Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Tinn

Title
Seán Ó Tinn
Author(s)
Ó hAllmhuráin, Tomás,
Composition Date
1844
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1926)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Saoghal is marthain gan easba go bráth, mo ghuidhe
Do'n té, má pheacuigh le fala ná gráin do'n diadhacht,
Go héasca 'casadh chum Aifrinn le sásamh croidhe:
Ná héisteadh feasta le bladaireacht Sheain Uí Thinn.



Sléachtadh, feacadh is admhuigheadh má's grádh do'n fís
Tré éirim politics tarraingthe i dtráth ó Pheel,
Thug é chum peaca, is athchuingheadh grása ó Chríost,
Is ná géilleadh feasta do Pharodies Sheain Uí Thinn.



A Dhé dhil d'aithin is d'achtuigh go bráth mar dhlighe
Géilleadh do thabhairt do shagairt is d'á ráidhte fíor,
Tá créim nár cheapais do'n Eaglais ar chách le suidheamh,
Má's ded' chléir na fearaibh seo, Rafferty is Seán Ó Tinn.



Má's clé an teagasc le n-aithris a rádh gur fíor
Nár fhéad Dia seasamh ar talamh ná i n-áit fó'n saoigheal,
Acht go haonda i bhflaitheas mar a bhfanfaidh go bráth 'na shuidhe -
Seo an dá naomh d'abair é, Rafferty is Seán Ó Tinn.



Is bréag an geallamh fuair apstail a ráidhtibh Chríost,
Nach dtréigfeadh Eaglais is go bhfanfadh go bráth dá ndíon: -
Éist liom sealad is geallaim go dána a shuidheamh,
'San naomhadh caibidil de Pharodies Sheain Uí Thinn!



Is bréag le n-aithris gur sheasaimh do láthair Mhaois',
Ag léigheamh gach aithne dár mhaith leis i gclár do scríobhadh;
An mhéid má cailleadh, níor labhair le cách arís: -
Tá Paine dá thagairt mar thaca le Seán Ó Tinn.



"Is Mé arán na beathadh," le magadh do ráidhtigh Críost,
Bréag i n-a theanga, is a mhalairt le fagháil 'na chlí: -
Seo scéal nár admhuigh do Pheadar ba ghrádhmhar croidhe,
Ná d'aon duine ar talamh go bhfeacaidh Sé Seán Ó Tinn!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services