Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán Ó Tinn
Title
Seán Ó Tinn
Author(s)
Ó hAllmhuráin, Tomás,
Composition Date
1844
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1926)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saoghal is marthain gan easba go bráth, mo ghuidhe Do'n té, má pheacuigh le fala ná gráin do'n diadhacht, Go héasca 'casadh chum Aifrinn le sásamh croidhe: Ná héisteadh feasta le bladaireacht Sheain Uí Thinn. Sléachtadh, feacadh is admhuigheadh má's grádh do'n fís Tré éirim politics tarraingthe i dtráth ó Pheel, Thug é chum peaca, is athchuingheadh grása ó Chríost, Is ná géilleadh feasta do Pharodies Sheain Uí Thinn. A Dhé dhil d'aithin is d'achtuigh go bráth mar dhlighe Géilleadh do thabhairt do shagairt is d'á ráidhte fíor, Tá créim nár cheapais do'n Eaglais ar chách le suidheamh, Má's ded' chléir na fearaibh seo, Rafferty is Seán Ó Tinn. Má's clé an teagasc le n-aithris a rádh gur fíor Nár fhéad Dia seasamh ar talamh ná i n-áit fó'n saoigheal, Acht go haonda i bhflaitheas mar a bhfanfaidh go bráth 'na shuidhe - Seo an dá naomh d'abair é, Rafferty is Seán Ó Tinn. Is bréag an geallamh fuair apstail a ráidhtibh Chríost, Nach dtréigfeadh Eaglais is go bhfanfadh go bráth dá ndíon: - Éist liom sealad is geallaim go dána a shuidheamh, 'San naomhadh caibidil de Pharodies Sheain Uí Thinn! Is bréag le n-aithris gur sheasaimh do láthair Mhaois', Ag léigheamh gach aithne dár mhaith leis i gclár do scríobhadh; An mhéid má cailleadh, níor labhair le cách arís: - Tá Paine dá thagairt mar thaca le Seán Ó Tinn. "Is Mé arán na beathadh," le magadh do ráidhtigh Críost, Bréag i n-a theanga, is a mhalairt le fagháil 'na chlí: - Seo scéal nár admhuigh do Pheadar ba ghrádhmhar croidhe, Ná d'aon duine ar talamh go bhfeacaidh Sé Seán Ó Tinn!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services