Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duan na h-Aithrighe
Title
Duan na h-Aithrighe
Composition Date
1820
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N IMN1929 114} {L 114} Duan na h-Aithrighe. Ní fios cé dhein. A Rí na n-apstal do dhealbhuigh spéartha ar dtúis, Do chríochnuigh flaitheas is talamh let' shaorthoil dúinn; Sinn ó dhealbhais eatortha i ndaorbhruid chumhaing, Mínigh feasta linn t'fearg is réighidh ár bpungc. Sinn fá deara gach sgamall dá'r léigis chúghainn, Fá dhaoirse ag danaraibh Sagsan gach lá dár mbrúghadh, De bhrígh ná'r leanamar cantain do bhréithre ar dtúis Acht líonta de ghanguid gan aithne chéile i rún. Do bhíossa sealad ar mearthall céille is iúil, Go rinnceach ragairneach meanamnach aerach súghach, Gan cuimhneamh agam ar atharrach saoghal im' chionn, Go haois dom' chrapadh 's gur dalladh mé ar aon rosc súl. Críoch mo labhartha is gairid go mbéad ar siubhal, is líonta an mhalartaigh mheallas na céadta liom; Acht mar is claoidhte marbh mo shean-chorp traochta i n-úir, A Chríost, ná hagairse ar m'anam a saothar súd. Guidhim go daingion Tú, Araid-Mhic Dé na ndúl, Guidhim do bhanaltra bheannuighthe taobh leat dlúth, Guidhim na n-aingil, na h-apstail go léir, 'sa n-úird, Slighe do thabhairt dom eadaraibh féin san gcúirt. (An fear chéadna, measaim.) Atáim ag tuitim ní hionann is riamh anois Mar sgáil gan mhire gan fuineamh gan rian gan rith, A ndeághaidh gach turais dá dtugas le mian mo chuirp d'fhágfuidhear curtha 'na chonablach piaist fá'n lic. Fáth mo thuirse ná'r thuigeas go mbiainn mar sin An tráth ba mhinic mé ar mire tar riaghalach' cirt Gan tábhacht san ionad 'na bhfuilim ag triall anois Acht tabhairneach imearthach tuilthe de chliathaibh clis. Lucht ráis le mire ní fhuilingid srianta is spuir, Is táid ar buile is tuigsin is ciall aca A' trágha 'sa' tuitim go bhfuilid gach bliadhain dá dtig Mar bhláth na coille nó luisne de shliabh 'na rith. d'fhás im' chuisleanna uisge is do liath mo stuith; Tháinig daille orm 'chuireas mé siar is soir. Tráth dom' fhurtocht ní tuigtear dom liaigh go bhfuil Is fearr ná tusa, a Mhic Mhuire, 's a Dhia 'tá ar nimh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services