Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bhéto
Title
An Bhéto
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1820
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1926)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An t-Acht le n-a dtugaid le himirt an Bhéto Ná tugaidh sibh féin do chlann an diabhail, Is gur daor lucht na dlighthe do thiocfadh 'na ndéidh Chum sibh-sé do chéasadh le hiomarca pian. Fanaidh n'bhur seasamh mar táthaoi go fóill, Tá bualadh 'gus leagadh ar an ngalla-phoc crón, Ruagadh gan chasadh mar mheasaim go deo, Do réir mar is dóigh le Caitlín Triall. Tá an bhliadhain seo dá caitheamh do thosach an téarma - Fanaidh go réidh is bíodh agaibh ciall, 'S go dtiubhrainn mo bhanna go daingean le héifeacht Gur gairid an tréimhse bheas agaibh i gciach, An tan bheidh sibh i gceannas 's i ngradam go cóir, I n-Éirinn 's i dtalamh na Breataine i gcoróinn, Sliocht Lúitir is Chailbhin lag marbh gan treoir, Do réir mar is dóigh le Caitlín Triall. Bliadhain a treas beidh spairn is gleo Ameasc na n-Eorap 's ní huras a gclaoidhe; Agus bliadhain a cheathair geallaim-se dhóibh Gur dealbh a lón, a mbeatha, 's a dtigheas; Bliadhain a chúig fichead is cuirim leis aon, Ní bheid siad i gceannas ar chumas ná réim, Gan aon díobh le casadh go dtagaidh Lá an tSléibhe, Do réir mar do léigheadh le Caitlín Triall. Is bliadhain a seacht fichead ní misde liom d'áireamh Go mbeidh sagairt is bráithre feasta Ag léigheamh na salm 's na n-Aifreann árda, Le dlighthe an Phápa i ngairm. Dá mhéid easmailte is tarcaisne bhí Ag sliocht Lúitir is Chailbhin ar Eaglais Chríost, Beid siad súd i gceannas 'sa choróinn arís Do réir mar síltear le Caitlín Triall. A Dhómhnaill Uí Chonaill, a phosta na cléire Beannacht is céad do chuirim id dháil, Mar is tú do sheasaimh go calma tréan Chum achtana an Bhéto do chaitheamh fé'n gclár. Beannacht Mhic Mhuire do chuirim id dhéidh, Beannacht na n-aingeal 's na n-apstal go léir, is le linn an Athar dod ghairm ó'n saoghal Go flaitheas na naomh go ndeachair gan spás!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services