Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAthair Diarmuid Ó Séagha cct

Title
An tAthair Diarmuid Ó Séagha cct
Author(s)
Ó Séagha, An t-Athair Diarmuid cct,
Compiler/Editor
Ó Séagha, An t-Athair Diarmuid
Composition Date
1820
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An t-Athair Diarmuid Ó Séagha cct.



A Righ pharrathais do dhealbhuigh na múrthaoi céad
Guidhim feasda thu is ná damanaidh am' chionntaibh mé,
Do bhrígh an ainbhfis do thairngios gach stúrthaoi léin
Bí am' theamran ar eagala na sgiuirsidhe ngéar.



A Rígh do chidh i gcruth go cróiligheach mé
is do chídh na luitse ag dul go beo trém' thaobh
Do bhí san gcrois go huis dod dheóin-bhrígh féin
Sgaoil ó néimh an luibh le n-a bhfóirfidhe mé.



A Rígh na cruinne do cheannuig sin go daor
Ad' shíneadh i gcrois ag fulang fhíorghoin créacht
Ón saoghal so abhus nách bhfuil acht aoibhneas baoth
Beir sinn uile leat dod' rioghbhrog féin.



A Rígh naomhtha fhíordhaonachtaigh fuair peannaid is páis,
Guidhim féin go sítheach séimh thú is freagair mo chás,
Ó sgíos bhaoghalach laoi an tsléibhe beir m'anam leat slán
is le linn m'éaga bí taobh liom dom chabhair ó'm' námhaid.



A Rígh na n-aingeal, na n-apstal is na mairtíreach
A rígh fuair peannaid is aithis imeasc naímhde
A righ tug ceangal do Pheadair is cead sgaoilte
Beir saor ár n-anam go cathair an gheal-aoibhnis.



A réilteann bheannuighthe, a bhanaltra an rígh ghlórmhair
I mainnséar asail tug sealad ad' luighe sheólta
Atá an t-éag am' aice, atáim crapuighthe míthreórach
Is ó'n bpéin beir m-anam go flaithis na Trionóide.



A sgiath m' anma, 's a bhanaltra an Mhic chéas páis
A ghlan-mhasgalach na n-aingeal is na naom go bráth
Iarraim tathaint chuim do dhalta dhil ar lae mo bháis
Mo thriall fairis, leis na hapstail is gan daorbhruid d'fhághail.



B 1818ls 19T
Admhaim féin an méid seo am chionntaibh ar dtúis:
Paidir ná cré lem' ré ní minic a dubhart,


L. 82


Chuim Aifrionn Dé ní théidhinn ag filleadh mo ghlúin,
'S do shagart 'sa tsaoghail níor léigheas friotal mo rúin.



A dhuine gan chéill, is baoth an chodhla do-ghnír
Ó dhul faoi don ghréin go léir go maidin airís;
Féach Mac Dé tré thaobh gur scoilteadh a chroidhe
Is Muire bhí i gcéin ag éigheamh, i ndoilbhre 's a' caoi.



B 1822ls 19T
AN FEAR CÉADHNA DO CHAN.



Mo theagasg dá nglacfá a chuirp nár cleachtadh leat srian
do'd t'anam dob' fholláin scur dá rachmais riamh
Gach peaca 'na dtuitfeá acht tú fhághail sagairt mar liaigh
'S an bhagairt 'na bhfuil gádh dul dá sheasamh go dian.



Smachtaidh an corpán thug cáil mhasla dhuit riamh
Fairigh an smatán sin báis thairis ag triall;
Id' leabaidh dá luighfeá is tú slán meardha ag riar
Dob' eagal go mbeithfeá go moc tráth marbh gan rian,



Nách dearbh, a bhochtáin sin, cás t'anma a' tigheacht;
Seachain an earáid, coiméad aitheanta dia;
Leanuigh an casán agaibh d'fhág Peadar mar riaghail,
Is teagasc na nglanfháid bheas dá aithris 'na ndiaidh.



Dá gcaillir an doirteán duit dáil reachtais tug Dia
A ghlacadh na chonác tú d'fhághail aisig 'na thrian
Na tréana badh crostáil duit ná haistrigh iad
Madh searbh is fulláin, beir lá seasgair 'na dhiaidh.



Fan ar an mbeagán, an t-athlá agat ní bhiaidh,
Biaidh agat do shean-sháith gearán t'easba le Dia.
Is fearra dhuit sin ná dul d'fhághail peannaid is pian,
Mallacht is danfadhach, is tú id' ghráin mhairbh ag Dia.



Abair na liodám, cuir gáir psailm 'na ndiaidh;
Freagair na bochtáin, friotháil eatortha an biadh;
Laguigh an sparán, bain mám treasna as a chlíabh;
'Sé chaitheamh a choiméad, biaidh lá agat sa tsliabh.



Achair an bhanfháidh aga bhfuil grádh is taise dhuit riamh,
Glacaidh do ghearán, biaidh dá thagairt le Dia,
Rachaidh le díombáidh dhuit d'fhághail maithfeachas t'fhíach
Agus bainfidh gan ghearán sin dá dalta gan chiach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services