Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Bhéto

Title
An Bhéto
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1820
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1926)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An t-Acht le n-a dtugaid le himirt an Bhéto
Ná tugaidh sibh féin do chlann an diabhail,
Is gur daor lucht na dlighthe do thiocfadh 'na ndéidh
Chum sibh-sé do chéasadh le hiomarca pian.
Fanaidh n'bhur seasamh mar táthaoi go fóill,
Tá bualadh 'gus leagadh ar an ngalla-phoc crón,
Ruagadh gan chasadh mar mheasaim go deo,
Do réir mar is dóigh le Caitlín Triall.



Tá an bhliadhain seo dá caitheamh do thosach an téarma -
Fanaidh go réidh is bíodh agaibh ciall,
'S go dtiubhrainn mo bhanna go daingean le héifeacht
Gur gairid an tréimhse bheas agaibh i gciach,
An tan bheidh sibh i gceannas 's i ngradam go cóir,
I n-Éirinn 's i dtalamh na Breataine i gcoróinn,
Sliocht Lúitir is Chailbhin lag marbh gan treoir,
Do réir mar is dóigh le Caitlín Triall.



Bliadhain a treas beidh spairn is gleo
Ameasc na n-Eorap 's ní huras a gclaoidhe;
Agus bliadhain a cheathair geallaim-se dhóibh
Gur dealbh a lón, a mbeatha, 's a dtigheas;
Bliadhain a chúig fichead is cuirim leis aon,
Ní bheid siad i gceannas ar chumas ná réim,
Gan aon díobh le casadh go dtagaidh Lá an tSléibhe,
Do réir mar do léigheadh le Caitlín Triall.



Is bliadhain a seacht fichead ní misde liom d'áireamh
Go mbeidh sagairt is bráithre feasta
Ag léigheamh na salm 's na n-Aifreann árda,
Le dlighthe an Phápa i ngairm.
Dá mhéid easmailte is tarcaisne bhí
Ag sliocht Lúitir is Chailbhin ar Eaglais Chríost,
Beid siad súd i gceannas 'sa choróinn arís
Do réir mar síltear le Caitlín Triall.



A Dhómhnaill Uí Chonaill, a phosta na cléire
Beannacht is céad do chuirim id dháil,
Mar is tú do sheasaimh go calma tréan
Chum achtana an Bhéto do chaitheamh fé'n gclár.
Beannacht Mhic Mhuire do chuirim id dhéidh,
Beannacht na n-aingeal 's na n-apstal go léir,
is le linn an Athar dod ghairm ó'n saoghal
Go flaitheas na naomh go ndeachair gan spás!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services