Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duan na h-Aithrighe

Title
Duan na h-Aithrighe
Composition Date
1820
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Duan na h-Aithrighe.



Ní fios cé dhein.



A Rí na n-apstal do dhealbhuigh spéartha ar dtúis,
Do chríochnuigh flaitheas is talamh let' shaorthoil dúinn;
Sinn ó dhealbhais eatortha i ndaorbhruid chumhaing,
Mínigh feasta linn t'fearg is réighidh ár bpungc.



Sinn fá deara gach sgamall dá'r léigis chúghainn,
Fá dhaoirse ag danaraibh Sagsan gach lá dár mbrúghadh,
De bhrígh ná'r leanamar cantain do bhréithre ar dtúis
Acht líonta de ghanguid gan aithne chéile i rún.



Do bhíossa sealad ar mearthall céille is iúil,
Go rinnceach ragairneach meanamnach aerach súghach,
Gan cuimhneamh agam ar atharrach saoghal im' chionn,
Go haois dom' chrapadh 's gur dalladh mé ar aon rosc súl.



Críoch mo labhartha is gairid go mbéad ar siubhal,
is líonta an mhalartaigh mheallas na céadta liom;
Acht mar is claoidhte marbh mo shean-chorp traochta i n-úir,
A Chríost, ná hagairse ar m'anam a saothar súd.



Guidhim go daingion Tú, Araid-Mhic Dé na ndúl,
Guidhim do bhanaltra bheannuighthe taobh leat dlúth,
Guidhim na n-aingil, na h-apstail go léir, 'sa n-úird,
Slighe do thabhairt dom eadaraibh féin san gcúirt.



(An fear chéadna, measaim.)



Atáim ag tuitim ní hionann is riamh anois
Mar sgáil gan mhire gan fuineamh gan rian gan rith,
A ndeághaidh gach turais dá dtugas le mian mo chuirp
d'fhágfuidhear curtha 'na chonablach piaist fá'n lic.



Fáth mo thuirse ná'r thuigeas go mbiainn mar sin
An tráth ba mhinic mé ar mire tar riaghalach' cirt
Gan tábhacht san ionad 'na bhfuilim ag triall anois
Acht tabhairneach imearthach tuilthe de chliathaibh clis.



Lucht ráis le mire ní fhuilingid srianta is spuir,
Is táid ar buile is tuigsin is ciall aca
A' trágha 'sa' tuitim go bhfuilid gach bliadhain dá dtig
Mar bhláth na coille nó luisne de shliabh 'na rith.



d'fhás im' chuisleanna uisge is do liath mo stuith;
Tháinig daille orm 'chuireas mé siar is soir.
Tráth dom' fhurtocht ní tuigtear dom liaigh go bhfuil
Is fearr ná tusa, a Mhic Mhuire, 's a Dhia 'tá ar nimh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services