Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na hAointe Órdha

Title
Na hAointe Órdha
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1800
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1931)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Na hAointe Órdha.



Gibé duine troisgfios na hAointe-si ar
aonchuid aráin agus uisge agus sin do chaitheamh
d'aonphroinn san ló gon oidhche, dogeabhaidh
sé ó Dhia na cúig tiodhlaighthe so
síos; ní bhfagha sé bás obann, ná bás gan
sagart; ní bhia comhacht ag an aidhbhrseór
air; docífidh sé ar mbaintighearna Muire
len a shuilibh corpardha, docífidh sé ár
tTighearna Íosa Críosd san ccrois agus bia
fios a aimsire aige dá fhichid lá ria néag.



An chéad Aoine dhóibh, an Aoine d'éis an
chéad Domhnaig don Charuigheas agus trí
paidreacha do rádh an onóir na
Trionnóide.




A Thrinnóid bheannuighthe a bhFlathus 's glinn cómhachta,
Díbh ó freagrann Paidior fá thrí ccló aniugh,
Guidhim fós neartaig mé is aitchim thú a rígh chómhachtaig,
'S don smisteóir peacaig so Athair dhil bí tróichreach.




An dara hAoine, an Aoine roimh fhéil
Muire an tsanais agus sé paidreacha do rádh
an onóir an Spioraid Naoimh.




A Íosa earaid-mhic thartmhuir, fúair sgiúrsa creidhim,
Is díbirt easmuilte ó aicme na nGiúdach ttréan,
Le dioghaltus dearbh fúair ainmneach iomdha is péin,
Dod' tfeartaibh ná hagair mé cionntaibh clé?




An treas Aoine: Aoine an Chéasda.
12 paidreacha do rádh an onóir na
coróinne spíne.




A Shlánuightheóir mhilis dar shilis do chrú 'san ccrann,
Is páis ba mhó fionnadh 'nár ccionntaibh 'na thabhairt go fann
Crádh gach sórd seirbhe ag deilgnibh suighte ad' cheann
Agus sáthadh na móirshleidhe ler' gonadh a shúile don Dall.




An Aoine roimh Dardaoin Deasgabhála
agus 40 paidreacha do rádh an onóir troisge
ar tTighearna.




A chara ghrádhaig chalma do sheasuigh go gleashoillseach,
Daithchiod lá ar talamh go bhfeartaibh d'éis aiseirighthe,
Is thar chealg bháis feasda do neartuig le naomhfhoidhne,
Tabhair lámh leasaighthe dom' anam, ná tréig m'aighneas.




An Aoine roimh Chingcís agus 30 paid-
reacha do rádh an onóir na croiche naoimhe.




A chroidhe chumhra a ccuntas geallas gan bhréag,
Saoirse thabhairt go humhal a bpeacadh na ttréad
Is thug Naoimh-spiorad úr ag tuirling ar easptalaibh Dé
Le díogras rúin cumhdaig fadh tharmuin mé.


L. 33



An Aoine d'éis Chingcise. 12 an
onóir an dá eapstail déag.




A Chriost na bhfeart nár sheachain gac peannaid dár ngrádh,
Sa ndíol gach peacadh dár ceapadh linn riamh ó Ádhamh,
Thug slighe agus teagasg dod' heaspstalaibh niamhdha ar ndáil
Chum saoirse is glanta gach galar led' riaghail chaidhe.




An Aoine roimh fhéil Eoin Baiste. 12
agus 20 an onóir deich paidreacha ár
Slánaightheóra.




Fiú do dhíolta ar thriochad pinginn d'aomhais,
Le Iudas dioghaltach, caora rith le straoracht,
Prionnsa is rígh na righthe, an Ruire gléighal,
An connra is saoire fríth don chine dhaonna.




An Aoine roim fhéil Peadair agus Pól.
13 agus 40 paidreacha an onóir Íosa Críost.



A mhic bheannuighthe dár dteagasg-na thug triochad bliadhain
Is sealad leis ar talamh chum ár stiúrtha id' dhiaidh,
Aithchím thu ó chailleamair gach cúl san iaith
Faoi d' bhrataig-si go dtagam-na go diulta on slíabh.




An Aoine roimh chéad fhéil Muire sa
bhfoghmhar. 4 paidreacha an onóir chosa
agus lámh ár dTighearna.




A ÁrdMhic Dé le chaomhacht dob' umhal cáile,
Mar ghrádh do theidhshliocht Ébha is crú Ádhamh,
Do tháil ód' chreachtaibh saoirfhuil cúig cneadha a rith
Faoi ad' ghárda téim, dom' shaoradh ó phudhar namhad.




An Aoine roimh fhéil Muire Móire san
bhfoghmar. 5 paidreacha an onóir na
cúig creacht dorinneadh ar ár
slánuightheóir.




Íosa ghrásaig fúair páis bocht chum sinne shaoradh,
Sa níoc lanmhaire ár n-ard-uilc. Noch d'fuiling céasa
Na dtinndtairngí id' lámhaibh 's ad' troighthibh caomhtha
A rígh ghrásaig mé slánuig led' t-fheartaibh naomhtha.




An Aoine roimh fhéil an uile Naomh.
5 paidreacha an onóir na cúig dtais-
beánta dorin ár Slánuighthéoir ar fán
déis na haiseirighe.




A Mhuire na bhflathas 's a bhanaltra righ na numhal,
A chiste na bpeacach 's a tharmain coidhche a gcúirt
An ionad gach anfadh ghlacais le suim dod riun (?),
Sírim do chabhair uim labhairt le Chríost 'nár gcúis.




An Aoine roimh Nodhlag. 15 paid-
reacha do rádh an onóir na ccomharthadha
thiocfas roimh lá an bhreitheamhnuis.




A Chríost 's a Dhia ghléigil na bhfearga nach cúmang,
'S a rígh na gréine a réaltan flathais na numhal,
A chríoch mo thréadhanais éighim d'fhághail maitheamh ad' ghnúis,
'S dod' fhior-breath dhéaghnach tabhair mé ad' fhuireadh ad' dhún.



CRÍOCH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services