Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Taréis gach Eoluis
Title
Taréis gach Eoluis
Author(s)
Ó hAllmhuráin, Tomás,
Composition Date
1844
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Saor Mór cct. Aisling do Chonnarc tré mo Chodhla. LS. Uí R. 69, LL371 - 373. Ar leabain go déannach am aonar am luighe mé An aisling trém' neulta ba léir dhom go soillseach An sagart dob aosda fán éide ba saidhbhre D'éis Aifrionn do léigheamh dhó is scéimheach an radharc sin: Sléachtann sé is feacann go tapaidh ar a ghlúin, Féachann sé ar fhlathas le hamharc a shúl, Is braona go talamh 'na srothaibh leis, a dubhairt - Gairim Thú, a Dhé dhil, dom shaoradh ó dhoilgheasaibh Ná maslaigh do chléir bhocht le géur-ghoin a naímhde. Do dhearcas go h-éascaidh tar éis stad ó chaoi dhó Aingiol mar cherub 'na léir-sheasamh taoibh leis; Lasaid na spéartha le caorthaibh ba thaidhbhseach Is dalladh mé in aoinfheacht le gléire na soillse. "Bfeuchfá, thígearna Easbaig," go h-airthinneach dubhairt, "'Sé an Naomh Spioraid ó fhlathas do bhagar mé chughat chun éirligh mar maith leat é ar chrapadh na súl." "Ó a Victor, san mhéid sin is méin liom bheith foighdeach Do glacadh na Ninevites is dob fhéidir dom chloinnse. Iar dteacht dom go h-Éirinn ní féidir nach cuibhim leat 'sé Satan ba léir dom ag aodhaireacht na críche ann Níor bhfeasach dom aon neach do ghlaodhfadh ar Íosa ann Acht ar Pallus nó Phoebus, ar Bhéalus nó Aoibheall. D'éist siad le teagasg na n'aitheanta ar dtúis, Le Cré na nApstal is paidreacha annsúd Sléachtfaid do Eaglais is feacaid go h-úmhail. Is gairid 'na dhiaidh sin gur claonadh a n'inntin Chun Aifrionn le méin mhaithis treadhanas Dia hAoine. Bhí sagart fá thréad i ngach gléib insas tír so A' síor-chanadh daonacht' an tsaoir-Mhic 'sa dhiadhachta Gan easba ar an léirsgrios fuair déithe na ndraoighthe, 'Sis talamh ró-naomhtha do ghlaodhadar don ínnse. Do ba séanmhar an aisde dóibh seallad mar siúd Ag éisteacht na psailm is canticles úird Te Deum gach maidin is Vespers dar liom 'Sé an seallad badh réim dóibh, gladhaig aon ar gach géimre Sin Calvin dá chéasadh i gcionn céad tar-éis míle.
Cia taithniomhach na tréighthe le hAon-Mhac na soillse Badh geanmnach éagnach truaighbhéileach gan taidhbhse, Ceapan dá éis sin a léighiomh go ró dhéimhneach. cia an tanfadh is tréinne nach dtraochfadh a bhfoidhne Seo Sibeal na mallacht dá ngreadadh gan cúis Is dá mba fhéidir badh mheasa dhóibh Albanach Stuart. Raobaid a gcealla is scaipid a núir Gach abadh san tréad bhocht chum déirce dá saighdeadh Gan tairbhe gléibe ná aon reid mar raíghse. Do bhárra gach éigceart dá mba fhéidir leo smaoineadh Nár leagadh ar na Gaodhailibh i réimheas gach righ dhíobh. Níor feannadh in aoinfheacht is níor léirleagadh síos iad Go bpreabaid Cromwellions go tréanmhar tar taoide Na faolchoin so creachaid a mbailte 'sa ndúin Is créimid an Eaglais le masla fá smúit Gan éiliomh ar bheatha aca acht seamair na súmhadh. Seo Easbaig is Prelates chuim déirce gan saoirse Is fearantus Éirionn le chéile faoi dhaoirse. An t-Aifrionn dob éigin do léigheamh go ró íseal I mbathais na sléibhte nó i gcaol ghleannaibh ísle I gcuasaibh da éirde, trí léige ó dhroch dhaoine Gan daingion ón spéir acu acht caol-dair nó craoibhe. Seo Gaodhal bocht 'gna Protestants caithte ar a chúl Gan léas aige ar thalamh ná taitheach ná clúid Gan éide gan arm ná caraid i gcúirt, Acht bascaithe in éigceart gan éiliomh ar saoirse Acht flaithis go haonda tan éagfaid san tír seo. Ár n-athair geal naomhtha thug éisteacht dá bhfoidhne Is gurab aige go haonda tá a ngéibheann so-leigheasta Geallan gur séanmhar a gcléir bhocht le maill bheag I bhfearantas Éibhir gan creimeadh ná doimhin smacht. Beidh an téarma fuair Calvin go gairid ar chúl Is céadta do Protestants casda go húmhal Ag éisteacht na nAithfrionn is greamuighthe in úird Measaim gur séimhe le haoinneach mar leigheas sin Nó a gceartadh mar Laoghaire, pé céim ionna ndéidhig sé. Gach teagasg nach téarnan i réim ceart ó Íosa Tré Pheadar ba naomhtha 'na aodhaire dá línne Gan deascadh drochbhéasaibh ná claon-chleasa daoine Ná mallairt aon chéim den tsoisgéal do chraobhsgaoileadh Ní féidir leis seasamh ró fhada gan siubhal Már éirghís ar maidin den talamh an drúcht Is éigin dó scaipeadh go tapaidh mar chubhar. Gach pearsa díthcéilleach nach ghéilleann don dlighe so Stadadh is léigheadh sé rann éagnach den Bíobla.
M'aisling do thréig mé nuair d'aosuigh an oidhche Is do tharaigios buidheachas do Dhé labhair taoibh liom Measann gur éagnach gach bhéarsa dá chainnt sin Is príomh-easbog Éireann dom éisteacht dá innsint, tá Cré ceart na n-abstal na seasamh dar liom 'S is naomhthacht a gairm sin feasda is ó thíus. A naomhthacht má theastuigh ó Calvin a cheartughadh Aithris má féidir le héifeacht é shuidhiughadh Nó is Arsenic gan éifeacht do léighion is do sgríobhainn. An chathair seo deineadh í, ar aedhir-chnoc dá aoirde Le dearcadh ag gach aon neach dar mian leis teacht innte Fuair gealladh nách bréagach ón Naomh-Spioraid 's ó Íosa Go lá dheire an tsaoghail a caomhnadh 'sa cuimhdeacht. Dá haodhaireacht fuair Peadar a phatain uaidh síud Tá an séaladh comh neartmhar air feasda is ó thúis Go déidheannach is beathach 'na seasamh gan smúit Le gaisge na Caesars a dtréinne ná a ndithchioll A leagadh níor bhféidir, a raobadh ná a díbirt. An chathair so Éadbhairt níor léir dúinn riamh roimhe seo Is lag a foundation is é féin an chloch íochtair Níor dearcadh le haon neach, is ní caoch do bhí a sinnsear An Hannraoi ba déidheannach gur éag sé le díomas: Fuair Seymour is Cranmer a cheannas ar dtúis Agus Sibéal na mallacht ba charaid dóibh siúd, Is í féin dob' easbog dá nglacadh ins na húird, A patain cár théarnaig ní fhéadann sí innsint Ó fhlathas ní ghéillim, acht déarfainn Cocytus. Gach gaige nach leigheanta is gnáth léigheas an Bíobla, Puinn logic nach léir dhó ná aon-fhocal diadhachta, Nach feas dó doimhin éifeacht aon rann don Bhíobla Már is Eagluis go haonda 'n ar féidir leo innsint. Léighfidh as Peadar má's maith leis an chúis 'Nar bhfíuntach dó a ghráfadh do leagadh air, 'na súil Is éigin dó creatha mar Aspen duilliúr Tríd an mhasla bheir séithlig do naomhaibh is d'Íosa Le racaireach éithig do dhéanamh dá mBíobla. Ar talamh pé déarfadh an éisdeacht do rígh ar bith, Is feas dom gurab éitheach is gurab bréag a n'innsir, A dtagann ód' bhéal chughainn, ní h-é bhíos id' inntin, Is gairid gur dreimire na caor-theine a dhíol sin; Acht Aon-Mhac ár n'Athair do ghníos ceart i ngach cúis Is éigceart ní feasac go ndeachadh in a chúirt, Ní ghéilleann go maithfeadh sé a mhasla dó súd. An bhreith cheart so bhéarfuidh insa ngné sin go hionnraic Ar fhlathas tá a néiliomh, 'sis ró bhaoghal dul síos dóibh.
CEANGAL. Tá rinnce a' teacht 'nár ngar ó bhinn-chruit chéoil, Is biaidh binneas feasda i bhfearrann Chuinn is Eoghain; Is binn do cannfar Aifrionn Chríost gach ló; Is na mílte a' teacht ar n-ais le hinntin chóir. Is cóir 'sis ceart an teacht so ceapadh dhúinne, Is go deo ní ceart dúinn stad ó mholadh an Dúilimh Do dheóin dúinn ceart gan smacht ó chleasaibh Luther tá ar féodh is ar meath le seal, 'sa phrop a' túirlint. Do thúirling spré 'ón spéir do bhaineas le Dia Bheir congnadh plé don chléir le ceannus go dian, Múin dí léigheann nách féidir do chrapadh le srian Go ndubhaig an spéir go léir an ghealach 's an ghrian. Grian eolais gan teora do ceapadh di ar dtúis Bheir eolas dá seoladh i ngach bealach 'tá cumhang, I ngleo grod ní fhóghnann do Calvin a cheartughadh Dá fhógairt cheal eolais go ndeachaidh sí amú. Amú má dheachaidh, a Calvin, as lár an tslighe Taréis ar mhúin di Peadar an t-apstal ba ghrádhmhar croidhe, Tá cúrsa a phaitin 'na sheasamhle grása Chríost, Is Luther caithte fá sgamall go bráth airís. Airís tan léigfear a psailm, is gan sgáth ón dlighe aice Gan feaidhim gan prapa chun seasamh, ná fábhar ímpre Beidh soillse ar lasadh 'nár neaglais is grádh dá rígh aice, Is le meidhir, cidh deacair é, caithfeadsa fásgadh ar rinnce.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services