Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na hAointe Órdha
Title
Na hAointe Órdha
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1800
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1931)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na hAointe Órdha. Gibé duine troisgfios na hAointe-si ar aonchuid aráin agus uisge agus sin do chaitheamh d'aonphroinn san ló gon oidhche, dogeabhaidh sé ó Dhia na cúig tiodhlaighthe so síos; ní bhfagha sé bás obann, ná bás gan sagart; ní bhia comhacht ag an aidhbhrseór air; docífidh sé ar mbaintighearna Muire len a shuilibh corpardha, docífidh sé ár tTighearna Íosa Críosd san ccrois agus bia fios a aimsire aige dá fhichid lá ria néag. An chéad Aoine dhóibh, an Aoine d'éis an chéad Domhnaig don Charuigheas agus trí paidreacha do rádh an onóir na Trionnóide.
A Thrinnóid bheannuighthe a bhFlathus 's glinn cómhachta, Díbh ó freagrann Paidior fá thrí ccló aniugh, Guidhim fós neartaig mé is aitchim thú a rígh chómhachtaig, 'S don smisteóir peacaig so Athair dhil bí tróichreach.
An dara hAoine, an Aoine roimh fhéil Muire an tsanais agus sé paidreacha do rádh an onóir an Spioraid Naoimh.
A Íosa earaid-mhic thartmhuir, fúair sgiúrsa creidhim, Is díbirt easmuilte ó aicme na nGiúdach ttréan, Le dioghaltus dearbh fúair ainmneach iomdha is péin, Dod' tfeartaibh ná hagair mé cionntaibh clé?
An treas Aoine: Aoine an Chéasda. 12 paidreacha do rádh an onóir na coróinne spíne.
A Shlánuightheóir mhilis dar shilis do chrú 'san ccrann, Is páis ba mhó fionnadh 'nár ccionntaibh 'na thabhairt go fann Crádh gach sórd seirbhe ag deilgnibh suighte ad' cheann Agus sáthadh na móirshleidhe ler' gonadh a shúile don Dall.
An Aoine roimh Dardaoin Deasgabhála agus 40 paidreacha do rádh an onóir troisge ar tTighearna.
A chara ghrádhaig chalma do sheasuigh go gleashoillseach, Daithchiod lá ar talamh go bhfeartaibh d'éis aiseirighthe, Is thar chealg bháis feasda do neartuig le naomhfhoidhne, Tabhair lámh leasaighthe dom' anam, ná tréig m'aighneas.
An Aoine roimh Chingcís agus 30 paid- reacha do rádh an onóir na croiche naoimhe.
A chroidhe chumhra a ccuntas geallas gan bhréag, Saoirse thabhairt go humhal a bpeacadh na ttréad Is thug Naoimh-spiorad úr ag tuirling ar easptalaibh Dé Le díogras rúin cumhdaig fadh tharmuin mé.
An Aoine d'éis Chingcise. 12 an onóir an dá eapstail déag.
A Chriost na bhfeart nár sheachain gac peannaid dár ngrádh, Sa ndíol gach peacadh dár ceapadh linn riamh ó Ádhamh, Thug slighe agus teagasg dod' heaspstalaibh niamhdha ar ndáil Chum saoirse is glanta gach galar led' riaghail chaidhe.
An Aoine roimh fhéil Eoin Baiste. 12 agus 20 an onóir deich paidreacha ár Slánaightheóra.
Fiú do dhíolta ar thriochad pinginn d'aomhais, Le Iudas dioghaltach, caora rith le straoracht, Prionnsa is rígh na righthe, an Ruire gléighal, An connra is saoire fríth don chine dhaonna.
An Aoine roim fhéil Peadair agus Pól. 13 agus 40 paidreacha an onóir Íosa Críost. A mhic bheannuighthe dár dteagasg-na thug triochad bliadhain Is sealad leis ar talamh chum ár stiúrtha id' dhiaidh, Aithchím thu ó chailleamair gach cúl san iaith Faoi d' bhrataig-si go dtagam-na go diulta on slíabh.
An Aoine roimh chéad fhéil Muire sa bhfoghmhar. 4 paidreacha an onóir chosa agus lámh ár dTighearna.
A ÁrdMhic Dé le chaomhacht dob' umhal cáile, Mar ghrádh do theidhshliocht Ébha is crú Ádhamh, Do tháil ód' chreachtaibh saoirfhuil cúig cneadha a rith Faoi ad' ghárda téim, dom' shaoradh ó phudhar namhad.
An Aoine roimh fhéil Muire Móire san bhfoghmar. 5 paidreacha an onóir na cúig creacht dorinneadh ar ár slánuightheóir.
Íosa ghrásaig fúair páis bocht chum sinne shaoradh, Sa níoc lanmhaire ár n-ard-uilc. Noch d'fuiling céasa Na dtinndtairngí id' lámhaibh 's ad' troighthibh caomhtha A rígh ghrásaig mé slánuig led' t-fheartaibh naomhtha.
An Aoine roimh fhéil an uile Naomh. 5 paidreacha an onóir na cúig dtais- beánta dorin ár Slánuighthéoir ar fán déis na haiseirighe.
A Mhuire na bhflathas 's a bhanaltra righ na numhal, A chiste na bpeacach 's a tharmain coidhche a gcúirt An ionad gach anfadh ghlacais le suim dod riun (?), Sírim do chabhair uim labhairt le Chríost 'nár gcúis.
An Aoine roimh Nodhlag. 15 paid- reacha do rádh an onóir na ccomharthadha thiocfas roimh lá an bhreitheamhnuis.
A Chríost 's a Dhia ghléigil na bhfearga nach cúmang, 'S a rígh na gréine a réaltan flathais na numhal, A chríoch mo thréadhanais éighim d'fhághail maitheamh ad' ghnúis, 'S dod' fhior-breath dhéaghnach tabhair mé ad' fhuireadh ad' dhún. CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services