Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aibreán 1922
Title
Aibreán 1922
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
Cullacht Choilm Cille, Magh Nuadhad
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD AR NA CHUR AMACH DO CHUALLACHT CHUILM CILLE. Ar na chlóbhualadh ag MUINTIR CATHAIL agus Ar na chraobhscaoileadh ag CULLACHT CHUILM CILLE Magh Nuadhad 1922.
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD. AIBREÁN 1922. Seo Irisleabhar eile ar deire. Do dhein muinntir clodóireachta agus a leithéidí a ndícheall (i gan fhios dóibh féin) é chur chun báis acht buidheachas le Dia, níor eirigh leó. Tar éis dhá bhliadhain gan aon Irisleabhar a chur amach toisg daoire clodoireachta agus na fiacha a bhí orainn, táimíd á chur os cómhair an phobail airís chómh láidir bríogh- mhar as bhí sé riamh. Ná measadh aoinne ámthach go raibh obair na Cuallachta curtha ar leath-taoibh againn le dhá bliadhain anuas. Ní raibh. Mar tá fhios ag gach duine a bhí sa Choláiste bhí an séan-sprid Gaedhealach chómh láidir ann ar feadh na h-aimsire sin agus bhí sé aon bhliadhain ó chuir an t-Athair Ua Gramhna an síol an chéad lá. Tá an síol a chuir sé sin ag fás ó shoin ar nós an chrainn mustáird sa soisgéal agus níor chuaidh aon stad ar an bhfás san ó shoin agus ní raghaidh aon stad air le congnamh Dé go dtí go mbeidh Éire agus na h-Éireannaigh Gaedhilighthe ar gach slíghe. Déarfaidh daoine annso nách féidir é sin a dhéanamh, ná féadfaimid go deó arís an Ghaedhluinn a chur i mbéalaibh na ndaoine fé mar a bhí sí céad bliadhain ó shoin. Dear- faidh siad go bhfuil an greim atá ag an mBéarla, agus gach nidh a leanann an Béarla, orainn ró láidir dúinn agus ná féadfaimíd é bhogadh. Agus go deimhin ní mór ná tuitfeadh duine i n-éadochas nuair a dh'fhéuchfadh sé amach roimis agus nuair a chídhfeadh sé an méid oibre atá le déanamh. An féidir linn an obair sin a dhéanamh? Is féarr a dhéanfaimid an cheist sin a fhreagairt tar éis feuchaint siar ar an méid ata déanta againn sa Colláiste ó thosnuigheamair ar an obair. Má táimid ag dul chun cínn tá gach aon deallramh go dtiocfaimíd lá éigin go dtí an críoch ata curtha romhainn againn. An bfuilimíd níos giorra do'n chríoch san ná mar bhíomar trí bliadhna is fiche ó shoin nuair a cuireadh Cuallacht Chuilm Cille ar bun? Nuair a thosnuigeadar an uair sin bhí an Ghaedhluinn agus gach nídh a bhaineann leis an nGaedhluinn ag imteacht ar chos anáirde ar shlíghe go mbeadh sí caillte ar fad anois marach gur cuireadh stop léithi an uair sin. Anois mar teasbáineann an t-Irisleabhar tá sí go maith na beathaigh fós agus ní féidir gan a admháil go bhfuil dul ar agaidh iongantach déanta aici. Trí bliadhna is fiche ó shoin is dócha ná raibh cúigear i Mágh Nuadhat d'fhéadfadh Gaedh- luinn a labhairt ná a scriobhadh. Anois ar an gcuid is lúgha dhé tá dhá céad duine ábalta ar í labhairt go líomtha agus is dócha ná fuil aoinne sa Cholláiste ná féadfadh í léigheamh agus í scríobadh. Sin rud mór agus is dócha nách ceart dúinn a thuille a lorg anois tar éis an méid sin aimsire. Agus ma dh'eirigh linn an méid sinn a dhéanamh cad na thaobh ná féadfaimís an obair ar fad a dhéanamh ní amháin i Mágh Nuadhat acht ar fúid na h-Éireann?
Agus ó tá an oiread sin dul chun cínn déanta againn, taimíd chun an Béarla a chaitheamh amach as an Irisleabhar ar fad i mbliadhna agus gach aon bhliadhain eile le congnamh Dé. Táimíd chun Irisleabhar Gaedhealach a dhéanamh de ó thúis deire. Agus rud eile. Go dtí so ní mór an baint a bhíodh ag an Irisleabhar leis an gColláiste acht amháin go mbíodh cursaí na bliadhna tugtha dhúinn i ndeire an leabhair. Ní mór a bhíodh ann go gcuirfeadh an chuid is mó des na colláistéanaigh spéis ann. Dá bhrígh sin bhí a suim san obair ag lagughadh agus is dócha narbh' aon locht ortha é sin. Mara mbeimíd acht ag spreagadh daoine i gcómhnuidhe chun na Gaedhluinne a dh'fhogh- luim agus mara ndéanfaimíd usáid di chun a theasbáint gur fíu í aithbeochaint, ní fada go mbeidh deire le foghluim na Gaedhluinne. Ní ar a son féin atáimid á foghluim. Nílimíd á foghluim chun í chur i n-ár bpócaibh agus gan aon tairbhe a bhaint aisti acht ar acáidibh airithe. Taimíd á foghluim chun í scríobhadh a's í labhairt “moch mall thoir thall” agus ár smaóinte idir smaóinte léigheannta agus smaóinte grínn agus smaóinte fánacha a chur in-úil dá chéile aisti. Táimíd a dhéanamh san mar tá fhios againn gur féarr a dh'oireann cor agus dul na Gaedhluinne don Éirean- nach ná aon teanga eile. Dá bhrígh sin taimíd chun slighe a dhéanamh san Irisleabhar do gach saghas aiste fóghanta go mór-mhór d'aistí a bhaineann leis an gcolláiste — aistí ar nós “Ann Sinn Féin seo 'gainne” agus “an Tarrac Mór.” Níl ionnta san acht tosnúghadh acht tá súil againn go mbeidh a thuille aca ann san aimsir atá ag teacht. Tá an t-atharrugadh so á dhéanamh againn le cead an tighe ar fad. Cuireadh os cómhair an tighe annuraigh é agus bhí na mic léighinn go léir ar aon aigne go ndéanfadh sé a lán maitheasa. Ní gádh a rádh is dócha, go mbeidh fáilte leis roimh gach aiste ar seanchas agus ar litrídheacht na h-Éireann fé mar a bhí riamh. De'n tsaghas san tá Cath Carraige Seabhac agus “Amráin Náisíunta na h-Éireann,” againn i mbliadh- na. Bhí sé de dhualgas orainn i mbliadhna leis, is dócha, gan dearmhad a dhéanamh ar an Athair Micheál Ua Gríobhtha agus ar an Athair Séamus Ua Ceallacháin a marbh- uigeadh i rith an chogaidh. Dá bhrígh sin tá dá aiste bheag againn ag cur síos ortha. Tá súil againn do dtaithnéochaidh siad so agus na h-aistí eile ná fúil ainmnighthe againn le léightheoirí an Irisleabhair seo agus go n-eiréochaidh leis cúis na Gaedhilge a chur chun cínn ádhmhar beag eile i Mágh Nuadhat, mar creidimíd go daingean nuair a bheidh tugtha fe'n obair i gceart Mágh Nuadhat nách baoghal don Ghaedhluinn ar fúid na h-Éireann. NA h-EAGARTHÓIRÍ. “Níl aon áit sa dtír seo anois do shagart óg nach bhfuil Gaedhilg aige; bain- eann sé le n-a chéird, nach mór, í do bheith aige, agus sa dtroid a bheidh ann fós chun í do shabháilt, is féidir le sagart congnamh dí. Ní raibh obair Cuallachta Cuilm Naomhtha cómh riachtanach riamh” — litir a chuir an t-Athair Mícheál Mac Amaltoinn cughainn.
“SMAOINTE FÁNACHA.” B'uathbhásach an oidhche í, agus ní rachaidh a chuimhne dhíom go bráth. Bhí sé 'n-a stoirm ar an bhfairrige, bhí na madhmanna móra ag briseadh isteach ar an dtráigh go “millteach torannach trom” agus clampar d'á dheunamh aca a chuirfeadh an t-uamhan id' chroidhe. Bhí an ruadh-ghaoth ag feadghail i bhfad suas éadan na gcnoc agus bhí na coillte bréaghtha móra d'a lúbadh agus d'a luascadh le truime nirt na gaoithe sin. Ach d'a ghairbhe a bhí sé, ba bhréagh leat mar cheól é. Uaireannta, nuair a bhí an ghaoth ag sios- arnaigh i measg na gcrann, bhí sé chómh bog, chómh mílis gur dhóig leat go rabhas ag éisteacht le glórtha mílse na ndaoine a throid ar son na h-Éireann — go rabhadar ag cainnt leat agus ag tabhairt comhairle do leasa dhuit. Uaireannta eile, tháinig bor- radh agus árdú agus neart ann agus 'sé déarfá ná go raibh sluaighte líonmhara ag gluaiseacht chun catha, go raibh fonn díoghaltais ig- croidhe gach fir acú; agus bé b'fhada leat go mbeitheá-sa 'n-a measg agus ag gluaiseacht in-aonfheacht leo chun sásamh do bhaint amach ó'n tsean-námhaid. Ach d'a fheabhas agus d'a bhinneacht a bhí an céol sin, níor fhéad an mac seo codladh leis. Bhí na mílte agus na mílte smaointe ag teacht isteach air gan sos gan suaimhneas. Smaointe ais- teacha fánacha a bhí sa gcuid ba mhó dhíobh agus iad ag síor-chasadh agus ag síor-fhilleadh ar a chéile. Nach mé a dhein troid agus cómhrach leo? B'fhánach mo shaothar. Is amhlaidh a bhíos ag sleamhnú síos “bóithrín na smaoin- te” i gan fhios dom féin agus munar dhearnas turus iongantach, an oidhche úd, ní lá go maidin é. Nach mó rud a chonnaiceas le linn an aistir sin? Rudaí a chuir áthas agus bród orm, rudaí a chuir an fhuil 'n-a dheargruathar tré mo chuisleanna, agus — 'seadh a chara — rudaí a dhearg mo phluca le teann náire agus ceannfé. Ach caidé an mhaith bheith ag cainnt? B'fhéidir nach miste dhúinn turus do dheunamh ar an mbealach ceudna, le cois a chéile, agus cé nach mbíonn an mhílseacht nó an chúmhthracht cheudna le fághail an t-ath-uair, cá bhfios dúinn ach go bhfuighmíd roinnt tairbhe as ar a shon sin féin? B'áluinn an tír í, tír 'n-a raibh gach rud ar áilneacht an domhain, tír 'n-a raibh gleannta breaghtha agus srotháin gheala, ghlóracha a chuirfeadh an suaimhneas id chroidhe. Bhí machairí míne ann agus sléibhte fuara fraochacha “ag bagairt a gcinn thar dhruim a chéile.” Ach in aimhdheoin sin is uile, bhí rud éigin in easbaidh agus bhíos uaigneach de bhárr na h-easbadha san. Fear ní fhacas, glór beag íseal na mban níor chualas, gáire glégeal na bpáistí ní raibh le clos! Bhí an saoghal ar fad ciúin, chómh ciúin agus a bhíonn sé nuair a dhúisigheann duine i gciúintráth na h-oidhche. Ar ball, b'fhacthas dom go raibh plód daoine ag deunamh chugam agus d'imthigh an ceo de mo chroidhe. Daoine geala, aeracha a bhí ann, iad ag siúbhal go maordha mall. Bhíodar buailte liom, nach mór, nuair do chualas guth taobh liom: “'S iad seo an laochradh a throid ar son na h-Éireann.” B'iongantach an solus a bhí uatha, cuid acú ní ba ghile agus ní ba shéimhe go mór ná a chéile ach iad go léir chómh geal le h-aon t-solus d'a bhfacais riamh. Thabharfainn a raibh de'n t-saoghal agam
ar bheith 'n-a measg agus ag gluaiseacht leo. Ach caidé an dánaidheacht sin a bhí orm? Níorbh fhada gur thugas chun mo chuimhne nach raibh ionnam ach seachmallach ar seachrán, déoraidhe bocht gan talamh gan treó. Bhíodar ag imtheacht agus bhí an dorchadas ag teacht, bhí sé ag tuitim 'n-a shlaodaibh móra dúbha. Chualas béic uailleach na caillighe duibhe agus í ag eiteall go luaimneach thar an bhfairrige, uair eile do labhair an crotach go brónach 'sna soileastair le m'ais. Do ghlac uamhan mé, tháinig crith im' bhallaibh, d'éaluigh osna fann uaim:— “A Thighearna, cad a dhéanfaimíd?” agus go díreach mar fhreagra ar an nguidhe do chonnaiceas an páiste. “Páiste beag, is eadh a threoróchaidh iad.” Sagart óg a b'eadh é, sagart an-óg ar fad. Chun na fírinne d'innsint, ní móide go raibh sé thar deich mbliadhna d'aois. An uair a leagas mo shúil air, bhí sé gleusta i gcóir an Aifrinn agus 'sé a dhear- bhráthairín a bhí gh-a fhreagairt. Badh mhaith le duine gáire a dheunamh ar dtúis, bhí an obair go léir chómh leanbaidhe sin, ach dá bhféachthá is na súilibh air agus go bhfeicfá an fhaghairt a bhí ar lasadh ionnta, ní ró-fhada a sheasfadh an gáire. Bhí an t-Aifreann geall le beith críochnuighthe anois, d'ionn- tuigh an buachaill agus chualas na focail: “Ite Missa Est.” A chara chroidhe, má's cara dom thú, ná cuir isteach a thuilleadh orra; leig dóibh an t-Aifreann do chríochnú mar is ceart ó's rí-bheag a shaoileann an sagart óg agus go háirithe, an dearbhrathairín le n-a chois, caidé an chríoch uathbhásach atá le teacht ar a mbeatha féin. Is rí-bheag a mhachtnuighid ar an ngníomh ghlórmhar atá le deunamh acú sul a raghaid ar shlighe na fírinne. 'Seadh a chara, gníomh a thógfaidh an ghruaim ded' chroidhe, gníomh a ruag- faidh an dorchadas úd atá 'do chéasadh agus a chuirfidh sean-sprid na nGaedheal ar lasadh i gcroidhthibh muinntir na h-Éireann. Pádruic Mac Piarais, an sagart óg agus Liam an dearbhráthairín le n-a chois, an dearbhráthairín ceudna go bhfuair sé greim ar láimh air, ghá dhearbhú go mbéidís fíor- dhílis d'Éirinn. Buachaill an-ghasta iseadh Pádruic, buachaill go bhfuil féith na foghluma ann agus éirim d'a réir, buachaill a thuigeann go bhfuil léir-sgrios d'a dheunamh ag an ngalldachas ar anam na h-Éireann; buachaill gur mhaith leis faoiseamh do thabhairt dí. Má thuigeann sé na neithe sin, tuigeann sé, leis, gurab é céad rud ata le déanamh aige ná dul agus eolus do chur ar a theangain féin. Anois nuair atá muinntir na h-Éireann fé scáth an dorchadais fágaimíd ar gcara beag ag gabháil do stair a thíre agus ag cur aithne ar na daoine a chaith a saoghal i seirbhís “Róisín Dúbh.” “SEAN-SPRID NA nGAEDHEAL.” Chuaidh na bliadhanta thart. Ní miste a rád ná gur fhágadar a rian ar Phádruic. Ogánach deagh-chúmtha córach atá ann anois agus é ag caitheamh a laetheanna saoire 'san Iarthar. Tráth a chonnaiceas é, bhí luisne na sláinte ag deargadh a phluc agus bhí fuaim a gháire ghlégil ag teacht go céolmhar, binn- ghothach ar an ngaoith. Bhí scata páistí 'n-a thimpal mar b' iongantach an grádh a bhí aige féin “do'n nídh is áilne agus is glaine d'ar chruthuigh Dia — anam glégeal an pháiste.” Ní beag de dheimhnughadh ar an rud san, na sceulta do scríobh sé. Is na sceulta seo, tá nochtaithe go soilléir aige na tréithe iongantacha atá le fagháil i gcroidhe an pháiste. Tá sult agus siamsa ionntu, lúthgháir agus gáirdeachas, aoibhneas agus suaimhneas. Cad é an iongnadh san? Is fíorbheagán de bhuaidhreadh agus de chroidhe- bhrughadh an t-saoghail a bhíonn le fághail i measg a leithéidí agus i rith na laethe
seo, bhí Pádruic 'n-a pháiste árís, 'n-a pháiste imeasg na bpáistí. Ach mo leun! Ní sheasann an t-soilbh- reacht abhfad ar an saoghal so. Ní i gcómh- naidhe a bhíos an ghrian ag soillsiúghadh go caithréimeach glórmhar. Uaireannta, ní bhíonn le feiceáil ach na néallta móra, bagartha agus tagann lá gairbhshín agus anfaidh. Imthigheann an soineann agus tagann an doineann nuair a ghoilleann a gcás go mór ar mhuintir na Gaedhealtachta. Nách maith an sás Pádruic, annsin, chun cuimhne do choimeád ar a shean-cháirde? Fear a thug grádh a chroidhe do'n ghealbhan bhocht, sínte, ar an lic ar osgailt an dorais dó ar maidin, cé déarfadh an grádh thar chomhaireamh a bhí aige dos na daoine bochta seo? Orra súd a bhí sé ag smaoineadh nuair a scríobh sé “an Bhean Chaointe,” “an Dhearg-Dhaol” agus 'sé mo bharamhail nár scríobhadh fós a sárú de sgeulta ar ath-chumaireacht na bhfocal nó ar bhinneacht agus ar dhoimhneacht na smaointe. Gan amhrus, ní mórán de mhaoin an t-saoghail atá ag na daoine seo ach iad ag stríocáil leis an saoghal i gcómhnaidhe. Ach dá ghéire a chuireas an saoghal orra, tá rud acú a sháruigheann a raibh de shaidhbhreas 'sa ndomhan riamh nó a mbéid go deo agus 'sé rud é sin, an sprid Ghaedhealach. Má bhí an galldachas fé réimh i n-gach áit eile agus neamhnidh d'a dheunamh aige de shean-thréithe agus sean-nósanna na nGaedheal, do theip sé glan air, a chur n-a luighe ar mhuintir na Gaedhealtachta gur fearrde iad na sean- thréithe do chaitheamh i leath-thaoibh. Sin é an fáth, anois, go bhfuil Pádruic annseo i lár na Gaedhealtachta. 'Sé is mian leis ná é féin do Ghaedhealú amach is amach; tá's aige go bhfuil obair mhór gearrtha amach dó agus nach bhféadfaidh sé tabhairt faoí gan an Ghaoluinn. Sí an Ghaedhilg agus an Ghaedhilg amháin a choimeádann lóchrann an thíorgh- rádha ar dearg-lasadh 'n-ár gcroidhthe. Nuair a thuig Pádruic cad iad na smaointe móra spioradáltha a bhíonn le fághail 'san aigne Ghaedhealach, nuair a bhí eolas aige ar na tréithe fiala ceannsa a bhíonn istigh sa chroidhe Ghaedhealach annsin, iseadh, bhí éolas aige ar an mbrígh a bhaineann leis an bhfocal san: Sean-sprid na nGaedheal. Annsin, bhí an lámh-uachtair ar a thoil agus ar a mhéon féin chómh mór san, go raibh sé d' fhearamhlacht agus de dhánaidheacht aige na focail seo do scríobhadh: — “Do thugas mo ghnúis Ar an ród seo rómham Ar an ngníomh do chím 'Sar an mbás do gheobhadh.” “AN GNÍOMH MÓR.” Bhí an lá ag gealadh. Ní raibh an deatach ag éirighe a' na tighthe sa gcathair fós. Bhí an saoghal mór 'na chodladh, gan aon chur isteach d'a dhéunamh ag éinne beo ar áilneacht agus ar naomhthacht na maidne. Bhí na coillte faoí dhuilleabhar throm gan oiread agus leóithne gh-á mbogadh agus bhí an caonach agus an raithneach go mín réidh faoi do chosa. Bhí dath corcra ar na néalltaibh a bhí bailighthe le chéile i spéarthaibh an domhain thoir. Ar ball, d'éaluigh ga uatha agus do shín bóthar lonnrach, thar an bhfairrige go h-íochtar na spéire; tamallín eile agus d'éaluigh ga eile agus ga eile in diaidh a chéile. Fé dheire, d'éirigh an ghrian mhór, órdha féin agus líonadh 'ch uile rud i mo thimpal d'aoibhneas agus de shoilbhreacht. Anois, bhí sé ag deallrú ar na bántaibh agus b'iongantach an ruithneas agus an drithle a rinne sé leis an drúcht ar bhárr an fhéir. Ní raibh le clos acht ceileabhradh na n-éan i bhfad uainn is na sléibhte fuara, fuaim na n-uan ag méidhligh go meidhreach. Bhí gach rud ar áilneacht, bhí an t-earrach againn áirís. Níor bh'fhada go dtí gur briseadh isteach ar chiúineas na maidne sin. Bhí saighdiúirí ag teacht, plód saighdiúirí, a mbaighneití ag
lonnradh go fíochmhar fé'n ngréin. Bhí aon fhear amháin ag siúbhal go maordha 'n-a measg; d'aimsigh ga gréine a cheann agus do 'las a shúile le táimhnéall iongantach. 'Sé an Piarsach a bhí ann, agus an mhaidean ghlórmhar seo, nuair a bhí glionndar ar gach rud d'ar chruthuigh Dia bhí sé ag dul ar nós a charad bhídigh, go dtí an tír 'n-a mbíonn sé 'n-a Shamhradh i gcómhnaidhe. Tamaillín 'n-a dhiaidh sin, do caitheadh an t-urchar. I bhfad uainn bhí an ghrian ag deallrú ar na bántaibh, in ár dtímceall bhí siansán na mbeach le clos agus séis ceoil d'a sheinnt ag na mílte éanlaithe. Ach an fear is mó a bhainfeadh aoibhneas asta, an fear is mó go gcuirfidís áthas ar a chroidhe, bhí sé le n-a cháirde béaga dílse féin i dTír na n-Óg. Tháinig pictiúir eile ós mo chómhair: buachaill óg a bhí ann, é feistighthe mar shagart, faghairt 'n-a shúil, agus cheapas gur chualas tré na blianta a ghuth beag, íseal ag rádh na bhfocal “Ite Missa Est.” 'Seadh a chara, tá sé críochnuighthe anois munab ionann agus riamh. An obair a bhí gearrtha amach duit, tá sé déanta agus déanta i gceart agat. Táir féin imthighthe, ach d'fhágais an t-Earrach againne, an t-Earrach a thugann misneach dúinn chum leanamhaint go díreach seasamhach ar an mbóthar ghlórmhar atá romhainn amach. Tá an geimhreadh, ré na sclábhaidheachta, thart; agus anois, tá grian gheal na saoirse ag dathú na spéire. CEANGAL. 'Siad san na smaointe nó a maca- samhail a thainig cúgham go tiugh an oidhche úd. Smaointe aisteacha, seachránacha adeir tú, agus ní móide nach bhfuil an ceart agat. Ach in' aimhdheoin sin, tá a gciall féin leo. Táimíd múscailthe as ár dtoirchim anois agus ag dul ar aghaidh ar bhealach ár leasa. Má táimíd, 'sí an Ghaedhilg fé ndeár é. Marach an Ghaedhilg, ní bheadh an Piarsach againn agus marach an Piarsach ní bheadh an t-seachtmhain úd na cásga againn. Dá bhfiafróchadh éinne dhíom, conus atá san mar sin, 'sé adéarfainn ná go bhfuil buaidh fé leith 'sa nGaedhilg. Marach san, conus a thárla go bhfuilimíd ag troid le seacht gcéad bliadhain agus nach bhfuil buaidhte orrainn fós? Conus a thárla go bhfuilimíd fíor-dhílis do chreideamh ár sínnsear in aimhdheoin an éirligh ba ghéire d'ar imreadh ar Chríostaidhthe riamh? Rud aá spioradálta iseadh an Ghaedhilg. Fhaid 'is sí againn ní baoghal dúinn. Coimeádfaidh sí ar bhóthar chaol an chirt sinn. Is ion- tuigthe ó'n gcainnt sin go bhfuil obair roimh gach Gaedheal: é féin do Ghaedhealú go smior agus go smúsach agus teanga na h-Éireann do chur ar aghaidh ins ngach slighe is féidir leis. D'á fheabhas atáir, tá'n Béurla mar ualach trom ort, agus cosg aige á chur leis na mianta iongantacha atá istigh i lár do chroidhe féin. Bíodh sé ort an ceangal sin an Bhéarla do bhriseadh agus do réabadh agus do stracadh as a chéile. Sin é an rud a dhein an Piarsach agus tá sprid agus mianach an Phiarsaigh i gcroidhe gach Éireann- aigh ach iad do shroichint tré bhíthin na Gaedhilge. Luigh isteach ar an obair ann sin. Tá Éire ag glaodhach ort-sa. An amhlaidh a chlisfir uirrthi an t-am is mó 'n-a bhfuil gádh aicí le congnamh uait? Tá ár dturus beagnach déanta againn. Is fada a thainighis liom, a chara, tré réidh agus aimhréidh agus anois, cogar i leith chúgham, sul a scarfaimíd le chéile: Tá gníomh ag feitheamh leat-sa agus cá bhfios duit nach mar gheall ar an ngníomh san, an gníomh uasal atá le deunamh fós, go mbéidh sé in áirighthe dhuit buaileadh imeasg na ndaoine nglórmhar san a chonnaiceas, tráth, go raibh an ruadh-ghaoth ag siosarnaigh imeasg na gcrann agus torann d'á dheunamh ag na tonntracha ar an dtráigh. T. Ó C.
AN TARRAC MÓR. Rud nuadh ar fad a b'eadh an “tug-o'- war” san áit seo. Chuala le déidheanaighe go raibh a leithéid de chomórtas sa choláiste tamall maith ó shoin sar a raibh a fhios againn-ne go raibh áit darab ainm Magh Nuadhad i léirscóil na h-Éireann. Ach is mar seo a thárla gur aimsigheamar an téud an bobhta so. Nuair a bhí deireadh leis na cleasaibh lúth, fuaradh amach go raibh fuigheall airgid ag an gcoiste, agus gan a fhios aca conus spórt do bhaint as. Rás snáimh? Úgh! Cúis gáire cúgham! Rás snáimh i mí na Márta; b'ait linn sin. Rás uainígheachta ma s'eadh idir na rang? B'féidir é, ach ní'l aon seasamh i gcoinnibh na tarna diadhairí i gcúrsaíbh reatha. Tug-o'-war? Sin é 30 díreach é. Ach is baoghalach go mbeidh muinntear na treas diadhachta ró-mhaith do'n chuid eile. Aidhe, adhuine, d'fhéadfaidís-sin an túr do tharraing anúas orainn dá mbudh mhaith leó é. Ach cá bhfios go ragaidh sí cómh bog san leó fós. Tá buachaillí téagartha sa tigh nách iad, agus dá bhrigh sin beidh tarraing againn. Feadfaimíd piopaí do thabhairt do'n deichneabhar ag a mbeidh an buadh. Sochruigheadh air sin. An chéud lá saoire do bhí chúghainn, aimsigheamar an téud ba raímhre a bhí le fagháil agus siúd amach sinn go dtí an pháirc mhór. Bhí an saoghal is a shean-mháthair ann, lucht liathróide láimhe, agus Lucht peile, lucht leabhar, lucht leisce, na h-iománuighthe, bhiodar go léir ann; agus nách aca a bhí an gleó, agus an “ceipileó cip.” Budh dhóigh leat orra gur “pog- rom” nó clampar uathbhásach a bhí ann. Iad go léir in aon phrairimín amháin i lár na páirce istigh. Fear annso agus an plean so aige. Fear annsúd agus seift i bhfad ní b'fheárr aige. Dream ag déanamh cleasaidheachta leis an dtéud a d'iarraidh daoine eile do leagad leis, agus na h-iománuighthe, na ropairí, ag scaoileadh leó go léir. Bhí lucht an choiste mo thruagh iad! I lár bhaill ag iarraidh cranna do chur féachaint ciaca bhéadh an tosach ag tarraing, agus munar sháruigh a bhfoidhne-sin ar fhoidhne Ióib ní lá go maidin é. Is amhlaidh go bhfuil cúig rang annso againn i. Na seanóirí (muinntear na ceathramhadh bliadhna) na treas diadhairí, na tarna diadhairí, na ceud diadhairí agus na feallsamhnaigh. Thuit an chéud chrann ar na Seanóiribh agus ar na feallsamhnaigh. Fágadh na treas diadhairí igcoinnibh na céud dhiadhairí. Ba ghearr annsan go raibh an talamh roinnte aca agus giota céirsiúir cean- gailte de'n téud na cheart lár. Chiúinigh ar an ngleó an fhaid is a bhí na fir ag baint a gcasóg díobh féin, agus ba bheag an mhoill orra go raibh an dhá fhoirinn ar aghaidh a céile amach, agus fuláireamh solmhanta tabhartha dhóibh gan tóin a leag- aint ar an dtalamh, nó gur dóibh féin budh mheasa. Bhiodar annsan agus má bhí aithreachas orra nár phiocóididhe a bhí aca in ionad bróg, dheineadar a ndícheall cun an scéil do léigheas, mar is ar éigin a bhí an stiúrthóir ollamh nuair a bhí poill
mhóra rómhartha aca mar thacaí dá gcosaibh. Ach tar éis an ollamhcháin go léir ní raibh aon spórt sa chomórtas in aon chor mar cuireadh an bhuaidh ar na feallsamhnaigh fé dhó taobh istig de dhá nóimeat. An fhaid is a bhí an bualadh bas ar siubhal ar son na seanóirí, shleamhnaigh an dhá fhoirinn eile amach ar an bhfaithche i. Lucht na tarna bliadhna agus lucht na céud bhliadhna. Bhí an sluagh ag brath air go mbeadh comórtas maith righin an bobhta so. Ach cad é an diombádh a bhí orra nuair a chuaidh an téad leis na céud diadhairíbh gan faic dá dhuadh. Thosnuigh an bualadh bas airís ach b'fhuirist an seirbhthean d'sheircint ins gach aon aghaidh, agus d'fhéadfa a chloisint gur beag-a'-mhaith an caitheamh aimsire an tarrach. Pé scéul é deineadh malartughadh taobh chun na tarna iarrachta, agus dheineadar tairring mill- teach go ceann deich nóimeat. Annsan thosnuigh an lá ag dul igcoinnibh na mbuachaillí n-óga agus b'é a dheireadh go raibh an chuid a b'fhearr agus na tarna diadhairíbh. Bhí a sáith áthais ag an sluagh an fhaid is a bhí an tarrach san ar siubhal. An béicigh agus an liúiridh a bhi aca chuirfeadh sé pípíní id chluasaibh, gach dream ag griosadh a gcarad féin. Na daoine a dubhairt ná raibh aon spórt le baint as an dtarrach thuigeadar go raibh dul amugha orra; seadh, agus bhí a leithéid d'imshniomh ar chuid aca ag féachaint ar na fóirnibh dóibh, gur thosnuigheadar ag déanamh aithris orra, agus bhí geáitsí 'á ndéanamh aca ionnas gur dóigh le duine gurbh amhlaidh go rabhadar ag spialadh ar ndícheall, rud nár dheineadar riamh. Mar sin bhi tarrach an duine buaidhte aca, agus bhí orra triall eile do dhéanamh féachaint ce aca a bheadh an buadh ar fad. Ar a shon go rabhadar go léir cortha go maith luigheadar isteach sa choimhlinnt go dúthrachtach, agus go ceann tamaill mhaith ní raibh sé ach síos súas aca. Fé dheireadh ámhthach dhein na tarna diadhairí iarracht láidir agus tháinig an téud leó de phreib nó go rabhadar go léir sínte tré na céile ar an dtalamh ach an fhaid is a bhí an bhuaidh aca ba chuma leó. Ach bhiodar cómh tnáidhte sin nár fheadádar a thuilleadh oibre do dhéanamh an lá san. Lá ar n-a mhárach socruigheadh ar chomórtas
idir na treas diadhairí agus na tarna diadh- airí. Sé dúbhramar go léir ar a chloisint sin dúinn, go raibh deireadh leis na tarna diadhairibh ar fad. Bhí na daoine eile i bhfad níba thruime agus níba láidre ná iad, agus 'na theannta san thárla ná raibh aon tarrach déanta aca an lá roimhe sin ní h-ionann is na buachaillí óga go raibh pianta uathbhasacha i ngach ball d'á mballaíbh beatha agus bolghacha ar a lámhaibh cómh mór led' dhorn. Mar sin ní raibh iognadh ar aoinne nuair a chuaidh an lá ar na tarna diadhairíbh, sa cheud iarracht. Ach nuair a thánadar le chéile airís bhí atharú mór tar éis teacht ins na tarna diadhairibh; ní mara céile iad leis na buachaillíbh a bhí ann ar dtúis is amhlaidh do dhein an stathadh a fuaradar a bhféitheacha d'fhuascailt agus níor mhothuigheadar na pianta a thuilleadh. “M'anam ó'n Riabhach,” ars' an Captaen, “ní leogfaimíd cómh bog san leó é.” Shocruigheadar a súile do chomeád ar Sheosamh an stiúrthóir a bhí aca. Ach b'é socrughadh a bhí á dhéanamh ag na treas diadhairíbh ná an téud do tharrach isteach (ní bheadh aon trioblóid ann dar leó) lámh tar lámh agus gan bheith ag teacht tar n-ais leis an dtéud agus ag satailt ar na daoinibh eile. Séideadh an fead pé scéul é agus thosnuigh an murdal airís. Leogamar go léir osna bróin nuair a chuaidh an téud leis na treas diadhairíbh ach do stad sé. “Socair, coimeádaidh é,” arsa Seosamh, an stiúrthóir. Deineadh amhlaidh luigheadar siar ar an dtéud cómh díreach le slat, greim ascaille agus glúine aca air, na cosa sáidhte i dtacáibh agus na fiacail nochtaithe i dtreó go mbudh dhóigh leat go raibh baint éigin ags na fiacalaibh sa ghnó leis. Bhí an dream eile ag stathadh is ag spialadh ach theip orra iad do bhogadh as an áit sin. Fé deireadh thug Seosamh fé ndeara go raibh tuirse ag teacht orra ó'n síortharraing agus labhair sé go bog le n-a fhearaibh “ollamh, a bhuachaillí, ollamh.” Leis sin d'eirigheadar beagán agus shíneadar na lámha ní ba shia amach rómpa ar an dtéud i dtreó nuair a tugadh an comhartha dóibh ná raibh le deanamh aca ach luighe siar. D'eirigh leó go h-áluinn. Leis an gcéud iarracht bhaineadar na daoine eile as na tacaíbh agus ar leagadh t'shúil bhí an bhuaidh aca. Thuit an lug ar an lag ags na treas diadhairíbh uime sin, ní h-ionann is na tarna diadhairí is amhlaidh go rabhadar-san ag dul i bhfeabhas agus do bhúadar an treas tarrach gan mhoill. Ní raibh sa chomórtas anois ach iad féin agus na seanóirí ach ba ghearr an mhoill orra an lá do chur ar na seanoiríbh cómh maith. Gan ach an fhírinne do rádh níor ghádh dóibh na casóga bhaint diobh féin cúcha. B'shin deireadh na h-iomaidheachta agus dubhairt gach aoinne go raibh na piopaí tuillte go maith ag na tarna diadhairíbh. Anois má chionn tú buachaill de'n tarna rang timceall na h-áite agus piopa deas i gcuinne a ghuib aige agus é ana mhórdhálach as biodh a fhios agat go mbeidh scéul maith le h-innsint aige, cómh fada is a mhaireann sé, ar an dtarrach mhór. T. Ó B.
BUALÁDH CHARRAIGE SEABHAC. B' aingceis agus b' uathbásach an éag- cóir do bhí ar Chaitliceachaibh na hÉireann ó aimsir Éilíse anuas go dtí bliadhain a 1829. Fén ngall-reacht do bhí i bhfeidhm ar feadh na haimsire sin níor chead don sagart an t-Aifreann Naomhtha do rádh go puiblidhe agus, rud ba mheasa ná san, do gheóbhfaidhe chúig phúint ar a cheann agus fiche púnt ar cheann easbuig. Diaidh ar ndiaidh do bhí ag éirghe le clanna Gaedheal greim na bpéindlighthe do bhogadh, acht má do bhí féin, b'fhada ó shaoirse creidimh aca fós é. Do thuig Domhnall Ó Conaill é sin agus do chomhairligh sé dhóibh cur le chéile agus gan an daor-smacht san do sheasamh feasta. Sin a raibh uatha an gáir chun gaisce agus stiúrthóir maith a mbeadh ionntaoibh aca as. Do chonnaic muintir Shasana an t-athrughadh do bhí tar éis teacht ar na Gaedhealaibh agus go rabhadar lán- cheaptha ar shaoirse creidimh do bhaint amach ar ais nó ar éigean. Tháinigh eagla aca rómpa agus do chuireadar deireadh leis an gclaon-dlighe láithreach. Thug an buadh san misneach mór do mhuintir na hÉireann agus dubhradar leó féin ná cuirfidís suas leis an deachmhadh feasta acht a oiread. Do caithtí an deachmhadh so do dhíol leis na ministríbh gach aon bhliadhain, pé aca bhí daoine ag teacht chun teampuill chucha nó ná raibh. Ba mhó paróiste in Éirinn in a raibh ministir agus gan de phobal aige Dia Domhnaigh acht a bhean agus a chlann. Acht ba chuma san, do caithtí an deachmhadh do thabhairt dóibh chomh maith agus dá mbeadh dubhadh na sléibhte agus na ngleannta de dhaoinibh ag teacht chuige. Do bhí a lán ná féadfadh é do dhíol agus a lán eile ná díolfadh é agus do chuireadh na ministrí an dlighe ortha agus do thógaidís a n-eallach. Is mó fuil do doirteadh agus is mó ceann do briseadh mar gheall air sin. Is minic do basgadh agus do leónadh na saighdiúirí agus na píléirí nuair do bhídís ag tionn- lacan an bháille agus é ag tógaint an eallaigh. I gCarraig Seabhac i gConntae Cille Cainnigh is eadh do bhí an cath ba dhéine dár buaileadh in Éirinn i gcoinne an deachmhaidh. Do bhí ministir i bparóiste Cnuic an Tóchair dárbh ainm Hans Hamilton agus do bhí sean-dhiabhal de bháille aige de mhuintir Bhuithléir chun muintir an pharóiste do sheirbheáil. Thárla an deachmhadh gan díol dhá bhliadhain as a chéile agus nuair do airigh an ministir cionnas mar do mharbhaigh na saighdiúirí a lán i mbun Clóidighe dubhairt sé leis féin go gcuirfeadh san mí-mhisneach ar mhuintir Chnuic an Tóchair agus go gcaithfidhe a raibh ag dul dó féin de dheachmhadh leis an dá bhliadhain do dhíol leis, agus do chuir sé an báille timcheall aghá éileamh arís. Do bhí dearmhad ar an bhfear bocht. Lá dár chuaidh sé ag seirbheáil muintire Baile an Bharóidigh, áit atá timcheall míle ar an dtaobh thiar thuaidh de Chnoc an Tóchair, tháinigheadh in a thimcheall agus do cuireadh de fhiachaibh air cuid mhaith des na forfhógraí do ithe. Thárla an t-Athair Pár Ó Mhainistir Cnuic an Tóchair ag gabháil an treó agus do shaor sé an cladhaire. As san amach gach aon uair do bhíodh a leithéid de obair ar siubhal aige
do théigheadh an t-arm in a fhochair ar eagla go gcuirfidhe de fhiachaibh air “an chír do chogaint” arís. Ar feadh an Fhoghmhair i mbliadhain a 1831 do seirbheáladh forfhógraí in gach aon áit imeasg Sléibhte na mBreathnach (sin é thugtar ar an duthaigh ar an dtaobh theas de Chnoc an Tóchair) agus níor chuir aoinne i na gcoinnibh. Mar sin féin ba léir do chách go raibh rud éigin ar siubhal ós íseal agus is maith do thuigeadar cad do bhí rómpa, cé go mbíodh na comórtaisí peile ar siubhal ag Séamus Ó Treasa, agus Liam Ó Catháin ag múineadh scoile mar ba ghnáthach. Beirt bhuachaillí óga spreacamhla aba eadh iad san, do bhí lán-cheaptha ar a n-anam do imirt leis na creachadóiríbh agus deireadh do chur leis an deachmhadh. Do bhíodh an báille ag gabháil timcheall i gcomhnuidhe agus an t-arm agh á thionnlacan agus is é do bhí drochmhúinte droch-bhéasach. Do ghoill foighne na ndaoine go mór air agus dá fhoighidighe agus dá shíothcháintighe iad is eadh ba dhána agus ba dhroch-mhúnite é sin. Sa deireadh do éirigh sé chomh dona san ar fad go ndubhradar leó féin ná seasóchaidís níos sia é. Do chuir an Treasach agus an t-oide scoile a gcomhairle le chéile go minic agus do shocruigheadar gach aon rud. Do chomhairligheadar dá muintir foighne do bheith aca go dtiocfadh an lá Do dheineadar a gcomhairle agus do bhíodar chomh ciúin síothcháinteach san gur bhain lucht an dlighe droch-tháitle as. As san amach nuair do bhíodh aon obair le déanamh ag an mbáille do déintí an gárda do dhúbláil ar eagla na heagla. An lá so thug an ceann urraid órdughadh dos na píléirí in gach bearaic sa cheanntar teacht le chéile i gCill Mhocheanna a leithéid sin de lá. Thug an Treasach cuireadh do bhuachaillíbh na háite teacht chun comórtas peile do imirt i bpáirc na reilige i gCill Chairill an lá céadna. Cionnas a thárla an lá céadna do bheith beartuighthe ag an mbeirt aca ní fheidir aoinne. Is dócha go raibh a fhios ag Séamus é. Ar aon chuma do bheadh radharc breaghdha agat ón pháirc sin ar an duthaigh ar gach taobh díot. Do chnuasaigh an t-arm i gCill Mhocheanna Dia Céadaoin, an ceathramhadh lá déag de Mhí na Nodlag i mbliadhain a 1831. Seacht nduine dhéag ar fhichid díobh do bhí ann ar fad agus fear de mhuintir Ghiobúin, do throid in Waterloo, an ceann urraid do bhí ortha. Feirmeóir creideamhnach des na Breathnaigh do bhí le seirbheáil aca an lá san. Do bhí a oiread san daoine den tsloinne sin sa limistéireacht go dtugtaoi Risteárd “Portláirge” ar an bhfear so. Do chuir na píléirí dhíobh tré Bhaile Roibín agus as san ó dheas gur shroiseadar Baile Átha Gabhann. Chomh luath agus fuair muin- tir Bhaile Roibín imighthe iad do bhuaileadar clog an tséipéil agus na daoine do bhí ins na páirceanna agus ins na tighthe mór- thimcheall, do bhailigheadar go léir isteach go dtí an baile. Siúd chun bóthair iad ar a dtóir agus nuair do bhíodar ag déanamh ar Bhaile Átha Gabhann do bhí an t-arm in a seasamh i lár na sráide agus clog an tséipéil aghá bhualadh annsan leis. Do bhí fear in a chomhnuidhe ann a raibh tigh tábhairne aige agus tháinigh sé amach ag féachaint cad do bhí ar siubhal. Liam Voss ab' ainm dó agus do bhí togha na haithne ag na píléiríbh air mar do bhíodar ana- mhuinteardha leis na tighthe tábhairne. “Dia 's Muire dhuit,” arsa an ceann urraid leis. “Dia 's Muire agus Pádraig duit,” arsa Liam. “An bhféadfá a innsint dom,” arsa an ceann urraid, “Cad é a chúis abhfuil an clog san aghá bhualadh?” “Cadé a chúis ná féadfainn,” arsa Liam.
“Sochraid atá chun a bheith ann is dócha.” “Cadé an tsochraid?” arsa an ceann urraid. “Muise, ní fheadar mé féin,” arsa Liam, “acht gur sochraid bhreaghdha chreid- eamhnach éigin a bheidh ann. Ní foláir nó go bhfuil an-mheas ag na daoine ar an bhfear bocht, pé hé féin. Féach an sluagh mór atá ag teacht aníos ag árd an bhóthair.” Dubhairt an Giobúnach annsan ná fanfadh sé leis an sochraid agus thug sé órdughadh don arm bheith ag bogadh. Do chuireadar díobh soir ó dheas i leith tighe an Breathnaigh agus nuair do bhíodar ag gabháil síos le fánaidh an chnuic os cionn locha Chille an Bháigh, do chonnacadar an sluagh in a ndiaidh i gcomhnuidhe. Do bhí pící agus ráinní aca, speala agus tuairghíní agus gach aon úirlís eile do bhí comhgarach aca. Liam Ó Catháin, an t-oide scoile, do bhí ina cheann ortha, caipín cogaidh ar a cheann agus crios glas ar a ghualainn. Nuair a thug an ceann urraid fé ndeara go raibh na daoine ag déanamh ortha do órduigh sé dos na píléiríbh a ngunnaí do líonadh. Do chomáineadar leó annsan soir ó dheas bóithrín na gcloch agus nuair do bhí an Buithléarach ag cur an fhorfhógraidh fé dhoras an Bhreathnaigh is eadh rug an sluagh ortha agus iad go léir de aon ghuth ag éileamh an bháille nó neachtar aca go ndoirtfidhe fuil. Níor thug an Giobúnach aon torad ortha acht órdughadh do thabhairt dá dhream féin filleadh. Do lean an sgéal mar sin an fhaid do bhíodar ag dul thar n-ais Bóithrín na gCloch. Nuair a thángadar go dtí crosaire Chille an Bháigh do mheasadar filleadh tre Bhaile Átha Gabhann acht ní raibh aon dul tríd an gcóimhthionól daoine do bhí bailighthe rómpa ar an mbóthar san. Do chaitheadar iompódh ann- san i leith na láimhe deise bóthar Cnuic an Tóchair. Ba ghairid síos an bóthar san do chuadar nuair do bhuaileadar leis an dTreasach agus a bhuidhin ag teacht ó'n gcomórtas peile i gCill Chairill fé mar do bhí socair aca roimh ré. Ní raibh aon dul tríotha san acht a oiread leis an sluagh eile agus ba éigean dóibh iompódh i leith na láimhe clé agus dul isteach i mbóithrín chumhang Charraige Seabhac. Um an dtaca so do bhí an dá shluagh ag brúghadh isteach ar na píléiríbh agus iad ag éileamh an Bhuithléaraigh níos dána ná riamh. Ní túisce a chonnaic an Treasach iad ag dul isteach an bóithrín ná thug sé órdughadh dá dhream féin dul isteach ms na páirceanna ar an dtaobh thuaidh de, agus chuaidh dream an Chathánaigh isteach ins na páirceanna ar an dtaobh theas. Do bhí na píleírí i dteannta annsan dáríribh, iad istigh imbóithrín chumhang agus an sluagh rómpa agus in a ndiaidh, ar gach taobh díobh agus in a measg, agus gan de shlighe aca iad féin do chosaint dá mbadh ghádh dhóibh é. Tháinigh eagla ar chuid díobh agus do iarradar ar an gceann urraid iad do leigint amach ins na páirceanna mar a mbeadh slighe aca na gunnaí do láimhseáil, acht ba léir dó san go raibh sé ró- dhéidheanach, mar do bhí na daoine in a measg agus duine aca chomh gairid sin dó féin is go raibh lámh aige ar shrian a chapaill. Do bhí meanma an tsluaigh ag éirghe, agus dubhradar leis an nGiobhúnach nár bhaoghal dó féin ná do aoinne dá bhuidhin acht an báille do thabhairt suas, acht do fhreagair sé sin go dána ná tabharfadh. Le linn an chomhráidh sin do bheith ar siubhal do bhíodar ag déanamh ar Loch Sheáin na mban. Loch beag é sin atá i lár an bhóithrin agus fairsingigheann an bóithrín san áit sin. Thuig an Treasach go dtabharfadh san an chaoi do bhí uatha dos na píléiríbh agus dubhairt sé leis féin go gcaithfidhe an obair do dhéanamh gan a thuille righnis. Do phreab sé isteach in a measg agus rug sé ar an mbáille agus do chaith thar an gclaidhe é agus ar iompódh na baise do
bhí sé in a bhrúscar agus in a chosair chró ar an dtalamh ag an sluagh. Do tharraing an Giobúnach a phiostal chuige annsan agus do lámhaigh sé an Treasach agus thug sé órdughadh dá lucht leanamhna caitheamh leis na daoine. Nuair do bhí sé i nglothar an bháis do labhair an Treasach le na chom- rádaidhthe agus na focail adubhairt sé, atáid i mbéal na ndaoine indiu. “A buachaillí mo chroidhe,” ar sé sin, “táimse ag fagháil bháis acht troididh libh.” Ar chloisint na bhfocal san dóibh tháinigh confadh catha ortha. Do chuireadar liúgh uathbásach asta “Cuimhnighidh ar Bhun Clóidighe” agus do ghabhadar ag treasgairt na bpíléirí dá ndeis agus dá gclé, agus leath-istigh de thrí nómaintí do bhí aon duine dhéag díobh sínte marbh san mbóithrín i bhfochair an bháille agus an chinn urraid agus a lán eile gonta leónta. Tar éis an Treasach do lámhach don nGiobúnach do iompuigh sé chun teichthe acht ba ghairid a chuaidh leis nuair do treasgaradh le tuairghín é. Iad san a fuair a gcosa do thabhairt leó do theicheadar le n-a n-anam agus fé chionn ceathramhan uaire do bhí an bóithrín chomh ciúin agus do bheadh reilig i gcoim na hoidhche. Níor marbhuigheadh den sluagh acht beirt eile idteannta an Treasaigh, an Paorach Ó Chúl Mór, agus duine de mhuintir fhaoláin do bhí in a chomhnuidhe i Móinín Ruadh, timcheall leath-mhíle ar an dtaobh thoir de Chnoc an Tóchair. Do cuireadh an triúr aca i gcionn páirce le hais an bhóithrín go dtí gur chuaidh an saoghal chun suaimhnis arís. Annsan tugadh an Paorach agus an Faolánach go dtí reilig Chnuic an Tóchair agus tugadh an Treasach go dtí seilig Chille Cairill mar ar cuireadh na seacht sinnsir go ghabh roimhe agus mar a gcuirtear a mhuintir fós. Tá sean-fhothrach de shéipéal sa reilig seo agus istigh ann láimh le na phinniúir do cuireadh é agus tamall in a dhiaidh sin do cuireadh leac sa bhfalla ós a cheann. Tá an féar glas ag fás go tiugh ar uaigh Shéamuis anois acht mairfidh a cháil agus a chlú an fhaid is beó fear, bean nó páiste imeasg Sléibhte na mBreathnach. Innistear fós, cois na teine oidhche gheimhridh agus fé na crainn tráthnóna samhraidh, scéal Char- raige Seabhac agus cionnas mar a thuit an triúr deagh-laoch úd sa troid i gcoinnibh an deachmhaidh. Is mó Paidir a chuireann na seandaoine le n-a n-anam agus na deóra in a súilibh aca, nuair a chuimhnigheann siad “Ar na laethibh san am úd fadó 's ar na laochra treaséachtach badh thréanmhar i ngleó.” Ní mó mórtas aithreacha na Rómha ag trácht ar gníomharthaibh Horatius in allód, ná ní mó mórdháil máithreacha Sparta as gaisce Leonidas i mbealach Thermopulæ ná an taidhbhse bhíonn ar mhuin- tir Sléibhte na mBreathnach ag seanchas cois na teine le na gclainn as an laoch cródha Séamus óg Ó Treasa. Is mó uisce do rith fén droichead o shoin i leith, acht tá muintir Threasa ag obair fós ar son na hÉireann. Níorbh é Séamus an t-aoinne amháin den tsloinne sin a thuit sa chath. Do thuit fear eile, agus ní ró-fhada ó shoin é, acht ní gádh a ainm do luadh annso mar tá sé imbéal gach aoinne. Ar dheis Dé go raibh a n-anmanna agus anam gach aoinne thug fuil a chroidhe ar son na hÉiréann. Níorbh fhada gur leath an scéal mór- thimcheall agus fé cheann trí n-uaire an chluig do bhí Muiris Reid giúistís an cheann- tair ar fhaithche an bhuailte agus thug sé na trí cuirp déag go dtí a thigh féin. Na píléirí do bhí gortuighthe do fhág sé i sean- scioból le muintir Tennyson iad agus tháinigh Dochtúir Peele aghá bhféachaint. Do fhill formhór na ndaoine abhaile acht do bhí eagla an dlighe ar chuid aca agus thugadar béal an tsléibhe amach ortha féin. Do bhí duine des na Braonánaigh ar a theicheadh ar feadh sé mhí ins na fraightheachaibh i séipéal Dhúna Imeagáin. Thug cuid aca
tamall i ráith agus i sean-chaisleán Chille Cairill acht do éirigh an tóir ró-dhian agus do theicheadar go dtí áiteanna cúlánta. Níor ghan chúis do theicheadar mar do gabhadh cúigear agus fiche agus do cuireadh i gCarcair Chille Cainnigh iad go dtí an Márta do bhí chughainn. Do gheóbhfaidhe a lán eile, acht ar ádhmharaighe an domhain, thárla protastúnach in a chomhnuidhe i gCnoc an Tóchair do bhí an-mhór leis na daoinibh, agus do bhíodh se i gcomhnuidhe i bhfochair na bpíléirí sa mbearaic. Ní raibh aon droch-amhras aca air sin, agus dá bhrigh sin do airigheadh sé gach aon órdughadh a tugtaí dhóibh. Aon uair do bhí aoinne le gabháil do chuireadh sé na scéala chuighe roimh ré agus do bhíodh a dturas in aistear ag na píléiribh. Do bhí a fhios aca go maith go raibh Liam Ó Catháin i mbun agus i mbárr na h-oibre go léir de chionn an chaipín chogaidh agus an chreasa ghlais do bheith air, agus ba léir do chách gurbh í an chroch do bhéarfadh é dá bhfuighdís teacht air. Fear ó Chonntae Ceatharlaigh do ba ead é ná raibh ró-fhada in a chomhnuidhe san áit agus tháinigh eagla ar mhuintir na háite go scéithfeadh sé ortha chun é féin do shaoradh dá mbeadh an chúis ag dul in a choinnibh. In a theannta san do chuir lucht an dlighe an scéal mór- thimcheall go bhfuighbheadh sé féin párdún acht a chomráduidhthe do dhíol. Dá bhrigh sin dubhradar leó féin go gcaithfeadh sé dul thar sáile mar do bhíodar ceaptha gan a muinighin do chur in aoinne acht ionnta san a rugadh agus a tógadh sa cheanntar. Dá aimhdheóin sin do fhan sé dílis dóibh agus i gcionn breis agus ráithe de anró agus de chruadhtan (do bhi sé ar a theicheadh ar feadh na haimsire sin) fuair sé árthrach i gCuan Phortláirge a thug go dtí Aimeirice é. Nuair do bhí sé ag fágaint na hÉireann do cheap sé amhrán breaghdha ar a dtug sé “Slán an Chathánaigh” agus ar ar cumadh de amhráin ar Charraig Seabhac is é sin an ceann is fearr agus is deise. Na chúig duine dhéag do gabhadh, do coiméadadh i bpríosún Chille Cainnigh iad go dtí an Márta do bhí chughainn. Do triaileadh annsan iad agus do measadh cóir máireach iad do thabhairt cionntach. Do dhearbhuigh píléirí go leór ortha agus do imreadar as láimh a chéile in a gcoinnibh, acht ní raibh aon mhaith dhóibh ann, cé gurbh iad féin do thoigh na coisteóirí. Fiadhnaise bhréige í go léir gan dabht acht ba chuma leó san. Ba mhinic roimh an chath san do iarr Domhnall Ó Conaill ar an Riaghaltas Gallda deireadh do chur leis an deachmhadh, acht isé freagra do gheibheadh sé i gcomhnuidhe ná go gcaithfidhe an dlighe do chur i bhfeidhin. Dhá lá in a dhiaidh do chuir an Riaghaltas uatha féin scéala ar fuaid na hÉireann na héileóchthaí an deachmhadh feasta. Do lean na ministrí agá éileamh go cionn tamaill in a dhiaidh sin, acht ní raibh aon mhait dhóibh ann nuair ná raghadh an t-arin ag tionnlacan an bháille dhóibh. “Tar éis bliadhanta 'na gcéadtaibh i ngéar bhruid 's i n-anchruth, Go dubhach 's go déarach ad' ghéarghoin go scalaideach 'S tú id' chadhan bhocht le doimhin-chnead id' chlí; Tar éis íosbairt fé dhaoirseacht, cam- dhlighthibh 's éagcóir, Ag fealladh ort go fíochmhar 's tú ag síorthál na ndeór, Níorbh fhéidir thú chlaoidheamh, is ní chlaoidh- fid go fóill, A Múirnín 's a rúin dhil mo chroidhe.” “NAOISE.”
AN t-ATHAIR SEAMUS Ó CEALLACHÁIN. Ní fheadar an bhfeaca éinne riamh easbog ag gol! Deirtear go mbíonn croidhe cruaidh acu. Pé scéal é, do chonnac féin easbog ag gol nách mór. Seo mar do thárla. Bhíos ar shochraid an Athar Séumas Ó Ceallachain. Agus tar éis na sochraide do bhí lón beag againn. Bhí an t-easbog ann agus bhí an sagairt go léir ag cainnt ar chursaíbh an tshaoghail bhrónaigh a bhí againn i nÉirinn. Seadh, bhíos féin i n-aice an easboig, agus bhíos ag cainnt le sagart mar gheall ar rud éigin. I lár ár gcainnte dubhairt an t-easbog: “Sagart ana- mhait b'eadh é.” “Sagart ana-stuamdha ab' eadh é.” B'uraiste thuigsint nár chuir an t-easbog éan tsuim í n-ár gcuid cainnte agus gur ar an Athair Séumas do bhí sé ag machtnamh. D'fhéachas ar aghaidh an easboig. Ní raibh éan deór len a shúil, ach ba léir do ghach éinne go raibh sé brónach na chroidhe. Bhí meas mór agam ar ár n-ollamh léigheanta riamh .i. Dochtúir Domhnall Ó Cochaláin. Agus is móide mo mheas air tar eis cúrsaí an lae sin. Bhíos féin agus Séumas ana-mhór le chéile. Bhíomar i dteannta a chéile seacht mbliana i Magh Nuadhat agus b'é ba ghiorra dhamh-sa 'sa rang. Bhí aithne mhaith agam air da bhrigh sin. Ach is greannmhar an scéal é gur deacair cunntas a scrí ar charaid. Do scríobhas aiste ar bheathaidh an Athar Eoghan Ó Gramhna, atá fiche éigin bliain ann o shoin anois, agus ní raibh éan aithne agam air ná éan eólas puinn agam ar a bheathaidh. Is dócha go raibh samhlaidh- eacht tréan agam an uair sin, agus ní feabhas a thagann ar an samhlaidheacht le haois. Mar gheall ar sin, ní féidir liom éan ní a cheapadh mar gheall ar Shéumas an fhaid a bhí sé i Magh Nuadhat, ach amháin an fhírinne ghlan d'innsint — ná raibh éan tréith fé leith aige seachas mar a bhí ag na macaibh léighinn eile. Agus is geall leis mar a chéile gach éan mhac léighinn i Magh Nuadhat. Daoine diadhasamhla is eadh iad go léir, agus duine diadhasamhail b'eadh Séumas thar na beartaibh. Duine breagh mín mac ánta ab' eadh é nár dhein troid ná aighneas riamh. Ní raibh bárr inntleachta aige, agus dá bhrigh sin, ní raibh sé n-a Luke Delmege i Magh Nuadhat. Ach bhí éirim mhaith aigne aige, agus le duthracht agus le stuidéaracht, is beag duine 'sa rang a bhí chomh cliste leis i ngnó an tshagairt nuair a bhí a théarma caithte aige i Magh Nuadhat. Do deineadh sagart de i Meitheamh an tSamhraidh 'san mbliain a 1908, agus ón lá san go dtí lá a bháis níor bhuail sé umam ach go hannamh. Níor mhothuigheas éan atharú air ach go raibh sé ag féachaint níosa threise agus níosa théagartha ná mar a bhíodh sé i Magh Nuadhat. Bhí sé i bhfad níosa phléisiurdha agus níosa shultmhara leis. Nuair a bhí Séumas i Magh Nuadhat, is minic a chuimhnuighias go raibh ana-chosamh- lacht aige leis an ragart mór uasal Dochtúir Ó Hiceadha. Is dóigh liom ná feaca éinne againn riamh ár n-ollamh re nGaedhilg ag gáiridhe um éan ní riamh, bhí sé chomh stuidéartha san agus chomh mór san i ndáiríribh. B'é a dhuthchas bheith stuidéartha,
agus ní bheadh éan mheas againn air dá mbeadh sé ar a mhalairt de chuma. Bhí Séumas ana- stuidéartha leis. Ach is é mo thuairim láidir gur mhi-nádúrtha dho bheith mar sin agus gur bh'amhlaidh ná raibh a shláinte ar foghnamh aige i Magh Nuadhat. Ach nuair d'iompuigh sé amach ar shagartóireacht tháinig feabhas ar a shláinte, agus do bhris a dhuthchas ceart amach — bhí sé 'na dhuine bhreágh shultmhar phléisiurdha. Sin é an meas a bhí ag na daoine go coitcheannta air, pé scéal é. Ní hiongna, dá bhrigh sin, go raibh na daoine ins gach éan pharóiste ina raibh sé an-cheanamhail air. Daoine bochta is eadh furmhór muinntire na hÉireann agus ní maith leo sagart uaibhreach. Sin mar adeirid siad pé scéal é. Ní raibh an t-Athair Séumas mór ann féin ach go breágh umhal macánta. Daoíne fé leith is eadh sagairt. Daoine le Dia is eadh iad. Agus obair fé leith a bhíonn ar siubhal aca, obair spriodálta. Is beag éan bhaint a bhíonn aca le gnothaíbh saoghalta agus mar gheall ar sin, ní bhíonn a n-ainm i n-áirde os comhair an tsluaigh. Gheibheann a bhfurmór bás gan chlu saoghalta. Agus cuireann sé sin i gcuimhne dhom scéal Seáin Mhic Chormaic, an t-amhránaidhe go bhfuil a chlu scaipithe ar fuid an domhain anois. Ba dhóbair do teacht go Magh Nuadhat 'n-a mhac leighinn an bhliain chéadna gur tháinigh Séumas Ó Ceallacháin ann. Ach níorbh é thoil dé é, agus i n-ionad é bheith 'na shagart óg, gan chlu gan ainm, i n-áit éigin iargcúltha i gCondae Sligig, tá sé ar an amhránaidhe is mó clú agus cáil ar fuid an domhain anois agus an saidhbhreas go léir aige. Ach chíonn Dia a lán níd ná feiceann daoine, agus tá a fhios aige amháin an méid saothair a dheinid sagart chum anamann do shábháil. D'airigheas go mbíod an t-Athair Séumas de shíor agus de ghnáth ag obair imeasg na ndaoine mbochta 'sa chathair, agus gur mó duine do bhí ag leanmhaint beatha bun os cionn do chuir sé ar bhothar a leasa. Agus is éol do ghach éinne 'san Mhumhain go raibh a ainm i n-áirde mar gheall ar a chuid saothair ar son aithbheochaint na Gaedhilge. Bhí toghadh na Gaedhilge aige féin, mar d'fhogluimigh sé i Magh Nuadhat é, agus ón lá deineadh sagart de go lá a bháis, bhíod sé gá múineadh d'óg agus sean. Is mór an méala a bhás do chúis na Gaedhilge i gCorcaig, agus tá brón mór ar gach Ghaeidhilgeóir ann 'n-a dhiaidh. Bhí ard- mheas agus cion aca go léir air. Is crádh croidhe dhúinne, a cháirde go léir, go bhfuil sé sínte 'san uaigh gan luth, gan anam agus ná cloisfeam go bráth arís a ghlór binn Gaedhealach. 'Sí uair dheirineach do chonnac a bheathaidh é ná ag an seanmóin Gaedhilge a bhí againn
lá 'Le Pádraig anuraidh i mor-theampull Corcaighe. Is lag a shaoileas an lá san go mbeadh sé 'na chomhra i gcionn mí 'na dhiaidh sin 'san teampull chéadna, treas- cartha ar lár le piléaraibh na nGall agus a chorp seang séimh, stracaithe, stollaithe brúighte. Fuair muinntir Corcaighe agus muinntir na hÉireann uile anaithe agus scannradh i mí an Aibréain anuraidh, nuair a léigheadar 'sa pháipéir connas mar do marbhuigheadh an t-Athair Séumas Ó Ceal- lachain le ropairíbh ghall i gCorcaigh, in am mharbh na hoidhche, an sagart uasal séimh nár dhein dioghbháil do dhuine ná d'ainmhidhe riamh. Do baineadh preab mór asam féin, ní nárbh iongna, nuair a léigheas cúnntas a bháis agus níor fhéadas gan ghol go fuidheach. Bhíos ar sochraid a lán sagart, agus ní fheaca daoine riamh ag sileadh deór ann. Deirid na daoine nách ceart bheith ag gol a ndiaidh sagart, mar gur daoine le Dia iad agus go dtéidheann a n-anam láithreach bonn go Flaithis Dé tar éis faghbháil bháis dóibh. Ach cheana, bhí gach éinne a bhí ar shochraid an Athar Séumas go brónach ag sileadh deór, go mór mór na páistí scoile. B'é tuairim gach éinne go raibh an t-Athair Séumas ana-naomhtha, bhíodh sé ag paidreóireacht i gcomhnuidhe. Do mhair sé uair no dho a chloig thar éis é lámhach, agus do chuala nár stad sé ach ag paidreóireacht i nGaedhilg nó go bhfuair sé bás. Agus ba ghlórmhar an bás é sin. Is mór an sólás dá chomhgus gaoil agus dá cháirdibh go léir go bhfuair sé bás ar son Creidimh Críost agus ar son Saoirse na hÉireann. CARA. “Obair é seo a caithfear a dhéanamh má tá feabhas le tigheacht ar an saol — an tsainnt shaolta agus an fuath agus an t-éad a náiriú agus a mharbhú, agus beodhas na spioraide a dhúiseacht. Agus b'fhéidir le Dia go bhfuil i ndán d'Éirinn bheith páirteach ins an obair sin. Ach má tá aon éifeacht le bheith i gclainne Gaedheal le n-aghaidh sin, ní mór buaidh agus spioraid an náisiúin a chothú ar dtúis le stair na tíre seo agus le stair na Críostuidheachta ins an tír agus go mór-mhór leis an nGaedhilg atá chomh fighthe isteach leo, is fearr a déanfar seo. Tá saol nuadh rómhainn i n-Éirinn agus beidh ar an mhuintir a bhéas i gcúram an oideachais amach annseo aire a thabhairt dó go gcuirfear an obair sin 'un cinn” — Iris leabhar na h-Ollsgoile, Baile-Átha- Cliath.
I MEASG NA nGAEDHEAL AG MUIGH NUADHAT. Má's maith le léightheóirí an Irisleabhair stuidéar a dhéanamh ar chorta-cainnte maithe nú ar ghraiméar ceart na teangan, iarraim ortha gan an aiste seo a léigheamh mar caillfar ortha. Gheobhfar síos annseo cúntas beag ar an spioraid a bhaineann le h-obair na Gaedhilge 'san gColáiste seo 'gainne. B'fhéidir ná tuigfeadh stróin- séar brígh na h-aiste seo ach níor chuala ríamh gur cuireadh an t-Irisleabhar i gcló ar mhaithe le daoine iasachta. Aiste dos na macaibh léighinn í seo aiste dos na sagairt óga is eadh í leis. Cuirfidh sé i gcuimhne dhóibh na laetheanta geala a bhíodh aca agus iad ag obair ar son na Gaedhilge i gCuallacht Chuilm Chille. Beidh áthas 'na gcroidhthibh go bhfuil an sean-spiorad go beó bríoghmhar 'nár measg fós, agus gurb' amhlaidh atá sé ag dul i dtreise i n-aghaidh na mbliadhanta. Ní thuigfeadh aon mhac léighinn cad is fíor-shult ann muna rachadh sé isteach i gCúirt na nGaedheal. Tráthnóna Domhnaigh bailigheann na micléighinn isteach i halla na diadhachta is bíonn caitheamh aimsire agus oideachas le céile aca ar feadh uaire a chluig. Ba mhaith liom cur síos ar imtheachta oidhche áirighthe go rabhas istigh. Ar dhul isteach dom chonnac na buachaillí go léir 'na suidhe ar na bínseachaibh agus b'iad a bhí lúthgháireach sona. Ní raibh le clos ó gach taobh ach “teanga na mílte fada bliadhan.” Thugas fé ndeara macléighinn mór láidir (bail ó Dhia air) ag dul ó bhuidhin go buidhean agus ghá iarraidh ar dhuine annso agus ar dhuine annsúd amhrán a rádh. Thug duine leithsgéal — bhí slaghdán air, adubhairt sé. Ó, a shlaghdáin nác mór a deintear id' ainm-se! Sa deire d'eirigh macléighinn chun amhrán a rádh is geallaim- se dhuit ná raibh slaghdán air, óir thug sé amach “Cruacha Glasa na h-Éireann” go binn milis. Chabhruigheamair go léir leis an gCurfá agus is beag duine a bhí istigh ná raibh ag cuimhneamh ar chruach éigin i nÉirinn agus ar na daoine b'annsa leis, 'na gcómhnuidhe i bhfad ó Chúirt na nGaedheal. Níor chuala riamh amhrán Gaedhilge nár cuireadh mo bhaile féin i gcuimhne dhom agus is mar sin d'á lán daoine. Glaodhadh ar Thomás. Cad é an t-amhrán a déarfadh sé? “An Trucaillín Donn,” arsa sinn go léir. Dá bhfeicfeá an Chúirt annsan — “Óro, bog liom é, druid liom é, corruig liom é.” Bhí áthas orainn sean- sgéal an bhobbaidhe agus na trucailleach a chlos agus ar an slighe 'nar cuireadh deich sgilling ar an nGaedheal bocht toisg a ainm a bheith sgríobhtha aige ar an gcárr 'san Ghaedhilg. Tá a mhalairt de sgéal ann indiu. Thug Seán amhrán breagh dhúinn ar Theanga na h-Éireann. Is maith an sás chuige é, agus is iongnadh liom nár cuimhnigh- eadh air roimhe seo. Tá ciall cheannaigh 'na thaobh againn anois. Annsan d'fhógair Seán, Cathaoirleach, go mbeadh oidhche sgoruidheachta againn sar i bhfad; go mbronnfí “Scríbhinní Phadraig Mic Phiarais” ar an té d'inneosadh an sgéal ab fhearr. Chuir sé an t-adhbhar conspóide seo os ár gcomhair — “Gur tairbheac an rud é an t-ólachán do dhíbirt ar fad as Éirinn.” Ní raibh an focal “Éirinn” ráidhte aige nú gur éirigh
“Bob” 'na sheasamh. Chualamair blas bog na Mumhan, srúth-chainnt líomhtha mhilis, óráid ghunta mhacánta. Dubhairt sé nár cheart deire a chur le réim na leanna duibhe; mar cad a dhéanfadh seanduine bocht is é ag bailli-chrith lá aonaigh, cad a thabharfadh slighe bheatha do lucht na dtighthe tábhairne, cad a chuirfeadh an t-anam arís 'san té a bheadh tuitithe i bhfanntais — cad a déanfí i n-ao' chor dá gcuirtí deire ar fad leis an ólachán? Ní raibh Pilib ar aon aigne le “Bob” i dtaobh na ceiste. “Solvitur ambu- lando,” “ars' eisean. Cuireadh dlighe i bhfeidhm i bPoblacht Mór an Iarthair chun an ólacháin a dhíbirt ar fad agus “parr- thas ar thalamh” a bhí aca ann ó shoin. B'shin mar a chualaidh sé féin ó shagart a tháinig abhaile; agus ná fuil fhios ag an saoghal ná h-inneosadh sagart bréag. Láithreach ball, dubhairt Seosamh gur airigh sé ó easbog Punncánac gur mó daoine a chífá ar meisge 'san Oileán Úr i n-aon uair a chluig amháin ná mar a chífá i n-Éirinn i rith bliadhna. Is maith is eol dos na diadhairíbh ón dtráchtas ar an Eaglais gur mó go mór an t-úghdarás a bhaineann le cainnt easbuig ná le cainnt sagairt. “Beidh a fhios san agat-sa tar éis bliadhna nó mar sin,” arsa Seosamh ag féachaint ar Philib, feallsamh. Dubhairt Tomás gur léigh sé an litir a sheól Naomh Pól chun Taidhg Naomhtha agus gurbh í cómhairle a bhí innte ná gur cheart do Thadhg gloine fíona d'ól anois is aríst ar mhaithe le n-a ghoile. Dá bhrígh sin gur mhaith an rud an t-ólachán agus nár cheart d'aoinne a rádh gurbh olc ar fad é, gur bheag tairbhe a dhein an dlighe díbeartha 'san Oileán Úr mar go raibh an “biotáille tráchtála” níos measa aca anois ná mar a bhí an sean- fuisgí riamh agus “geallaim-se dhaoibh,” ar seisean, “go bhfuil sé daor ortha a bheith ag faire lucht na scórnaighe tiorma.” Annsan do labhair Eóin do ghuth cheólmhar agus ba léir dúinn go raibh sé dáiríribh. “Ceist thábhachtach í seo,” ar seisean, “ceist atá ag baint chodlata na h-oidhche ó ollamhain léigheanta is ó thir-ghrádhuightheóirí dútrachtacha agus ba cheart is ba chuibhe go ndeanfí í chíoradh is í chur tré chéile go macán- ta. Triaileadh gac leigheas chun na díobhála a bhí ag an ólachán á dhéanamh a laghdú. Ach ní raibh aon tairbhe i n-aon leigheas ach an t-ólachán a dhíbirt ar fad ón dtír agus imtheacht gan teacht air, leis. “An té ná h-ólann ac uisge ní bheidh sé ar meisge.” Is mó fear stuamdha calma a cuireadh ar lár ag an ólachán. Is mó clann sheasgair shona a chuaidh ar bhealach a n-aimhleasa dá bharr. Féach an crot atá ar na bailtibh móra i n-Éirinn, níl le feiscint ag an stróinséar ionnta ach tighte tábhairne. Fairíor, nách truagh chráidhte sinn, is go gcuiridh Dia dlighe dibeartha an ólacháin gan mhoill cughainn. D'aontuigh Pádruig le h-Eóin 'san gcuid ba mhó d'á chainnt ach mar sin féin b'é a thuairim nár cheart an t-ólachán a dhíbirt ar fad ach gur thairbheac an rud é cuid mhaith des na tighthibh tábhairne a dhúnadh. Bhí Muiris ag éisteacht le Pádruig go cúramach, chroith sé a cheann anois is arís, d'fheuch sé idir an dá shúil ar Phádruig uair agus, ar seisean, “Maith an fear, i maite” Uair eile dubhairt sé rud as Beurla — Dia idir sinn agus an t-olc! ach b'fhéidir nác ón a chroidhe a dubhairt sé é. Nuair a shuidh Pádruig, bhí coinne agam le cainnt chiallmhar chóir ó Mhuiris ach d'fhan sé 'na thost. Is dócha go mbeidh “lá eile ag an bPaorach.” Bhí deire leis na h-argóintí go léir agus bhí orainne, lucht éisteachta, ár mbreith a thabairt ar an gceist de réir feabhais na díospóireachta. D'éirigh “Bob.” Ba dheocair deoch a choimeád ón té go raibh mian múchta tarta aige agus 'san Oileán
Úr, is mó sgeimreacht a cuireadh i bhfeidhm chun an tart mór a shásamh. Bhí an staid deireanach níos measa ná chéad staid. Annsan do chaith sé stac-fhéuchaint ar an “nduine uasal thall,” d'iompuigh chun an Chathaoirligh agus ar seisean go solamhanta. “Omne ens est bonum.” Ens is eadh an t-ólachán agus dá bhrígh sin, rud maith is eadh é.” Thugamair ár mbreith agus ba dhóigh leis an bhfurmhór gur dhein lucht séanta na dlighe díbeartha na h-óráidí ab' fhearr agus gur aca san a bhí an lá. Ní fhéadfá deagh-chroidhe is flaitheamhlacht na nGaedheal a thuisgint gan a bheith na measg agus eólas agat ar theanga ár sinnsear. Tá spiorad fé leith ag baint leo, spiorad naomhtha is eadh é, ní bheidh fhios ag an mBeurlóir go deó cad é an saghas é. Tá an spiorad san le fághail sa Ghaedhealtacht fós agus is léir gur mar a chéile í agus an saoghal a bhíodh ages na Gaedhil i n-Éirinn fad ó. Tá cur síos ag Mrs. Green ar an saoghal so 'san leabhar a scríobh sí ar Sheana-Éirinn agus 'si seo an Ghaedhilg a chuir ár n-ollamh féin, an t-Athair Gearóid Ua Nualláin, ar an mBéarla: — “Is amlaidh a thuigeadar na Gaedhil an nádúir dhaonna agus an gádh atá le caradas i measg daoine; bhíodar sultmhar sochma le céile; is mó rud a bhí aca chun ceangail charadais do shnaidhmeadh eatortha; ins na neithibh a bhaineann le h-aigne is le h-intinn an duine bhíodar beodha bríoghmhar beacht; agus rud ba mhó le rádh ná iad san go léir, bhí oiread san suime aca i bhfoghluim agus ins an uile rud a chothóchadh beatha na h-aigne ná féadfadh aoinne a chífeadh iad gan uraim a thabhairt do'n aigne is do'n fhoghluim.” B'shin é an sean-spiorad a bhíodh ages na Gaedhil agus a dteanga féin aca; sin é an spiorad atá i measg na nGaedheal ag Muigh Nuadhat indiu. “MÍCHEÁL” TRÁTHNÓNA SAN EILIBHÉIS. “Cuir an ghrian na mílte beann ar dearg-lasadh. Rinne sí ór lonnrach de'n tsneachta gléigeal ar bharraibh na gcnoc. Rinne sí bóithríní dearga 'n-a leicnibh. Chuir sí sgátháin ag lonnrughadh ar nos an chriostail 'na taobhaibh. Tháinigh lóchrann glóire uaithe aniar cuig gach cnoc is beinn le sgéala go raibh sí le n-a bhfágáil go maidin fá shoillse na gealaighe agus fá réaltaibh na h-oidhche. Bhí a ghaethe dearga mar bhéadh teachtairí idir dhá cheann an domhain. Tháinigh frasa deór ón sneachta le cumha n-a dhiaidh. Agus nárbh áluinn na deóra iad! Bhí gach braon comh lonnrach soillseach is dá dtigeadh drúcht óir anuas ó neamh. Tháinig dath buidhe-dhearg ar na néalltaibh a bhí mar bheadh lomraí móra olna i spéarthaibh an Domhain Thiar.” — Seilg i measg na n-Alp.
AN LÁ DEIRINNEACH SGOILE. (SGÉUL SCOLAÍRÍN BHIG.) An maidean sin bhíos an-dhéidheanach ag dul ar sgoil, agus eagla an domhain orm go bhfuighinn léasadh, go mór-mhór mar bhí an sean-mháighistear Finghín Ua h-Eidiris- geól tar éis á rádh linn go gceisteóchadh sé sinn ar na briathairibh agus, mar ba ghnath liom, ní rabhadar agam i n-aonchor. Ní h-aon iongnadh gan deabhadh orm, ambasa. Ar dtús agus mé ag gábhail an bhóthair do rith sé isteach im-aigne gur maith agus gur fóghanta an rud é éalúghadh ó'n sgoil agus imtheacht treasna na bpáirceanna go Coill-Cille ar lorg neadacha nó síos go dtí an Abha-Bhuidhe ar lorg bricíní. Acht mar sin féin níor éaluigheas, cé gur bhreágh é an lá agus gur raibh an ghrian ag soillsiúghadh go h-áluinn. D'fhéudas an traona do chloisint ag críc-creáich do féin ar an dtaoibh eile de'n chlaidhe. An londubh agus an ciarrseach ag canntain ins na scairtibh agus an fhuiseóg ag ceileabhaireacht sa spéir. Do chonnach camtha na Sasanach leath-mhíle uaim ar mo lámh-chlé agus mé ag cur an bhóthair go tuigh díom, agus chualadh na saighduirí Gallda agus iad ag déanamh glacaidheachta ar mhín-mhacaire Mhaighe-Fhlaithibh. Do leanas orm. Direach agus mé ag gábhail thar bhearraic na saighduírí sa sráid do thugas fé ndeara sgata daoine bailighthe os cómhair fógra éigin ar fhalla an tighe ar chúinne na sráide. B'shin é an áit go bhfuair na daoine gach droch-thuairisge i dtaoibh a dtíre, le dhá bhliadhain, na briseadh catha na sraithe agus na cíosa. “Cad é seo ortha anois?” arsa mise ag gabháil thar bhrághaid dom. “Óch! Ná bhíodh a leithéid de dheabhadh ort, a mhic ó,” arsa Míceál Gabha. “Beidh tú ar sgoil i n-am tráth.” Cheapas gur abh ag magadh fúm a bhí sé. Do chomáineas liom agus shroiseas an sgoil agus mé ag séideadh go saotharach. Gach maidean do bhíodh gleó agus fothramh an domhain ann sar a thosnúightí ag obair: bheidhís ag bualadh na suídheachán ag bogadh na mbínnsí agus ag fogluim ós árd ceachta an lae ag filleadh agus ag aith-fhilleadh ar na focalaibh airís agus airís eile; agus i lár an rí-rá seo go léir do bhíodh an sean- mháighistear ag spaisteóracht suas síos an úrlár agus an tslaitín taithfhéithleann 'ghá bhualadh ar na suidheacánaibh aige agus é 'ghá rádh — “Éistigidh, a bhuacaillí, bídhidh 'nbhúr dtost.” Do bhíos ag brath go bhfuighfinn m'áit féin do bhaint amach i measc an toirmisc seo i gan fhios do'n mháighistear. Acht, mo léir! an maidean seo díreach, bhíodar chómh chiúin chómh suaimhneasach gur dóigh le duine gur maidean Dhomhnaigh a bhí againn. D'fhéuchas isteach an fhuinneóg. Bhí na scoláirí go léir 'na suidhe, gach buachaill ar a shuidheachán féin agus Finghín Ua h-Eidirisgeól ag siubhal síos suas an séomra agus an slaitín millteach fé n-osgail aige. B'éigean dom an doras d'oscailt agus dul isteach sa sgoil i lár an tsuaimhnis uathbhásaigh sin. Geallaim dhuit go rabhas ar lasadh go bun na gcluas agus ná raibh a leithéid d'eagla riamh orm. Cheapas go raibh mo phort seinnte. Acht
bhí breall orm an babhtha seo. D'fhéuc an máighistear orm gan rian feirge na cochaill air agus dubhairt sé go binn mhilis. “Rith leat go dtí t'áit, a Pháidín Bhíomar cun tosnúghadh a dheanamh i d'eaghmais.” Do chuadhas de léim thar bhinnse agus shuidheas ar mo shuidheachán féin. Is annsan do thugas fé ndeara ná raibh a ghnáth- éudaigh ar Fhinghín. Bhí a chasóg sróill air agus a bhríste ghlas go raibh na cnaipíní ar leath-thaoibh air agus a charabhath dubh ná chuireadh sé uime acht amháin lá an chigire nó lá tugtha amach na nduaiseanna. Rud eile, bhí rud éigin neamh-coitcheannta agus solamhanta ar an rang go léir. Acht b'é rud ba mhó a chuir iongnadh orm ná cuid mhaith de shean-daoinibh na h-áite d'fheicsint ag bun an tseómra agus iad 'na suidhe ar bhinnsibh fé-leith, chómh sámh chómh socair chómh suaimhneasach linn féin. D'aithnigheas Seumas Crón, an sean-siúinéir, ortha, agus Tadhg Tóibín an táilliúr, an t-é ba shine sa pharóisde, agus Seán Ua Súilleabháin an gréasaidhe; aprún leathair air; céir ar a mhéireannaibh; spéuclaí móra troma árduighthe ar a éudan aige. De réir gach deallraimh bhí brón agus buaidheart agus briseadh chroidhe ortha ar fad idir óg agus aosta. An fhaid agus a bhíos ag deanamh iongnaidh de'n mhéid seo go léir, bhí an máighistear tar éis dul suas ar a shuidheachán féin agus labhair sé leis an nguth binn-ghlórach mhilis chéudna — “A cháirde, sé seo an uair deireannach go ndéanfadsa sibh-se do mhúineadh. Tá an t-órdúghadh tar éis teacht anall ó Lunduin Shasana ghá rádh gan acht Béurla do mhúineadh ins na sgoilleannaibh as so amach… Beidh an máighistear nuadh annso chúghaibh amáireach. 'Sé seo an ceacht deireannach a bheidh agaibh san Ghaodhluinn agus ar a shon sin iarraim oraibh togha an aireachais do thabhairt dom.” Do chuir an cúpla focail sin iongnadh mo chroidhe orm. Na cuirpithigh! b'shin é a bhí sa fógra úd. Mo cheacht deireannach sa Ghaodhluinn! Mise gur b'ar éigean d'fhéudas é sgríobhadh! Agus, mo bhrón! ní bhéadh an caoí agam anois chuige. Is orm-sa a tháinig an cathúghadh agus an croidhe-bhrúghadh mar gheall ar an am a bhí caillte agam ar lorg neadacha ins na coilltibh agus ag sleamhnúghadh ar an leach- oidhir sa móintéan. Agus mo leabhair gurb' ualach liom iad d'iomchur go dtí so, mo ghraiminéir, mo leabhar tír-éolais, agus mo Stair-cheachta, b'shean-cháirde anois iad agus ba leasg liom imtheacht uatha. B'shin é díreach an údháltha agam i dtaoibh Finghín boicht. A rádh gur b'éigean dó imtheacht agus ná feicfinn airís é! Le neart dubhróin do dhearmhadas gach cóir- úighadh agus gach buille slaite a fuaireas riamh uaidh. An duine bocht! Is i n-onóir do'n rang deireannach seo a chuir sé an culaith éudaigh nuadh uime agus is anois a thuigeas cad ar a shon go raibh sean-daoine na sráide tar éis teacht agus suidhe síos ag bun na sgoile. Bhí cathúghadh a gcróidhe ortha nár thángadar go minic go dtí an sgoil agus b'shin mar a ghabhadar a mbuidhea- cas le n-ár máighistear mar shásamh ar a dhílse is ar mhúin sé an t-aos-óg le dachadh bhliadhain. Bhí mo cheann tré 'na chéile leis na smuainthibh seo nuair do glaoidh Finghín Ua h-Eidirisgeóil ar m'ainm. Bhí orm an ceacht a thabhairt amach. Do thabharfainn an saoghal acht é do bheith de ghlan mheabhair agam gan botún gan tuathal; acht do tháinig mearbhall aigne orm ag an dara líne. Do stadas. Níor fhéudas focal a labhairt. Bhí ceist agus ceann-fé orm. Thosnuig mo chroidhe ag preabarnaigh im'
chléibh. D'eirigh luisne i'm cheannachaibh le náire. Thánaig deóra im' súilibh le neart chráibhteachta. Bhí mo ghiall ag crith agus mo bhéul ag bogadh chun ghuil. Annsan do chualadh an máighistear ag cainnt. “Ní thabharfad aon challaireacht dhuit an t-am seo, a Phaidín, a chroidhe liom, badh choir go mbéadh do dhóithin phionóis ort cheana féin. Acht seo mar adeir sibh i gcómhnaidhe. Óch! Aidhe! tá mo dhóithin aimsire agam. Déanfad é d'fhoghluim amáireach.” Agus féuch anois cad tá ag teacht as. B'fhuirist a aithint go raibh brón-chroidhe ar an bhfear mbocht. “Ah!” ar seisean, agus d'árduigh se a ghuth “'Sé seo an mí-ádh atá ar mhór-chuid ár ndaoine fé láthair — a n-oileamhaint do bheith 'gá síor-chur ar ath-lá aca. Seadh! is maith an ceart do'n namhaid a rádh — “deir tusa gur Éireannach thú agus gan eólas agat ar do theanga dhúthchais do sgríobhadh ná do léigheamh. Ní náisiún fe leith tír na h-Éireann mar ní'l a teanga féin aici mar atá ag muintear na Breataine.’” Agus annsan do thosnuigh Finghín bocht ar a innsint dúinn mar gheall ar teanga na h-Éireann — an teanga ba mhílse agus ba bhinne agus ba bhlasta dá raibh sa domhain — go raibh orainn í labhairt agus í choimeád beo, mar nuair a thuiteann daoine fé dhaor-bhroid, an fhaid agus a bhíonn teanga a sinnsear aca, bíonn, mar a déarfá, eocair a bpríosún aca. Annsan do thóg se 'na láimh gráuimméir Gaedhilge. Do léigh sé an ceacht as agus anois b'anafhuirist ar fad liom é d'fhoglum. Ní dóigh liom gur géire mo aigne riamh ar aon rud ná mar a bhí sé ar an nGráim- méir an lá sin. Nuair a bhí an leath-uair caithte táinigh am an stair-cheachta. D'inis Finghin bocht mar gheall ar mhuintear Uí Shuilleabháin, muintear Uí h-Eidirsgeóil agus uaisle eile Rosa Cháirbre agus na gcríoca mór thímcheall, na catha agus na roisg-cátha, na filí agus na draoithe agus an ógham-chraoibh. Tar éis tamaill do tháinig an sgríobh- nóracht. I gcóir an lae seo bhí sé tar éis sompla úr-nuadh do cheapadh. Do sgriobh sé go breágh cruinn ar an gclár-dubh “Éire do Chlanna Ghaodhal — Éire do Chlanna Ghaodhal.” Annsan dá bhfeúcfá conus mar do chrom gach aoinne 'gá sgríobh chómh díthceallach san ná féudfá a chloisint acht sgriobáil na bpeann ar an bpáipéar agus anál fada trom na seandaoine ag bun na sgoile. Anois agus airís nuair a árduighfinn mo cheann do chífinn an máighistear 'na shuidhe 'ghá shúidheacháin gan cor gan méam as, agus é ag cur na súl tré gach aon-nídh sa seómra gur dóigh le duine, gur mían leis iad go léir do bhreith leis san fheúchaint sin. Bhí sé annsan le dachad bliadhain san áit céudna agus an clós ar a aghaidh amach. Bá bheag an deifirigheacht a bhí tagaithe ar an áit, acht go raibh na crainn fásta suas mór-thímcheall — na crainn a chuir sé féin nuair a tháinig sé ar dtúis chúghainn 'na ógánach bhríoghmhar chumasach. Ó h-am go h-am do chloiseadh sé muintear an bhaile os a chionn agus iad ag corruighe agus ag bogadh a throscáin-tíghe, már b'éigean dó imtheacht amáireach 'na dheóraidhe ó'n dtír. Acht mar sin féin bhí de mhisneach ann an rang do mhúineadh go deireadh na sgríbe agus tar éis an sgríobhnóracht bhí ceacht an tír-eólais againn. I n-a dhiaidh san do thosnuig na páistí ag tabhairt amach an t-á-é-í-ó-ú. Agus na sean-daoine ag bun na sgoile, chuireadar a spéuclaí móra ortha agus chromadar ar na focail do leitiriúghadh ós árd in-aonfhact leó. Bhí a nguth ag críoth le dubhrón agus le duair- ceas. Ba ghreannmhar an rud é iad a chloisint i dtreó go raibh fonn gháiridhe agus ghuil orann. A! geallaim dhuit ná
déunfad dearmhad coidhche ar an rang deireannach san! Do bhuail an clog um meadhon lae. D'eirígheamar agus dúbhradh an t-Aingeal Muire. 'San am gcéudna do chloiseamar adhairc na saighdiúirí agus iad ag teacht thar n-ais ón nglacaidheacht. Tháinig oifi- geach airm cun an dorais agus fógra 'na láimh aige. D'eirigh Finghín Ua h-Eidir- sgeóil. Bhí iompáil lí t'réis teacht air. Níor bhreághtha riamh liom é ná ar an neomait sin agus é ag féucaint ar fhear cinn siain na Sasanach agus sean-bhlas 'na shúilibh. “A cháirde,” ar seisean linn, “a cháirde, tá — tá —” Acht do choisg rud éigin é. Níor fhéud sé é do chríocnúghadh. Tháinig iarracht de laige air, acht mar sin féin rug se ar blúirín cailce agus sgríobh sé go mór is go trom ar an gclár-dubh — “Go Saoraidh Dia Éire!” D'fhan sé mar sin, a cheann i gcoinne an fhalla, na deóra 'na shiúlibh. Tar éis tamaill dubhairt sé — “Sin deire leis, a cháirde dhílse. Bídhidh ag imtheacht.” Agus mar sin d'imthigheamair. Tógaithe ó'n bhFranncaís (La Derniére Classe — Daudet) agus crot Gaedhalach air. LOCH LÉIN. “Má gheibhan an Ghaeluinn bás idir bhúr lámhaibhse beidh an “trom trom” go daingean oraibh. Ní h-aon “trom” amháin a bheidh oraibh, ámhthach, ná dhá “throm.” Beidh fiche “trom” oraibh… Anois an t-am agaibh-se a Mhuíntir Chuilm Cille Naomhtha, chum machtnaimh a dhéanamh air sin. Déinig an machtnamh agus déinig an obair agus bíodh an Ghaeluinn beó i n-Éirinn de deasgaibh na h-oibhre sin, an fhaid a bheidh uisge ag ruith agus féar ag fás. Annsan beidh saidhbhreas aigne agus saidhbreas íntileachta agus saidhbhreas tuis- giona agus saidhbreas léighinn agus tar gach saidhbhreas eile, saidhbhreas creidimh, sa n-oileán so na h-Éireann, agus i dteanta grásta Dé, beidh a bhuidhchas san oraibh- se.” — An t-Athair Peadar Ó Laoghaire 'san Halla Mhór, 1912.
AN t-ATHAIR Ó GRÍOBHTA. Is 'mó trioblóid agus cruadhtan a bhí ar mhuinntir na h-Éireann le cúpla bliadhain anuas. Is 'mó lá doilgheasach brónach a chaitheadar. Bhí cuid des na daoinibh ag fulaingt gan sos d'fhághail an t-am sin ar fad, cuid eile i gcruadhchás go mion minic agus fíor-bheagán aca go dona ar uairibh. Bhí aon lá amháin, ámh, i lár na h-aimsire sin nuair bhí Innis Fáil ó thraigh go tráigh fé bhrón agus fé dhíombáidh, agus nuair bhí croidhe dubhach cráidhte ag gach éinne. B'shin é an lá a leath an sgéal ar fud na tíre gur dúnmharbhuigheadh an t-Athair Ó Gríobhta. Níor thárla a leithéid do shagart i n-Éirinn riamh. Bhí na Gaedhil go léir i scannruighthe agus bhí iongna ar an ndomhain mór acht bhí an donas ar fad ar a cháirdíbh gaoil agus ar lucht a aitheantais. Nuair do chualas féin an sgéal ba dhóbair dom tuitim ar mo chosaibh. Ar an bpoinnte tháinig a phictiúir as comhair m' intinne. Ba léir dom a éadan uasal, a shúile donn-ghorma ag taithneamh le grádh agus le sult agus a bhéal fé'n mheangadh gáire. Go deimhin ba dheachair a chreideamhaint go raibh an sagart diadha sin, an fear grádhmhar, cáirdeamhail, caid- reamhach, gan luth gan anam anois, acht b'fhíor é. Bí sé fuar marbh agus ní fheicfinn beó ar an saoghal seo arís é. Mar sin do tuit sé amach. Oidhche an 14adh lae de mí na Samhna dob'eadh í. Bhí an t-Athair Mícheál go deas compórdach cois na teineadh i n-a theach 'sa Ghaillimh. Bhí gairbhsíon an geimh- ridh tagta cheana agus bhí anfadh mór ar siubhal amuigh. Bhí sé ag séideadh i n-a ghála agus é ag clasgairt bhaistighe gan stad. Tamall beag roimh a dhó déag a chlog nuair bhí ciuineas ar gac rud 'sa theach agus nuair bhí an sagart féin ar tí dul i n-a luighe do buaileadh cnag ar an ndoras. Mar ba ghnáthach leis chuaidh sé go dtí an fhuinneog agus d'fhéach sé amach chun a dh'fhághail amach ar dtúis cé a bhí ann sul a fhosglóchadh sé an doras. Deallruigheann an sgéal go raibh duine ag iarraidh air rud éigin a dhéanamh agus d'fhreagair sé dó “deanfad agus fáilte.” Annsin tar éis an dorais d'oscailt dó do ghleas sé féin cun an bhóthair. Is dócha gur innseadh dó go raibh a chabhair ag teastáil ó dhuine éigin chun é do mhealladh amach agus ní dhearna sé acht dul láithreach. Níor chuimh- nigh sé ar fheall. Níor bhac se le fuacht na h-oidhche. Thuig sé go raibh Dia ag glaodhach air agus chuaidh sé go toilteanach. Lá'r n-a bhárach tugadh fé ndeara go raibh sé fós gan filleadh acht ba dhóigh le gac éinne gurb amhlaidh a fhan sé fé fosgadh i n-áit éigin. Tháinig an dara lá agus annsin bhí imshniomh ag teacht ar na daoinibh faoi. Thosuigheadar ag cur teachtaireachta ar fad na dúthaighe ar a lorg acht ní raibh sé le fághail i n-aon bhall. Ní raibh sgéal nó sguan uaidh. Bhí a mhuinntear agus a chairde go léir go mór tré chéile. Ba cinnte go raibh feall ann. Bhí amhras ag na daoinibh gurbh é an riaghaltas ba bhun leis agus ní rabhadar acht ag ceilt na fírinne uatha, dar leo. Bhí an sgéal mar sin ar feadh seachtmhaine. Dá mhéid cuar- dach a rinneadar do bhí sé ag dul díobh a thásc nó a thuairisc d'fhághail.
Tháinig Oidhche Dé Sathairn agus annsin chonnaic cúpla malrach stiall de chasóig i bportach. Bí sé greamuighthe go dain- geann ann agus ní leigfeadh an t-eagla dhóibh aon iarracht a dhéanamh chun é d'fhuas- gailt acht chuireadar fios ar na sagart- aibh gan mhoill. Tháinig siad san chomh tapaidh agus dob fhéidir leo agus fuaradar a chorp curtha timcheall dhá thróigh síos 'sa bportach. Dob' uathbhásach an radharc a bhí le feiceál an oidhche úd nuair do thógadar as an bpoll é. Chuirfeadh sé critheadh ar chroide chloiche. Bhí an gealach ag taithneamh anuas air. Bhí a leath-shúil ar fhosgailt agus féacaint truaighmhéileach ar a ghnúis ar nós duine a bhéadh ag fulaingt go géar acht 'san am céadna a bhéadh lán ceaptha fulaingt chun deiridh. Bhí poll mór ó thaobh taobh a chloiginn mar is amhlaidh cuireadh piléar tré'n a inchinn agus bhí sé sméartha salach leis an gclábar. Ní raibh teóra le crád cróidhe na ndaoine. Bhí cleachtadh maith aca le bás agus le dún-mharbhadh fé'n aimsear sin acht má bhí féin ba bheag nár chuir an sgéal sin ar buile iad. Bhainfeadh sé deóra as an duine is cruaidhe croidhe a bheith ag feiceál ortha lá na sochraidhe, daoine ag dul i laige sa tsráid agus sa t-séipéal, cnap i scórnaigh gach éinne a chuir cosg le cainnt, gol agus caoineadh, osnuíol agus cneadach ar gac taobh agus na deóra ag tuitim go fras. Níor fhéad na sagairt féin gan gol agus nídh nárbh iongna. Bhí a gcom- ráduidhe dílis marbh sínte ar lár tar éis báis milltigh d'fhághail. Cuireadh i mBaile Locha Riach é agus ba bhreagh an shocraid a bhí ann. Na sagairt a bhí sa rang céadna leis i Mágh Nuadhat a bhí ag iomchar na cómhrann. Bhí suas le céad go leith sagart ar fad ann agus timcheall deich míle de dhaoinibh eile agus iad go léir idir fhearaibh agus mná agus páistí ag déanamh bróin. Sa bhliadhain 1893 'seadh rugadh an t-Atair Mícheál Ó Gríobhtha i nGuirtín i n-aice le Baile Átha na Sluagh, i gConndae na Gaillimhe agus i bfairche Cluain Fearta. Dho rinneadh sagart de i Mágh Nuadhat 'sa bhliadhain 1917 agus ó nach raibh a chabhair ag teastáil ó n-a easbog féin do glacadh leis isteach i bfairce na Gaillimhe. Cuir- eadh go h-Innis Díomán agus gConndae an Chláir é agus do chaith sé bliadhain go leith ann. I n-a dhiaidh sin chuaidh sé chun paróiste Rathún sa Ghaillimh, agus d'fhan sé annsin go dtí lá a bháis. Ní raibh sé acht seacht mbliadhna is fiche d'aois. Is maith is cuimhin liom an céad uair a chuireas aithne ar an Athair Mícheál. Bhíos ag teacht abhaile ó'n gcoláiste 'sa t-sam- raidh agus bhí sé ag fanacht liom ag an stáisiún chun fáiltighthe romhain. Bíos an- shásta leis agus ba mhór é mo mheas air tar éis an lae sin. Ba mhinic dom a bheith & n-a comhluadar i n-a dhiaidh sin agus dá méid d'á bhfacas é dob' amhlaidh ba mhó mo ghraoi air. Bhí tréithe míne uaisle ag baint leis thar an gcoitcheanntacht. Cuireadh i n-a luighe ar gach duine a chuir aithne air a leanbhaidhe is do bhí sé. Badh dóigh leat, uaireanta, gur gasúr cuig bliadhna deág a bhí ann, bhí sé chomh soin- eannta, neamh-urchóideach sin. Acht bhí sé ciallmhar chomh maith. I slighe iongantach éigin bhí sé lán de mheidir is de chroideamh- lacht na h-óige agus de chéill is de chrionn- acht duine aosta. Fear grinn sultmhar dob eadh é freisin a chuirfeadh aoibhneas ar gach cuideachtain agus dá bhrígh bhí céad míle fáilte roimhe i gcomnuidhe i n-gac áit i n-ar thriall sé. Fíor Ghaedheal dúthrachtach dob' eadh an t-Athair Mícheál. Do chuir sé spéis mhór i seanchus na h-Éireann agus do rinne sé stuidéar cruinn uirthi. Creidim gur thaith- nig “Beatha Sheáin Mistéil” a scriobh P. Ó h-Eigcheartaigh go an-mhór leis ar fad mar ba mhinic a chonnacas i n-a láim é.
Bhí sé an chliste i scribhinnibh Gaedealacha acht b'fhearr leis an Piarsach mar scríobh- neóir ná aon duine eile. Do rinne sé léigheamh agus ath-léigheamh ar a leabhraibh agus bhí an cuid ba mhó d'a fhilidheacht de ghlan-mheabhar aige. Níor bhronn Dia dó an Ghaedealg a bheith aige ó'n gcliabhán. I n-ionad sin is uile ba bheag Gaedhilge a bhí aige ag imtheacht as Mágh Nuadhat dó acht ní raibh sé i bhfad i n-a shagart nuair bhí sé ionann í labhairt go rí-blasta. Gidh nach raibh sé acht i dtosach a shaoghail nuair do thóg Dia go comhluadar na nGaedheal i bhFlaitheas é ba mhór an obair a rinne sé ar son a thíre dúthchais. D'oibrigh sé i ngach áit chun meas agus mór-ghean do chur ar an nGaedhilge. Sa bhliadhain 1918 thug sé congnamh mór an Coláiste i Spideál do chur ar bun agus sa bliadhain 1920 d'éirigh leis Feis mhaith do cur ar siubhal i n-a pharaóiste féin. Sé tuairim gac éinne gurbh é a thír-ghrádh fé ndear a bhás acht ta a fhios ag Dia cad is cóir ann agus 's É amháin a fheadas duine do cúitiughadh mar is ceart. Tá ráidhte agam gur fear carthannach é gur Gaedheal an-mhaith é acht tar gac uile rud ba shagart eisompláireach an t-Athair Ó Gríobhtha. Fior shagart Dé dob eadh é agus b'shin a bhí ann ó nádúir. Ar nós a Mháighistir bhí sé an-mhor leis na páistibh agus leis na bochtaibh. Ba ghnáthac an rud é fheiceál agus sgata páistí bailighthe i n-a thimcheall agus é ag déanamh suilt 'is spóirt dóibh. Ní raibh sgáth ortha-san roimhe acht budh mhaith leo é do theacht i n-a measg agus súgradh leo. Ní haon iongna annsin gur fada a bhíodar brónach i n-a dhiaidh. Do chaith sé cuid mhaith d'á bheatha ag obair ar son na mbocht freisin. Ní baoghal go ndearmóchaidh na bochtaí i nInnis-Díomán go bhfuilid fé chomaoin mhóir aige. I nGeimhreadh na bliadhna 1917 ní hé amháin go raibh ádhbhar bídh agus chuile short daor acht ar uairibh ní rabhadar le fághail ar airgead féin bhí na daoine úd fé dhoilghe agus ar an ngann-cuid, préachta leis an bhfuacht agus an t-ocras ag goill ortha. Bhí truagh ag an Athair Mícheál dóibh agus d'iarr sé ar daoinibh a tuaithe móin agus prataí do thabairt dóibh. Ní raibh uatha acht an focal agus chuireadar adhbhar teine agus prataí go flúirseach isteach 'san mbaile: bhí an méid sin de ghrádh aca air. Gidh go dtug na daoine gach onóir 'is urram dó ní raibh aon mhór-chúis ná aon mhór-dháil ag gabháil dó mar gheall air acht bhí sé i gcomhnuide go an-umhal séimh macánta. Is mó sgéal a chuaidh amach air tar éis a bháis nach raibh a fhios ag a chairdibh b'fhearr roimhe sin; na éadaigh a cheannuigh sé dos na páistibh, an t-airgead a thug sé dos na bochtaibh agus
mar sin dóibh. Sagart craibhtheac subháil- ceach dob, eadh é. Nuair a bhéadh an séipéal dúnta i gcóir na h-oidhche do chítí dul isteach ann é agus uair nó a dhó do chaitheamh i n-a aonair annsin i gcuideacht a Thighearna amháin. Bhí sé i n-a bhall de Chumann Naoimh Sácramaint na Sagart agus níor theip riamh air uair a chloig do chaitheamh 'sa t-séipeál de hAoine gach seachtmhain. Creid na daoine gur naomh é agus is ag dul i láidreacht atá a dtuairim leis an aimsear. Do thug an Dochtúir Ó Dochar- taigh féin Easbog Cluain Fearta an mór- mholadh seo dó. Bfhéidir, is maith an sgéaluidhe an aimsear. MÍCHEÁL Ó CURRAIDHN, D'innis, SEÁN BREATHNACH, A Scríobh. “Is í mo theanga an Ghaedhilgh bhinn. Teanga na mílte fada blian. An chainnt bhorbh thréan, an chainnt chiúin cheoil, an chainnt ghearr ghunta, an chainnt líonmhar, luath- fhoclach, an tsruth-chainnt grádh, an borb- chainnt chatha, an deas-chainnt file agus fáidh is fir léighinn. Is í mo rogha í thar theanghthaibh an domhain mhóir, óir is Gaedhil a cheap í, is Gaedhil do chas í, is Gaedhil do lúb. A Theanga uasal mo shinnsear ní cloisfear 'óm bhéal go bráth ach tú.” — An Seabhac.
NÍ SHÁRÓCH' AN SAOGHAL AN SEAN-FHOCAL. Cúpla lá ó shoin chuala duine éigin ag rádh gurab i seanfhocailibh na ndaoine is mó gheibhtear eagna ár sinnsir, mar a bheadh, i saor-choimeád ó'n tsean-aimsir. Chuir sin ag smaoineamh mé. An rabhais riamh ag cainnt le sean-Ghaedhilgóir go raibh an Ghaedhilg ó'n gcliabhán aige? Ní rabhais! Pé scéul é chuimhnigheas air go mbionn sean fhocail, ráidhte agus ranna de ghach aon tsaghas measctha tríd an ghnát- cómhrádh aca, agus is bríoghmairide a gcuid cainnte é. Im smaointibh dom, dubhart liom féin gur mór an truagh do dhuine gan stór des na ráidhtibh sin do bheith ar bárr a theangain aige le stealladh amach cun craicinn agus fuinnimh do chur na chuid cainnte. Seo cúpla samplaí dhuit anois conus is féidir iad do tharrach isteach thall is i bhfus sa choláiste. Má chionn tú sean Ghaedhilgóir ag sneachas le buachaill atá ag foghluim na Gaedhilge as leabhraibh agus gach “Cad é? Cad é?” ar siubhal ag an scoláire féadfair a rádh “tuigim agus ní léighim, ach tuigeann fear léighinn leath- fhocal.” Ach tá freagra ag an scoláire air sin “ní cuirtear siol na sméar — Ach is annamh an treise ag fear gan léigheann.” Má tá duine ad' cháineadh mar gheall ar locht eigin abair leis “ní bhionn saoi gan locht, seadh, agus bionn dhá locht ar gach aon tsaoi.” Nuair a bheidh an cháisg curtha dhinn againn, abróchad-sa liom fhéin tosnughadh ar an obair, mar “as an obair gheibhtar an fhoghluim,” agus nuair a bheidh an scéul ag dul im choinnibh agus an fhoghluim ag éalúghadh amach as mo cheann tar éis an chéud léighimh tosnochad airís, mar “an t-é bhionn ag síorshiúbhal meileann sé mín agus garbh.” Ach comeád- fad an fuláireamh so ós mo chómhair “má's crúsca thú seachain an corcán” (sé sin le rádh “if you're a ‘crock’ keep clear of the ‘pots’”). Nuair a thagann aimsir an charghais orainn agus go mbítear a tafaint orrainn troscadh do dhéanamh deirim “b'ait liom san.” Scoláirí ag déanamh troscaidh! Scoláirí na scoile, gobadáin na gorta, “D'íosfaidís na clocha, dá bhfeadaidís iad chogaint.” Seachain, a dhuine, “Ceala- chan fada, agus ceal na mbróg, a dheineann sean-duine de dhuine óg.” Ní fearr leó troscadh a dhéanfaidís ná “troscadh an chait cheannfinn ithim feól is ní ólaim bainne.” Má bheidh sé de phláinéid ort go mbéar- fas ort ag déanamh rud éigin as an tslighe tá an leath-scéul so agat i gcómhnuidhe “is deachair ceann críona do chur ar ghuailnibh óga.” Ach bí cinnte ná glacfar leis. Na daoine go bhfuil an chómhacht aca tá so mar chuspóir aca “ní bhionn an rath ach mar a mbionn an smacht.” Agus mar sin bionn “gach uile sort ag luighe ar an lagar, agus an lagar ag luighe ar an dtalamh.” Is ionann saoghal i gcoláiste agus an fear siubhail go raibh cos gearr aige ”síos agus suas, síos agus suas.” “Ann t-é is lugha tuilleann is é is mó geibheann” agus “is cuma nó muc duine gan seift.” Ní fuláir duit beith cómh dána agus dá mbud leat-sa an tigh is a bhfuil ann “mura bhfuil agat ach puisín bí i lár an aonaigh leis.” Cuimhnigh gurab iad “na muca ciúine d'itheann an triosc,” ach — “sagart balbh sagart dealbh.” Agus mar sin duit, biodh na sean-fhocail na salainn id' chuid cainnte, i dtosach trách- tais agus i ndeireadh argóna mar a bheadh buille trascairte do'd namhaid. Cad é sin? An clog. Tá an t-am istigh i gcóir an dinnéir. Brostuigh ort. An t-é bionn amuigh fuarann a chuid. T. Ó B.
“EACHTRA AN AMADÁIN.” Bhí fear ann fadó riamh, agus bhí aon amadán amháin de mhac aige. 'Sé bhí mar slighe bheatha ag an bh-fear, ná bhoith ag aodhaireacht bó do dhuin' uasal abhí sa chómharrannacht. Thugadh an mac a chuid bhídh chuige gach uile lá. An lá so adeirim, pé'n Éirinn é, bhí an t-amadán ag cur an bhóthair de go tiugh fé dhéin a athar. Stán breágh leitean abhí aige 'á thabhairt chuige i g-cóir an dinnéir. Do spalp an ghrian amach go soillseach, agus chonnaic an t-amadán an duine, dar leis, os cómhair a dha shúil amach ar an mbóthar. Dar ndó, ní raibh ann ach a sgáil féin ach is amhlaidh a cheap mo bhuachaill breágh gur duine fíor gurbh' eadh é. Tháinig truagh 'n-a chroidhe aige don duine, agus bhíodh sé ag caitheamh blúire don leitin chuige gach uile nóimeat. Níor ró-fhada, ní nach iongna, go raibh deire na leitean ídighthe, agus ní raibh aige ach an stán follamh nuair a bhain sé amach an áit 'na raibh a athair ag obair. “Cá bhfuil mo dhinnéar agat?” arsa 'n t-athair leis. “Ó,” arsa 'n mac, “bhí lán an stáin sin agam 'á thabhairt chúghat, agus ar an m-bóthar dom cé chífinn ar m'aghaidh amach ar an m-bóthar ach an fear bocht ocrach. Ba thruagh Mhuire leat é a dh'feiscint. Agus is amhlaidh abhí an truagh san agam dó go rabhas ag caitheamh blúire don leitin chuige gach uile nóimeat go dtí, i n-deire na dála, go raibh an stán go tón agam.” “I g-cúntas Dé,” ars' a athair go bagarthach “ach nach tusa an leibide críoch- nuighthe. Fan annsan, a phleidhche, go d-téighead-sa abhaile chun rud le n-ithe d'fhagháil, agus má leogann tu dos na buaibh corruighe beidh sgéal agat.” D'imthigh an fear abhaile leis féin annsan agus 'sé bhí ar na craobhacha feirge. D'fhan an t-amadán i bh-feighil na m-bó. Ach pé mallacht do bhuail anuas ortha, mar bha, is amhlaidh a dhírígheadar go léir ar bheith ag rith a's ag léimrigh, agus níor fhan bó aca socair. Táinig fraoch nimhe ar an amadán, agus fuair sé an tuagh, agus siúd leis ar thóir na m-bó, agus pé ceann aca 'n-a d-tagadh sé suas lé thugadh sé faobhar na tuaighe ar a cosaibh. Níor dhein sé sos ná suaimhneas ach é ag rith 'n-a gheilt, mar sin, i n-diaidh na m-bó, agus ag imirt an iarainn ortha gan taise. Ach! níorbh' fhada gur tháinig an t-athair thar n-ais. Nuair a tháinig sé go dtí an pháirc agus chonnaic an chosair cró go léir agus an t-éirleach do thuit an lug ar an lag aige. Ní raibh tharraing na h-anála ann, bhí a lethéid sin d'iongna agus alltacht air. Tháinig dúire aigne air. Chuir sé béic uathbhásach as, agus ghlaoidh sé go fíochmhar chuige ar an m-buachaill. Tháinig seisean chuige go breagh neamh-spleadhach, agus 'sé bhí go traochta agus go fuilteach. Rug sé ar an amadán go malluighthe, agus ar d-túis is amhlaidh a cheap sé an bás d'imirt air. Bhí sé mar leomhan buile chuige. Agus cé thógfadh air é? Ach d'fhág sé 'n-a bheathaidh é. “A chuirpthigh,” ar seisean, agus snaghadh 'n-a ghlóir, “cad do bheir duit an obair
mhillteach san a dhéanamh?” Dar an b-portús, ach déanfaidh me císde greidil díot, a bhitheamhnaigh, gan splannc meabh- rach id cheann. “Ó! ó! go d-tugaidh Dia foidhne dhom. Imthigh as mo radharc go deó deó, a rascail, agus ná buail cos ar theinteán do thíghe féin an fhaid a bheir beó. Sgrios leat uaim.” Agus sid é focal deirinneach a dubhairt sé leis: “Tá an sgéal go maith agat indiu agus gura fearr amáireach é.” As go bráth leis an amadán go maol- chluasach, agus an focal san 'n-a bhéal aige, de ghnáth a's de shior — “Tá an sgéal go maith agat indiu agus gura fearr amáir- each é.” Bhí sé ag imtheacht riamh a's choidhche go dtí gur casadh sochraid air os cómhair an t-Séipéil amach. Bhí an chainnt úd ar siubhal i n-árd a chinn is a ghotha aige. Thárla sagart do bheith i láthair na h-áite. Nuair d'airigh sé cainnt an amadáin, ar seisean: “Cuir uait an chainnt bhaoth san agus abair”: “Go n-déinid Dia trócaire ar anmannaibh na marbh.” Do chomáin an deoraidhe leis féin annsan agus an chainnt nuadh san ar a theangain aige i g-comhnuidhe. Fé dheire do bhuail cóisire uime, agus bhí seisean ag liúgh gan chomhnuidhe: “Go n-deinidh Dia trócaire ar anmannaibh na marbh.” “O! léan léir air mar sgéal,” arsa duine den chuideach- leis tain. “Cuir srian led chainnt ráiméise,” agus abair feasta: “Go g-cuiridh Dia an rath ar an lánamha nua-phósta.” Do bhailigh sé leis agus an port eile seo 'á sheinm aige go sásta. I g-cionn suime aimsire tháinig sé go dtí díg doimhin uisce. Bhí fear ar imeall na díge, agus é díreach tar éis molt do tharrac anios as an uisce, agus bhí ceann eile thíos ann. “Go g-cuiridh Dia an rath ar an lánamha nua-phósta,” arsa 'n t-amadán. “Leog dod chainnt gan éifeacht,” arsa 'n fear leis, “agus abair: ta ceann amuich agat anois agus beidh an ceann eile sar i bh-fad.” Do ghlac an t-amadán an chainnt nuadh san chuige féin, agus d'imthigh leis sa t-siubhal, agus í 'á rádh go liomhtha aige. Fé dheire thiar thall do bhain sé an fhairrge amach. Siúd leis i n-áirde ar fhaill áird do bhí san áit. Bhí mairnéalach ar an bh-faill chéadna agus thárla go raibh sé ar a leath-shúil. Díreach agus an bheirt aca ucht le h-ucht le chéile, arsa' n t-amadán: “Tá ceann amuich agat anois agus beidh an ceann eile sar i bh-fad.” Tháinig buile feirge ar an mairnéalach mar is amhlaidh a cheap sé chuige féin a bhí sé. Agus níor dhein sé ach breith ar an amadán bhocht agus é chaitheamh ceann ar aghaidh leis an bh-fánaidh isteach san uisce. B'shin é deire an amadáin bhoichth. “AN CLÁIRÍNEACH” “Dá mairinn go ceann céad blian, agus dá gcaithinn an uile lá de'n chéad blian san ag sgrí leabhar Gaoluinne, agus dá mbeadh céad duine am theanta ag déanamh na hoibre sin, ní bheadh aon bhlúire maitheasa inár saothar gan aon rud amháin eile. Agus an bhfuil fhios agaibh cad é an rud an taon rud amháin eile sin? Sibhse agus an chuid eilc de mhuintir na hÉireann a bheith ag labhairt na Gaeluinne amach as bhur mbéalaibh féin… Níor mhair aon teanga siamh i leabhraibh gan congnamh ó bhéalaibh… muna labhartar an Ghaeluinn ní mhairfidh an Ghaeluinn." — An tAthair Peadar, adubhairt an méid sin nuair bhí sé mEochaill, tamall ó shoin.
NA h-UIMHREACHA I nGAEDHILG. Ar leathanach na Mac Léighinn i “Mis- neach,” Iúl 2, 1921, tá an méid seo thios scríobhtha ag scríbhneoir dárb ainm “Cláir- íneach”: “Measaim go bhfuil an tslí choitianta atá sa Ghaedhilg chun uimh- reacha a chomhaireamh ana-chiotach ar fad. Cuir i gcás 'trí déag is dathad = 3, 10 agus 40. 'Sé an 3 an blúire deirean- ach den uimhir a theastuíon uainn ach isé is túisce ghéibhmid. Tá sin bun os cionn.” Sílim go bhfuigheadh “Cláiríneach” a lán a d'aontóchadh leis 'san mhéid sin. Glacaim mar shompla an cás seo as Gráiméar na mBhrathair gCríostamhail (leathanach 206); “1666 years = sé bliadna is trí ficid agus sé chéad agus míle,” no an cás seo as Gráimear Shéamuis Uí Créag (leathanach 65); “7657 white hens = ceithre cearca deag as dá fichead sé chéad agus seacht míle cearc bán.” Anois is deacair do'n intinn brígh na n-uimhreach seo a choimsiú ar an bhomhaite, mar ba chóir duithe a coimsiú. Má bhí aigne ár sinnsear cumtha ar an doigh sin ní mar sin dúinne 'san am atá i láthair. Mar adeir “Cláiríneach” tá siad bun os cionn de réir aigne an lae indiú. Bheirim fa dear a lán daoine a bhfuil Gaedhilg mhaith acu agus ní fhéachann siad leis na h-uimh- reacha a rádh i nGaedhilg ar chor ar bith, acht nuair a bhios siad ag labhairt i nGaedhilg cuireann siad isteach na h-uimhreacha i mBéarla. Má cuirtear ceist ar dhuine ar bith acu-san cad chuige nach ndeanann siad úsáid de na h-uimhreacha Gaedhilge? sí an freagra a gheibhthear i gcómhnuidhe “Tá siad i bhfad ró-dheacair.” Agus tá an fhírinne acú. Ma bheidh an Gaedhilg 'n-a teangaidh bheo bhríoghmhar aríst a choidhche caithfear úsáid a bhaint aistí i gcúrsaí ceannuidheachta agus tráchtála agus caithfar uimhridheacht agus stair agus gach uile rud a theagasc fríd an Ghaedhilg ins na scoltacha feasta. Agus ma bhéidh sin ann, gan amhras caithfar símplidheacht eighinteacht a dheanamh ar na h-uimhreacha Gaedhilge. An tseift a chuir- finn i dtairgsint leis an scéal a leigheas tá sé cosamhail leis an tairgsint a rinne an scríbhneoir réamh-ráidhte i “Misneach.” Ba chóir go n-aithbheochthaidhe nó go ndean- faidhe coitcheanta aríst na multiples de'n uimhir a deich a bhí i n-úsáid fad ó, mar atá, tríocha (d), ceathracha (d), caoga (d), seas- ca (d), seachtmha (d) agus nocha. Annsin ag cumadh uimhreach dúinn idir na h-uimreacha seó ba chóir dúinn na mion-uimhreacha a chur i ndiaidh na mbun-uimhreach seo i n-ionad rómpa, mar shompla, fiche trí (23), tríocha cúig (35), seachtmhad sé (76), agus rl. Rud eile nuair atá tracht ar uimhreacha i gcuideachta ainme ba chóir go gcuirfidhe a t-ainm ag an deireadh i gcomhnuidhe mar atá 'sa Bhéarla no sa Fhráinncis, mar shompla “Ta seachtmhad sé (77) mic léighinn ar an scoil indiú.” 'San dóigh seo déarfaidhe 1666 years mar “mile, sé chéad agus seascad sé bliadhna.” Agus go dearbhtha thiocfadh linn a rádh mar deirtear corr-uair 'sa Béarla, “aon sé sé sé bliadhna.” Tá cuma áisteach ar an tsompla áirighthe seo de bhrígh go bhfuil an iomad
“sé”ann. Acht sin de brígh nach bhfuilmid cleachta leis, mar atámuid 'sa Béarla. Mar sin féin glacaim an sompla seo mar isé an sompla a bhí agam as an Ghráiméar. 'San mhódh seo fosta déarfaidhe' “7654 white hens’ mar ‘seacht míle sé chéad agus caoga ceithre cearca bána,’ nó ‘seacht sé cúig ceithre cearca bána.’ Dá mbéadh na h-uimhreacha mar seo b'fhusa i bhfad an uimhridheacht agus na cúrsaí oideachais a bhaineas leí a theagasc ná mar tá siad fá láthair. I dteagasc na startha d'féadfaidhe an rud céadna a dhéanamh a dtaca leis na dátaí, mar shompla “The year 1815; an bhliadhain a h-ocht gcéad déag agus cúig déag” no doigh níos giorra aríst “an bhliadhain a h-ocht déag cúig déag.” “The year 1897; an bhliadhain a h-ocht gcéad déag agus nocha seacht” no “an bhliadhain a h-ocht déag nocha seacht.” Rud eile bliadhain chlúiteach mar 1798 nó 1916 corr- uair ní luadhtar acht an giota deireannach de'n dáta mar tá fhios ag gac éinne goidé is ciall leis, mar atá sa Bhéarla “ninety- eight,” “sixteen.” Thiocfadh linn a rádh i nGaedhilg an bliadhain nocha h-ocht mar a thug mé fá dear i n-aiste eighinteacht ag an Atair Ó Duinín, aríst “an bhliadhain a sé déag.” Gidh go moltar an t-ainm a chur ag deireadh na n-uimreach i gcomnuidhe tabhair fa dear nach ceart a radh “ocht déag capaill” i n-ionad “ocht gcapaill déag,” no “an bhliadhain a h-ocht déag céad, agus rl.” in-ionad “an bhliadhain a h-ocht gcéad deag, agus rl. Mar is aidiacht “déag” i nGaedhilg agus thig an aidiacht i ndiaidh an ainme i nGaedhilg. 'Siad sin na tairgsiona atá agam le deanamh fa dtaobh de'n cheist seo. Bh'fhéidir nach bhfuil ionnta acht amaidighe, agus go bhfuil mé fhéin bun os cionn níos measa ná na h-uimhreacha. Acht da spreag- fainn duine ar bith a bhfuil eolas aige ar an cheist le staidéar a dheanamh agus le toradh an staidéir sin a thabhairt duinn bhéinn sasta. “SLIABH MIS.” Milis an teanga an Ghaedhealg, Guth gan chabhair coig críche, Glór géar-chaoin glé glinn gasta Suairc séimhidhe sult-bhlasta. Gidh Cabhsa teanga is seanda Gidh Laidean is léigheanta. Uatha uirthe níor frith linn Fuaim nó focal do chomaoinn.
TEACH NA SOISÉAR An sgéul atá le h-innsint againn i mbliana, ní miste é chraobhsgaoileadh, mar ní bréag a rádh gur éirigh cúis na teangan go h-ana-mhaith ar fad i rith na bliadhna seo i dTeach na Soiséar. Taréis teacht ar ais dúinn i dtosach na bliadhna, cuireadh cúig buidhne déag is fiche ar siubhal, agus bhíodar a' dul chum cinn go breágh nuair tháinig an galar nimhneach úd agus chuir sé cosg le 'chuile rud ar feadh coicthighis nó mar sin. Acht buidheachas mór le Dia, níor sguab sé éinne leis. Nuair thangamar chugainn féin arís, cuireadh athrughadh ar na buidhnibh, agus pé lagachar bhí ar an gcorp, ba léir do chách nár mheasaide an sprid, mar bhí na buidhne a' dul i bhfeabhas i n-aghaidh an lae. Cinnte, ba dheas an feic é na buachaillí sna buidhnibh 'chuile maidin, an múinteóir le beirt ar gach thaobh de, agus gan fochal ar bith ó'n gcúigear acu acht an Ghaedhealg bhinn bhlasta. Isteach le sin, bhí suas le deich mbuidhne ar siubhal taréis an tsúipéir gach oidhche. Ní raibh ionnta siúd acht daoine a bhí i n-ann cómhrádh do choiméad suas go beó bríoghmhar, agus sid iad na buidhne a ndearnadh an obair ab fhearr. Bhí sin go h-ana-mhaith gan amhras, dhéarfá, acht mar sin féin, ní rabhamar sásta fós. Níl aon rud mar an ngríosadh nuair atá obair i gcoinne an chnuic le déanamh agat, mar is treiside d'fhonn agus do dhuthrácht i gcómhnuidhe. Bhal, ní raibh an gríosadh i bhfad gan teacht chugainn. Oidhche i Mí na Samhna a bhí cuirm-ceóil Gaedhealach is dráma beag ar siubhal againn, tháinig an t-Athair Ó Murchadha agus thug sé óráid mhaith bhrioghmhar dúinn a' teasbáint a riacht- anaighe is atá sé againn ár dteanga dhúthcháis a labhairt. 'Sé mo thuairim go ndeacha a chainnt díreach go croidhe 'chuile duine bhí ag éisteacht leis, agus bhí a rian air. As sin amach go dti an Nodlaig, ní raibh aon teóra leis an sprid mhaith bhí 'nár measg. Acht, fairíor géar! bhí an sean-sgéal againn taréis na laethannta saoire. Ní raibh aon leigheas air, ámhthach, mar is 'mó rud a bhí bun-is-cionn ar feadh an ama chéudna. “Ní bhíonn ar aon rud acht seal,” deir an sean-fhochal, agus b'é sin a fhearacht ag an taom leisgeamhail. Ní raibh an sean-sprid acht 'na codladh, agus dhúisigh sí tá cúpla seachtmhain ó shoin. Anois, tá sí ag éirghe níos fearr 'chuile lá, agus sar i bhfad, le congnamh Dé, béidh sí díreach mar bhí roimh an Nodlaig. Ní beag an chreideamhaint atá a' dul dos na comhairlighteóiribh mar gheall ar an gcongnamh thugadar dúinn i rith na bliadhna. Támuid buidheach go h-áirithe de'n bheirt acu thug “Ceól ár Sínsear” 'nár measg: bhí a dtrioblóid féin acu a' múineadh na n-amhrán dúinn. Pádraig Ó Cluin is Brían Ó Piteán a stiúirigh na buidhne, agus bhíodar lán- tsásta le toradh a gcuid oibre. B. Ó P.
BÓITRÍN NA SMAOINTE. Cleasa Lúth! Tionól mór na ndaoine bailithe le chéile. Gach aoinne idir óg is aosta go meidhreach. Sgataí móra ag taisdeal na mbothar. Gluaisteáin ag gluaiseacht, adharcha ghá séideadh, tiom- ainidhthe capall is asal ag sgreadghail go h-árd- “hee-up-leath an bhóthair.” Lucht na dticéid a dhíol agus “ticéidí” á nglaodhach aca. Ógánaigh ag féachaint na gcúinní chun áit mhaith d'fhaghail d'á rothair. Eagla ortha seo go sgiobfaidhe an séidire no na giúirléidí. Fuadar fé gach aoinne isteach sa pháirc. Bhí na gaiscídhigh istigh ghá n-ullamhughadh an mac so féin nuair a bhuail isteach. Bhí sméaradh is ungadh is cuimilt-ola ar siúbhal aca. Sar i bhfad do thosnuigh fear a' chluig ar dhul tímpeal na páirce is siúbhal na gcéadta fé. Fear gnóthach dob 'eadh an duine uasal seo agus is aige a bhí árd- ghuth agus fuinneamh cainnte. A leithéid de ghlórachán! Do scoiltfeadh sé ceann iarainn le gach “Dingl-di, dingl-di, ding” — “Céad slat,” a chuireadh sé as. Tosnuigheadh. Bhí daoine ann a chuir suim mhór sa comórtaisibh agus daoine eile nár chuir aon tsuim ionnta — is mar sin do ghach cruinniú dá shórt. Téigheann dream na cainnte binne is dream gur mhaith leo spóirt d'fheiscint go dtí na Cleasa Lúth. D'fhan lucht an comhráidh le céile agus iad ag cur síos ar gach rud fé'n spéir. Bhí an cuid eile ag moladh lucht na gcomórtas, ag bualadh bas, ag maoidheamh is ag gearán. Seachas an dá dhream so, bhí sgata eile ag na Cleasa Lútha an lá seo, daoine nár dhein cainnt ar son na cainnte, daoine nár chuir suim mhór sa comórtaisibh. Óg- ánaigh iad seo. Bhí ceathrar aca annso, cúigear annsúd agus mar sin dóib 'na mion-dhreamannaibh ar fúid na páirce. Cainnt fé leith a bhí aca, cainnt dhoimhinn sholamhanta. Níor chuir gáir molta nú bualadh bos isteach ortha, níor chualadar i n' ao' chor é. Is beag gáire a dheineadar — mion-gháire chorr-uair agus an té a dheineadh é sin, ní bheadh sé cinnte, dar leat, gur cheart a leithéid a dhéanamh. Thagaidís le céile, uaireanta, agus ba dhóigh leat ortha go raibh ceist chruaidh le réidhteach aca. Do bhí; b'é sin deire Samhraidh 1920. Anois is aríst eirigheadh cainnt sa sluagh mar gheall ortha agus ní h-iad na tuairmí céadna a bhí ag gach aoinne na dtaobh. Dubhairt cuid gur aindeiseóirí gan chiall iad, dubhairt cuid eile gur bitheamhnaigh iad, thug cuid eile tír-grá- duightheoírí ortha. Is annamh daoine ar aon fhocal i rudaibh mar sin. Agus na h-ógánaigh féin! Ba bheag leó an bhaoth- chainnt, bhí fios fátha a sgéil féin aca, bhí obair le déanamh aca agus is cuma leis an bhfíor-oibrightheóir an “dubhairt sé dáirt- se.” Is fearr obair ná cainnt, adeir an sean-fhocal, agus ní sharóchadh an saoghal an sean-fhocal céadna. Uaireanta, amhthach, chuireadh an chainnt buaidheart aigne ortha mar ba dhóigh leo ná tuigfí a n-obair go deó. Mar sin féin do leanadar do'n obair agus ní raibh dearmhad ortha. D'imthigh an tráthnóna agus bhítheas ar tí deire a chur leis na comórtaisibh nuair a
thuit amach rud a fhanfaidh im chuimhne go deó na ndeór. Buaileadh clog mór an tseipéil leath-mhile uainn. Tháinigh ceol bog, breágh, binn; glór glé glinn cluig an Angelus cughainn agus é ag gabhailt na gaoithe i gcúineas an tráthnóna. Chonnac nár chuir a lán daoine suim ann agus b'iongnadh liom san mar is beag áit ar thalamh na h-Éireann ná taisbeántar creid- eamh na nGaedheal ar bhualadh do chlog an Angelus. Ar chuma éigin ní raibh se amhlaidh an uair seo. D'imthigh binneas cluig Mhuire leis an ngaoith agus d'fhéad- fadh stróinséar a rádh nár chuir cuid mhaith daoine na h-áite aon bhac ar Theachtaireacht an Aingil. B'fhéidir ná bheadh an ceart aige breith a thabhairt ortha mar sin. B'fhéidir gurab amhlaidh a rabhadar cómh thógtha suas le n-a gcómhrádh nár mhothuigh- eadar é; b'fhéidir go raibh cuid aca bodhar; b'fhéidir gur mó duine aca a dubhairt in a aigne féin, “déarfad anocht é.” B'fhéidir go ndubhairt a lán aca a bpaidreaca gan an ceann a nochtadh. B'fhéidir sin agus b'fhéidir siúd ach tá an méid seo deimhnightheach go raibh sluagh istigh sa pháirch nár éist le glaodhach cluig an Angelus, nár chuimhnuigh ar shean- chreideamh a sínnsear an tráthnóna san. Ach — bhí buidhean beag fear tamall uaim-se agus ar chéad buille an chluig, bhaineadar na hataí díobhtha agus dubhradar an t-Angelus cómh cráibhtheach is a dheineadh na manaigh i n-Éirinn fad ó. Buaileadh smaointe isteach im aigne. Chuimhnuigheas ar chuid des na h-ainmneachaibh a tugadh ar an mbuidhean seo agus dheineas machtnamh beag ar gach rud, ar na h-ainmneacha tarcuisneacha agus ar an radharc a bhí os mo chómhar amach, cúigear óglach cródha agus iad ag cur a nguidhe súas chun Dé i n'onóir d'Á Mhathair Bheannuighte agus ar son a dtíre cráidhte. D'imthigh blian tharainn. Is mo cor a chuir an saoghal de i rith na bliana sin agus is fada go ndéanfar dearmhad ar chúrsaí an tsaoghail i n-Éirinn ar feadh na h-aim- sire. Thárla domh-sa bheith sa dúthaigh céadna aríst agus chonnac fógra na gCleas Lúth ar fhalla. Siar liom ar bhóitrín na smaointe. Samhluigheadh dom go raibh na Cleasa Lútha ar siubhal aríst, go raibh fear a' chluig ag dul tímpeal agus “céad slat,” “leath-mhíle” á nglaodhac aige. Bhí na daoine ag dul thart. Bhí buidheanta beaga fear ag déanamh comhairle le céile go sholamhanta. Tháinig glór cluig an Angelus agus annsan bhain an cúigear na hataí dhíobhta. Cá raibh an cúigear indiu? Bhí triúr aca imthighthe — go dtí Tír na n-Óg, go dtí an Tír 'na mbíonn an Samhradh i gcomhnuidhe. Do dheineadar cion fear sa bheáta; dheineadar chion mairtíreach sa bhás. Tógadh Cathal i rith an chogaidh agus lámadh é, “nuair a bhí sé a d'iarraidh éalughadh leis fhéin” — an feall a chuireann an focal san i gcuimhne dhuinn! Rugadh ar Dhomhnall agus trialladh é acht — “Sul shuidh breitheamh no cúirt no coisde, le breathnughadh ar a chás, B'é inntinn gach n-aon ar an liosta, An Brianach a chur chun báis.” Maidean bhreágh Bealtaine Mhuire, d'eist Domhnall óg an t-Aifrean sa phriosún. Do ghlac sé Corp Chríost; Dhein sé Turas na Croise agus siubhal sé amach go h-áit a bháis agus an Choróinn Mhuire á rádh aige. Ní raibh sgeón na eagla 'na chroidhe óg mar bhí sé dílis i gcómhnuidhe do Mhuire, do Bhainríoghan na Mairtíreach agus níor chlis sí air. “Is bean- nuighthe thu idir mnáibh agus is beannuighthe toradh do bhruinne Íosa.” Cluineadh na h-urchair, stolladh croidhe uasal Dhomhnaill
Óig agus do shil sé a chuid fola ar son a thíre dhúthchais. Bhí naomh eile tréis dul isteach i Rióghacht Dé. “An Dhomhnall cháidh, níorbh é an piléar ba dhual duit Ach ar Chnoc Árd Bán, an seisreach a stiúradh, An céacta d'iompódh deiseal is tuaithbheal, 'S an taobh dhearg de'n bhfód do chur in uachtar.” < C Prós> Agus Pádruig bocht! Ar leath-thaobh sráide caitheadh piléar pleascach leis agus síneadh ar lár é. A Phádraig, an chroidhe dhílis caillfimid tú sa bháire. Ní bheidh d'aghaidh gealgháireach le feiscint, ní bheidh do chainnt bhinn céolmhar le cloisint agus tú ag gríosadh na mbuachaillí chun buadha. Ba thruagh go bhfuairis bás gan mian do chroidhe d'fhaghail, an mian sin a chuiris i n-iúil dhom blian ó shoin nuair a dubhráis — Dho-gheobhainn bás go sona dá bhféadainn an Ghaedhilg a labhairt.” Níl fáinne na Gaedhilge agat, a Phádraig ach tá Fáinne Glóire na Flaithis agat. Tá an triúr san imthighthe, ní bheidh siad le feiscint indiu i bpáirc na gCleas Lúth. Thugadar onóir do Mhuire um a dtaca so anuraidh, fuaireadar bás ar son na h-Éireann i rith na bliana agus indiú táid ag moladh Dé ar neamh. Siad seo na smaointe a bhuail isteach im aigne lá na gCleas Lúth smaointe dolásacha agus smaointe áthasacha le chéile. Agus annsan do rith amhrán tré m' cheann, amhrán a chan Pádruig go minic is go bríoghmhar ar bharr Chnuic a' Teampuill, amhrán fíor- Gaedhil é seo, amhrán laoich a fuair bás ar son na h-Éireann. “Ní leigfam uainn ár mbéasa Ár dteanga féin ná ár gceól, Na spiorad na saoirse a phréamhuigh, An Tighearna in Éirinn rómhainn.” “MAC ALLA.”
“AN GAODHAL.” Oidhche Nodlag, sluagh daoine atá bail- ighthe le chéile i gcistin, iad ag áiteamh agus ag cur tré chéile, cuid adú 'a rádh gur ceart dúinn glacadh le na téarmaí, cuid eile 'a rádhn ach ceart. Mise i mo shuidhe 'sa gclúid, cluas orm ag éisteacht. Éirigheann sean-Éamonn agus labhrann go mall: — “'Sé mo bharamhail nach mór an feabhas a chuirfidh bhur gcainnt ar an sgeul. Rud a theip ar na daoine is inntleachtaighe, is deacair a rádh go dtiocfaidh a réidhteach libh-se. Tá'n sgeul ag dul sa mhuilconn orm féin le déidheanaighe ach tá Dia láidir, agus is dócha go dtiocfaidh gach rud i gceart in a am féin. Cibé rud a thiocfaidh as, annsin, ní ceart dúinne dearmhad a dheunamh ar na fir a d'fhulaing an bás: — ‘Is mairg a báidhtear le linn an anaithe Mar thigeann an ghrian i ndiaidh na fearrthainne.’” Tagann ciúineas ar gach éinne. Fé dheire labhrann duine éigin: “Tá'n ceart ag Éamonn” leantar de'n chainnt ach ní cloistear an t-aighneas. B'fhéidir gurb é an rud adubhairt Éamonn a thug orm mo pheann do ghlacadh chúgham agus an sgeul seo do shcríobhadh ar mo charaid: Seán Ó Ceallaigh (ar deis láimh Dé, go raibh a anam anocht). Ar an gceud ásc, caithfar a rádh gur shíl an choitchiantacht go raibh Seán pas beag aisteach. Dá mbéitheá ag trácht air le h-éinne des na sean-daoine, chrothaidís a gcinn agus deiridís nach saoghal fada a bhí indán dó. Is maith is cuimhin liom, sean- Mháire 'á rádh liom féin go raibh greim ag na sídheoga cheana air. Ní mór an iongnadh san. Níor thuigeamar féin é, agus ba dhóigh leat go mbeadh a chomráduidhthe féin in ann tuairim do thabhairt fé. Buachaill lúthmhar cliste a bhí ann riamh, buachaill a bhí thar cionn ar gach aon chuma ach amháin nach labharfadh sé puinn le h-éinne. B'shin é an locht is mó a bhí air, bhí sé ró-chiúin ro- staidéarach ar fad. Annsin, lá, do tháinig an máighistir nua. Duine óg maiseamhail a bhí ann agus an cheud lá go rabhamar ar scoil aige, dubhairt sé a lán i dtaobh mná uaisle a bhí i mbraigh- deanas agus i dtaobh an phionóis agus an droch- chóir a cuireadh ar a lán daoine a bhí ad' iarraidh í fhuasgailt, go mbíodh sé orrainn go léir ár gcion féin de'n obair do dheanamh agus nach raibh aon tslighe eile a b'fhearr chun a dhéanta ná a teanga d'fhogh- luim. B'iongantach an píosa cainnte a dhein sé agus an tógtha orm é, a cháirde, má deirim líbh go raibh rún mór tábhachtach i dtaisge againn i bfíor-íochtar ár gcroidhthe ag dul abhaile dúinn an trath- nóna sin? Bhíomar go hana-mhaith ar feadh seachtmaine nó b'fhéidir coicthighis agus annsin…! Bhál, níor mhaith liom a rádh cad do thárla annsin. Tá 'fhios ag an saoghal nach raibh an sprid chómh foirleathan an uair sin a's atá sí anois ach is baoghalach go rabhamar an-righin, aná stuacach ar fad, an t-am sin, i gceart lár ná h-Éireann. Marach Seán, ní fheadar cad a dhéanfadh an máighistir óg. Do lean sé dílis fan na h-aimsire agus ní gan a rian a bhí sé. Níorbh fhada go dtí go raibh an Ghaedhilg cuibheasach maith aige agus sul ar fhág sé an sgoil, ba chómh-mhaith aige Gaedhilg agus Beurla. Is um an dtaca 'n-a mbiodh sé ag gabháil do'n Ghaedhilg, ar dtúis, a thugamar “An Gaedheal” mar ainm air. Mar seo a thárla: — Tá 'fhios ag an saoghal Fódlach gur 'mó cleas a dheineann buachaill ag dul ar scoil dó, agus ní mór a ghoilleann siad air ach oiread. Bíonn an croidhe eudtrom ag an bpáiste i gcómhnaidhe. Ní mar sin do Sheán s'againn, amhthach. Ní dhéanfadh sé choidhche aon rud muna mbeadh sé socruighthe
aige do réir a intinne féin agus dá mba nár mhaith leis rud áirithe a dhéanamh agus sluagh an domhann ag tafaint air chun a dhéanta, ní bhéadh d'fhreagra aige ach “Ní dhéanfadh Gaedheal é.” Tá 'fhios agam-sa anois é bheith buailte isteach in a aigne nach bhféadfadh an Gaodhal aon éagcóir a dhéanamh agus go mbíodh an Gaodhal mar eisiompláir os comhair a aigne aige i gcómhnaidhe. D'imthigh na bliadhna. Is 'mó cor a chuir an saoghal mór de agus níor thaise d'ár mbaile féin é. D'imthigh sin agus tháinic seo. D'fhágas-sa an baile agus cé go bhfuaireas corrsgeul ar dtúis, do stad na leitreacha t'réis tamaill, agus níor bhuail Seán liom áiris go dtí gur thosaigh an chorraighil sa mbliain '16. Bhíomar ag suidhe chum búird nuair do phléasg na gunnaí. Ní miste a rádh gur rugadh i mbeul na séibe orrainn. Níor ro- fhada 'n-a dhiaidh sin, gur tháinig an sgeul áthais go raibh brat na h-Éireann os cionn oifig an Phuist agus go raibh gunnaí na n-Éir- eannach ghá fhuagairt do'n domhan go raibh Poblacht na h-Éireann ar bun. Do phléasg na gunnaí airís! Ceól aoibhinn do'n Ghaedheal, ceól suairc do'n té a bhí brúighte basgaithe ar feadh na mbliadhanta. Bhí fuath agus grádh ann, bhí siosgadh agus gearradh ann, treasgairt agus tuargaint, torann agus clampar agus tríotha go léir, bhí cogarnaoil agus siosarnach na ndaoine a chuaidh rómpa ghá moladh agus ghá gcomhairluighadh agus ghá spreagadh chun gníomhartha mhóra. Nárbh aoibhinn an radh- arc é? Tá'n fear bréige ar leath-taobh, tá deire le réim bhaoth na cainnte agus tá'n fíor-Ghaedheal, Gaedheal ár n'aislingí ag seasamh an fhóid go fearamhail dána. Tá'n sean-Ghaedheal le fághail áiris, sprea- cadh agus spionnadh 'n-a láimh, loinnir 'n-a shúile agus lúthgháir fíochmhar 'n-a chroidhe agus an sean-namhaid os a chómhair. “Go gcúitighidh Dia líbh a fheara Fáil agus nár theipidh ar luas bhúr lámh.” Sin iad na smaointe nó a macasamhail a bhí ag rith tré m'aigne tráth a chualas fuaim na ngunnaí mar throm-dhórd na madhmanna ag briseadh imeasg na gcarraigeacha, lá gáirbhín agus anfaidh. Do leanadh de'n chómhrac. Um thráthnóna Dar-daoin a bhí chúghainn do buaileadh cnag ar an ndoras. Bean fhriothailte a bhí ann. “Teanam ort, a Athair, tá óglach in ucht a bháis 'n-ár dtigh. Do ghluaiseamar, mé féin agus an sagart. Níorbh fhada gur thánamair go dtí an áit 'n-a raibh sé. Chuaidh an sagart suas an staighre agus i gcionn tamaill, d'fhill se agus ar seisean: “Is gearr a mhairfidh sé, tá na speabhraídí air anois agus do réir mar a labhrann sé ní chuirfeadh sé iongnadh orm dá mba ód' cheanntar féin dó.” Leis sin, do chuadhas-sa isteach. Bhí an t-óglach sínte ar a leabaidh 'san gcúinne ar an dtaobh thuaidh de'n tsheomra. Bhí na dallóga ar tarrang agus 'sa leath-sholus a bhí ann níor fhéadas mórán d'fheicsint. Bhí gach rud an-chiúin agus tháinic ciúineas míorbhailteach ar mo chroidhe féin. Anois agus áiris, do chloisfeá fuaim na ngunnaí ag pléasgadh sa gcathair. Bhí sé ag rádhmhaill áiris: “Ní dhéanfadh Gaodhal é.” Siúd anonn mé, ar an dtoirt. 'S eadh a chara, 'sé Seán a bhí ann agus créacht mhór fén a chléibh. Ní fios dom anois, cáid a chaitheas ann le cois na leapthan nó cad iad na smaointe a rith tré m'aigne ag feicsint mo charad 'san riocht sin, dom. Tamall roimh bás dó, tháinig a chiall chuige áiris. Bhí gáire ar a bheul, faghairt 'n-a shúile agus bhí sé ag bogadh a bhéil chun labhartha nuair do thuit a cheann siar ar an gceannadhairt. Do phléasg na gunnaí áiris ach, bhí 'fhios agam go raibh anam Sheáin, imeasg laochraidh na nGaedheal 'sna flaithis. “Dia leo ag luighe 's ag éirighe Tréinfhir is treise i dtachar Dia 'na seasamh 's 'na luighe leo Is i dtráth chuirthe an chatha?” T. Ó. C.
“AN MADA RUA MÓR IS AN MADA RUA BEAG” “A mháthair,” arsa Tomáisín cosnoch- tuithe agus é ag glaodhach in árd a ghutha agus ag rith ar a dhícheall an bóithrín isteach abhaile, “a bhfeiceann tú an eascú mór a rugas uirri. Féach tá sí beo fós, tá an béal ag corruighe is an ruball ag suathadh.” “Eist, fan socair,” ars an mháthair, “nó geobhfaidh mé de'n t-slait ort, tá an sagart istigh. Tháinigh sé chun cúpla sceultha chlos ó Phádraig sceulaidhe nuair a chualaidh sé é bheith ar chuairt annso.” Caith uait an t-ainmhidhe gránda, agus tair isteach chun an tsagairt d'fheicsint.” “Fanfaidh mé i bhfad amach uaidh, m'anam — tá's aige is dócha gur dheineas éaló ó'n d'Teagasc Críostuidhe Dia Domhnaigh seo caithte.” “Muise cad fáth tú bheith chómh culánta eagalach, níl istigh ach é féin, seana Phádraig, d'athair, agus Maighréadh atá ag freastal orra.” “Is mar a chéile anois, ní raghad isteach, fanfad gan mo shuipéar níos túisce ná dul isteach is an ragart romham.” “Téir féin a mháthair agus má chuireann sé mo thuairisc, abair leis me bheith i mbun rud eicint agus go mbeidh mé isteach láithreach.” Le na linn seo, bhí an dinnéar thart. Tháinigh an sagart go dtí an dorus agus go deimhin ní fheicfeá Tomáisín a luaithe is a bhí sé ag bailiú leis as radharc. “Ní h-aon mhaith bheith leis, a athair,” ar sise, “tá sé chomh fiadhain le girrfhiadh.” “Druid aníos chun na teine, athair,” ar fear-an-tighe, “b'fhéidir go bhfuil sceul eile ag Pádraig annso.” Thosnuigh Pád- raig ar thuille díobh d'innsint agus ba ghearr leo an oidhche. “Is mithid dom bheith ag imtheacht anois,” ars an sagart. “Rath go raibh ort i gcomhnuidhe a Phádraigh, cluinfidh mé cúpla eile uait sar i bhfad fé mé bheith slán.” “Go n-eirighidh an oidhche leat,” ar siad go léir istigh. Chuadar go léir a codladh láithreach, mar bhí sé amach san oidhche. Bhí Maighréad ag feitheamh le Tomáisín. Tháinigh sé gan mhoill. “Tá an sagart imthighte fé dheire,” ar seisean, “is dócha go raibh sé crosta liom, raibh?” “Ní fhéadfadh sé a bheith,” ar sise, “mar bhí sé ag síor-gháiridhe i rith na h-oidhche fás na sceulta a dh'innis seana-Phádraig. Scéulta nua iseadh an chuid is mó díobh.” “Is truagh liom anois nár thána mé isteach lem' mháthair an tráth úd. Cad ab' ainm do chuid díob? a Mháighréadh nó cad é saghas iad?” “Táid siad idir fada is gearr,” ar sise. “Ba mhaith liom,” ar seisean ceann gearr a chlos roimh dul a codhladh dom. “Tá sé déanach,” ar sise, “ach mar sin féin seo dhuit ceann gearr.” “An mada rua mór is an mada rua beag,” is teidiol dó. “Oidhe,” ar Tomáisín, agus bior 'na dhá shúil is cluas na muice bradaighe air,” níor chuala mé riamh é. Thosnuigh Máighréad mar seo leanas: — “Bhí mada rua mór agus mada rua beag 'na gcomhnuidhe le chéile. Bhí fiche bó ag an gceann aosta agus gan ach bó amháin ag an maidrín. Ní raibh aca ach droch- chasán chun na ba a thiomáint air agus d'iarran mada rua mór ar a chómharsain teacht 'na theannta chun é do shocarú. “Ní raghad,” ars' an maidrín. “Is féidir liom aire a thabhairt dom bhuin féin
agus nach cuma liom tusa is an fiche bó agat.” “Marbhóchad do bhó ort muna dtiocfair liom,” ars an seana-bhuachaill. “Dein,” ars an maidrín, “níl leigheas agam ort.” Do mhairbh sé bó an mhaidrín agus do bhain an maidrín an croiceann di. Chuir sé fiche éigean pinginn isteach ann agus thóg sé go dtí an baile é. Bhuail ceannuidhe leis, firín beag cat-shúileach. “Croiceann atá agat?” “'Seadh.” “Cad atá uait air?” “Céad púnt,” “Coiméad é,” ars an ceannuidhe ag casadh chun imthighthe. “Níor chuala riamh a leithéid!” “Feach,” ars an maidrín, “i n-aghaidh gach buile a tugtar dó, tuiteann pinginn as.” Leis sin, bhuail sé air is thuit pinginn as, bhuail sé arís is arís eile is bhí na pingneacha ag tuitim as go tiubh. Bhí an ceannuidhe sásta. “Bíodh sé 'na mhargadh,” ar seisean, is do dhíol sé an céad púnt. Tháinigh an maidrín abhaile agus é go rígh-shásta. Lá ar na bháireach bhí sé ag cómhaireamh an airgid. Tháinig an mada rua mór chuige is dubhairt, “Cionus a fuairis an t-airgead go léir.” “Chionn tusa a mharbhú mo bhó orm,” ars an maidrín. “Mairbh-se bó orm,” ars an buachaill aosta. “Ní mhairbheochadh,” ars an maid- rín, “mairbh féin í.” Annsin do mhairbh sé ceann des na buaibh is thug sé an croich- eann go dtí an baile chun céad púnt d'fhagháil air, dar leis, mar a fuair an maidrín. Ag gabháil an baile isteach dó do rith a raibh de ghadharaibh sa bhaile na dhiaidh. Chaith sé an croiceann annsan is do theith sé lena anam treasna na mbóitre is na gcnoc is na sléibhte. Bí sé gan croiceann gan airgead gan clú, agus anois bhéadh an bitheamhnach beag eile ag magadh faoi. Chaith sé an oidhche ag cur is ag cúiteamh is ag machtnamh cad dheárfadh sé leis an maidrín. “Muise an donas duais ort,” ar seisean leis an maidrín lár na bháireach, “mar is tú do chuir i gcóir mo mharbhuighthe mé.” Bé an claidh- eamh tré na chroidhe an bob a buaileadh air is bhí sé lán-cheapaithe aige díoghaltas a dhéanamh agus sásamh a bhaint as an maidrín. “Marbhóchaidh mé do mháthair ort,” ar seisean leis. “O dein,” ars an maidrín, “níl leigheas agam ort.” Do mhairbh sé í. “Ní dhéanfaidh an cladhaire beag úd, amadán díom arís,” ar seisean 'na aigne féin. Do shocharuigh an maidrín a mháthair suas. Chuir sé teanntaí fúithi is thug sé leis go dtí an baile í. Bhí sé ghá thabhairt ó dhoras go doras is gheóbhfadh sé raol ann- so agus scilling annsúd agus leath- choróin in áit eile. Nuair a bhí sé cortha den t-siubhal agus an oidhche ag tutim, tháinig sé go doras an duine uasail so is tháinig an teachtaire amach. Thaisbeáin an maidrín a mháthair dó is dubhairt nárbh fhéidir lei aoinne a chlos, go gcaithfí í phriochadh chun go gcloisfeadh sí thú. Leis sin do phrioc an teachtaire í agus thuit an mháthair ar chúl a cinn. Do phléasc an maidrín agus do scread sé — “Aililiú, tá mo mháthair marbh, mo mhatair dhílis marbh!!!” Amach leis an duine uasal nuair a chuala sé an glór. Dubhairt an maidrín gurab amhlaidh a mhairbh an teachtaire í agus muna ndéanfaí cúitheamh dó go mbéarfadh sé an sceul fá shúilibh na bpóilíní. B'fhearr leis an duine uasal an t-uaigneas ná an t-imreas. Thug sé sparán airgid don mhaidrín is dubhairt leis é choméad fé rún. Bhí a chleas imeartha ag an maidrín bhí an t-airgead aige. Do chuir sé a mháthair is abhaile leis go h-áthasach is go h-árd chroidheach. Lár na bháireach bhí sé ag comhaireamh an airgid nuair isteach chuige an mada rua mór. “T-anam 'un diabhal, ach cá bhfuairis an t-airgead go léir,” ar seisean. “Fuaireas chionn tusa mharbhú mo mháthar orm,” ars an maidrín. “Mairbh-se mo
mháthair orm.” “Ní mhairbhéochad,” ar seisean, “mairbh féin í.” D'imthigh sé agus do mhairbh sé a mháthair is chuaidh sé léi go dtí an baile. Chuir na madraí an teitheadh air. Stolladar agus stracadar an croiceann de. Tháinig sé abhaile go lag leisceamhail, tinn tuirseach. Dá olcas é agus dá chrostacht an lá fé dheireadh, bhí sé nimhneach ar fad anois agus ar dearg- bhuile. Bhí sé lán-cheapaithe aige an cladh- aire bitheamhnaigh a chur ar shluagh na marbh. “Táim chun tú féin a mharbhú anois ar seisean mar is tú a chuir i gcóir mo mhar- bhuighthe mé.” “O, dein,” ars an buachaillín beag, “níl leigheas agam ort.” Rinne an seana-bhuachaill mealbhóg is chuir sé an maidrín isteach ann. D'fháisc sé an chnáib. Thug sé go bruach na faille é is do chaith sé síos é. “Ní dhéanfair a thuille magaidh fúm,” ar seisean 'na aigne féin. “Díolfair ar do ghliocas is do chleasa anois.” Is ar an seana-bhuachaill féin a buaileadh an bob arís, mar bhí uisce ag bun na faille is thuit an maidrín isteach ann. Bhí a lán uisce sa pholl agus muna mbéadh go raibh snámh maith aige agus an teacht aniar, bhí sé ar shluagh na marbh an rud a bhí o'na chomharsain. Ach bhiódar san aige agus an fhaid is a bhí sé ag treabhadh trén uisce, bhí rann mar so 'ghá rádh aige: — “Ó, Ró Linín: Ó Ró Lae Tá na h-aingil im mháilín féin Is raghad-sa féin go flaitheas Dé Is ní go h-ifreann le Congnamh Dé.” Le no linn seo, bhí duine uasal na sheasamh ar an mbruach agus do bhagair sé chuige an maidrín. Nuair a tháinigh sé chun tíre ní raibh cor eile as. Bhí sé tnáithte, tuirseach, traochtha, agus i riocht an bháis. Tógadh suas é agus é ar an gcuma san. Bhí an duine uasal sásta a lán páigh a thabhairt dó ach fanmhaint aige. Ní fhanfadh sé ar airgead ach dubhairt sé go bhfágfadh sé an mhealbhóg aige — meal- bhóg dár leis nar bh'fhéidir é shárú le cumhacht — mealbhóg gurbh fhéidir leat dul amach ann ar an uisce gan conntabhairt aon lá ba mhian leat. Bhí an stróinréar sásta a lán a dhíol as, agus do dhíol. Annsin ba mhaith leis triail a bhaint as. Isteach leis sa mhealbóig. D'fhaisc an maidrín an bhéal shrang ar an mála, leig sé síos é agus síos leis go tón púill. Ba chuma leis an mbuachaillín, bhí an t-airgead aige, agus sin a raibh uaidh. 'Sé a bhí go spleórrach groidhe ag gabháil abhaile. Lár na bháireach bhuail sé leis an mada rua críonna agus d'innis sé dó cionnus d'eirigh leis. “Fuaireas an t-airgead go léir ar seisean chionn tú dom' chaitheamh leis an bhfaill,” ar seisean. Bhí éad ar an mada rua críonna mar ná raibh sé féin ag tuilleamh airgid chómh bog san. “Caith síos mé,” ar seisean leis an maidrín. “Dein féin é,” ars an buachail- lín glic. Annsin do dhein sé mealbhóg dó féin, chuaidh sé isteach ann is d'fháisc sé an bhéal-shrang go daingean agus caith sé é féin síos “Cuas an Ghamhna.” Do dein- eadh smeidríní de. Bhí an maidrín lán- t-sásta toisc an fheirm a bheith aige, an t-airgead agus an ulc stoc. Níor tháinigh tionoisc ná mí-ádh, buadhairt ná brón air go bráth 'na dhiaidh sin ach do mhair sé go sásta suairc, go séanmhar sona, gan uamhan gan uathbhás gan time gan taise.” “Sin críoch.” “Muise mo cheól thú, a sheana-Phádraig,” arsa Tomáisín. “M'anam a Mhaighréad, níl aon téora le na bhfuil de sceultaibh aige agus gach ceann díobh níos fearr is níos spéiseamhla na a chéile.” “Suas leat a chodlad anois a Thomáisín,” arsa Maighréad “nó beidh m'athair ag glaodhach orainn.” “Coigleochad an teine is múchfad an lampa is beidh mé ag imtheacht láithreach chomh maith. Oidhche mhaith agat.” S. MAC CLÚIN.
AN FÁINNE I DTIGH NA SINNSÉAR. D'éirigh Cumann an Fháinne go bríoghmhar laidir sa tigh le cupla bliadhain. Tá dhá bhliadhain óshóin ní rabh scór fáinneach sa Cholaiste uilig acht a mbliadhna tá níos mó no trí scór ar an rolla a dtigh na Sinnfear fhéin. Is maith an sgeal sin, agus is mór an luthghair atá orainn é bheith le h-innse againn. Creidim nach bhfuil Gaedheal ar bith nach bhfuil fhios aige goide an rud an Fáinne agus goide an chiall atá bis. Cumann atá ann agus is é an fáinne a órduigheann se mar comhartha comhalta. Tá se d'fiachadh ar gach comhalta, no ar gach fainneach, Gaedhilg a labhairt le cheile agus is seo an móid a ghlacann gach duine ar ghol isteach san fháinne do. “Dearbhaighim nach labharfad acht Gaedhilg le héinne de luchth an fháinne, acht amháin nuair a bhéidh gabhadh mór éigin fa leith leis.” Tá cúram an fháinne faoi Chomhairle a mBaile Cliath, agus áit ar bith fríd an tír a bhfuil seisear fáinneach thig leo Gasra a chur ar bun acht caithfidh siad cead a fhaghail o'n Chomhairle a mBaile Cliath. Anuiridh a cuireadh an chead Ghasra ar bun sa Cholaiste annseo, faoí stiuradh Chuallachta Chuilm Cille, agus d'éirig leis go han-mhaith ann a oige. Ó cuireadh an Gasra ar bun tig na fánnaigh le chéile achan chead Domhnach de'n mhí, labhairigheann an t-Aodhaire leo agus cuireann se romhpa gach rud a bíonn ag baint leis an fháinne agus le cúis na Gaedhilge sa tigh. Ag an chruinniugadh míosa seo fosta leightear litreacha a thig o'n Chomhairle a mBaile Cliath. Cuireann an Comhairle suim mhór anns na Gasraí go léir agus go speisealta sa Ghasra atá sa Cholaiste annseo, agus bíonn luthghair mhór air lucht an fháinne litireacha Comhairle a fhaghail ua. Mac- leighinn ar bhith ar mhaith leis fághail a steach san fhainne caithfidh se a ghol faoi scrúdú dian agus bíonn an scrúdú seo ar shiubhal achan chead Domhnach de'n mí fosta agus amanna eile dá mbéadh feidhim leis. Bíonn an scrúdú seo an dhian agus ní bhfuigh duine ar bith asteach san fháinne gan eolas maith a bheith aige air an Ghaedhilg agus gan a bheith abulta comhradh go réidh. “DOMHNACH NA GAEDHILGE.” Bíonn “Lá na Gaedhilge” sa colaiste achan chead Domhnac de'n mí. An lá sin caithfidh gach Fáinneach a fháinne a chathadh agus gan acht Gaedhilg a labhairt ar feadh an lae. Cuidigheann na buachaillí eile go maith le lucht an fháinne agus dheánann gach duine a dhicheall leis an teanga a labhairt. Ar an adhbhar sin is mór an gar buidhean laidir Gaedhilge mar an “fáinne” a bheith sa tigh, ní thig leis an Ghaedhilg bás a fhaghail agus daoiní mar sin rithe cun í a shabhail. Acht tá cuid mhór le deánadh go fóil, nar bhreágh an sgéal dá mbéadh na bhuachaillí go léir sa'n Fáinne! Ní fhuil leith-sgéal ag saghart óg ar bith ag fágail na colaiste seo gan a bheith abulta an Ghaedhilg a labhairt. Ma thoisigh- eann duine a fhogluim ag teacht annseo do, ní fhuil baoghal ar bith go mbéadh eagla ar a ghol faoi dhian scrúdú le faghail asteach san fháinne sul a bhfágfadh se an cholaiste. Tá an domhan daoiní ag fogh-
luim na Gaedhilge agus an mbéidh cléir agus adhbair saghairt na h-Éireann ar deireadh? Is againne annseo atá an cheist sin le freaghradh. Deirtear go fíor nar chuidigh cléir na h-Éireann leis an Ghaedhilg a chuinneilt beo anns an am a chuaidh thart. Nach brónach an sgéal sin! Acht thig linne an chuis a léasughadh anois, tá fhios againn goide is fiu ar dteanga agus ní fhuil leithsgéal ar bith againn gan ár ndicheall a dheánadh leis an teanga sin a chuinneilt beo. Tá sí le tógailt a mharbh, nó tá sí beagnach marbh le fada annsan chuid as mó de'n tír. Acht an áit ar mhair sí tá sí le cuinneilt beo agus le spéaghadh ar fud na tíre go léir. Mar sin de, a bhuachaillí, tá cuid mhór le déanadh agus caithfidh gach duine a sgéar de'n obair a iompar. Anois an t-ain againne le eolas maith a fhaghail ar an teanga, tá seans maith againn annseo agus orainn fhéin a bheideas an locht muna ndéanfidh- muid ár ndicheall. Tá cuid mhór buachaillí sa tigh agus ní béadh muill ortha faghail asteach san fháinne, acht budh chóir do gach duine a bhfuil a shaith Gaedhilge aige a theacht asteach, agus mar sin chuideochaidh se go mór leis an Cholaiste, leis an tír agus leis an Chreideamh. Is e “an Seacht” uimhir Ghasra an Fháinne a dtigh na Sinnsear agus seo ainmneacha an Chomhaltais. “Micheál Ó Murchadha, Aodhaire; Tomas Ó Briain, Sparanaidhe; Séumas Mag Fhionn- laoigh, Sgríobhaidhe; Domhnall Mac Eocha- gáin, Seán Pigóid agus Pádruig Ó Críodáin.” S. MAG FHIONNLAOIGH, Sgríobhaidhe. CÚRSAIDHE GASRA AN FHÁINNE IDTIGH NA SÓISEAR. Tá an éirighe go seóigh le Gasra an Fháinne i dtigh na Sóisear ó chuireadh ar bun é anuiridh. Dá fheabhas a dh'éirigh leis na buachaillíbh an blian seo gaibh tharainn, dobfhearr fé sheacht mar d'eirigh linn imbliana, de bhárr na spéise agus na rinne do cuireadh san obair. Ag seo ainmneacha lucht' stiúrtha an Gasra: — Padhraigh Mac Chluain, Uachtarán, Seán Ó Liain, Scríbhneóir, Brian Ó Piteán, Cisteóir, agus Tomás Ó Cadhain, Séosamh Mac Ruaidhri, is Tadhg Ó Conghaile lucht an chómhairle. Cuireadh áthas ar ár gcroidhthe an méid fáinneach do séoladh isteach inár measg idtosach na bliana, agus ba mhóide ár n-áthas a fháilt amach a fheabhas is bhí an Ghaoluinn ag gach duine aca. Dubhraimir linn fhéin go gcuiridís an Ghaoluinn ó bhaol i dtigh na Sóisear, agus ar ndó, ní raibh aon dul amú orainne sa mhéid sin. Bíonn cruinniú de'n Ghasra againn gach re Domhnach ar a luighead, agus díspóireacht ar siubhal ag gach chruinniú agus uaireannta bobht' amhránaíochta nó sgeúl mar chríochnú ar chúrsaí an chruinnighthe. Bíonn an chéad Domhnach de gach mhí 'na “lá Gaoluinne,” agus go dtí so ní fuláir admháil gur dhein furmhór mór na mbuachaillí a gcion fhéin chun an Ghaoluinn do labhairt ar na laethibh san. SEÁN Ó LIAIN, Scríbhnéoir. A Mhuire ro-mhilis, a bhuime, is a mhathair Dé A bhfuil fuasgladh na cruinne go huile ar do láimh go léir Cuir impidh ar do leinbh d'fhuiling an pháis go geur Gach cruaidh-chás 'n-a bhfuilim furtuigh agus tarthail mé Mo ghrádh thú a leinbh do geineadh san Mhárta Mo ghrádh thú a leinbh do rugadh san stábla Mo ghrádh thú Íosa aon-mhic Mháire Is cuimrigh m-anma ar uair mo Cháis dfhágháil.
AN “SINN FÉIN” SEO 'GAINN-NE. Lá breágh samhraidh a bhí ann agus lá saoire chomh maith. Bhí na mic-léighinn ag stuidéar ar a lán-dicheall agus bhí an rath ortha a leithéid de lá d'fhághail amuigh san aér úr. Ní túisge bhí na cúirteanna agus na líonta tennis i dtreó aca ná eirigheadar as an bpéile agus as an gcamánuidheacht ar fad. Acht ní raibh na báiridhe connartha i “Sinn Féin” críoch- nuighthe go fóil agus ní leisge a bhí ortha acht an oiread, acht is amhlaidh a bhí gach foireann a bhí ann chomh maith le chéile, ionnus go raibh a lán comórtas aca. Sé foirne a bhí aca i mbliadhain 1921 agus captaoin duthrachtach i gceannus gach foirne. Bhiodar go léir buaidhte anois, ámhthach, acht na foirne a bhí ag Micheál agus Domhnall, beirt laoch ó'n deisceart, agus bhí comór- tas na craoibhe le bheith aca an lá seo. Badh fhorus d'aithint gur rud speisíalta é sin ó'n mion-gháire a bhí ar aghaidh na mac-léighinn agus íad ag dul isteach 'sa bpoinn-tigh an mhaidin seo. Bhí an fógra ar an gclár gorm agus dhá phiop dheasa leagtha treasna chéile, fé mar a chífadh tú dhá sleagh, idir ainm Mhichil agus Domhnaill. Piopaí a bhionn aca mar dhuaiseanna i gcomhnuidhe i “Sinn Féin,” cé gur cuma le gach camán- uidhe ann, cad é an duais a bheadh aca chomh fada agus a bhuaidhfadh a fhoireann féin. Diadhairí na ceathramhadh bliadhna a b'eadh Micheál agus Domhnall agus d'á bhrigh sin is amhlaidh ba mhó an imnidhe a bhí ortha na piopaí d'fhághail an bobhta seo, mar nach mór an maoidheamh é a bheith le rádh aca agus iad ag dinnéir sagart i n-áit éigin gur rugadar an chraobh leó i “Sinn Féin” agus íad i Magh Nuadhath. Bhí an cluiche báire le tosnughadh de réir mar a bhí 'sa bhfógra ar a aon-déag a chlog go díreach. Ní raibh spriocadh ná grío- sughadh ag teastáil uatha bheith i n-ám an lá seo. Ní raibh aon bhuaidhreamh ar duine aca acht camán tréan láidir a fhághail, agus mar is eól do gach aoinne is beag maitheas do bhuachaill aon t-saghas camáin eile bheith aige i gcomórtas mar sin. Is beag nach raibh an tigh go léir cruinnuighthe mór- thimcheall chun fáilte do thabhairt dos na imirtheóiribh agus iad ag teacht amach agus
na bríste gearra ar gach duine aca. Tá páirc “Sinn Féin” rud beag gearr agus, mar gheall ar sin, ní bhíonn acht aon chamán déag ar gach foireann. Bhí a áit cheart socruighthe i gcóir gach fir ag na captaoinibh agus gach nidh i dtreó aca acht ní raibh aon mholtóir ar bith le feiscint. B' shin í an cheist annsin, cá bhféadfaidhe moltóir maith cóir a fhághail. “Is cuma liom cé'n moltóir a bhéidh againn,” arsa Micheál, “acht moltóir go bhfuil eólas na riaghail aige.” “Bheul, má's mar sin é,” arsa Domhnall, “is fearr dúinn camánuidhe ó'n ‘bPáirc’ a bheith againn.” Níorbh fholair camánuidhe ó'n ‘bPáirc’ a fhághail gan mhoill, cé gur oth le gach fear aca gnó chómh tábhachtach is comórtas do bhruthnughadh i, ‘Sinn Féin’ a ghlacadh. D'iar- radh ar bhuachaill aca. “O, ní bhéidh aon bhaint agam leis an gnó seo ar chor ar bith,” ar seiseann. “Ara, amach leat agus leig dóibh bheith ag imirt,” arsa gach aoinne i n-aice leis. Bhí náire air diúltughadh dúinn go léir. “Seo duit an fhead,” arsa Domhnall leis, “an bhfuil uaireadóir agat?” “Tá, a Dhomhnaill,” ar seiseann. “Glaodhaigh,” ars' an moltóir airís agus é ag caitheamh pigne 'san aér. “Ceann,” arsa Micheál, agus bhí an ceart aige. “Imrighidh síos.” Treasna leis na gcamánaibh agus le sméideadh do shúile, chaith an moltóir an sliodar istéach agus as go brath leis ar chosa i n-áirde go taoibh na pairce. B'fhearr leis bheith as contabhairt, 'dtuigeann tú, cé go ndubhairt gurbh amhlaidh go bhfeicfeadh sé gach uilé nidh níos fearr annsin. Siúd ag rith íad, síos suas an phairc, an sliodar san aér agus gach fear aca ina dhiaidh. “Fanaidh i nbhur n-áit ceart,” arsa Micheál agus leig sé liúigh as a dhúiseachadh na marbh san reilg. Bhí Domhnall i n-a chosantóir agus Micheál sa meadhon-phairc agus, go deimhin, níorbh olc an rud é nach rabhadar ar a chéile. Fuair Ciarraidheach an sliodar ar bharr a chamáin agus chuir sé é agus dord leis isteach i mbéalaibh cúl Dhomhnaill go díreach. Tharraing Domhnall air acht ní tuisge bhí sé ar an dtalamh ná bhí buachaill luath easgaidh ó Árd-Mhaca air agus chuir sé isteach idir na slait é tré'n gcúl báire bocht. “Deamhan locht ort,” arsa Domhnall. “Mise fé ndear é.” Pocadh amach arís é agus is beag nár imthigh sé thar na teoranna ar an dtaoibh eile de n fhaithche. Bhí saghas acrainn eat- orra ar feadh noiméit acht bhí cosanteóirí Mhichil chomh mhaith leis féin. Bha ghearr go raibh an sliodar 'sa meadhon-phairc agus síos airís go cúl Domhnaill. Bhí sé glic a dhóthain an t-ám seo do'n bhuachaill ó Árd- Mhaca acht ba ghearr go dtí go bhfuair Micheál féin saor-phoc i lár na páirce agus chuir sé scriob isteach. Sin a chuir muinntir Dhomhnall ar buille ar fad agus chomh luath agus cuireadh amach an sliodar, bhíodar air gan trochaire do dhéanamh agus gan maitheamhnas d'iarradh. “Anois, a chífear an spóirt,” arsa buachaill i n-aice liom agus gan aon agó ní raibh báire go dtí é. Camáin d'á mbriseadh agus lorga d'á mbualadh agus buachaillí ag screadhadh agus ag liúigh. Cia chonnaich riamh a leithéid, sleagad agus sleascadh, fothrom agus gleó? Chuir muinntir Dhomh- naill an sliodar ó dhuine go duine go dtí go bhfuair ionnsuightheóir a sheans. Chuir sé isteach go direach é. Ní stadfadh rud ar bith é. “Sin é an stuif dóibh,” arsa Domhnall ó'n dtaoibh eile de'n phairc agus d'fhéadfá é a chloisint míle ó'n áit. “Lean leis an obair,” ar seiseann airís agus thosnuigh gach duine againn ag
bualadh bos agus ag liúigh. Amach leis an sliodar airís agus ó thaoibh taobh na pairce leis. Anois i mbéalaibh cúil Dhomhnaill agus anois i mbéalaibh cúil Mhichil. Fuair Micheál féin é. Chuir sé suas 'san aér é agus síos leis ag cosaibh Domhnaill. Chonnaich Domhnall é ag teacht agus thar- raing sé. Acht, dhein an bhuachaill ó Árd- Mhaca beart ghásta. I n-ionad buaileadh ar an sliodar is amhlaidh a thug sé buille do chamán Dhomhnaill i ngan fhios dó. Theip air an sliodar a bhuaileadh agus bhí an méid sin fuadair faoí gur chaill sé a ghlac ar a chamán agus siúd 'san aér é anoinn chugainn a bhí i n-ár seasamh ar na líontaibh sleasa. Acht an buachaill ó Árd-Mhaca, bhí aige anois agus níor thep riamh air. Báire eile a chuir sé isteach agus é ag gáire mar gheall ar an mbotún a dhein Domhnall. Ní raibh an sliodar acht amach airís nuair a leig an moltóir fead. Bhí an leath-chluiche caiththe agus bhí ortha iompódh anois. Bhí bród mór ar Mhicheál agus é ag tabhairt árd- mholtha dh'á bhuachaill bh mar bhí báire agus scríobh 'sa mbreis aca ar Dhomhnall bhocht. Bhí an sos i n-easnamh go dían ortha agus bhí an chuig noiméit beagnach caiththe sul ar chuir duine des na imirteóiribh gig ás. Bhíodar ar tí líonadh isteach airís agus buachaill aca níos géire ná an chuid eile a dubhairt. “Ní dóigh liom acht go ndéanfadh sliodar nuadh a lán maitheasa dúinn. Tá an sean- shliodar sin i n-a leadhbh cheart.” Agus, go deimhin, níorbh folair do gach aoinne aontughadh leis. B'fhurasta sliodar nuadh d'fhághail dó amhthach, agus thosnuigh an buaileadh airís. Bhí a gcroidhe 'san obair má bhí riamh. Ba shoiléar go raibh Micheál
agus a bhuachaillí ag brath ar na piopaibh a dh'fhághail cheana féin agus go mór-mhór nuair a cuireadh scríobh eile isteach dóibh ó'n meadhon-phairc. Acht níor thug Domh- nall ná a bhuachaillí suas fós agus is géire agus is déine a bhí an comhrach anois. Ní dóigh liom gur bhfacas a leithéid i n-Eamhain Maca ná i gCaiseal na Riogh. Táim cinnte, dá mbeadh Cuchullain féin i lathair, go mbeadh iongnadh air. Is annamh a chítear comórtas maith gan mhí-imirt ná aighneas éigin ann acht bhí a mhalairt de scéal anois annseo. Bhí Domhnall agus a bhuachaillí ag déanamh iarrachta i ndiaidh iarrachta acht ba dheachair Micheál agus a chosanteóirí do shárugadh. Pé i n-Éirinn é, tháinig a n-ám fa dheireadh agus chuireadar báire isteach. Ní raibh acht dá scríob eatorra anois agus b'fhurasta a fheicsint go raibh a mhalairt d'fhéacaint ar Mhicheál agus a dhream anois. Tháinig misneach d'fhoireann Dhomhnall agus, go deimhin, bhí sé féin agus a bhuachaillí ag déanamh gáiscidh. Ní raibh acht timcheall deich nóiméit le caitheamh aca anois agus is ag dul i ndéine agus i lúithe a bhí an báire. Is iomdha camán deas gur déineadh smiti- ríní dhe agus is truagh buachaill gan a chamán féin bheith aige, acht ní ar a chamán a bhionn buachaill ag smaoineadh lá mar seo. Is mar sin a bhí an scéal ag Micheál bocht. Bhí clampar éigin ar siúbhal agus isteach le Micheál i n-a measg acht ba mheasaide a chamán é. Níorbh folair dó camán eile d'fhághail, camán nach raibh chomh oireamhnach dó ar chor ar bith. Theip air cúpla úair an sliodar a dh'fhághail mar gheall air sin agus uair eile nuair a bhíomar go léir lán- chinnte go gcuirfeadh sí báire nó scríob isteach, is amhlaidh a chuir sé amugha ar fad é. Mhéaduigh misneach d'fhoireann Dhomhnaill nuair a thugadar fé ndear an rud sin, acht amháin gur beag ám a bhí aca. Chuir Domhnall suas an sliodar agus suas leis féin i n-a dhiaidh. Bhí eagla ar gach aoinne roimhe agus bhí fhios againn go léir go ndéanfadh sé beart éigin dá bhfuigheadh sé seans ar aon chor. Agus is mar sin a thárla. Ní raibh an camán nuadh a bhí ag Micheál ag éirghe leis ar aon t-slighe. Theip air an sliodar a dh'fhághail airís agus b'é Domhnall a fuair é. D'aimsuigh sé go fíor-cruinn. Tharraing sé go tapaidh tréanmhar. Bhí an sliodar ar an gcúl- báire sul arbh féidir leis é a dh'fheiscint agus cad a féad sé a dhéanamh. Chuaidh an sliodar isteach direach tré sna maidí seasaimh agus leig na buachaillí ar a thaoibh liúigh ásta a deanfadh an talamh do scoltadh. Ní raibh acht noiméat eile le caitheamh aca anois agus dá méid iarracht a dhein Micheál, do b' iarracht i n-aisge é. Níor cuireadh aon scór eile isteach sul ar séideadh an fhead fhada. Ní shílfá go stadfadh an scréachach agus an buaileadh bos go deó. “Cuiridh n-a suidhe íad ionnus go mbéidh a bpeictúir againn i gcóir an Irisleabhair.” “Déanfamuid,” ars' a lán againn d'aon guth, acht sul ar éirigh linn ár bplean a chur i bhfeidhm bhí Domhnall thuas ar guail- nibh ag seisear buachall tréan agus, go deimhin, bhí a neart go h-iomlán ag teas- táil uatha mar bhí Domhnall cúig chloch dhéagh ma bhí sí únsa. Thogadar leó é ó'n bpáirc mar 'sé sin an curadh-mhir a gheibheann na laoich i Magh Nuadhath, agus 'sé sin an chúis nach bhfuil peictúir na foirne a bhuaidh i “Sinn Féin” anuraidh 'san Irisleabhar i mbliadhna. TAILTINN.
SAMHRAD, 1919. Ba ró-luath san lá gur imthighis, a dhriotháir, Chun na leapthan soin adhmaid atá san chré, Is gan dúiseacht i ndán duit ód' chodladh sámh Go gcloisfear Micheál ag glaodhach. Agus canaim-se amhrán mar leigheas ar mo chrád Do'n lóithne fánach, 's mé am' shuidhe ar an bhféar; Im' aonar atáim leis an mbeich ag crónán, Agus brothall ceobhránach san aer. San chiuineas is dóigh liom gur chugham atá glór Na maisíní d'á seoladh i measc na móinfhéar: “Nach dtiocfaidh sé an treo chun na h-oibre go nóin? An gcodlóchaidh sé go deire an lae?” Ar luighe do'n ghréin nó ar éirghe do réilt Ní shiubhalfaidh sé coiscéim ar casán ná ar ród. Tá a thriall i gcéin chun an fhoghmhair atá réidh Fé'n spéir gheal i dTír-na-nÓg. PÁDRAIG DE BRÚN.
AMHRÁN NÁISIÚNTA NA h-ÉIREANN Ar léigheamh eachtraí na sean dúinn, is minic a las an croidhe ionainn le h-urraim dá ngníomh- artha. Do chorruigh agus do bhrostuigh an fhuil 'nár gcuislinn agus d'éirigh meisge loinne 'nár gceann. Ó, a Dhia, nach annsúd a bhíomar le taobh an trír a chosain an droichead sa Róimh, nó i bhfochair na dtrí gcéad ag na Geataí Teo nó sa bhearna baoghail leis an Sáirséalach i Luimnigh nó i gcéad áiteannaibh eile 'n-a deineadh na gníomhartha órdha ar fuaid an domhain. Ba shuarach linn saoghal socair suaimhneasach an lae indiu agus gan deis ná faill againn ar ghaisge a dhéanamh. Ach tháinig an lá i n-Éirinn leis agus níor ghádh dul i bhfad ó bhaile chun an chródhacht agus an chalmacht a thaisbeáint. Is beag duine againn ná fuair an chaoi le tamaillín anuas fiú an anama a thabhairt ar mhaithe le n-a thírín dúthchais. In am an ghádhtair, aithníghtear na daoine cródha calma. Ní h-iad na daoine is caoimhe croth nó is láidre géag is mó a sheas amach i gcoinne an Ghalldachais. Tá sgéalta againn ar ghníomhartha árda uaisle na mban agus na bhfear, na bpáistí agus na seanóirí, na ndaoine bhfannlag bhfaon agus na ndaoine láidre laochdha. Tá an t-ór sgaoilte sgaipithe ar fuaid an domhain go fóir-leathan. Bíonn rian an óir sa chré is boichte agus is minic cnapáin óir ar ghrin- neall na h-abhann is suaraighe agus is sailighe. Sin é údháltha an duine leis. Ní gnáthaighe na gníomh- artha órdha á chur i bhfeidhm ag na daoine díomsacha dásacha ná ag na daoine dearóile donaidhe. Siad daoine na ngníomhartha n-órdha sin laochra an domhain — daoine na gcroidhthe mór na bhfuil slighe do mhór-ghrádh dearg ná cuimhnigheann orra féin, ar a gcáirde ná ar a mbaile le neart díoghraise chun cabhrughadh le na dtír — do mhór- ghrádh a spreagann dá mb'iad na mná agus na páistí féin iad chun móir-éacht a dhéanamh a sháruigheann cómhacht an duine choitchinn. Acht ná fuil brígh na cainnte sin go léir san Amhrán Náisiúnta a bhíodh againn go dtí le déanaighe? Tá, a dhuine, agus sin a chuir ag machtnamh agus ag marthan mé, agus ní dócha gur fearr dom rud a dhéanfainn anois ná tuairisg ghearr a thabhairt ar “an dtrí chéad úd ar a mbeinn ag taidhbhreamh nuair a bhí giodam agus teasbach na h-óige sa bhfuil agam.” Do ghríosaig cuimhne na dtrí gcéad úd a lán Gaedheal chun gail agus gaisge a dhéanamh. Déanfaidh sé arís é le congnamh Dé, mar sé is dóichíghe ná a chéile nach í an mheathtacht ná an mhí- chródhacht a bheidh uainn feasta ach a mhalairt ar fad. Léightear i stair na nGréagach connus a cuireadh an náisiún ar bun, saoghal an náisiúin sin agus eirighe stát mór saighdiúirí mar Cathair na h-Aithne agus Sparta. Ní mar a chéile a riaghaluightí na stáit sin, agus ba mhinic achrann agus aighneas idir na h-uaisle agus na h-ísle i gcúrsaí poilitidheachta ionnta. Bhíodh na catha cathardha céadna ar siúbhal ar Roinn mhór na h-Ásia le na linn sin. Sa domhan thoir sin d'éirigh cúig Impireachta móra i ndiaidh a chéile. Bhí seal ag gach ceann aca i réim agus i gceannas, ach i ndiaidh a chéile do bhuaidh gach Impireacht aca ar an gceann a bhí roimpi. I ndeire na dála do ghéilleadar go léir don tseiseadh chómhacht a smachtuigh iad go léir agus a chuir a lán dúthaig iargcúlta anaithnide nárbh iad fén a réim agus féin a rialughadh. Assuria, Media, Babilonia, Ludia, Égipt, b'in iad na cúig Impireachta. Bhí gach ceann aca go maordha mór-chómhachtach le na linn féin ach chuir flaitheas mór na bPeirseach smacht ar a gcríochaibh ar fad. Nuair a bhí Ludia fé smacht na bPeirseach is eadh a theagmhaigh na Gréagaigh leo ar dtúis. Sa bhliadhan 490 roim Chríost, nuair a bhí Darius na rí, tháinig na Peirsigh ar sluagadh go dtí an Ghréig, ach chuir na h-Aténaigh an ruaig orra, agus d'imreadar dearg-ár a muinntire ar mhachaire Mharathon. Ba bheag aca san, mar do dheineadar iarracht eile deich mbliadhna na dhiaidh sin nuair a bhí easaontas agus imreasán idir na Gréagaigh féin. Do chaith Xerxés mac Dharius an geimhreadh go léir ag Sardis, ag príomh-chathair Ludia ag cruinniughadh daoine agus ag ullmhaghadh, agus in Earrach na bliadhna 480 R.Ch. do ghluais sé roimis agus arm adhbhal-mhór ar chabhlach aige. Annsan is eadh a bhí an baillichrith ar fuaid na Gréige. B'in chúcha an “Rí Mór” mar a ghlaoidhidís air, go raibh forlámhas aige ar thíor- thaibh an domhain thoir ó Chaucasus na h-India go dtí an tAegéus agus ón Mhuir Ruadh go dtí Muir Caspia. Bhí na coilínigh a bhí ag na Gréagaigh ar thráigh thoir an Arcipelagó fé na smacht aige cheana féin agus tearmann le fághailt 'na chúirt ag gach sgeólang a thréig a thírín dúthchais. “Do Phuib- leachaibh agus do Chineadhachaibh agus do Theangtachaibh an domhain” an teideal a sgríobhthaí ar éadan a fhógraí. Agus bhí tíghearna na h-Impireachta áidhbhéilighe sin chun a shluaighte do-áirmhighthe a stealladh anuas ar chnuasach beag stát ná raibh chómh mór ar fad le h-aon chúige amháin dá riaghaltas do-chuimsighthe. Rud eile dhe, ní orra féin amháin a bhí an cogadh á chur ach ar a ndéithibh leis. D'adhraidís na Peirsigh an Ghrian agus an Teine, agus níor lugha orra rud sá domhan ná íodhail na nGréagach, agus mar sin d'airgeadar agus do chreachadar gach teampall a thárla na dtreó. Ní raibh de choimirce le fághail uatha ach bás agus bánughadh. Bhí daoirse agus daor-bhruid i ndán dá
lán dos na Gréagrachaibh an túisge na mbeadh a dtírín fé smacht na ndaoine mbarbardha sin. B'fhíor gur imreadh dearg-ár ar na saighdiúirí is fearr dá raibh ag an Rí Mór ar imeall — bhórdaibh Attica deich mbliadhna roimhe sin, ach in ionad aon mhaolughadh meanman do theacht ar Dharius is amhlaidh do neartuigh ar an bhflosc sa choimhsgar aige tar éis maidhm Marathon. Bhí sluagh cómh mór san cruinnighthe le chéile ag an Rí nuadh, ag Xerxés gur ar éigin ba ghadh dó saighead na sleagh chun an Ghréig a chur fé smacht. Ag Sardis is eadh do tionóladh iad. Do chonnaic spiairí na nGréagach na mórshlóighte ag teacht i gceann a chéile agus giodam agus mór-chuis seirbhíseach an Rí. Cuireadh teachtaí uaidh ag iarraidh cré agus uisge ar gach stát sa Ghréig mar chómharthaí a fhorlámhais ar thír agus ar mhuir. Sé an t-eiteachas fuarthas ó gach aon stát aca acht ó Thessalia amháin. B'í sin an chéad stát ar a slighe agus d'úmhluigh sí dhó. Do tionóladh cómhairle ar Ros Corinthus agus bhí teachtaí ó gach stát sa Ghréig ar láthair chun cóir chosanta do bheartughadh. Bhí longa na namhaid le teacht cois trágha fairrge an Aegéus, agus bhí an t-arm chun an Helespontus do ghábhail ar dhroicheadh bád, agus annsan an aghaidh a thabhairt ó dheas ar an nGréig. Bhí céimeanna cumhanga ar an mbealach rómpa i dtreó nár b'fhéidir ach do bheagan daoine troid a dhéanamh lámh ar láimh ionnta. Bhí cumhainge na n-áit i bhfabhar muinntir na Gréige do chinneadar ar iad sin a chosaint, mar thuigeadar gur mó a b'fhiú meisneach ná meitheal ionnta. Tempe a tugtaí ar an gchéad cheann aca sin agus cuireadh buidhean saighdiúirí le na chosaint. Do mheasadar nár bhfhéidir san a dhéanamh agus d'fhillea- dar arís. Bhí an chéad chéim eile ag na Geataí Teó (Thermopulae). Níl ach gaibhlín cumhang uisge idir an tír mhóir agus oileán Euboea annsan, agus cuireadh longa na nGréagach isteach ann chun stad a chur le cabhlach na bPeirseach i dtreó ná h-éireóchadh leo teacht i dtír ar chúl na céime. Tá Sliabh Oeta ar an dtaobh eile den mháim agus é clúduighthe le n-a shean-eire coill agus cloch. Bhí na failltreacha cómh gairid sin don tráigh gur ar éigin a bhí slighe d'aon charbad amháin i dhá n-áit ann idir na carraigreacha agus an criathrach slaib cois fairrge. Geataí na céime a cuirtí ar an dhá n-áit sin agus bhí beagnach míle slighe eatorra. Is ar éigin a bhí sé puinn níos leithe idir na Geataí, ach bhí toibreacha teó ann na mbíodh salann agus ruibh. Iad sin fé ndéar Thermopulae (.i. Geataí Teó) bheith mar ainm ar an áit. An falla a tógadh treasna an gheata thiar nuair a bhíodh muintir Fócea agus muinntir Thessalia i gcogadh le chéile, do leigeadh ar lár é, mar d'aimsigh muinntir Fócea conair chumhang i leabaidh easaigh sléibhe, agus b'fhéidir leo teacht anall mar sin gan bacadh le bóthar na trágha. Ní raibh eolas na conaire ag Comhairle Corinthus agus shíleadar nár ghádh ach an chéim a chosaint. Ceithre mhíle fear ar fad a cuiread ó chathrachaibh na Gréige chun an dá mhilliún Peirseach a chosg. Leonidas, duine den bheirt rí a bhí ar Sparta, a bhí mar cheann orra. Bhí sé sin cinnte gurab é an bás a bhí i ndán dó an turus so, mar deineadh tuar agus tairngire dhó ag Delfí ná saorfí Sparta ach tré bhás duine dá rightibh do shliocht Hercules. Thug sé trí chéad fear do ghléidhre glan-shluagh in a fhochair — trí chéad gur lugha aca an bás ná an mheathtacht. Deirtear gur fhearadar a gcluithchí caointe féin roim ré, mar chreid na Gréagaigh ná béadh suaimhneas ag anmannaibh na marbh i na n-éagmais. Bhí ceapaithe ag gach fear aca filleadh go mbuaidh gcosgair le na sgéith nó na luighe go tláth uirri. Níor thug Leonidas ach an trí chéad sin agus a ngiollaí leis ach bhí an cheithre mhíle ar fad fén a stiúiriughadh. Ar a theacht do Leonidas i láthair na nGeataí is eadh do h-innseadh dó i dtaobh an chasáin tré choilltibh cnó Sléibhe Oeta. D'iarr muinntir Fócea air leogaint dóibh féin dul á chosaint ar an gcliathán ach gurab é ba dhóichíghe de ná h-aimseóchadh na Peirsigh in aon chor é. Leogadh dóibh. Suidh Leonidas agus a mhuinntir i bhfoslongphort imeasg na dtobaireacha dteó. Dheisigheadar an falla agus chuireadar treallamh troda agus teagamhála orra féin. Ba ghearr go raibh dubhadh na gcnoc agus na gcoillte de shluaightibh na bPeirseach ar a n-agaidh anonn. Bhí ag dul de mhisneach Gréagach an deiscirt. Níor bhaoghal dá mbailtíbh féin san Pheloponésus. Nár bhfearr Ros Corinthus a chosaint? Ní thréigfeadh Leonidas, ámh, a cháirde cogaidh an tuaiscirt. Chongaibh sé na fir go léir ann agus chuir sé fios ar a thuille chabhrach. Tháinig marcach ón Rí ag cuarthughadh na céime. Níor bh'fhéidir leis féachaint thar an bhfalla, ach ar a aghaidh amach agus ar an bhfalla leis chonnaic sé muinntis Sparta, cuid aca ag déanamh gleacaidh- eachta agus cuid eile ag ciaradh a ngruaige fada fillte. Nuair a tugadh an sgéal chuige, d'fhiaf- raigh Xerxés de Dhemaratus, de dheóraidhe Spartach a bhí in a fhochair cad ba chiall leis sin. “Nach ar buile atáid,” ars' an rí, agus gan bheith ar teicheadh rómham?” D'fhreagair Demaratus go mbéadh sé na chogadh dhearg eatorra, agus gur sean- bhéas ag na Gréagachaibh a gcuid gruaige a chóiriú- gadh, nuair a bhíd i nguais bháis. Ní chreidfeadh Xerxés, ámh, go raibh buidhean shuarach mar sin ar tí cur na choinnibh. D'fhan le na chabhlach ar feadh cheithre lá ach nuair nár tháinig sé, do tugadh fén gcéim fé dheire. Ba láidre corp agus ba thruime airm, na Gréagaigh agus bhí an bhuntáiste aca ar Pheirsigh na gcraoiseach ngearr agus na sgiath adhmaid. Chuireadar an ruaig ghlan orra. Deirtear gur phreabh Xerxés trí h-uaire dá chathaoir ríoghdha le neart éadóchais ar bhfeiscint na saighdiúirí a b'fhearr abhí aige ar teicheadh. “Ó, mo thruagh,” ar seisean, “thugas a lán daoine liom ach fíor-bheagán fear.” Mar sin dóibh ar feadh trí lá agus b'fhusa leo slighe a ghearradh trí sna carraigreacha féin ná trí sna Spartachaibh úd. Ag cosaint a mbailtí agus a bpáistí féin a bhí na Gréagaigh agus connus a gheóbhadh na sglábhuidhthe a strachadh ón a mbaile dúthchais seasamh na gcoinnibh chun sainnt rí uaill-mhianaigh do shásamh? Ach an tráthnóna sin tháinig snámhuidhe suarach darab ainm Efialtes isteach i gcampa na bPeirseach. Thairrigh sé sin casán an tsléibhe do thaisbeáint dóib ach carn mór airgid d'fhághail. Le tuitim na h-oidhche cuireadh taoiseach Peir-
seach darabh ainm Nudarnés agus buidhean saigdiúirí in a fhocair chun dul suas an casán sin agus teacht ar chúl na nGréagach. Do bhrúigheadar rómpá tré choilltibh cluthmhara an chnuic ar feadh na h-oidhche ar fad agus fé chiúineas na maidne is é briosgarnach duilleóg na gcnó bhFranncach a bhain bíodhg a fearaibh faire na bhFócéanach. Do stealladh cith saighead anuas orra, agus in ionad an fód a sheasamh, sgeinneadar leo suas an cnoc agus chuireadar iad féin i n-eagar catha. Níor thug na Peirsigh aon áird orra acht dul síos díreach le fánaidh an chnuic. Le fáinne geal an lae ba léir dos na fearaibh faire i bhfoslongphort na nGréagach thíos, loinnir lonnrach ar ghrinneall srotha an tsléibhe trí chrannaibh na foraise, ach ní h-é drithle an uisge a bhí ann ach taithneamh na gréine ag gigilt ar chathbarraibh órdha agus ar chraoiseachaibh airgid. D'éaluig duine de mhuinntir Cimmeria leis ó champa na bPeirseach isteach tar an bhfalla. Dubhairt sé sin go rabhthas tar éis a ndíolta, agus go raibh na naimhde ag teacht ar an gcasán diamhar, agus go mbeidís taobh thiar diobh um meadhon lae. Bhí dul as aca fós dá dtogruighdís é. Do chuadar i gcómhairle i gceann a chéile um íodhbhairt na maidne. Tuar tubaiste dhóibh an íodhbhairt sin do réir Megistias fáidh. Dubhairt Leonidas le Megistias dul abhaile. Níor imthig, ámhthach, ach chuir sé abhaile an t-aon mhac amháin a bhí aige. Níor náireach an bheart le h-aoinne dul ar chúl ón gcéim anois mar nár bh'fhéidir a chosaint. Do mhol Leonidas dá cháirdibh cogaidh imtheacht sar a mbéadh thiar orra. Maidir leis féin agus a mhuinntir, bhí sé beartuighthe na n-aigne aca an bás d'fhághail mar a rabhadar, mar do thuigeadar gur mó a raghaidh an deaghrún sin i sochar agus i soileas dos na Gréagachaibh ná an gaisge is fearr a d'fhéadfaidís a dhéanamh ar aon ócáid eile. Bhíodar go léir sásta dul ar chul acht na 80 fear as Mucénae agus na 700 as Thespia. D'fhan 400 de mhuinntir Thébae leis agus mar sin b'é líon slógh d'fhan i bhfochair Leonidas chun cogaidh d'fhógairt ar dá mhilliún namhad 1,400 laoch. Bhí beirt ghaol ag Leonidas sa longphort agus fuil Hercules ag borradh na gcuislinn aca mar a bhí aige féin do réir an sgéil. Ba mhian le Leonidas iad sin do dhul saor, leis, agus thug sé litreacha agus sgéala le tabhairt abhaile dóibh. “Chun troda a thánag,” arsa fear aca, “agus ní chun teachtaireacht a dhéanamh.” “Inneósaidh mo ghníomhartha a bhfuil d'fhios ó mhuinntir Sparta,” ars' an duine eile. Dubhradh le fear díobh darabh ainm Dienices go raibh a liacht san saighdiúirí ag an Rí go bhfolóchadh a saighde an ghrian. “Is fearr san,” ar seisean, “mar beidh foithin ó theas na gréine againn.” Bhí tinneas súl ag cur go dian ar bheirt den trí chéad i mbaile éigin sa chómharsa- nacht. Do chuir duine aca Eurutus a éide catha uime, agus d'órduig sé dá ghiolla a threórughadh go dtí n a áit féin sa chath. Bhí an duine eile — Aristo- démus ab ainm dó cómh chlaoidhte sin ag an ruaig tinnis a ghaibh é, gur aontuig sé imtheacht le na cháirde cogaidh. Bhíodar go léir imighthe go luath ar maidin, agus d'órduig Leonidas dá mhuinntir a mbéile deireannach a chaitheamh. “Is i bhfochair Plúto a bheidh ár gcuid againn anocht,” ar seisean. Go dtí anois ní raibh uaidh ach an chéim a chosaint agus gan a shaighdiúirí do dhul i nguas nár ghádh. Sé chuir sé roimis anois ná dearg-ár a thabhairt orra chun sgeón agus sgeimhle a chur i gcroidhthibh a namhadh. Amach leis thar an bhfalla gan fanamhaint le fogha ná fóbairt agus thosnuig an cath. Tháinig taoisigh na bPeirseac taobh thiar dá saighdiúirí agus do léasadar agus do lasgadar chun troda iad. Na h-aindeiseóirí bochta, chun a gcosgartha tiománadh iad. Do tolladh le sleaghaibh na nGréagach iad; do teilgeadh isteach sa bhfairrge iad; do deineadh cosair chró díobh i slab an chriathraigh ach níor tháinig aon chaitheamh ar líon a sluagh. Do bhris manaoiseacha na nGréagach le teann oibre, agus ní raibh aca ach na claidhmhte annsan. Ba ghearr gur leagadh cuid aca, agus bhí Leonidas féin ar an ndream is tuisge a thuit. Ba nimhneach niata an troid ós cionn a chuirp, agus is ann a marbhadh beirt dhearbhrathair Xerxés. Fé dheire, tháinig sgéal chúcha go raibh Hudarnés taobh thiar díobh. Cuaidh muinntir Sparta agus Thespia ar ais go dtí tulach beag taobh istig den fhalla. Sheasadar go cródha fós ar fhód a mbáis. Do chuaidh dá misneach ag muinntir Thébae; dheineadar ar na Peirsigh agus na lámha sínte amach aca ag iarraidh trócaire. Tugadh comairce anama dóibh ach cuireadh cómhartha an Rí orra gá chur i gcéill gur sgeólaing nárbh iontaobhtha iad. Le na linn sin d'éaluig na seirbhísigh go léir isteach ins na coilltibh, agus b'iúd na curaidh chródha chalma taobh le taobh ar an dtulach ag troid go dtí an bás, cuid aca le claidhmhtibh, cuid aca le sgeanaibh, cuid aca le na lámhaibh agus le na bhfiaclaibh go dtí ná raibh fear beó orra go léir le fuineadh na gréine. Ní raibh ann ach tulach na marbh clúduighthe le saighdibh. Do mharbhuigh an dream beag Gréagach san fiche míle Peirseach. D'fhiafruigh Xerxés de Dhemaratus an raibh mórán eile dá leithéid ag Sparta. Dubhradh leis go raibh 8,000 ann. D'eirigh an croidhe ann ach thug sé cuireadh do thaoiseachaibh a chabhlaigh teacht ag féachaint an íde a thug sé ar a naimhdibh. Do thaisbeáin sé ceann agus lámh Leonidas tárnálta ar chrois dóibh, ach cuireadh a mhairbh féin ach aon mhíle amháin ar leath-taobh roim ré. Cuireadh corp an rí laochdha fén bhfód ar ar thuit sé i bhfochair a charad go léir. Ba thruagh le Aristodemus bocht nach sínte na bhfochair a bhí sé féin. Thugaidís go léir “fear meathta” air. Ní bhfuighbheadh sé teine ná uisge ó aoinne ach tar éis bliadhna i n-umar na h-aimiléise, fuair sé bás go cróda calma i dtosach catha ag Platea mar ar cuiread an ruaig ghlan fé dheire ar na Peirsigh as an nGréig. Bhí muinntir na Gréige go léir ar aon aigne ag taisbeáint na h-onóra a bhí ag dul dos na gaisgidheachaibh a choisgfeadh an creachadóir ón a dtirín dá bhfuighdís cothrom conganta. Do cuireadh galláin sa chéim mar chuimhniúghadh ar an gcath cródha, agus sgríobh Simonides file ranna
cuimhne orra. Bhí ceann aca sin taobh amuigh den falla mar ar deineadh an troid ba chalma. Mar bhuan-chuimhne ar na daoinibh go léir a bhí ag troid ar feadh dhá lá, a bhí sé sin do réir dheall- raimh. Bhí gallán fé leith ann do mhuinntir Sparta. Siad seo na focail a bhí air: “Innis do Sparta, a lucht trialltha na ród, Gur le díoghrais dá dhlighthibh atáimíd fén bhfód.” Ar an dtulach beag mar ar deineadh an troid dheireannach do tógadh cloch-íomháigh leómhain mar chuimhne ar Leonidas. Is air nár mhiste Leonidas do thabhairt mar ainm. Sgríobhadh ainmneacha na dtrí gcéad ar ghallán i Sparta leis. Tá an leómhan, na galláin agus na sgríbhinní mighthe le fada. Tá athrughadh tagaithe ar láthair, an chatha féin. Do dhein talamh úr de agus tá na mílte fairsinge den talamh forusta idir Sliabh Oeta agus an fhairrge. Níl na Geataí Teó ann i n-aon chor. Ach tá ainm Leonidas níos buaine ná cloch ná prás, níos buaine ná láthair an chatha féin. Tá dhá mhíle agus cheithre chéad bliadhan imighthe ón uair a ghaibh sé de rún an bás d'fhulang ar son a thire ar bhóthar chumhang criathraigh na trágha fé sgáth na bhfailltreacha bfiaidhne ag éisteacht le siansán agus suathadh na fairrge coimhighthighe. Ón uair sin i leith, nach mó croidhe a corruigheadh agus nach mó lámh a neartuigheadh ar chuimhniughadh ar na trí chéad úd ag na Geataí Teó agus ar an mbás ba luachmhaire go mór ná buaidh dá mhéid. “CLAIS NA GAINIMHE.” Bhí fear an-eolach ann am amháin agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag féachaint ar na réaltaibh agus ghá sgrudú agus lá amháin cheap sé 'na aigne dá ndéanfaí fothrom an-mhór sa domhan so go mbfhéidir go gcluinfí ar an ghealaigh é. Dubhairt sé leis féin dá mba rud é go rabh daoine 'na gcomhnuidhe ar an gealaigh go ndéanfadh siad sgairt cúcha arís agus annsan go mbeadh a fhios aca go cinnte ciacha bhí nó nách rabh daoine uirthi. Chuir sé an sgéal ar siubhal agus cuireadh suim comh mór san ann nách rabh a bhfad go rabh sé i n-achan aít sa domhan. Socruigheadh an lá agus an bumaide nuair a dhéanfad na daoine uilig sgairt mhór árd le n-a chéile. Bhí gach aon duine ag cainnt fá dtaoibh de agus bhí na páipéirí lán de. Thaínigh an lá — ach goidé tharla? Cheap gach aon duine 'n-a intinn fhéin muna ndéan- fadh seisean sgairt go mbfearraide a chluinfeadh sé an glór a dhéanfadh na daoine eile. Mar sin de, b'é deire an sgéil é ná go raibh an domhan uilig i bhfad níos ciúine an t-am san ná ríamh. Mór labhair ar fúid an domhain ach beirt — bean a bhí 'na comhnuidhe in Inver- ness agus seanduine bodhar ins na Philippines! Is mar sin do'n ghaedhilg. Tá cuid eile againn agus ba mhaith linn fanacht go bhfeicfimid an bhfuil gach aoinne eile ag gabhail de. Ach — “Cáirde go lá, Caírde go bráth.” An Brocach.
CÚIRT NA NGAEDHEAL. Cuireadh Cúirt na nGaedheal ar bun sa choláiste roinnt bliadhanta ó shoin chun obair na Gaedhilge a chur chun cinn agus chun an fíorspioraid Ghaedhealach a choiméad beo 'nár measg. Bíonn gach tosnughadh lag agus ba lag an tosnughadh a bhí ag an gcúirt chéadna so. Ní thagadh do dtí na cruinnighthe ach fo-dhuine de sna Gaedhilgeóirí ba dhúth- rachtaighe sa choláiste, agus cé go ndéan- aidís siúd a ndíthcheall chun obair na cúirte a choimeád ar siubhal, agus chun cuid de sna macaibh léighinn eile a mhealladh isteach, ní raibh aon fheabhas ag teacht ar an sgéal. Ach ní ceart an milleán ar fad a chur ar neamh-shuim na mac léighinn 'na dteangain dúthchais cé go gcaithfimíd a admháil gur neamh-shuim fé ndeara an chuid ba mhó dhe. Bhí rud eile sa sgéal ámhthach. Ní bhíodh an chúirt ar siubhal ach ar feadh leath-uair a' chluig gach oidhche Dé Céadaoin, agus an leath-uair sin féin píosa de'n chaitheamh aimsire coitcheannta dob' eadh é. Dá bhrígh sin níorbh' fhiú le cuid de sna buachaillíbh dul isteach chúiche, agus níor theastuigh ó'n gcuid eile aon phioc de'n chaitheamh aimsire a chailleamhainth. I mbliadhain a 1920 deineadh athrúghadh ar an gcúirt agus ceapadh na riaghlacha so a leanann: — (1) Cead a bheith ag gach mac léighinn teacht isteach agus labhairt ós árd, ach gan beirt a bheith ag cainnt ag an am chéadna. (2) Coiste 'na mbeidh Uachtarán, leas- uachtárán, agus Rúnaidhe a thoghadh gach bliadhain, agus “an Faínne” a bheith ag an triúr san. (3) Ar an uachtarán is eadh bhéidh stiúrughadh na Cúirte agus ar an leas-uachtarán is eadh bheidh an obair sin nuair ná beidh an t-uachtarán i láthair. (4) Beidh ar an rúnaidhe na mion- tuairisgí a scríobhadh, agus iad a léigheamh i dtosach na céad cúirte eile. (5) Cead a bheith ag an uachtarán aon Fáinneach dá bhfuil láithreach a chur i gcean nas an tionóil. (6) Ar an gcoiste iseadh bheidh obair na cúirte a réidhteach. (7) Sí obair na Cúirte ná sult is cómhacht cainnte, eolas ar litridheacht na h-Éireann agus ar cheól na h-Éireann a thabhairt do sna macaibh léighinn. (8) Ranganna ceóil a chur ar siubhal, uaireannta. (9) Grádh do'n Ghaedhilg agus do gach saghas rud a bhaineann le h-Éireann a chur i gcroidhthibh mac léighinn Muighe Nuadhat. Cuireadh athchuinge ós cómhair na n-easbog i mbliadhna ag a gcruinniughad bhliadhan- tamhail dhá iarraidh orra roinnt aimsire sa mbreis a thabhairt dúinn gach oidhche Dé Céadaoin, agus thugadar cead dúinn an chúirt a choiméad ar siubhal go dtí a leath- uair tar éis a sé. Is ceart dúinn ár mbuidheachas a ghabháil annso leis na h-eas- buig mar is í an leath-uair sin a dhein an t-athrughadh mór ar an gcúirt atá tar éis teacht uirre i mbliadhna. An chéad tráthnóna a raibh an Cúirt ar siubhal tháinig an oiread san buachaillí isteach chúiche gur chaitheamar imtheacht as an halla cuibheasach mór 'na mbíodh ár gcruinnighthe againn anuraidh, agus an halla is mó dá bhfuil againn a
shealbhughadh. Tá an Chúirt ag dul chun cinn go h-iongantach i mbliadhna, buidheachas le Dia, agus gach seachtmhain thabharfadh duine fé ndeara go mbíonn cruinneas agus fuinneamh agus líomhthacht i gcainnt na macléighinn imbreis is mar a bhí innte an tseachtmhain roimhe sin. Tá an t-Athair Pól Breathnach mar phátrún ar an gcúirt againn agus ag an chéad tionól i mbliadhna toghadh na h-oifig- idhthe seo: — Uachtarán — Seán Pigóid, Leas-uachta- rán — Tomás Ó Briain, Rúnaidhe — Tomas Ó Foghludha. Seo thíos mion-tuairisgí na bliadhna: — 19adh lá de mhí Deiridh Foghmhair — Bhailigh cómhthalán mór isteach go dtí an chúirt anocht agus chuir an Cathaoirleach, Michéal Ó Murchadha fáilte rómpa. Thos- naigh Michéal ag cainnt agus dhein sé tagairt do'n sgaonail a thabharfadh beirt nó triúr Fáinneach uatha dá gcloisfidhe ag labhairt Béarla le chéile iad. Dubhairt sé go raibh sé an-dhian, gan dabht, ar sheisear nó mór-sheisear Fáinneach a bheadh ag siubhal le chéile i gcomhnuidhe an Ghaedhilg amháin a bheith mar ghnáth-theanga aca, ach mar sin féin ó chuireadar rómpa é dhéanamh bhí sé de dhualgas orra riaghlacha an Fháinne a choiméad. Annsan thairig sé Seán Pigóid chun a bheith 'na uachtarán ar an gcúirt, ó's aige sin a bhí an post le dhá bhliadhain agus is é a dhein a chuid oibre go cúramach. Do h-aon tuigheadh go fonn- mhar leis an dtairisgint sin agus annsan labhair Seán agus dhein sé tagairt d'obair na bliadhna. Díospóireachta is eadh dubh- airt sé a bheadh againn de ghnáth, ach go bfuighmís léigheacht ó mhac léighinn anois agus arís dá mb'fhéidir é, agus léigheacht nó dó ó sna h-ollamhnaibh. Annsan toghadh leas- uachtarán agus rúnaidhe agus léig an rúnaidhe na riaghlacha. Ó bhí beagáinín aimsire spárta againn h-iarradh ar Art Ó Conchubhair abhrán a thabhairt dúinn, agus fuaireamar “Maidin i mBéara” uaidh. Fuaireamar “Gleann Cam” ó Phádraig Ó Fearghail, “Máire ní Mhongáin” ó Eoghan Mac Lochlainn, agus chuir abhrán breágh fuinneamhail, .i. “Cath Chéim an Fhiaidh” ó Sheán Ó Néill deireadh leis an gcéad tionól. 30adh lá de Dheireadh Foghmhair — Bhí an t-uachtarán, Seán Pigóid sa chathaoir. Chuir sé ós comhair an lucht éisteachta é gur cheart ceatramha uaire 'chluig i dtosach gach cruinnighthe a thabhairt d'abhránuidheacht. D'eirigh díospóireacht eatorra annsan. Dubhairt M. Ó Murcadha nach ceart ceól a bheith againn gach oidhche, agus dubhairt T. Ó Briain é bheith againn gach re seachtmhain. Deineadh a lán cainnte mar gheall ar an gceist seo, agus sa deireadh socruigheadh ar bhuidhin cheóil a bheith againn agus halla an cheóil gach oidhche Domhnaigh ó n-a 5.30 go dtí n-a sé a' chlog, agus gan aon cheol a bheith againn ist' oidhche Dé Céadaoin. Soc- ruigheadh ar triúr a thoghadh roimh ré chun labhairt ar gach taobh nuair a bheadh díos- póireacht ar siubhal, agus cead a bheith ag éinne eile ar mhaith leis labhairt ar an gceist nuair a bheadh na príomh- chainteoirí críochnuighthe. Tairgeadh na h-adhbhair díospóireachta go tiugh annsan ach socruigheadh ar an ceann so a phléidhe ag an chéad tionól eile, .i. is feárr Éire a bheith fé smacht na nGall agus Gaedhilg aici ná Éire a bheith saor agus gan aon Ghaedhilg aici. 3adh lá de Mhí na Samhna — Bhí an-áthas orrainn indiu agus b'fhada linn go léir go dtiocfadh an oidhche mar bhí an t-Athair Pléimeann ó Bhaile Átha Cliath tar éis geallamhaint a thabhairt go dtiocfadh sé annso anocht chun óráid a thabhairt dúinn a mhúsclóchadh an tsean-spioraid ionainn arís. Bíonn gádh le n-a leithéid d'óráid ó am go h-am, mar cé gur dócha gurbh í an
nadúir dhaonna atá ionainn fé ndeara é is amhlaidh atá an scéal, pé'r domhan é, gur fuiris dúinn dearmhad a dhéanamh ar na neithibh is tábhachtaighe dá mbaineann le tír-ghrádh mara mbídhtear dá síor-chur i n-iúl dúinn. Sagart is eadh an t-Athair Pleímeann atá dhá chaitheamh féin agus ag caitheamh a choda ar son cúis na Gaedhilge, agus dá bhrígh sin bhí a fhios againn gur fearr focal uaidh ná seanamóin léigheanta ó dhuine ná beadh a chroidhe san obair aige. Chuir se sampla an Dochtúra Uí Bhroin, Árd-Éasbog Bhaile Átha Cliath ós ár gcomhair mar chomhartha ar an dul chun cinn atá an Ghaedhilg á dhéanamh fé láthair. As Gaedhilg is eadh dubhairt an Dochtúir Ó Broin na céad fhocail a labhair sé go puiblidhe, agus dubhairt an t-Athair Pléi- meann gur deagh-chomhartha ar chúrsaíbh an tsaoghail é sin. Mhol sé dhúinn scríbh- inní an Athar Pheadair a léigheamh go dúthrachtach, agus dhein trácht ar chuid des na deigh-thréithibh a bhí ag an sár-fhear Ghaedhealach san féin. Chuir sé 'na luighe go daingean orrainn ná fuil duine is lugha a mbeadh meas air sa saoghal a bheidh i n-Éirinn feasta ná sagart gan Ghaedhilg. Gabhaimíd ár mbuidheachas leis an Athair Pléimeann, agus gura fada ar an saoghal so é chun an deagh-obair atá idir lámhaibh aige a chur chun cinn. 6adh lá de Mhí na Samhna — Chuir an t-uachtarán an t-adhbhar díospóireachta .i. Is fearr Éire fé smacht na nGall agus Gaedhilg aici ná Éire saor agus Béarla aici,” ós comhair an chruinnighthe. D'éirigh Cathal Ó Muir- cheartaigh agus dubhairt sé nach gádh dhúinn ach féachaint ar thíorthaibh eile chun a chur in-iúl dúinn gur fearr saoirre gan teanga dhúthchais ná teanga dhúthchais gan saoirse. Chuir sé an Bhreatain Bheag i gcomparáid le Sasana Nuadh. Náisiún comhachtach is eadh Sasana Nuadh cé ná fuil aon teanga dhúthchais aici. Do réir Domhnaill Uí Dhubháin ní'l aon teora ná eidirdhealughadh idir sinne agus na Sasanaigh ach amháin an Ghaedhilg, agus choimeád- fadh an Ghaedhilg ár gcreideamh agus ár nósanna glan. Dubhairt Tadhg Ó Coigligh gur cos- mhail le fear a bheadh i bpríorún tír a bheadh fé smacht, .i. is cuma dhó cadé an teanga a bheadh aige. Labhair Seán Ó Dochartaigh, Seosamh Ó Réagáin, agus Micheál Ó Curraidhin ar an gceist leis. Ní raibh d'uain árdach bas a bheith againn d'easbadh ama ach sé is dóigh linn go mbeadh an furmhór ag an lucht Aonta cé go raibh an lucht Séanta go láidir. 13adh lá de Mhí na Samhna — B'é an t-adhbhar díospóireachta a bhí againn an tráthnóna so na “gur chun leasa na ndaoine amharclanna na cathrach.” Bhí coinne ag gach éinne go mbeadh an díos póireacht so go maith agus dá bhrígh sin bhailigh cóimhthionól mór isteach sa halla. Thos- nuigh Seosamh de Faoite agus dubhairt sé na raibh aon déanamh ag muinntir na cathrach gan na h-amharclanna. Thugadar eolas dóibh ar dhaoinibh iasachta agus ar áiteannaibh iasachta; eolas ná fuighidís a fhághail in-aon tslighe eile gan roinnt mhaith airgid a chaitheamh, rud ná fuil d'acmhuinn ag a lán díobh. Rud eile, conus a chaithfeadh muinn- tir na cathrach an tráthnóna mara mbeadh amharclanna nó tighthe peictiúirí aca chun dul chúcha. D'iompóchadh a lán díobh isteach sa tigh tábhairne. Ní aontóchadh Seán Ó Cógáin go raibh a oiread san eolais ar fad le fághail ionnta. Ní chuirid síos in-aon chor ar stair na h-Éireann, agus chaithfeá leabhartha conntabharth- acha a bheith léighte agat chun cuid des na peictiúiríbh a thuisgint. Dubhairt Eoghan Mac Lochlainn gur fíor go mbíonn salachar i gcuid díobh ach gur féidir é sin a laghdughadh munar bhféidir é dhíbirt ar fad, agus b'é a thuairim gur treise ar an sult agus ar an oidheachas ná
ar an olc a bhíom ionnta; agus ná fuil aon rud sa domhan so ná fuil olc éigin ag baint leis. Labhair D. Ó h-Eichthighearn, M. de Paor agus A. Ó Maolnuaidh i dtaobh na ceiste leis. Ba láidre i bhfad an lucht aonta ná an lucht Séanta. 20adh lá de Mhí na Samhna — Bhí cúpla abhrán againn i dtosach mar is gnáthach agus annsan tosnuigheadh ar an cheist seo a leanann a phléidhe .i. nuair a bheidh ár riaghaltas féin againn is cóir dúinn preasáil a bheith againn. Shíl Séamus Mac Fhlonin go gcuirfeadh sé an-fheabhas ar bhuachaillíbh na tíre tamall a chaiteamh i gcampa, ach labhair Tomás Ó Mathúin 'na choinne 'á rádh gurb' í an tsaoirse an rud is mó a theastuigh ó gach éinne, ach cá raibh aon tsaoirse le fághail sa náisiún a mbeadh preasáil i bhfeidhm ann, agus ar aon chuma níor ghádh aon phreasáil dá mbeadh an stát mar athair ar na daoinibh a bhíonn fé 'na chúram. Labhair Domhnall Mac Guaigín go h-ughdarásach. B'fhearrde na daoine fé leith an phreasáil, mar annsan ní bheadh aon chaoi ag na h-alpairíbh airgid (profiteers) in-aimsir chogaidh. B'fheárrde an naisiún agus an arm í mar annsan ní bhéadh fir gan mhaith san arm againn mar atá ag Sasana fé láthair. Dar le Seán Ó Néill bhain muinntir na h-Éireann a saoirse amach an babhta so gan aon phreasáil, agus leanann sé go h-éig- eantach uaidh sin go mbainfidís amach arís í, dá mbadh ghádh é, gan preasaíl a chur i bhfeidhm. Dubhairt Michéal Ó Braonáin go raibh an phreasáil riachtanach chun go múinfí do n-a bhfuil de dhaoinibh cama sa tír againn conus siubhal i gceart agus an tír ná bíonn mór ní fuláir di bheith láidir. B'é tuairim Phádruig Uí Fhearghail gur léigheann fíor-Ghaedhealach an rud is tábhach- taighe atá uainn fé láthair, agus na daoine a chaitheann tamall i longphort ná bíonn dúil aca i n-aon rud ach i gcogadh. Dubhairt Seán Ó Cogáin dá mbeadh saighdiúirí againn an chéad lá riamh a tháinig na Sasanaigh go hÉirinn nach gádh a bheith d'iarraidh iad a chur amach anois, ach dubhairt Micheál Ó Murchadha go cráibhtheach go raibh críoch eile seachas cogaidh i ndán do'n duine ag Dia, nuair a chuir Sé ar an saoghal so é. Níor chreid sé go dteastóchadh arm mór ó'n naisiún so againne chun a naimhde a choinéad amach. Bhí an furmhór ag an lucht Séunta. 27ad lá de Mhí na Samhna — Díos- póireacht — “'Sí leisce ár ndaoine fé ndeara bochtaineachta na tíre.” Dubhairt Séamus Ó Gionnáin gurb' í; go bhfuilid leisceamhail idir óg agus aosta, agus gur ceart scoileanna ceárdaidheachta a chur ar bun chun obair a thabhairt dóibh. Dar le Séamus Mac Fhionnlaoich b'iad na Sasanaigh agus an gorta fé ndeara ár mbochtaineachtan Dubhairt Séamus Ó Clúmháin go bhfuil a donas ar fad ar na feirmeoiríbh le leisce; ní leanfaidís taoiseach a chuirfeadh ar a leas iad. Tháinigh sé anuas an-throm ar mhnáibh na tíre leis. Níorbh' aon iongnadh le Seán Breathnach an tír a bheith chómh bocht is tá sí mar do réir mar a cuirtí feabhas ar an dtalamh théidheadh an cíos i méad. Innis Éamonn Ó Longáin dúinn conus mar do chaith feirmeoirí Chorcaighe uatha saoth- rughadh an lín — “Leisce arís,” arsa sé- ach níor thaithnigh sé le Tomás Ó Briain, aon rud a rádh i gcoinne muinntire Chor- caighe. Labhair M. Ó Curraidhín ar an gceist leis. 4ad lá de Mhí na Nodlag — Channlaigh na buachaillí go léir isteach i halla an Scrip- tiúra um thráthnóna, mar bhí fógra ar an gclár 'á chur i n-iúl dóib go dtabharfadh an Dochtúir de Brún, ollamh re h-áird- ríomhaireacht, léigheacht dúinn. Dubhairt an t-uachtarán, Seán Pigóid, cúpla focal ar dtúis ag cur fáilte roimh an Dochtúir, agus annsan thosnuigh seisean ar a pháipéar
a léigheamh. Cur síos dob' eadh é ar Phádraig Mac Piarais agus ar a chuid scríbh- inní. Theasbháin sé dhúinn ó scríbhinníbh an Phiarsaigh an mórdhacht aigne a bhí ag an laoch san agus a luighead eagla is bhí air roimh an mbás. Léig sé somplaí dhúinn a theasbáin go soiléir go raibh ar chumas an Phiarsaigh smaointe Gaedhealacha a scríobhadh go beacht i nGaedhilg chomh maith agus gníomhartha Gaedhealacha a dhéanamh. Pái- péar breágh dob' eadh é ó thús deire agus tá súil againn go léir nach fada go dtiocfaidh an Dr. de Brún chughainn arís. Ar chríoch- nughadh dhó thairig Pádraig Ó Loingsigh rún buidheachais dó agus dh'aontuigh Domhnall Mac Guaigín leis. 22ra lá d'Eanair, 1922 — Chuir coláiste áirithe sa bhFrainnc leitir ag triall ar an gcoláiste seo le déidheanaighe. Cuireadh an leitir seo ós comhair na Cúirte anocht chun go ndéanfaí socrughadh mar gheall ar an bhfreagra ba cheart a thabhairt air. Ní rabhadar go léir ar aon intinn mar gheall air sin, agus bhí díospóireacht fada te againn i dtaobh na leitre agus i dtaobh na bhfreag- racha a tairgeadh le n-a h-aghaidh. Fé dheireadh dubhairt Domhnall Mac Guaigín ná raibh aon chomhacht ag an gCúirt a leithéid de cheist a shocrughadh i n-aon chor agus thairig sé mar rún an cheist a chur ós comhair lán-chruinnighthe de mhacaibh — léighinn an choláiste. Do h-aontuigheadh leis an rún san tar éis a lán eile cainte a dhéanamh. 29ad lá d'Eanair — Léigh Séamus Ó Clúmháin páipéar dúinn anocht ar “Fhilidh- eacht diadha sa Ghaedhilg ó'n seachtmhadh aois déag go dtí an lá indiu.” Theasbáin Séamus dúinn a lán eolais a bheith aige ar fhilíbh agus ar fhilídheacht na h-Éireann. Thrácht sé ar gach file a scríobh aon rann sa Ghaedhilg mar gheall ar Dhia nó mar gheall ar a Mháthair ró-Bheannuighthe ó'n seachtmadh aois déag anuas. Thug sé somplaí go leór dúinn de'n bhfilidheacht so, agus ba bhreágh leat a bheith ag éisteacht le cainnt bhreágh líomhtha Thaidhg Ghaedhealaigh, nó le cainnt réidh sho-thuisgeanaigh Pádraig Deinn, an bheirt file úd is mó a chuir glóire Dé agus onóir na h-Éireann ar agaidh le n-a linn. Thairig Micheál Ó Murchadha rún buidheachais do Shéamus agus d'aontuigh Pádraig Ó Fearghail leis. 5adh lá d'Fheabhra — Gheobhthar cúnntas i dtaobh an tionóil seo i n-aiste fé leith ar leathanach eile. .i. 18. 19adh lá d'Fheabhra — Oidhche scéaluidheachta a bhí againn anocht mar do socruigheadh ag an gcoiste go mbeadh comórtas sgéal- aidheachta ann, agus go dtabharfaidhe duais don sgéalaidhe is feárr. Innis Seán Ó Cógáin dúinn conus mar a buaileadh bob ar an easbog nuair a chuaidh sé ag spiaireacht ar an sagart paróiste, agus d'fhóbair go mbain- feadh Pádraig Ó Roithleáin an anál dínn le n-a chuid scéalta mar gheall ar roilgibh agus ar thaidhbhsíbh. D'eachtraigh Seosamh de Faoite na gaiscí aite a dhein gaiscidheach áirithe ar a aitheantas dárbh' ainm Pádraig. Innis Míchéal Ó Curraidhin dúinn mar gheall ar an bhfear a fuair an nóta damanta san a chuir tré n-a chéile ar feadh an chuid eile dá shaoghal é, agus bhí scéal fada binn ag Séamus Ó Clúmháin i dtaobh amadáin d'fhear oibre a bhí dhá leigint air ná raibh a fhios aige conus aon saghas oibre a dhéanamh. 26adh lá d'Fheabhra — leanadh ar an scéal- uidheacht anocht. D'innis Tomás Ó Briain scéal dúinn mar gheall ar dhochtúir bréige a bhí 'na chomhnuidhe i n-áit éigin i gConndae Chorcaighe i n-aimsir an droch-shaoghail, agus is mo cleas greannmhar a bhí ag an dochtúir céadna má's fíor do Thomás. Bhí scéal againn ó Sheán Breathnach i dtaobh gadaidhe a ghoideadh ó'n saidhbhir chun fóirthint ar an diadhbhir, agus innis Seán Ó Cearbhalláin eachtraí an chapaill gan chroiceann dúinn. Bhíomar ins na trithíbh ag Seán Ó Néill ag
innsint dúinn mar gheall ar ghliocas Phaidí Bháin. Bhí cleas ag Paidí i gcóir gach aon rud. Tá an sean-nós scéaluidheachta ag Seán agus bhí an Ghaedhilg ar fheabhas aige. Dá bhrígh sin is dó a tugadh an duais .i. Scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais. Sid iad imteachta na Cúirte go dtí so, agus táimíd sásta leo mar is léir do chách go bhfuil athrughadh mór tar éis teacht ar an gcumann, agus is chun feabhais an t-athrughadh san. Is mór le rádh é gurbh' éigean duinn slán d'fhágaint le halla na “Ruadh” tar éis an chéad tionóil agus dul go dtí an halla ba mhó a bhí againn. Na bliadhanta so a ghabh tharainn is beag duine a bhíodh sa Chúirt i n-aon chor agus is iad na daoine céadna a bhíodh ag caint i gcomhnuidhe, ach anois is féidir linn iad d'áireamh 'na gcéadtaibh agus tá misneach a ndóthain ag gach éinne labhairt ann, mar tá an sean- spioraid sin na neamh-shuime imthighthe agus bíonn fáilte roimh lucht tosnuighthe chómh maith is roimh cainteóiríbh cliste. Cleachtadh a dhéineann cliste agus cruthuigheadh fírinne na cainte sin sa Chúirt i mbliadhna. Go dtí so bhí 11 tionól againn, agus díospóir- eachta, dhá pháipéar, agus dá oidhche scéaluidh- eachta. Do gheall ár bpátrún, an t-Athair Pól Breathnach go léighfeadh sé páipéar dúinn sar i bhfad agus is fada linn go dtioc- faidh sé mar is cuimhin linn an ceann breágh a léigh shé anuraidh dúinn. Maidir le h-amhránuidheacht bhíodh buidh- eanta fé leith chuige sin againn, agus is mó fonn bríoghmhar a múineadh ionnta; eat- orra “Bruach na Carraige Báine,” agus “An Buacaillín Bán.” Gabhaimíd ár mbuidheachas le h-Art Mac Giolla Eoin, le Pádraig Ó Fearghail agus le h-Eoghan Mac Lochlainn, mar is iad do mhúin an ceol go dúthrachtach dúinn. Bidhidh sa Chúirt arís an bhliadhain seo chughainn, a bhuachaillí, mar “is feárr focal sa chúirt ná púnt sa sparán.” Eachrta na Cúirte go nuige seo. TOMÁS Ó FOGHLUDHA, Rúnaidhe. Agus sibhse, a shagarta na h-Éireann, an dream sin nár thréigeamair nuair ba chruaidh orrainn an cás agus ba theann an treasgairt, ná tréigidh sinn anois ach díonaidh ar mhallai- ghtheacht agus ar mhilteacht na n-amhas sinn… Cuimhnighidh gur fada chughainn anall tháinigh an Ghaedealg agus an croidhe mór bog gaedheal ghabhas leithe, agus gur foghail tar foghlaibh, agus creach tar creachaibh an domhain an croidhe gan cor sin agus an teanga cheannsa chaoin rn do scaramhain linne agus le nár sliocht i n-ár ndiaidh go deóidh. — An Dochtúir de Hindeberg i Magh Nuadhad 1906.
CÚRSAÍ NA BLIADHNA. An Choiste:— Micheál Ó Murchadha, Uach- tarán; Domhnall Mac Eochagáin, Leas- Uachtarán; Tomás Ó Briain, Sparánuidhe; Séamas Magh Fhionnlaigh, Rúnaidhe; Pád- raig Ó Loinsigh, Seán Pigóid, Tomás Ó Foghludha, Pádruig Ó Fearghail. Roinn Ioseph: — Diarmuid Ó h-Eachtighern, Pádruig Ó h-Eachthighern, Seán Ó Néill, Seán Breathnach, Ribéard Breathnach, Tomás Ó Cléirigh. Lucht na Bhfógraí — Máirtín Ó Grádaigh, Eamonn Mac Giolla Phádraigh, Seán Breath- nach, Tomás Ó Cléirigh. 'Na dhiaidh seo tá cur síos ar obair na bliadhna ar son na Gaedhilge agus ní bréag a rádh go bhfuilimid sásta leis. Ní raibh an sprid a bhí ins na machaibh léighinn sa Choláiste ní ba bhríoghmhaire riamh ná mar a bhí roimis an Nodlaig. Bhíodh an Ghaedhilg ag gach aoinne, ins na buidheantaibh, ar pháirc na gcluichí, ar chúirt liathróide láimhe, sa phroinntigh nuair a bhíodh cead cainnte againn. Cuireadh na h-ainmneacha as Gaedhilg ar pháipéirí scrú- duighthe na Nodlag agus thug an t-Athair Beuarúingé geallamhaint dúinn ná canfí aon dán naomhtha as Béarla sa tSeipéil Mhór ach amháin nuair a bheadh gádh mór fé leith leis. Bhíodh buidheanta ar siubhal tar éis an dinnéir féin agus lucht na bhfairchí ag dul i gcomórtas le n-a cheile i gcúrsaí na Gaedhilge. Tháinigh sluagh isteach sa bhFáinne agus níorbh fholáir dóibh an Ghaedhilg a bheith go líomhtha aca óir ba ghéar an scrudú a deineadh ortha.
Tar éis na laethanta saoire um Nodlaig laghduigh ar an sprid san ach mar sin féin tá na Gaedhil ag teacht cucha féin arís agus an obair fé lán-tsiubhal go geal meidhreach. Go neartuighidh Dia é. NA DRÁMAIDHE. I mbliana d'ath-oscaileadh an Halla Mhór tar éis í dheisíu agus b'í an Ghaedhilg an céad theanga a labhradh ar an árdán agus b'é dráma beag i nGaedhilg an céad chluiche a taisbeánadh. Ní raibh sa dhráma seo ach iarracht beag gan amhras, an tráithnín a thaisbeánann treó na gaoithe, ach beidh áthas ar Ghaedhil Muighe Nuadhat go deó do rádh is go raibh teanga ársa ár dtíre fé réim sa Cholaiste ar oscailt do'n Halla Mhóir an tarna uair. Ó shoin i leith bhí seó drámaidhe againn agus molaimíd na mic léighinn a dhein iad a léiriú. D'éirigh leo go maith agus is mór an chreideamhait atá ag dul dóibh dá mbárr. Ní mór duinn moladh speisialta a thabhairt do's na macaibh léighinn i dTig na Soiséar a chuir trí drámaí spéiseamhla ar an ardán. Ba cheart go mbeadh mórtas macánta ar an mbeirt a stiúruigh iad .i. Pádraig Mac Giolla Caoile agus Brian Ó Piteáin. Ba thruagh linn nár dheineadar dráma as Gaedhilg do léiriú ach beidhmid ag brath ar ghniomhartha móra uatha as son na teangan sa bhlian seo chughainn. Gabhaimid ár mbuidheachas le gach aoinne a chabruigh linn i rith na bhliana; leis na macaibh léighinn is na h-ollamhnaibh annseo agus leis na sagairt óga ar fúid na h-Éireann nár dhearmhadaigh Cuallacht Chuilm Chille agus a sheól sintúisí flaitheamhla chughainn. Go gcúitighidh Dia leo san go léir. Táimid ana-bhuidheach des na daoinibh a thug pictiúirí agus griangrafáin duinn — Bean Ní Gríobhtha (mathair an Athar Micheál), Bean Ní Cruadhlaoich (droiféar an Athar Uí Ceallacháin), Tomás Ó Grua- gáin, Tadhg Ó Cobhthaigh, Tomás Ó Finnea- cháin, Séamas Ó Míontáin, Seosamh Ó Murchadha Chonchubhair. BEIRT EASBOG NUADH AGUS AN GHAEDHILG. 1. An Dochtúir Mícheál Ó Síothcháin — Cúis áthais do Gaedhil Muighe Nuadhad gur toghadh ár Leas-uachtarán i n-a Árd- easbog conganta Sidney. Tá cáil is clú an Dochtúra Uí Síothcháin ar fúid na h-Éireann go léir mar is sgoláire léigheanta fíor-Ghaedhealach é. Rugadh an Dochtúir Ó Síothcháin i gCathair Phortlairge sa bhliadhan 1870. D'eirigh leis go seóigh sa sgoil is sa Choláiste mar bhí árd-mheabhair chinn aige agus deineadh sagart de annseo i gColáiste Muighe Nuadhad sa bhliadhan 1895. Chuaidh sé go dtí Oxford agus 'na dhiaidh san do chuaidh sé go dtí an Gearmháin chun stuidéar cruinn a dhéanamh ar an Laidin is ar an nGréigis agus ar Phréamh- aidheacht. An t-am céadna tharla Déiseach eile, an Dochtúir De Hindebérg san nGearmháin ag gabháilt do'n tseana-Ghaedhilg agus bhíodar ana-mhór le céile. Tháinigh sé ar chuimhneamh an Dochtúra Uí Síothcháin annsan ó bhí an oiread san teangthacha aige gur mhór an náire dhó gan a theanga féin a bheith go pras líomhtha aige. Tréis teacht thar nais ón nGearmháin dhó luigh sé isteach ar an nGaedhilg agus fá cheann a cúig nó a sé de bhliadhanta bhí “Sean-chaint na nDéise” i gcló aige. Bhí sé ag múineadh na Laidne is na Gréigise i gColáiste Muighe Nuadhad agus theigheadh sé go dtí Rinn ó gCuanach gach Samhradh ag foghluim na Gaedhilge. “Bliadhan a 1905, tráthnóna breághda Samhraidh agus na h-iasgairí istigh ón bhfairrge, do chuaidh Pádraig Ó Cadhla agus Dochtúir Ó Síothcháin síos go dtí Baile na
nGall. Do bhuaileadar clár dubh suas i gcoinne fuinneóige agus do chromadar ag múineadh léigheamh agus scríobhadh na Gaedhilge do pháistíbh an bhaile agus do bheirt no trúir strannséirí do bhí ar lóisdín ann.” Is annsan a cuireadh Col- áiste na Rinne ar bun. “Níor cheisnigh Dochtúir Ó Síothcháin a sparán ná a shaothar ná a shláinte ar mhuinntir na Rinne cun cúis na Gaedhilge a chur cun chinn.” Ní raibh sa Coláiste ar dtúis ach Coláiste beag adhmaidh ach tréis tamaill thógadar fóthrach a bhí timpeall ceathramhadh míle ón tseana-choláiste. Dheineadar é sin a dheisíu is díon a chur air agus i n-aghaidh na bliana ó shoin táid ag cur leis agus tá obair mhaith á dhéanamh ann ar son Cáit Ní Dhuibhir. Tá cuid mhaith leabhair deasa scríobhtha ag an nDochtúir Ó Síothcháin agus ní misde a rádh ná go bhfuil snas na Gaedhilge ionnta, sid iad: — “Sean-chainnt na nDéise,” Chnó Coilleadh Craobhaige, Cnuasach Trágha, Gile na mBlath, Árthrach an Óir, Ladhar den leis Mór, Gabha na Coille. Níor shos do'n Dochtúir Ó Síothcháin annsan féin, ba léir dó go raibh leabhair oireamhnacha chun an creideamh a chosaint i n-easnamh ar aos óg na h-Éireann. Dá bhrígh sin scríobh sé “Apologetics and Catholic Doctrine.” Leabhar as meadhon is eadh é seo. Tá sé ar an leabhar is deise a scríobhadh fós sa Bhéarla cun eólas a thabhairt d'óg agus sean ar bhun-altaibh an chreidhimh is ar na h-argóintí is fearr chun an chreidimh a chosaint ar a naimhde. Déanaimid comh-gháirdeachas annseo le muinntir Sidney de chionn sagart comh léigheanta is Gaedheal comh dúthrachtach a bheith 'na cheann ortha agus cuirimid ár mbeannacht leis go talamh na h-Austrailia agus 'sé ár nguidhe go mba fada buan é fá shaoghal is fé shláinte ag treórú a thréada chun Dé. ÁRD-EASBOG NUADH BAILE-ÁTHA- CLIATH. Tháinigh an t-Árd-easbog nuadh ó Bhaile- Átha-Chliath chughainn i rith na bliana chun a chéad-chuaird oifigeamhail a dhéanamh do'n Choláiste. Ní misde dhúinn a rádh gur fuair sé céad míle fáilte ós na macaibh léighinn. Dubairt sé linn ná raibh sé 'na mhac leighinn annso ach go raibh áthas an domhain air go mbeidh baint aige feasta le Coláiste Muighe Nuadhad. Cúis áthais dúinne is eadh an rud céadna mar fíor-Ghaedheal is eadh an Dochtúir Oirmh Ó Broin agus b'as Gaedhilg a dhein sé a chéad chainnt phuiblidhe. Is fada an lá ó thug aon Árd-easbog oráid as Gaedhilg i mBaile-Atha-Cliath agus is maith an chomh- artha ar an aimsir go bhfuil fíor-Ghaedeal ar Chathaoir Lorcháin Naomhtha Ó Tuathail. Cuirimid ár nguidhe suas cun Dé go mbeidh saoghal fada aige agus go bhfeicidh sé an Ghaedhilg mar ghnáth-theanga na ndaoine sar i bhfad. NA SAGAIRT ÓGA D'ÉAG. Beannacht De le h-anamnacha na sagart óga a fuair bás i rith na bliana ghábh tharainn i. An t-Athair Míceál Ó Gríobhtha, An t-Athair Séamas Ó Ceallacháin, An t-Athair Maitiú Ó Neachtain. Na Gaill a dhúnmarbhuigh beirt aca, an fiabhras a leag a rian ar an Athair Maitiú agus a chuir an bás cuige. Tá cur síos ar an Athair Séamas agus ar an Athair Mícheál i n-aistí eile san Irisleabhar agus ní mór dúinn cupla focal a rádh annseo i dtaobh an Athar Maitiú Ó Neachtain. Bhí sé 'nár measg anuraidh, ag dul tímpal na páirce i mbuidheanta na Gaedhilge maidin agus istoidhche. Deineadh sagart de i Mí an Aibreáin agus chuaidh sé go h-iarrthar na Gaillimhe ag obair ar son Íosa Críost. Tháinig galar uathbhasach sa cheanntair 'na raibh sé agus níór staon sé ó de'n obair
ach bhíodh sé de shíor ag dul ó thig go tig, ag éisteacht faoisdine i nGaedhilg, ag cur na h-Ola Déanaighe ar dhaoine breóite agus ag tabhairt sóláis do gach duine bocht ar a raibh an droch-ghalar. Ach mo leun! tháinig an fiabhras air féin agus tréis cupla lá ghlaoidh an Máighistir ar a shagart óg agus d'imthigh sé ar Shlighe na Fírinne. Solus Dé dot anam, a Mhaitiú, a fhíor- Ghaedheal! NA LAETHE ATÁ RÓMHAINN. Tá an cúnntas seo á chur againn chun na gClódóirí roimh Seachtmhain na Cásga agus dá bhrígh sin níl chur síos ar rudaí eile ar a bfuilimid ag brath. Tá súil againn go leanfaidh na mic léighinn ag gabháilt do'n Ghaedhilg go deire na bliana. Beidh an Ghaedhilg fé réim i n-Éirinn sar i bhfad agus sé an t-aon rud atá anois ann chun ár dtíre a Ghaedhealú is a chur ar a leas. Beidh Éire ag brath ar na sagairt óga chun cúis na teangan a chur chun críche; má leantar ar an ndeagh-obair atá á dhéanamh i Magh Nuadhad, ní chlisfidh na sagairt óga ar a dteanga dúthchais ÁR SGÉAL FÉIN. Deireann an sean-fhocal go mbionn gach tosnú lag. Ní abrann sé rud ar bith fa'n chríochnú acht is doiche go gcialluighean sé go mbíonn an críochnú láidir. Ma's mar sin atá sé caithfidhmid admháil gur bréagnuigeadh an seanfhocal sin i dtaca le obair na Gaedhilge i Muigh Nuadad i mbliadhna. Nidh nach iongnadh macasamhail na h-Eireann iomláine is eadh Magh Nuadhad. Cibé spiorad a bhíos 'sa tír, le fios doibh no i ngan fhios doibh bíonn macasamhail an spioraid sin le fághail ins na micléighinn annseo. Sa t-samhradh seo chuaidh thart bhí spiorad láidir náisiúnta ar fud na tíre. Bhí muinntear na h-Éireann i ndiaidh ceithre bliadhna de chogad chruaidh fhíochmhar a chur tharsta agus i n-ionad a bheith ní ba luige 'na dhiaidh nó a bheith ar tí geillead do'n námhaid, is amhlaidh go dearn an tréan-cómhrach iad a neartú agus rún ní ba daingne a chur 'na gcroidhe. Bhí siad ar aon aigne fa náisiúntacht iomlán a bhaint amach da dtír dhúthchais agus iad ag tabairt aghaidhe ar fháinne an lae le súil mhóir ag borrad in a n-anam. Bhí cúis na Gaedhilge ag dul ar aghaidh ní b'fhearr na ariamh, sean agus óg ag fóghluim na teangadh go dícheallach agus craobhacha connartha na Gaedhilge 'gha gcur ar bun nó ghá n-aithbheoadh i ngac uile áit. Anois ní thiocfadh leis na mic léighinn a bheith ar fud na tíre agus a leithéid de spiorad ann gan anál mhóir a bheith ag an spiorad sin ortha. Thainig siad ar áis o'n a gcuid laethe saoire 'san fhóghmhar agus ní fada go rabh gach mac léighinn beagnach ins na buidheanta “ag fóghluim na Gaedhilge le h-aiobneas a's bród” agus an curfá sin mar rose- chatha acu, “teanga na h-Éireann ní caillfear í go deó.” Nuair a bhí an scéal mar sin, go luath 'sa chéad téarma thainig an t-Athair Rísteard Pléimeann D. Ph. as Baile-Atha-Cliath chugainn le léigheacht a thabhairt dúinn faoi chúram Cual- lachta Chuilm Cille. 'Sé an t-Athair Pléim- eann Uachtarán Cumainn na Sagart nGaedh- ealach agus ba deacair a sharú mar fhíor- Ghaedheal. Thug sé oráid bhríoghmhar bhros- tuightheach dúinn, nó b'fheidir gur chóra dúinn a rádh mar a dubhairt sé fhéin narbh oráid í ar chor ar bith acht comhradh cair- deamhail ó'n a chroidhe. Ar dhoigh ar bith 'sa chomhradh sin dó rinne sé eidirdhealú eadar an Ghaedhilg agus an Béarla ag crúthú comh bocht agus tá an Béarla i gcomparáid leis an Ghaedhilg i bfuaimeanna i gcora cainnte agus i n-áilneacht de'n uile sheort. Síleann a lán Béarloir gur teanga í an
Ghaedhilg atá an deacair le labhairt acht de réir an Athar Pléimeann, agus tá an ceart aige, is amhlaid go bhfuil a mbéil millte leis an Bhéarla, teanga nach bhfuil fuaim iomlán amháin inntí. Thug sé a lán sompla dúinn fosta ag taisbeáint dúinn goidé mar tá an Gaedhilg ag teacht 'na h-ait fhéin fá dheireadh i saoghal phuiblidhe na h-Éireann, agus chuir sé i n-iúl dúinn nach mbeidh meas na úghdarthas ag sagart ar bith feasta nac mbéidh Gaedhilg aige. Ba é toradh a chuid cainnte ná dá fheabhas da rabh na mic léiginn roimhe sin is amhlaid go rabh siad seacht n-uaire ní b'fhearr 'na dhiaidh. Ag siubhal na casáin doibh ar maidín agus shan oidhche ní bhíodh le cluinstin ar gach taoibh acht fuaimeanna binne na Gaedhilge agus Dia Domhnaig na Gaedhilge (an chéad Domhnach de ac' a'n mhí) nuair a bhíodh Lucht an Fháinne faoi gheasa gan acht Gaedhilg a labhairt ní chluintí acht Gaedhilg ar feadh an lae mar bhí ach a'n duine ag cuidiú leis na Fainneacha a ndualgas a chómlíonadh. Na daoine nach rabh san fháinne fhéin choinnig siad an lá mar la Gaedhilge, mar ceapadh gur seort dia-mhasla an Béarla ag labhairt an lá sin. 'San am seo fosta thigeadh siad 'na sluaighte go Cúirt na nGaedheal. Bhíodh an Chúirt lán gac oidhche Dhómhnaigh; an chuid is mo des na mic léighinn ag glacaint páirte ins na díospoireachtaí nó ag eisteacht leó go spéiseamhail. Gidh go bhfuil lán-tuairisc Cúirte na nGaedheal le fághail i n-áit eile ó's rud é gur luadh- muid í ní thig linn gan tagairt speisialta a dheanamh do'n léigheacht a thug an Dr. Pádruig de Brún Dúinn oidhche amhain sa Chúirt. Pádraig Mac Piarais a ádhbhar cáinnte agus an té a d'eist leis gan rún a dheanamh “Pórtús na Gaedhilge” a léigheamh ba deacair a bhogad. Sé “Por- tus na Gaedhilge” an t-ainm a thug Dr. de Brún ar Scríbinní an Phiarsaig. Mhair an deagh-spiorad sin thuas agus lean an deagh-obair leis go dtí go rabhmuid ag tarraingt ar dheireadh an chéad téarma nuair a tharla an tubaiste a rinne críochnú lag de thosnú láidir. Cé acu ab í anáil na scoilte uathbhasaighe 'san náisiún ba chionntaidh leis nó narbh í ní fhuil fhios againn acht tá an fhírinne innste againn gidh go bhfuil sí searbh mar atá sí i gcomnuidhe. Bhíodh na mic-léighinn ag dul thart ag cainnt ar chúrsaí náisúnta na h-Éireann acht i n-ionad a bheith i nGaedhilg is i mBéarla a bhíodh an chuid ba mhó de'n chomhrádh. Bhímid ag brath go mbéadh fonn oibre ní b'fhearr ar na mic leiginn i ndiaidh na laete saoire ag Nodlaig. Acht d'imthigh an Nodlaig agus thainig an ath-bhliadhain acht níor eirigh an spiorad go dtí a shean- léim go fóill. Gidh go bhfuil an gearán mór sín le deanamh againn caithfidhmid a rádh go bhfuil dream mor san Choláiste nár stad de'n obair agus nar ísligh an brat ariamh. Muinntear an Fhainne mór-chuid de'n dream sin, 'siad salann an Choláiste gan amhras. Is ortha-san atá ár seasamh agus is asta- san atá ár muinghin leis an obair naomhtha a chur 'un cinn feasta. Ar feadh na bliadhna rinneadh obair mhór i leabharlainn na Gaedhilge ag tabhairt amach leabar ar iasacht agus ag díol leabar eile, go h-áithrid na leabarthaí a cuireadh i gcló le goirid. Tá áthas orainn á radh go dtabharann obair na leabhar- lainne misneach dúinn, mar is comhartha maith é na mic léighinn a bheith ag ceannach leabar agus bhíodh siad ghá gceannacht go fónnmhar ar fead na bliadhna agus bionn go foill. 'Siad seo na leabartaí is mó a bítear ghá gceannacht “Seanmóirí Muighe Nuadhad,” “Gaedhilg sa mBaile,” “Mai- cin,” “Jimín Mháire Thadhg,” “Mo Dhá Róisín.”
LEABHAIR NUADHA. L'IRLANDE DANS LA CRISE UNIVER- SELLE (1914-1920). Deuxiéme Edition, Louis Tréguiz. Librarie, Felix Alcan. Is mór an meas a bhíodh ag muintir na Frainnce orainn riamh agus chuiridis suim mhór i gcúrsaí polaitidheachta na h-Éireann. Bhí dluth-cheangal idir Éirinn agus an Fhrainnc agus is amhlaidh a mhéaduigh an grádh a bhí aca d'á chéile leis an aimsir. Níor dhein na Franncaigh dearmhad ar fhuil uasal na nGaedheal a doirteadh ó Dúncirc go Belgráid ar a son agus ní lúghaide gur dhearmhadaigh na Gaedhil an cabhair a thug na Franncaigh leo sa bhlian '98. Ní h-aon iongnadh é mar sin go bhfuil leabhar le faghail ó úghdar Franncac ar stair na h-aimsire seo i n-Éirinn. Cuirtear síos sa leabhar seo ar gach rud a thuit amach 'nár dtírín ó thosnuigh an Cogadh Mór ar Roinn na h-Eórpa go dtí go raibh Cogadh na Saoirse fé lán-tsiubhal go fíochmhar sgannramhail annseo i n-Éirinn. Dhein an t-úghdar gach páipear is cúntas a scrudú go beacht agus is iongnadh linn an méid eolais atá aige ar nósannaibh, stair agus sean-litridheacht na nGaedheal. Sí seo an cúntas a thugann sé ar Gluaiseacht na Gaedhilge agus ar an spioraid a bhain leis — “Aucun Irlandais ne veut ignorer la langue de l'Irlande non seulement parce que c'est son devoir patriotique mais aussi parce que c'est son interét intellectuel et moral. La langue est le palladium de la race, car le gaelique est le verbe de l'energie nationale.” Ba dhóig leat gurb é an Piarsach féin a scríobh an méid sin. 'Sé seo an tarna cur amach do'n leabhar seo, 'sa gcéad cóip críochnuigheadh an stair leis an gComhdhail i gColáiste na Trionóide ach sa chóip seo tugtar sgéal na h-Éireann go deireadh na bliana 1920. Tá dearmhad air, uaireanta, cuirim i gcás — “Mais les irreconciliables… voyaient les affaires du continent sous un jour si trompeur qu'ils s'imaginaient l'Allemagne comme la champion de la liberté des mers et des peuples opprimés.” Ba mhaith b'eol dos na “irreconciliables”! gur ar maithe leis féin a dheineann an cat cronán. Uaireanta eile, is dóigh leis an úghdar gur fíor-stair na tuairisgí oifigeamhla a thagadh amach ó Chaisleán Baile- Atha-Cliath ach fé dheire thiar thall caithfimid a rádh gur thug Louis Tréguiz comhtrom na féinne do mhuintir na h-Éireann sa stair seo a chuir sé le céile. Leabhar is fiú ceannac é seo, leabhar is fiú léigheamh é, leabhar is fiú coimeád é — i gcuimhne na sean-aimsire, i gcuimhne páise brónaighe ár dtíre. FROM A GAEILIC OUTPOST. Aodh de Blácam, C.T.S.I. 3s. 6d. Má's maith leat aigne na nGaedheal a thuig- sint, cainnt na nGaedheal a chloisint, spiorad na nGaedheal d'fhaghailt, isteach leat sa Ghaedhealtacht. Sin í an chomhairle a thugann Aodh de Blácam duinn sa leabhar nuadh seo. Tráchtann sé ar shaoghal na ndaoine i nGaedhealtacht Tír Chonaill, ar na smaointe a bhuaileann isteach i n-aigne an choigcrígh nuair a théigeann sé go h-imioll-bhórdaibh fairrge iarthair na h-Éireann agus tréis an chunntais a léigheadh dhuit ní foláir a rádh — “ba mhaith liom dul go dtí an Ghaedhealtacht.” “Students are coming hither in increasing numbers to learn the Gael's language and literature. Well for Ireland if they also learn from him lessons of life… you must see the honest old world if you want to visualise Gaelic Ireland in which it lingered so long.” Mara raibh ó Aodh ach grádh do'n Ghaedhealtacht a chur ar dhearglasadh 'nár gcroidhe, d'éirigh leis go rí-maith. Duine d'ár scríobhnóirí is fearr, is eadh Aodh de Blácam, tá sé ag obair go dian dícheallach do chun glóire Dé is onóra na h-Éire- ann. Go neartuighidh Dia a lámh agus go raibh a thuilleadh leabhar againn uaidh sar i bhfad — agus cuid mhaith aca san as Gaedhilg. Annsan mar adeirtear i ndeire an leabhair seo — “beidh an t-ath-aoibhneas againn.” Tá crot maiseamhal ar an leabhar. DON CÍOCHÓTÉ; GNÍOMHARTHA NA N-ASPAL; AESOP A THÁINIG GO h-ÉIRINN; LEABHAR NUADH AR ÁIREAMH. An t-Athair Peadar Ó Laoghaire a Scríobh. Brún agus Ó Nualláin a Chraobhsgaoil. Tá an t-Athair Peadar san uaigh. Diaidh, ar ndiaidh tá toradh a cuid saothair á chur i gcló agus 'siad seo ceithre leabhar nuadha á gcraobhsgaoileadh ag muintir Brúin is Uí Nualláin. Ní gádh dom tracht a dhéanamh ar Ghaedilg an Athar Peadar. Nách uaidh a fuair an cuid is mó againn ár dteanga féin agus anois ní ceart duinn dearmhad a déanamh ar phaidrín a rádh anois is aríst as son a anama. Cúis áthais dhuinn go bhfuil “Don Cíochóté” le fagháil as Gaedhilg, sgéal é seo atá i ngach teangain sa dhomhan, nách mór, agus de réir Chonaill Cearnaigh baineann an Ghaedhilg an barr ortha go léir. Is breágh nadúrtha mar a théigheann sgéal clúmhar Cherbantes agus Gaedhilg blasta an Athar Peadar le chéile. Geobhaidh an sgoláire óg litridheacht na Spáinne is uachtar na Gaedhilge na leabhar seo.
“Gníomhartha na n-Aspal” — Is fada linn go mbeidh an Bíobla go léir i gcló. Obair mhór is eadh é sin agus is maith an bhail orainn go bhfuil na “Ceithre Soisgéil” is “Gníomhartha na n-Aspal” le léigheadh againn anois. Truagh linn nár dhein an t-Athair Peadar atharú ar ráidhtibh airighthe atá gan chiall sa Laidean ach go bhfuil brígh speisialta ionnta 'san Eabhrais is sa Ghréigis ach ní deachair an locht san a leigheas. Tá súil againn go gceannochaidh gach sagart i n-Éirinn, ní h-amáin an leabhar so ach an Bíobla go léir nuair a cuirfear i gcló é. “Aesop a tháinig go h-Éirinn II” agus Leabhar Nuadh ar Aireamh — Leabhair iad san atá oireamh- nach do pháistibh sgoile agus an Clár nuadh oidheach- ais atá anois ann. 'Ná dteannta san cuirfidh gach foghluimtheóir spéis ionnta. Tá crot slacht- mhar ar gach leabhar aca so ag Muintir Brúin is Uí Nualláin. CAD BA DHOBAIR DÓ. Liam Ó Rinn a sgriobh. Cnuasach gearra-sgéalta deasa atá sa leabhar seo agus baineann siad leis an aimsir seo, le politidheacht, leis an mbrón leis an dtruagh, leis an grádh. Is cliste an scríobhnóir Liam Ó Rinn agus ní foláir nu gur dhein sé stuidéar mór ar Ghaedhilg an Athar Peadar. Tá an Ghaedilg go maith is na sgéalta go spéiseamhail ach is sa chló Rómhanach atáid, deireann tu? Bíod sin mar atá, ní locht é sin agus is dóigh linn go mbíonn Gaedhilgeóirí ró-chruaidh ar an té a 'scriobhann sa chló san agus ba dóigh leat ata uaireanta, ná bíonn ach Gaedhilg shalach le faghail sa chló Romhánach. Is mór an masladh é sin dos na scríobhnóirí atá ag deanamh a lán-dhíchill litridheacht na Gaedhilge a chumadh is a chur ar aon dul le litridheacht an domhain. Beatha duine a thoil agus díreach mar a léigheann lucht an chló Rómhánaigh leabhair atá sa chló Ghaedhealach (mar cuirtear air), ba chóir dos na daoinibh seo cothrom na féinne a thabhairt do'n chló Romhánach. Ní rud nuadh an gluaiseacht seo mar bhí an Teagasg Críostaidhe sa chló Romhánach trí fichid bhlian ó shoin. Molaimid Liam Ó Rinn agus tá súil againn go leanfaidh sé do'n obair mhaith, pé cló a bheidh ar a chuid sgéalta. THE AGE OF WHITEWASH. Conall Cear- nach a scríobh. Muintir Gill a Chuir Amach. Feallsamh is eadh Conall Cearnach agus tugann sé cuid d'á smaointe dhuinn sa leabhar so. Ba dhóigh linn gur chuir Hegel agus a chomhlucht deire leis an bhfeallsamhnacht ach bhí dearmhad orainn. A mhicleighinn, an mhaith leat feallsamhnacht gan tearmaí do-léighte, do-thuigse d'fhaghail, an mhaith leat an chroiceann caoraigh a bhainth as faol-chú an tsaoghail seo agus an clúdach a thógaint ón seód luachmar a ceileadh, má seadh, ceannuigh leabhar an fhíor-Ghaedhil seo agus léigh é agus dein do mhacht- namh air agus rachaidh an machtnamh chun do leasa féin agus b'fhéidir, chun leasa do chomharsan. As Béarla atá an leabhar scríobhtha agus geallaim- se dhaoibh gur féidir le Gaedhilgeóir Béarla galánta a scrí uaireannta! M. Ó M. IRELAND: Elements of her Early Story. Seaghan Ua Ceallaigh. Muintir Gill a Chuir Amach. Leabhar é seo a thugann cúnntas ar Éirinn agus ar na h-Éireannaigh roimh theacht na Sasanach. Tugann sé dhúinn ar dtúis na finnsgéalta atá tagaithe anuas chúghainn ó'n tsean-aimsir. Ann- san tráchtann sé ar na draoithe, ar theacht Naoim Pádraig, ar dhlighte na mbreitheaman, ar na sgoileannaibh, ár saothar ár sean i gcéin, ar theacht na Loclannach agus rl. Nuair a chídhséa a leithéidí siúd de theidil ar na caibidil bheadh súil agat le rud éigin fóghanta uaidh agus faghann tu é. Ní ar chogadh ná ar chathannaibh amháin a scríobhann sé fé mar a scríobhann an chuid is mó des na sean- chaidhthe go bhfuil taithighe againn ortha, acht scriobh- ann sé ar an maitheas a dhein na h-Éireannaigh nuair ná raibh aon namhaid ag cur isteach ortha, cionnus mar a chuadar chun cinn i léigheann agus i n-éolas agus cionnus mar a leathadar ar fúid na h-Eorpa a léigheann agus a n-éolas agus a gcreideamh. Deanfaidh an leabhar a lán maith- easa mar bhí an chuid is mó de mhuinntir na h-Éireann dall ar seanchas a dtíre dútchais go dtí so toisg greim na Sasanach orainn féin agus ar ár sgoileannaibh. Méadóchaidh se a meas ar a dtír dhútchais ar slígh go ngriosfar gach aoinne a chion féin a dhéanamh chun a cáil a dh'árdúghadh arís i measg na ngeinte. Is mór an truagh nách i nGaedhilge atá sé mar oirfeadh an Ghaodhluinn dá leithéid. Acht is dócha nách ceart dúinn gearán. Ní hé Seán Ua Ceal- laigh an fear a scríobhfadh leabhar i mBéarla dá mbeadh leigheas aige air. Mar tá sé molaimíd dár léighteóiri ón ár gcroidhe go h-iomlán é, agus tá súil againn nách fada go gcloisfimíd airís o'n scríobhnóir. P. Ó C. IRELAND IN REBELLION, by Sylvain Briollay. Talbot Press. 3s. 6d. Aistruchán is eadh an leabhar so ó'n bhFrainncis. I bhfuirm alt a scriobhadh ar dtúis é le Sylvain Briollay Franncach a chuir fé in Éirinn i dtosach na bliadhna 1919 cun turasgabhála an chogaidh do chur ag triall ar na páipéiribh nuadha Le Revue de Paris agus Le Correspondant. Scriobhann sé i stíl soiléir so-léighte i dtaobh staire na h-aimsire sin, ó'n éirighe amach go dtí tosach na bliadhna 1921. Ach ní h-é a chuir sé roimhe stair do scríobhadh ach a chur in iúl dos na Franncachaibh cad fé ndeara an t-éirighe-amach so, conus ar thaithn an cogadh leis na daoinibh go cómh h-iomlán agus na h-iarrachtaí a deineadh cun é bhrúghadh fé chois, in aon fhocal amháin stair fheallsamhnach atá ann. Na caibidil a bhaineann le stair mar a tuigtear an focal san de ghnáth, ní'l ionnta ach geárr-chúntas ar a shon go bhfuilid cruinn go leór. Ní h-iad san is mó taithneann linn ach na h-altana mar a dtugann sé a thuairim féin i dtaobh “Sinn Féin” agus ceiste na h-Éireann. Taisbeánann sé cad é an thuiscint atá aige i gcúrsaíbh poilitigheachta. Deireann sé le fírinne go bhfuil gach Sasanach lán-chinnte in a aigne gur dual do Sheán bhuidhe Impireacht agus forlámhas do bheith aige ar an domhan go léir. Ag géilleadh
dó'n smaoineamh san a bhí Laoide Seóirse nuair adubhairt sé nách bhfuláir an Impireacht a bhriseadh sar a dtabharfaí saoirse dó'n Ghaodhal. “The failure of force alone,” arsa Briollay, “can unmake the soul that force has made.” Tuigeann sé meón Laoide Seoirse leis, go raibh a fhios aige nárbh aon mhaith bheith ag iarraidh feall agus fóirneart d'imirt ar lucht “Sinn Féin,” ach margadh do dhéanamh leó. Ach bhí eagla air go gcuirfí an ruaig air dá gcuireadh sé cun an mhargaidh dheanamh in antráth mar geall ar an dtuairim úd réamh-ráidhte. “The crafty Welsh- man is secretly convinced that once round a green table his superior dexterity would fool the simple Gael, etc.” Smuainte gunta atá sa leabhar so agus biodh ná aontuigheann an léightheóir le gach rud a gheibheann sé ann, cuirtear ag smuaineamh é. Tá an chainnt go breágh ann i dtreó nár dhóigh le h-aoinne á léigheamh ach gur i mBéarla a scríobhadh ar dtúis é. MY SWORD FOR SARSFIELD by Randal McDonnell. Dundalgan Press. 4s. 6d. Tá an léir-mheas so tamall maith in diaidh lamha anois, mar tá scathamh maith aimsire caithte ó tháinigh an leabhar os cómhair an t-saoighil. Cur-amach nuadh é seo. Mar is léir ó'n dteidiol baineann an scéul leis an aimsir nuair a bhí clanna gaodhal ag troid ar son an mheathánaigh sin Righ Séamas nó budh chirte dhom a rádh a d'iar- raidh a saoirse a bhaint amach dóibh féin ar a shon gurbh é “Séamas abú” a bhí mar gháir-chatha aca. Is amhlaidh go bhfuil féidhlimidh Ó h-Ára, taoiseach na nGaodhal, ag tabhairt turasgabhála a bheatha féin ar feadh na troda mí-ádhmharaighe sin, agus tugann sé fíor-sheanchus na h-aimsire nios cruinne ná aon úghdar d'ár léigheas riamh. Cuir- eann sé síos, nidh nách iognadh, ar an Sóirséalach an sáir-fhear slachtmhar Gaodhlach “do thuill grádh éilge.” “Ó thógh an t-áth Caol ag gabháil tré Bhiorra duit, 'S gur ag Cuileann ó gCuanach buadhadh leat Luimneach.” Seacas na catha, tá eachtraí maithe eile sa scéul. Ba chuma nó eas-cú Féidhlimidh, d'éaluigh sé cómh minic sin as na priosúnaibh. Leis na gníomh artha atá sé á ndeanamh, leis an ndortadhfola agus leis an ngrádh a bhí ag Feidlimidh do Mháire tá scéul soineannta so-léighte sa leabhar so. Gan amhras tá sé ar na leabhraibh is fearr a bhaineann le seanchas na h-Éireann agus tá súil againn go mbéidh éileamh maith air, ar fúd na tíre. Tá deallramh maiseamhail taithneamhach air. PAIDIR IS FICHE. Dún Dealgan. Luach, 4d. (paipéar); 1s. 2d. (éadach). Táimíd cinnte go mbeidh an seóidín beag leabhair seo i láimh an uile Ghaedhilgeóra d'á bhfuil in Éirinn. Cnuasach de shean-úirnighthibh é, na h-uir- nighthe a chloisimíd fós i mbéalaibh na sean-daoine nuair a bhriseann mór-thuile na cráibhtheachta amach triotha. Tá buadh fé leith ins na paidreach- aibh sin seachas aon phaidir eile; le h-inntinn na nGaodhal do cumadh iad, agus is oireamhnaighe d' inntinn na nGaodhal iad na aon phaidir eile Dá mb' é “mo shlighe cun Dé” féin é, is fearr linn na leathanaigh mar a bhfuil paidreacha ár sinnsear ná a bhfuil d'úrnighthibh nua-aistrighthe ann, agus budh dheachair an t-aistrúghadh a dhein an t-Athair Peadar do shárughadh in aon teangain. Dá bhrighe sin cuirimíd fáilte roimis an leabhairín seo. MORTAL COILS by Irish writers. M. H. Gill and Son. 2s. 6d. Cnuasach de ghearra-scéulta nuadh an leabhar so leis na sceulaidhtibh is fearr in Éirinn. Tá buadh fé leith i leabhar gearra-scéulta ar bith toisc, is dócha, gan a fhios a bheith ag an léighteóir an fhaid is a mbionn scéul á léigheamh aige cad é an saghas an cheud cheann eile. Mar sin do'n leabhar so. Meascthar an deór agus an gáire, an suairceas agus an duairceas tré na céile; mar shampla i dtosach gheibhmíd “Saved by the Rosary” eachtra a léirigheann creideamh agus cráibhtheacht na nGaodhal; taobh thiar de'n scéal démhóideach san tá “Himself and Herself” tuairisc ghreannmhar ar sean-mheisceór agus ar a mhnaoi. Tá innsint brioghmhar ar na scéultaibh agus na daoine cuirtar in aithne dhúinn táid go léir 'na steilebheathaigh i dtreó go mba dhóigh le duine ag léigheamh an leabhair gur sean-cáirde iad. Leabhar é seo a chuirfidh aon léightheoir ar leath-taobh nuair a beidh sé criochnuighthe aige le n-a léigheamh airis agus airís eile. LEPRECHAUN BOOKLETS by A. R. Jack- son. Dundalgan Press. Dundalk. 6d. each. Scríobhadh na leabhairíní seo i slighe is go mbeidís oireamhnach do leanbhaíbh óga na h-Éireann. Is tábhachtach, seadh, is beannuighthe an obair í, é grádh do mhúscailt ins an aos óg do litirigheacht ár sinnsear. Agus is é ár dtuairim nár fearr seift chuige sin ná scéulta fiannuidheachta, agus eachtraí eile a tháinig anúas cúghainn ó'n tsean- aimsir, do chur ós a gcómhair. Cun na déagh oibre sin is eadh cuireadh na leabhairíní seo i gcló. Bainid siad leis na laochaibh ba mhó cáil Fionn Mac Cúmhaill. Diarmuid na mban, Conán maol (gan a chuid mallacht do tharrach isteach nidh nach iognadh) labhradha luirc agus a dhá chluais chapaill, agus daone eile go bhfuil a dtuairisc le fagháil sa bhun-Gaedhilg i leabhraibh an Chéitinnigh. Molai- míd do mháithreacha gur mian leó clann mhaith Ghaodhalach do thógbáil súas cun leasa na h-Eireann leabhair mar iad so do sholáthar d'á bpatairíbh beaga, go bhfuil ciall agus tairbhe le fághail ionnta in ionad na leamh-ráiméise a gheibhtar ins na leabhraibh a thagann anall cúghainn ó Shasana. T. Ó B. MO DHÁ RÓISÍN. Máire a scríobh. Preas Dhún Dealgan a chuir i gcló. Tá cuma ann go bhfuil spiorad na sgríb- neóireachta ag toiseacht a bhorradh imeasc sgríb- neóir óg Chúige Uladh fá dheireadh. Ba é an scéilín deas “Máicín,” le Fionn Mac Cumhaill an chéad torad de'n spiorad sin agus toradh an spioraid chéadna Mo Dhá Róisín. Is rud nua é an leabar seo chan é amháin i
gcanamhaint Chúige Uladh acht 'sa Ghaedhilg ar fead. Mar is úrscéal é a bhaineas le cúrsaí saoghail na h-aimsire seo. Gan amhras tá feidhm mhór againn le 'n-a leitéid má tá dúil againn go gcuirfidh an sluagh suim i nua-litridheacht na Gaedhilge. 'Sé seo an t-ádhbhar scéil atá ann. Tá Gaedheal óg, Labhras ó Baoighill 'n-a chomnuidhe 'sa Gaedhealtacht i measg gleann agus cnoc Thíre Chonaill. Théid sé isteach i gConnradh na Gaedhilge le obair a dheanamh ar son na teangadh agus thig sé go Baile Átha Cliath. Tuiteann sé i ngrádh le cailín óg spioradamhail — a Róisín Donn — 'sa príom-chathair agus faoi 'n — a h-anál thig grádh níos láidre 'n-a chroidhe-an tír-grádh. Sé neart an tír-ghrádha sin a bheireas air a bheathaidh a thabh- airt ar son a thíre, ar son a Róisín Dúbh, 'san Eirghe Amach i Seachtmhain na Casga. I dtaca leis an scéal fhéin is scéal maith suimeamhail é a bhéarfadh taitneamh agus sult do dhuine ar bith a bheith ghá léigheamh. Ní shílmídh, mar sin féin, go bhfuil deireadh an scéil comh maith leis an toiseach. 'Sa deireadh ní bheadh fhios agat cé acu a spreagas 'un catha i n-eadán na nGall é, tír-grádh nó de brígh gur mhaith leis an chailín go ndeanfadh sé é. Acht caithfidhmid cuimhneamh gurb í seo an chéad iarracht do'n scríbhneóir agus ní bhíonn an chéad iarracht gan locht. Sí an Ghaedilg atá 'sa leabhar Gaedhilg Rann na Feirsde ins na Rosa i dTír Chonaill áit a bhfuil na sean-scéalta agus dánta Fiannuideachta le cluinstin go foill ann. Tá na corra cainnte go flúirseach ar ghach uile leathanach de agus thigs linn a rádh le Gaedhilgeóir ar bith a chaithean leath-choróin air nach mbéid a chuid airgid caithte amudha aige. D. MAC E. WAS CHRIST GOD? By Rev. Peter Finlay, S. J. OUR HERITAGE. By Bessie O'Neill. CAN WE BE SAINTS? By Frank Duff. C. T. S. I. Trí leabhartha beaga iad so a chuir Comhlucht na Fírinne Catoilice amach le déidheanaighe. Is iongantach a bhfuil d'obair mhaith dá dhéanamh ag an gComhlucht so ag scaipeadh litridheachta glaine i measg Cataoiliceach na h-Éireann, agus sa tslighe sin ag cur cosca leis an dtuile mór san de litridheacht chonntabharthach a thagann anall ó Shasana gach bliadhain. Ní raibh díchreideamh riamh comh fairsing agus tá sé fé láthair agus do réir mar a bhíonn oideachas ag dul chun cinn i náisiún bíonn an dí-chreideamh ag brughadh isteach i ndiaidh a chéile. Dá bhrígh sin teastuigheann rud éigin uáinn i n-Éirinn chun stop a chur le struth san an dí-chreidimh atá ag bagairt orrainn fé láthair, agus déanfaidh an leabhairín seo an Athar Mhic Fhionnlaoich a lán maitheasa sa tslighe sin. Tá adhbhair chruthuighthe diadhachta Chríost curtha le chéile go deas símplidhe sa leabhairín seo agus is féidir leis an duine choitcheannta iad a thuis- gint gan aon trioblóid. Leabhar is eadh “Our Heritage” ba cheart a bheith i lámhaibh gach aon leinbh sa tír, agus tá suíl againn ná déanfaidh oidí scoile dearmhad ar é do shcaipeadh i measc na leanbh atá fé 'na gcúram agus a bhfuil ann a mhúineadh dhóibh. Inniseann an t-ughdar da na leanbháibh conus iad féin d'iomchar sa mbaile, agus sa teampall, sa scoil agus sa tsráid, agus cuireann sí Íosa féin agus naoimh na h-Éireann ós a gcomhair chun aithris a dhéanamh orra. Sa treas leabhar thuas taisbeáineann Mac Uí Dhuibh conus is féidir do dhaoinibh coitcheannta a bheith 'na naomhaibh sa bhrígh leathain de'n bhfocal san, .i. duine a dhéineann a ghnótha coithcheanta go maith chun go mbeadh sé taithneamhach le Dia. 'Sé an truagh ná cuireann Chomhlucht na Fírinne Catoilice níos mó leabhar amach sa Ghaedhilg Gheobhaidís a lán maitheasa a dhéanamh do'n tean- gain sa tslighe sin, agus táimíd cinnte go mbeadh ceannach maith ar leabhartha de'n tsaghas san fé láthair. T. Ó F DAOINE BEAGA AGUS DAOINE MÓRA. Irish Reader for III.-IV. Standards in Bilingual Schools. DONEGAL FOLK- TALES. Feargus Mac Roigh, a chruinnigh. Preas Dhún Dealgan. 7d. a luach. Seo naoí sgeal bheaga dheasa shimplidhe. Fa choinne páistí air an sgoil atá siad, agus ó pháistí sgoile a dTír Chonaill a cruinniugadh iadh. Mar sin Gaedhilg Thír Chonaill atá sa leabhar uilig agus an chuid is feárr duithe. Tá na sgealtaí iad fhéin iontach greanmhar agus bhéadh duil mór ag páistí ionnta. Acht ní fhé amháin páistí a mbéadh na sgealtaí seo uasaideach fa na gcoinne acht gheobhaidh achan nduine a shaith Gaedhilge ionnta. Tá an leabhar an saor, ní fhuil uirthí acht seacht bpighne agus ní sgriosfadh sé duine ar bith í a fhaghail. CAINNT COITCHEANTA Ó'N GAEDHEALTACHT. Everyday Phrases from the Gaeltacht. Brighid Ní Dhochartaigh a sgríobh. Preas Dhún Dealgan. Luach 1s. 6d. Tá luthghair mór orainn muintir Thír Chonaill a bheith ag masglas suas agus ag tabhairt iarracht a gcuid Gaedhilge a shabhail. Is mhór an gar leabhar mar seo a bheith air an mhargadh nó is beag aca atá againn cheana-fhéin. Tá corradh le scór ceacht inntí, agus tá achan cheacht rannta na trí chuid, san chead chuid tá comhradh eadar beirt, san darna cuid tá sgeal beag agus san tríomhat cuid tá ceisteanna fa'n sgeal. Tá an Gaedhilg aistrighthe go léir san darna pairt de'n leabhar. Tá na raidhte sa leabhar seo an choithcheanta agus duine ar bith a mbeidh eolas maith aige ortha agus abheadh abulta iad a thabhairt amach uilig go maith ni fheudann do eagla a bheith air a ghol a chomhradh le duine ar bith sa Gaedhealtacht. Acht ní fhuil uasaid ar bith san leabhar aig Béurloirí muna mbeadh múinteoir Gaedhilge aca. Cuirimíd fáilte roimh an sgríbhneoir agus ta suil againn go leanfidh sí de'n obair mhaith a thoisigh sí air. MÁICÍN. Fionn Mac Cumhaill a scríobh. Preas Dhún Dealgan. Luach Sgilling. Gan tracht ar an Gaedhilg atá sa leabhar seo acht ar an sgeal fhéin, d'feadfadh maid a radh go dtiocadh leis a bheith fíor go leor. Bhí am cruaidh
an Máicín agus é ag eirigh aníos na smuilcín. Cha raibh se móran bliadhanta ar an tsaoghal go bhfuair a mhathair bás, annsinn tig an faire agus an torramh. Annsin aríst tig oidhche fhéil na marbh agus chímid Máicín bocht na shuidhe ag fanacht le na “Mamai” a teacht, no “bhíodh na mairbh ar a gcois ‘fheil’ na marbh an uair sin.” Tig an tam do a dhol na sgoile agus ar ndoighe is é is feárr air an sgoil. A gcionn na naoí mbliadhna teidheann se ar fasta agus sin an tam a mothuigh- eann an créatar tochairt an tsaoghail. Tá a chroidhe á bhriseadh leis an droch ide atá se a fhaghail. Tá an Ghaedhilg an-dheas sa leabhar seo agus tá sí comh simplidhe sin nach bfhuil móran muill í a leaghadh no a thuigbheal. Teidheann se go dtí an croidhe an duine Máicín bocht a feicilt a caoineadh a mathara. agus aríst nuair a chuaidh se air a ghlúine os cainne na craise agus ghuidh sé go dtainic sólas ann a chroidhe. Is mór an truaighe na dtabharann Fionn tuilleadh de 'n Gaedhilg mhaith sin atá aige dúinn no tig leis í a chur a gceann a cheile go h-an mhaith. Tá tuilleadh leabharthaí de'n chineal seo a dhith orainn, agus tá suil againn go dtaisbeanfar dúinn gan mhuill “Máicín” na fhear. Agus ní fhuil an leabhar acht sgilling agus mar sin ní bheidh muill ar páistí sgoile í a cheannacht. Preas dhún Dealgan a chuir na trí leabhartaí seo thuas a gclodh, agus ní fhuil dochar ar bith do ann, tá cuid mhór leabhartaí Gaedhilge ag teacht ón Preas ceudna. S. MAG Fh.. RÉILTHÍNÍ ÓIR. An t-Ath. Seóirse Mac Clúin a scríobh: Comhlucht Oideachais a Chuir Ámach. Fáilte is fiche romhat, a leabhráin. Is fada sinn ag feitheamh leat ach tháinig an mhaitheas leis an aimsir gan amhras. B'fhiú dhúinn fuireach leat ach ba thruagh dhúinn nár cuireadh le céile thú na blianta ó shoin. Gura fada fairsing a bhéar- fair cabhair is congnamh le lucht foghluma na Gaoluinne! “Leabhar a thabharfadh mór-chuid de shaidhbhreas na teangan do lucht na foghluma is a chuirfeadh ar a gcumas na smaointe a dhéanamh, is a chasadh, is a mhíniú ins an nGaoluinn” — b'shin a bhí ón úghdar, an t-Athair Seóirse Mac Clúin. Bhuail sé isteach sa Bhlascaodaí agus i lár na Gaoltachta, a smaointe i bhfad ón mBéarlachas. a chroidhe sáidthe 'san obair, do chuir sé an leabhar breágh so le chéile. “Réiltíní Óir” an t-ainm atá air. “Tá saidhbreas cainnte ionnta is flúirse fhairsing.” Agus toradh a chuid saothair — foclóir i nGaedhilg agus tríd an nGaedhilg. seó fochal breághtha agus iad mínighthe tré cortha-chainnte maithe. Sé an rud is mó a chuireann i gcoinne an bheó-theanga d'fhoghlum mar ba cheart ná go mbíonn an chainnt chrapaithe bhacach ag an sgoláire. Má luigheann sé isteach sa leabhar so, tiocfaidh sruth-chainnte bhlasta bhinn cuige agus beidh ar a chumas gach uile Gaedhilgeóir a thuigsint gan duadh. Cuirtear an focal síos agus annsan tugtar míniú air in abairt éicint, cuirim i gcás: — “Aibidh — Tá sé ana-aibidh ann féin = te: duine teasaidhe na fuil smacht ceart aige ar a chuid feirge. Léimfeadh sé fút go tapaidh. Tá an coirce críon-aibidh = ana-aibidh. Tá sé aibidh chun na Gaoluinne chun na gcros, chun gach éinní = tapaidh. Nuair a bhíonn an geárrcach aibidh, bíonn sé ag faire ar léime (amach as an nid). Nílim ro-aibidh indiu chun éinní a dhéanamh. Tuit- ean oiread oibre le fear lá nuair a bhíon sé aibidh chun é dhéanamh agus ná tuitfeadh dhá lá eile. Bíon na géarrcaigh aibidh nuair is féidir leo imeacht leó.” Nách leór an méid seo? Ná fuil cíocras ort chun an leabhar so d'fhaghail is do shcrúdú? A léightheóir, ceannuig é, dein stuidéar mór air agus beidh an toradh agat fó thriochadh is fó chéad. Níl locht le fághail againn sa leabhar so ach ná fuil sé níos fuide fós (tá 272 leathanaig sa céad chuid). Molaimíd an t-úghdar; is mór an tairbhe a thiocfaidh do'n Ghaedhilg de bharr a chuid oibre. Is breág an crot atá ar an leabhar. M. Ó M. Thaínigh na leabhair seo ró-dhéanach chun léir-mheas a dheanamh ortha: — Rannta naoidheanán. Luach bph. Cad é Sin? Ainmneaca rudaí sa sgoil (raol). Mion-órduighthe na Sgoile. Trí-phingine. Preas Dhún Dealgan do chur i gcló.
AR gCÁIRDE £ s. d. An t-Athair Mícheál Mac Amaltoin, Coláiste Fhlánnáin, Innis £1 s.0 d.0 Mícheál de Báicéir, £2 s.0 d.0 Domhnall Mac Cárthaigh, Corcaigh £1 s.0 d.0 Liam Ó Fearghiosa, Tráigh Lí £3 s.5 d.0 Tomás Ó Dubhagáin, Coláiste Bharra, Corcaigh £1 s.0 d.0 Tomás Ó Tóibín, Coláiste Cholmháin, Mh. Fhearmhuighe £1 s.0 d.0 Séamas Mac Coitir, £1 s.0 d.0 Naomh-Eóin Tornhill, £1 s.0 d.0 Tomás Ó Gallchobhair, £1 s.0 d.0 Díarmuid Mac Eóin, £.1 s.0 d.0 Mícheál Ó Cuinn, Tuar na Fola, Luimnig £0 s.10 d.0 P. Ó h-Ínse, Coláiste Bharra Corcaigh £1 s.0 d.0 Ó h-Éilighthe, Tráigh Lí £0 s.10 d.0 Seán Ó Muirthille, Beanntraighe £1 s.0 d.0 Na h-Ollamhna i gColáiste Muighe Nuadhad £12 s.0 d.0
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services