Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aithrighe Mháire Ní Mhuilmhichíl
Title
Aithrighe Mháire Ní Mhuilmhichíl
Compiler/Editor
P. Ó F.
Composition Date
1846
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1923)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Is peacach ar strae, mo léan, le fada mé Claon droich-bheathach is im' ghníomh mí-chóir I bhfiadhnaise Dé, na naomh, is na n-abstolaibh Ag séanadh bratacha an ríogh gan speóis. Ní feasach dom féin nuair d' éist mé an t-Aifrionn, Ná an sagart fén éide ag scéitheamh ná ag teagosc dom, Paidir ná cré dhá léigheamh ná an tsailm fós, Acht an saoghal so amh' dhalladh le baois is brón. Is scannalach gránmhar gnásamhail gangaideach Táim go deimhin fé chuing an smóil, Gan fulaing im' chnámha ná ádhais im' chuisleanna Ag méid na muirior so chlaoidhigh mé beó. Tá m' anam id' dheádhaig mar an bhfásach loisgithe Ar easba do ghrása tráighte cheal folcaidhthe, Cosain mé i dtráth is ná fág mé foscanta Im' sheithleach cosgurtha cnaoidhte deiréoil. Sgreadaim is éighim go tréan óm' scartacha Ag guidhe chum flaitheas ar righ na gcomhacht Mé do fhuasgailt ón bpéin-se do thraoch is do lagaigh mé le h-éigean anafa im' dhiaidh is rómham; Mo bheartaibh ar an saoghal so claonmhar cealgach Peacamhail baoth le chéile mhaitheamh dom Tan tiocfaidh an t-éag ag raobadh an phartition, Is ag léigionn m' anama ar síth id' chóir. A athair na ngrás atá grádhmhar carthannach éist gan fearg lem' dhuain dubróin Chum flaithios go h-árd is gach bláth trí thalamh chuir A shoillse an tsoluis 'sa rae gan cheó Aitchim tú a ghrádh agus tárthuigh m' anam-sa Tá ceangailte ar cábla ag Sátan mallaighthe Am' tharraing do ghnáth ó scáth do bhratacha 'Sa raobadh t' aithionta mómhúil dar ndóigh. A Mhic Mhuire na ngrás a thoigh bás go h-acfuinneach Tabhair saor ár n-anamaibh ó chianntaibh an cheó D' fhuiling an pháis dubha-chneadha agus garg-luit
Ar thaobh na croise na pianta is mó I gculaighthe árd sliocht Ádhaimh gur cheannaigh tú I dtuile gan tlás ag tádhal go talamh síos Gach cuisle is gach cnámh as a n-áitreamh stracuighthe Is do ghéaga tarraingthe ód' chlí dom shórd A spioraid atá naomhtha éighim is freagair mé Agus déin mé do lasadh le soillse teó cuir aithionta Dé go séimh am' aigne 'Na saigheadaibh carthannacht tríom let chómhacht Aistrigh mé óm' néaltaibh mallaighthe I gcrothaibh áidhbhéil chum staonadh ó pheacadh anois Lem' dhearcaibh léig tréansruth déaraibh beannaighthe Bhéarfas go Flaithios mé id' chuing go deoigh. A Mhuire atá lán de ghrásaibh Parathuis, Ná tréig mé a chara insan phian is mó, Bhias orm tan éagfad nó tar éis bheith marbh dom, An péarla ceannuigheadh let' shoillse féin In aice na naomh 'sa ngéaga oscailte, Na n-aingeal go léir 'sna ndéig na h-apstolaibh Le gáirdeachas chléibh mar théarnuigh an t-anam bocht Saor ó Acheron na bpian ar sógh. Ná léig mé i ndólás chum fághain le fearg uait Acht saor mé ó Thartarus na bpian go deóigh Saor le truagh-chás mo chruadháil anacrach Tá faon lag-bheartach fá'n ualach mór, Mar shaor tú an t-óglaoch mac Ábratham beannaighthe Do bhí ar dtaobh leis do bhláth is nár chásuigh é thabhairt duit Néaltaibh an bháis gan spás ag bagairt air Gur réidh tú ód' charthannacht é fhuasgail beó. Saor m' anam go bráth is ná fág faoi scamall mé, Mar shaor tú Lochluinn Ó a thighearna let chomhachtaibh; Ar thuitim gan spás an árd-chríoch Gomorra, I measg tréada Sodom nár stríoc dod' ghlóir. Nó mar shaor tú Naoi ó'n mbás is a chuideachta, I dtuile an uathbháis an uair báidh tú an chruinne ar fad, Gach cruth is gach bláth chum fághain gur thriosla tú Le gráin ar an dtubaist do chlaoidhigh an slógh. A Uain dhílis Dé na tréig an peacach bocht, Acht réidh an bealach atá iadhta rómham, Airigh mo chruadh-dhail im ghuais bháis anafa, Agus glaodhaig mé id' aice i gcuanta an tsóigh. Saor mé go bráth ó'n álmhach cuiripe, Mar shaor tú an triúr báb as árthrach na teine amach, Gur iompuigh led' ghrása Nebuchadnazar Do bhí claon cruaidh-bheartach is i mí-ghníomh mór. A ghéig an tsóláis is a pháláis m' anama, Mo Dhia mo chara is mo chaoin-chompórd, Ná scar liom go bráth im' bhás ná im' bheatha dhom, Ná ar uair na h-anafa is mé ag triall id' chóir.
Saor in do láthair an fághanuidhe peacaigh bhoicht, Mar Mhaois is Aoron ó Pharaoh sa ndearg-mhuir. I gcuideacht do ghrása go dtáinigh an gasara Slán go dtí an bhfearann do gheall tú dóibh. Féach le truaigmhéil ar an gcréatúir ceannuighthe Shaor tú le h-allais i bhfuil daoir dá deól Ag an aicme úd do cheus tú i bhfiadhnaise t' athar ghil Is tú i bpiantaibh marbhthacha ag ímpidhe dóibh. Saor ar do sgáth is ná básuigh don pheacadh mé, In éiric gach gnáis-bheart id' láthair dár thagras; Ó a thighearna na ngrás sábháil mé ar Acheron Mar shaor tú an fáidh beannaighthe as uamha na leómhan. Ó a Thighearna na gcomhacht is a réalt-eólais na gcineadhacha Saor mé óm' pheacaidhe mar shaor tú Jonas As bholg na péiste is é ag téarnamh go neimhneach, Ag deimhniughadh don aicme an bhreith bhíógach bhróin Saor é ós na piantaibh i gciannta na lasrach Bhias treasna san tsliabh rómham is mé ag triall ar do charthanacht Réidh mé as na ciacha atá am' chiapadh le h-eagla Agus glaodhaig mé go parathus na niúl go deóigh. Saor mé a Dhia a ghrádh is a Shlánuightheóir sheasmhach Mar shaor tú Eóin Baiste is an Mhaighdean d' fhóir I mbruinnibh a máthar gan smál gur geineadh iad Gairm ná fuair peacach is ná faghaidh go deóigh Saor mé led' grádh-sa mar do shlánuigh tú Magdalen Is na céadta bochtánaibh ar easlánta gur leasa tú I ndorchacht dólásach go ndearna tú solus dóibh A gcréimídh gur chneasaigh tú le soighead ód' chomhacht. A Íosa chaoin ghlórmhair 'sa cheann órdha na n-abstalaibh Saor mé ón bpeacadh mar do shaor tú Pól Is Peadar fíor-naomhtha do bhí i ngéibheann faoi cheannglaibh Le daor-eachtaibh mallaighte agus dlighe insan Róimh Na máithirighe díogruiseach gur líon tú le meanmain iad 'S a gcuid fola dá íodhbairt mar dhíol ar son teagast duit Ar Áird-neamh ataoi siad i gcuimhdeacht na n-ainglibh I gcuan naomhtha Pharathuis 'na suidhe ins an chóir. Saor mé a Dhia ghléigil lá an léirscrios ón anafa Fá scéithibh do bhratacha ó fhíoghar do shnóigh, Ó a thighearna ná léigh dom na bréathra go danartha, Is na daor mé le fearg uait i gcuing na gcaor.
A bhreithimh mhór fhoighideach ná deighil mé as do chuideachta Is na friotalaibh doidhre do theill ó geineadh mé, Ná múch uaim do shoillse acht féighill me in do chneádhacha Ó dhoimhinn-loch gan grionghal na dteinte teó. Mo shaidhbhreas, mo dhóthchas, mo raelt-eólais chum misnigh dom Soillsigh mé a chara le soighead ód' chómhacht Foillsigh do shlighe dhom 'sa bóthar cá raghaidh mé Is ná léig me bhasgadh ins na mídhiribh ceó Scrios mé ós na créimibh tá im chaomh-chorp-sa ceangailte Agus nigh mé finéalta chomh gléigeal le sneachta ar bith Le cumas do dhaonacht is le tréanshruth do charthanacht Tabhair páirt dom i bparathas na niúl go deóigh. AN CEANGAL. Ár n-Athair, ár nDia, ár riaradóir greannmhar tú, Ár gcaraid ár gciall ár riaghluightheóir anama agus cuirp, Ár seasamh ár sláinte ár ngáirdín faire gach am, Céad glóire go bráth leat a áirdrigh flaithios na rann. An Dara Pearsa ár nDia do thriall ó Fhlaithios do thug A cholann le riar mar bhiadh idir abstail, agus a fhuil Do fhuiling an pháis agus bás na croiche le fonn Chum sinne shábháil ó álmhach Lúsifer 's a phower. Ar nDia an Spiorad Naomh do théidh ár sgairteacha i bhfuacht Chuir tusa le daonacht go séimh 'nár gcroidheacha cruaidh Cómhurraim cómhghlóire cómhchomhachta cómh-chumas cómhphower Bhí eadruibh riamh go deó is anois is gach am. FOIRCHEANN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services