Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAthair Diarmuid Ó Séagha cct
Title
An tAthair Diarmuid Ó Séagha cct
Author(s)
Ó Séagha, An t-Athair Diarmuid cct,
Compiler/Editor
Ó Séagha, An t-Athair Diarmuid
Composition Date
1820
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An t-Athair Diarmuid Ó Séagha cct. A Righ pharrathais do dhealbhuigh na múrthaoi céad Guidhim feasda thu is ná damanaidh am' chionntaibh mé, Do bhrígh an ainbhfis do thairngios gach stúrthaoi léin Bí am' theamran ar eagala na sgiuirsidhe ngéar. A Rígh do chidh i gcruth go cróiligheach mé is do chídh na luitse ag dul go beo trém' thaobh Do bhí san gcrois go huis dod dheóin-bhrígh féin Sgaoil ó néimh an luibh le n-a bhfóirfidhe mé. A Rígh na cruinne do cheannuig sin go daor Ad' shíneadh i gcrois ag fulang fhíorghoin créacht Ón saoghal so abhus nách bhfuil acht aoibhneas baoth Beir sinn uile leat dod' rioghbhrog féin. A Rígh naomhtha fhíordhaonachtaigh fuair peannaid is páis, Guidhim féin go sítheach séimh thú is freagair mo chás, Ó sgíos bhaoghalach laoi an tsléibhe beir m'anam leat slán is le linn m'éaga bí taobh liom dom chabhair ó'm' námhaid. A Rígh na n-aingeal, na n-apstal is na mairtíreach A rígh fuair peannaid is aithis imeasc naímhde A righ tug ceangal do Pheadair is cead sgaoilte Beir saor ár n-anam go cathair an gheal-aoibhnis. A réilteann bheannuighthe, a bhanaltra an rígh ghlórmhair I mainnséar asail tug sealad ad' luighe sheólta Atá an t-éag am' aice, atáim crapuighthe míthreórach Is ó'n bpéin beir m-anam go flaithis na Trionóide. A sgiath m' anma, 's a bhanaltra an Mhic chéas páis A ghlan-mhasgalach na n-aingeal is na naom go bráth Iarraim tathaint chuim do dhalta dhil ar lae mo bháis Mo thriall fairis, leis na hapstail is gan daorbhruid d'fhághail.
Admhaim féin an méid seo am chionntaibh ar dtúis: Paidir ná cré lem' ré ní minic a dubhart,
Chuim Aifrionn Dé ní théidhinn ag filleadh mo ghlúin, 'S do shagart 'sa tsaoghail níor léigheas friotal mo rúin. A dhuine gan chéill, is baoth an chodhla do-ghnír Ó dhul faoi don ghréin go léir go maidin airís; Féach Mac Dé tré thaobh gur scoilteadh a chroidhe Is Muire bhí i gcéin ag éigheamh, i ndoilbhre 's a' caoi.
AN FEAR CÉADHNA DO CHAN. Mo theagasg dá nglacfá a chuirp nár cleachtadh leat srian do'd t'anam dob' fholláin scur dá rachmais riamh Gach peaca 'na dtuitfeá acht tú fhághail sagairt mar liaigh 'S an bhagairt 'na bhfuil gádh dul dá sheasamh go dian. Smachtaidh an corpán thug cáil mhasla dhuit riamh Fairigh an smatán sin báis thairis ag triall; Id' leabaidh dá luighfeá is tú slán meardha ag riar Dob' eagal go mbeithfeá go moc tráth marbh gan rian, Nách dearbh, a bhochtáin sin, cás t'anma a' tigheacht; Seachain an earáid, coiméad aitheanta dia; Leanuigh an casán agaibh d'fhág Peadar mar riaghail, Is teagasc na nglanfháid bheas dá aithris 'na ndiaidh. Dá gcaillir an doirteán duit dáil reachtais tug Dia A ghlacadh na chonác tú d'fhághail aisig 'na thrian Na tréana badh crostáil duit ná haistrigh iad Madh searbh is fulláin, beir lá seasgair 'na dhiaidh. Fan ar an mbeagán, an t-athlá agat ní bhiaidh, Biaidh agat do shean-sháith gearán t'easba le Dia. Is fearra dhuit sin ná dul d'fhághail peannaid is pian, Mallacht is danfadhach, is tú id' ghráin mhairbh ag Dia. Abair na liodám, cuir gáir psailm 'na ndiaidh; Freagair na bochtáin, friotháil eatortha an biadh; Laguigh an sparán, bain mám treasna as a chlíabh; 'Sé chaitheamh a choiméad, biaidh lá agat sa tsliabh. Achair an bhanfháidh aga bhfuil grádh is taise dhuit riamh, Glacaidh do ghearán, biaidh dá thagairt le Dia, Rachaidh le díombáidh dhuit d'fhághail maithfeachas t'fhíach Agus bainfidh gan ghearán sin dá dalta gan chiach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services