigin shaolta do-néitear
é, nó 'cheann ná fuil gach ní ullamh chun a
dhéanta; ach ní cuirtear ar ath-lá go bráth
é d'fhonn aimsire a thabhairt don lánúin
iad féin d'ullmhú chun an sacraimin do
ghlacadh mar ba chóir. Cé go n-ordaíonn
an Eaglais aifreann d'éisteacht fá phéin
peaca mhóir, fanann an bhean nua-phósta
uaidh an Domhnach roimh agus i ndiaidh
a pósta; agus ní théigheann an lánú chun
faoistin ach beagán nóimintí sul a bpóstar
iad, tráth ina bhfuilid tógtha suas le nithe
ná leofainnse d'aithris anso, agus a gcrath-
acha ar gach modh neamh-ullamh chun
grásta an Spioraid Naoimh do ghabháil.
Níl agó ar bith ná gurab é an tarcaisne so
do-bheirid do shacraimin do chuir Críost ar
bun lena n-aghaidh féin fé leith, is abhar
agus cúis phrionnsapálta ag mórán dá gcrosa
ar feadh a saoil. Luath nó mall taspáinid
mórán acu lena ndroch-iompar ná fuaradar
na grásta d'fhónfadh dóibh i gcaitheamh a
saoil chun a bheith sonaí fé chuing an phósta.
Tosnaíd ar dtúis ar a bheith patfhuar
neamh-shuimiuil ina chéile; uaidh so a
thagann neamh-chion, searús, mí-cháta,
asachán, tarcaisne, agus fuath do bhriseann
amach fé dheireadh in eadarghuidheanna
agus ngráin oscailte, agus ar uairibh in éad
fána scaraid ó chéile agus na dtugaid don
phoiblíocht ná goilleann a gcás orthu - mar
is ró-bheag a ghoilleann ar fhormhór na
ndaoine, le huireasa grá dá gcomharsain -
caoi medirála agus suilt, cúis maoite dá
namhaid, cúis dóláis dá gcaraid, cúis cumha
agus dochair dá gclainn - ar a dtuiteann de
ghnáth a gcion den tubaist do thagann ó
dhroch-iompar na lánún mhí-fhortúnaigh
óna dtángadar. Agus cad is dóigh libh is
féidir a mheas do phóstaí mí-ábhracha mar
iad so ach gurab é an t-áirseoir do thionn-
scail iad, do chuir ar a n-aghaidh iad, agus,
ós cleamhnaisibh dá dhéantús féin iad, gur
baolach go dtarraingeoidh sé na lánúna chun
droch-chríche mar é féin?
10. Do-bheir an scríbhinn diaga sampla
uafásach dhúinn ar chleamhnaisí de dhéan-
tús an áirseora. Seo mar haithristear é: An
tan do ghabh Salmanazar rí na Assyria
lucht chomhnaithe Israel go dtí a thír féin,
do bhí i measc na bpríosúnach duine darbh
ainm Tiobóid. Do chaill sé a radharc, do
thuit sé chun bochtanacht, agus, ar
smaoineamh dó go mba ghearr uaidh an
bás, do ghlaoidh sé ar a mhac, darbh ainm
Tiobóid mar an gcéanna, agus dúirt leis:
"A mhic ó, nuair ná rabhaisse ach ró-óg,
do thugassa suim airgid ar iasacht do
dhuine darab ainm Gabélus do chomh-
naíonn i Ragos: tá a bhann a agam leis.
Breic le dul ann agus an t-airgead d'fháil
uaidh. Agus mar ná fuil eolas na slí agat,
loirg duine éigin macánta do stiúrós tú."
d'imigh sé amach, agus do theagmhaigh
ógánach leis adúirt go mb'eolach dó an té na
raibh an t-airgead ag a athair air, agus go
raibh fios na slí aige go dtí a thigh. Do
tháinig sé in aonacht leis go tigh a athar,
agus do réitigh leis chun a thíolaicthe. -
Aingeal badh ea é seo i gcló ógánaigh, agus
fé shlí dhóibh dúirt sé le Tiobóid óg:
"Tá duine gaolmhar dhuit nách fada
uainn darab ainm Raguél, agus níl de
chlainn aige ach aon iníon amháin darab
ainm Sára, agus do réir dhlí Mhaois is
duitse ba cheart í fháil mar mhnaoi. Dá
réir sin iarr ar a hathair í agus do-bhéarfaidh
duit í."
"Do chuala," arsa Tiobóid, "gur pósadh
cheana í le mórsheisear fear i ndiaidh a
chéile do fuair bás, agus dá éamais sin
do chuala gurab ainspioraid do mhairbh iad.
Dá bhrí sin dob eaglach liom go mbainfeadh
an ní céanna dhom féin, agus ó táid mo
mhuintir i dtaobh liom, go gcuirfeadh
iomad cumha fá mise a chailliuint go luath
don úir iad."
"Éist liomsa," arsa an t-aingeal, "agus
inneosaidh mé dhuit cé hiad na fir na
mbíonn comhachta ag an ainspioraid ortha:
fir a phósann gan smaoineamh ar bith ar
Dhia, ach chun a n-ainmhiana féin do
shásamh, ar nós na mbeithíoch allta." -
11. Tugaigí go cruinn fé ndeara cad é an
fáth na raibh comhachta ag an ainspioraid
ar an mórsheisear fear do pósadh leis an
óg-mhnaoi úd, agus féachaigí, do réir ráite
an aingil, formhór a bpósann de dhaoine
anois, céaca fé ghiollacht Dé do bhíd nó fé
chumas an áirseora; céaca chun réir Dé do
dhéanamh níos imníhí feasta arís, nó chun
a n-ainmhiana do shásamh. Fóríor! dá
mbeadh radharc ar a gcrathacha agus ar a
n-intinn, is ró-bheag d'eagla agus is lú ná
san de ghrá Dé do chífí iontu. Agus dá
bhfágtaí ar chumas an deamhain iad mar
fágadh na fir a pósadh leis an mnaoi úd, ní
fánach a cloisfí go bhfuaradh lánú marbh
an mhaidean tar éis a bpósta; agus cé go
gcumhdaíonn Dia iad ón íde fhollasach
scannrúil seo, is diomách fós é a gcor, de
bhrí, in éamais a ndroch-bhearta eile, go
nglacaid sacraimin an phósta go mí fhiún-
tach, ní ná dearnadar mórsheisear fear na
mná úd.
12. Má éistúir go haireach lena ndúradh,
do-chífidh sibh go soiléir, cé go bhfuilid a
bheannachtaí agus a shocharaibh féin sa
phósadh, go bhfuilid contúirtí ag roinnt
leis. Go dearfa, chun radhairc comhnaitheach
do choimeád ar an ngnó mór chun ar cuir-
eadh ar an saol sinn, tré gach docúl do
bhaineann le pósadh, do theastódh ón
lánúin buantseasmhacht rialta, cóimhreamh
mór cráifeacht, agus gnáth-chúram ina
n-anamnacha a shábháil ná feictear ach
go fánach in éinne. Ní fánach é an toir-
measc, nuair is gá bheith saothrach gan
bheith sanntach, mórán le díol agus le
ceannach gan chalaois, cúram anama agus
cuirp clainne, imní i gcéile, údarás gan
ró-dhéine, forairí gan bheith amhraisteach,
macnas gan bhladar, ansacht gan bheith
éadmhar, agus na hainmhiana is tréine,
ar an ócáid is do-rianta iad, le coimeád ar
(an) dtaobh istigh de rialacha an chreidimh
is naofa agus is déine dlí. Is iomdha
meáchaint trom insa cheann tsaolta den
mheidh seo, agus is trialta an fear nó an
bhean ná ligfidh don cheann eile den
mheidh éirí, agus gan aon ní chun a coimeáta
síos ach mór-imní dhuine ina anam a
shábháil. Is cróga é creideamh na lánún
do bhuaifeas ar na mór-dhocúlaibh seo agus
do dhéanfas réir an Tiarna, d'ainneoin a
mbeidh orthu, leis an saor-intinn do chomh-
airlíos an tAspal I Cor.: Is gearr í, ar sé,
ár n-aimsir: ná cuireadh an pósadh de
mhursantacht orthu fé shlí, ach mar a
bheidís gan pósadh ar aon chor.
13. Ag tagairt dosna <h>oibleagáidí (na
dualgais) do bhaineann leis an bpósadh, tá
cuid acu le tabhairt fé ndeara sul a ndéantar
é, agus cuid le linn a dhéanta.
Níl agó ná go mb'fhéidir do mhnaoi
mhallaithe a bheith ina cúis damanta ag a
fear, nó d'fhear chuiripe ina chúis damanta
ag a mhnaoi, an tráth a sábhálfaí iad dá
mbeidís pósta ag a malairt. Tá sé ró-
riachtanach mar sin ag an muintir nur
mian leo pósadh, céile oiriúnach do thoghadh
dhóibh féin, de bhrí gur ar an rogha thóg-
faid siad do sheasaíonn a suaimhneas sa
tsaol so agus a sonas sa tsíorraíocht. Ní
foláir dhóibh a meon, a n-aois, a ngairm, a
gcreideamh, a gcáil, agus a dtreabhchas do
bhreithniú. Deirim a dtreabhchas, mar atáid
mórán daoine do thagann ó dhroch-threibh
ar a dtugann an scríbhinn diaga "Préamh
na ndroch-bheart," atá lochtach ó dhúchas
agus chomh anrianta ó ghlúin go glúin gur
ró-fhánach a chítear go fiú éinne amháin
de dhea-iompar ina measc. Bíd cuid acu
drúisiuil ólach; cuid bruíonach collóideach;
cuid duairc do-riartha; cuid gan chreideamh
gan chogús; cuid tugtha do mhionna
móra nó do bhradaíl; cuid éadmhar ó
dhúchas etc.; agus is mór é mí-ádh an
fhir nó na mná do cheanglann le drong
olc ó phréimh.
14. Tar éis an té atá ar thí pósta gach
dícheall oiriúnach do dhéanamh chun céile
cothrom do thoghadh, is é a ghnó sacraimin
an phósta do ghlacadh mar is cóir; de
bhrí gan san ná faghann sé na grásta do
gheobhadh sé lena ghlacadh mar ba dhual.
Chuige seo, ní foláir dhó faoistin a dhéanamh
suim laethanna roimh ré, droch-smaointe do
bheas ag lingeadh air do chosc, agus gan
smiollagar ar bith do dhéanamh leis an
mnaoi atá aige le pósadh. Ní féidir dhó a
mheas gur cruadháil ar domhan san do
chosc air. Óir, ó choisceann dlí (na) nádúra
an fear, dá dhrúisiúla é, ó bhaint lena
mháthair nó lena dheirfír dá áille iad, cad
é an ní ná déanfaidh grásta Dé do neartaigh
na mílte chun an uile ghné báis d'fhulang
chun a n-anama a shábháil?
15. Gan stad na ndéantar an pósadh,
tá sé d'ualach ar an lánúin a bheith dílis
dá chéile go bás. Mar is coir den ghné is
measa briseadh cuinge pósta, atá éagórach
ar an bpáirtí neamh-chiontach, do thar-
raingeas mórán imris, atá droch-shamplach
díobhálach don phoiblíocht, nách féidir go
minic an dochar a thagann de do chneasú,
agus lena dtuilleann an té bhíonn ciontach
ann tine ifrinn de bhrí go ndeir an Spioraid
Naomh ná sealbhóid lucht an adhalltranais
Ríocht na bhflaitheas.
16. Is é dara ní atá d'oibleagáid ar an
lánúin phósta, grá a bheith dá chéile. Tá so
chomh riachtanach chun a séin ná déan-
faidh óige ná scéimh, saibhreas ná ard-
fholaíocht a ionad. Le fíor-chion ar a
chéile, na mbeidh grásta Dé ina bhun, do
bheadh an lánú i séan i mbothán bhocht:
gan é, do bheidís donaí i gcúirt. Imreas
do-ní dochar dhóibh féin agus dá gclainn,
agus nuair a hathnuachtar é go minic le
spochaireacht (le fala) ar gach taobh, tagann
gach olc uaidh d'fhéadfadh an dial a ghuidhe
dhóibh, is é sin, ifreann ina mbeatha agus tar
éis a mbáis. Siúd is ná beadh aon Dia ann
chun díoltais do dhéanamh, ná aon tsaol i
ndiaidh an tsaoil seo, is follasach gur fearr
an tsíocháin ná an t-imreas: agus is fusa
go mór do lánúin a bheith cneasta le chéile
ó thúis, ná a bheith fé riachtanas gach
briseadh cumainn do shlánú; de bhrí,
nuair a bearntar é, gur minic a fairsingítear
an bhearna thar mar a ceapadh ná a síleadh.
Mar ó aon aighneas amháin tagaid mórán eile
do sheasaíonn ar feadh a saoil.
17. Dí gach imris imreas lánún, imreas
croí-bhriste. Má tá tuitim amach agat le
duine ná fuil in aontíos leat, ní bheidh tú
comhnaitheach i mí-shuaimhneas; ní fheic-
fidh tú é ach go fánach, agus le diúltiú dá
chomhluadar is annamha a chífir é agus is
lúide do bhuaireamh. Gidhea, nuair a
bhíonn lánú phósta in earraid le chéile,
níl caoi ar so do dhéanamh: ní foláir dhóibh
a bheith i bhfochair a chéile; agus dá réir
tá eascara dhuine, agus an té is fuafar leis,
ina láthair de ló is d'oíche. Coimeádann so
ar díth suaimhnis é, cuireann dorchadas
agus duairceas aigne air do-néann cortha
dá shaol é, ná fágann spéis ina chreideamh
aige, ná dúil i ngnó ná i dtoirbheart aige.
Is é a thigh a ifreann; mar is deimhneach,
pé ionad ina gcomhnaíonn an t-imreas, go
gcomhnaíonn an dial ann, údar an imris
agus an éithigh.
18. Chun mí-ádh chomhloititheach ar
úr séan saolta agus síorraí do sheachaint,
achraím ar gach n-aon agaibh atá ceaptha
chun pósta na nithe atá agam le rá do
bhreithniú go haireach.
Nuair a póstar lánú lena lán-toil féin, is
dual go mbeid ceanúil ar a chéile sealad
aimsire, agus go ligfid friotal a rúin le chéile
gan cheileatrom. Faid (a) sheasóidh an
cion so acu ar a chéile, ba cheart d'fhear
agus do mhnaoi phósta úsáid do dhéanamh
den chaoi nua-fhabhrach so chun meoin
agus aigne a chéile do bhrath agus do
mheabhradh. Má gheibheann an bhean
amach gur deallramhach a meon le chéile, is
mór an compord di é. Gidhea, má thugann
sí fé ndeara ná fuil an chosúlacht san eatortha,
agus gur mian léi aigne shuaimhneasach
do bheith aici san aimsir atá le teacht, ní
foláir dhi a hiompar féin do rialú gan mhoill
dá réir.
19. Nuair a chífidh sí go bhfuilid gnótha
áirithe, ná tugtar faillíth go deo ina ndéan-
amh ná go mbíonn fearg mhór agus mí-
shásamh ar a fear, déanadh na nithe sin
ar dtúis, cé go mbeidís gnótha eile níos
riachtanasaí ná iad le déanamh. - Nuair a
bheidh sé ag caint, ná tógadh sí suas an
comhrá, 'cheann fios an scéil a bheith aici
níos fearr ná aige sin. - Ná tugadh sí asachán
ná aighneas dó, má bhíonn sé ar digh, i
bhfeirg, ná fé dhólás. - Bíodh sí imníoch
ina chuid bídh agus éadaigh, agus déanadh
sí breis imní dhe gach tráth a bheidh sé
breoite. - Saothraíodh sí lena tionnscal féin
pinginní do bheas ag teastáil sa tigh, chun
ná cuirfeadh sí buaireamh air lena bheith
de ghnáth á n-iarradh air, agus glaotaí
níos géire aige le freagairt. - Ná téigheadh sí
ag fiosradh a carad ach le riachtanas, agus
ná fanadh sí i bhfad amuigh, agus tugadh
sí i gcomhnaí rogha do chuideachtanas a
compánaigh. - In aon fhocal, áitíodh sí
dhó lena gnáth-iompar ná fuil aon ghnó
saolta is mó atá ar a haire ná cúram do
dhéanamh dá phearsain, dá shláinte, dá
shéan, agus de shíocháin a aigne. Agus
muna duine den droch-threibh úd é do
choimeádann - le duairceas, le dorraíocht,
le nimhneacht agus canncar aigne, le cáin-
seorthacht, le hiompar madrúil mí-chuíosach
- a muintir thighe i gcritheagla chomh-
naitheach, agus do-néann amhail ifrinn dá
dtigh, ní theipfidh sí a ghean do tharraint
uirthi, de bhrí nách féidir dhó gan an síor-
imní atá aici ann d'fheicsint. Taspáin cion
do ghadhar agus bí cineálta leis, agus beidh
sé ceanúil ort agus luacháireach romhat,
agus leanfaidh sé tú roimh éinne eile dá
mbeidh sa tigh; agus dar ndóigh ní foláir
gur droch-dhuine an fear nó tarraingeoidh
a gnáth-mhacnas a chion.
20. Má rángaíonn conspóid ná tuitim
amach idir lánúin, tré chinniuint, tré fheirg,
nó aon chúis eile, réitídís an t-imreas sul a
dtéighe grian fé. Abradh an fear nó an
bhean: "Do scaramair le daoine an domhain,
le hathair, le máthair, agus le caraid, chun
mairiúna i bhfochair a chéile ar feadh ár
saoil. Tusa is ionad athar, máthar, céile,
carad, agus cumhdathóra agamsa; agus
cad é an fáth na gcoimeádfaimis a chéile i
mbuaireamh? Cá bhfuighfear searc agus
cumann ar talamh muna mbeid idir lánúin
phósta? Táid na mílte ar fuaid an domhain,
agus bídís saibhir nó bocht, dea-shláinteach
nó dhroc-shláinteach, faghaidís bás nó
éiridís, ní raghaidh mo shéansa ar aghaidh
ná ar gcúl. Ach níl dul agam ó bheith
páirteach it ádhsa nó id mhí-ádh. Tiomán-
aimis uainn mar sin an uile chasaoid, agus
déanaimis d'aon iarracht síocháin le chéile
do sheasós ar feadh ár saoil, mar ghrá
d'Íosa Críost do tháinig ó neamh chun
síochána agus ansacht do chur ar bun
idir dhaoine an domhain."
21. Dúirt duine sa scríbhinn diaga
Ecclus. 25 caib.: Táid trí nithe do chuir-
eann aiteas ar m'anam agus atá taitneamh-
ach i láthair Dé agus daoine, is é sin, grá
idir dheartháracha, síocháin idir chomhar-
sain, agus lánú phósta d'aon toil agus
d'aon aigne. - Scaoil téad chun na snáth-
acha dá ndearnthas í, agus brisfidh tú go
héascaidh fé leith iad; faid a bheid casta
ar a chéile ní fhéadfair é. Scaoil an cumann
agus an greann ba chóir a bheith idir lánúin
phósta, agus táid siad ar caoi na ndroch-
dhaoine do bheadh ar thí a ndíobhála. An
té eatortha súd is amarcaí do ghlacfadh
an bhean, agus is mó do ligfeadh air trua
a bheith dhi i leith a cumhdaithe, is é ba
dhóichí a milleadh.
22. Oibleagáid dhéanach lánún pósta ar
ar mian liom trácht, lena gclainn do
bhaineann sí. Más áil leo a leaba phósta a
bheith gan teimheal, agus a n-anam a
shábháil, nuair a dhéanfaidh seilbh sásamh
ní foláir dhóibh béasa dialmhara neamh-
ghlana do sheachaint ná leofainnse a
n-ainmniú ná a n-áireamh annso. D'ainneoin
dóibh a bheith dealbh muiríneach, (níl sé
lamhálta) acu gabháil bun os cionn le
cloinn ná gein do ruagadh; agus is ró-mhór
go háirithe do pheacaíonn an bhean do
scarann le gein roimh a <h>ionbhaidh, le
tógáil ualaí móra, le hobair ró-dhuail, le
hiomad siúlóide, le rinnce, ná le dian-
tsaothar ar bith.
23. Thar éis bheirthe an linbh ní foláir a
chur á bhaisteadh go tráthúil; mar dá
n-imíodh sé gan baiste, do bheidis a athair
agus a mháthair freagarthach ann i láthair
Dé. - Do réir mar chríonnóidh an leanbh,
ní foláir breis cúraim do dhéanamh de.
Tá sé d'fhiachaibh ar an lánúin a gclann
d'aistriú óna leabain féin go ró-luath, agus
na fireannaigh agus na buineannaigh do
dheighilt ó chéile. - Tá sé ceangailte orthu
a mbuachaill nó a gcailín aimsire do chosc
ó mhionna móra, ó mhonabar, agus ó
fhocail bharbraithe, mar is deimhneach go
loitfidis a gclann. - Ní foláir dhóibh aith-
eanta a gcreidimh do mhúineadh, nó a
gcur á múineadh, dhóibh, agus a chur
d'fhiachaibh orthu a gcleachtadh ó thúis
a n-óige. - Ba cheart dóibh trí dhea-nós do
mhúineadh dhóibh agus do chur go dain-
gean ina n-aigeanta, do chuirfeas ó mhórán
clampair agus toirmisc iad i gcaitheamh a
mbeatha, is é sin, aigne shíochánta neamh-
dhíoltasach, an fhírinne d'innsint i ngach
ní bíodh sé suimiuil nó suarach, agus a
bheith caoin, dea-rúin, agus saor ó shuain-
seán.
24. Ó is iad aithreacha agus máithreacha
cumhdathóirí, maoir, scáthánaibh, agus mar
adéarfainn déithe clainne i dtosach a saoil,
seachnaidís aon droch-shampla do thabhairt
dóibh; mar atá a sampla chomh neartmhar
san go leanaid an chlann de ghnáth é.
Má sheasaíonn tú ina bhfianaise is iad ag
súgradh le chéile, chífidh tú an t-athair insa
duine clainne: breithnóidh tú ann dorr-
aíocht, droch-aigne, mionna móra, droch-
ráite etc. an athar. Ó, dá mbeadh sé lamh-
álta agamsa na peacaí gráiniúla do-néid an
chlann de dheasca droch-shampla, neamh-
chaoithiúlacht, beithíochúlacht, agus fail-
líthe a muintire ina staúil leabtha, d'aithris
anso, déarfadh sibh go caoin, ag tagairt dá
gclainn, an ní adúirt ár Slánaitheoir i dtaobh
an aspail mhí-fhortúnaigh do dhíol go
fealltúil é, is é sin, go mb'fhearra dhóibh ná
béarfaí riamh iad, agus ag tagairt dosna
droch-aithreacha agus máithreacha, go
mb'fhearra dhóibh gan gein tsleachta a
bheith acu. De bhrí, má dhaorann an uile
dhuine, agus go gcuirtear chun báis do
réir dhlí na ríochta, an té mharaíos a dhuine
clainne, cad é an ní nách baol don té is
cúis damanta aige? Muna ndéanaid a
muintir béasa a gclainne do rialú, níl sé i
gcumas na hEaglaise a dtabhairt thar
n-ais: tá síol na ndroch-bheart curtha
iontu sul a dtugtar ina láthair iad; téigheann
an aicíd chun gadhscail sul a nglaotar ar
an liaigh.
25. Tar éis socharaibh, contúirtí, agus
oibleagáidí an phósta d'áireamh daoibh,
agus a thaspáint daoibh gur ar a gcomh-
líonadh so go dúthrachtach do sheasaíonn
úr séan saolta agus síorraí, achraím oraibh
úr n-urnaithe do chur le díoghrais chun Athar
na huile thrócaire grásta a thabhairt daoibh
chun grá a bheith dá chéile, mairiuint agus
bás d'fháil i síocháin le chéile, úr gclann do
thabhairt suas in eagla agus i ngrá Dé -
chun, ó táthaoi féin agus iad súd in aontíos
le chéile sa tsaol so, go mbeadh sibh in
aontíos leo i dtigh an Dé úd na gcaifeam
go léir, pósta agus gan phósadh, dul go
luath ina láthair chun a bheith i sólás nó
in anacra as san amach go deo.
AGUISÍN
Táid comhairleacha áirithe ná fuil ainm-
nithe sa chomhrá thuas, le tabhairt do
lánúin i gcathaoir na faoistine, atá ró-
riachtanach dóibh i gcaitheamh a saoil.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11