Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Canóin an Aifrinn

Title
Canóin an Aifrinn
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1786
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1930)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



CANÓIN AN AIFRINN



Ar an adhbhar soin, a Athair is mó
trócaire, umhalghuidhmíd thú, tréd Mhac
Íosa Críost ár ttighearna, glac chughad
agus beannaig na tiodhlaiceadha so,
na tabhartuis so, doghnímíd d'ofráil
duit ar ttúis ar son na naomheagluise
coitchinne go mbadh toil leat síocháin
do thabhairt di, a cumhdac, a déanamh
aonda, agus a riaghlughadh ar feadh an
domhain go huile mar aon red' shear-
bhóntuidhe an Pápa N, ár nEasbog N,
agus ár righ N, mar an cceadna na
huile chreidios agus do choimeadas go
fíor an creidiomh coitchionn abstalda.



Cuimhniúghadh na mbeo.



Cuimhnigh, ó a Thighearna, ar do sheir-
bhíseachaibh uile idir fhear agus mhnaoi
N agus N, agus go háirighthe ar son a
bhfuil do láthair, agarab aithne dhuit
a ccreidiomh agus a gcaondúthracht ag
a nofrálamaoidna air a son, nó ag a
nofrólaid féin duit an iodhbhairt mholta
so, ar a son féin agus ar son a
muinntire, ar son fuasgalta a nan-
mann, agus ar dhóthcas a slánuighthe,
agus re a ndíolaid nó re a ccoimh-
líonaid a ngealamhna duitse, an
fírdhía síoruidhe marthannach.



Air mbeith ramnpháirteach san chomaoin
chéadna agus ag onórughadh cuimhne go
speisíalta na Maighdine síorghlórmhaire
Muire Máthair Dé ar ttighearna Íosa
Críost, mar an ccéadna na hapstail
agus na mairtíricc bheannaighthe
Peadair agus Pól, Aindrias, Séamus,
Eóin, Pilib, Parthalón, Matha, Simeón,
agus Tadhg, Línus, Clétus, Clement,
Xistus, Conchubhar, Ciprian, Labhrás,
Crisogonus, Eóin agus Pól, Cosmas and
Damían, agus do naoimh uile; agus
deónuigh tré na saothar agus tré na
neadarghuidhe ár neartughadh sna huile
neithe tré chongnamh do tharmuinn trés
an cCríost céadna ár ttighearna.
Amen.



Ar an ádhbhar soin, ó a Thighearna
guidhmíd thú an ofráilsi ár ndaoirsi
agus daoirse do mhuinntire uile do
ghlacadh go grásamhail; ár laethe
d'ollmhughadh ad' siothcháin ár sábháil ar
dhamnughadh shiorraidhe agus ár gcur a
nuimhir do chlainn toghtha, tré Chríost ár
ttiagharna. Bíodh mar sin.



Ó a Dhé, guidhmíd thú an ofráil
chéadna do dhéanamh is na huile neithe
beannaighthe, éifeactach, reasúnta,
ionghabhtha; ionnas go ndéantar de ar
ár sonna fuil agus feoil ár ttiagharna
Íosa Críost do Mhac róionmhuin.



An tí an lá roimh a pháis d'fhulang
do ghlac arán ina lámhaibh naomhtha, agus
ar ttógbháil suas a dhearc chun neimhe
chughadsa, a Athair uile chomhachtac, ag
tabhairt buidheachais duit, do bheannuig
é agus tug dá dheisgiobalaibh é, ag rádh,
glacaidh agus ithidh uile de so óir asé so
mo chorp.



Ar an módh ccéadna iar nithe a
shuipéir, ar nglacadh na cailíse iona
láimh naomhtha beannuighthe, ag tabhairt
buidheachais duit mar a ccéadna, do
bheannuig agus tug dá dheisgiobalaibh é ag
rádh glacaigh agus ibhidh di so óir así
so cailís m'fhola don nuaidhreacht
mharthannach (rún-diamhar creidimh)
doirtfíghear ar bhúr son agus ar son
iomaid dochum maitheamhnuis peacadha.
Dá mhionca dodhéanfaidh sibh na neithe
si, déanaidh iad a gcuimhne ormsa.



Ar an adhbhar soin, ó a Thigharna, ar
mbeith cuimhneach dúinne do sheirbhís-
eachaibh agus do phobal naomhtha ar pháis
bheannaighthe an Chríost chéadna do Mhac
ár ttiagharna, mar aon agus ar a eiseirghe,
agus mar an cceadna ar a dheasgabháil
glórmhar go neamh ofrálamaoid dod
mhórdhacht ró-árd, dod thíodhlacaibh agus
dod thabhartuisibh féin, iodhbairt ghlan,
iodhbairt naomhtha agus iodhbairt gan
truailleadh, naomharán na beatha


L. 36


shíoruidhe agus cailís na sláinte
síoruidhe.



Agus guidhmíd thú féachain ortha
maille re ghnúis thrócaireach agus a
nglacadh amhail do ghlacais go grás-
amhail tíodhlaiceadha do sheirbhísig Abel
an fíoraon agus iodhbairt ár nárdathar
Abraham, agus an naomhiodhbairt gan
truailleadh d'ofráil do árdshagart
Melchisedec duit.



Umhalghuidhmíd thu, a Dhé uilechomh-
achtaig, aithne na neithe si do bhreith a
lámhaibh do naomhaingeal chum t'árd-
áltórach a bhfiaghniuse do mhórdhachta
diadha, ar mhódh an méid againn tré
rannphairt na haltórach do ghlac fuil agus
feoil naomhtha do Mhic go mbiadhmaoid
lán do na huile ghrásaibh agus bean-
nughadh neamhdha trés an cCríost
ccéadna ár ttiagharna. Amen.



Bí cuimhneach, ó a Thigharna, ar do
sheirbhíseachaibh fir agus mná, N agus
N, d'imthig reomhainn maille re chomh-
artha an creidimh agus atá suaimhneach
a ccodhladh na síothcána. Ó a thiagh-
arna, guidhmíd thú, tabhair dóibh agus
do na huile do chomhnuigheas a cCríost
ionnad suaimhnis, soillse agus síothchána.
Amen.



Agus dúinne na peacaig do sheir-
bhisig ag a bhfuil dóthchas an iomad-
amhlacht do thrócaire deonaig roinn agus
comhluadar do thabhairt maille re'd
naomhapstolaibh agus mairtíreachaibh,
maille re hEoin, Steaphan, Mattias,
Barnabi, Ignatius, Alecsander, Mar-
cellinus, Peadar, Felicitas, Per-
petua, Agata, Liucia, Agnes, Cecilia,
Anastasia, agus maille re'd naomhaibh
uile agus umhalghuidhmíd thú sinn d'fulang
'na gcomhluadar, ní ar son ár saothar
acht ar son tusa do bheith fonnmhar dochum
maitheamhnais do thabhairt dúinn
tré Críost ár dtiagharna.



Tré na ndeinirsi, ó a Thiagharna, na
huile tiodhlaiceadh dá ndein tú do
naomhughadh do bheodhadh, do bheannughad
agus do bhronnadh orainne tré san, maille
ris, agus annsan is dual duitsi, ó a
Dhé, an tAthair uile-chomhachtach an uile
ghlóir agus onóir an aondacht an Spioraid
Naoimh, tré shaoghal na saoghal. Amen.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services