Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Machtnamh nó Breathnughadh ar Uaigh an Mharbháin

Title
Machtnamh nó Breathnughadh ar Uaigh an Mharbháin
Author(s)
Ó Briain, Pól,
Composition Date
1820
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Machtnamh nó Breathnughadh ar Uaigh an Mharbháin.
LS. Uí Mh. XLVII, L. 28



Smamoinimís go raibh an t-é atá 'na luighe annso mar atá sinn anois,
lán de
neart agus de shláinte, líonta de mhian fad-shaoghail agus ar a leithéid de
dhúil
leis an mbás agus atá an chuid eile dhá cháirde 'tá beo i láthair, agus gur
b'éigin
dúinne a bheith go fóil mar atá seisean anois, ceangailte insa tais-léine,
dúnta
'na chomhrtha cruaidh conghán, sínte faoi thalamh dár saltar faoi
chosaibh gach treibh
dá dtiocfaidh 'n-ár ndiaidh agus 'n-a bhfocal gan smuaineamh nó trácht
orainn
acht oiread leis sin anois: rachfaidh ar gcéile ár gclann agus ár gcáirde
thart
le ár dtaobh nó treasna ár nuaighe comh neamh-shuimeamhail agus dá n-
éagfaimís
roimhe an ndíle: ní roinnfidh a ngrádh a ngaol nó a gcarthanacht linn níosa
mhó!
So deire gach meas agus mór-chéim saoghalta bíonn sinn go gnáthach ag
iarriadh
thabhach dhúinn féin, oiread is go dtugamar ár n-anam go minic mar mhalairt
ortha. So an luach saothair is dual dúinn d'fhagháil 'ón tsaoghal
cealgach neamh-
bhuansach. Nach aoibhinn don dream a thug searc a gcroidhe do Dhia amháin,
atá i
ngrádh le n-a scéimh agus nach dtug annsacht d'aon nídh ar bith eile: seo an
mhaith mharthanach a bhéarfas sólás dúinn ar uair ár mbáis is nach sgarann
linn ar
thaobh thall den uaigh an uair a thréigfeas gach nidh eile sinn, agus a
bhéarfas
aoibhneas agus suaimhneas dár n-anam tra bhíos an cholann 'n-a cré agus 'n-a
luaithreamhán.



AN tATH. PÓL UA BRIAIN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services