Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Canóin an Aifrinn
Title
Canóin an Aifrinn
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1786
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1930)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CANÓIN AN AIFRINN Ar an adhbhar soin, a Athair is mó trócaire, umhalghuidhmíd thú, tréd Mhac Íosa Críost ár ttighearna, glac chughad agus beannaig na tiodhlaiceadha so, na tabhartuis so, doghnímíd d'ofráil duit ar ttúis ar son na naomheagluise coitchinne go mbadh toil leat síocháin do thabhairt di, a cumhdac, a déanamh aonda, agus a riaghlughadh ar feadh an domhain go huile mar aon red' shear- bhóntuidhe an Pápa N, ár nEasbog N, agus ár righ N, mar an cceadna na huile chreidios agus do choimeadas go fíor an creidiomh coitchionn abstalda. Cuimhniúghadh na mbeo. Cuimhnigh, ó a Thighearna, ar do sheir- bhíseachaibh uile idir fhear agus mhnaoi N agus N, agus go háirighthe ar son a bhfuil do láthair, agarab aithne dhuit a ccreidiomh agus a gcaondúthracht ag a nofrálamaoidna air a son, nó ag a nofrólaid féin duit an iodhbhairt mholta so, ar a son féin agus ar son a muinntire, ar son fuasgalta a nan- mann, agus ar dhóthcas a slánuighthe, agus re a ndíolaid nó re a ccoimh- líonaid a ngealamhna duitse, an fírdhía síoruidhe marthannach. Air mbeith ramnpháirteach san chomaoin chéadna agus ag onórughadh cuimhne go speisíalta na Maighdine síorghlórmhaire Muire Máthair Dé ar ttighearna Íosa Críost, mar an ccéadna na hapstail agus na mairtíricc bheannaighthe Peadair agus Pól, Aindrias, Séamus, Eóin, Pilib, Parthalón, Matha, Simeón, agus Tadhg, Línus, Clétus, Clement, Xistus, Conchubhar, Ciprian, Labhrás, Crisogonus, Eóin agus Pól, Cosmas and Damían, agus do naoimh uile; agus deónuigh tré na saothar agus tré na neadarghuidhe ár neartughadh sna huile neithe tré chongnamh do tharmuinn trés an cCríost céadna ár ttighearna. Amen. Ar an ádhbhar soin, ó a Thighearna guidhmíd thú an ofráilsi ár ndaoirsi agus daoirse do mhuinntire uile do ghlacadh go grásamhail; ár laethe d'ollmhughadh ad' siothcháin ár sábháil ar dhamnughadh shiorraidhe agus ár gcur a nuimhir do chlainn toghtha, tré Chríost ár ttiagharna. Bíodh mar sin. Ó a Dhé, guidhmíd thú an ofráil chéadna do dhéanamh is na huile neithe beannaighthe, éifeactach, reasúnta, ionghabhtha; ionnas go ndéantar de ar ár sonna fuil agus feoil ár ttiagharna Íosa Críost do Mhac róionmhuin. An tí an lá roimh a pháis d'fhulang do ghlac arán ina lámhaibh naomhtha, agus ar ttógbháil suas a dhearc chun neimhe chughadsa, a Athair uile chomhachtac, ag tabhairt buidheachais duit, do bheannuig é agus tug dá dheisgiobalaibh é, ag rádh, glacaidh agus ithidh uile de so óir asé so mo chorp. Ar an módh ccéadna iar nithe a shuipéir, ar nglacadh na cailíse iona láimh naomhtha beannuighthe, ag tabhairt buidheachais duit mar a ccéadna, do bheannuig agus tug dá dheisgiobalaibh é ag rádh glacaigh agus ibhidh di so óir así so cailís m'fhola don nuaidhreacht mharthannach (rún-diamhar creidimh) doirtfíghear ar bhúr son agus ar son iomaid dochum maitheamhnuis peacadha. Dá mhionca dodhéanfaidh sibh na neithe si, déanaidh iad a gcuimhne ormsa. Ar an adhbhar soin, ó a Thigharna, ar mbeith cuimhneach dúinne do sheirbhís- eachaibh agus do phobal naomhtha ar pháis bheannaighthe an Chríost chéadna do Mhac ár ttiagharna, mar aon agus ar a eiseirghe, agus mar an cceadna ar a dheasgabháil glórmhar go neamh ofrálamaoid dod mhórdhacht ró-árd, dod thíodhlacaibh agus dod thabhartuisibh féin, iodhbairt ghlan, iodhbairt naomhtha agus iodhbairt gan truailleadh, naomharán na beatha
shíoruidhe agus cailís na sláinte síoruidhe. Agus guidhmíd thú féachain ortha maille re ghnúis thrócaireach agus a nglacadh amhail do ghlacais go grás- amhail tíodhlaiceadha do sheirbhísig Abel an fíoraon agus iodhbairt ár nárdathar Abraham, agus an naomhiodhbairt gan truailleadh d'ofráil do árdshagart Melchisedec duit. Umhalghuidhmíd thu, a Dhé uilechomh- achtaig, aithne na neithe si do bhreith a lámhaibh do naomhaingeal chum t'árd- áltórach a bhfiaghniuse do mhórdhachta diadha, ar mhódh an méid againn tré rannphairt na haltórach do ghlac fuil agus feoil naomhtha do Mhic go mbiadhmaoid lán do na huile ghrásaibh agus bean- nughadh neamhdha trés an cCríost ccéadna ár ttiagharna. Amen. Bí cuimhneach, ó a Thigharna, ar do sheirbhíseachaibh fir agus mná, N agus N, d'imthig reomhainn maille re chomh- artha an creidimh agus atá suaimhneach a ccodhladh na síothcána. Ó a thiagh- arna, guidhmíd thú, tabhair dóibh agus do na huile do chomhnuigheas a cCríost ionnad suaimhnis, soillse agus síothchána. Amen. Agus dúinne na peacaig do sheir- bhisig ag a bhfuil dóthchas an iomad- amhlacht do thrócaire deonaig roinn agus comhluadar do thabhairt maille re'd naomhapstolaibh agus mairtíreachaibh, maille re hEoin, Steaphan, Mattias, Barnabi, Ignatius, Alecsander, Mar- cellinus, Peadar, Felicitas, Per- petua, Agata, Liucia, Agnes, Cecilia, Anastasia, agus maille re'd naomhaibh uile agus umhalghuidhmíd thú sinn d'fulang 'na gcomhluadar, ní ar son ár saothar acht ar son tusa do bheith fonnmhar dochum maitheamhnais do thabhairt dúinn tré Críost ár dtiagharna. Tré na ndeinirsi, ó a Thiagharna, na huile tiodhlaiceadh dá ndein tú do naomhughadh do bheodhadh, do bheannughad agus do bhronnadh orainne tré san, maille ris, agus annsan is dual duitsi, ó a Dhé, an tAthair uile-chomhachtach an uile ghlóir agus onóir an aondacht an Spioraid Naoimh, tré shaoghal na saoghal. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services