Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Machtnamh nó Breathnughadh ar Uaigh an Mharbháin
Title
Machtnamh nó Breathnughadh ar Uaigh an Mharbháin
Author(s)
Ó Briain, Pól,
Composition Date
1820
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N IMN1929 21} {L 21} {B 1820ob 19T} {U 0406} {C Prós} Machtnamh nó Breathnughadh ar Uaigh an Mharbháin. LS. Uí Mh. XLVII, L. 28 Smamoinimís go raibh an t-é atá 'na luighe annso mar atá sinn anois, lán de neart agus de shláinte, líonta de mhian fad-shaoghail agus ar a leithéid de dhúil leis an mbás agus atá an chuid eile dhá cháirde 'tá beo i láthair, agus gur b'éigin dúinne a bheith go fóil mar atá seisean anois, ceangailte insa tais-léine, dúnta 'na chomhrtha cruaidh conghán, sínte faoi thalamh dár saltar faoi chosaibh gach treibh dá dtiocfaidh 'n-ár ndiaidh agus 'n-a bhfocal gan smuaineamh nó trácht orainn acht oiread leis sin anois: rachfaidh ar gcéile ár gclann agus ár gcáirde thart le ár dtaobh nó treasna ár nuaighe comh neamh-shuimeamhail agus dá n- éagfaimís roimhe an ndíle: ní roinnfidh a ngrádh a ngaol nó a gcarthanacht linn níosa mhó! So deire gach meas agus mór-chéim saoghalta bíonn sinn go gnáthach ag iarriadh thabhach dhúinn féin, oiread is go dtugamar ár n-anam go minic mar mhalairt ortha. So an luach saothair is dual dúinn d'fhagháil 'ón tsaoghal cealgach neamh- bhuansach. Nach aoibhinn don dream a thug searc a gcroidhe do Dhia amháin, atá i ngrádh le n-a scéimh agus nach dtug annsacht d'aon nídh ar bith eile: seo an mhaith mharthanach a bhéarfas sólás dúinn ar uair ár mbáis is nach sgarann linn ar thaobh thall den uaigh an uair a thréigfeas gach nidh eile sinn, agus a bhéarfas aoibhneas agus suaimhneas dár n-anam tra bhíos an cholann 'n-a cré agus 'n-a luaithreamhán. AN tATH. PÓL UA BRIAIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services