Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aibreán 1922

Title
Aibreán 1922
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
Cullacht Choilm Cille, Magh Nuadhad

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD
AR NA CHUR AMACH
DO
CHUALLACHT CHUILM CILLE.



Ar na chlóbhualadh
ag
MUINTIR CATHAIL
agus
Ar na chraobhscaoileadh
ag
CULLACHT CHUILM CILLE
Magh Nuadhad



1922.


L. ii



L. 1


IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD.



AIBREÁN 1922.



Seo Irisleabhar eile ar deire. Do dhein
muinntir clodóireachta agus a leithéidí a
ndícheall (i gan fhios dóibh féin) é chur chun
báis acht buidheachas le Dia, níor eirigh leó.
Tar éis dhá bhliadhain gan aon Irisleabhar a
chur amach toisg daoire clodoireachta agus
na fiacha a bhí orainn, táimíd á chur os
cómhair an phobail airís chómh láidir bríogh-
mhar as bhí sé riamh. Ná measadh aoinne
ámthach go raibh obair na Cuallachta curtha
ar leath-taoibh againn le dhá bliadhain anuas.
Ní raibh. Mar tá fhios ag gach duine a bhí
sa Choláiste bhí an séan-sprid Gaedhealach
chómh láidir ann ar feadh na h-aimsire
sin agus bhí sé aon bhliadhain ó chuir an
t-Athair Ua Gramhna an síol an chéad lá.
Tá an síol a chuir sé sin ag fás ó shoin ar
nós an chrainn mustáird sa soisgéal agus
níor chuaidh aon stad ar an bhfás san ó shoin
agus ní raghaidh aon stad air le congnamh
Dé go dtí go mbeidh Éire agus na
h-Éireannaigh Gaedhilighthe ar gach slíghe.



Déarfaidh daoine annso nách féidir é sin
a dhéanamh, ná féadfaimid go deó arís an
Ghaedhluinn a chur i mbéalaibh na ndaoine
fé mar a bhí sí céad bliadhain ó shoin. Dear-
faidh siad go bhfuil an greim atá ag an
mBéarla, agus gach nidh a leanann an
Béarla, orainn ró láidir dúinn agus ná
féadfaimíd é bhogadh. Agus go deimhin
ní mór ná tuitfeadh duine i n-éadochas
nuair a dh'fhéuchfadh sé amach roimis agus
nuair a chídhfeadh sé an méid oibre atá le
déanamh. An féidir linn an obair sin a
dhéanamh? Is féarr a dhéanfaimid an
cheist sin a fhreagairt tar éis feuchaint
siar ar an méid ata déanta againn sa
Colláiste ó thosnuigheamair ar an obair.
Má táimid ag dul chun cínn tá gach aon
deallramh go dtiocfaimíd lá éigin go dtí
an críoch ata curtha romhainn againn.
An bfuilimíd níos giorra do'n chríoch san
ná mar bhíomar trí bliadhna is fiche ó shoin
nuair a cuireadh Cuallacht Chuilm Cille ar
bun? Nuair a thosnuigeadar an uair sin
bhí an Ghaedhluinn agus gach nídh a bhaineann
leis an nGaedhluinn ag imteacht ar chos
anáirde ar shlíghe go mbeadh sí caillte ar
fad anois marach gur cuireadh stop léithi
an uair sin. Anois mar teasbáineann an
t-Irisleabhar tá sí go maith na beathaigh fós
agus ní féidir gan a admháil go bhfuil dul
ar agaidh iongantach déanta aici. Trí
bliadhna is fiche ó shoin is dócha ná raibh
cúigear i Mágh Nuadhat d'fhéadfadh Gaedh-
luinn a labhairt ná a scriobhadh. Anois ar
an gcuid is lúgha dhé tá dhá céad duine
ábalta ar í labhairt go líomtha agus is
dócha ná fuil aoinne sa Cholláiste ná
féadfadh í léigheamh agus í scríobadh. Sin
rud mór agus is dócha nách ceart dúinn a
thuille a lorg anois tar éis an méid sin
aimsire. Agus ma dh'eirigh linn an méid
sinn a dhéanamh cad na thaobh ná féadfaimís
an obair ar fad a dhéanamh ní amháin i
Mágh Nuadhat acht ar fúid na h-Éireann?


L. 2


Agus ó tá an oiread sin dul chun cínn
déanta againn, taimíd chun an Béarla a
chaitheamh amach as an Irisleabhar ar fad
i mbliadhna agus gach aon bhliadhain eile le
congnamh Dé. Táimíd chun Irisleabhar
Gaedhealach a dhéanamh de ó thúis deire.



Agus rud eile. Go dtí so ní mór an
baint a bhíodh ag an Irisleabhar leis an
gColláiste acht amháin go mbíodh cursaí na
bliadhna tugtha dhúinn i ndeire an leabhair.
Ní mór a bhíodh ann go gcuirfeadh an chuid
is mó des na colláistéanaigh spéis ann.
Dá bhrígh sin bhí a suim san obair ag lagughadh
agus is dócha narbh' aon locht ortha é sin.
Mara mbeimíd acht ag spreagadh daoine
i gcómhnuidhe chun na Gaedhluinne a dh'fhogh-
luim agus mara ndéanfaimíd usáid di
chun a theasbáint gur fíu í aithbeochaint, ní
fada go mbeidh deire le foghluim na
Gaedhluinne. Ní ar a son féin atáimid
á foghluim. Nílimíd á foghluim chun í chur
i n-ár bpócaibh agus gan aon tairbhe a bhaint
aisti acht ar acáidibh airithe. Taimíd á
foghluim chun í scríobhadh a's í labhairt
“moch mall thoir thall” agus ár smaóinte
idir smaóinte léigheannta agus smaóinte
grínn agus smaóinte fánacha a chur in-úil
dá chéile aisti. Táimíd a dhéanamh san
mar tá fhios againn gur féarr a dh'oireann
cor agus dul na Gaedhluinne don Éirean-
nach ná aon teanga eile. Dá bhrígh sin
taimíd chun slighe a dhéanamh san Irisleabhar
do gach saghas aiste fóghanta go mór-mhór
d'aistí a bhaineann leis an gcolláiste —
aistí ar nós “Ann Sinn Féin seo 'gainne”
agus “an Tarrac Mór.” Níl ionnta
san acht tosnúghadh acht tá súil againn go
mbeidh a thuille aca ann san aimsir atá ag
teacht.



Tá an t-atharrugadh so á dhéanamh againn
le cead an tighe ar fad. Cuireadh os
cómhair an tighe annuraigh é agus bhí na mic
léighinn go léir ar aon aigne go ndéanfadh
sé a lán maitheasa. Ní gádh a rádh is dócha,
go mbeidh fáilte leis roimh gach aiste ar
seanchas agus ar litrídheacht na h-Éireann
fé mar a bhí riamh. De'n tsaghas san tá
Cath Carraige Seabhac agus “Amráin
Náisíunta na h-Éireann,” againn i mbliadh-
na. Bhí sé de dhualgas orainn i mbliadhna
leis, is dócha, gan dearmhad a dhéanamh ar an
Athair Micheál Ua Gríobhtha agus ar an
Athair Séamus Ua Ceallacháin a marbh-
uigeadh i rith an chogaidh. Dá bhrígh sin tá
dá aiste bheag againn ag cur síos ortha.



Tá súil againn do dtaithnéochaidh siad so
agus na h-aistí eile ná fúil ainmnighthe
againn le léightheoirí an Irisleabhair seo
agus go n-eiréochaidh leis cúis na Gaedhilge a
chur chun cínn ádhmhar beag eile i Mágh
Nuadhat, mar creidimíd go daingean
nuair a bheidh tugtha fe'n obair i gceart
Mágh Nuadhat nách baoghal don Ghaedhluinn
ar fúid na h-Éireann.



NA h-EAGARTHÓIRÍ.



“Níl aon áit sa dtír seo anois do
shagart óg nach bhfuil Gaedhilg aige; bain-
eann sé le n-a chéird, nach mór, í do bheith
aige, agus sa dtroid a bheidh ann fós chun í
do shabháilt, is féidir le sagart congnamh
dí. Ní raibh obair Cuallachta Cuilm
Naomhtha cómh riachtanach riamh” — litir a
chuir an t-Athair Mícheál Mac Amaltoinn
cughainn.


L. 3


“SMAOINTE FÁNACHA.”



B'uathbhásach an oidhche í, agus ní rachaidh a
chuimhne dhíom go bráth. Bhí sé 'n-a stoirm
ar an bhfairrige, bhí na madhmanna móra ag
briseadh isteach ar an dtráigh go “millteach
torannach trom” agus clampar d'á
dheunamh aca a chuirfeadh an t-uamhan id'
chroidhe. Bhí an ruadh-ghaoth ag feadghail
i bhfad suas éadan na gcnoc agus bhí na coillte
bréaghtha móra d'a lúbadh agus d'a luascadh
le truime nirt na gaoithe sin. Ach d'a
ghairbhe a bhí sé, ba bhréagh leat mar cheól é.
Uaireannta, nuair a bhí an ghaoth ag sios-
arnaigh i measg na gcrann, bhí sé chómh bog,
chómh mílis gur dhóig leat go rabhas ag
éisteacht le glórtha mílse na ndaoine a
throid ar son na h-Éireann — go rabhadar ag
cainnt leat agus ag tabhairt comhairle do
leasa dhuit. Uaireannta eile, tháinig bor-
radh agus árdú agus neart ann agus 'sé déarfá ná
go raibh sluaighte líonmhara ag gluaiseacht
chun catha, go raibh fonn díoghaltais ig-
croidhe gach fir acú; agus bé b'fhada leat go
mbeitheá-sa 'n-a measg agus ag gluaiseacht
in-aonfheacht leo chun sásamh do bhaint
amach ó'n tsean-námhaid. Ach d'a fheabhas
agus d'a bhinneacht a bhí an céol sin, níor fhéad
an mac seo codladh leis. Bhí na mílte
agus na mílte smaointe ag teacht isteach air
gan sos gan suaimhneas. Smaointe ais-
teacha fánacha a bhí sa gcuid ba mhó dhíobh agus
iad ag síor-chasadh agus ag síor-fhilleadh ar a
chéile. Nach mé a dhein troid agus cómhrach
leo? B'fhánach mo shaothar. Is amhlaidh a
bhíos ag sleamhnú síos “bóithrín na smaoin-
te” i gan fhios dom féin agus munar dhearnas
turus iongantach, an oidhche úd, ní lá go
maidin é. Nach mó rud a chonnaiceas le
linn an aistir sin? Rudaí a chuir áthas
agus bród orm, rudaí a chuir an fhuil 'n-a
dheargruathar tré mo chuisleanna, agus —
'seadh a chara — rudaí a dhearg mo phluca
le teann náire agus ceannfé. Ach caidé an
mhaith bheith ag cainnt? B'fhéidir nach
miste dhúinn turus do dheunamh ar an
mbealach ceudna, le cois a chéile, agus cé
nach mbíonn an mhílseacht nó an chúmhthracht
cheudna le fághail an t-ath-uair, cá bhfios
dúinn ach go bhfuighmíd roinnt tairbhe as ar
a shon sin féin?



B'áluinn an tír í, tír 'n-a raibh gach rud
ar áilneacht an domhain, tír 'n-a raibh
gleannta breaghtha agus srotháin gheala, ghlóracha
a chuirfeadh an suaimhneas id chroidhe.
Bhí machairí míne ann agus sléibhte fuara
fraochacha “ag bagairt a gcinn thar dhruim
a chéile.” Ach in aimhdheoin sin is uile, bhí
rud éigin in easbaidh agus bhíos uaigneach de
bhárr na h-easbadha san. Fear ní fhacas,
glór beag íseal na mban níor chualas,
gáire glégeal na bpáistí ní raibh le clos!
Bhí an saoghal ar fad ciúin, chómh ciúin agus
a bhíonn sé nuair a dhúisigheann duine i
gciúintráth na h-oidhche. Ar ball, b'fhacthas
dom go raibh plód daoine ag deunamh
chugam agus d'imthigh an ceo de mo chroidhe.
Daoine geala, aeracha a bhí ann, iad ag
siúbhal go maordha mall. Bhíodar buailte
liom, nach mór, nuair do chualas guth taobh
liom: “'S iad seo an laochradh a throid ar
son na h-Éireann.” B'iongantach an solus
a bhí uatha, cuid acú ní ba ghile agus ní ba shéimhe
go mór ná a chéile ach iad go léir chómh
geal le h-aon t-solus d'a bhfacais riamh.
Thabharfainn a raibh de'n t-saoghal agam


L. 4


ar bheith 'n-a measg agus ag gluaiseacht leo.
Ach caidé an dánaidheacht sin a bhí orm?
Níorbh fhada gur thugas chun mo chuimhne nach
raibh ionnam ach seachmallach ar seachrán,
déoraidhe bocht gan talamh gan treó.
Bhíodar ag imtheacht agus bhí an dorchadas ag
teacht, bhí sé ag tuitim 'n-a shlaodaibh
móra dúbha. Chualas béic uailleach na
caillighe duibhe agus í ag eiteall go luaimneach
thar an bhfairrige, uair eile do labhair an
crotach go brónach 'sna soileastair le m'ais.
Do ghlac uamhan mé, tháinig crith im' bhallaibh,
d'éaluigh osna fann uaim:— “A Thighearna,
cad a dhéanfaimíd?” agus go díreach mar
fhreagra ar an nguidhe do chonnaiceas an
páiste.



“Páiste beag, is eadh a threoróchaidh iad.”



Sagart óg a b'eadh é, sagart an-óg ar
fad. Chun na fírinne d'innsint, ní móide
go raibh sé thar deich mbliadhna d'aois.
An uair a leagas mo shúil air, bhí sé
gleusta i gcóir an Aifrinn agus 'sé a dhear-
bhráthairín a bhí gh-a fhreagairt. Badh mhaith
le duine gáire a dheunamh ar dtúis, bhí an
obair go léir chómh leanbaidhe sin, ach dá
bhféachthá is na súilibh air agus go bhfeicfá an
fhaghairt a bhí ar lasadh ionnta, ní ró-fhada
a sheasfadh an gáire. Bhí an t-Aifreann
geall le beith críochnuighthe anois, d'ionn-
tuigh an buachaill agus chualas na focail:
“Ite Missa Est.” A chara chroidhe, má's
cara dom thú, ná cuir isteach a thuilleadh
orra; leig dóibh an t-Aifreann do chríochnú
mar is ceart ó's rí-bheag a shaoileann an
sagart óg agus go háirithe, an dearbhrathairín
le n-a chois, caidé an chríoch uathbhásach atá
le teacht ar a mbeatha féin. Is rí-bheag
a mhachtnuighid ar an ngníomh ghlórmhar atá
le deunamh acú sul a raghaid ar shlighe na
fírinne. 'Seadh a chara, gníomh a thógfaidh
an ghruaim ded' chroidhe, gníomh a ruag-
faidh an dorchadas úd atá 'do chéasadh
agus a chuirfidh sean-sprid na nGaedheal ar
lasadh i gcroidhthibh muinntir na h-Éireann.



Pádruic Mac Piarais, an sagart óg
agus Liam an dearbhráthairín le n-a chois, an
dearbhráthairín ceudna go bhfuair sé greim
ar láimh air, ghá dhearbhú go mbéidís fíor-
dhílis d'Éirinn. Buachaill an-ghasta iseadh
Pádruic, buachaill go bhfuil féith na
foghluma ann agus éirim d'a réir, buachaill a
thuigeann go bhfuil léir-sgrios d'a dheunamh
ag an ngalldachas ar anam na h-Éireann;
buachaill gur mhaith leis faoiseamh do
thabhairt dí. Má thuigeann sé na neithe
sin, tuigeann sé, leis, gurab é céad rud
ata le déanamh aige ná dul agus eolus do
chur ar a theangain féin. Anois nuair
atá muinntir na h-Éireann fé scáth an
dorchadais fágaimíd ar gcara beag ag
gabháil do stair a thíre agus ag cur aithne ar
na daoine a chaith a saoghal i seirbhís “Róisín
Dúbh.”



“SEAN-SPRID NA nGAEDHEAL.”



Chuaidh na bliadhanta thart. Ní miste a
rád ná gur fhágadar a rian ar Phádruic.
Ogánach deagh-chúmtha córach atá ann anois
agus é ag caitheamh a laetheanna saoire 'san
Iarthar. Tráth a chonnaiceas é, bhí luisne
na sláinte ag deargadh a phluc agus bhí fuaim a
gháire ghlégil ag teacht go céolmhar, binn-
ghothach ar an ngaoith. Bhí scata páistí 'n-a
thimpal mar b' iongantach an grádh a bhí
aige féin “do'n nídh is áilne agus is glaine
d'ar chruthuigh Dia — anam glégeal an
pháiste.” Ní beag de dheimhnughadh ar an
rud san, na sceulta do scríobh sé. Is na
sceulta seo, tá nochtaithe go soilléir
aige na tréithe iongantacha atá le fagháil
i gcroidhe an pháiste. Tá sult agus siamsa
ionntu, lúthgháir agus gáirdeachas, aoibhneas
agus suaimhneas. Cad é an iongnadh san?
Is fíorbheagán de bhuaidhreadh agus de chroidhe-
bhrughadh an t-saoghail a bhíonn le fághail
i measg a leithéidí agus i rith na laethe


L. 5


seo, bhí Pádruic 'n-a pháiste árís, 'n-a
pháiste imeasg na bpáistí.



Ach mo leun! Ní sheasann an t-soilbh-
reacht abhfad ar an saoghal so. Ní i gcómh-
naidhe a bhíos an ghrian ag soillsiúghadh go
caithréimeach glórmhar. Uaireannta, ní
bhíonn le feiceáil ach na néallta móra,
bagartha agus tagann lá gairbhshín agus
anfaidh. Imthigheann an soineann agus tagann
an doineann nuair a ghoilleann a gcás go
mór ar mhuintir na Gaedhealtachta. Nách
maith an sás Pádruic, annsin, chun cuimhne
do choimeád ar a shean-cháirde? Fear a
thug grádh a chroidhe do'n ghealbhan bhocht,
sínte, ar an lic ar osgailt an dorais dó
ar maidin, cé déarfadh an grádh thar
chomhaireamh a bhí aige dos na daoine bochta
seo? Orra súd a bhí sé ag smaoineadh
nuair a scríobh sé “an Bhean Chaointe,” “an
Dhearg-Dhaol” agus 'sé mo bharamhail nár
scríobhadh fós a sárú de sgeulta ar
ath-chumaireacht na bhfocal nó ar bhinneacht
agus ar dhoimhneacht na smaointe.



Gan amhrus, ní mórán de mhaoin an
t-saoghail atá ag na daoine seo ach iad ag
stríocáil leis an saoghal i gcómhnaidhe. Ach
dá ghéire a chuireas an saoghal orra, tá rud
acú a sháruigheann a raibh de shaidhbhreas 'sa
ndomhan riamh nó a mbéid go deo agus 'sé
rud é sin, an sprid Ghaedhealach. Má bhí
an galldachas fé réimh i n-gach áit eile agus
neamhnidh d'a dheunamh aige de shean-thréithe
agus sean-nósanna na nGaedheal, do theip sé
glan air, a chur n-a luighe ar mhuintir na
Gaedhealtachta gur fearrde iad na sean-
thréithe do chaitheamh i leath-thaoibh. Sin é an
fáth, anois, go bhfuil Pádruic annseo i lár
na Gaedhealtachta. 'Sé is mian leis ná é
féin do Ghaedhealú amach is amach; tá's
aige go bhfuil obair mhór gearrtha amach dó
agus nach bhféadfaidh sé tabhairt faoí gan an
Ghaoluinn. Sí an Ghaedhilg agus an Ghaedhilg
amháin a choimeádann lóchrann an thíorgh-
rádha ar dearg-lasadh 'n-ár gcroidhthe.
Nuair a thuig Pádruic cad iad na smaointe
móra spioradáltha a bhíonn le fághail
'san aigne Ghaedhealach, nuair a bhí eolas
aige ar na tréithe fiala ceannsa a bhíonn
istigh sa chroidhe Ghaedhealach annsin, iseadh,
bhí éolas aige ar an mbrígh a bhaineann leis
an bhfocal san: Sean-sprid na nGaedheal.
Annsin, bhí an lámh-uachtair ar a thoil agus ar a
mhéon féin chómh mór san, go raibh sé d'
fhearamhlacht agus de dhánaidheacht aige na
focail seo do scríobhadh: —



“Do thugas mo ghnúis
Ar an ród seo rómham
Ar an ngníomh do chím
'Sar an mbás do gheobhadh.”



“AN GNÍOMH MÓR.”



Bhí an lá ag gealadh. Ní raibh an deatach
ag éirighe a' na tighthe sa gcathair fós.
Bhí an saoghal mór 'na chodladh, gan aon
chur isteach d'a dhéunamh ag éinne beo ar
áilneacht agus ar naomhthacht na maidne. Bhí
na coillte faoí dhuilleabhar throm gan
oiread agus leóithne gh-á mbogadh agus bhí an caonach
agus an raithneach go mín réidh faoi do chosa.
Bhí dath corcra ar na néalltaibh a bhí bailighthe
le chéile i spéarthaibh an domhain thoir.
Ar ball, d'éaluigh ga uatha agus do shín bóthar
lonnrach, thar an bhfairrige go h-íochtar na
spéire; tamallín eile agus d'éaluigh ga eile
agus ga eile in diaidh a chéile. Fé dheire,
d'éirigh an ghrian mhór, órdha féin agus líonadh
'ch uile rud i mo thimpal d'aoibhneas agus de
shoilbhreacht. Anois, bhí sé ag deallrú
ar na bántaibh agus b'iongantach an ruithneas agus
an drithle a rinne sé leis an drúcht ar bhárr
an fhéir. Ní raibh le clos acht ceileabhradh na
n-éan i bhfad uainn is na sléibhte fuara,
fuaim na n-uan ag méidhligh go meidhreach.
Bhí gach rud ar áilneacht, bhí an t-earrach
againn áirís.



Níor bh'fhada go dtí gur briseadh isteach
ar chiúineas na maidne sin. Bhí saighdiúirí
ag teacht, plód saighdiúirí, a mbaighneití ag


L. 6


lonnradh go fíochmhar fé'n ngréin. Bhí aon
fhear amháin ag siúbhal go maordha 'n-a
measg; d'aimsigh ga gréine a cheann agus do 'las
a shúile le táimhnéall iongantach. 'Sé
an Piarsach a bhí ann, agus an mhaidean ghlórmhar
seo, nuair a bhí glionndar ar gach rud
d'ar chruthuigh Dia bhí sé ag dul ar nós a
charad bhídigh, go dtí an tír 'n-a mbíonn sé
'n-a Shamhradh i gcómhnaidhe.



Tamaillín 'n-a dhiaidh sin, do caitheadh an
t-urchar. I bhfad uainn bhí an ghrian ag
deallrú ar na bántaibh, in ár dtímceall
bhí siansán na mbeach le clos agus séis ceoil
d'a sheinnt ag na mílte éanlaithe. Ach an
fear is mó a bhainfeadh aoibhneas asta, an
fear is mó go gcuirfidís áthas ar a chroidhe,
bhí sé le n-a cháirde béaga dílse féin i
dTír na n-Óg. Tháinig pictiúir eile ós mo
chómhair: buachaill óg a bhí ann, é feistighthe
mar shagart, faghairt 'n-a shúil, agus cheapas
gur chualas tré na blianta a ghuth beag,
íseal ag rádh na bhfocal “Ite Missa Est.”
'Seadh a chara, tá sé críochnuighthe anois
munab ionann agus riamh. An obair a bhí
gearrtha amach duit, tá sé déanta agus
déanta i gceart agat. Táir féin imthighthe,
ach d'fhágais an t-Earrach againne, an
t-Earrach a thugann misneach dúinn chum
leanamhaint go díreach seasamhach ar an
mbóthar ghlórmhar atá romhainn amach. Tá
an geimhreadh, ré na sclábhaidheachta, thart;
agus anois, tá grian gheal na saoirse ag
dathú na spéire.



CEANGAL.



'Siad san na smaointe nó a maca-
samhail a thainig cúgham go tiugh an oidhche
úd. Smaointe aisteacha, seachránacha
adeir tú, agus ní móide nach bhfuil an
ceart agat. Ach in' aimhdheoin sin, tá a
gciall féin leo. Táimíd múscailthe as ár
dtoirchim anois agus ag dul ar aghaidh ar
bhealach ár leasa. Má táimíd, 'sí an
Ghaedhilg fé ndeár é. Marach an Ghaedhilg,
ní bheadh an Piarsach againn agus marach an
Piarsach ní bheadh an t-seachtmhain úd na
cásga againn. Dá bhfiafróchadh éinne dhíom,
conus atá san mar sin, 'sé adéarfainn ná
go bhfuil buaidh fé leith 'sa nGaedhilg.
Marach san, conus a thárla go bhfuilimíd ag
troid le seacht gcéad bliadhain agus nach bhfuil
buaidhte orrainn fós? Conus a thárla go
bhfuilimíd fíor-dhílis do chreideamh ár
sínnsear in aimhdheoin an éirligh ba ghéire
d'ar imreadh ar Chríostaidhthe riamh? Rud
aá spioradálta iseadh an Ghaedhilg. Fhaid 'is
sí againn ní baoghal dúinn. Coimeádfaidh
sí ar bhóthar chaol an chirt sinn. Is ion-
tuigthe ó'n gcainnt sin go bhfuil obair
roimh gach Gaedheal: é féin do Ghaedhealú
go smior agus go smúsach agus teanga na
h-Éireann do chur ar aghaidh ins ngach slighe
is féidir leis. D'á fheabhas atáir, tá'n
Béurla mar ualach trom ort, agus cosg
aige á chur leis na mianta iongantacha
atá istigh i lár do chroidhe féin. Bíodh sé
ort an ceangal sin an Bhéarla do bhriseadh agus
do réabadh agus do stracadh as a chéile. Sin é
an rud a dhein an Piarsach agus tá sprid agus
mianach an Phiarsaigh i gcroidhe gach Éireann-
aigh ach iad do shroichint tré bhíthin na
Gaedhilge. Luigh isteach ar an obair ann
sin. Tá Éire ag glaodhach ort-sa. An
amhlaidh a chlisfir uirrthi an t-am is mó 'n-a
bhfuil gádh aicí le congnamh uait?



Tá ár dturus beagnach déanta againn.
Is fada a thainighis liom, a chara, tré réidh agus
aimhréidh agus anois, cogar i leith chúgham, sul
a scarfaimíd le chéile: Tá gníomh ag
feitheamh leat-sa agus cá bhfios duit nach mar
gheall ar an ngníomh san, an gníomh uasal
atá le deunamh fós, go mbéidh sé in
áirighthe dhuit buaileadh imeasg na ndaoine
nglórmhar san a chonnaiceas, tráth, go
raibh an ruadh-ghaoth ag siosarnaigh imeasg
na gcrann agus torann d'á dheunamh ag na
tonntracha ar an dtráigh.



T. Ó C.


L. 7


AN TARRAC MÓR.



Rud nuadh ar fad a b'eadh an “tug-o'-
war” san áit seo. Chuala le déidheanaighe
go raibh a leithéid de chomórtas sa choláiste
tamall maith ó shoin sar a raibh a fhios
againn-ne go raibh áit darab ainm Magh
Nuadhad i léirscóil na h-Éireann. Ach is
mar seo a thárla gur aimsigheamar an
téud an bobhta so. Nuair a bhí deireadh
leis na cleasaibh lúth, fuaradh amach go raibh
fuigheall airgid ag an gcoiste, agus gan
a fhios aca conus spórt do bhaint as.
Rás snáimh? Úgh! Cúis gáire cúgham!
Rás snáimh i mí na Márta; b'ait linn sin.
Rás uainígheachta ma s'eadh idir na rang?
B'féidir é, ach ní'l aon seasamh i gcoinnibh
na tarna diadhairí i gcúrsaíbh reatha.
Tug-o'-war? Sin é 30 díreach é. Ach is
baoghalach go mbeidh muinntear na treas
diadhachta ró-mhaith do'n chuid eile. Aidhe,
adhuine, d'fhéadfaidís-sin an túr do
tharraing anúas orainn dá mbudh mhaith leó
é. Ach cá bhfios go ragaidh sí cómh bog san
leó fós. Tá buachaillí téagartha sa tigh
nách iad, agus dá bhrigh sin beidh tarraing
againn. Feadfaimíd piopaí do thabhairt
do'n deichneabhar ag a mbeidh an buadh.



Sochruigheadh air sin. An chéud lá saoire
do bhí chúghainn, aimsigheamar an téud ba
raímhre a bhí le fagháil agus siúd amach sinn
go dtí an pháirc mhór. Bhí an saoghal is a
shean-mháthair ann, lucht liathróide láimhe,
agus Lucht peile, lucht leabhar, lucht leisce,
na h-iománuighthe, bhiodar go léir ann; agus
nách aca a bhí an gleó, agus an “ceipileó
cip.” Budh dhóigh leat orra gur “pog-
rom” nó clampar uathbhásach a bhí ann.
Iad go léir in aon phrairimín amháin i
lár na páirce istigh. Fear annso agus an
plean so aige. Fear annsúd agus seift
i bhfad ní b'fheárr aige. Dream ag
déanamh cleasaidheachta leis an dtéud a
d'iarraidh daoine eile do leagad leis,
agus na h-iománuighthe, na ropairí, ag
scaoileadh leó go léir. Bhí lucht an choiste
mo thruagh iad! I lár bhaill ag iarraidh
cranna do chur féachaint ciaca bhéadh an
tosach ag tarraing, agus munar sháruigh a
bhfoidhne-sin ar fhoidhne Ióib ní lá go maidin
é.



Is amhlaidh go bhfuil cúig rang annso
againn i. Na seanóirí (muinntear na
ceathramhadh bliadhna) na treas diadhairí, na
tarna diadhairí, na ceud diadhairí agus
na feallsamhnaigh. Thuit an chéud chrann ar
na Seanóiribh agus ar na feallsamhnaigh.
Fágadh na treas diadhairí igcoinnibh
na céud dhiadhairí.



Ba ghearr annsan go raibh an talamh
roinnte aca agus giota céirsiúir cean-
gailte de'n téud na cheart lár. Chiúinigh
ar an ngleó an fhaid is a bhí na fir ag
baint a gcasóg díobh féin, agus ba bheag
an mhoill orra go raibh an dhá fhoirinn ar
aghaidh a céile amach, agus fuláireamh
solmhanta tabhartha dhóibh gan tóin a leag-
aint ar an dtalamh, nó gur dóibh féin
budh mheasa. Bhiodar annsan agus má
bhí aithreachas orra nár phiocóididhe a bhí
aca in ionad bróg, dheineadar a ndícheall
cun an scéil do léigheas, mar is ar éigin
a bhí an stiúrthóir ollamh nuair a bhí poill


L. 8


mhóra rómhartha aca mar thacaí dá gcosaibh.
Ach tar éis an ollamhcháin go léir ní raibh
aon spórt sa chomórtas in aon chor mar
cuireadh an bhuaidh ar na feallsamhnaigh
fé dhó taobh istig de dhá nóimeat.



An fhaid is a bhí an bualadh bas ar
siubhal ar son na seanóirí, shleamhnaigh an
dhá fhoirinn eile amach ar an bhfaithche i.
Lucht na tarna bliadhna agus lucht na
céud bhliadhna. Bhí an sluagh ag brath air
go mbeadh comórtas maith righin an bobhta
so. Ach cad é an diombádh a bhí orra
nuair a chuaidh an téad leis na céud
diadhairíbh gan faic dá dhuadh. Thosnuigh an
bualadh bas airís ach b'fhuirist an seirbhthean
d'sheircint ins gach aon aghaidh, agus
d'fhéadfa a chloisint gur beag-a'-mhaith an
caitheamh aimsire an tarrach. Pé scéul é
deineadh malartughadh taobh chun na tarna
iarrachta, agus dheineadar tairring mill-
teach go ceann deich nóimeat. Annsan
thosnuigh an lá ag dul igcoinnibh na mbuachaillí
n-óga agus b'é a dheireadh go raibh an chuid a
b'fhearr agus na tarna diadhairíbh. Bhí a sáith
áthais ag an sluagh an fhaid is a bhí an tarrach
san ar siubhal. An béicigh agus an liúiridh
a bhi aca chuirfeadh sé pípíní id chluasaibh,
gach dream ag griosadh a gcarad féin.
Na daoine a dubhairt ná raibh aon spórt le
baint as an dtarrach thuigeadar go raibh
dul amugha orra; seadh, agus bhí a leithéid
d'imshniomh ar chuid aca ag féachaint ar na
fóirnibh dóibh, gur thosnuigheadar ag déanamh
aithris orra, agus bhí geáitsí 'á ndéanamh
aca ionnas gur dóigh le duine gurbh amhlaidh
go rabhadar ag spialadh ar ndícheall, rud
nár dheineadar riamh.



Mar sin bhi tarrach an duine buaidhte
aca, agus bhí orra triall eile do dhéanamh
féachaint ce aca a bheadh an buadh ar fad.
Ar a shon go rabhadar go léir cortha go
maith luigheadar isteach sa choimhlinnt go
dúthrachtach, agus go ceann tamaill mhaith
ní raibh sé ach síos súas aca. Fé dheireadh
ámhthach dhein na tarna diadhairí iarracht
láidir agus tháinig an téud leó de phreib
nó go rabhadar go léir sínte tré na céile
ar an dtalamh ach an fhaid is a bhí an bhuaidh
aca ba chuma leó. Ach bhiodar cómh tnáidhte
sin nár fheadádar a thuilleadh oibre do
dhéanamh an lá san.



Lá ar n-a mhárach socruigheadh ar chomórtas


L. 9


idir na treas diadhairí agus na tarna diadh-
airí. Sé dúbhramar go léir ar a chloisint sin
dúinn, go raibh deireadh leis na tarna
diadhairibh ar fad. Bhí na daoine eile
i bhfad níba thruime agus níba láidre ná
iad, agus 'na theannta san thárla ná raibh
aon tarrach déanta aca an lá roimhe sin
ní h-ionann is na buachaillí óga go raibh
pianta uathbhasacha i ngach ball d'á mballaíbh
beatha agus bolghacha ar a lámhaibh cómh
mór led' dhorn. Mar sin ní raibh iognadh
ar aoinne nuair a chuaidh an lá ar na tarna
diadhairíbh, sa cheud iarracht. Ach nuair a
thánadar le chéile airís bhí atharú mór tar
éis teacht ins na tarna diadhairibh; ní mara
céile iad leis na buachaillíbh a bhí ann ar
dtúis is amhlaidh do dhein an stathadh a
fuaradar a bhféitheacha d'fhuascailt agus
níor mhothuigheadar na pianta a thuilleadh.
“M'anam ó'n Riabhach,” ars' an Captaen,
“ní leogfaimíd cómh bog san leó é.”
Shocruigheadar a súile do chomeád ar
Sheosamh an stiúrthóir a bhí aca. Ach b'é
socrughadh a bhí á dhéanamh ag na treas
diadhairíbh ná an téud do tharrach isteach
(ní bheadh aon trioblóid ann dar leó) lámh
tar lámh agus gan bheith ag teacht tar n-ais
leis an dtéud agus ag satailt ar na
daoinibh eile.



Séideadh an fead pé scéul é agus
thosnuigh an murdal airís. Leogamar go
léir osna bróin nuair a chuaidh an téud
leis na treas diadhairíbh ach do stad sé.
“Socair, coimeádaidh é,” arsa Seosamh, an
stiúrthóir. Deineadh amhlaidh luigheadar
siar ar an dtéud cómh díreach le slat,
greim ascaille agus glúine aca air, na cosa
sáidhte i dtacáibh agus na fiacail nochtaithe
i dtreó go mbudh dhóigh leat go raibh baint
éigin ags na fiacalaibh sa ghnó leis. Bhí an
dream eile ag stathadh is ag spialadh ach
theip orra iad do bhogadh as an áit sin.
Fé deireadh thug Seosamh fé ndeara go
raibh tuirse ag teacht orra ó'n síortharraing
agus labhair sé go bog le n-a fhearaibh
“ollamh, a bhuachaillí, ollamh.” Leis sin
d'eirigheadar beagán agus shíneadar na
lámha ní ba shia amach rómpa ar an dtéud i
dtreó nuair a tugadh an comhartha dóibh ná
raibh le deanamh aca ach luighe siar.
D'eirigh leó go h-áluinn. Leis an gcéud
iarracht bhaineadar na daoine eile as na
tacaíbh agus ar leagadh t'shúil bhí an bhuaidh
aca. Thuit an lug ar an lag ags na treas
diadhairíbh uime sin, ní h-ionann is na
tarna diadhairí is amhlaidh go rabhadar-san
ag dul i bhfeabhas agus do bhúadar an treas
tarrach gan mhoill.



Ní raibh sa chomórtas anois ach iad féin
agus na seanóirí ach ba ghearr an mhoill
orra an lá do chur ar na seanoiríbh cómh
maith. Gan ach an fhírinne do rádh níor
ghádh dóibh na casóga bhaint diobh féin cúcha.
B'shin deireadh na h-iomaidheachta agus
dubhairt gach aoinne go raibh na piopaí
tuillte go maith ag na tarna diadhairíbh.
Anois má chionn tú buachaill de'n tarna
rang timceall na h-áite agus piopa
deas i gcuinne a ghuib aige agus é ana
mhórdhálach as biodh a fhios agat go mbeidh
scéul maith le h-innsint aige, cómh fada is
a mhaireann sé, ar an dtarrach mhór.



T. Ó B.


L. 10


BUALÁDH CHARRAIGE SEABHAC.



B' aingceis agus b' uathbásach an éag-
cóir do bhí ar Chaitliceachaibh na hÉireann
ó aimsir Éilíse anuas go dtí bliadhain a
1829. Fén ngall-reacht do bhí i bhfeidhm ar
feadh na haimsire sin níor chead don sagart
an t-Aifreann Naomhtha do rádh go puiblidhe
agus, rud ba mheasa ná san, do gheóbhfaidhe
chúig phúint ar a cheann agus fiche púnt ar
cheann easbuig. Diaidh ar ndiaidh do bhí
ag éirghe le clanna Gaedheal greim na
bpéindlighthe do bhogadh, acht má do bhí
féin, b'fhada ó shaoirse creidimh aca fós
é. Do thuig Domhnall Ó Conaill é sin
agus do chomhairligh sé dhóibh cur le chéile
agus gan an daor-smacht san do sheasamh
feasta. Sin a raibh uatha an gáir chun
gaisce agus stiúrthóir maith a mbeadh
ionntaoibh aca as. Do chonnaic muintir
Shasana an t-athrughadh do bhí tar éis teacht
ar na Gaedhealaibh agus go rabhadar lán-
cheaptha ar shaoirse creidimh do bhaint amach
ar ais nó ar éigean. Tháinigh eagla aca
rómpa agus do chuireadar deireadh leis
an gclaon-dlighe láithreach.



Thug an buadh san misneach mór do
mhuintir na hÉireann agus dubhradar leó
féin ná cuirfidís suas leis an deachmhadh
feasta acht a oiread. Do caithtí an
deachmhadh so do dhíol leis na ministríbh
gach aon bhliadhain, pé aca bhí daoine ag
teacht chun teampuill chucha nó ná raibh.
Ba mhó paróiste in Éirinn in a raibh
ministir agus gan de phobal aige Dia
Domhnaigh acht a bhean agus a chlann. Acht
ba chuma san, do caithtí an deachmhadh do
thabhairt dóibh chomh maith agus dá mbeadh
dubhadh na sléibhte agus na ngleannta de
dhaoinibh ag teacht chuige. Do bhí a lán ná
féadfadh é do dhíol agus a lán eile ná
díolfadh é agus do chuireadh na ministrí
an dlighe ortha agus do thógaidís a n-eallach.
Is mó fuil do doirteadh agus is mó ceann
do briseadh mar gheall air sin. Is minic
do basgadh agus do leónadh na saighdiúirí
agus na píléirí nuair do bhídís ag tionn-
lacan an bháille agus é ag tógaint an
eallaigh.



I gCarraig Seabhac i gConntae Cille
Cainnigh is eadh do bhí an cath ba dhéine dár
buaileadh in Éirinn i gcoinne an deachmhaidh.
Do bhí ministir i bparóiste Cnuic an
Tóchair dárbh ainm Hans Hamilton agus
do bhí sean-dhiabhal de bháille aige de
mhuintir Bhuithléir chun muintir an pharóiste
do sheirbheáil. Thárla an deachmhadh gan
díol dhá bhliadhain as a chéile agus nuair do
airigh an ministir cionnas mar do mharbhaigh
na saighdiúirí a lán i mbun Clóidighe
dubhairt sé leis féin go gcuirfeadh san
mí-mhisneach ar mhuintir Chnuic an Tóchair
agus go gcaithfidhe a raibh ag dul dó féin de
dheachmhadh leis an dá bhliadhain do dhíol leis,
agus do chuir sé an báille timcheall aghá
éileamh arís. Do bhí dearmhad ar an bhfear
bocht. Lá dár chuaidh sé ag seirbheáil
muintire Baile an Bharóidigh, áit atá
timcheall míle ar an dtaobh thiar thuaidh de
Chnoc an Tóchair, tháinigheadh in a thimcheall
agus do cuireadh de fhiachaibh air cuid mhaith
des na forfhógraí do ithe. Thárla an
t-Athair Pár Ó Mhainistir Cnuic an Tóchair
ag gabháil an treó agus do shaor sé an
cladhaire. As san amach gach aon uair do
bhíodh a leithéid de obair ar siubhal aige


L. 11


do théigheadh an t-arm in a fhochair ar eagla
go gcuirfidhe de fhiachaibh air “an chír do
chogaint” arís.



Ar feadh an Fhoghmhair i mbliadhain a
1831 do seirbheáladh forfhógraí in gach aon
áit imeasg Sléibhte na mBreathnach (sin é
thugtar ar an duthaigh ar an dtaobh theas de
Chnoc an Tóchair) agus níor chuir aoinne i na
gcoinnibh. Mar sin féin ba léir do chách
go raibh rud éigin ar siubhal ós íseal agus
is maith do thuigeadar cad do bhí rómpa,
cé go mbíodh na comórtaisí peile ar
siubhal ag Séamus Ó Treasa, agus Liam
Ó Catháin ag múineadh scoile mar ba
ghnáthach. Beirt bhuachaillí óga spreacamhla
aba eadh iad san, do bhí lán-cheaptha ar a
n-anam do imirt leis na creachadóiríbh
agus deireadh do chur leis an deachmhadh.
Do bhíodh an báille ag gabháil timcheall i
gcomhnuidhe agus an t-arm agh á thionnlacan
agus is é do bhí drochmhúinte droch-bhéasach.
Do ghoill foighne na ndaoine go mór air
agus dá fhoighidighe agus dá shíothcháintighe
iad is eadh ba dhána agus ba dhroch-mhúnite é
sin. Sa deireadh do éirigh sé chomh dona
san ar fad go ndubhradar leó féin ná
seasóchaidís níos sia é. Do chuir an
Treasach agus an t-oide scoile a gcomhairle
le chéile go minic agus do shocruigheadar
gach aon rud. Do chomhairligheadar dá
muintir foighne do bheith aca go dtiocfadh
an lá Do dheineadar a gcomhairle agus
do bhíodar chomh ciúin síothcháinteach san
gur bhain lucht an dlighe droch-tháitle as.
As san amach nuair do bhíodh aon obair le
déanamh ag an mbáille do déintí an gárda
do dhúbláil ar eagla na heagla.



An lá so thug an ceann urraid órdughadh
dos na píléirí in gach bearaic sa cheanntar
teacht le chéile i gCill Mhocheanna a leithéid
sin de lá. Thug an Treasach cuireadh do
bhuachaillíbh na háite teacht chun comórtas
peile do imirt i bpáirc na reilige i gCill
Chairill an lá céadna. Cionnas a thárla an
lá céadna do bheith beartuighthe ag an
mbeirt aca ní fheidir aoinne. Is dócha go
raibh a fhios ag Séamus é. Ar aon chuma
do bheadh radharc breaghdha agat ón pháirc
sin ar an duthaigh ar gach taobh díot.



Do chnuasaigh an t-arm i gCill Mhocheanna
Dia Céadaoin, an ceathramhadh lá déag de
Mhí na Nodlag i mbliadhain a 1831. Seacht
nduine dhéag ar fhichid díobh do bhí ann ar
fad agus fear de mhuintir Ghiobúin, do
throid in Waterloo, an ceann urraid do bhí
ortha. Feirmeóir creideamhnach des na
Breathnaigh do bhí le seirbheáil aca an lá
san. Do bhí a oiread san daoine den
tsloinne sin sa limistéireacht go dtugtaoi
Risteárd “Portláirge” ar an bhfear so.
Do chuir na píléirí dhíobh tré Bhaile Roibín
agus as san ó dheas gur shroiseadar Baile
Átha Gabhann. Chomh luath agus fuair muin-
tir Bhaile Roibín imighthe iad do bhuaileadar
clog an tséipéil agus na daoine do bhí ins
na páirceanna agus ins na tighthe mór-
thimcheall, do bhailigheadar go léir isteach go
dtí an baile. Siúd chun bóthair iad ar a
dtóir agus nuair do bhíodar ag déanamh ar
Bhaile Átha Gabhann do bhí an t-arm in a
seasamh i lár na sráide agus clog an
tséipéil aghá bhualadh annsan leis. Do
bhí fear in a chomhnuidhe ann a raibh tigh
tábhairne aige agus tháinigh sé amach ag
féachaint cad do bhí ar siubhal. Liam Voss
ab' ainm dó agus do bhí togha na haithne ag
na píléiríbh air mar do bhíodar ana-
mhuinteardha leis na tighthe tábhairne.



“Dia 's Muire dhuit,” arsa an ceann
urraid leis.



“Dia 's Muire agus Pádraig duit,”
arsa Liam.



“An bhféadfá a innsint dom,” arsa an
ceann urraid, “Cad é a chúis abhfuil an
clog san aghá bhualadh?”



“Cadé a chúis ná féadfainn,” arsa
Liam.


L. 12


“Sochraid atá chun a bheith ann is dócha.”



“Cadé an tsochraid?” arsa an ceann
urraid.



“Muise, ní fheadar mé féin,” arsa
Liam, “acht gur sochraid bhreaghdha chreid-
eamhnach éigin a bheidh ann. Ní foláir nó
go bhfuil an-mheas ag na daoine ar an
bhfear bocht, pé hé féin. Féach an sluagh
mór atá ag teacht aníos ag árd an bhóthair.”



Dubhairt an Giobúnach annsan ná fanfadh
sé leis an sochraid agus thug sé órdughadh
don arm bheith ag bogadh. Do chuireadar
díobh soir ó dheas i leith tighe an Breathnaigh
agus nuair do bhíodar ag gabháil síos le
fánaidh an chnuic os cionn locha Chille an
Bháigh, do chonnacadar an sluagh in a ndiaidh
i gcomhnuidhe. Do bhí pící agus ráinní
aca, speala agus tuairghíní agus gach
aon úirlís eile do bhí comhgarach aca.
Liam Ó Catháin, an t-oide scoile, do
bhí ina cheann ortha, caipín cogaidh ar a cheann
agus crios glas ar a ghualainn. Nuair a thug
an ceann urraid fé ndeara go raibh na
daoine ag déanamh ortha do órduigh sé
dos na píléiríbh a ngunnaí do líonadh. Do
chomáineadar leó annsan soir ó dheas
bóithrín na gcloch agus nuair do bhí an
Buithléarach ag cur an fhorfhógraidh fé
dhoras an Bhreathnaigh is eadh rug an sluagh
ortha agus iad go léir de aon ghuth ag
éileamh an bháille nó neachtar aca go
ndoirtfidhe fuil. Níor thug an Giobúnach
aon torad ortha acht órdughadh do thabhairt
dá dhream féin filleadh. Do lean an
sgéal mar sin an fhaid do bhíodar ag dul
thar n-ais Bóithrín na gCloch. Nuair a
thángadar go dtí crosaire Chille an Bháigh do
mheasadar filleadh tre Bhaile Átha Gabhann
acht ní raibh aon dul tríd an gcóimhthionól
daoine do bhí bailighthe rómpa ar an
mbóthar san. Do chaitheadar iompódh ann-
san i leith na láimhe deise bóthar Cnuic an
Tóchair. Ba ghairid síos an bóthar san do
chuadar nuair do bhuaileadar leis an
dTreasach agus a bhuidhin ag teacht ó'n
gcomórtas peile i gCill Chairill fé mar
do bhí socair aca roimh ré. Ní raibh aon
dul tríotha san acht a oiread leis an sluagh
eile agus ba éigean dóibh iompódh i leith
na láimhe clé agus dul isteach i mbóithrín
chumhang Charraige Seabhac. Um an dtaca
so do bhí an dá shluagh ag brúghadh isteach
ar na píléiríbh agus iad ag éileamh an
Bhuithléaraigh níos dána ná riamh. Ní túisce
a chonnaic an Treasach iad ag dul isteach an
bóithrín ná thug sé órdughadh dá dhream féin
dul isteach ms na páirceanna ar an dtaobh
thuaidh de, agus chuaidh dream an Chathánaigh
isteach ins na páirceanna ar an dtaobh
theas. Do bhí na píleírí i dteannta annsan
dáríribh, iad istigh imbóithrín chumhang agus
an sluagh rómpa agus in a ndiaidh, ar gach
taobh díobh agus in a measg, agus gan de
shlighe aca iad féin do chosaint dá mbadh
ghádh dhóibh é. Tháinigh eagla ar chuid díobh
agus do iarradar ar an gceann urraid
iad do leigint amach ins na páirceanna
mar a mbeadh slighe aca na gunnaí do
láimhseáil, acht ba léir dó san go raibh sé ró-
dhéidheanach, mar do bhí na daoine in a
measg agus duine aca chomh gairid sin dó
féin is go raibh lámh aige ar shrian a chapaill.
Do bhí meanma an tsluaigh ag éirghe, agus
dubhradar leis an nGiobhúnach nár bhaoghal
dó féin ná do aoinne dá bhuidhin acht an
báille do thabhairt suas, acht do fhreagair
sé sin go dána ná tabharfadh. Le linn an
chomhráidh sin do bheith ar siubhal do bhíodar
ag déanamh ar Loch Sheáin na mban. Loch
beag é sin atá i lár an bhóithrin agus
fairsingigheann an bóithrín san áit sin.
Thuig an Treasach go dtabharfadh san an
chaoi do bhí uatha dos na píléiríbh agus
dubhairt sé leis féin go gcaithfidhe an
obair do dhéanamh gan a thuille righnis.
Do phreab sé isteach in a measg agus
rug sé ar an mbáille agus do chaith thar
an gclaidhe é agus ar iompódh na baise do


L. 13


bhí sé in a bhrúscar agus in a chosair chró
ar an dtalamh ag an sluagh. Do tharraing
an Giobúnach a phiostal chuige annsan
agus do lámhaigh sé an Treasach agus thug
sé órdughadh dá lucht leanamhna caitheamh
leis na daoine. Nuair do bhí sé i nglothar
an bháis do labhair an Treasach le na chom-
rádaidhthe agus na focail adubhairt sé,
atáid i mbéal na ndaoine indiu. “A
buachaillí mo chroidhe,” ar sé sin, “táimse
ag fagháil bháis acht troididh libh.” Ar
chloisint na bhfocal san dóibh tháinigh confadh
catha ortha. Do chuireadar liúgh uathbásach
asta “Cuimhnighidh ar Bhun Clóidighe” agus
do ghabhadar ag treasgairt na bpíléirí
dá ndeis agus dá gclé, agus leath-istigh
de thrí nómaintí do bhí aon duine dhéag
díobh sínte marbh san mbóithrín i bhfochair
an bháille agus an chinn urraid agus a lán
eile gonta leónta. Tar éis an Treasach do
lámhach don nGiobúnach do iompuigh sé chun
teichthe acht ba ghairid a chuaidh leis nuair do
treasgaradh le tuairghín é. Iad san a
fuair a gcosa do thabhairt leó do theicheadar
le n-a n-anam agus fé chionn ceathramhan
uaire do bhí an bóithrín chomh ciúin agus do
bheadh reilig i gcoim na hoidhche. Níor
marbhuigheadh den sluagh acht beirt eile
idteannta an Treasaigh, an Paorach Ó Chúl
Mór, agus duine de mhuintir fhaoláin do bhí
in a chomhnuidhe i Móinín Ruadh, timcheall
leath-mhíle ar an dtaobh thoir de Chnoc an
Tóchair. Do cuireadh an triúr aca i
gcionn páirce le hais an bhóithrín go dtí
gur chuaidh an saoghal chun suaimhnis arís.
Annsan tugadh an Paorach agus an Faolánach
go dtí reilig Chnuic an Tóchair agus tugadh an
Treasach go dtí seilig Chille Cairill mar ar
cuireadh na seacht sinnsir go ghabh roimhe
agus mar a gcuirtear a mhuintir fós.
Tá sean-fhothrach de shéipéal sa reilig seo
agus istigh ann láimh le na phinniúir do
cuireadh é agus tamall in a dhiaidh sin
do cuireadh leac sa bhfalla ós a cheann.
Tá an féar glas ag fás go tiugh ar uaigh
Shéamuis anois acht mairfidh a cháil agus a
chlú an fhaid is beó fear, bean nó páiste
imeasg Sléibhte na mBreathnach. Innistear
fós, cois na teine oidhche gheimhridh agus fé
na crainn tráthnóna samhraidh, scéal Char-
raige Seabhac agus cionnas mar a thuit an
triúr deagh-laoch úd sa troid i gcoinnibh
an deachmhaidh. Is mó Paidir a chuireann
na seandaoine le n-a n-anam agus na
deóra in a súilibh aca, nuair a chuimhnigheann
siad “Ar na laethibh san am úd fadó
's ar na laochra treaséachtach badh thréanmhar
i ngleó.” Ní mó mórtas aithreacha na
Rómha ag trácht ar gníomharthaibh Horatius
in allód, ná ní mó mórdháil máithreacha
Sparta as gaisce Leonidas i mbealach
Thermopulæ ná an taidhbhse bhíonn ar mhuin-
tir Sléibhte na mBreathnach ag seanchas
cois na teine le na gclainn as an laoch
cródha Séamus óg Ó Treasa. Is mó uisce
do rith fén droichead o shoin i leith, acht tá
muintir Threasa ag obair fós ar son na
hÉireann. Níorbh é Séamus an t-aoinne
amháin den tsloinne sin a thuit sa chath.
Do thuit fear eile, agus ní ró-fhada ó shoin
é, acht ní gádh a ainm do luadh annso mar
tá sé imbéal gach aoinne. Ar dheis Dé
go raibh a n-anmanna agus anam gach aoinne
thug fuil a chroidhe ar son na hÉiréann.



Níorbh fhada gur leath an scéal mór-
thimcheall agus fé cheann trí n-uaire an
chluig do bhí Muiris Reid giúistís an cheann-
tair ar fhaithche an bhuailte agus thug sé na
trí cuirp déag go dtí a thigh féin. Na
píléirí do bhí gortuighthe do fhág sé i sean-
scioból le muintir Tennyson iad agus
tháinigh Dochtúir Peele aghá bhféachaint. Do
fhill formhór na ndaoine abhaile acht do bhí
eagla an dlighe ar chuid aca agus thugadar
béal an tsléibhe amach ortha féin. Do
bhí duine des na Braonánaigh ar a theicheadh
ar feadh sé mhí ins na fraightheachaibh i
séipéal Dhúna Imeagáin. Thug cuid aca


L. 14


tamall i ráith agus i sean-chaisleán Chille
Cairill acht do éirigh an tóir ró-dhian agus
do theicheadar go dtí áiteanna cúlánta.
Níor ghan chúis do theicheadar mar do
gabhadh cúigear agus fiche agus do cuireadh
i gCarcair Chille Cainnigh iad go dtí an
Márta do bhí chughainn. Do gheóbhfaidhe a
lán eile, acht ar ádhmharaighe an domhain,
thárla protastúnach in a chomhnuidhe i gCnoc
an Tóchair do bhí an-mhór leis na daoinibh,
agus do bhíodh se i gcomhnuidhe i bhfochair
na bpíléirí sa mbearaic. Ní raibh aon
droch-amhras aca air sin, agus dá bhrigh sin
do airigheadh sé gach aon órdughadh a tugtaí
dhóibh. Aon uair do bhí aoinne le gabháil do
chuireadh sé na scéala chuighe roimh ré agus
do bhíodh a dturas in aistear ag na píléiribh.



Do bhí a fhios aca go maith go raibh Liam
Ó Catháin i mbun agus i mbárr na h-oibre
go léir de chionn an chaipín chogaidh agus
an chreasa ghlais do bheith air, agus ba léir
do chách gurbh í an chroch do bhéarfadh é dá
bhfuighdís teacht air. Fear ó Chonntae
Ceatharlaigh do ba ead é ná raibh ró-fhada
in a chomhnuidhe san áit agus tháinigh eagla ar
mhuintir na háite go scéithfeadh sé ortha
chun é féin do shaoradh dá mbeadh an chúis
ag dul in a choinnibh. In a theannta san
do chuir lucht an dlighe an scéal mór-
thimcheall go bhfuighbheadh sé féin párdún
acht a chomráduidhthe do dhíol. Dá bhrigh sin
dubhradar leó féin go gcaithfeadh sé dul thar
sáile mar do bhíodar ceaptha gan a muinighin
do chur in aoinne acht ionnta san a rugadh
agus a tógadh sa cheanntar. Dá aimhdheóin
sin do fhan sé dílis dóibh agus i gcionn
breis agus ráithe de anró agus de chruadhtan
(do bhi sé ar a theicheadh ar feadh na haimsire
sin) fuair sé árthrach i gCuan Phortláirge
a thug go dtí Aimeirice é. Nuair do bhí
sé ag fágaint na hÉireann do cheap sé
amhrán breaghdha ar a dtug sé “Slán an
Chathánaigh” agus ar ar cumadh de amhráin
ar Charraig Seabhac is é sin an ceann is
fearr agus is deise.



Na chúig duine dhéag do gabhadh, do
coiméadadh i bpríosún Chille Cainnigh iad
go dtí an Márta do bhí chughainn. Do
triaileadh annsan iad agus do measadh cóir
máireach iad do thabhairt cionntach. Do
dhearbhuigh píléirí go leór ortha agus do
imreadar as láimh a chéile in a gcoinnibh, acht
ní raibh aon mhaith dhóibh ann, cé gurbh iad
féin do thoigh na coisteóirí. Fiadhnaise
bhréige í go léir gan dabht acht ba chuma leó
san.



Ba mhinic roimh an chath san do iarr
Domhnall Ó Conaill ar an Riaghaltas
Gallda deireadh do chur leis an deachmhadh,
acht isé freagra do gheibheadh sé i gcomhnuidhe
ná go gcaithfidhe an dlighe do chur i bhfeidhin.
Dhá lá in a dhiaidh do chuir an Riaghaltas
uatha féin scéala ar fuaid na hÉireann
na héileóchthaí an deachmhadh feasta. Do
lean na ministrí agá éileamh go cionn
tamaill in a dhiaidh sin, acht ní raibh aon
mhait dhóibh ann nuair ná raghadh an t-arin
ag tionnlacan an bháille dhóibh.



“Tar éis bliadhanta 'na gcéadtaibh i ngéar
bhruid 's i n-anchruth,
Go dubhach 's go déarach ad' ghéarghoin go
scalaideach
'S tú id' chadhan bhocht le doimhin-chnead
id' chlí;
Tar éis íosbairt fé dhaoirseacht, cam-
dhlighthibh 's éagcóir,
Ag fealladh ort go fíochmhar 's tú ag
síorthál na ndeór,
Níorbh fhéidir thú chlaoidheamh, is ní chlaoidh-
fid go fóill,
A Múirnín 's a rúin dhil mo chroidhe.”



“NAOISE.”


L. 15


AN t-ATHAIR SEAMUS Ó CEALLACHÁIN.



Ní fheadar an bhfeaca éinne riamh easbog
ag gol! Deirtear go mbíonn croidhe
cruaidh acu. Pé scéal é, do chonnac féin
easbog ag gol nách mór. Seo mar do
thárla. Bhíos ar shochraid an Athar Séumas
Ó Ceallachain. Agus tar éis na sochraide
do bhí lón beag againn. Bhí an t-easbog ann
agus bhí an sagairt go léir ag cainnt ar
chursaíbh an tshaoghail bhrónaigh a bhí againn
i nÉirinn. Seadh, bhíos féin i n-aice an
easboig, agus bhíos ag cainnt le sagart mar
gheall ar rud éigin. I lár ár gcainnte
dubhairt an t-easbog: “Sagart ana-
mhait b'eadh é.” “Sagart ana-stuamdha
ab' eadh é.”



B'uraiste thuigsint nár chuir an t-easbog
éan tsuim í n-ár gcuid cainnte agus gur ar
an Athair Séumas do bhí sé ag machtnamh.
D'fhéachas ar aghaidh an easboig. Ní raibh
éan deór len a shúil, ach ba léir do ghach
éinne go raibh sé brónach na chroidhe. Bhí
meas mór agam ar ár n-ollamh léigheanta
riamh .i. Dochtúir Domhnall Ó Cochaláin.
Agus is móide mo mheas air tar eis
cúrsaí an lae sin.



Bhíos féin agus Séumas ana-mhór le
chéile. Bhíomar i dteannta a chéile seacht
mbliana i Magh Nuadhat agus b'é ba ghiorra
dhamh-sa 'sa rang. Bhí aithne mhaith agam
air da bhrigh sin. Ach is greannmhar an
scéal é gur deacair cunntas a scrí ar
charaid. Do scríobhas aiste ar bheathaidh an
Athar Eoghan Ó Gramhna, atá fiche éigin
bliain ann o shoin anois, agus ní raibh éan
aithne agam air ná éan eólas puinn agam
ar a bheathaidh. Is dócha go raibh samhlaidh-
eacht tréan agam an uair sin, agus ní feabhas
a thagann ar an samhlaidheacht le haois.



Mar gheall ar sin, ní féidir liom éan
ní a cheapadh mar gheall ar Shéumas an
fhaid a bhí sé i Magh Nuadhat, ach amháin an
fhírinne ghlan d'innsint — ná raibh éan tréith
fé leith aige seachas mar a bhí ag na macaibh
léighinn eile. Agus is geall leis mar a
chéile gach éan mhac léighinn i Magh Nuadhat.
Daoine diadhasamhla is eadh iad go léir,
agus duine diadhasamhail b'eadh Séumas
thar na beartaibh. Duine breagh mín mac
ánta ab' eadh é nár dhein troid ná aighneas
riamh. Ní raibh bárr inntleachta aige, agus
dá bhrigh sin, ní raibh sé n-a Luke Delmege
i Magh Nuadhat. Ach bhí éirim mhaith aigne
aige, agus le duthracht agus le stuidéaracht, is
beag duine 'sa rang a bhí chomh cliste leis
i ngnó an tshagairt nuair a bhí a théarma
caithte aige i Magh Nuadhat.



Do deineadh sagart de i Meitheamh an
tSamhraidh 'san mbliain a 1908, agus ón
lá san go dtí lá a bháis níor bhuail sé
umam ach go hannamh. Níor mhothuigheas
éan atharú air ach go raibh sé ag féachaint
níosa threise agus níosa théagartha ná mar a
bhíodh sé i Magh Nuadhat. Bhí sé i bhfad
níosa phléisiurdha agus níosa shultmhara leis.



Nuair a bhí Séumas i Magh Nuadhat, is
minic a chuimhnuighias go raibh ana-chosamh-
lacht aige leis an ragart mór uasal
Dochtúir Ó Hiceadha. Is dóigh liom ná
feaca éinne againn riamh ár n-ollamh re
nGaedhilg ag gáiridhe um éan ní riamh, bhí
sé chomh stuidéartha san agus chomh mór san i
ndáiríribh. B'é a dhuthchas bheith stuidéartha,


L. 16


agus ní bheadh éan mheas againn air dá mbeadh
sé ar a mhalairt de chuma. Bhí Séumas ana-
stuidéartha leis. Ach is é mo thuairim
láidir gur mhi-nádúrtha dho bheith mar sin
agus gur bh'amhlaidh ná raibh a shláinte ar
foghnamh aige i Magh Nuadhat. Ach nuair
d'iompuigh sé amach ar shagartóireacht
tháinig feabhas ar a shláinte, agus do bhris a
dhuthchas ceart amach — bhí sé 'na dhuine
bhreágh shultmhar phléisiurdha. Sin é an
meas a bhí ag na daoine go coitcheannta
air, pé scéal é.



Ní hiongna, dá bhrigh sin, go raibh na
daoine ins gach éan pharóiste ina raibh sé
an-cheanamhail air. Daoine bochta is eadh
furmhór muinntire na hÉireann agus ní maith
leo sagart uaibhreach. Sin mar adeirid
siad pé scéal é. Ní raibh an t-Athair
Séumas mór ann féin ach go breágh umhal
macánta.



Daoíne fé leith is eadh sagairt. Daoine
le Dia is eadh iad. Agus obair fé leith a
bhíonn ar siubhal aca, obair spriodálta.
Is beag éan bhaint a bhíonn aca le gnothaíbh
saoghalta agus mar gheall ar sin, ní bhíonn a
n-ainm i n-áirde os comhair an tsluaigh.
Gheibheann a bhfurmór bás gan chlu saoghalta.
Agus cuireann sé sin i gcuimhne dhom scéal
Seáin Mhic Chormaic, an t-amhránaidhe go
bhfuil a chlu scaipithe ar fuid an domhain
anois. Ba dhóbair do teacht go Magh
Nuadhat 'n-a mhac leighinn an bhliain chéadna
gur tháinigh Séumas Ó Ceallacháin ann. Ach
níorbh é thoil dé é, agus i n-ionad é bheith 'na
shagart óg, gan chlu gan ainm, i n-áit
éigin iargcúltha i gCondae Sligig, tá sé ar
an amhránaidhe is mó clú agus cáil ar fuid an
domhain anois agus an saidhbhreas go léir aige.
Ach chíonn Dia a lán níd ná feiceann
daoine, agus tá a fhios aige amháin an méid
saothair a dheinid sagart chum anamann do
shábháil. D'airigheas go mbíod an t-Athair
Séumas de shíor agus de ghnáth ag obair
imeasg na ndaoine mbochta 'sa chathair, agus
gur mó duine do bhí ag leanmhaint beatha
bun os cionn do chuir sé ar bhothar a leasa.



Agus is éol do ghach éinne 'san Mhumhain
go raibh a ainm i n-áirde mar gheall ar
a chuid saothair ar son aithbheochaint na
Gaedhilge. Bhí toghadh na Gaedhilge aige
féin, mar d'fhogluimigh sé i Magh Nuadhat
é, agus ón lá deineadh sagart de go lá a bháis,
bhíod sé gá múineadh d'óg agus sean.



Is mór an méala a bhás do chúis na
Gaedhilge i gCorcaig, agus tá brón mór ar
gach Ghaeidhilgeóir ann 'n-a dhiaidh. Bhí ard-
mheas agus cion aca go léir air. Is crádh
croidhe dhúinne, a cháirde go léir, go bhfuil
sé sínte 'san uaigh gan luth, gan anam agus
ná cloisfeam go bráth arís a ghlór binn
Gaedhealach.



'Sí uair dheirineach do chonnac a bheathaidh
é ná ag an seanmóin Gaedhilge a bhí againn


L. 17


lá 'Le Pádraig anuraidh i mor-theampull
Corcaighe. Is lag a shaoileas an lá san
go mbeadh sé 'na chomhra i gcionn mí 'na
dhiaidh sin 'san teampull chéadna, treas-
cartha ar lár le piléaraibh na nGall agus a
chorp seang séimh, stracaithe, stollaithe
brúighte. Fuair muinntir Corcaighe agus
muinntir na hÉireann uile anaithe agus
scannradh i mí an Aibréain anuraidh, nuair
a léigheadar 'sa pháipéir connas mar do
marbhuigheadh an t-Athair Séumas Ó Ceal-
lachain le ropairíbh ghall i gCorcaigh, in
am mharbh na hoidhche, an sagart uasal séimh
nár dhein dioghbháil do dhuine ná d'ainmhidhe
riamh.



Do baineadh preab mór asam féin,
ní nárbh iongna, nuair a léigheas cúnntas
a bháis agus níor fhéadas gan ghol go fuidheach.
Bhíos ar sochraid a lán sagart, agus ní fheaca
daoine riamh ag sileadh deór ann. Deirid
na daoine nách ceart bheith ag gol a ndiaidh
sagart, mar gur daoine le Dia iad agus
go dtéidheann a n-anam láithreach bonn go
Flaithis Dé tar éis faghbháil bháis dóibh.
Ach cheana, bhí gach éinne a bhí ar shochraid an
Athar Séumas go brónach ag sileadh deór,
go mór mór na páistí scoile.



B'é tuairim gach éinne go raibh an
t-Athair Séumas ana-naomhtha, bhíodh sé
ag paidreóireacht i gcomhnuidhe. Do mhair
sé uair no dho a chloig thar éis é lámhach, agus
do chuala nár stad sé ach ag paidreóireacht
i nGaedhilg nó go bhfuair sé bás. Agus ba
ghlórmhar an bás é sin. Is mór an sólás
dá chomhgus gaoil agus dá cháirdibh go léir go
bhfuair sé bás ar son Creidimh Críost agus ar
son Saoirse na hÉireann.



CARA.



“Obair é seo a caithfear a dhéanamh má
tá feabhas le tigheacht ar an saol — an
tsainnt shaolta agus an fuath agus an t-éad a
náiriú agus a mharbhú, agus beodhas na spioraide a
dhúiseacht. Agus b'fhéidir le Dia go bhfuil
i ndán d'Éirinn bheith páirteach ins an
obair sin. Ach má tá aon éifeacht le
bheith i gclainne Gaedheal le n-aghaidh sin,
ní mór buaidh agus spioraid an náisiúin a
chothú ar dtúis le stair na tíre seo agus
le stair na Críostuidheachta ins an tír agus
go mór-mhór leis an nGaedhilg atá chomh
fighthe isteach leo, is fearr a déanfar seo.
Tá saol nuadh rómhainn i n-Éirinn agus
beidh ar an mhuintir a bhéas i gcúram an
oideachais amach annseo aire a thabhairt
dó go gcuirfear an obair sin 'un cinn” —
Iris leabhar na h-Ollsgoile, Baile-Átha-
Cliath.


L. 18


I MEASG NA nGAEDHEAL AG
MUIGH NUADHAT.



Má's maith le léightheóirí an Irisleabhair
stuidéar a dhéanamh ar chorta-cainnte maithe
nú ar ghraiméar ceart na teangan, iarraim
ortha gan an aiste seo a léigheamh mar
caillfar ortha. Gheobhfar síos annseo
cúntas beag ar an spioraid a bhaineann le
h-obair na Gaedhilge 'san gColáiste seo
'gainne. B'fhéidir ná tuigfeadh stróin-
séar brígh na h-aiste seo ach níor chuala
ríamh gur cuireadh an t-Irisleabhar i gcló
ar mhaithe le daoine iasachta. Aiste dos
na macaibh léighinn í seo aiste dos na
sagairt óga is eadh í leis. Cuirfidh sé i
gcuimhne dhóibh na laetheanta geala a bhíodh
aca agus iad ag obair ar son na Gaedhilge
i gCuallacht Chuilm Chille. Beidh áthas 'na
gcroidhthibh go bhfuil an sean-spiorad go
beó bríoghmhar 'nár measg fós, agus
gurb' amhlaidh atá sé ag dul i dtreise i
n-aghaidh na mbliadhanta.



Ní thuigfeadh aon mhac léighinn cad is
fíor-shult ann muna rachadh sé isteach i
gCúirt na nGaedheal. Tráthnóna Domhnaigh
bailigheann na micléighinn isteach i halla na
diadhachta is bíonn caitheamh aimsire agus
oideachas le céile aca ar feadh uaire a
chluig. Ba mhaith liom cur síos ar imtheachta
oidhche áirighthe go rabhas istigh. Ar dhul
isteach dom chonnac na buachaillí go léir
'na suidhe ar na bínseachaibh agus b'iad a bhí
lúthgháireach sona. Ní raibh le clos ó gach
taobh ach “teanga na mílte fada bliadhan.”
Thugas fé ndeara macléighinn mór láidir
(bail ó Dhia air) ag dul ó bhuidhin go
buidhean agus ghá iarraidh ar dhuine annso
agus ar dhuine annsúd amhrán a rádh.
Thug duine leithsgéal — bhí slaghdán air,
adubhairt sé. Ó, a shlaghdáin nác mór a
deintear id' ainm-se! Sa deire d'eirigh
macléighinn chun amhrán a rádh is geallaim-
se dhuit ná raibh slaghdán air, óir thug sé
amach “Cruacha Glasa na h-Éireann” go
binn milis. Chabhruigheamair go léir leis
an gCurfá agus is beag duine a bhí istigh
ná raibh ag cuimhneamh ar chruach éigin i
nÉirinn agus ar na daoine b'annsa leis,
'na gcómhnuidhe i bhfad ó Chúirt na nGaedheal.
Níor chuala riamh amhrán Gaedhilge nár
cuireadh mo bhaile féin i gcuimhne dhom
agus is mar sin d'á lán daoine.



Glaodhadh ar Thomás. Cad é an t-amhrán
a déarfadh sé? “An Trucaillín Donn,”
arsa sinn go léir. Dá bhfeicfeá an Chúirt
annsan — “Óro, bog liom é, druid liom
é, corruig liom é.” Bhí áthas orainn sean-
sgéal an bhobbaidhe agus na trucailleach a
chlos agus ar an slighe 'nar cuireadh deich
sgilling ar an nGaedheal bocht toisg a
ainm a bheith sgríobhtha aige ar an gcárr
'san Ghaedhilg. Tá a mhalairt de sgéal ann
indiu. Thug Seán amhrán breagh dhúinn ar
Theanga na h-Éireann. Is maith an sás
chuige é, agus is iongnadh liom nár cuimhnigh-
eadh air roimhe seo. Tá ciall cheannaigh 'na
thaobh againn anois.



Annsan d'fhógair Seán, Cathaoirleach, go
mbeadh oidhche sgoruidheachta againn sar i
bhfad; go mbronnfí “Scríbhinní Phadraig
Mic Phiarais” ar an té d'inneosadh an
sgéal ab fhearr. Chuir sé an t-adhbhar
conspóide seo os ár gcomhair — “Gur
tairbheac an rud é an t-ólachán do dhíbirt
ar fad as Éirinn.” Ní raibh an focal
“Éirinn” ráidhte aige nú gur éirigh


L. 19


“Bob” 'na sheasamh. Chualamair blas bog
na Mumhan, srúth-chainnt líomhtha mhilis,
óráid ghunta mhacánta. Dubhairt sé nár
cheart deire a chur le réim na leanna
duibhe; mar cad a dhéanfadh seanduine
bocht is é ag bailli-chrith lá aonaigh, cad a
thabharfadh slighe bheatha do lucht na dtighthe
tábhairne, cad a chuirfeadh an t-anam arís
'san té a bheadh tuitithe i bhfanntais — cad a
déanfí i n-ao' chor dá gcuirtí deire ar
fad leis an ólachán?



Ní raibh Pilib ar aon aigne le “Bob”
i dtaobh na ceiste. “Solvitur ambu-
lando,” “ars' eisean. Cuireadh dlighe i
bhfeidhm i bPoblacht Mór an Iarthair chun an
ólacháin a dhíbirt ar fad agus “parr-
thas ar thalamh” a bhí aca ann ó shoin. B'shin
mar a chualaidh sé féin ó shagart a tháinig
abhaile; agus ná fuil fhios ag an saoghal
ná h-inneosadh sagart bréag. Láithreach
ball, dubhairt Seosamh gur airigh sé ó
easbog Punncánac gur mó daoine a
chífá ar meisge 'san Oileán Úr i n-aon uair
a chluig amháin ná mar a chífá i n-Éirinn i
rith bliadhna. Is maith is eol dos na
diadhairíbh ón dtráchtas ar an Eaglais gur
mó go mór an t-úghdarás a bhaineann le
cainnt easbuig ná le cainnt sagairt.
“Beidh a fhios san agat-sa tar éis bliadhna
nó mar sin,” arsa Seosamh ag féachaint ar
Philib, feallsamh.



Dubhairt Tomás gur léigh sé an litir a
sheól Naomh Pól chun Taidhg Naomhtha agus
gurbh í cómhairle a bhí innte ná gur cheart do
Thadhg gloine fíona d'ól anois is aríst ar
mhaithe le n-a ghoile. Dá bhrígh sin gur mhaith an
rud an t-ólachán agus nár cheart d'aoinne
a rádh gurbh olc ar fad é, gur bheag tairbhe a
dhein an dlighe díbeartha 'san Oileán Úr
mar go raibh an “biotáille tráchtála”
níos measa aca anois ná mar a bhí an sean-
fuisgí riamh agus “geallaim-se dhaoibh,”
ar seisean, “go bhfuil sé daor ortha a
bheith ag faire lucht na scórnaighe tiorma.”



Annsan do labhair Eóin do ghuth cheólmhar
agus ba léir dúinn go raibh sé dáiríribh.
“Ceist thábhachtach í seo,” ar seisean,
“ceist atá ag baint chodlata na h-oidhche ó
ollamhain léigheanta is ó thir-ghrádhuightheóirí
dútrachtacha agus ba cheart is ba chuibhe go
ndeanfí í chíoradh is í chur tré chéile go macán-
ta. Triaileadh gac leigheas chun na díobhála a
bhí ag an ólachán á dhéanamh a laghdú. Ach ní
raibh aon tairbhe i n-aon leigheas ach an
t-ólachán a dhíbirt ar fad ón dtír agus
imtheacht gan teacht air, leis. “An té ná
h-ólann ac uisge ní bheidh sé ar meisge.”
Is mó fear stuamdha calma a cuireadh
ar lár ag an ólachán. Is mó clann sheasgair
shona a chuaidh ar bhealach a n-aimhleasa dá
bharr. Féach an crot atá ar na bailtibh
móra i n-Éirinn, níl le feiscint ag an
stróinséar ionnta ach tighte tábhairne.
Fairíor, nách truagh chráidhte sinn, is go
gcuiridh Dia dlighe dibeartha an ólacháin
gan mhoill cughainn.



D'aontuigh Pádruig le h-Eóin 'san
gcuid ba mhó d'á chainnt ach mar sin féin b'é
a thuairim nár cheart an t-ólachán a dhíbirt
ar fad ach gur thairbheac an rud é cuid
mhaith des na tighthibh tábhairne a dhúnadh.
Bhí Muiris ag éisteacht le Pádruig go
cúramach, chroith sé a cheann anois is arís,
d'fheuch sé idir an dá shúil ar Phádruig
uair agus, ar seisean, “Maith an fear, i
maite” Uair eile dubhairt sé rud as
Beurla — Dia idir sinn agus an t-olc!
ach b'fhéidir nác ón a chroidhe a dubhairt sé é.
Nuair a shuidh Pádruig, bhí coinne agam le
cainnt chiallmhar chóir ó Mhuiris ach d'fhan
sé 'na thost. Is dócha go mbeidh “lá eile
ag an bPaorach.”



Bhí deire leis na h-argóintí go léir
agus bhí orainne, lucht éisteachta, ár mbreith
a thabairt ar an gceist de réir feabhais
na díospóireachta. D'éirigh “Bob.” Ba
dheocair deoch a choimeád ón té go raibh
mian múchta tarta aige agus 'san Oileán


L. 20


Úr, is mó sgeimreacht a cuireadh i bhfeidhm
chun an tart mór a shásamh. Bhí an staid
deireanach níos measa ná chéad staid.
Annsan do chaith sé stac-fhéuchaint ar an
“nduine uasal thall,” d'iompuigh chun an
Chathaoirligh agus ar seisean go solamhanta.
“Omne ens est bonum.” Ens is eadh an
t-ólachán agus dá bhrígh sin, rud maith is
eadh é.” Thugamair ár mbreith agus ba
dhóigh leis an bhfurmhór gur dhein lucht
séanta na dlighe díbeartha na h-óráidí ab'
fhearr agus gur aca san a bhí an lá.



Ní fhéadfá deagh-chroidhe is flaitheamhlacht
na nGaedheal a thuisgint gan a bheith na
measg agus eólas agat ar theanga ár
sinnsear. Tá spiorad fé leith ag baint
leo, spiorad naomhtha is eadh é, ní bheidh
fhios ag an mBeurlóir go deó cad é an
saghas é. Tá an spiorad san le fághail
sa Ghaedhealtacht fós agus is léir gur mar a
chéile í agus an saoghal a bhíodh ages na
Gaedhil i n-Éirinn fad ó. Tá cur síos
ag Mrs. Green ar an saoghal so 'san leabhar
a scríobh sí ar Sheana-Éirinn agus 'si seo
an Ghaedhilg a chuir ár n-ollamh féin, an
t-Athair Gearóid Ua Nualláin, ar an
mBéarla: —



“Is amlaidh a thuigeadar na Gaedhil an
nádúir dhaonna agus an gádh atá le caradas
i measg daoine; bhíodar sultmhar sochma
le céile; is mó rud a bhí aca chun ceangail
charadais do shnaidhmeadh eatortha; ins na
neithibh a bhaineann le h-aigne is le h-intinn
an duine bhíodar beodha bríoghmhar beacht;
agus rud ba mhó le rádh ná iad san go léir,
bhí oiread san suime aca i bhfoghluim agus
ins an uile rud a chothóchadh beatha na
h-aigne ná féadfadh aoinne a chífeadh iad
gan uraim a thabhairt do'n aigne is do'n
fhoghluim.”



B'shin é an sean-spiorad a bhíodh ages
na Gaedhil agus a dteanga féin aca;
sin é an spiorad atá i measg na nGaedheal
ag Muigh Nuadhat indiu.



“MÍCHEÁL”



TRÁTHNÓNA SAN EILIBHÉIS.



“Cuir an ghrian na mílte beann ar
dearg-lasadh. Rinne sí ór lonnrach de'n
tsneachta gléigeal ar bharraibh na gcnoc.
Rinne sí bóithríní dearga 'n-a leicnibh.
Chuir sí sgátháin ag lonnrughadh ar nos an
chriostail 'na taobhaibh. Tháinigh lóchrann
glóire uaithe aniar cuig gach cnoc is beinn
le sgéala go raibh sí le n-a bhfágáil go
maidin fá shoillse na gealaighe agus fá
réaltaibh na h-oidhche. Bhí a ghaethe dearga
mar bhéadh teachtairí idir dhá cheann an
domhain. Tháinigh frasa deór ón sneachta
le cumha n-a dhiaidh. Agus nárbh áluinn
na deóra iad! Bhí gach braon comh lonnrach
soillseach is dá dtigeadh drúcht óir anuas
ó neamh. Tháinig dath buidhe-dhearg ar na
néalltaibh a bhí mar bheadh lomraí móra
olna i spéarthaibh an Domhain Thiar.” —



Seilg i measg na n-Alp.


L. 21


AN LÁ DEIRINNEACH SGOILE.



(SGÉUL SCOLAÍRÍN BHIG.)



An maidean sin bhíos an-dhéidheanach ag
dul ar sgoil, agus eagla an domhain orm
go bhfuighinn léasadh, go mór-mhór mar bhí
an sean-mháighistear Finghín Ua h-Eidiris-
geól tar éis á rádh linn go gceisteóchadh sé
sinn ar na briathairibh agus, mar ba ghnath
liom, ní rabhadar agam i n-aonchor. Ní
h-aon iongnadh gan deabhadh orm, ambasa.
Ar dtús agus mé ag gábhail an bhóthair
do rith sé isteach im-aigne gur maith agus
gur fóghanta an rud é éalúghadh ó'n sgoil
agus imtheacht treasna na bpáirceanna go
Coill-Cille ar lorg neadacha nó síos go
dtí an Abha-Bhuidhe ar lorg bricíní. Acht
mar sin féin níor éaluigheas, cé gur
bhreágh é an lá agus gur raibh an ghrian ag
soillsiúghadh go h-áluinn. D'fhéudas an
traona do chloisint ag críc-creáich do féin
ar an dtaoibh eile de'n chlaidhe. An londubh
agus an ciarrseach ag canntain ins na
scairtibh agus an fhuiseóg ag ceileabhaireacht
sa spéir. Do chonnach camtha na Sasanach
leath-mhíle uaim ar mo lámh-chlé agus mé
ag cur an bhóthair go tuigh díom, agus
chualadh na saighduirí Gallda agus iad ag
déanamh glacaidheachta ar mhín-mhacaire
Mhaighe-Fhlaithibh.



Do leanas orm. Direach agus mé ag
gábhail thar bhearraic na saighduírí sa
sráid do thugas fé ndeara sgata daoine
bailighthe os cómhair fógra éigin ar fhalla an
tighe ar chúinne na sráide. B'shin é an áit
go bhfuair na daoine gach droch-thuairisge i
dtaoibh a dtíre, le dhá bhliadhain, na briseadh
catha na sraithe agus na cíosa. “Cad é
seo ortha anois?” arsa mise ag gabháil
thar bhrághaid dom.



“Óch! Ná bhíodh a leithéid de dheabhadh
ort, a mhic ó,” arsa Míceál Gabha. “Beidh
tú ar sgoil i n-am tráth.”



Cheapas gur abh ag magadh fúm a bhí sé.
Do chomáineas liom agus shroiseas an
sgoil agus mé ag séideadh go saotharach. Gach
maidean do bhíodh gleó agus fothramh an
domhain ann sar a thosnúightí ag obair:
bheidhís ag bualadh na suídheachán ag bogadh na
mbínnsí agus ag fogluim ós árd ceachta
an lae ag filleadh agus ag aith-fhilleadh ar
na focalaibh airís agus airís eile; agus
i lár an rí-rá seo go léir do bhíodh an sean-
mháighistear ag spaisteóracht suas síos
an úrlár agus an tslaitín taithfhéithleann 'ghá
bhualadh ar na suidheacánaibh aige agus é
'ghá rádh —



“Éistigidh, a bhuacaillí, bídhidh 'nbhúr
dtost.”



Do bhíos ag brath go bhfuighfinn m'áit
féin do bhaint amach i measc an toirmisc
seo i gan fhios do'n mháighistear. Acht,
mo léir! an maidean seo díreach, bhíodar
chómh chiúin chómh suaimhneasach gur dóigh le
duine gur maidean Dhomhnaigh a bhí
againn. D'fhéuchas isteach an fhuinneóg.
Bhí na scoláirí go léir 'na suidhe, gach
buachaill ar a shuidheachán féin agus Finghín
Ua h-Eidirisgeól ag siubhal síos suas an
séomra agus an slaitín millteach fé
n-osgail aige. B'éigean dom an doras
d'oscailt agus dul isteach sa sgoil i lár
an tsuaimhnis uathbhásaigh sin. Geallaim
dhuit go rabhas ar lasadh go bun na gcluas
agus ná raibh a leithéid d'eagla riamh orm.
Cheapas go raibh mo phort seinnte. Acht


L. 22


bhí breall orm an babhtha seo. D'fhéuc
an máighistear orm gan rian feirge na
cochaill air agus dubhairt sé go binn
mhilis.



“Rith leat go dtí t'áit, a Pháidín
Bhíomar cun tosnúghadh a dheanamh i
d'eaghmais.”



Do chuadhas de léim thar bhinnse agus
shuidheas ar mo shuidheachán féin. Is annsan
do thugas fé ndeara ná raibh a ghnáth-
éudaigh ar Fhinghín. Bhí a chasóg sróill air
agus a bhríste ghlas go raibh na cnaipíní ar
leath-thaoibh air agus a charabhath dubh ná
chuireadh sé uime acht amháin lá an chigire
nó lá tugtha amach na nduaiseanna. Rud
eile, bhí rud éigin neamh-coitcheannta agus
solamhanta ar an rang go léir. Acht b'é
rud ba mhó a chuir iongnadh orm ná cuid
mhaith de shean-daoinibh na h-áite d'fheicsint
ag bun an tseómra agus iad 'na suidhe
ar bhinnsibh fé-leith, chómh sámh chómh socair
chómh suaimhneasach linn féin. D'aithnigheas
Seumas Crón, an sean-siúinéir, ortha,
agus Tadhg Tóibín an táilliúr, an t-é
ba shine sa pharóisde, agus Seán Ua
Súilleabháin an gréasaidhe; aprún leathair
air; céir ar a mhéireannaibh; spéuclaí
móra troma árduighthe ar a éudan aige.
De réir gach deallraimh bhí brón agus
buaidheart agus briseadh chroidhe ortha ar
fad idir óg agus aosta. An fhaid agus a
bhíos ag deanamh iongnaidh de'n mhéid seo
go léir, bhí an máighistear tar éis dul
suas ar a shuidheachán féin agus labhair sé
leis an nguth binn-ghlórach mhilis chéudna —



“A cháirde, sé seo an uair deireannach
go ndéanfadsa sibh-se do mhúineadh. Tá
an t-órdúghadh tar éis teacht anall ó
Lunduin Shasana ghá rádh gan acht Béurla
do mhúineadh ins na sgoilleannaibh as so
amach… Beidh an máighistear
nuadh annso chúghaibh amáireach. 'Sé seo
an ceacht deireannach a bheidh agaibh san
Ghaodhluinn agus ar a shon sin iarraim
oraibh togha an aireachais do thabhairt dom.”



Do chuir an cúpla focail sin iongnadh
mo chroidhe orm. Na cuirpithigh! b'shin é a
bhí sa fógra úd. Mo cheacht deireannach sa
Ghaodhluinn! Mise gur b'ar éigean
d'fhéudas é sgríobhadh! Agus, mo bhrón!
ní bhéadh an caoí agam anois chuige. Is
orm-sa a tháinig an cathúghadh agus an
croidhe-bhrúghadh mar gheall ar an am a bhí
caillte agam ar lorg neadacha ins na
coilltibh agus ag sleamhnúghadh ar an leach-
oidhir sa móintéan. Agus mo leabhair
gurb' ualach liom iad d'iomchur go dtí so,
mo ghraiminéir, mo leabhar tír-éolais,
agus mo Stair-cheachta, b'shean-cháirde anois
iad agus ba leasg liom imtheacht uatha.



B'shin é díreach an údháltha agam i dtaoibh
Finghín boicht. A rádh gur b'éigean dó
imtheacht agus ná feicfinn airís é! Le
neart dubhróin do dhearmhadas gach cóir-
úighadh agus gach buille slaite a fuaireas
riamh uaidh.



An duine bocht! Is i n-onóir do'n
rang deireannach seo a chuir sé an culaith
éudaigh nuadh uime agus is anois a thuigeas
cad ar a shon go raibh sean-daoine na
sráide tar éis teacht agus suidhe síos ag
bun na sgoile. Bhí cathúghadh a gcróidhe
ortha nár thángadar go minic go dtí an
sgoil agus b'shin mar a ghabhadar a mbuidhea-
cas le n-ár máighistear mar shásamh ar a
dhílse is ar mhúin sé an t-aos-óg le dachadh
bhliadhain.



Bhí mo cheann tré 'na chéile leis na
smuainthibh seo nuair do glaoidh Finghín Ua
h-Eidirisgeóil ar m'ainm. Bhí orm an
ceacht a thabhairt amach. Do thabharfainn
an saoghal acht é do bheith de ghlan mheabhair
agam gan botún gan tuathal; acht do
tháinig mearbhall aigne orm ag an dara
líne. Do stadas. Níor fhéudas focal
a labhairt. Bhí ceist agus ceann-fé orm.
Thosnuig mo chroidhe ag preabarnaigh im'


L. 23


chléibh. D'eirigh luisne i'm cheannachaibh le
náire. Thánaig deóra im' súilibh le neart
chráibhteachta. Bhí mo ghiall ag crith agus mo
bhéul ag bogadh chun ghuil. Annsan do
chualadh an máighistear ag cainnt. “Ní
thabharfad aon challaireacht dhuit an
t-am seo, a Phaidín, a chroidhe liom, badh
choir go mbéadh do dhóithin phionóis ort
cheana féin. Acht seo mar adeir sibh
i gcómhnaidhe. Óch! Aidhe! tá mo dhóithin
aimsire agam. Déanfad é d'fhoghluim
amáireach.” Agus féuch anois cad tá
ag teacht as. B'fhuirist a aithint go
raibh brón-chroidhe ar an bhfear mbocht.
“Ah!” ar seisean, agus d'árduigh se a
ghuth “'Sé seo an mí-ádh atá ar mhór-chuid
ár ndaoine fé láthair — a n-oileamhaint
do bheith 'gá síor-chur ar ath-lá aca. Seadh!
is maith an ceart do'n namhaid a rádh —
“deir tusa gur Éireannach thú agus gan
eólas agat ar do theanga dhúthchais do
sgríobhadh ná do léigheamh. Ní náisiún
fe leith tír na h-Éireann mar ní'l a
teanga féin aici mar atá ag muintear na
Breataine.’” Agus annsan do thosnuigh
Finghín bocht ar a innsint dúinn mar gheall
ar teanga na h-Éireann — an teanga ba
mhílse agus ba bhinne agus ba bhlasta dá raibh sa
domhain — go raibh orainn í labhairt agus í
choimeád beo, mar nuair a thuiteann
daoine fé dhaor-bhroid, an fhaid agus a
bhíonn teanga a sinnsear aca, bíonn, mar a
déarfá, eocair a bpríosún aca.



Annsan do thóg se 'na láimh gráuimméir
Gaedhilge. Do léigh sé an ceacht as agus
anois b'anafhuirist ar fad liom é d'fhoglum.
Ní dóigh liom gur géire mo aigne riamh
ar aon rud ná mar a bhí sé ar an nGráim-
méir an lá sin. Nuair a bhí an leath-uair
caithte táinigh am an stair-cheachta. D'inis
Finghin bocht mar gheall ar mhuintear Uí
Shuilleabháin, muintear Uí h-Eidirsgeóil agus
uaisle eile Rosa Cháirbre agus na gcríoca
mór thímcheall, na catha agus na roisg-cátha,
na filí agus na draoithe agus an ógham-chraoibh.



Tar éis tamaill do tháinig an sgríobh-
nóracht. I gcóir an lae seo bhí sé tar éis
sompla úr-nuadh do cheapadh. Do sgriobh
sé go breágh cruinn ar an gclár-dubh
“Éire do Chlanna Ghaodhal — Éire do Chlanna
Ghaodhal.” Annsan dá bhfeúcfá conus
mar do chrom gach aoinne 'gá sgríobh chómh
díthceallach san ná féudfá a chloisint acht
sgriobáil na bpeann ar an bpáipéar agus
anál fada trom na seandaoine ag bun
na sgoile.



Anois agus airís nuair a árduighfinn mo
cheann do chífinn an máighistear 'na shuidhe
'ghá shúidheacháin gan cor gan méam as,
agus é ag cur na súl tré gach aon-nídh sa
seómra gur dóigh le duine, gur mían leis
iad go léir do bhreith leis san fheúchaint sin.
Bhí sé annsan le dachad bliadhain san áit
céudna agus an clós ar a aghaidh amach.
Bá bheag an deifirigheacht a bhí tagaithe ar
an áit, acht go raibh na crainn fásta suas
mór-thímcheall — na crainn a chuir sé féin
nuair a tháinig sé ar dtúis chúghainn 'na
ógánach bhríoghmhar chumasach. Ó h-am go
h-am do chloiseadh sé muintear an bhaile
os a chionn agus iad ag corruighe agus ag
bogadh a throscáin-tíghe, már b'éigean dó
imtheacht amáireach 'na dheóraidhe ó'n dtír.
Acht mar sin féin bhí de mhisneach ann an
rang do mhúineadh go deireadh na sgríbe
agus tar éis an sgríobhnóracht bhí ceacht
an tír-eólais againn. I n-a dhiaidh san do
thosnuig na páistí ag tabhairt amach an
t-á-é-í-ó-ú. Agus na sean-daoine ag bun
na sgoile, chuireadar a spéuclaí móra
ortha agus chromadar ar na focail do
leitiriúghadh ós árd in-aonfhact leó. Bhí
a nguth ag críoth le dubhrón agus le duair-
ceas. Ba ghreannmhar an rud é iad a
chloisint i dtreó go raibh fonn gháiridhe
agus ghuil orann. A! geallaim dhuit ná


L. 24


déunfad dearmhad coidhche ar an rang
deireannach san!



Do bhuail an clog um meadhon lae.
D'eirígheamar agus dúbhradh an t-Aingeal
Muire. 'San am gcéudna do chloiseamar
adhairc na saighdiúirí agus iad ag teacht
thar n-ais ón nglacaidheacht. Tháinig oifi-
geach airm cun an dorais agus fógra 'na
láimh aige. D'eirigh Finghín Ua h-Eidir-
sgeóil. Bhí iompáil lí t'réis teacht air.
Níor bhreághtha riamh liom é ná ar an
neomait sin agus é ag féucaint ar fhear
cinn siain na Sasanach agus sean-bhlas 'na
shúilibh.



“A cháirde,” ar seisean linn, “a
cháirde, tá — tá —” Acht do choisg rud
éigin é. Níor fhéud sé é do chríocnúghadh.
Tháinig iarracht de laige air, acht mar sin
féin rug se ar blúirín cailce agus sgríobh
sé go mór is go trom ar an gclár-dubh —
“Go Saoraidh Dia Éire!” D'fhan sé
mar sin, a cheann i gcoinne an fhalla, na
deóra 'na shiúlibh. Tar éis tamaill
dubhairt sé — “Sin deire leis, a cháirde
dhílse. Bídhidh ag imtheacht.” Agus mar
sin d'imthigheamair.



Tógaithe ó'n bhFranncaís (La Derniére
Classe — Daudet) agus crot Gaedhalach air.



LOCH LÉIN.



“Má gheibhan an Ghaeluinn bás idir bhúr
lámhaibhse beidh an “trom trom” go
daingean oraibh. Ní h-aon “trom” amháin
a bheidh oraibh, ámhthach, ná dhá “throm.”
Beidh fiche “trom” oraibh… Anois
an t-am agaibh-se a Mhuíntir Chuilm Cille
Naomhtha, chum machtnaimh a dhéanamh air
sin. Déinig an machtnamh agus déinig
an obair agus bíodh an Ghaeluinn beó i
n-Éirinn de deasgaibh na h-oibhre sin, an
fhaid a bheidh uisge ag ruith agus féar ag
fás. Annsan beidh saidhbhreas aigne agus
saidhbreas íntileachta agus saidhbhreas tuis-
giona agus saidhbreas léighinn agus tar
gach saidhbhreas eile, saidhbhreas creidimh, sa
n-oileán so na h-Éireann, agus i dteanta
grásta Dé, beidh a bhuidhchas san oraibh-
se.” — An t-Athair Peadar Ó Laoghaire
'san Halla Mhór, 1912.


L. 25


AN t-ATHAIR Ó GRÍOBHTA.



Is 'mó trioblóid agus cruadhtan a bhí
ar mhuinntir na h-Éireann le cúpla
bliadhain anuas. Is 'mó lá doilgheasach
brónach a chaitheadar. Bhí cuid des na
daoinibh ag fulaingt gan sos d'fhághail
an t-am sin ar fad, cuid eile i gcruadhchás
go mion minic agus fíor-bheagán aca go
dona ar uairibh. Bhí aon lá amháin, ámh, i
lár na h-aimsire sin nuair bhí Innis Fáil ó
thraigh go tráigh fé bhrón agus fé dhíombáidh,
agus nuair bhí croidhe dubhach cráidhte ag
gach éinne. B'shin é an lá a leath an sgéal
ar fud na tíre gur dúnmharbhuigheadh an
t-Athair Ó Gríobhta. Níor thárla a leithéid
do shagart i n-Éirinn riamh. Bhí na Gaedhil
go léir i scannruighthe agus bhí iongna ar an
ndomhain mór acht bhí an donas ar fad ar a
cháirdíbh gaoil agus ar lucht a aitheantais.
Nuair do chualas féin an sgéal ba dhóbair
dom tuitim ar mo chosaibh. Ar an
bpoinnte tháinig a phictiúir as comhair
m' intinne. Ba léir dom a éadan uasal,
a shúile donn-ghorma ag taithneamh le
grádh agus le sult agus a bhéal fé'n
mheangadh gáire. Go deimhin ba dheachair a
chreideamhaint go raibh an sagart diadha sin,
an fear grádhmhar, cáirdeamhail, caid-
reamhach, gan luth gan anam anois, acht
b'fhíor é. Bí sé fuar marbh agus ní
fheicfinn beó ar an saoghal seo arís é.
Mar sin do tuit sé amach.



Oidhche an 14adh lae de mí na Samhna
dob'eadh í. Bhí an t-Athair Mícheál go
deas compórdach cois na teineadh i n-a
theach 'sa Ghaillimh. Bhí gairbhsíon an geimh-
ridh tagta cheana agus bhí anfadh mór ar
siubhal amuigh. Bhí sé ag séideadh i n-a
ghála agus é ag clasgairt bhaistighe gan
stad. Tamall beag roimh a dhó déag a
chlog nuair bhí ciuineas ar gac rud 'sa
theach agus nuair bhí an sagart féin ar tí
dul i n-a luighe do buaileadh cnag ar an
ndoras. Mar ba ghnáthach leis chuaidh sé go
dtí an fhuinneog agus d'fhéach sé amach chun
a dh'fhághail amach ar dtúis cé a bhí ann sul
a fhosglóchadh sé an doras. Deallruigheann
an sgéal go raibh duine ag iarraidh air
rud éigin a dhéanamh agus d'fhreagair sé
dó “deanfad agus fáilte.” Annsin tar
éis an dorais d'oscailt dó do ghleas sé
féin cun an bhóthair. Is dócha gur innseadh
dó go raibh a chabhair ag teastáil ó dhuine
éigin chun é do mhealladh amach agus ní
dhearna sé acht dul láithreach. Níor chuimh-
nigh sé ar fheall. Níor bhac se le fuacht na
h-oidhche. Thuig sé go raibh Dia ag glaodhach
air agus chuaidh sé go toilteanach. Lá'r
n-a bhárach tugadh fé ndeara go raibh sé
fós gan filleadh acht ba dhóigh le gac éinne
gurb amhlaidh a fhan sé fé fosgadh i n-áit
éigin. Tháinig an dara lá agus annsin
bhí imshniomh ag teacht ar na daoinibh faoi.
Thosuigheadar ag cur teachtaireachta ar
fad na dúthaighe ar a lorg acht ní raibh sé
le fághail i n-aon bhall. Ní raibh sgéal nó
sguan uaidh. Bhí a mhuinntear agus a
chairde go léir go mór tré chéile. Ba
cinnte go raibh feall ann. Bhí amhras ag
na daoinibh gurbh é an riaghaltas ba bhun
leis agus ní rabhadar acht ag ceilt na
fírinne uatha, dar leo. Bhí an sgéal mar
sin ar feadh seachtmhaine. Dá mhéid cuar-
dach a rinneadar do bhí sé ag dul díobh
a thásc nó a thuairisc d'fhághail.


L. 26


Tháinig Oidhche Dé Sathairn agus annsin
chonnaic cúpla malrach stiall de chasóig i
bportach. Bí sé greamuighthe go dain-
geann ann agus ní leigfeadh an t-eagla
dhóibh aon iarracht a dhéanamh chun é d'fhuas-
gailt acht chuireadar fios ar na sagart-
aibh gan mhoill. Tháinig siad san chomh
tapaidh agus dob fhéidir leo agus fuaradar
a chorp curtha timcheall dhá thróigh síos 'sa
bportach. Dob' uathbhásach an radharc a
bhí le feiceál an oidhche úd nuair do thógadar
as an bpoll é. Chuirfeadh sé critheadh ar
chroide chloiche. Bhí an gealach ag taithneamh
anuas air. Bhí a leath-shúil ar fhosgailt
agus féacaint truaighmhéileach ar a ghnúis
ar nós duine a bhéadh ag fulaingt go géar
acht 'san am céadna a bhéadh lán ceaptha
fulaingt chun deiridh. Bhí poll mór ó
thaobh taobh a chloiginn mar is amhlaidh
cuireadh piléar tré'n a inchinn agus bhí sé
sméartha salach leis an gclábar.



Ní raibh teóra le crád cróidhe na
ndaoine. Bhí cleachtadh maith aca le bás
agus le dún-mharbhadh fé'n aimsear sin
acht má bhí féin ba bheag nár chuir an sgéal
sin ar buile iad. Bhainfeadh sé deóra as an
duine is cruaidhe croidhe a bheith ag feiceál
ortha lá na sochraidhe, daoine ag dul i
laige sa tsráid agus sa t-séipéal, cnap i
scórnaigh gach éinne a chuir cosg le cainnt,
gol agus caoineadh, osnuíol agus cneadach ar
gac taobh agus na deóra ag tuitim go
fras. Níor fhéad na sagairt féin gan
gol agus nídh nárbh iongna. Bhí a gcom-
ráduidhe dílis marbh sínte ar lár tar éis
báis milltigh d'fhághail. Cuireadh i mBaile
Locha Riach é agus ba bhreagh an shocraid a bhí
ann. Na sagairt a bhí sa rang céadna
leis i Mágh Nuadhat a bhí ag iomchar na
cómhrann. Bhí suas le céad go leith sagart
ar fad ann agus timcheall deich míle de
dhaoinibh eile agus iad go léir idir fhearaibh
agus mná agus páistí ag déanamh bróin.



Sa bhliadhain 1893 'seadh rugadh an t-Atair
Mícheál Ó Gríobhtha i nGuirtín i n-aice le
Baile Átha na Sluagh, i gConndae na
Gaillimhe agus i bfairche Cluain Fearta.
Dho rinneadh sagart de i Mágh Nuadhat 'sa
bhliadhain 1917 agus ó nach raibh a chabhair ag
teastáil ó n-a easbog féin do glacadh
leis isteach i bfairce na Gaillimhe. Cuir-
eadh go h-Innis Díomán agus gConndae an
Chláir é agus do chaith sé bliadhain go leith
ann. I n-a dhiaidh sin chuaidh sé chun paróiste
Rathún sa Ghaillimh, agus d'fhan sé annsin
go dtí lá a bháis. Ní raibh sé acht seacht
mbliadhna is fiche d'aois.



Is maith is cuimhin liom an céad uair a
chuireas aithne ar an Athair Mícheál. Bhíos
ag teacht abhaile ó'n gcoláiste 'sa t-sam-
raidh agus bhí sé ag fanacht liom ag an
stáisiún chun fáiltighthe romhain. Bíos an-
shásta leis agus ba mhór é mo mheas air
tar éis an lae sin. Ba mhinic dom a bheith
& n-a comhluadar i n-a dhiaidh sin agus
dá méid d'á bhfacas é dob' amhlaidh ba
mhó mo ghraoi air. Bhí tréithe míne uaisle
ag baint leis thar an gcoitcheanntacht.
Cuireadh i n-a luighe ar gach duine a chuir
aithne air a leanbhaidhe is do bhí sé. Badh
dóigh leat, uaireanta, gur gasúr cuig
bliadhna deág a bhí ann, bhí sé chomh soin-
eannta, neamh-urchóideach sin. Acht bhí sé
ciallmhar chomh maith. I slighe iongantach
éigin bhí sé lán de mheidir is de chroideamh-
lacht na h-óige agus de chéill is de chrionn-
acht duine aosta. Fear grinn sultmhar
dob eadh é freisin a chuirfeadh aoibhneas ar
gach cuideachtain agus dá bhrígh bhí céad
míle fáilte roimhe i gcomnuidhe i n-gac áit
i n-ar thriall sé.



Fíor Ghaedheal dúthrachtach dob' eadh an
t-Athair Mícheál. Do chuir sé spéis mhór i
seanchus na h-Éireann agus do rinne sé
stuidéar cruinn uirthi. Creidim gur thaith-
nig “Beatha Sheáin Mistéil” a scriobh
P. Ó h-Eigcheartaigh go an-mhór leis ar
fad mar ba mhinic a chonnacas i n-a láim é.


L. 27


Bhí sé an chliste i scribhinnibh Gaedealacha
acht b'fhearr leis an Piarsach mar scríobh-
neóir ná aon duine eile. Do rinne sé
léigheamh agus ath-léigheamh ar a leabhraibh
agus bhí an cuid ba mhó d'a fhilidheacht de
ghlan-mheabhar aige. Níor bhronn Dia dó
an Ghaedealg a bheith aige ó'n gcliabhán.
I n-ionad sin is uile ba bheag Gaedhilge a
bhí aige ag imtheacht as Mágh Nuadhat dó
acht ní raibh sé i bhfad i n-a shagart nuair bhí
sé ionann í labhairt go rí-blasta. Gidh
nach raibh sé acht i dtosach a shaoghail nuair do
thóg Dia go comhluadar na nGaedheal i
bhFlaitheas é ba mhór an obair a rinne sé
ar son a thíre dúthchais. D'oibrigh sé
i ngach áit chun meas agus mór-ghean
do chur ar an nGaedhilge. Sa bhliadhain
1918 thug sé congnamh mór an Coláiste
i Spideál do chur ar bun agus sa bliadhain
1920 d'éirigh leis Feis mhaith do cur ar
siubhal i n-a pharaóiste féin. Sé tuairim
gac éinne gurbh é a thír-ghrádh fé ndear
a bhás acht ta a fhios ag Dia cad is cóir
ann agus 's É amháin a fheadas duine do
cúitiughadh mar is ceart.



Tá ráidhte agam gur fear carthannach é
gur Gaedheal an-mhaith é acht tar gac uile
rud ba shagart eisompláireach an t-Athair
Ó Gríobhtha. Fior shagart Dé dob eadh é
agus b'shin a bhí ann ó nádúir. Ar nós a
Mháighistir bhí sé an-mhor leis na páistibh
agus leis na bochtaibh. Ba ghnáthac an rud
é fheiceál agus sgata páistí bailighthe
i n-a thimcheall agus é ag déanamh suilt 'is
spóirt dóibh. Ní raibh sgáth ortha-san
roimhe acht budh mhaith leo é do theacht i n-a
measg agus súgradh leo. Ní haon iongna
annsin gur fada a bhíodar brónach i n-a
dhiaidh. Do chaith sé cuid mhaith d'á bheatha
ag obair ar son na mbocht freisin. Ní
baoghal go ndearmóchaidh na bochtaí i
nInnis-Díomán go bhfuilid fé chomaoin
mhóir aige. I nGeimhreadh na bliadhna
1917 ní hé amháin go raibh ádhbhar bídh agus
chuile short daor acht ar uairibh ní rabhadar
le fághail ar airgead féin bhí na daoine
úd fé dhoilghe agus ar an ngann-cuid,
préachta leis an bhfuacht agus an t-ocras
ag goill ortha. Bhí truagh ag an Athair
Mícheál dóibh agus d'iarr sé ar daoinibh
a tuaithe móin agus prataí do thabairt
dóibh. Ní raibh uatha acht an focal agus
chuireadar adhbhar teine agus prataí go
flúirseach isteach 'san mbaile: bhí an méid
sin de ghrádh aca air. Gidh go dtug na
daoine gach onóir 'is urram dó ní raibh aon
mhór-chúis ná aon mhór-dháil ag gabháil dó
mar gheall air acht bhí sé i gcomhnuide go
an-umhal séimh macánta. Is mó sgéal
a chuaidh amach air tar éis a bháis nach raibh
a fhios ag a chairdibh b'fhearr roimhe sin;
na éadaigh a cheannuigh sé dos na páistibh,
an t-airgead a thug sé dos na bochtaibh agus


L. 28


mar sin dóibh. Sagart craibhtheac subháil-
ceach dob, eadh é. Nuair a bhéadh an séipéal
dúnta i gcóir na h-oidhche do chítí dul
isteach ann é agus uair nó a dhó do chaitheamh
i n-a aonair annsin i gcuideacht a Thighearna
amháin. Bhí sé i n-a bhall de Chumann
Naoimh Sácramaint na Sagart agus níor
theip riamh air uair a chloig do chaitheamh 'sa
t-séipeál de hAoine gach seachtmhain.
Creid na daoine gur naomh é agus is ag
dul i láidreacht atá a dtuairim leis an
aimsear. Do thug an Dochtúir Ó Dochar-
taigh féin Easbog Cluain Fearta an mór-
mholadh seo dó.



Bfhéidir, is maith an sgéaluidhe an
aimsear.



MÍCHEÁL Ó CURRAIDHN, D'innis,
SEÁN BREATHNACH, A Scríobh.



“Is í mo theanga an Ghaedhilgh bhinn.
Teanga na mílte fada blian. An chainnt
bhorbh thréan, an chainnt chiúin cheoil, an chainnt
ghearr ghunta, an chainnt líonmhar, luath-
fhoclach, an tsruth-chainnt grádh, an borb-
chainnt chatha, an deas-chainnt file agus
fáidh is fir léighinn. Is í mo rogha í thar
theanghthaibh an domhain mhóir, óir is Gaedhil
a cheap í, is Gaedhil do chas í, is Gaedhil
do lúb. A Theanga uasal mo shinnsear
ní cloisfear 'óm bhéal go bráth ach tú.” —
An Seabhac.


L. 29


NÍ SHÁRÓCH' AN SAOGHAL AN SEAN-FHOCAL.



Cúpla lá ó shoin chuala duine éigin ag
rádh gurab i seanfhocailibh na ndaoine is
mó gheibhtear eagna ár sinnsir, mar a
bheadh, i saor-choimeád ó'n tsean-aimsir.
Chuir sin ag smaoineamh mé. An rabhais
riamh ag cainnt le sean-Ghaedhilgóir go
raibh an Ghaedhilg ó'n gcliabhán aige? Ní
rabhais! Pé scéul é chuimhnigheas air
go mbionn sean fhocail, ráidhte agus ranna
de ghach aon tsaghas measctha tríd an ghnát-
cómhrádh aca, agus is bríoghmairide a gcuid
cainnte é. Im smaointibh dom, dubhart
liom féin gur mór an truagh do dhuine gan
stór des na ráidhtibh sin do bheith ar bárr a
theangain aige le stealladh amach cun
craicinn agus fuinnimh do chur na chuid cainnte.
Seo cúpla samplaí dhuit anois conus is
féidir iad do tharrach isteach thall is i
bhfus sa choláiste. Má chionn tú sean
Ghaedhilgóir ag sneachas le buachaill atá ag
foghluim na Gaedhilge as leabhraibh agus gach
“Cad é? Cad é?” ar siubhal ag an
scoláire féadfair a rádh “tuigim agus ní
léighim, ach tuigeann fear léighinn leath-
fhocal.” Ach tá freagra ag an scoláire
air sin “ní cuirtear siol na sméar —



Ach is annamh an treise ag fear gan
léigheann.” Má tá duine ad' cháineadh
mar gheall ar locht eigin abair leis “ní
bhionn saoi gan locht, seadh, agus bionn dhá
locht ar gach aon tsaoi.” Nuair a bheidh
an cháisg curtha dhinn againn, abróchad-sa
liom fhéin tosnughadh ar an obair, mar
“as an obair gheibhtar an fhoghluim,” agus
nuair a bheidh an scéul ag dul im choinnibh
agus an fhoghluim ag éalúghadh amach as mo
cheann tar éis an chéud léighimh tosnochad
airís, mar “an t-é bhionn ag síorshiúbhal
meileann sé mín agus garbh.” Ach comeád-
fad an fuláireamh so ós mo chómhair “má's
crúsca thú seachain an corcán” (sé sin le
rádh “if you're a ‘crock’ keep clear of
the ‘pots’”).



Nuair a thagann aimsir an charghais
orainn agus go mbítear a tafaint orrainn
troscadh do dhéanamh deirim “b'ait liom
san.” Scoláirí ag déanamh troscaidh!
Scoláirí na scoile, gobadáin na gorta,



“D'íosfaidís na clocha, dá bhfeadaidís
iad chogaint.” Seachain, a dhuine, “Ceala-
chan fada, agus ceal na mbróg, a dheineann
sean-duine de dhuine óg.” Ní fearr leó
troscadh a dhéanfaidís ná “troscadh an
chait cheannfinn ithim feól is ní ólaim bainne.”



Má bheidh sé de phláinéid ort go mbéar-
fas ort ag déanamh rud éigin as an tslighe
tá an leath-scéul so agat i gcómhnuidhe
“is deachair ceann críona do chur ar
ghuailnibh óga.” Ach bí cinnte ná glacfar
leis. Na daoine go bhfuil an chómhacht aca
tá so mar chuspóir aca “ní bhionn an rath
ach mar a mbionn an smacht.” Agus mar
sin bionn “gach uile sort ag luighe ar an
lagar, agus an lagar ag luighe ar an
dtalamh.” Is ionann saoghal i gcoláiste
agus an fear siubhail go raibh cos gearr
aige ”síos agus suas, síos agus suas.”
“Ann t-é is lugha tuilleann is é is mó
geibheann” agus “is cuma nó muc duine
gan seift.” Ní fuláir duit beith cómh
dána agus dá mbud leat-sa an tigh is a bhfuil
ann “mura bhfuil agat ach puisín bí i
lár an aonaigh leis.” Cuimhnigh gurab iad
“na muca ciúine d'itheann an triosc,” ach
— “sagart balbh sagart dealbh.” Agus
mar sin duit, biodh na sean-fhocail na
salainn id' chuid cainnte, i dtosach trách-
tais agus i ndeireadh argóna mar a bheadh
buille trascairte do'd namhaid. Cad é
sin? An clog. Tá an t-am istigh i gcóir
an dinnéir. Brostuigh ort. An t-é bionn
amuigh fuarann a chuid. T. Ó B.


L. 30


“EACHTRA AN AMADÁIN.”



Bhí fear ann fadó riamh, agus bhí aon
amadán amháin de mhac aige. 'Sé bhí mar
slighe bheatha ag an bh-fear, ná bhoith ag
aodhaireacht bó do dhuin' uasal abhí sa
chómharrannacht. Thugadh an mac a chuid bhídh
chuige gach uile lá.



An lá so adeirim, pé'n Éirinn é, bhí an
t-amadán ag cur an bhóthair de go tiugh
fé dhéin a athar. Stán breágh leitean abhí
aige 'á thabhairt chuige i g-cóir an dinnéir.
Do spalp an ghrian amach go soillseach,
agus chonnaic an t-amadán an duine, dar
leis, os cómhair a dha shúil amach ar an mbóthar.
Dar ndó, ní raibh ann ach a sgáil féin ach
is amhlaidh a cheap mo bhuachaill breágh gur
duine fíor gurbh' eadh é. Tháinig truagh
'n-a chroidhe aige don duine, agus bhíodh
sé ag caitheamh blúire don leitin chuige gach
uile nóimeat. Níor ró-fhada, ní nach
iongna, go raibh deire na leitean ídighthe,
agus ní raibh aige ach an stán follamh nuair
a bhain sé amach an áit 'na raibh a athair ag
obair.



“Cá bhfuil mo dhinnéar agat?” arsa 'n
t-athair leis.



“Ó,” arsa 'n mac, “bhí lán an stáin sin
agam 'á thabhairt chúghat, agus ar an
m-bóthar dom cé chífinn ar m'aghaidh amach
ar an m-bóthar ach an fear bocht ocrach.
Ba thruagh Mhuire leat é a dh'feiscint.
Agus is amhlaidh abhí an truagh san agam dó
go rabhas ag caitheamh blúire don leitin
chuige gach uile nóimeat go dtí, i n-deire
na dála, go raibh an stán go tón agam.”



“I g-cúntas Dé,” ars' a athair go
bagarthach “ach nach tusa an leibide críoch-
nuighthe. Fan annsan, a phleidhche, go
d-téighead-sa abhaile chun rud le n-ithe
d'fhagháil, agus má leogann tu dos na
buaibh corruighe beidh sgéal agat.”



D'imthigh an fear abhaile leis féin annsan
agus 'sé bhí ar na craobhacha feirge. D'fhan
an t-amadán i bh-feighil na m-bó. Ach pé
mallacht do bhuail anuas ortha, mar bha,
is amhlaidh a dhírígheadar go léir ar bheith
ag rith a's ag léimrigh, agus níor fhan
bó aca socair. Táinig fraoch nimhe ar an
amadán, agus fuair sé an tuagh, agus siúd
leis ar thóir na m-bó, agus pé ceann aca
'n-a d-tagadh sé suas lé thugadh sé faobhar
na tuaighe ar a cosaibh. Níor dhein sé
sos ná suaimhneas ach é ag rith 'n-a gheilt,
mar sin, i n-diaidh na m-bó, agus ag imirt
an iarainn ortha gan taise.



Ach! níorbh' fhada gur tháinig an t-athair
thar n-ais. Nuair a tháinig sé go dtí an
pháirc agus chonnaic an chosair cró go léir
agus an t-éirleach do thuit an lug ar an
lag aige. Ní raibh tharraing na h-anála
ann, bhí a lethéid sin d'iongna agus alltacht
air. Tháinig dúire aigne air. Chuir sé
béic uathbhásach as, agus ghlaoidh sé go
fíochmhar chuige ar an m-buachaill. Tháinig
seisean chuige go breagh neamh-spleadhach,
agus 'sé bhí go traochta agus go fuilteach.
Rug sé ar an amadán go malluighthe, agus
ar d-túis is amhlaidh a cheap sé an bás
d'imirt air. Bhí sé mar leomhan buile
chuige. Agus cé thógfadh air é? Ach
d'fhág sé 'n-a bheathaidh é.



“A chuirpthigh,” ar seisean, agus snaghadh
'n-a ghlóir, “cad do bheir duit an obair


L. 31


mhillteach san a dhéanamh?” Dar an
b-portús, ach déanfaidh me císde greidil
díot, a bhitheamhnaigh, gan splannc meabh-
rach id cheann. “Ó! ó! go d-tugaidh Dia
foidhne dhom. Imthigh as mo radharc go
deó deó, a rascail, agus ná buail cos
ar theinteán do thíghe féin an fhaid a bheir
beó. Sgrios leat uaim.” Agus sid é
focal deirinneach a dubhairt sé leis:
“Tá an sgéal go maith agat indiu agus
gura fearr amáireach é.”



As go bráth leis an amadán go maol-
chluasach, agus an focal san 'n-a bhéal aige,
de ghnáth a's de shior — “Tá an sgéal go
maith agat indiu agus gura fearr amáir-
each é.” Bhí sé ag imtheacht riamh a's
choidhche go dtí gur casadh sochraid air
os cómhair an t-Séipéil amach. Bhí an
chainnt úd ar siubhal i n-árd a chinn is a
ghotha aige. Thárla sagart do bheith i
láthair na h-áite. Nuair d'airigh sé cainnt
an amadáin, ar seisean: “Cuir uait an
chainnt bhaoth san agus abair”: “Go
n-déinid Dia trócaire ar anmannaibh na
marbh.”



Do chomáin an deoraidhe leis féin annsan
agus an chainnt nuadh san ar a theangain
aige i g-comhnuidhe. Fé dheire do bhuail
cóisire uime, agus bhí seisean ag liúgh gan
chomhnuidhe: “Go n-deinidh Dia trócaire
ar anmannaibh na marbh.” “O! léan léir
air mar sgéal,” arsa duine den chuideach-
leis tain. “Cuir srian led chainnt ráiméise,”
agus abair feasta: “Go g-cuiridh Dia
an rath ar an lánamha nua-phósta.”



Do bhailigh sé leis agus an port eile seo
'á sheinm aige go sásta. I g-cionn suime
aimsire tháinig sé go dtí díg doimhin
uisce. Bhí fear ar imeall na díge, agus é
díreach tar éis molt do tharrac anios as
an uisce, agus bhí ceann eile thíos ann.
“Go g-cuiridh Dia an rath ar an lánamha
nua-phósta,” arsa 'n t-amadán. “Leog
dod chainnt gan éifeacht,” arsa 'n fear
leis, “agus abair: ta ceann amuich agat
anois agus beidh an ceann eile sar i
bh-fad.”



Do ghlac an t-amadán an chainnt nuadh
san chuige féin, agus d'imthigh leis sa
t-siubhal, agus í 'á rádh go liomhtha aige.
Fé dheire thiar thall do bhain sé an fhairrge
amach. Siúd leis i n-áirde ar fhaill áird
do bhí san áit. Bhí mairnéalach ar an
bh-faill chéadna agus thárla go raibh sé ar
a leath-shúil. Díreach agus an bheirt aca
ucht le h-ucht le chéile, arsa' n t-amadán:
“Tá ceann amuich agat anois agus beidh an
ceann eile sar i bh-fad.” Tháinig buile
feirge ar an mairnéalach mar is amhlaidh
a cheap sé chuige féin a bhí sé. Agus níor
dhein sé ach breith ar an amadán bhocht
agus é chaitheamh ceann ar aghaidh leis an
bh-fánaidh isteach san uisce. B'shin é deire
an amadáin bhoichth.



“AN CLÁIRÍNEACH”



“Dá mairinn go ceann céad blian, agus dá gcaithinn an uile lá de'n chéad blian san
ag sgrí leabhar Gaoluinne, agus dá mbeadh céad duine am theanta ag déanamh na hoibre
sin, ní bheadh aon bhlúire maitheasa inár saothar gan aon rud amháin eile. Agus an bhfuil
fhios agaibh cad é an rud an taon rud amháin eile sin? Sibhse agus an chuid eilc de mhuintir
na hÉireann a bheith ag labhairt na Gaeluinne amach as bhur mbéalaibh féin… Níor
mhair aon teanga siamh i leabhraibh gan congnamh ó bhéalaibh… muna labhartar an Ghaeluinn
ní mhairfidh an Ghaeluinn." — An tAthair Peadar, adubhairt an méid sin nuair bhí sé
mEochaill, tamall ó shoin.


L. 32


NA h-UIMHREACHA I nGAEDHILG.



Ar leathanach na Mac Léighinn i “Mis-
neach,” Iúl 2, 1921, tá an méid seo thios
scríobhtha ag scríbhneoir dárb ainm “Cláir-
íneach”: “Measaim go bhfuil an tslí
choitianta atá sa Ghaedhilg chun uimh-
reacha a chomhaireamh ana-chiotach ar
fad. Cuir i gcás 'trí déag is dathad =
3, 10 agus 40. 'Sé an 3 an blúire deirean-
ach den uimhir a theastuíon uainn ach
isé is túisce ghéibhmid. Tá sin bun os
cionn.” Sílim go bhfuigheadh “Cláiríneach”
a lán a d'aontóchadh leis 'san mhéid sin.



Glacaim mar shompla an cás seo as
Gráiméar na mBhrathair gCríostamhail
(leathanach 206); “1666 years = sé bliadna
is trí ficid agus sé chéad agus míle,” no
an cás seo as Gráimear Shéamuis Uí
Créag (leathanach 65); “7657 white hens
= ceithre cearca deag as dá fichead sé
chéad agus seacht míle cearc bán.” Anois
is deacair do'n intinn brígh na n-uimhreach
seo a choimsiú ar an bhomhaite, mar ba
chóir duithe a coimsiú. Má bhí aigne ár
sinnsear cumtha ar an doigh sin ní mar
sin dúinne 'san am atá i láthair. Mar
adeir “Cláiríneach” tá siad bun os cionn
de réir aigne an lae indiú. Bheirim fa
dear a lán daoine a bhfuil Gaedhilg mhaith
acu agus ní fhéachann siad leis na h-uimh-
reacha a rádh i nGaedhilg ar chor ar bith, acht
nuair a bhios siad ag labhairt i nGaedhilg
cuireann siad isteach na h-uimhreacha i
mBéarla. Má cuirtear ceist ar dhuine
ar bith acu-san cad chuige nach ndeanann
siad úsáid de na h-uimhreacha Gaedhilge?
sí an freagra a gheibhthear i gcómhnuidhe
“Tá siad i bhfad ró-dheacair.” Agus tá
an fhírinne acú.



Ma bheidh an Gaedhilg 'n-a teangaidh bheo
bhríoghmhar aríst a choidhche caithfear úsáid
a bhaint aistí i gcúrsaí ceannuidheachta
agus tráchtála agus caithfar uimhridheacht
agus stair agus gach uile rud a theagasc
fríd an Ghaedhilg ins na scoltacha feasta.
Agus ma bhéidh sin ann, gan amhras caithfar
símplidheacht eighinteacht a dheanamh ar na
h-uimhreacha Gaedhilge. An tseift a chuir-
finn i dtairgsint leis an scéal a leigheas
tá sé cosamhail leis an tairgsint a rinne
an scríbhneoir réamh-ráidhte i “Misneach.”
Ba chóir go n-aithbheochthaidhe nó go ndean-
faidhe coitcheanta aríst na multiples de'n
uimhir a deich a bhí i n-úsáid fad ó, mar atá,
tríocha (d), ceathracha (d), caoga (d), seas-
ca (d), seachtmha (d) agus nocha. Annsin ag
cumadh uimhreach dúinn idir na h-uimreacha
seó ba chóir dúinn na mion-uimhreacha a
chur i ndiaidh na mbun-uimhreach seo i n-ionad
rómpa, mar shompla, fiche trí (23), tríocha
cúig (35), seachtmhad sé (76), agus rl. Rud
eile nuair atá tracht ar uimhreacha i
gcuideachta ainme ba chóir go gcuirfidhe
a t-ainm ag an deireadh i gcomhnuidhe mar
atá 'sa Bhéarla no sa Fhráinncis, mar
shompla “Ta seachtmhad sé (77) mic
léighinn ar an scoil indiú.” 'San dóigh
seo déarfaidhe 1666 years mar “mile, sé
chéad agus seascad sé bliadhna.” Agus go
dearbhtha thiocfadh linn a rádh mar deirtear
corr-uair 'sa Béarla, “aon sé sé sé
bliadhna.” Tá cuma áisteach ar an tsompla
áirighthe seo de bhrígh go bhfuil an iomad


L. 33


“sé”ann. Acht sin de brígh nach bhfuilmid
cleachta leis, mar atámuid 'sa Béarla.
Mar sin féin glacaim an sompla seo
mar isé an sompla a bhí agam as an
Ghráiméar. 'San mhódh seo fosta déarfaidhe'
“7654 white hens’ mar ‘seacht míle sé
chéad agus caoga ceithre cearca bána,’
nó ‘seacht sé cúig ceithre cearca bána.’
Dá mbéadh na h-uimhreacha mar seo
b'fhusa i bhfad an uimhridheacht agus na
cúrsaí oideachais a bhaineas leí a theagasc
ná mar tá siad fá láthair.



I dteagasc na startha d'féadfaidhe an
rud céadna a dhéanamh a dtaca leis na
dátaí, mar shompla “The year 1815; an
bhliadhain a h-ocht gcéad déag agus cúig
déag” no doigh níos giorra aríst “an
bhliadhain a h-ocht déag cúig déag.” “The
year 1897; an bhliadhain a h-ocht gcéad
déag agus nocha seacht” no “an bhliadhain
a h-ocht déag nocha seacht.” Rud eile
bliadhain chlúiteach mar 1798 nó 1916 corr-
uair ní luadhtar acht an giota deireannach
de'n dáta mar tá fhios ag gac éinne goidé
is ciall leis, mar atá sa Bhéarla “ninety-
eight,” “sixteen.” Thiocfadh linn a rádh
i nGaedhilg an bliadhain nocha h-ocht mar
a thug mé fá dear i n-aiste eighinteacht
ag an Atair Ó Duinín, aríst “an bhliadhain
a sé déag.”



Gidh go moltar an t-ainm a chur ag
deireadh na n-uimreach i gcomnuidhe tabhair
fa dear nach ceart a radh “ocht déag
capaill” i n-ionad “ocht gcapaill déag,”
no “an bhliadhain a h-ocht déag céad, agus rl.”
in-ionad “an bhliadhain a h-ocht gcéad
deag, agus rl. Mar is aidiacht “déag”
i nGaedhilg agus thig an aidiacht i ndiaidh
an ainme i nGaedhilg.



'Siad sin na tairgsiona atá agam le
deanamh fa dtaobh de'n cheist seo.
Bh'fhéidir nach bhfuil ionnta acht amaidighe,
agus go bhfuil mé fhéin bun os cionn níos
measa ná na h-uimhreacha. Acht da spreag-
fainn duine ar bith a bhfuil eolas aige ar
an cheist le staidéar a dheanamh agus le
toradh an staidéir sin a thabhairt duinn
bhéinn sasta.



“SLIABH MIS.”



Milis an teanga an Ghaedhealg,
Guth gan chabhair coig críche,
Glór géar-chaoin glé glinn gasta
Suairc séimhidhe sult-bhlasta.



Gidh Cabhsa teanga is seanda
Gidh Laidean is léigheanta.
Uatha uirthe níor frith linn
Fuaim nó focal do chomaoinn.


L. 34


TEACH NA SOISÉAR



An sgéul atá le h-innsint againn i
mbliana, ní miste é chraobhsgaoileadh, mar
ní bréag a rádh gur éirigh cúis na teangan
go h-ana-mhaith ar fad i rith na bliadhna seo
i dTeach na Soiséar.



Taréis teacht ar ais dúinn i dtosach na
bliadhna, cuireadh cúig buidhne déag is
fiche ar siubhal, agus bhíodar a' dul chum
cinn go breágh nuair tháinig an galar
nimhneach úd agus chuir sé cosg le 'chuile
rud ar feadh coicthighis nó mar sin. Acht
buidheachas mór le Dia, níor sguab sé
éinne leis. Nuair thangamar chugainn féin
arís, cuireadh athrughadh ar na buidhnibh, agus
pé lagachar bhí ar an gcorp, ba léir do
chách nár mheasaide an sprid, mar bhí na
buidhne a' dul i bhfeabhas i n-aghaidh an lae.
Cinnte, ba dheas an feic é na buachaillí
sna buidhnibh 'chuile maidin, an múinteóir
le beirt ar gach thaobh de, agus gan fochal
ar bith ó'n gcúigear acu acht an Ghaedhealg
bhinn bhlasta.



Isteach le sin, bhí suas le deich mbuidhne
ar siubhal taréis an tsúipéir gach oidhche.
Ní raibh ionnta siúd acht daoine a bhí i
n-ann cómhrádh do choiméad suas go beó
bríoghmhar, agus sid iad na buidhne a
ndearnadh an obair ab fhearr.



Bhí sin go h-ana-mhaith gan amhras, dhéarfá,
acht mar sin féin, ní rabhamar sásta fós.
Níl aon rud mar an ngríosadh nuair atá
obair i gcoinne an chnuic le déanamh agat,
mar is treiside d'fhonn agus do dhuthrácht
i gcómhnuidhe. Bhal, ní raibh an gríosadh
i bhfad gan teacht chugainn. Oidhche i Mí na
Samhna a bhí cuirm-ceóil Gaedhealach is
dráma beag ar siubhal againn, tháinig an
t-Athair Ó Murchadha agus thug sé óráid mhaith
bhrioghmhar dúinn a' teasbáint a riacht-
anaighe is atá sé againn ár dteanga
dhúthcháis a labhairt. 'Sé mo thuairim go
ndeacha a chainnt díreach go croidhe 'chuile
duine bhí ag éisteacht leis, agus bhí a rian
air. As sin amach go dti an Nodlaig, ní
raibh aon teóra leis an sprid mhaith bhí 'nár
measg.



Acht, fairíor géar! bhí an sean-sgéal
againn taréis na laethannta saoire. Ní
raibh aon leigheas air, ámhthach, mar is 'mó
rud a bhí bun-is-cionn ar feadh an ama
chéudna. “Ní bhíonn ar aon rud acht
seal,” deir an sean-fhochal, agus b'é sin a
fhearacht ag an taom leisgeamhail. Ní
raibh an sean-sprid acht 'na codladh, agus
dhúisigh sí tá cúpla seachtmhain ó shoin.
Anois, tá sí ag éirghe níos fearr 'chuile lá,
agus sar i bhfad, le congnamh Dé, béidh sí
díreach mar bhí roimh an Nodlaig.



Ní beag an chreideamhaint atá a' dul
dos na comhairlighteóiribh mar gheall ar an
gcongnamh thugadar dúinn i rith na bliadhna.
Támuid buidheach go h-áirithe de'n bheirt
acu thug “Ceól ár Sínsear” 'nár measg:
bhí a dtrioblóid féin acu a' múineadh na
n-amhrán dúinn.



Pádraig Ó Cluin is Brían Ó Piteán a
stiúirigh na buidhne, agus bhíodar lán-
tsásta le toradh a gcuid oibre.



B. Ó P.


L. 35


BÓITRÍN NA SMAOINTE.



Cleasa Lúth! Tionól mór na ndaoine
bailithe le chéile. Gach aoinne idir óg
is aosta go meidhreach. Sgataí móra ag
taisdeal na mbothar. Gluaisteáin ag
gluaiseacht, adharcha ghá séideadh, tiom-
ainidhthe capall is asal ag sgreadghail go
h-árd- “hee-up-leath an bhóthair.” Lucht na
dticéid a dhíol agus “ticéidí” á nglaodhach
aca. Ógánaigh ag féachaint na gcúinní chun
áit mhaith d'fhaghail d'á rothair. Eagla
ortha seo go sgiobfaidhe an séidire no na
giúirléidí. Fuadar fé gach aoinne isteach
sa pháirc.



Bhí na gaiscídhigh istigh ghá n-ullamhughadh an
mac so féin nuair a bhuail isteach. Bhí sméaradh
is ungadh is cuimilt-ola ar siúbhal aca.
Sar i bhfad do thosnuigh fear a' chluig ar
dhul tímpeal na páirce is siúbhal na
gcéadta fé. Fear gnóthach dob 'eadh an
duine uasal seo agus is aige a bhí árd-
ghuth agus fuinneamh cainnte. A leithéid
de ghlórachán! Do scoiltfeadh sé ceann
iarainn le gach “Dingl-di, dingl-di, ding”
— “Céad slat,” a chuireadh sé as.



Tosnuigheadh. Bhí daoine ann a chuir
suim mhór sa comórtaisibh agus daoine
eile nár chuir aon tsuim ionnta — is mar
sin do ghach cruinniú dá shórt. Téigheann
dream na cainnte binne is dream gur
mhaith leo spóirt d'fheiscint go dtí na
Cleasa Lúth. D'fhan lucht an comhráidh le
céile agus iad ag cur síos ar gach rud
fé'n spéir. Bhí an cuid eile ag moladh
lucht na gcomórtas, ag bualadh bas, ag
maoidheamh is ag gearán.



Seachas an dá dhream so, bhí sgata eile
ag na Cleasa Lútha an lá seo, daoine nár
dhein cainnt ar son na cainnte, daoine
nár chuir suim mhór sa comórtaisibh. Óg-
ánaigh iad seo. Bhí ceathrar aca annso,
cúigear annsúd agus mar sin dóib 'na
mion-dhreamannaibh ar fúid na páirce.
Cainnt fé leith a bhí aca, cainnt dhoimhinn
sholamhanta. Níor chuir gáir molta nú
bualadh bos isteach ortha, níor chualadar i
n' ao' chor é. Is beag gáire a dheineadar —
mion-gháire chorr-uair agus an té a dheineadh
é sin, ní bheadh sé cinnte, dar leat, gur
cheart a leithéid a dhéanamh. Thagaidís le
céile, uaireanta, agus ba dhóigh leat ortha
go raibh ceist chruaidh le réidhteach aca.
Do bhí; b'é sin deire Samhraidh 1920.



Anois is aríst eirigheadh cainnt sa
sluagh mar gheall ortha agus ní h-iad na
tuairmí céadna a bhí ag gach aoinne na
dtaobh. Dubhairt cuid gur aindeiseóirí
gan chiall iad, dubhairt cuid eile gur
bitheamhnaigh iad, thug cuid eile tír-grá-
duightheoírí ortha. Is annamh daoine ar
aon fhocal i rudaibh mar sin. Agus na
h-ógánaigh féin! Ba bheag leó an bhaoth-
chainnt, bhí fios fátha a sgéil féin aca, bhí
obair le déanamh aca agus is cuma leis an
bhfíor-oibrightheóir an “dubhairt sé dáirt-
se.” Is fearr obair ná cainnt, adeir an
sean-fhocal, agus ní sharóchadh an saoghal an
sean-fhocal céadna. Uaireanta, amhthach,
chuireadh an chainnt buaidheart aigne ortha
mar ba dhóigh leo ná tuigfí a n-obair go
deó. Mar sin féin do leanadar do'n
obair agus ní raibh dearmhad ortha.



D'imthigh an tráthnóna agus bhítheas ar tí
deire a chur leis na comórtaisibh nuair a


L. 36


thuit amach rud a fhanfaidh im chuimhne go
deó na ndeór. Buaileadh clog mór an
tseipéil leath-mhile uainn. Tháinigh ceol
bog, breágh, binn; glór glé glinn cluig
an Angelus cughainn agus é ag gabhailt na
gaoithe i gcúineas an tráthnóna. Chonnac
nár chuir a lán daoine suim ann agus
b'iongnadh liom san mar is beag áit ar
thalamh na h-Éireann ná taisbeántar creid-
eamh na nGaedheal ar bhualadh do chlog an
Angelus. Ar chuma éigin ní raibh se
amhlaidh an uair seo. D'imthigh binneas
cluig Mhuire leis an ngaoith agus d'fhéad-
fadh stróinséar a rádh nár chuir cuid mhaith
daoine na h-áite aon bhac ar Theachtaireacht
an Aingil. B'fhéidir ná bheadh an ceart
aige breith a thabhairt ortha mar sin.
B'fhéidir gurab amhlaidh a rabhadar cómh
thógtha suas le n-a gcómhrádh nár mhothuigh-
eadar é; b'fhéidir go raibh cuid aca
bodhar; b'fhéidir gur mó duine aca a
dubhairt in a aigne féin, “déarfad anocht
é.” B'fhéidir go ndubhairt a lán aca a
bpaidreaca gan an ceann a nochtadh.
B'fhéidir sin agus b'fhéidir siúd ach tá
an méid seo deimhnightheach go raibh sluagh
istigh sa pháirch nár éist le glaodhach cluig
an Angelus, nár chuimhnuigh ar shean-
chreideamh a sínnsear an tráthnóna san.



Ach — bhí buidhean beag fear tamall
uaim-se agus ar chéad buille an chluig,
bhaineadar na hataí díobhtha agus dubhradar
an t-Angelus cómh cráibhtheach is a dheineadh
na manaigh i n-Éirinn fad ó. Buaileadh
smaointe isteach im aigne. Chuimhnuigheas
ar chuid des na h-ainmneachaibh a tugadh ar
an mbuidhean seo agus dheineas machtnamh
beag ar gach rud, ar na h-ainmneacha
tarcuisneacha agus ar an radharc a bhí os
mo chómhar amach, cúigear óglach cródha
agus iad ag cur a nguidhe súas chun Dé i
n'onóir d'Á Mhathair Bheannuighte agus ar
son a dtíre cráidhte.



D'imthigh blian tharainn. Is mo cor a
chuir an saoghal de i rith na bliana sin agus
is fada go ndéanfar dearmhad ar chúrsaí
an tsaoghail i n-Éirinn ar feadh na h-aim-
sire. Thárla domh-sa bheith sa dúthaigh
céadna aríst agus chonnac fógra na
gCleas Lúth ar fhalla. Siar liom ar
bhóitrín na smaointe. Samhluigheadh dom
go raibh na Cleasa Lútha ar siubhal aríst, go
raibh fear a' chluig ag dul tímpeal agus
“céad slat,” “leath-mhíle” á nglaodhac
aige. Bhí na daoine ag dul thart. Bhí
buidheanta beaga fear ag déanamh comhairle
le céile go sholamhanta. Tháinig glór cluig
an Angelus agus annsan bhain an cúigear na
hataí dhíobhta. Cá raibh an cúigear indiu?
Bhí triúr aca imthighthe — go dtí Tír na
n-Óg, go dtí an Tír 'na mbíonn an Samhradh
i gcomhnuidhe. Do dheineadar cion fear
sa bheáta; dheineadar chion mairtíreach
sa bhás. Tógadh Cathal i rith an chogaidh
agus lámadh é, “nuair a bhí sé a d'iarraidh
éalughadh leis fhéin” — an feall a chuireann
an focal san i gcuimhne dhuinn!



Rugadh ar Dhomhnall agus trialladh é
acht —



“Sul shuidh breitheamh no cúirt no
coisde, le breathnughadh ar a chás,
B'é inntinn gach n-aon ar an liosta,
An Brianach a chur chun báis.”



Maidean bhreágh Bealtaine Mhuire,
d'eist Domhnall óg an t-Aifrean sa
phriosún. Do ghlac sé Corp Chríost; Dhein
sé Turas na Croise agus siubhal sé amach go
h-áit a bháis agus an Choróinn Mhuire á
rádh aige. Ní raibh sgeón na eagla 'na
chroidhe óg mar bhí sé dílis i gcómhnuidhe do
Mhuire, do Bhainríoghan na Mairtíreach
agus níor chlis sí air. “Is bean-
nuighthe thu idir mnáibh agus is beannuighthe
toradh do bhruinne Íosa.” Cluineadh na
h-urchair, stolladh croidhe uasal Dhomhnaill


L. 37


Óig agus do shil sé a chuid fola ar son a
thíre dhúthchais. Bhí naomh eile tréis dul
isteach i Rióghacht Dé.



“An Dhomhnall cháidh, níorbh é an piléar ba
dhual duit
Ach ar Chnoc Árd Bán, an seisreach a
stiúradh,
An céacta d'iompódh deiseal is
tuaithbheal,
'S an taobh dhearg de'n bhfód do chur
in uachtar.”



< C Prós>
Agus Pádruig bocht! Ar leath-thaobh
sráide caitheadh piléar pleascach leis agus
síneadh ar lár é. A Phádraig, an chroidhe
dhílis caillfimid tú sa bháire. Ní bheidh
d'aghaidh gealgháireach le feiscint, ní bheidh
do chainnt bhinn céolmhar le cloisint agus
tú ag gríosadh na mbuachaillí chun buadha.
Ba thruagh go bhfuairis bás gan mian do
chroidhe d'fhaghail, an mian sin a chuiris i
n-iúil dhom blian ó shoin nuair a dubhráis —
Dho-gheobhainn bás go sona dá bhféadainn an
Ghaedhilg a labhairt.” Níl fáinne na
Gaedhilge agat, a Phádraig ach tá Fáinne
Glóire na Flaithis agat.



Tá an triúr san imthighthe, ní bheidh siad
le feiscint indiu i bpáirc na gCleas Lúth.
Thugadar onóir do Mhuire um a dtaca so
anuraidh, fuaireadar bás ar son na
h-Éireann i rith na bliana agus indiú
táid ag moladh Dé ar neamh. Siad seo
na smaointe a bhuail isteach im aigne lá
na gCleas Lúth smaointe dolásacha agus
smaointe áthasacha le chéile. Agus annsan
do rith amhrán tré m' cheann, amhrán a
chan Pádruig go minic is go bríoghmhar ar
bharr Chnuic a' Teampuill, amhrán fíor-
Gaedhil é seo, amhrán laoich a fuair bás ar
son na h-Éireann.



“Ní leigfam uainn ár mbéasa
Ár dteanga féin ná ár gceól,
Na spiorad na saoirse a phréamhuigh,
An Tighearna in Éirinn rómhainn.”



“MAC ALLA.”


L. 38


“AN GAODHAL.”



Oidhche Nodlag, sluagh daoine atá bail-
ighthe le chéile i gcistin, iad ag áiteamh
agus ag cur tré chéile, cuid adú 'a rádh
gur ceart dúinn glacadh le na téarmaí,
cuid eile 'a rádhn ach ceart. Mise i mo
shuidhe 'sa gclúid, cluas orm ag éisteacht.
Éirigheann sean-Éamonn agus labhrann go
mall: —



“'Sé mo bharamhail nach mór an feabhas
a chuirfidh bhur gcainnt ar an sgeul. Rud
a theip ar na daoine is inntleachtaighe, is
deacair a rádh go dtiocfaidh a réidhteach
libh-se. Tá'n sgeul ag dul sa mhuilconn
orm féin le déidheanaighe ach tá Dia láidir,
agus is dócha go dtiocfaidh gach rud i gceart
in a am féin. Cibé rud a thiocfaidh as,
annsin, ní ceart dúinne dearmhad a
dheunamh ar na fir a d'fhulaing an bás: —



‘Is mairg a báidhtear le linn an
anaithe
Mar thigeann an ghrian i ndiaidh na
fearrthainne.’”



Tagann ciúineas ar gach éinne. Fé
dheire labhrann duine éigin: “Tá'n ceart
ag Éamonn” leantar de'n chainnt ach ní
cloistear an t-aighneas.



B'fhéidir gurb é an rud adubhairt
Éamonn a thug orm mo pheann do ghlacadh
chúgham agus an sgeul seo do shcríobhadh ar
mo charaid: Seán Ó Ceallaigh (ar deis
láimh Dé, go raibh a anam anocht). Ar an
gceud ásc, caithfar a rádh gur shíl an
choitchiantacht go raibh Seán pas beag
aisteach. Dá mbéitheá ag trácht air le
h-éinne des na sean-daoine, chrothaidís
a gcinn agus deiridís nach saoghal fada a bhí
indán dó. Is maith is cuimhin liom, sean-
Mháire 'á rádh liom féin go raibh greim ag
na sídheoga cheana air. Ní mór an iongnadh
san. Níor thuigeamar féin é, agus ba dhóigh
leat go mbeadh a chomráduidhthe féin in ann
tuairim do thabhairt fé. Buachaill lúthmhar
cliste a bhí ann riamh, buachaill a bhí thar
cionn ar gach aon chuma ach amháin nach
labharfadh sé puinn le h-éinne. B'shin é an
locht is mó a bhí air, bhí sé ró-chiúin ro-
staidéarach ar fad.



Annsin, lá, do tháinig an máighistir nua.
Duine óg maiseamhail a bhí ann agus an cheud
lá go rabhamar ar scoil aige, dubhairt sé a
lán i dtaobh mná uaisle a bhí i mbraigh-
deanas agus i dtaobh an phionóis agus an droch-
chóir a cuireadh ar a lán daoine a bhí ad'
iarraidh í fhuasgailt, go mbíodh sé orrainn
go léir ár gcion féin de'n obair do
dheanamh agus nach raibh aon tslighe eile a
b'fhearr chun a dhéanta ná a teanga d'fhogh-
luim. B'iongantach an píosa cainnte a
dhein sé agus an tógtha orm é, a cháirde, má
deirim líbh go raibh rún mór tábhachtach
i dtaisge againn i bfíor-íochtar ár
gcroidhthe ag dul abhaile dúinn an trath-
nóna sin? Bhíomar go hana-mhaith ar
feadh seachtmaine nó b'fhéidir coicthighis
agus annsin…! Bhál, níor mhaith liom
a rádh cad do thárla annsin. Tá 'fhios ag an
saoghal nach raibh an sprid chómh foirleathan
an uair sin a's atá sí anois ach is baoghalach
go rabhamar an-righin, aná stuacach ar fad,
an t-am sin, i gceart lár ná h-Éireann.
Marach Seán, ní fheadar cad a dhéanfadh
an máighistir óg. Do lean sé dílis fan na
h-aimsire agus ní gan a rian a bhí sé. Níorbh
fhada go dtí go raibh an Ghaedhilg cuibheasach
maith aige agus sul ar fhág sé an sgoil, ba
chómh-mhaith aige Gaedhilg agus Beurla. Is
um an dtaca 'n-a mbiodh sé ag gabháil do'n
Ghaedhilg, ar dtúis, a thugamar “An
Gaedheal” mar ainm air. Mar seo a
thárla: — Tá 'fhios ag an saoghal Fódlach
gur 'mó cleas a dheineann buachaill ag dul
ar scoil dó, agus ní mór a ghoilleann siad air
ach oiread. Bíonn an croidhe eudtrom ag
an bpáiste i gcómhnaidhe. Ní mar sin do
Sheán s'againn, amhthach. Ní dhéanfadh sé
choidhche aon rud muna mbeadh sé socruighthe


L. 39


aige do réir a intinne féin agus dá mba
nár mhaith leis rud áirithe a dhéanamh agus
sluagh an domhann ag tafaint air chun a
dhéanta, ní bhéadh d'fhreagra aige ach “Ní
dhéanfadh Gaedheal é.” Tá 'fhios agam-sa
anois é bheith buailte isteach in a aigne nach
bhféadfadh an Gaodhal aon éagcóir a
dhéanamh agus go mbíodh an Gaodhal mar
eisiompláir os comhair a aigne aige i
gcómhnaidhe.



D'imthigh na bliadhna. Is 'mó cor a
chuir an saoghal mór de agus níor thaise d'ár
mbaile féin é. D'imthigh sin agus tháinic seo.
D'fhágas-sa an baile agus cé go bhfuaireas
corrsgeul ar dtúis, do stad na leitreacha
t'réis tamaill, agus níor bhuail Seán liom
áiris go dtí gur thosaigh an chorraighil sa
mbliain '16.



Bhíomar ag suidhe chum búird nuair do
phléasg na gunnaí. Ní miste a rádh gur
rugadh i mbeul na séibe orrainn. Níor ro-
fhada 'n-a dhiaidh sin, gur tháinig an sgeul
áthais go raibh brat na h-Éireann os cionn
oifig an Phuist agus go raibh gunnaí na n-Éir-
eannach ghá fhuagairt do'n domhan go raibh
Poblacht na h-Éireann ar bun. Do phléasg
na gunnaí airís! Ceól aoibhinn do'n
Ghaedheal, ceól suairc do'n té a bhí brúighte
basgaithe ar feadh na mbliadhanta. Bhí
fuath agus grádh ann, bhí siosgadh agus gearradh ann,
treasgairt agus tuargaint, torann agus clampar
agus tríotha go léir, bhí cogarnaoil agus siosarnach
na ndaoine a chuaidh rómpa ghá moladh agus
ghá gcomhairluighadh agus ghá spreagadh chun
gníomhartha mhóra. Nárbh aoibhinn an radh-
arc é? Tá'n fear bréige ar leath-taobh,
tá deire le réim bhaoth na cainnte agus tá'n
fíor-Ghaedheal, Gaedheal ár n'aislingí ag
seasamh an fhóid go fearamhail dána.
Tá'n sean-Ghaedheal le fághail áiris, sprea-
cadh agus spionnadh 'n-a láimh, loinnir 'n-a
shúile agus lúthgháir fíochmhar 'n-a chroidhe agus
an sean-namhaid os a chómhair. “Go
gcúitighidh Dia líbh a fheara Fáil agus nár
theipidh ar luas bhúr lámh.” Sin iad na
smaointe nó a macasamhail a bhí ag rith
tré m'aigne tráth a chualas fuaim na
ngunnaí mar throm-dhórd na madhmanna
ag briseadh imeasg na gcarraigeacha, lá
gáirbhín agus anfaidh.



Do leanadh de'n chómhrac. Um thráthnóna
Dar-daoin a bhí chúghainn do buaileadh cnag
ar an ndoras. Bean fhriothailte a bhí ann.
“Teanam ort, a Athair, tá óglach in ucht
a bháis 'n-ár dtigh. Do ghluaiseamar, mé
féin agus an sagart. Níorbh fhada gur
thánamair go dtí an áit 'n-a raibh sé.
Chuaidh an sagart suas an staighre agus i
gcionn tamaill, d'fhill se agus ar seisean:
“Is gearr a mhairfidh sé, tá na speabhraídí
air anois agus do réir mar a labhrann sé
ní chuirfeadh sé iongnadh orm dá mba ód'
cheanntar féin dó.” Leis sin, do chuadhas-sa
isteach. Bhí an t-óglach sínte ar a leabaidh
'san gcúinne ar an dtaobh thuaidh de'n
tsheomra. Bhí na dallóga ar tarrang agus
'sa leath-sholus a bhí ann níor fhéadas mórán
d'fheicsint. Bhí gach rud an-chiúin agus tháinic
ciúineas míorbhailteach ar mo chroidhe féin.
Anois agus áiris, do chloisfeá fuaim na
ngunnaí ag pléasgadh sa gcathair. Bhí sé
ag rádhmhaill áiris: “Ní dhéanfadh Gaodhal
é.” Siúd anonn mé, ar an dtoirt.
'S eadh a chara, 'sé Seán a bhí ann agus créacht
mhór fén a chléibh. Ní fios dom anois,
cáid a chaitheas ann le cois na leapthan
nó cad iad na smaointe a rith tré m'aigne
ag feicsint mo charad 'san riocht sin,
dom. Tamall roimh bás dó, tháinig a
chiall chuige áiris. Bhí gáire ar a bheul,
faghairt 'n-a shúile agus bhí sé ag bogadh a
bhéil chun labhartha nuair do thuit a cheann
siar ar an gceannadhairt. Do phléasg na
gunnaí áiris ach, bhí 'fhios agam go raibh
anam Sheáin, imeasg laochraidh na nGaedheal
'sna flaithis.



“Dia leo ag luighe 's ag éirighe
Tréinfhir is treise i dtachar
Dia 'na seasamh 's 'na luighe leo
Is i dtráth chuirthe an chatha?”



T. Ó. C.


L. 40


“AN MADA RUA MÓR IS AN MADA
RUA BEAG”



“A mháthair,” arsa Tomáisín cosnoch-
tuithe agus é ag glaodhach in árd a ghutha
agus ag rith ar a dhícheall an bóithrín isteach
abhaile, “a bhfeiceann tú an eascú mór a
rugas uirri. Féach tá sí beo fós, tá an
béal ag corruighe is an ruball ag suathadh.”
“Eist, fan socair,” ars an mháthair, “nó
geobhfaidh mé de'n t-slait ort, tá an
sagart istigh. Tháinigh sé chun cúpla sceultha
chlos ó Phádraig sceulaidhe nuair a chualaidh
sé é bheith ar chuairt annso.” Caith uait
an t-ainmhidhe gránda, agus tair isteach
chun an tsagairt d'fheicsint.” “Fanfaidh
mé i bhfad amach uaidh, m'anam — tá's aige
is dócha gur dheineas éaló ó'n d'Teagasc
Críostuidhe Dia Domhnaigh seo caithte.”
“Muise cad fáth tú bheith chómh culánta
eagalach, níl istigh ach é féin, seana Phádraig,
d'athair, agus Maighréadh atá ag freastal
orra.” “Is mar a chéile anois, ní raghad
isteach, fanfad gan mo shuipéar níos
túisce ná dul isteach is an ragart romham.”
“Téir féin a mháthair agus má chuireann sé
mo thuairisc, abair leis me bheith i mbun
rud eicint agus go mbeidh mé isteach
láithreach.”



Le na linn seo, bhí an dinnéar thart.
Tháinigh an sagart go dtí an dorus agus go
deimhin ní fheicfeá Tomáisín a luaithe is
a bhí sé ag bailiú leis as radharc. “Ní
h-aon mhaith bheith leis, a athair,” ar sise,
“tá sé chomh fiadhain le girrfhiadh.”



“Druid aníos chun na teine, athair,” ar
fear-an-tighe, “b'fhéidir go bhfuil sceul
eile ag Pádraig annso.” Thosnuigh Pád-
raig ar thuille díobh d'innsint agus ba
ghearr leo an oidhche. “Is mithid dom bheith
ag imtheacht anois,” ars an sagart. “Rath
go raibh ort i gcomhnuidhe a Phádraigh,
cluinfidh mé cúpla eile uait sar i bhfad fé
mé bheith slán.” “Go n-eirighidh an oidhche
leat,” ar siad go léir istigh.



Chuadar go léir a codladh láithreach, mar
bhí sé amach san oidhche. Bhí Maighréad ag
feitheamh le Tomáisín. Tháinigh sé gan
mhoill. “Tá an sagart imthighte fé dheire,”
ar seisean, “is dócha go raibh sé crosta
liom, raibh?” “Ní fhéadfadh sé a bheith,”
ar sise, “mar bhí sé ag síor-gháiridhe i
rith na h-oidhche fás na sceulta a dh'innis
seana-Phádraig. Scéulta nua iseadh an
chuid is mó díobh.” “Is truagh liom anois
nár thána mé isteach lem' mháthair an tráth
úd. Cad ab' ainm do chuid díob? a
Mháighréadh nó cad é saghas iad?” “Táid
siad idir fada is gearr,” ar sise. “Ba
mhaith liom,” ar seisean ceann gearr a
chlos roimh dul a codhladh dom. “Tá sé
déanach,” ar sise, “ach mar sin féin seo
dhuit ceann gearr.” “An mada rua
mór is an mada rua beag,” is teidiol
dó. “Oidhe,” ar Tomáisín, agus bior
'na dhá shúil is cluas na muice bradaighe
air,” níor chuala mé riamh é. Thosnuigh
Máighréad mar seo leanas: —



“Bhí mada rua mór agus mada rua
beag 'na gcomhnuidhe le chéile. Bhí fiche bó
ag an gceann aosta agus gan ach bó amháin
ag an maidrín. Ní raibh aca ach droch-
chasán chun na ba a thiomáint air agus
d'iarran mada rua mór ar a chómharsain
teacht 'na theannta chun é do shocarú.
“Ní raghad,” ars' an maidrín. “Is
féidir liom aire a thabhairt dom bhuin féin


L. 41


agus nach cuma liom tusa is an fiche bó
agat.” “Marbhóchad do bhó ort muna
dtiocfair liom,” ars an seana-bhuachaill.
“Dein,” ars an maidrín, “níl leigheas
agam ort.”



Do mhairbh sé bó an mhaidrín agus do
bhain an maidrín an croiceann di. Chuir sé
fiche éigean pinginn isteach ann agus thóg
sé go dtí an baile é. Bhuail ceannuidhe
leis, firín beag cat-shúileach. “Croiceann
atá agat?” “'Seadh.” “Cad atá uait
air?” “Céad púnt,” “Coiméad é,”
ars an ceannuidhe ag casadh chun imthighthe.
“Níor chuala riamh a leithéid!”



“Feach,” ars an maidrín, “i n-aghaidh
gach buile a tugtar dó, tuiteann pinginn
as.” Leis sin, bhuail sé air is thuit pinginn
as, bhuail sé arís is arís eile is bhí na
pingneacha ag tuitim as go tiubh. Bhí an
ceannuidhe sásta. “Bíodh sé 'na mhargadh,”
ar seisean, is do dhíol sé an céad púnt.



Tháinigh an maidrín abhaile agus é go
rígh-shásta. Lá ar na bháireach bhí sé ag
cómhaireamh an airgid. Tháinig an mada
rua mór chuige is dubhairt, “Cionus a
fuairis an t-airgead go léir.” “Chionn
tusa a mharbhú mo bhó orm,” ars an maidrín.
“Mairbh-se bó orm,” ars an buachaill
aosta. “Ní mhairbheochadh,” ars an maid-
rín, “mairbh féin í.” Annsin do mhairbh
sé ceann des na buaibh is thug sé an croich-
eann go dtí an baile chun céad púnt
d'fhagháil air, dar leis, mar a fuair an
maidrín. Ag gabháil an baile isteach dó
do rith a raibh de ghadharaibh sa bhaile na
dhiaidh. Chaith sé an croiceann annsan is
do theith sé lena anam treasna na
mbóitre is na gcnoc is na sléibhte. Bí
sé gan croiceann gan airgead gan clú,
agus anois bhéadh an bitheamhnach beag eile ag
magadh faoi. Chaith sé an oidhche ag cur is
ag cúiteamh is ag machtnamh cad dheárfadh
sé leis an maidrín. “Muise an donas
duais ort,” ar seisean leis an maidrín
lár na bháireach, “mar is tú do chuir i
gcóir mo mharbhuighthe mé.” Bé an claidh-
eamh tré na chroidhe an bob a buaileadh air
is bhí sé lán-cheapaithe aige díoghaltas a
dhéanamh agus sásamh a bhaint as an maidrín.



“Marbhóchaidh mé do mháthair ort,” ar
seisean leis. “O dein,” ars an maidrín,
“níl leigheas agam ort.” Do mhairbh sé í.
“Ní dhéanfaidh an cladhaire beag úd,
amadán díom arís,” ar seisean 'na aigne
féin. Do shocharuigh an maidrín a mháthair
suas. Chuir sé teanntaí fúithi is thug sé
leis go dtí an baile í. Bhí sé ghá thabhairt
ó dhoras go doras is gheóbhfadh sé raol ann-
so agus scilling annsúd agus leath-
choróin in áit eile. Nuair a bhí sé cortha
den t-siubhal agus an oidhche ag tutim,
tháinig sé go doras an duine uasail so
is tháinig an teachtaire amach. Thaisbeáin
an maidrín a mháthair dó is dubhairt nárbh
fhéidir lei aoinne a chlos, go gcaithfí í
phriochadh chun go gcloisfeadh sí thú. Leis
sin do phrioc an teachtaire í agus thuit an
mháthair ar chúl a cinn. Do phléasc an
maidrín agus do scread sé — “Aililiú, tá
mo mháthair marbh, mo mhatair dhílis marbh!!!”



Amach leis an duine uasal nuair a chuala
sé an glór. Dubhairt an maidrín gurab
amhlaidh a mhairbh an teachtaire í agus muna
ndéanfaí cúitheamh dó go mbéarfadh sé
an sceul fá shúilibh na bpóilíní. B'fhearr
leis an duine uasal an t-uaigneas ná an
t-imreas. Thug sé sparán airgid don
mhaidrín is dubhairt leis é choméad fé rún.
Bhí a chleas imeartha ag an maidrín bhí an
t-airgead aige. Do chuir sé a mháthair is
abhaile leis go h-áthasach is go h-árd
chroidheach.



Lár na bháireach bhí sé ag comhaireamh an
airgid nuair isteach chuige an mada rua
mór. “T-anam 'un diabhal, ach cá bhfuairis
an t-airgead go léir,” ar seisean.
“Fuaireas chionn tusa mharbhú mo mháthar
orm,” ars an maidrín. “Mairbh-se mo


L. 42


mháthair orm.” “Ní mhairbhéochad,” ar
seisean, “mairbh féin í.” D'imthigh sé
agus do mhairbh sé a mháthair is chuaidh sé
léi go dtí an baile. Chuir na madraí an
teitheadh air. Stolladar agus stracadar
an croiceann de. Tháinig sé abhaile go lag
leisceamhail, tinn tuirseach. Dá olcas
é agus dá chrostacht an lá fé dheireadh,
bhí sé nimhneach ar fad anois agus ar dearg-
bhuile. Bhí sé lán-cheapaithe aige an cladh-
aire bitheamhnaigh a chur ar shluagh na marbh.
“Táim chun tú féin a mharbhú anois ar
seisean mar is tú a chuir i gcóir mo mhar-
bhuighthe mé.” “O, dein,” ars an buachaillín
beag, “níl leigheas agam ort.”



Rinne an seana-bhuachaill mealbhóg is
chuir sé an maidrín isteach ann. D'fháisc
sé an chnáib. Thug sé go bruach na faille é
is do chaith sé síos é. “Ní dhéanfair a
thuille magaidh fúm,” ar seisean 'na aigne
féin. “Díolfair ar do ghliocas is do
chleasa anois.”



Is ar an seana-bhuachaill féin a buaileadh
an bob arís, mar bhí uisce ag bun na faille
is thuit an maidrín isteach ann. Bhí a lán
uisce sa pholl agus muna mbéadh go raibh
snámh maith aige agus an teacht aniar, bhí
sé ar shluagh na marbh an rud a bhí o'na
chomharsain. Ach bhiódar san aige agus an
fhaid is a bhí sé ag treabhadh trén uisce, bhí
rann mar so 'ghá rádh aige: —



“Ó, Ró Linín: Ó Ró Lae
Tá na h-aingil im mháilín féin
Is raghad-sa féin go flaitheas Dé
Is ní go h-ifreann le Congnamh Dé.”



Le no linn seo, bhí duine uasal na
sheasamh ar an mbruach agus do bhagair sé
chuige an maidrín. Nuair a tháinigh sé
chun tíre ní raibh cor eile as. Bhí sé
tnáithte, tuirseach, traochtha, agus i riocht an
bháis. Tógadh suas é agus é ar an gcuma
san. Bhí an duine uasal sásta a lán
páigh a thabhairt dó ach fanmhaint aige.
Ní fhanfadh sé ar airgead ach dubhairt sé
go bhfágfadh sé an mhealbhóg aige — meal-
bhóg dár leis nar bh'fhéidir é shárú le
cumhacht — mealbhóg gurbh fhéidir leat dul
amach ann ar an uisce gan conntabhairt aon
lá ba mhian leat. Bhí an stróinréar sásta
a lán a dhíol as, agus do dhíol. Annsin ba
mhaith leis triail a bhaint as. Isteach leis
sa mhealbóig. D'fhaisc an maidrín an
bhéal shrang ar an mála, leig sé síos é
agus síos leis go tón púill. Ba chuma
leis an mbuachaillín, bhí an t-airgead
aige, agus sin a raibh uaidh.



'Sé a bhí go spleórrach groidhe ag gabháil
abhaile. Lár na bháireach bhuail sé leis an
mada rua críonna agus d'innis sé dó
cionnus d'eirigh leis. “Fuaireas an
t-airgead go léir ar seisean chionn tú
dom' chaitheamh leis an bhfaill,” ar seisean.
Bhí éad ar an mada rua críonna mar ná
raibh sé féin ag tuilleamh airgid chómh bog
san. “Caith síos mé,” ar seisean leis an
maidrín. “Dein féin é,” ars an buachail-
lín glic. Annsin do dhein sé mealbhóg
dó féin, chuaidh sé isteach ann is d'fháisc sé
an bhéal-shrang go daingean agus caith sé é
féin síos “Cuas an Ghamhna.” Do dein-
eadh smeidríní de. Bhí an maidrín lán-
t-sásta toisc an fheirm a bheith aige, an
t-airgead agus an ulc stoc. Níor tháinigh
tionoisc ná mí-ádh, buadhairt ná brón air
go bráth 'na dhiaidh sin ach do mhair sé go
sásta suairc, go séanmhar sona, gan
uamhan gan uathbhás gan time gan taise.”
“Sin críoch.”



“Muise mo cheól thú, a sheana-Phádraig,”
arsa Tomáisín. “M'anam a Mhaighréad,
níl aon téora le na bhfuil de sceultaibh
aige agus gach ceann díobh níos fearr is
níos spéiseamhla na a chéile.”



“Suas leat a chodlad anois a Thomáisín,”
arsa Maighréad “nó beidh m'athair ag glaodhach
orainn.” “Coigleochad an teine is múchfad
an lampa is beidh mé ag imtheacht láithreach
chomh maith. Oidhche mhaith agat.”



S. MAC CLÚIN.


L. 43


AN FÁINNE I DTIGH NA SINNSÉAR.



D'éirigh Cumann an Fháinne go bríoghmhar
laidir sa tigh le cupla bliadhain. Tá dhá
bhliadhain óshóin ní rabh scór fáinneach sa
Cholaiste uilig acht a mbliadhna tá níos mó
no trí scór ar an rolla a dtigh na Sinnfear
fhéin. Is maith an sgeal sin, agus is mór an
luthghair atá orainn é bheith le h-innse
againn. Creidim nach bhfuil Gaedheal ar
bith nach bhfuil fhios aige goide an rud an
Fáinne agus goide an chiall atá bis.
Cumann atá ann agus is é an fáinne
a órduigheann se mar comhartha comhalta.
Tá se d'fiachadh ar gach comhalta, no ar
gach fainneach, Gaedhilg a labhairt le cheile
agus is seo an móid a ghlacann gach duine
ar ghol isteach san fháinne do. “Dearbhaighim
nach labharfad acht Gaedhilg le héinne de
luchth an fháinne, acht amháin nuair
a bhéidh gabhadh mór éigin fa leith leis.”
Tá cúram an fháinne faoi Chomhairle a
mBaile Cliath, agus áit ar bith fríd an
tír a bhfuil seisear fáinneach thig leo
Gasra a chur ar bun acht caithfidh siad
cead a fhaghail o'n Chomhairle a mBaile
Cliath. Anuiridh a cuireadh an chead Ghasra
ar bun sa Cholaiste annseo, faoí stiuradh
Chuallachta Chuilm Cille, agus d'éirig leis
go han-mhaith ann a oige. Ó cuireadh an
Gasra ar bun tig na fánnaigh le chéile
achan chead Domhnach de'n mhí, labhairigheann
an t-Aodhaire leo agus cuireann se romhpa
gach rud a bíonn ag baint leis an fháinne
agus le cúis na Gaedhilge sa tigh. Ag an
chruinniugadh míosa seo fosta leightear
litreacha a thig o'n Chomhairle a mBaile
Cliath. Cuireann an Comhairle suim mhór
anns na Gasraí go léir agus go speisealta
sa Ghasra atá sa Cholaiste annseo, agus
bíonn luthghair mhór air lucht an fháinne
litireacha Comhairle a fhaghail ua. Mac-
leighinn ar bhith ar mhaith leis fághail a steach
san fhainne caithfidh se a ghol faoi scrúdú
dian agus bíonn an scrúdú seo ar shiubhal
achan chead Domhnach de'n mí fosta agus
amanna eile dá mbéadh feidhim leis.
Bíonn an scrúdú seo an dhian agus ní
bhfuigh duine ar bith asteach san fháinne gan
eolas maith a bheith aige air an Ghaedhilg
agus gan a bheith abulta comhradh go réidh.



“DOMHNACH NA GAEDHILGE.”



Bíonn “Lá na Gaedhilge” sa colaiste
achan chead Domhnac de'n mí. An lá sin
caithfidh gach Fáinneach a fháinne a chathadh
agus gan acht Gaedhilg a labhairt ar feadh
an lae. Cuidigheann na buachaillí eile go
maith le lucht an fháinne agus dheánann gach
duine a dhicheall leis an teanga a labhairt.
Ar an adhbhar sin is mór an gar buidhean
laidir Gaedhilge mar an “fáinne” a
bheith sa tigh, ní thig leis an Ghaedhilg bás
a fhaghail agus daoiní mar sin rithe cun í
a shabhail. Acht tá cuid mhór le deánadh
go fóil, nar bhreágh an sgéal dá mbéadh
na bhuachaillí go léir sa'n Fáinne! Ní
fhuil leith-sgéal ag saghart óg ar bith
ag fágail na colaiste seo gan a bheith
abulta an Ghaedhilg a labhairt. Ma thoisigh-
eann duine a fhogluim ag teacht annseo do,
ní fhuil baoghal ar bith go mbéadh eagla
ar a ghol faoi dhian scrúdú le faghail
asteach san fháinne sul a bhfágfadh se an
cholaiste. Tá an domhan daoiní ag fogh-


L. 44


luim na Gaedhilge agus an mbéidh cléir
agus adhbair saghairt na h-Éireann ar
deireadh? Is againne annseo atá an
cheist sin le freaghradh. Deirtear go
fíor nar chuidigh cléir na h-Éireann leis
an Ghaedhilg a chuinneilt beo anns an am a
chuaidh thart. Nach brónach an sgéal sin!
Acht thig linne an chuis a léasughadh anois, tá
fhios againn goide is fiu ar dteanga agus
ní fhuil leithsgéal ar bith againn gan ár
ndicheall a dheánadh leis an teanga sin a
chuinneilt beo. Tá sí le tógailt a mharbh,
nó tá sí beagnach marbh le fada annsan
chuid as mó de'n tír. Acht an áit ar
mhair sí tá sí le cuinneilt beo agus le
spéaghadh ar fud na tíre go léir. Mar
sin de, a bhuachaillí, tá cuid mhór le déanadh
agus caithfidh gach duine a sgéar de'n
obair a iompar. Anois an t-ain againne
le eolas maith a fhaghail ar an teanga, tá
seans maith againn annseo agus orainn
fhéin a bheideas an locht muna ndéanfidh-
muid ár ndicheall. Tá cuid mhór buachaillí
sa tigh agus ní béadh muill ortha faghail
asteach san fháinne, acht budh chóir do gach
duine a bhfuil a shaith Gaedhilge aige a
theacht asteach, agus mar sin chuideochaidh
se go mór leis an Cholaiste, leis an tír
agus leis an Chreideamh. Is e “an Seacht”
uimhir Ghasra an Fháinne a dtigh na Sinnsear
agus seo ainmneacha an Chomhaltais.
“Micheál Ó Murchadha, Aodhaire; Tomas Ó
Briain, Sparanaidhe; Séumas Mag Fhionn-
laoigh, Sgríobhaidhe; Domhnall Mac Eocha-
gáin, Seán Pigóid agus Pádruig Ó
Críodáin.”



S. MAG FHIONNLAOIGH,
Sgríobhaidhe.



CÚRSAIDHE GASRA AN FHÁINNE IDTIGH
NA SÓISEAR.



Tá an éirighe go seóigh le Gasra an
Fháinne i dtigh na Sóisear ó chuireadh ar
bun é anuiridh. Dá fheabhas a dh'éirigh leis
na buachaillíbh an blian seo gaibh tharainn,
dobfhearr fé sheacht mar d'eirigh linn
imbliana, de bhárr na spéise agus na
rinne do cuireadh san obair. Ag seo
ainmneacha lucht' stiúrtha an Gasra: —
Padhraigh Mac Chluain, Uachtarán, Seán Ó
Liain, Scríbhneóir, Brian Ó Piteán, Cisteóir,
agus Tomás Ó Cadhain, Séosamh Mac Ruaidhri,
is Tadhg Ó Conghaile lucht an chómhairle.



Cuireadh áthas ar ár gcroidhthe an méid
fáinneach do séoladh isteach inár measg
idtosach na bliana, agus ba mhóide ár
n-áthas a fháilt amach a fheabhas is bhí an
Ghaoluinn ag gach duine aca. Dubhraimir
linn fhéin go gcuiridís an Ghaoluinn ó
bhaol i dtigh na Sóisear, agus ar ndó, ní
raibh aon dul amú orainne sa mhéid sin.



Bíonn cruinniú de'n Ghasra againn gach
re Domhnach ar a luighead, agus díspóireacht
ar siubhal ag gach chruinniú agus uaireannta
bobht' amhránaíochta nó sgeúl mar chríochnú
ar chúrsaí an chruinnighthe. Bíonn an chéad
Domhnach de gach mhí 'na “lá Gaoluinne,”
agus go dtí so ní fuláir admháil gur
dhein furmhór mór na mbuachaillí a gcion
fhéin chun an Ghaoluinn do labhairt ar na
laethibh san.



SEÁN Ó LIAIN, Scríbhnéoir.



A Mhuire ro-mhilis, a bhuime, is a mhathair Dé
A bhfuil fuasgladh na cruinne go huile ar do láimh go léir
Cuir impidh ar do leinbh d'fhuiling an pháis go geur
Gach cruaidh-chás 'n-a bhfuilim furtuigh agus tarthail mé
Mo ghrádh thú a leinbh do geineadh san Mhárta
Mo ghrádh thú a leinbh do rugadh san stábla
Mo ghrádh thú Íosa aon-mhic Mháire
Is cuimrigh m-anma ar uair mo Cháis dfhágháil.


L. 45


AN “SINN FÉIN” SEO 'GAINN-NE.



Lá breágh samhraidh a bhí ann agus lá
saoire chomh maith. Bhí na mic-léighinn ag
stuidéar ar a lán-dicheall agus bhí an rath
ortha a leithéid de lá d'fhághail amuigh san
aér úr. Ní túisge bhí na cúirteanna
agus na líonta tennis i dtreó aca ná
eirigheadar as an bpéile agus as an
gcamánuidheacht ar fad. Acht ní raibh na
báiridhe connartha i “Sinn Féin” críoch-
nuighthe go fóil agus ní leisge a bhí ortha acht
an oiread, acht is amhlaidh a bhí gach foireann
a bhí ann chomh maith le chéile, ionnus go
raibh a lán comórtas aca. Sé foirne
a bhí aca i mbliadhain 1921 agus captaoin
duthrachtach i gceannus gach foirne. Bhiodar
go léir buaidhte anois, ámhthach, acht na
foirne a bhí ag Micheál agus Domhnall,
beirt laoch ó'n deisceart, agus bhí comór-
tas na craoibhe le bheith aca an lá seo. Badh
fhorus d'aithint gur rud speisíalta é sin ó'n
mion-gháire a bhí ar aghaidh na mac-léighinn
agus íad ag dul isteach 'sa bpoinn-tigh
an mhaidin seo. Bhí an fógra ar an gclár
gorm agus dhá phiop dheasa leagtha treasna
chéile, fé mar a chífadh tú dhá sleagh, idir
ainm Mhichil agus Domhnaill. Piopaí a
bhionn aca mar dhuaiseanna i gcomhnuidhe i
“Sinn Féin,” cé gur cuma le gach camán-
uidhe ann, cad é an duais a bheadh aca chomh
fada agus a bhuaidhfadh a fhoireann féin.
Diadhairí na ceathramhadh bliadhna a b'eadh
Micheál agus Domhnall agus d'á bhrigh sin
is amhlaidh ba mhó an imnidhe a bhí ortha na
piopaí d'fhághail an bobhta seo, mar nach
mór an maoidheamh é a bheith le rádh aca
agus iad ag dinnéir sagart i n-áit éigin
gur rugadar an chraobh leó i “Sinn Féin”
agus íad i Magh Nuadhath.



Bhí an cluiche báire le tosnughadh de réir
mar a bhí 'sa bhfógra ar a aon-déag a chlog
go díreach. Ní raibh spriocadh ná grío-
sughadh ag teastáil uatha bheith i n-ám an lá
seo. Ní raibh aon bhuaidhreamh ar duine
aca acht camán tréan láidir a fhághail, agus
mar is eól do gach aoinne is beag maitheas
do bhuachaill aon t-saghas camáin eile bheith
aige i gcomórtas mar sin. Is beag nach
raibh an tigh go léir cruinnuighthe mór-
thimcheall chun fáilte do thabhairt dos na
imirtheóiribh agus iad ag teacht amach agus


L. 46


na bríste gearra ar gach duine aca. Tá
páirc “Sinn Féin” rud beag gearr agus,
mar gheall ar sin, ní bhíonn acht aon chamán
déag ar gach foireann. Bhí a áit cheart
socruighthe i gcóir gach fir ag na captaoinibh
agus gach nidh i dtreó aca acht ní raibh aon
mholtóir ar bith le feiscint. B' shin í an
cheist annsin, cá bhféadfaidhe moltóir maith
cóir a fhághail.



“Is cuma liom cé'n moltóir a bhéidh
againn,” arsa Micheál, “acht moltóir go
bhfuil eólas na riaghail aige.”



“Bheul, má's mar sin é,” arsa Domhnall,
“is fearr dúinn camánuidhe ó'n ‘bPáirc’
a bheith againn.”



Níorbh fholair camánuidhe ó'n ‘bPáirc’ a
fhághail gan mhoill, cé gur oth le gach fear
aca gnó chómh tábhachtach is comórtas do
bhruthnughadh i, ‘Sinn Féin’ a ghlacadh. D'iar-
radh ar bhuachaill aca. “O, ní bhéidh aon
bhaint agam leis an gnó seo ar chor ar
bith,” ar seiseann. “Ara, amach leat agus
leig dóibh bheith ag imirt,” arsa gach aoinne
i n-aice leis. Bhí náire air diúltughadh
dúinn go léir.



“Seo duit an fhead,” arsa Domhnall
leis, “an bhfuil uaireadóir agat?”



“Tá, a Dhomhnaill,” ar seiseann.



“Glaodhaigh,” ars' an moltóir airís
agus é ag caitheamh pigne 'san aér.



“Ceann,” arsa Micheál, agus bhí an
ceart aige. “Imrighidh síos.” Treasna
leis na gcamánaibh agus le sméideadh do
shúile, chaith an moltóir an sliodar istéach
agus as go brath leis ar chosa i n-áirde
go taoibh na pairce. B'fhearr leis bheith
as contabhairt, 'dtuigeann tú, cé go
ndubhairt gurbh amhlaidh go bhfeicfeadh sé
gach uilé nidh níos fearr annsin.



Siúd ag rith íad, síos suas an phairc, an
sliodar san aér agus gach fear aca ina
dhiaidh. “Fanaidh i nbhur n-áit ceart,”
arsa Micheál agus leig sé liúigh as a
dhúiseachadh na marbh san reilg.



Bhí Domhnall i n-a chosantóir agus
Micheál sa meadhon-phairc agus, go deimhin,
níorbh olc an rud é nach rabhadar ar a
chéile. Fuair Ciarraidheach an sliodar ar
bharr a chamáin agus chuir sé é agus dord
leis isteach i mbéalaibh cúl Dhomhnaill go
díreach. Tharraing Domhnall air acht ní
tuisge bhí sé ar an dtalamh ná bhí buachaill
luath easgaidh ó Árd-Mhaca air agus chuir
sé isteach idir na slait é tré'n gcúl báire
bocht.



“Deamhan locht ort,” arsa Domhnall.
“Mise fé ndear é.”



Pocadh amach arís é agus is beag nár
imthigh sé thar na teoranna ar an dtaoibh
eile de n fhaithche. Bhí saghas acrainn eat-
orra ar feadh noiméit acht bhí cosanteóirí
Mhichil chomh mhaith leis féin. Bha ghearr go
raibh an sliodar 'sa meadhon-phairc agus
síos airís go cúl Domhnaill. Bhí sé glic a
dhóthain an t-ám seo do'n bhuachaill ó Árd-
Mhaca acht ba ghearr go dtí go bhfuair
Micheál féin saor-phoc i lár na páirce
agus chuir sé scriob isteach. Sin a chuir
muinntir Dhomhnall ar buille ar fad agus
chomh luath agus cuireadh amach an sliodar,
bhíodar air gan trochaire do dhéanamh agus
gan maitheamhnas d'iarradh.



“Anois, a chífear an spóirt,” arsa
buachaill i n-aice liom agus gan aon agó ní
raibh báire go dtí é. Camáin d'á mbriseadh
agus lorga d'á mbualadh agus buachaillí ag
screadhadh agus ag liúigh. Cia chonnaich
riamh a leithéid, sleagad agus sleascadh,
fothrom agus gleó? Chuir muinntir Dhomh-
naill an sliodar ó dhuine go duine go dtí
go bhfuair ionnsuightheóir a sheans. Chuir sé
isteach go direach é. Ní stadfadh rud ar
bith é.



“Sin é an stuif dóibh,” arsa Domhnall
ó'n dtaoibh eile de'n phairc agus d'fhéadfá
é a chloisint míle ó'n áit.



“Lean leis an obair,” ar seiseann
airís agus thosnuigh gach duine againn ag


L. 47


bualadh bos agus ag liúigh. Amach leis an
sliodar airís agus ó thaoibh taobh na pairce
leis. Anois i mbéalaibh cúil Dhomhnaill
agus anois i mbéalaibh cúil Mhichil. Fuair
Micheál féin é. Chuir sé suas 'san aér
é agus síos leis ag cosaibh Domhnaill.
Chonnaich Domhnall é ag teacht agus thar-
raing sé. Acht, dhein an bhuachaill ó Árd-
Mhaca beart ghásta. I n-ionad buaileadh
ar an sliodar is amhlaidh a thug sé buille do
chamán Dhomhnaill i ngan fhios dó. Theip
air an sliodar a bhuaileadh agus bhí an méid
sin fuadair faoí gur chaill sé a ghlac ar a
chamán agus siúd 'san aér é anoinn chugainn
a bhí i n-ár seasamh ar na líontaibh sleasa.
Acht an buachaill ó Árd-Mhaca, bhí aige
anois agus níor thep riamh air. Báire eile
a chuir sé isteach agus é ag gáire mar gheall
ar an mbotún a dhein Domhnall. Ní raibh an
sliodar acht amach airís nuair a leig an
moltóir fead. Bhí an leath-chluiche caiththe
agus bhí ortha iompódh anois. Bhí bród
mór ar Mhicheál agus é ag tabhairt árd-
mholtha dh'á bhuachaill bh mar bhí báire agus
scríobh 'sa mbreis aca ar Dhomhnall bhocht.



Bhí an sos i n-easnamh go dían ortha agus
bhí an chuig noiméit beagnach caiththe sul ar
chuir duine des na imirteóiribh gig ás. Bhíodar
ar tí líonadh isteach airís agus buachaill aca
níos géire ná an chuid eile a dubhairt.
“Ní dóigh liom acht go ndéanfadh sliodar
nuadh a lán maitheasa dúinn. Tá an sean-
shliodar sin i n-a leadhbh cheart.” Agus, go
deimhin, níorbh folair do gach aoinne
aontughadh leis. B'fhurasta sliodar nuadh
d'fhághail dó amhthach, agus thosnuigh an
buaileadh airís. Bhí a gcroidhe 'san obair
má bhí riamh. Ba shoiléar go raibh Micheál


L. 48


agus a bhuachaillí ag brath ar na piopaibh a
dh'fhághail cheana féin agus go mór-mhór
nuair a cuireadh scríobh eile isteach dóibh
ó'n meadhon-phairc. Acht níor thug Domh-
nall ná a bhuachaillí suas fós agus is
géire agus is déine a bhí an comhrach anois.
Ní dóigh liom gur bhfacas a leithéid i
n-Eamhain Maca ná i gCaiseal na Riogh.
Táim cinnte, dá mbeadh Cuchullain féin i
lathair, go mbeadh iongnadh air. Is annamh
a chítear comórtas maith gan mhí-imirt
ná aighneas éigin ann acht bhí a mhalairt de
scéal anois annseo. Bhí Domhnall agus a
bhuachaillí ag déanamh iarrachta i ndiaidh
iarrachta acht ba dheachair Micheál agus a
chosanteóirí do shárugadh. Pé i n-Éirinn é,
tháinig a n-ám fa dheireadh agus chuireadar
báire isteach. Ní raibh acht dá scríob
eatorra anois agus b'fhurasta a fheicsint
go raibh a mhalairt d'fhéacaint ar Mhicheál
agus a dhream anois. Tháinig misneach
d'fhoireann Dhomhnall agus, go deimhin, bhí
sé féin agus a bhuachaillí ag déanamh
gáiscidh. Ní raibh acht timcheall deich
nóiméit le caitheamh aca anois agus is ag
dul i ndéine agus i lúithe a bhí an báire.
Is iomdha camán deas gur déineadh smiti-
ríní dhe agus is truagh buachaill gan a chamán
féin bheith aige, acht ní ar a chamán a bhionn
buachaill ag smaoineadh lá mar seo. Is
mar sin a bhí an scéal ag Micheál bocht. Bhí
clampar éigin ar siúbhal agus isteach le
Micheál i n-a measg acht ba mheasaide a
chamán é. Níorbh folair dó camán eile
d'fhághail, camán nach raibh chomh oireamhnach
dó ar chor ar bith. Theip air cúpla úair
an sliodar a dh'fhághail mar gheall air sin
agus uair eile nuair a bhíomar go léir lán-
chinnte go gcuirfeadh sí báire nó scríob
isteach, is amhlaidh a chuir sé amugha ar
fad é. Mhéaduigh misneach d'fhoireann
Dhomhnaill nuair a thugadar fé ndear an
rud sin, acht amháin gur beag ám a bhí aca.
Chuir Domhnall suas an sliodar agus suas
leis féin i n-a dhiaidh. Bhí eagla ar gach
aoinne roimhe agus bhí fhios againn go léir
go ndéanfadh sé beart éigin dá bhfuigheadh sé
seans ar aon chor. Agus is mar sin a
thárla. Ní raibh an camán nuadh a bhí ag
Micheál ag éirghe leis ar aon t-slighe.
Theip air an sliodar a dh'fhághail airís agus
b'é Domhnall a fuair é. D'aimsuigh sé
go fíor-cruinn. Tharraing sé go tapaidh
tréanmhar. Bhí an sliodar ar an gcúl-
báire sul arbh féidir leis é a dh'fheiscint
agus cad a féad sé a dhéanamh. Chuaidh an
sliodar isteach direach tré sna maidí
seasaimh agus leig na buachaillí ar a
thaoibh liúigh ásta a deanfadh an talamh do
scoltadh. Ní raibh acht noiméat eile le
caitheamh aca anois agus dá méid iarracht a
dhein Micheál, do b' iarracht i n-aisge é.
Níor cuireadh aon scór eile isteach sul ar
séideadh an fhead fhada. Ní shílfá go
stadfadh an scréachach agus an buaileadh
bos go deó.



“Cuiridh n-a suidhe íad ionnus go mbéidh a
bpeictúir againn i gcóir an Irisleabhair.”



“Déanfamuid,” ars' a lán againn
d'aon guth, acht sul ar éirigh linn ár bplean
a chur i bhfeidhm bhí Domhnall thuas ar guail-
nibh ag seisear buachall tréan agus, go
deimhin, bhí a neart go h-iomlán ag teas-
táil uatha mar bhí Domhnall cúig chloch dhéagh
ma bhí sí únsa. Thogadar leó é ó'n bpáirc
mar 'sé sin an curadh-mhir a gheibheann na
laoich i Magh Nuadhath, agus 'sé sin an chúis
nach bhfuil peictúir na foirne a bhuaidh i
“Sinn Féin” anuraidh 'san Irisleabhar i
mbliadhna.



TAILTINN.


L. 49


SAMHRAD, 1919.



Ba ró-luath san lá gur imthighis, a dhriotháir,
Chun na leapthan soin adhmaid atá san
chré,
Is gan dúiseacht i ndán duit ód' chodladh
sámh
Go gcloisfear Micheál ag glaodhach.



Agus canaim-se amhrán mar leigheas ar
mo chrád
Do'n lóithne fánach, 's mé am' shuidhe ar
an bhféar;
Im' aonar atáim leis an mbeich ag crónán,
Agus brothall ceobhránach san aer.



San chiuineas is dóigh liom gur chugham atá
glór
Na maisíní d'á seoladh i measc na
móinfhéar:
“Nach dtiocfaidh sé an treo chun na
h-oibre go nóin?
An gcodlóchaidh sé go deire an lae?”



Ar luighe do'n ghréin nó ar éirghe do réilt
Ní shiubhalfaidh sé coiscéim ar casán ná
ar ród.
Tá a thriall i gcéin chun an fhoghmhair atá
réidh
Fé'n spéir gheal i dTír-na-nÓg.



PÁDRAIG DE BRÚN.


L. 50


AMHRÁN NÁISIÚNTA NA h-ÉIREANN



Ar léigheamh eachtraí na sean dúinn, is minic
a las an croidhe ionainn le h-urraim dá ngníomh-
artha. Do chorruigh agus do bhrostuigh an fhuil 'nár
gcuislinn agus d'éirigh meisge loinne 'nár gceann.
Ó, a Dhia, nach annsúd a bhíomar le taobh an trír a
chosain an droichead sa Róimh, nó i bhfochair na
dtrí gcéad ag na Geataí Teo nó sa bhearna
baoghail leis an Sáirséalach i Luimnigh nó i gcéad
áiteannaibh eile 'n-a deineadh na gníomhartha
órdha ar fuaid an domhain. Ba shuarach linn
saoghal socair suaimhneasach an lae indiu agus gan
deis ná faill againn ar ghaisge a dhéanamh.



Ach tháinig an lá i n-Éirinn leis agus níor ghádh dul
i bhfad ó bhaile chun an chródhacht agus an chalmacht a
thaisbeáint. Is beag duine againn ná fuair an
chaoi le tamaillín anuas fiú an anama a thabhairt
ar mhaithe le n-a thírín dúthchais. In am an
ghádhtair, aithníghtear na daoine cródha calma.
Ní h-iad na daoine is caoimhe croth nó is láidre
géag is mó a sheas amach i gcoinne an Ghalldachais.
Tá sgéalta againn ar ghníomhartha árda uaisle na
mban agus na bhfear, na bpáistí agus na seanóirí, na
ndaoine bhfannlag bhfaon agus na ndaoine láidre
laochdha. Tá an t-ór sgaoilte sgaipithe ar fuaid
an domhain go fóir-leathan. Bíonn rian an óir
sa chré is boichte agus is minic cnapáin óir ar ghrin-
neall na h-abhann is suaraighe agus is sailighe. Sin é
údháltha an duine leis. Ní gnáthaighe na gníomh-
artha órdha á chur i bhfeidhm ag na daoine díomsacha
dásacha ná ag na daoine dearóile donaidhe.
Siad daoine na ngníomhartha n-órdha sin laochra
an domhain — daoine na gcroidhthe mór na bhfuil
slighe do mhór-ghrádh dearg ná cuimhnigheann orra
féin, ar a gcáirde ná ar a mbaile le neart
díoghraise chun cabhrughadh le na dtír — do mhór-
ghrádh a spreagann dá mb'iad na mná agus na páistí
féin iad chun móir-éacht a dhéanamh a sháruigheann
cómhacht an duine choitchinn.



Acht ná fuil brígh na cainnte sin go léir san
Amhrán Náisiúnta a bhíodh againn go dtí le
déanaighe? Tá, a dhuine, agus sin a chuir ag machtnamh
agus ag marthan mé, agus ní dócha gur fearr dom rud
a dhéanfainn anois ná tuairisg ghearr a thabhairt
ar “an dtrí chéad úd ar a mbeinn ag taidhbhreamh
nuair a bhí giodam agus teasbach na h-óige sa bhfuil
agam.” Do ghríosaig cuimhne na dtrí gcéad úd
a lán Gaedheal chun gail agus gaisge a dhéanamh.
Déanfaidh sé arís é le congnamh Dé, mar sé is
dóichíghe ná a chéile nach í an mheathtacht ná an mhí-
chródhacht a bheidh uainn feasta ach a mhalairt ar
fad.



Léightear i stair na nGréagach connus a
cuireadh an náisiún ar bun, saoghal an náisiúin
sin agus eirighe stát mór saighdiúirí mar Cathair na
h-Aithne agus Sparta. Ní mar a chéile a riaghaluightí
na stáit sin, agus ba mhinic achrann agus aighneas idir na
h-uaisle agus na h-ísle i gcúrsaí poilitidheachta
ionnta. Bhíodh na catha cathardha céadna ar
siúbhal ar Roinn mhór na h-Ásia le na linn sin.
Sa domhan thoir sin d'éirigh cúig Impireachta
móra i ndiaidh a chéile. Bhí seal ag gach ceann
aca i réim agus i gceannas, ach i ndiaidh a chéile do
bhuaidh gach Impireacht aca ar an gceann a bhí
roimpi. I ndeire na dála do ghéilleadar go
léir don tseiseadh chómhacht a smachtuigh iad go
léir agus a chuir a lán dúthaig iargcúlta anaithnide
nárbh iad fén a réim agus féin a rialughadh. Assuria,
Media, Babilonia, Ludia, Égipt, b'in iad na
cúig Impireachta. Bhí gach ceann aca go maordha
mór-chómhachtach le na linn féin ach chuir flaitheas
mór na bPeirseach smacht ar a gcríochaibh ar fad.
Nuair a bhí Ludia fé smacht na bPeirseach is
eadh a theagmhaigh na Gréagaigh leo ar dtúis. Sa
bhliadhan 490 roim Chríost, nuair a bhí Darius na
rí, tháinig na Peirsigh ar sluagadh go dtí an Ghréig,
ach chuir na h-Aténaigh an ruaig orra, agus d'imreadar
dearg-ár a muinntire ar mhachaire Mharathon.
Ba bheag aca san, mar do dheineadar iarracht
eile deich mbliadhna na dhiaidh sin nuair a bhí
easaontas agus imreasán idir na Gréagaigh féin.
Do chaith Xerxés mac Dharius an geimhreadh go
léir ag Sardis, ag príomh-chathair Ludia ag
cruinniughadh daoine agus ag ullmhaghadh, agus in Earrach
na bliadhna 480 R.Ch. do ghluais sé roimis agus arm
adhbhal-mhór ar chabhlach aige.



Annsan is eadh a bhí an baillichrith ar fuaid na
Gréige. B'in chúcha an “Rí Mór” mar a
ghlaoidhidís air, go raibh forlámhas aige ar thíor-
thaibh an domhain thoir ó Chaucasus na h-India go
dtí an tAegéus agus ón Mhuir Ruadh go dtí Muir
Caspia. Bhí na coilínigh a bhí ag na Gréagaigh
ar thráigh thoir an Arcipelagó fé na smacht aige
cheana féin agus tearmann le fághailt 'na chúirt ag
gach sgeólang a thréig a thírín dúthchais. “Do Phuib-
leachaibh agus do Chineadhachaibh agus do Theangtachaibh
an domhain” an teideal a sgríobhthaí ar éadan
a fhógraí. Agus bhí tíghearna na h-Impireachta
áidhbhéilighe sin chun a shluaighte do-áirmhighthe a
stealladh anuas ar chnuasach beag stát ná raibh
chómh mór ar fad le h-aon chúige amháin dá
riaghaltas do-chuimsighthe. Rud eile dhe, ní orra
féin amháin a bhí an cogadh á chur ach ar a ndéithibh
leis. D'adhraidís na Peirsigh an Ghrian agus an
Teine, agus níor lugha orra rud sá domhan ná íodhail
na nGréagach, agus mar sin d'airgeadar agus do
chreachadar gach teampall a thárla na dtreó.
Ní raibh de choimirce le fághail uatha ach bás agus
bánughadh. Bhí daoirse agus daor-bhruid i ndán dá


L. 51


lán dos na Gréagrachaibh an túisge na mbeadh a
dtírín fé smacht na ndaoine mbarbardha sin.



B'fhíor gur imreadh dearg-ár ar na saighdiúirí
is fearr dá raibh ag an Rí Mór ar imeall —
bhórdaibh Attica deich mbliadhna roimhe sin, ach
in ionad aon mhaolughadh meanman do theacht ar
Dharius is amhlaidh do neartuigh ar an bhflosc sa
choimhsgar aige tar éis maidhm Marathon. Bhí
sluagh cómh mór san cruinnighthe le chéile ag an
Rí nuadh, ag Xerxés gur ar éigin ba ghadh dó
saighead na sleagh chun an Ghréig a chur fé smacht.



Ag Sardis is eadh do tionóladh iad. Do
chonnaic spiairí na nGréagach na mórshlóighte ag
teacht i gceann a chéile agus giodam agus mór-chuis
seirbhíseach an Rí. Cuireadh teachtaí uaidh ag
iarraidh cré agus uisge ar gach stát sa Ghréig mar
chómharthaí a fhorlámhais ar thír agus ar mhuir. Sé an
t-eiteachas fuarthas ó gach aon stát aca acht ó
Thessalia amháin. B'í sin an chéad stát ar a slighe
agus d'úmhluigh sí dhó. Do tionóladh cómhairle ar
Ros Corinthus agus bhí teachtaí ó gach stát sa Ghréig
ar láthair chun cóir chosanta do bheartughadh.
Bhí longa na namhaid le teacht cois trágha fairrge
an Aegéus, agus bhí an t-arm chun an Helespontus
do ghábhail ar dhroicheadh bád, agus annsan an aghaidh a
thabhairt ó dheas ar an nGréig. Bhí céimeanna
cumhanga ar an mbealach rómpa i dtreó nár
b'fhéidir ach do bheagan daoine troid a dhéanamh
lámh ar láimh ionnta. Bhí cumhainge na n-áit i
bhfabhar muinntir na Gréige do chinneadar ar
iad sin a chosaint, mar thuigeadar gur mó a
b'fhiú meisneach ná meitheal ionnta.



Tempe a tugtaí ar an gchéad cheann aca sin agus
cuireadh buidhean saighdiúirí le na chosaint. Do
mheasadar nár bhfhéidir san a dhéanamh agus d'fhillea-
dar arís. Bhí an chéad chéim eile ag na Geataí
Teó (Thermopulae). Níl ach gaibhlín cumhang
uisge idir an tír mhóir agus oileán Euboea annsan,
agus cuireadh longa na nGréagach isteach ann chun
stad a chur le cabhlach na bPeirseach i dtreó ná
h-éireóchadh leo teacht i dtír ar chúl na céime.
Tá Sliabh Oeta ar an dtaobh eile den mháim agus é
clúduighthe le n-a shean-eire coill agus cloch. Bhí na
failltreacha cómh gairid sin don tráigh gur ar
éigin a bhí slighe d'aon charbad amháin i dhá n-áit ann
idir na carraigreacha agus an criathrach slaib cois
fairrge. Geataí na céime a cuirtí ar an dhá
n-áit sin agus bhí beagnach míle slighe eatorra. Is ar
éigin a bhí sé puinn níos leithe idir na Geataí,
ach bhí toibreacha teó ann na mbíodh salann agus ruibh.
Iad sin fé ndéar Thermopulae (.i. Geataí Teó)
bheith mar ainm ar an áit. An falla a tógadh
treasna an gheata thiar nuair a bhíodh muintir
Fócea agus muinntir Thessalia i gcogadh le chéile,
do leigeadh ar lár é, mar d'aimsigh muinntir
Fócea conair chumhang i leabaidh easaigh sléibhe, agus
b'fhéidir leo teacht anall mar sin gan bacadh le
bóthar na trágha. Ní raibh eolas na conaire ag
Comhairle Corinthus agus shíleadar nár ghádh ach an
chéim a chosaint.



Ceithre mhíle fear ar fad a cuiread ó
chathrachaibh na Gréige chun an dá mhilliún Peirseach
a chosg. Leonidas, duine den bheirt rí a bhí ar
Sparta, a bhí mar cheann orra. Bhí sé sin cinnte
gurab é an bás a bhí i ndán dó an turus so,
mar deineadh tuar agus tairngire dhó ag Delfí ná
saorfí Sparta ach tré bhás duine dá rightibh do
shliocht Hercules. Thug sé trí chéad fear do
ghléidhre glan-shluagh in a fhochair — trí chéad gur
lugha aca an bás ná an mheathtacht. Deirtear
gur fhearadar a gcluithchí caointe féin roim ré,
mar chreid na Gréagaigh ná béadh suaimhneas ag
anmannaibh na marbh i na n-éagmais. Bhí ceapaithe
ag gach fear aca filleadh go mbuaidh gcosgair le
na sgéith nó na luighe go tláth uirri. Níor thug
Leonidas ach an trí chéad sin agus a ngiollaí leis ach
bhí an cheithre mhíle ar fad fén a stiúiriughadh.



Ar a theacht do Leonidas i láthair na nGeataí
is eadh do h-innseadh dó i dtaobh an chasáin tré
choilltibh cnó Sléibhe Oeta. D'iarr muinntir
Fócea air leogaint dóibh féin dul á chosaint ar an
gcliathán ach gurab é ba dhóichíghe de ná h-aimseóchadh
na Peirsigh in aon chor é. Leogadh dóibh. Suidh
Leonidas agus a mhuinntir i bhfoslongphort imeasg
na dtobaireacha dteó. Dheisigheadar an falla agus
chuireadar treallamh troda agus teagamhála orra
féin.



Ba ghearr go raibh dubhadh na gcnoc agus na gcoillte
de shluaightibh na bPeirseach ar a n-agaidh anonn.
Bhí ag dul de mhisneach Gréagach an deiscirt.
Níor bhaoghal dá mbailtíbh féin san Pheloponésus.
Nár bhfearr Ros Corinthus a chosaint? Ní
thréigfeadh Leonidas, ámh, a cháirde cogaidh an
tuaiscirt. Chongaibh sé na fir go léir ann agus
chuir sé fios ar a thuille chabhrach.



Tháinig marcach ón Rí ag cuarthughadh na céime.
Níor bh'fhéidir leis féachaint thar an bhfalla, ach
ar a aghaidh amach agus ar an bhfalla leis chonnaic sé
muinntis Sparta, cuid aca ag déanamh gleacaidh-
eachta agus cuid eile ag ciaradh a ngruaige fada
fillte. Nuair a tugadh an sgéal chuige, d'fhiaf-
raigh Xerxés de Dhemaratus, de dheóraidhe
Spartach a bhí in a fhochair cad ba chiall leis sin.
“Nach ar buile atáid,” ars' an rí, agus gan bheith ar
teicheadh rómham?” D'fhreagair Demaratus go
mbéadh sé na chogadh dhearg eatorra, agus gur sean-
bhéas ag na Gréagachaibh a gcuid gruaige a chóiriú-
gadh, nuair a bhíd i nguais bháis. Ní chreidfeadh
Xerxés, ámh, go raibh buidhean shuarach mar sin
ar tí cur na choinnibh. D'fhan le na chabhlach ar
feadh cheithre lá ach nuair nár tháinig sé, do tugadh
fén gcéim fé dheire.



Ba láidre corp agus ba thruime airm, na Gréagaigh
agus bhí an bhuntáiste aca ar Pheirsigh na gcraoiseach
ngearr agus na sgiath adhmaid. Chuireadar an ruaig
ghlan orra. Deirtear gur phreabh Xerxés trí
h-uaire dá chathaoir ríoghdha le neart éadóchais
ar bhfeiscint na saighdiúirí a b'fhearr abhí aige ar
teicheadh. “Ó, mo thruagh,” ar seisean, “thugas a
lán daoine liom ach fíor-bheagán fear.” Mar
sin dóibh ar feadh trí lá agus b'fhusa leo slighe a
ghearradh trí sna carraigreacha féin ná trí sna
Spartachaibh úd. Ag cosaint a mbailtí agus a
bpáistí féin a bhí na Gréagaigh agus connus a gheóbhadh
na sglábhuidhthe a strachadh ón a mbaile dúthchais
seasamh na gcoinnibh chun sainnt rí uaill-mhianaigh
do shásamh?



Ach an tráthnóna sin tháinig snámhuidhe suarach
darab ainm Efialtes isteach i gcampa
na bPeirseach. Thairrigh sé sin casán an tsléibhe
do thaisbeáint dóib ach carn mór airgid d'fhághail.
Le tuitim na h-oidhche cuireadh taoiseach Peir-


L. 52


seach darabh ainm Nudarnés agus buidhean saigdiúirí
in a fhocair chun dul suas an casán sin agus teacht ar
chúl na nGréagach. Do bhrúigheadar rómpá tré
choilltibh cluthmhara an chnuic ar feadh na h-oidhche
ar fad agus fé chiúineas na maidne is é briosgarnach
duilleóg na gcnó bhFranncach a bhain bíodhg a
fearaibh faire na bhFócéanach. Do stealladh cith
saighead anuas orra, agus in ionad an fód a sheasamh,
sgeinneadar leo suas an cnoc agus chuireadar iad
féin i n-eagar catha. Níor thug na Peirsigh aon
áird orra acht dul síos díreach le fánaidh an
chnuic.



Le fáinne geal an lae ba léir dos na fearaibh
faire i bhfoslongphort na nGréagach thíos, loinnir
lonnrach ar ghrinneall srotha an tsléibhe trí
chrannaibh na foraise, ach ní h-é drithle an uisge
a bhí ann ach taithneamh na gréine ag gigilt ar
chathbarraibh órdha agus ar chraoiseachaibh airgid.
D'éaluig duine de mhuinntir Cimmeria leis ó
champa na bPeirseach isteach tar an bhfalla.
Dubhairt sé sin go rabhthas tar éis a ndíolta,
agus go raibh na naimhde ag teacht ar an gcasán
diamhar, agus go mbeidís taobh thiar diobh um meadhon
lae. Bhí dul as aca fós dá dtogruighdís é.



Do chuadar i gcómhairle i gceann a chéile um
íodhbhairt na maidne. Tuar tubaiste dhóibh an
íodhbhairt sin do réir Megistias fáidh. Dubhairt
Leonidas le Megistias dul abhaile. Níor
imthig, ámhthach, ach chuir sé abhaile an t-aon mhac
amháin a bhí aige.



Níor náireach an bheart le h-aoinne dul ar
chúl ón gcéim anois mar nár bh'fhéidir a chosaint.
Do mhol Leonidas dá cháirdibh cogaidh imtheacht
sar a mbéadh thiar orra. Maidir leis féin agus a
mhuinntir, bhí sé beartuighthe na n-aigne aca an
bás d'fhághail mar a rabhadar, mar do thuigeadar
gur mó a raghaidh an deaghrún sin i sochar agus i
soileas dos na Gréagachaibh ná an gaisge is fearr
a d'fhéadfaidís a dhéanamh ar aon ócáid eile.
Bhíodar go léir sásta dul ar chul acht na 80 fear
as Mucénae agus na 700 as Thespia. D'fhan 400
de mhuinntir Thébae leis agus mar sin b'é líon
slógh d'fhan i bhfochair Leonidas chun cogaidh
d'fhógairt ar dá mhilliún namhad 1,400 laoch.
Bhí beirt ghaol ag Leonidas sa longphort agus fuil
Hercules ag borradh na gcuislinn aca mar a
bhí aige féin do réir an sgéil. Ba mhian le
Leonidas iad sin do dhul saor, leis, agus thug sé
litreacha agus sgéala le tabhairt abhaile dóibh.
“Chun troda a thánag,” arsa fear aca, “agus ní
chun teachtaireacht a dhéanamh.” “Inneósaidh
mo ghníomhartha a bhfuil d'fhios ó mhuinntir Sparta,”
ars' an duine eile.



Dubhradh le fear díobh darabh ainm Dienices
go raibh a liacht san saighdiúirí ag an Rí go
bhfolóchadh a saighde an ghrian. “Is fearr san,”
ar seisean, “mar beidh foithin ó theas na gréine
againn.” Bhí tinneas súl ag cur go dian ar
bheirt den trí chéad i mbaile éigin sa chómharsa-
nacht. Do chuir duine aca Eurutus a éide catha
uime, agus d'órduig sé dá ghiolla a threórughadh go
dtí n a áit féin sa chath. Bhí an duine eile — Aristo-
démus ab ainm dó cómh chlaoidhte sin ag an ruaig
tinnis a ghaibh é, gur aontuig sé imtheacht le na
cháirde cogaidh.



Bhíodar go léir imighthe go luath ar maidin, agus
d'órduig Leonidas dá mhuinntir a mbéile
deireannach a chaitheamh. “Is i bhfochair Plúto
a bheidh ár gcuid againn anocht,” ar seisean.



Go dtí anois ní raibh uaidh ach an chéim a chosaint
agus gan a shaighdiúirí do dhul i nguas nár ghádh. Sé
chuir sé roimis anois ná dearg-ár a thabhairt orra
chun sgeón agus sgeimhle a chur i gcroidhthibh a namhadh.
Amach leis thar an bhfalla gan fanamhaint le
fogha ná fóbairt agus thosnuig an cath. Tháinig
taoisigh na bPeirseac taobh thiar dá saighdiúirí agus
do léasadar agus do lasgadar chun troda iad.
Na h-aindeiseóirí bochta, chun a gcosgartha
tiománadh iad. Do tolladh le sleaghaibh na
nGréagach iad; do teilgeadh isteach sa bhfairrge
iad; do deineadh cosair chró díobh i slab an
chriathraigh ach níor tháinig aon chaitheamh ar líon
a sluagh. Do bhris manaoiseacha na nGréagach
le teann oibre, agus ní raibh aca ach na claidhmhte
annsan. Ba ghearr gur leagadh cuid aca, agus bhí
Leonidas féin ar an ndream is tuisge a thuit.
Ba nimhneach niata an troid ós cionn a chuirp,
agus is ann a marbhadh beirt dhearbhrathair Xerxés.
Fé dheire, tháinig sgéal chúcha go raibh Hudarnés
taobh thiar díobh. Cuaidh muinntir Sparta agus
Thespia ar ais go dtí tulach beag taobh istig
den fhalla. Sheasadar go cródha fós ar fhód
a mbáis. Do chuaidh dá misneach ag muinntir
Thébae; dheineadar ar na Peirsigh agus na lámha
sínte amach aca ag iarraidh trócaire. Tugadh
comairce anama dóibh ach cuireadh cómhartha an
Rí orra gá chur i gcéill gur sgeólaing nárbh
iontaobhtha iad. Le na linn sin d'éaluig na
seirbhísigh go léir isteach ins na coilltibh, agus b'iúd
na curaidh chródha chalma taobh le taobh ar an
dtulach ag troid go dtí an bás, cuid aca le
claidhmhtibh, cuid aca le sgeanaibh, cuid aca le
na lámhaibh agus le na bhfiaclaibh go dtí ná raibh fear
beó orra go léir le fuineadh na gréine. Ní
raibh ann ach tulach na marbh clúduighthe le saighdibh.



Do mharbhuigh an dream beag Gréagach san
fiche míle Peirseach. D'fhiafruigh Xerxés de
Dhemaratus an raibh mórán eile dá leithéid ag
Sparta. Dubhradh leis go raibh 8,000 ann.
D'eirigh an croidhe ann ach thug sé cuireadh do
thaoiseachaibh a chabhlaigh teacht ag féachaint an
íde a thug sé ar a naimhdibh. Do thaisbeáin sé
ceann agus lámh Leonidas tárnálta ar chrois dóibh,
ach cuireadh a mhairbh féin ach aon mhíle amháin ar
leath-taobh roim ré.



Cuireadh corp an rí laochdha fén bhfód ar ar
thuit sé i bhfochair a charad go léir. Ba thruagh
le Aristodemus bocht nach sínte na bhfochair
a bhí sé féin. Thugaidís go léir “fear meathta”
air. Ní bhfuighbheadh sé teine ná uisge ó aoinne
ach tar éis bliadhna i n-umar na h-aimiléise,
fuair sé bás go cróda calma i dtosach catha ag
Platea mar ar cuiread an ruaig ghlan fé dheire
ar na Peirsigh as an nGréig.



Bhí muinntir na Gréige go léir ar aon aigne
ag taisbeáint na h-onóra a bhí ag dul dos na
gaisgidheachaibh a choisgfeadh an creachadóir ón a
dtirín dá bhfuighdís cothrom conganta. Do
cuireadh galláin sa chéim mar chuimhniúghadh ar an
gcath cródha, agus sgríobh Simonides file ranna


L. 53


cuimhne orra. Bhí ceann aca sin taobh amuigh den
falla mar ar deineadh an troid ba chalma.
Mar bhuan-chuimhne ar na daoinibh go léir a bhí ag
troid ar feadh dhá lá, a bhí sé sin do réir dheall-
raimh. Bhí gallán fé leith ann do mhuinntir
Sparta. Siad seo na focail a bhí air:



“Innis do Sparta, a lucht trialltha na ród,
Gur le díoghrais dá dhlighthibh atáimíd fén
bhfód.”



Ar an dtulach beag mar ar deineadh an troid
dheireannach do tógadh cloch-íomháigh leómhain mar
chuimhne ar Leonidas. Is air nár mhiste Leonidas
do thabhairt mar ainm.



Sgríobhadh ainmneacha na dtrí gcéad ar ghallán
i Sparta leis.



Tá an leómhan, na galláin agus na sgríbhinní
mighthe le fada. Tá athrughadh tagaithe ar láthair,
an chatha féin. Do dhein talamh úr de agus tá na
mílte fairsinge den talamh forusta idir Sliabh
Oeta agus an fhairrge. Níl na Geataí Teó ann i
n-aon chor. Ach tá ainm Leonidas níos buaine
ná cloch ná prás, níos buaine ná láthair an chatha
féin. Tá dhá mhíle agus cheithre chéad bliadhan imighthe
ón uair a ghaibh sé de rún an bás d'fhulang ar son a
thire ar bhóthar chumhang criathraigh na trágha fé
sgáth na bhfailltreacha bfiaidhne ag éisteacht le
siansán agus suathadh na fairrge coimhighthighe. Ón
uair sin i leith, nach mó croidhe a corruigheadh agus nach
mó lámh a neartuigheadh ar chuimhniughadh ar na
trí chéad úd ag na Geataí Teó agus ar an mbás ba
luachmhaire go mór ná buaidh dá mhéid.



“CLAIS NA GAINIMHE.”



Bhí fear an-eolach ann am amháin agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag féachaint ar na réaltaibh
agus ghá sgrudú agus lá amháin cheap sé 'na aigne dá ndéanfaí fothrom an-mhór sa domhan
so go mbfhéidir go gcluinfí ar an ghealaigh é. Dubhairt sé leis féin dá mba rud é go rabh
daoine 'na gcomhnuidhe ar an gealaigh go ndéanfadh siad sgairt cúcha arís agus annsan
go mbeadh a fhios aca go cinnte ciacha bhí nó nách rabh daoine uirthi. Chuir sé an sgéal ar
siubhal agus cuireadh suim comh mór san ann nách rabh a bhfad go rabh sé i n-achan aít sa
domhan. Socruigheadh an lá agus an bumaide nuair a dhéanfad na daoine uilig sgairt
mhór árd le n-a chéile. Bhí gach aon duine ag cainnt fá dtaoibh de agus bhí na páipéirí lán
de. Thaínigh an lá — ach goidé tharla? Cheap gach aon duine 'n-a intinn fhéin muna ndéan-
fadh seisean sgairt go mbfearraide a chluinfeadh sé an glór a dhéanfadh na daoine eile.
Mar sin de, b'é deire an sgéil é ná go raibh an domhan uilig i bhfad níos ciúine an t-am
san ná ríamh. Mór labhair ar fúid an domhain ach beirt — bean a bhí 'na comhnuidhe in Inver-
ness agus seanduine bodhar ins na Philippines! Is mar sin do'n ghaedhilg. Tá cuid eile
againn agus ba mhaith linn fanacht go bhfeicfimid an bhfuil gach aoinne eile ag gabhail
de. Ach — “Cáirde go lá, Caírde go bráth.”



An Brocach.


L. 54


CÚIRT NA NGAEDHEAL.



Cuireadh Cúirt na nGaedheal ar bun sa
choláiste roinnt bliadhanta ó shoin chun
obair na Gaedhilge a chur chun cinn agus
chun an fíorspioraid Ghaedhealach a choiméad
beo 'nár measg. Bíonn gach tosnughadh lag
agus ba lag an tosnughadh a bhí ag an gcúirt
chéadna so. Ní thagadh do dtí na cruinnighthe
ach fo-dhuine de sna Gaedhilgeóirí ba dhúth-
rachtaighe sa choláiste, agus cé go ndéan-
aidís siúd a ndíthcheall chun obair na
cúirte a choimeád ar siubhal, agus chun cuid
de sna macaibh léighinn eile a mhealladh
isteach, ní raibh aon fheabhas ag teacht ar an
sgéal. Ach ní ceart an milleán ar fad a
chur ar neamh-shuim na mac léighinn 'na
dteangain dúthchais cé go gcaithfimíd a
admháil gur neamh-shuim fé ndeara an
chuid ba mhó dhe. Bhí rud eile sa sgéal
ámhthach. Ní bhíodh an chúirt ar siubhal ach
ar feadh leath-uair a' chluig gach oidhche Dé
Céadaoin, agus an leath-uair sin féin
píosa de'n chaitheamh aimsire coitcheannta
dob' eadh é. Dá bhrígh sin níorbh' fhiú le
cuid de sna buachaillíbh dul isteach chúiche,
agus níor theastuigh ó'n gcuid eile aon
phioc de'n chaitheamh aimsire a chailleamhainth.



I mbliadhain a 1920 deineadh athrúghadh ar
an gcúirt agus ceapadh na riaghlacha so a
leanann: —



(1) Cead a bheith ag gach mac léighinn
teacht isteach agus labhairt ós árd, ach
gan beirt a bheith ag cainnt ag an am
chéadna.



(2) Coiste 'na mbeidh Uachtarán, leas-
uachtárán, agus Rúnaidhe a thoghadh gach
bliadhain, agus “an Faínne” a bheith ag an
triúr san.



(3) Ar an uachtarán is eadh bhéidh stiúrughadh
na Cúirte agus ar an leas-uachtarán is
eadh bheidh an obair sin nuair ná beidh an
t-uachtarán i láthair.



(4) Beidh ar an rúnaidhe na mion-
tuairisgí a scríobhadh, agus iad a léigheamh
i dtosach na céad cúirte eile.



(5) Cead a bheith ag an uachtarán aon
Fáinneach dá bhfuil láithreach a chur i gcean
nas an tionóil.



(6) Ar an gcoiste iseadh bheidh obair na
cúirte a réidhteach.



(7) Sí obair na Cúirte ná sult is
cómhacht cainnte, eolas ar litridheacht na
h-Éireann agus ar cheól na h-Éireann a
thabhairt do sna macaibh léighinn.



(8) Ranganna ceóil a chur ar siubhal,
uaireannta.



(9) Grádh do'n Ghaedhilg agus do gach
saghas rud a bhaineann le h-Éireann a
chur i gcroidhthibh mac léighinn Muighe Nuadhat.



Cuireadh athchuinge ós cómhair na n-easbog
i mbliadhna ag a gcruinniughad bhliadhan-
tamhail dhá iarraidh orra roinnt aimsire
sa mbreis a thabhairt dúinn gach oidhche Dé
Céadaoin, agus thugadar cead dúinn an
chúirt a choiméad ar siubhal go dtí a leath-
uair tar éis a sé. Is ceart dúinn ár
mbuidheachas a ghabháil annso leis na h-eas-
buig mar is í an leath-uair sin a dhein an
t-athrughadh mór ar an gcúirt atá tar éis
teacht uirre i mbliadhna. An chéad tráthnóna
a raibh an Cúirt ar siubhal tháinig an oiread
san buachaillí isteach chúiche gur chaitheamar
imtheacht as an halla cuibheasach mór 'na
mbíodh ár gcruinnighthe againn anuraidh,
agus an halla is mó dá bhfuil againn a


L. 55


shealbhughadh. Tá an Chúirt ag dul chun cinn
go h-iongantach i mbliadhna, buidheachas le
Dia, agus gach seachtmhain thabharfadh duine
fé ndeara go mbíonn cruinneas agus
fuinneamh agus líomhthacht i gcainnt na
macléighinn imbreis is mar a bhí innte
an tseachtmhain roimhe sin.



Tá an t-Athair Pól Breathnach mar
phátrún ar an gcúirt againn agus ag an
chéad tionól i mbliadhna toghadh na h-oifig-
idhthe seo: —



Uachtarán — Seán Pigóid, Leas-uachta-
rán — Tomás Ó Briain, Rúnaidhe — Tomas
Ó Foghludha.



Seo thíos mion-tuairisgí na bliadhna: —



19adh lá de mhí Deiridh Foghmhair —
Bhailigh cómhthalán mór isteach go dtí an
chúirt anocht agus chuir an Cathaoirleach,
Michéal Ó Murchadha fáilte rómpa. Thos-
naigh Michéal ag cainnt agus dhein sé
tagairt do'n sgaonail a thabharfadh beirt
nó triúr Fáinneach uatha dá gcloisfidhe ag
labhairt Béarla le chéile iad. Dubhairt
sé go raibh sé an-dhian, gan dabht, ar
sheisear nó mór-sheisear Fáinneach a bheadh
ag siubhal le chéile i gcomhnuidhe an Ghaedhilg
amháin a bheith mar ghnáth-theanga aca, ach
mar sin féin ó chuireadar rómpa é
dhéanamh bhí sé de dhualgas orra riaghlacha
an Fháinne a choiméad. Annsan thairig sé
Seán Pigóid chun a bheith 'na uachtarán ar
an gcúirt, ó's aige sin a bhí an post le
dhá bhliadhain agus is é a dhein a chuid oibre
go cúramach. Do h-aon tuigheadh go fonn-
mhar leis an dtairisgint sin agus annsan
labhair Seán agus dhein sé tagairt d'obair
na bliadhna. Díospóireachta is eadh dubh-
airt sé a bheadh againn de ghnáth, ach go
bfuighmís léigheacht ó mhac léighinn anois agus
arís dá mb'fhéidir é, agus léigheacht nó dó
ó sna h-ollamhnaibh. Annsan toghadh leas-
uachtarán agus rúnaidhe agus léig an
rúnaidhe na riaghlacha. Ó bhí beagáinín
aimsire spárta againn h-iarradh ar Art
Ó Conchubhair abhrán a thabhairt dúinn, agus
fuaireamar “Maidin i mBéara” uaidh.
Fuaireamar “Gleann Cam” ó Phádraig
Ó Fearghail, “Máire ní Mhongáin” ó
Eoghan Mac Lochlainn, agus chuir abhrán
breágh fuinneamhail, .i. “Cath Chéim an
Fhiaidh” ó Sheán Ó Néill deireadh leis an
gcéad tionól.



30adh lá de Dheireadh Foghmhair — Bhí an
t-uachtarán, Seán Pigóid sa chathaoir.
Chuir sé ós comhair an lucht éisteachta é gur
cheart ceatramha uaire 'chluig i dtosach gach
cruinnighthe a thabhairt d'abhránuidheacht.
D'eirigh díospóireacht eatorra annsan.
Dubhairt M. Ó Murcadha nach ceart ceól
a bheith againn gach oidhche, agus dubhairt
T. Ó Briain é bheith againn gach re seachtmhain.
Deineadh a lán cainnte mar gheall ar an
gceist seo, agus sa deireadh socruigheadh ar
bhuidhin cheóil a bheith againn agus halla an cheóil
gach oidhche Domhnaigh ó n-a 5.30 go dtí n-a
sé a' chlog, agus gan aon cheol a bheith
againn ist' oidhche Dé Céadaoin. Soc-
ruigheadh ar triúr a thoghadh roimh ré chun
labhairt ar gach taobh nuair a bheadh díos-
póireacht ar siubhal, agus cead a bheith
ag éinne eile ar mhaith leis labhairt
ar an gceist nuair a bheadh na príomh-
chainteoirí críochnuighthe. Tairgeadh na
h-adhbhair díospóireachta go tiugh annsan ach
socruigheadh ar an ceann so a phléidhe ag an
chéad tionól eile, .i. is feárr Éire a bheith
fé smacht na nGall agus Gaedhilg aici ná
Éire a bheith saor agus gan aon Ghaedhilg
aici.



3adh lá de Mhí na Samhna — Bhí an-áthas
orrainn indiu agus b'fhada linn go léir go
dtiocfadh an oidhche mar bhí an t-Athair
Pléimeann ó Bhaile Átha Cliath tar éis
geallamhaint a thabhairt go dtiocfadh sé
annso anocht chun óráid a thabhairt dúinn
a mhúsclóchadh an tsean-spioraid ionainn
arís. Bíonn gádh le n-a leithéid d'óráid
ó am go h-am, mar cé gur dócha gurbh í an


L. 56


nadúir dhaonna atá ionainn fé ndeara é
is amhlaidh atá an scéal, pé'r domhan é,
gur fuiris dúinn dearmhad a dhéanamh ar na
neithibh is tábhachtaighe dá mbaineann le
tír-ghrádh mara mbídhtear dá síor-chur i
n-iúl dúinn. Sagart is eadh an t-Athair
Pleímeann atá dhá chaitheamh féin agus ag
caitheamh a choda ar son cúis na Gaedhilge,
agus dá bhrígh sin bhí a fhios againn gur
fearr focal uaidh ná seanamóin léigheanta
ó dhuine ná beadh a chroidhe san obair aige.
Chuir se sampla an Dochtúra Uí Bhroin,
Árd-Éasbog Bhaile Átha Cliath ós ár
gcomhair mar chomhartha ar an dul chun cinn
atá an Ghaedhilg á dhéanamh fé láthair. As
Gaedhilg is eadh dubhairt an Dochtúir Ó
Broin na céad fhocail a labhair sé go
puiblidhe, agus dubhairt an t-Athair Pléi-
meann gur deagh-chomhartha ar chúrsaíbh
an tsaoghail é sin. Mhol sé dhúinn scríbh-
inní an Athar Pheadair a léigheamh go
dúthrachtach, agus dhein trácht ar chuid des
na deigh-thréithibh a bhí ag an sár-fhear
Ghaedhealach san féin. Chuir sé 'na luighe
go daingean orrainn ná fuil duine is
lugha a mbeadh meas air sa saoghal a bheidh
i n-Éirinn feasta ná sagart gan Ghaedhilg.
Gabhaimíd ár mbuidheachas leis an Athair
Pléimeann, agus gura fada ar an saoghal
so é chun an deagh-obair atá idir lámhaibh
aige a chur chun cinn.



6adh lá de Mhí na Samhna — Chuir an
t-uachtarán an t-adhbhar díospóireachta .i.
Is fearr Éire fé smacht na nGall agus Gaedhilg
aici ná Éire saor agus Béarla aici,” ós comhair
an chruinnighthe. D'éirigh Cathal Ó Muir-
cheartaigh agus dubhairt sé nach gádh dhúinn
ach féachaint ar thíorthaibh eile chun a chur
in-iúl dúinn gur fearr saoirre gan teanga
dhúthchais ná teanga dhúthchais gan saoirse.
Chuir sé an Bhreatain Bheag i gcomparáid le
Sasana Nuadh. Náisiún comhachtach is eadh
Sasana Nuadh cé ná fuil aon teanga
dhúthchais aici.



Do réir Domhnaill Uí Dhubháin ní'l aon
teora ná eidirdhealughadh idir sinne agus na
Sasanaigh ach amháin an Ghaedhilg, agus choimeád-
fadh an Ghaedhilg ár gcreideamh agus ár nósanna
glan. Dubhairt Tadhg Ó Coigligh gur cos-
mhail le fear a bheadh i bpríorún tír a
bheadh fé smacht, .i. is cuma dhó cadé an
teanga a bheadh aige. Labhair Seán Ó
Dochartaigh, Seosamh Ó Réagáin, agus Micheál
Ó Curraidhin ar an gceist leis. Ní raibh
d'uain árdach bas a bheith againn d'easbadh
ama ach sé is dóigh linn go mbeadh an furmhór
ag an lucht Aonta cé go raibh an lucht
Séanta go láidir.



13adh lá de Mhí na Samhna — B'é an
t-adhbhar díospóireachta a bhí againn an
tráthnóna so na “gur chun leasa na
ndaoine amharclanna na cathrach.” Bhí
coinne ag gach éinne go mbeadh an díos
póireacht so go maith agus dá bhrígh sin bhailigh
cóimhthionól mór isteach sa halla. Thos-
nuigh Seosamh de Faoite agus dubhairt sé na
raibh aon déanamh ag muinntir na cathrach
gan na h-amharclanna. Thugadar eolas
dóibh ar dhaoinibh iasachta agus ar áiteannaibh
iasachta; eolas ná fuighidís a fhághail in-aon
tslighe eile gan roinnt mhaith airgid a
chaitheamh, rud ná fuil d'acmhuinn ag a lán
díobh. Rud eile, conus a chaithfeadh muinn-
tir na cathrach an tráthnóna mara mbeadh
amharclanna nó tighthe peictiúirí aca chun
dul chúcha. D'iompóchadh a lán díobh isteach
sa tigh tábhairne.



Ní aontóchadh Seán Ó Cógáin go raibh a
oiread san eolais ar fad le fághail ionnta.
Ní chuirid síos in-aon chor ar stair na
h-Éireann, agus chaithfeá leabhartha conntabharth-
acha a bheith léighte agat chun cuid des na
peictiúiríbh a thuisgint.



Dubhairt Eoghan Mac Lochlainn gur fíor
go mbíonn salachar i gcuid díobh ach gur
féidir é sin a laghdughadh munar bhféidir
é dhíbirt ar fad, agus b'é a thuairim gur
treise ar an sult agus ar an oidheachas ná


L. 57


ar an olc a bhíom ionnta; agus ná fuil aon
rud sa domhan so ná fuil olc éigin ag baint
leis. Labhair D. Ó h-Eichthighearn, M. de
Paor agus A. Ó Maolnuaidh i dtaobh na ceiste
leis. Ba láidre i bhfad an lucht aonta ná
an lucht Séanta.



20adh lá de Mhí na Samhna — Bhí cúpla
abhrán againn i dtosach mar is gnáthach agus
annsan tosnuigheadh ar an cheist seo a
leanann a phléidhe .i. nuair a bheidh ár
riaghaltas féin againn is cóir dúinn
preasáil a bheith againn. Shíl Séamus
Mac Fhlonin go gcuirfeadh sé an-fheabhas
ar bhuachaillíbh na tíre tamall a chaiteamh i
gcampa, ach labhair Tomás Ó Mathúin 'na
choinne 'á rádh gurb' í an tsaoirse an rud
is mó a theastuigh ó gach éinne, ach cá raibh
aon tsaoirse le fághail sa náisiún a
mbeadh preasáil i bhfeidhm ann, agus ar aon
chuma níor ghádh aon phreasáil dá mbeadh an
stát mar athair ar na daoinibh a bhíonn fé
'na chúram. Labhair Domhnall Mac Guaigín go
h-ughdarásach. B'fhearrde na daoine fé leith
an phreasáil, mar annsan ní bheadh aon chaoi
ag na h-alpairíbh airgid (profiteers) in-aimsir
chogaidh. B'fheárrde an naisiún agus an arm
í mar annsan ní bhéadh fir gan mhaith san
arm againn mar atá ag Sasana fé láthair.
Dar le Seán Ó Néill bhain muinntir na
h-Éireann a saoirse amach an babhta so
gan aon phreasáil, agus leanann sé go h-éig-
eantach uaidh sin go mbainfidís amach arís
í, dá mbadh ghádh é, gan preasaíl a chur i
bhfeidhm. Dubhairt Michéal Ó Braonáin go
raibh an phreasáil riachtanach chun go múinfí
do n-a bhfuil de dhaoinibh cama sa tír
againn conus siubhal i gceart agus an tír ná
bíonn mór ní fuláir di bheith láidir.



B'é tuairim Phádruig Uí Fhearghail gur
léigheann fíor-Ghaedhealach an rud is tábhach-
taighe atá uainn fé láthair, agus na daoine a
chaitheann tamall i longphort ná bíonn
dúil aca i n-aon rud ach i gcogadh. Dubhairt
Seán Ó Cogáin dá mbeadh saighdiúirí
againn an chéad lá riamh a tháinig na
Sasanaigh go hÉirinn nach gádh a bheith
d'iarraidh iad a chur amach anois, ach dubhairt
Micheál Ó Murchadha go cráibhtheach go raibh
críoch eile seachas cogaidh i ndán do'n
duine ag Dia, nuair a chuir Sé ar an
saoghal so é. Níor chreid sé go dteastóchadh
arm mór ó'n naisiún so againne chun a
naimhde a choinéad amach. Bhí an furmhór
ag an lucht Séunta.



27ad lá de Mhí na Samhna — Díos-
póireacht — “'Sí leisce ár ndaoine fé
ndeara bochtaineachta na tíre.” Dubhairt
Séamus Ó Gionnáin gurb' í; go bhfuilid
leisceamhail idir óg agus aosta, agus gur
ceart scoileanna ceárdaidheachta a chur ar
bun chun obair a thabhairt dóibh. Dar le
Séamus Mac Fhionnlaoich b'iad na Sasanaigh
agus an gorta fé ndeara ár mbochtaineachtan
Dubhairt Séamus Ó Clúmháin go bhfuil a
donas ar fad ar na feirmeoiríbh le leisce;
ní leanfaidís taoiseach a chuirfeadh ar a
leas iad. Tháinigh sé anuas an-throm ar
mhnáibh na tíre leis. Níorbh' aon iongnadh
le Seán Breathnach an tír a bheith chómh bocht
is tá sí mar do réir mar a cuirtí feabhas
ar an dtalamh théidheadh an cíos i méad.
Innis Éamonn Ó Longáin dúinn conus mar
do chaith feirmeoirí Chorcaighe uatha saoth-
rughadh an lín — “Leisce arís,” arsa sé-
ach níor thaithnigh sé le Tomás Ó Briain,
aon rud a rádh i gcoinne muinntire Chor-
caighe. Labhair M. Ó Curraidhín ar an
gceist leis.



4ad lá de Mhí na Nodlag — Channlaigh na
buachaillí go léir isteach i halla an Scrip-
tiúra um thráthnóna, mar bhí fógra ar an
gclár 'á chur i n-iúl dóib go dtabharfadh
an Dochtúir de Brún, ollamh re h-áird-
ríomhaireacht, léigheacht dúinn. Dubhairt an
t-uachtarán, Seán Pigóid, cúpla focal ar
dtúis ag cur fáilte roimh an Dochtúir,
agus annsan thosnuigh seisean ar a pháipéar


L. 58


a léigheamh. Cur síos dob' eadh é ar
Phádraig Mac Piarais agus ar a chuid scríbh-
inní. Theasbháin sé dhúinn ó scríbhinníbh an
Phiarsaigh an mórdhacht aigne a bhí ag an
laoch san agus a luighead eagla is bhí air
roimh an mbás. Léig sé somplaí dhúinn a
theasbáin go soiléir go raibh ar chumas an
Phiarsaigh smaointe Gaedhealacha a scríobhadh
go beacht i nGaedhilg chomh maith agus
gníomhartha Gaedhealacha a dhéanamh. Pái-
péar breágh dob' eadh é ó thús deire agus tá
súil againn go léir nach fada go dtiocfaidh
an Dr. de Brún chughainn arís. Ar chríoch-
nughadh dhó thairig Pádraig Ó Loingsigh rún
buidheachais dó agus dh'aontuigh Domhnall Mac
Guaigín leis.



22ra lá d'Eanair, 1922 — Chuir coláiste
áirithe sa bhFrainnc leitir ag triall ar an
gcoláiste seo le déidheanaighe. Cuireadh
an leitir seo ós comhair na Cúirte anocht
chun go ndéanfaí socrughadh mar gheall ar an
bhfreagra ba cheart a thabhairt air. Ní
rabhadar go léir ar aon intinn mar gheall
air sin, agus bhí díospóireacht fada te againn
i dtaobh na leitre agus i dtaobh na bhfreag-
racha a tairgeadh le n-a h-aghaidh. Fé
dheireadh dubhairt Domhnall Mac Guaigín
ná raibh aon chomhacht ag an gCúirt a leithéid
de cheist a shocrughadh i n-aon chor agus
thairig sé mar rún an cheist a chur ós comhair
lán-chruinnighthe de mhacaibh — léighinn an
choláiste. Do h-aontuigheadh leis an rún
san tar éis a lán eile cainte a dhéanamh.



29ad lá d'Eanair — Léigh Séamus Ó
Clúmháin páipéar dúinn anocht ar “Fhilidh-
eacht diadha sa Ghaedhilg ó'n seachtmhadh aois
déag go dtí an lá indiu.” Theasbáin
Séamus dúinn a lán eolais a bheith aige
ar fhilíbh agus ar fhilídheacht na h-Éireann.
Thrácht sé ar gach file a scríobh aon rann sa
Ghaedhilg mar gheall ar Dhia nó mar gheall
ar a Mháthair ró-Bheannuighthe ó'n seachtmadh
aois déag anuas. Thug sé somplaí go
leór dúinn de'n bhfilidheacht so, agus ba
bhreágh leat a bheith ag éisteacht le cainnt
bhreágh líomhtha Thaidhg Ghaedhealaigh, nó le
cainnt réidh sho-thuisgeanaigh Pádraig Deinn,
an bheirt file úd is mó a chuir glóire Dé agus
onóir na h-Éireann ar agaidh le n-a linn.
Thairig Micheál Ó Murchadha rún buidheachais
do Shéamus agus d'aontuigh Pádraig Ó
Fearghail leis.



5adh lá d'Fheabhra — Gheobhthar cúnntas i
dtaobh an tionóil seo i n-aiste fé leith ar
leathanach eile. .i. 18.



19adh lá d'Fheabhra — Oidhche scéaluidheachta
a bhí againn anocht mar do socruigheadh ag
an gcoiste go mbeadh comórtas sgéal-
aidheachta ann, agus go dtabharfaidhe duais don
sgéalaidhe is feárr. Innis Seán Ó Cógáin
dúinn conus mar a buaileadh bob ar an
easbog nuair a chuaidh sé ag spiaireacht ar an
sagart paróiste, agus d'fhóbair go mbain-
feadh Pádraig Ó Roithleáin an anál dínn
le n-a chuid scéalta mar gheall ar roilgibh
agus ar thaidhbhsíbh. D'eachtraigh Seosamh
de Faoite na gaiscí aite a dhein gaiscidheach
áirithe ar a aitheantas dárbh' ainm Pádraig.
Innis Míchéal Ó Curraidhin dúinn mar
gheall ar an bhfear a fuair an nóta damanta
san a chuir tré n-a chéile ar feadh an chuid
eile dá shaoghal é, agus bhí scéal fada binn ag
Séamus Ó Clúmháin i dtaobh amadáin
d'fhear oibre a bhí dhá leigint air ná raibh
a fhios aige conus aon saghas oibre a
dhéanamh.



26adh lá d'Fheabhra — leanadh ar an scéal-
uidheacht anocht. D'innis Tomás Ó Briain
scéal dúinn mar gheall ar dhochtúir bréige
a bhí 'na chomhnuidhe i n-áit éigin i gConndae
Chorcaighe i n-aimsir an droch-shaoghail, agus
is mo cleas greannmhar a bhí ag an dochtúir
céadna má's fíor do Thomás. Bhí scéal
againn ó Sheán Breathnach i dtaobh gadaidhe
a ghoideadh ó'n saidhbhir chun fóirthint ar
an diadhbhir, agus innis Seán Ó Cearbhalláin
eachtraí an chapaill gan chroiceann dúinn.
Bhíomar ins na trithíbh ag Seán Ó Néill ag


L. 59


innsint dúinn mar gheall ar ghliocas Phaidí
Bháin. Bhí cleas ag Paidí i gcóir gach aon
rud. Tá an sean-nós scéaluidheachta ag
Seán agus bhí an Ghaedhilg ar fheabhas aige.
Dá bhrígh sin is dó a tugadh an duais .i.
Scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais.



Sid iad imteachta na Cúirte go dtí so,
agus táimíd sásta leo mar is léir do
chách go bhfuil athrughadh mór tar éis teacht
ar an gcumann, agus is chun feabhais an
t-athrughadh san. Is mór le rádh é gurbh'
éigean duinn slán d'fhágaint le halla na
“Ruadh” tar éis an chéad tionóil agus dul go dtí
an halla ba mhó a bhí againn. Na bliadhanta
so a ghabh tharainn is beag duine a bhíodh sa
Chúirt i n-aon chor agus is iad na daoine
céadna a bhíodh ag caint i gcomhnuidhe, ach
anois is féidir linn iad d'áireamh 'na
gcéadtaibh agus tá misneach a ndóthain ag gach
éinne labhairt ann, mar tá an sean-
spioraid sin na neamh-shuime imthighthe agus
bíonn fáilte roimh lucht tosnuighthe chómh
maith is roimh cainteóiríbh cliste. Cleachtadh
a dhéineann cliste agus cruthuigheadh fírinne
na cainte sin sa Chúirt i mbliadhna. Go
dtí so bhí 11 tionól againn, agus díospóir-
eachta, dhá pháipéar, agus dá oidhche scéaluidh-
eachta. Do gheall ár bpátrún, an t-Athair
Pól Breathnach go léighfeadh sé páipéar
dúinn sar i bhfad agus is fada linn go dtioc-
faidh sé mar is cuimhin linn an ceann
breágh a léigh shé anuraidh dúinn.



Maidir le h-amhránuidheacht bhíodh buidh-
eanta fé leith chuige sin againn, agus is mó
fonn bríoghmhar a múineadh ionnta; eat-
orra “Bruach na Carraige Báine,” agus
“An Buacaillín Bán.” Gabhaimíd ár
mbuidheachas le h-Art Mac Giolla Eoin,
le Pádraig Ó Fearghail agus le h-Eoghan Mac
Lochlainn, mar is iad do mhúin an ceol go
dúthrachtach dúinn.



Bidhidh sa Chúirt arís an bhliadhain seo
chughainn, a bhuachaillí, mar “is feárr focal
sa chúirt ná púnt sa sparán.”



Eachrta na Cúirte go nuige seo.



TOMÁS Ó FOGHLUDHA, Rúnaidhe.



Agus sibhse, a shagarta na h-Éireann, an dream sin nár thréigeamair nuair ba chruaidh
orrainn an cás agus ba theann an treasgairt, ná tréigidh sinn anois ach díonaidh ar mhallai-
ghtheacht agus ar mhilteacht na n-amhas sinn… Cuimhnighidh gur fada chughainn anall
tháinigh an Ghaedealg agus an croidhe mór bog gaedheal ghabhas leithe, agus gur foghail tar
foghlaibh, agus creach tar creachaibh an domhain an croidhe gan cor sin agus an teanga cheannsa
chaoin rn do scaramhain linne agus le nár sliocht i n-ár ndiaidh go deóidh. — An Dochtúir de
Hindeberg i Magh Nuadhad 1906.


L. 60


CÚRSAÍ NA BLIADHNA.



An Choiste:— Micheál Ó Murchadha, Uach-
tarán; Domhnall Mac Eochagáin, Leas-
Uachtarán; Tomás Ó Briain, Sparánuidhe;
Séamas Magh Fhionnlaigh, Rúnaidhe; Pád-
raig Ó Loinsigh, Seán Pigóid, Tomás Ó
Foghludha, Pádruig Ó Fearghail.



Roinn Ioseph: — Diarmuid Ó h-Eachtighern,
Pádruig Ó h-Eachthighern, Seán Ó Néill,
Seán Breathnach, Ribéard Breathnach, Tomás
Ó Cléirigh.



Lucht na Bhfógraí — Máirtín Ó Grádaigh,
Eamonn Mac Giolla Phádraigh, Seán Breath-
nach, Tomás Ó Cléirigh.



'Na dhiaidh seo tá cur síos ar obair na
bliadhna ar son na Gaedhilge agus ní
bréag a rádh go bhfuilimid sásta leis.
Ní raibh an sprid a bhí ins na machaibh
léighinn sa Choláiste ní ba bhríoghmhaire
riamh ná mar a bhí roimis an Nodlaig.
Bhíodh an Ghaedhilg ag gach aoinne, ins na
buidheantaibh, ar pháirc na gcluichí, ar
chúirt liathróide láimhe, sa phroinntigh nuair
a bhíodh cead cainnte againn. Cuireadh na
h-ainmneacha as Gaedhilg ar pháipéirí scrú-
duighthe na Nodlag agus thug an t-Athair
Beuarúingé geallamhaint dúinn ná canfí
aon dán naomhtha as Béarla sa tSeipéil
Mhór ach amháin nuair a bheadh gádh mór fé
leith leis. Bhíodh buidheanta ar siubhal tar
éis an dinnéir féin agus lucht na bhfairchí
ag dul i gcomórtas le n-a cheile i gcúrsaí
na Gaedhilge. Tháinigh sluagh isteach sa
bhFáinne agus níorbh fholáir dóibh an Ghaedhilg
a bheith go líomhtha aca óir ba ghéar an scrudú
a deineadh ortha.


L. 61


Tar éis na laethanta saoire um Nodlaig
laghduigh ar an sprid san ach mar sin féin
tá na Gaedhil ag teacht cucha féin arís
agus an obair fé lán-tsiubhal go geal
meidhreach. Go neartuighidh Dia é.



NA DRÁMAIDHE.



I mbliana d'ath-oscaileadh an Halla
Mhór tar éis í dheisíu agus b'í an Ghaedhilg an
céad theanga a labhradh ar an árdán agus
b'é dráma beag i nGaedhilg an céad chluiche
a taisbeánadh. Ní raibh sa dhráma seo
ach iarracht beag gan amhras, an tráithnín
a thaisbeánann treó na gaoithe, ach beidh
áthas ar Ghaedhil Muighe Nuadhat go deó do
rádh is go raibh teanga ársa ár dtíre fé
réim sa Cholaiste ar oscailt do'n Halla
Mhóir an tarna uair. Ó shoin i leith bhí seó
drámaidhe againn agus molaimíd na mic
léighinn a dhein iad a léiriú. D'éirigh leo
go maith agus is mór an chreideamhait atá
ag dul dóibh dá mbárr. Ní mór duinn
moladh speisialta a thabhairt do's na
macaibh léighinn i dTig na Soiséar a chuir
trí drámaí spéiseamhla ar an ardán.
Ba cheart go mbeadh mórtas macánta ar
an mbeirt a stiúruigh iad .i. Pádraig Mac
Giolla Caoile agus Brian Ó Piteáin.
Ba thruagh linn nár dheineadar dráma as
Gaedhilg do léiriú ach beidhmid ag brath ar
ghniomhartha móra uatha as son na teangan
sa bhlian seo chughainn.



Gabhaimid ár mbuidheachas le gach aoinne
a chabruigh linn i rith na bhliana; leis na
macaibh léighinn is na h-ollamhnaibh annseo
agus leis na sagairt óga ar fúid na
h-Éireann nár dhearmhadaigh Cuallacht Chuilm
Chille agus a sheól sintúisí flaitheamhla
chughainn. Go gcúitighidh Dia leo san go
léir.



Táimid ana-bhuidheach des na daoinibh a
thug pictiúirí agus griangrafáin duinn —
Bean Ní Gríobhtha (mathair an Athar
Micheál), Bean Ní Cruadhlaoich (droiféar
an Athar Uí Ceallacháin), Tomás Ó Grua-
gáin, Tadhg Ó Cobhthaigh, Tomás Ó Finnea-
cháin, Séamas Ó Míontáin, Seosamh Ó
Murchadha Chonchubhair.



BEIRT EASBOG NUADH AGUS AN
GHAEDHILG.



1. An Dochtúir Mícheál Ó Síothcháin —
Cúis áthais do Gaedhil Muighe Nuadhad gur
toghadh ár Leas-uachtarán i n-a Árd-
easbog conganta Sidney. Tá cáil is
clú an Dochtúra Uí Síothcháin ar fúid na
h-Éireann go léir mar is sgoláire
léigheanta fíor-Ghaedhealach é. Rugadh an
Dochtúir Ó Síothcháin i gCathair Phortlairge
sa bhliadhan 1870. D'eirigh leis go seóigh
sa sgoil is sa Choláiste mar bhí árd-mheabhair
chinn aige agus deineadh sagart de annseo i
gColáiste Muighe Nuadhad sa bhliadhan
1895. Chuaidh sé go dtí Oxford agus 'na
dhiaidh san do chuaidh sé go dtí an Gearmháin
chun stuidéar cruinn a dhéanamh ar an
Laidin is ar an nGréigis agus ar Phréamh-
aidheacht.



An t-am céadna tharla Déiseach eile, an
Dochtúir De Hindebérg san nGearmháin
ag gabháilt do'n tseana-Ghaedhilg agus
bhíodar ana-mhór le céile. Tháinigh sé ar
chuimhneamh an Dochtúra Uí Síothcháin annsan
ó bhí an oiread san teangthacha aige gur
mhór an náire dhó gan a theanga féin a
bheith go pras líomhtha aige. Tréis teacht
thar nais ón nGearmháin dhó luigh sé isteach ar
an nGaedhilg agus fá cheann a cúig nó a
sé de bhliadhanta bhí “Sean-chaint na
nDéise” i gcló aige. Bhí sé ag múineadh
na Laidne is na Gréigise i gColáiste
Muighe Nuadhad agus theigheadh sé go dtí
Rinn ó gCuanach gach Samhradh ag foghluim
na Gaedhilge.



“Bliadhan a 1905, tráthnóna breághda
Samhraidh agus na h-iasgairí istigh ón
bhfairrge, do chuaidh Pádraig Ó Cadhla agus
Dochtúir Ó Síothcháin síos go dtí Baile na


L. 62


nGall. Do bhuaileadar clár dubh suas i
gcoinne fuinneóige agus do chromadar ag
múineadh léigheamh agus scríobhadh na
Gaedhilge do pháistíbh an bhaile agus do
bheirt no trúir strannséirí do bhí ar
lóisdín ann.” Is annsan a cuireadh Col-
áiste na Rinne ar bun. “Níor cheisnigh
Dochtúir Ó Síothcháin a sparán ná a shaothar
ná a shláinte ar mhuinntir na Rinne cun
cúis na Gaedhilge a chur cun chinn.” Ní
raibh sa Coláiste ar dtúis ach Coláiste
beag adhmaidh ach tréis tamaill thógadar
fóthrach a bhí timpeall ceathramhadh míle
ón tseana-choláiste. Dheineadar é sin a
dheisíu is díon a chur air agus i n-aghaidh na
bliana ó shoin táid ag cur leis agus tá
obair mhaith á dhéanamh ann ar son Cáit Ní
Dhuibhir.



Tá cuid mhaith leabhair deasa scríobhtha
ag an nDochtúir Ó Síothcháin agus ní misde
a rádh ná go bhfuil snas na Gaedhilge ionnta,
sid iad: — “Sean-chainnt na nDéise,” Chnó
Coilleadh Craobhaige, Cnuasach Trágha, Gile
na mBlath, Árthrach an Óir, Ladhar den
leis Mór, Gabha na Coille.



Níor shos do'n Dochtúir Ó Síothcháin
annsan féin, ba léir dó go raibh leabhair
oireamhnacha chun an creideamh a chosaint
i n-easnamh ar aos óg na h-Éireann.
Dá bhrígh sin scríobh sé “Apologetics and
Catholic Doctrine.” Leabhar as meadhon
is eadh é seo. Tá sé ar an leabhar is
deise a scríobhadh fós sa Bhéarla cun eólas
a thabhairt d'óg agus sean ar bhun-altaibh an
chreidhimh is ar na h-argóintí is fearr chun
an chreidimh a chosaint ar a naimhde.



Déanaimid comh-gháirdeachas annseo le
muinntir Sidney de chionn sagart comh
léigheanta is Gaedheal comh dúthrachtach a
bheith 'na cheann ortha agus cuirimid ár
mbeannacht leis go talamh na h-Austrailia
agus 'sé ár nguidhe go mba fada buan
é fá shaoghal is fé shláinte ag treórú a
thréada chun Dé.



ÁRD-EASBOG NUADH BAILE-ÁTHA-
CLIATH.



Tháinigh an t-Árd-easbog nuadh ó Bhaile-
Átha-Chliath chughainn i rith na bliana chun
a chéad-chuaird oifigeamhail a dhéanamh
do'n Choláiste. Ní misde dhúinn a rádh
gur fuair sé céad míle fáilte ós na
macaibh léighinn. Dubairt sé linn ná
raibh sé 'na mhac leighinn annso ach go raibh
áthas an domhain air go mbeidh baint aige
feasta le Coláiste Muighe Nuadhad. Cúis
áthais dúinne is eadh an rud céadna mar
fíor-Ghaedheal is eadh an Dochtúir Oirmh Ó
Broin agus b'as Gaedhilg a dhein sé a
chéad chainnt phuiblidhe. Is fada an lá ó
thug aon Árd-easbog oráid as Gaedhilg i
mBaile-Atha-Cliath agus is maith an chomh-
artha ar an aimsir go bhfuil fíor-Ghaedeal
ar Chathaoir Lorcháin Naomhtha Ó Tuathail.
Cuirimid ár nguidhe suas cun Dé go mbeidh
saoghal fada aige agus go bhfeicidh sé an
Ghaedhilg mar ghnáth-theanga na ndaoine sar
i bhfad.



NA SAGAIRT ÓGA D'ÉAG.



Beannacht De le h-anamnacha na
sagart óga a fuair bás i rith na bliana ghábh
tharainn i. An t-Athair Míceál Ó Gríobhtha,
An t-Athair Séamas Ó Ceallacháin, An
t-Athair Maitiú Ó Neachtain. Na Gaill
a dhúnmarbhuigh beirt aca, an fiabhras a
leag a rian ar an Athair Maitiú agus a
chuir an bás cuige. Tá cur síos ar an
Athair Séamas agus ar an Athair Mícheál i
n-aistí eile san Irisleabhar agus ní mór
dúinn cupla focal a rádh annseo i dtaobh
an Athar Maitiú Ó Neachtain. Bhí sé
'nár measg anuraidh, ag dul tímpal na
páirce i mbuidheanta na Gaedhilge maidin
agus istoidhche. Deineadh sagart de i
Mí an Aibreáin agus chuaidh sé go h-iarrthar
na Gaillimhe ag obair ar son Íosa Críost.
Tháinig galar uathbhasach sa cheanntair 'na
raibh sé agus níór staon sé ó de'n obair


L. 63


ach bhíodh sé de shíor ag dul ó thig go tig, ag
éisteacht faoisdine i nGaedhilg, ag cur na
h-Ola Déanaighe ar dhaoine breóite agus
ag tabhairt sóláis do gach duine bocht ar
a raibh an droch-ghalar. Ach mo leun!
tháinig an fiabhras air féin agus tréis
cupla lá ghlaoidh an Máighistir ar a shagart
óg agus d'imthigh sé ar Shlighe na Fírinne.
Solus Dé dot anam, a Mhaitiú, a fhíor-
Ghaedheal!



NA LAETHE ATÁ RÓMHAINN.



Tá an cúnntas seo á chur againn chun na
gClódóirí roimh Seachtmhain na Cásga agus
dá bhrígh sin níl chur síos ar rudaí eile
ar a bfuilimid ag brath. Tá súil againn go
leanfaidh na mic léighinn ag gabháilt do'n
Ghaedhilg go deire na bliana. Beidh an
Ghaedhilg fé réim i n-Éirinn sar i bhfad
agus sé an t-aon rud atá anois ann chun
ár dtíre a Ghaedhealú is a chur ar a leas.
Beidh Éire ag brath ar na sagairt óga chun
cúis na teangan a chur chun críche; má
leantar ar an ndeagh-obair atá á dhéanamh
i Magh Nuadhad, ní chlisfidh na sagairt óga
ar a dteanga dúthchais



ÁR SGÉAL FÉIN.



Deireann an sean-fhocal go mbionn gach
tosnú lag. Ní abrann sé rud ar bith
fa'n chríochnú acht is doiche go gcialluighean
sé go mbíonn an críochnú láidir. Ma's
mar sin atá sé caithfidhmid admháil gur
bréagnuigeadh an seanfhocal sin i dtaca le
obair na Gaedhilge i Muigh Nuadad i
mbliadhna. Nidh nach iongnadh macasamhail
na h-Eireann iomláine is eadh Magh Nuadhad.
Cibé spiorad a bhíos 'sa tír, le fios doibh
no i ngan fhios doibh bíonn macasamhail an
spioraid sin le fághail ins na micléighinn
annseo. Sa t-samhradh seo chuaidh thart
bhí spiorad láidir náisiúnta ar fud na
tíre. Bhí muinntear na h-Éireann i
ndiaidh ceithre bliadhna de chogad chruaidh
fhíochmhar a chur tharsta agus i n-ionad a
bheith ní ba luige 'na dhiaidh nó a bheith ar tí
geillead do'n námhaid, is amhlaidh go
dearn an tréan-cómhrach iad a neartú
agus rún ní ba daingne a chur 'na gcroidhe.
Bhí siad ar aon aigne fa náisiúntacht iomlán
a bhaint amach da dtír dhúthchais agus iad
ag tabairt aghaidhe ar fháinne an lae le
súil mhóir ag borrad in a n-anam. Bhí
cúis na Gaedhilge ag dul ar aghaidh ní
b'fhearr na ariamh, sean agus óg ag fóghluim
na teangadh go dícheallach agus craobhacha
connartha na Gaedhilge 'gha gcur ar bun nó
ghá n-aithbheoadh i ngac uile áit. Anois ní
thiocfadh leis na mic léighinn a bheith ar fud
na tíre agus a leithéid de spiorad ann gan
anál mhóir a bheith ag an spiorad sin ortha.
Thainig siad ar áis o'n a gcuid laethe
saoire 'san fhóghmhar agus ní fada go rabh
gach mac léighinn beagnach ins na buidheanta
“ag fóghluim na Gaedhilge le h-aiobneas a's
bród” agus an curfá sin mar rose-
chatha acu, “teanga na h-Éireann ní
caillfear í go deó.” Nuair a bhí an scéal
mar sin, go luath 'sa chéad téarma thainig
an t-Athair Rísteard Pléimeann D. Ph.
as Baile-Atha-Cliath chugainn le léigheacht
a thabhairt dúinn faoi chúram Cual-
lachta Chuilm Cille. 'Sé an t-Athair Pléim-
eann Uachtarán Cumainn na Sagart nGaedh-
ealach agus ba deacair a sharú mar fhíor-
Ghaedheal. Thug sé oráid bhríoghmhar bhros-
tuightheach dúinn, nó b'fheidir gur chóra
dúinn a rádh mar a dubhairt sé fhéin narbh
oráid í ar chor ar bith acht comhradh cair-
deamhail ó'n a chroidhe. Ar dhoigh ar bith 'sa
chomhradh sin dó rinne sé eidirdhealú eadar
an Ghaedhilg agus an Béarla ag crúthú
comh bocht agus tá an Béarla i gcomparáid
leis an Ghaedhilg i bfuaimeanna i gcora
cainnte agus i n-áilneacht de'n uile sheort.
Síleann a lán Béarloir gur teanga í an


L. 64


Ghaedhilg atá an deacair le labhairt acht
de réir an Athar Pléimeann, agus tá an
ceart aige, is amhlaid go bhfuil a mbéil
millte leis an Bhéarla, teanga nach bhfuil
fuaim iomlán amháin inntí. Thug sé a
lán sompla dúinn fosta ag taisbeáint
dúinn goidé mar tá an Gaedhilg ag teacht
'na h-ait fhéin fá dheireadh i saoghal phuiblidhe
na h-Éireann, agus chuir sé i n-iúl dúinn
nach mbeidh meas na úghdarthas ag sagart
ar bith feasta nac mbéidh Gaedhilg aige.



Ba é toradh a chuid cainnte ná dá
fheabhas da rabh na mic léiginn roimhe sin
is amhlaid go rabh siad seacht n-uaire ní
b'fhearr 'na dhiaidh. Ag siubhal na casáin
doibh ar maidín agus shan oidhche ní bhíodh
le cluinstin ar gach taoibh acht fuaimeanna
binne na Gaedhilge agus Dia Domhnaig
na Gaedhilge (an chéad Domhnach de ac' a'n
mhí) nuair a bhíodh Lucht an Fháinne faoi gheasa
gan acht Gaedhilg a labhairt ní chluintí acht
Gaedhilg ar feadh an lae mar bhí ach a'n
duine ag cuidiú leis na Fainneacha a
ndualgas a chómlíonadh. Na daoine nach
rabh san fháinne fhéin choinnig siad an lá
mar la Gaedhilge, mar ceapadh gur seort
dia-mhasla an Béarla ag labhairt an lá sin.
'San am seo fosta thigeadh siad 'na
sluaighte go Cúirt na nGaedheal. Bhíodh
an Chúirt lán gac oidhche Dhómhnaigh; an
chuid is mo des na mic léighinn ag glacaint
páirte ins na díospoireachtaí nó ag
eisteacht leó go spéiseamhail. Gidh go
bhfuil lán-tuairisc Cúirte na nGaedheal
le fághail i n-áit eile ó's rud é gur luadh-
muid í ní thig linn gan tagairt speisialta
a dheanamh do'n léigheacht a thug an Dr.
Pádruig de Brún Dúinn oidhche amhain sa
Chúirt. Pádraig Mac Piarais a ádhbhar
cáinnte agus an té a d'eist leis gan rún
a dheanamh “Pórtús na Gaedhilge” a
léigheamh ba deacair a bhogad. Sé “Por-
tus na Gaedhilge” an t-ainm a thug Dr.
de Brún ar Scríbinní an Phiarsaig.



Mhair an deagh-spiorad sin thuas agus
lean an deagh-obair leis go dtí go rabhmuid
ag tarraingt ar dheireadh an chéad téarma
nuair a tharla an tubaiste a rinne críochnú
lag de thosnú láidir. Cé acu ab í anáil
na scoilte uathbhasaighe 'san náisiún ba
chionntaidh leis nó narbh í ní fhuil fhios againn
acht tá an fhírinne innste againn gidh go
bhfuil sí searbh mar atá sí i gcomnuidhe.
Bhíodh na mic-léighinn ag dul thart ag cainnt
ar chúrsaí náisúnta na h-Éireann acht i
n-ionad a bheith i nGaedhilg is i mBéarla a
bhíodh an chuid ba mhó de'n chomhrádh.



Bhímid ag brath go mbéadh fonn oibre
ní b'fhearr ar na mic leiginn i ndiaidh na
laete saoire ag Nodlaig. Acht d'imthigh an
Nodlaig agus thainig an ath-bhliadhain acht
níor eirigh an spiorad go dtí a shean-
léim go fóill.



Gidh go bhfuil an gearán mór sín le
deanamh againn caithfidhmid a rádh go bhfuil
dream mor san Choláiste nár stad de'n
obair agus nar ísligh an brat ariamh.
Muinntear an Fhainne mór-chuid de'n dream
sin, 'siad salann an Choláiste gan amhras.
Is ortha-san atá ár seasamh agus is asta-
san atá ár muinghin leis an obair naomhtha a
chur 'un cinn feasta.



Ar feadh na bliadhna rinneadh obair mhór
i leabharlainn na Gaedhilge ag tabhairt
amach leabar ar iasacht agus ag díol
leabar eile, go h-áithrid na leabarthaí a
cuireadh i gcló le goirid. Tá áthas orainn
á radh go dtabharann obair na leabhar-
lainne misneach dúinn, mar is comhartha
maith é na mic léighinn a bheith ag ceannach
leabar agus bhíodh siad ghá gceannacht go
fónnmhar ar fead na bliadhna agus bionn
go foill. 'Siad seo na leabartaí is mó
a bítear ghá gceannacht “Seanmóirí Muighe
Nuadhad,” “Gaedhilg sa mBaile,” “Mai-
cin,” “Jimín Mháire Thadhg,” “Mo Dhá
Róisín.”


L. 65


LEABHAIR NUADHA.



L'IRLANDE DANS LA CRISE UNIVER-
SELLE (1914-1920). Deuxiéme Edition,
Louis Tréguiz. Librarie, Felix Alcan.



Is mór an meas a bhíodh ag muintir na Frainnce
orainn riamh agus chuiridis suim mhór i gcúrsaí
polaitidheachta na h-Éireann. Bhí dluth-cheangal
idir Éirinn agus an Fhrainnc agus is amhlaidh a
mhéaduigh an grádh a bhí aca d'á chéile leis an
aimsir. Níor dhein na Franncaigh dearmhad ar
fhuil uasal na nGaedheal a doirteadh ó Dúncirc
go Belgráid ar a son agus ní lúghaide gur
dhearmhadaigh na Gaedhil an cabhair a thug
na Franncaigh leo sa bhlian '98. Ní h-aon
iongnadh é mar sin go bhfuil leabhar le
faghail ó úghdar Franncac ar stair na
h-aimsire seo i n-Éirinn. Cuirtear síos sa
leabhar seo ar gach rud a thuit amach 'nár
dtírín ó thosnuigh an Cogadh Mór ar Roinn na
h-Eórpa go dtí go raibh Cogadh na Saoirse fé
lán-tsiubhal go fíochmhar sgannramhail annseo i
n-Éirinn. Dhein an t-úghdar gach páipear is
cúntas a scrudú go beacht agus is iongnadh linn
an méid eolais atá aige ar nósannaibh, stair
agus sean-litridheacht na nGaedheal.



Sí seo an cúntas a thugann sé ar Gluaiseacht na
Gaedhilge agus ar an spioraid a bhain leis —
“Aucun Irlandais ne veut ignorer la langue de
l'Irlande non seulement parce que c'est son
devoir patriotique mais aussi parce que c'est
son interét intellectuel et moral. La langue est
le palladium de la race, car le gaelique est le
verbe de l'energie nationale.” Ba dhóig leat
gurb é an Piarsach féin a scríobh an méid sin.



'Sé seo an tarna cur amach do'n leabhar seo,
'sa gcéad cóip críochnuigheadh an stair leis an
gComhdhail i gColáiste na Trionóide ach sa chóip
seo tugtar sgéal na h-Éireann go deireadh na
bliana 1920. Tá dearmhad air, uaireanta,
cuirim i gcás — “Mais les irreconciliables…
voyaient les affaires du continent sous un jour
si trompeur qu'ils s'imaginaient l'Allemagne
comme la champion de la liberté des mers et
des peuples opprimés.” Ba mhaith b'eol dos na
“irreconciliables”! gur ar maithe leis féin
a dheineann an cat cronán. Uaireanta eile, is
dóigh leis an úghdar gur fíor-stair na tuairisgí
oifigeamhla a thagadh amach ó Chaisleán Baile-
Atha-Cliath ach fé dheire thiar thall caithfimid a
rádh gur thug Louis Tréguiz comhtrom na féinne
do mhuintir na h-Éireann sa stair seo a chuir
sé le céile. Leabhar is fiú ceannac é seo,
leabhar is fiú léigheamh é, leabhar is fiú coimeád é
— i gcuimhne na sean-aimsire, i gcuimhne páise
brónaighe ár dtíre.



FROM A GAEILIC OUTPOST. Aodh de
Blácam, C.T.S.I. 3s. 6d.



Má's maith leat aigne na nGaedheal a thuig-
sint, cainnt na nGaedheal a chloisint, spiorad na
nGaedheal d'fhaghailt, isteach leat sa Ghaedhealtacht.
Sin í an chomhairle a thugann Aodh de Blácam duinn
sa leabhar nuadh seo. Tráchtann sé ar shaoghal na
ndaoine i nGaedhealtacht Tír Chonaill, ar na
smaointe a bhuaileann isteach i n-aigne an choigcrígh
nuair a théigeann sé go h-imioll-bhórdaibh fairrge
iarthair na h-Éireann agus tréis an chunntais a
léigheadh dhuit ní foláir a rádh — “ba mhaith liom
dul go dtí an Ghaedhealtacht.” “Students are
coming hither in increasing numbers to learn
the Gael's language and literature. Well for
Ireland if they also learn from him lessons of
life… you must see the honest old world if
you want to visualise Gaelic Ireland in which
it lingered so long.”



Mara raibh ó Aodh ach grádh do'n Ghaedhealtacht
a chur ar dhearglasadh 'nár gcroidhe, d'éirigh leis
go rí-maith. Duine d'ár scríobhnóirí is fearr, is
eadh Aodh de Blácam, tá sé ag obair go dian
dícheallach do chun glóire Dé is onóra na h-Éire-
ann. Go neartuighidh Dia a lámh agus go raibh a
thuilleadh leabhar againn uaidh sar i bhfad — agus
cuid mhaith aca san as Gaedhilg. Annsan mar
adeirtear i ndeire an leabhair seo — “beidh an
t-ath-aoibhneas againn.” Tá crot maiseamhal ar
an leabhar.



DON CÍOCHÓTÉ; GNÍOMHARTHA NA N-ASPAL;
AESOP A THÁINIG GO h-ÉIRINN;
LEABHAR NUADH AR ÁIREAMH. An
t-Athair Peadar Ó Laoghaire a Scríobh.
Brún agus Ó Nualláin a Chraobhsgaoil.



Tá an t-Athair Peadar san uaigh. Diaidh,
ar ndiaidh tá toradh a cuid saothair á
chur i gcló agus 'siad seo ceithre leabhar
nuadha á gcraobhsgaoileadh ag muintir Brúin is
Uí Nualláin. Ní gádh dom tracht a dhéanamh
ar Ghaedilg an Athar Peadar. Nách uaidh a
fuair an cuid is mó againn ár dteanga
féin agus anois ní ceart duinn dearmhad a
déanamh ar phaidrín a rádh anois is aríst as son
a anama. Cúis áthais dhuinn go bhfuil “Don
Cíochóté” le fagháil as Gaedhilg, sgéal é seo
atá i ngach teangain sa dhomhan, nách mór, agus
de réir Chonaill Cearnaigh baineann an Ghaedhilg
an barr ortha go léir. Is breágh nadúrtha mar a
théigheann sgéal clúmhar Cherbantes agus Gaedhilg
blasta an Athar Peadar le chéile. Geobhaidh an
sgoláire óg litridheacht na Spáinne is uachtar na
Gaedhilge na leabhar seo.


L. 66


“Gníomhartha na n-Aspal” — Is fada linn go
mbeidh an Bíobla go léir i gcló. Obair mhór is
eadh é sin agus is maith an bhail orainn go bhfuil na
“Ceithre Soisgéil” is “Gníomhartha na n-Aspal”
le léigheadh againn anois. Truagh linn nár dhein
an t-Athair Peadar atharú ar ráidhtibh airighthe atá
gan chiall sa Laidean ach go bhfuil brígh speisialta
ionnta 'san Eabhrais is sa Ghréigis ach ní deachair
an locht san a leigheas. Tá súil againn go
gceannochaidh gach sagart i n-Éirinn, ní h-amáin an
leabhar so ach an Bíobla go léir nuair a cuirfear
i gcló é.



“Aesop a tháinig go h-Éirinn II” agus Leabhar
Nuadh ar Aireamh — Leabhair iad san atá oireamh-
nach do pháistibh sgoile agus an Clár nuadh oidheach-
ais atá anois ann. 'Ná dteannta san cuirfidh
gach foghluimtheóir spéis ionnta. Tá crot slacht-
mhar ar gach leabhar aca so ag Muintir Brúin
is Uí Nualláin.



CAD BA DHOBAIR DÓ. Liam Ó Rinn a
sgriobh.



Cnuasach gearra-sgéalta deasa atá sa leabhar
seo agus baineann siad leis an aimsir seo, le
politidheacht, leis an mbrón leis an dtruagh,
leis an grádh. Is cliste an scríobhnóir Liam Ó
Rinn agus ní foláir nu gur dhein sé stuidéar mór
ar Ghaedhilg an Athar Peadar. Tá an Ghaedilg
go maith is na sgéalta go spéiseamhail ach is
sa chló Rómhanach atáid, deireann tu? Bíod
sin mar atá, ní locht é sin agus is dóigh linn
go mbíonn Gaedhilgeóirí ró-chruaidh ar an té a
'scriobhann sa chló san agus ba dóigh leat ata
uaireanta, ná bíonn ach Gaedhilg shalach le faghail
sa chló Romhánach. Is mór an masladh é sin dos
na scríobhnóirí atá ag deanamh a lán-dhíchill
litridheacht na Gaedhilge a chumadh is a chur ar aon
dul le litridheacht an domhain. Beatha duine a
thoil agus díreach mar a léigheann lucht an chló
Rómhánaigh leabhair atá sa chló Ghaedhealach (mar
cuirtear air), ba chóir dos na daoinibh seo cothrom
na féinne a thabhairt do'n chló Romhánach. Ní
rud nuadh an gluaiseacht seo mar bhí an Teagasg
Críostaidhe sa chló Romhánach trí fichid bhlian ó
shoin. Molaimid Liam Ó Rinn agus tá súil
againn go leanfaidh sé do'n obair mhaith, pé
cló a bheidh ar a chuid sgéalta.



THE AGE OF WHITEWASH. Conall Cear-
nach a scríobh. Muintir Gill a Chuir
Amach.



Feallsamh is eadh Conall Cearnach agus tugann
sé cuid d'á smaointe dhuinn sa leabhar so. Ba
dhóigh linn gur chuir Hegel agus a chomhlucht deire
leis an bhfeallsamhnacht ach bhí dearmhad orainn.
A mhicleighinn, an mhaith leat feallsamhnacht gan
tearmaí do-léighte, do-thuigse d'fhaghail, an mhaith
leat an chroiceann caoraigh a bhainth as faol-chú an
tsaoghail seo agus an clúdach a thógaint ón seód
luachmar a ceileadh, má seadh, ceannuigh leabhar an
fhíor-Ghaedhil seo agus léigh é agus dein do mhacht-
namh air agus rachaidh an machtnamh chun do leasa
féin agus b'fhéidir, chun leasa do chomharsan.
As Béarla atá an leabhar scríobhtha agus geallaim-
se dhaoibh gur féidir le Gaedhilgeóir Béarla
galánta a scrí uaireannta! M. Ó M.



IRELAND: Elements of her Early Story.
Seaghan Ua Ceallaigh. Muintir Gill a
Chuir Amach.



Leabhar é seo a thugann cúnntas ar Éirinn
agus ar na h-Éireannaigh roimh theacht na Sasanach.
Tugann sé dhúinn ar dtúis na finnsgéalta atá
tagaithe anuas chúghainn ó'n tsean-aimsir. Ann-
san tráchtann sé ar na draoithe, ar theacht Naoim
Pádraig, ar dhlighte na mbreitheaman, ar na
sgoileannaibh, ár saothar ár sean i gcéin, ar theacht
na Loclannach agus rl. Nuair a chídhséa a leithéidí
siúd de theidil ar na caibidil bheadh súil agat le
rud éigin fóghanta uaidh agus faghann tu é. Ní
ar chogadh ná ar chathannaibh amháin a scríobhann sé
fé mar a scríobhann an chuid is mó des na sean-
chaidhthe go bhfuil taithighe againn ortha, acht scriobh-
ann sé ar an maitheas a dhein na h-Éireannaigh
nuair ná raibh aon namhaid ag cur isteach ortha,
cionnus mar a chuadar chun cinn i léigheann agus
i n-éolas agus cionnus mar a leathadar ar fúid
na h-Eorpa a léigheann agus a n-éolas agus a
gcreideamh. Deanfaidh an leabhar a lán maith-
easa mar bhí an chuid is mó de mhuinntir na
h-Éireann dall ar seanchas a dtíre dútchais go
dtí so toisg greim na Sasanach orainn féin agus
ar ár sgoileannaibh. Méadóchaidh se a meas ar a
dtír dhútchais ar slígh go ngriosfar gach aoinne a
chion féin a dhéanamh chun a cáil a dh'árdúghadh
arís i measg na ngeinte.



Is mór an truagh nách i nGaedhilge atá sé mar
oirfeadh an Ghaodhluinn dá leithéid. Acht is dócha
nách ceart dúinn gearán. Ní hé Seán Ua Ceal-
laigh an fear a scríobhfadh leabhar i mBéarla dá
mbeadh leigheas aige air. Mar tá sé molaimíd
dár léighteóiri ón ár gcroidhe go h-iomlán é,
agus tá súil againn nách fada go gcloisfimíd
airís o'n scríobhnóir.



P. Ó C.



IRELAND IN REBELLION, by Sylvain
Briollay. Talbot Press. 3s. 6d.



Aistruchán is eadh an leabhar so ó'n bhFrainncis.
I bhfuirm alt a scriobhadh ar dtúis é le Sylvain
Briollay Franncach a chuir fé in Éirinn i dtosach
na bliadhna 1919 cun turasgabhála an chogaidh do
chur ag triall ar na páipéiribh nuadha Le Revue
de Paris agus Le Correspondant. Scriobhann
sé i stíl soiléir so-léighte i dtaobh staire na
h-aimsire sin, ó'n éirighe amach go dtí tosach na
bliadhna 1921. Ach ní h-é a chuir sé roimhe stair do
scríobhadh ach a chur in iúl dos na Franncachaibh
cad fé ndeara an t-éirighe-amach so, conus ar
thaithn an cogadh leis na daoinibh go cómh h-iomlán
agus na h-iarrachtaí a deineadh cun é bhrúghadh fé
chois, in aon fhocal amháin stair fheallsamhnach
atá ann. Na caibidil a bhaineann le stair mar
a tuigtear an focal san de ghnáth, ní'l ionnta ach
geárr-chúntas ar a shon go bhfuilid cruinn go
leór. Ní h-iad san is mó taithneann linn ach
na h-altana mar a dtugann sé a thuairim féin i
dtaobh “Sinn Féin” agus ceiste na h-Éireann.
Taisbeánann sé cad é an thuiscint atá aige i
gcúrsaíbh poilitigheachta. Deireann sé le fírinne
go bhfuil gach Sasanach lán-chinnte in a aigne gur
dual do Sheán bhuidhe Impireacht agus forlámhas
do bheith aige ar an domhan go léir. Ag géilleadh


L. 67


dó'n smaoineamh san a bhí Laoide Seóirse nuair
adubhairt sé nách bhfuláir an Impireacht a bhriseadh
sar a dtabharfaí saoirse dó'n Ghaodhal. “The
failure of force alone,” arsa Briollay, “can
unmake the soul that force has made.” Tuigeann
sé meón Laoide Seoirse leis, go raibh a fhios
aige nárbh aon mhaith bheith ag iarraidh feall agus
fóirneart d'imirt ar lucht “Sinn Féin,” ach
margadh do dhéanamh leó. Ach bhí eagla air go
gcuirfí an ruaig air dá gcuireadh sé cun an
mhargaidh dheanamh in antráth mar geall ar an
dtuairim úd réamh-ráidhte. “The crafty Welsh-
man is secretly convinced that once round a
green table his superior dexterity would fool
the simple Gael, etc.” Smuainte gunta atá
sa leabhar so agus biodh ná aontuigheann an
léightheóir le gach rud a gheibheann sé ann, cuirtear
ag smuaineamh é. Tá an chainnt go breágh ann
i dtreó nár dhóigh le h-aoinne á léigheamh ach
gur i mBéarla a scríobhadh ar dtúis é.



MY SWORD FOR SARSFIELD by Randal
McDonnell. Dundalgan Press. 4s. 6d.



Tá an léir-mheas so tamall maith in diaidh
lamha anois, mar tá scathamh maith aimsire caithte
ó tháinigh an leabhar os cómhair an t-saoighil.
Cur-amach nuadh é seo. Mar is léir ó'n dteidiol
baineann an scéul leis an aimsir nuair a bhí
clanna gaodhal ag troid ar son an mheathánaigh
sin Righ Séamas nó budh chirte dhom a rádh a d'iar-
raidh a saoirse a bhaint amach dóibh féin ar a shon
gurbh é “Séamas abú” a bhí mar gháir-chatha aca.
Is amhlaidh go bhfuil féidhlimidh Ó h-Ára, taoiseach
na nGaodhal, ag tabhairt turasgabhála a bheatha
féin ar feadh na troda mí-ádhmharaighe sin, agus
tugann sé fíor-sheanchus na h-aimsire nios
cruinne ná aon úghdar d'ár léigheas riamh. Cuir-
eann sé síos, nidh nách iognadh, ar an Sóirséalach
an sáir-fhear slachtmhar Gaodhlach “do thuill grádh
éilge.”



“Ó thógh an t-áth Caol ag gabháil tré Bhiorra
duit,
'S gur ag Cuileann ó gCuanach buadhadh leat
Luimneach.”



Seacas na catha, tá eachtraí maithe eile sa
scéul. Ba chuma nó eas-cú Féidhlimidh, d'éaluigh
sé cómh minic sin as na priosúnaibh. Leis na gníomh
artha atá sé á ndeanamh, leis an ndortadhfola
agus leis an ngrádh a bhí ag Feidlimidh do Mháire
tá scéul soineannta so-léighte sa leabhar so.
Gan amhras tá sé ar na leabhraibh is fearr a
bhaineann le seanchas na h-Éireann agus tá súil
againn go mbéidh éileamh maith air, ar fúd na
tíre. Tá deallramh maiseamhail taithneamhach air.



PAIDIR IS FICHE. Dún Dealgan. Luach, 4d.
(paipéar); 1s. 2d. (éadach).



Táimíd cinnte go mbeidh an seóidín beag leabhair
seo i láimh an uile Ghaedhilgeóra d'á bhfuil in
Éirinn. Cnuasach de shean-úirnighthibh é, na h-uir-
nighthe a chloisimíd fós i mbéalaibh na sean-daoine
nuair a bhriseann mór-thuile na cráibhtheachta
amach triotha. Tá buadh fé leith ins na paidreach-
aibh sin seachas aon phaidir eile; le h-inntinn na
nGaodhal do cumadh iad, agus is oireamhnaighe d'
inntinn na nGaodhal iad na aon phaidir eile
Dá mb' é “mo shlighe cun Dé” féin é, is fearr
linn na leathanaigh mar a bhfuil paidreacha ár
sinnsear ná a bhfuil d'úrnighthibh nua-aistrighthe
ann, agus budh dheachair an t-aistrúghadh a dhein an
t-Athair Peadar do shárughadh in aon teangain.
Dá bhrighe sin cuirimíd fáilte roimis an leabhairín
seo.



MORTAL COILS by Irish writers. M. H. Gill
and Son. 2s. 6d.



Cnuasach de ghearra-scéulta nuadh an leabhar
so leis na sceulaidhtibh is fearr in Éirinn. Tá
buadh fé leith i leabhar gearra-scéulta ar bith
toisc, is dócha, gan a fhios a bheith ag an léighteóir
an fhaid is a mbionn scéul á léigheamh aige cad é
an saghas an cheud cheann eile. Mar sin do'n
leabhar so. Meascthar an deór agus an gáire, an
suairceas agus an duairceas tré na céile; mar
shampla i dtosach gheibhmíd “Saved by the
Rosary” eachtra a léirigheann creideamh agus
cráibhtheacht na nGaodhal; taobh thiar de'n scéal
démhóideach san tá “Himself and Herself”
tuairisc ghreannmhar ar sean-mheisceór agus ar a
mhnaoi. Tá innsint brioghmhar ar na scéultaibh
agus na daoine cuirtar in aithne dhúinn táid go léir
'na steilebheathaigh i dtreó go mba dhóigh le
duine ag léigheamh an leabhair gur sean-cáirde
iad. Leabhar é seo a chuirfidh aon léightheoir ar
leath-taobh nuair a beidh sé criochnuighthe aige le
n-a léigheamh airis agus airís eile.



LEPRECHAUN BOOKLETS by A. R. Jack-
son. Dundalgan Press. Dundalk. 6d.
each.



Scríobhadh na leabhairíní seo i slighe is go mbeidís
oireamhnach do leanbhaíbh óga na h-Éireann. Is
tábhachtach, seadh, is beannuighthe an obair í, é grádh
do mhúscailt ins an aos óg do litirigheacht ár
sinnsear. Agus is é ár dtuairim nár fearr
seift chuige sin ná scéulta fiannuidheachta, agus
eachtraí eile a tháinig anúas cúghainn ó'n tsean-
aimsir, do chur ós a gcómhair. Cun na déagh
oibre sin is eadh cuireadh na leabhairíní seo i
gcló. Bainid siad leis na laochaibh ba mhó cáil
Fionn Mac Cúmhaill. Diarmuid na mban, Conán
maol (gan a chuid mallacht do tharrach isteach nidh
nach iognadh) labhradha luirc agus a dhá chluais chapaill,
agus daone eile go bhfuil a dtuairisc le fagháil sa
bhun-Gaedhilg i leabhraibh an Chéitinnigh. Molai-
míd do mháithreacha gur mian leó clann mhaith
Ghaodhalach do thógbáil súas cun leasa na h-Eireann
leabhair mar iad so do sholáthar d'á bpatairíbh
beaga, go bhfuil ciall agus tairbhe le fághail
ionnta in ionad na leamh-ráiméise a gheibhtar ins
na leabhraibh a thagann anall cúghainn ó Shasana.



T. Ó B.



MO DHÁ RÓISÍN. Máire a scríobh. Preas
Dhún Dealgan a chuir i gcló.



Tá cuma ann go bhfuil spiorad na sgríb-
neóireachta ag toiseacht a bhorradh imeasc sgríb-
neóir óg Chúige Uladh fá dheireadh. Ba é an
scéilín deas “Máicín,” le Fionn Mac Cumhaill
an chéad torad de'n spiorad sin agus toradh an
spioraid chéadna Mo Dhá Róisín.



Is rud nua é an leabar seo chan é amháin i


L. 68


gcanamhaint Chúige Uladh acht 'sa Ghaedhilg ar
fead. Mar is úrscéal é a bhaineas le cúrsaí
saoghail na h-aimsire seo. Gan amhras tá
feidhm mhór againn le 'n-a leitéid má tá dúil
againn go gcuirfidh an sluagh suim i nua-litridheacht
na Gaedhilge.



'Sé seo an t-ádhbhar scéil atá ann. Tá
Gaedheal óg, Labhras ó Baoighill 'n-a chomnuidhe 'sa
Gaedhealtacht i measg gleann agus cnoc Thíre
Chonaill. Théid sé isteach i gConnradh na Gaedhilge
le obair a dheanamh ar son na teangadh agus thig
sé go Baile Átha Cliath. Tuiteann sé i ngrádh
le cailín óg spioradamhail — a Róisín Donn — 'sa
príom-chathair agus faoi 'n — a h-anál thig grádh
níos láidre 'n-a chroidhe-an tír-grádh. Sé neart
an tír-ghrádha sin a bheireas air a bheathaidh a thabh-
airt ar son a thíre, ar son a Róisín Dúbh, 'san
Eirghe Amach i Seachtmhain na Casga.



I dtaca leis an scéal fhéin is scéal maith
suimeamhail é a bhéarfadh taitneamh agus sult do
dhuine ar bith a bheith ghá léigheamh. Ní shílmídh,
mar sin féin, go bhfuil deireadh an scéil comh
maith leis an toiseach. 'Sa deireadh ní bheadh fhios
agat cé acu a spreagas 'un catha i n-eadán na
nGall é, tír-grádh nó de brígh gur mhaith leis an
chailín go ndeanfadh sé é. Acht caithfidhmid
cuimhneamh gurb í seo an chéad iarracht do'n
scríbhneóir agus ní bhíonn an chéad iarracht gan
locht.



Sí an Ghaedilg atá 'sa leabhar Gaedhilg Rann na
Feirsde ins na Rosa i dTír Chonaill áit a bhfuil
na sean-scéalta agus dánta Fiannuideachta le
cluinstin go foill ann. Tá na corra cainnte
go flúirseach ar ghach uile leathanach de agus thigs
linn a rádh le Gaedhilgeóir ar bith a chaithean
leath-choróin air nach mbéid a chuid airgid caithte
amudha aige.



D. MAC E.



WAS CHRIST GOD? By Rev. Peter Finlay,
S. J. OUR HERITAGE. By Bessie
O'Neill. CAN WE BE SAINTS? By
Frank Duff. C. T. S. I.



Trí leabhartha beaga iad so a chuir Comhlucht na
Fírinne Catoilice amach le déidheanaighe. Is
iongantach a bhfuil d'obair mhaith dá dhéanamh ag an
gComhlucht so ag scaipeadh litridheachta glaine
i measg Cataoiliceach na h-Éireann, agus sa
tslighe sin ag cur cosca leis an dtuile mór san
de litridheacht chonntabharthach a thagann anall ó
Shasana gach bliadhain. Ní raibh díchreideamh riamh
comh fairsing agus tá sé fé láthair agus do réir
mar a bhíonn oideachas ag dul chun cinn i náisiún
bíonn an dí-chreideamh ag brughadh isteach i ndiaidh
a chéile. Dá bhrígh sin teastuigheann rud éigin
uáinn i n-Éirinn chun stop a chur le struth san an
dí-chreidimh atá ag bagairt orrainn fé láthair,
agus déanfaidh an leabhairín seo an Athar Mhic
Fhionnlaoich a lán maitheasa sa tslighe sin. Tá
adhbhair chruthuighthe diadhachta Chríost curtha le
chéile go deas símplidhe sa leabhairín seo agus
is féidir leis an duine choitcheannta iad a thuis-
gint gan aon trioblóid. Leabhar is eadh “Our
Heritage” ba cheart a bheith i lámhaibh gach aon
leinbh sa tír, agus tá suíl againn ná déanfaidh
oidí scoile dearmhad ar é do shcaipeadh i measc
na leanbh atá fé 'na gcúram agus a bhfuil ann
a mhúineadh dhóibh. Inniseann an t-ughdar da
na leanbháibh conus iad féin d'iomchar sa mbaile,
agus sa teampall, sa scoil agus sa tsráid, agus
cuireann sí Íosa féin agus naoimh na h-Éireann
ós a gcomhair chun aithris a dhéanamh orra. Sa
treas leabhar thuas taisbeáineann Mac Uí
Dhuibh conus is féidir do dhaoinibh coitcheannta a
bheith 'na naomhaibh sa bhrígh leathain de'n bhfocal
san, .i. duine a dhéineann a ghnótha coithcheanta go
maith chun go mbeadh sé taithneamhach le Dia.



'Sé an truagh ná cuireann Chomhlucht na Fírinne
Catoilice níos mó leabhar amach sa Ghaedhilg
Gheobhaidís a lán maitheasa a dhéanamh do'n tean-
gain sa tslighe sin, agus táimíd cinnte go mbeadh
ceannach maith ar leabhartha de'n tsaghas san fé
láthair.



T. Ó F



DAOINE BEAGA AGUS DAOINE MÓRA.



Irish Reader for III.-IV. Standards in
Bilingual Schools. DONEGAL FOLK-
TALES. Feargus Mac Roigh, a chruinnigh.
Preas Dhún Dealgan. 7d. a luach.



Seo naoí sgeal bheaga dheasa shimplidhe. Fa
choinne páistí air an sgoil atá siad, agus ó
pháistí sgoile a dTír Chonaill a cruinniugadh iadh.
Mar sin Gaedhilg Thír Chonaill atá sa leabhar
uilig agus an chuid is feárr duithe. Tá na
sgealtaí iad fhéin iontach greanmhar agus bhéadh
duil mór ag páistí ionnta. Acht ní fhé amháin
páistí a mbéadh na sgealtaí seo uasaideach fa
na gcoinne acht gheobhaidh achan nduine a shaith
Gaedhilge ionnta. Tá an leabhar an saor, ní
fhuil uirthí acht seacht bpighne agus ní sgriosfadh sé
duine ar bith í a fhaghail.



CAINNT COITCHEANTA Ó'N GAEDHEALTACHT.
Everyday Phrases from the Gaeltacht.
Brighid Ní Dhochartaigh a sgríobh. Preas
Dhún Dealgan. Luach 1s. 6d.



Tá luthghair mór orainn muintir Thír Chonaill
a bheith ag masglas suas agus ag tabhairt iarracht
a gcuid Gaedhilge a shabhail. Is mhór an gar
leabhar mar seo a bheith air an mhargadh nó is
beag aca atá againn cheana-fhéin. Tá corradh le
scór ceacht inntí, agus tá achan cheacht rannta na
trí chuid, san chead chuid tá comhradh eadar beirt,
san darna cuid tá sgeal beag agus san tríomhat
cuid tá ceisteanna fa'n sgeal. Tá an Gaedhilg
aistrighthe go léir san darna pairt de'n leabhar.
Tá na raidhte sa leabhar seo an choithcheanta agus
duine ar bith a mbeidh eolas maith aige ortha agus
abheadh abulta iad a thabhairt amach uilig go maith ni
fheudann do eagla a bheith air a ghol a chomhradh
le duine ar bith sa Gaedhealtacht. Acht ní fhuil
uasaid ar bith san leabhar aig Béurloirí muna
mbeadh múinteoir Gaedhilge aca. Cuirimíd
fáilte roimh an sgríbhneoir agus ta suil againn go
leanfidh sí de'n obair mhaith a thoisigh sí air.



MÁICÍN. Fionn Mac Cumhaill a scríobh. Preas
Dhún Dealgan. Luach Sgilling.



Gan tracht ar an Gaedhilg atá sa leabhar seo
acht ar an sgeal fhéin, d'feadfadh maid a radh go
dtiocadh leis a bheith fíor go leor. Bhí am cruaidh


L. 69


an Máicín agus é ag eirigh aníos na smuilcín.
Cha raibh se móran bliadhanta ar an tsaoghal go
bhfuair a mhathair bás, annsinn tig an faire agus
an torramh. Annsin aríst tig oidhche fhéil na
marbh agus chímid Máicín bocht na shuidhe ag fanacht
le na “Mamai” a teacht, no “bhíodh na mairbh
ar a gcois ‘fheil’ na marbh an uair sin.” Tig an
tam do a dhol na sgoile agus ar ndoighe is é is
feárr air an sgoil. A gcionn na naoí mbliadhna
teidheann se ar fasta agus sin an tam a mothuigh-
eann an créatar tochairt an tsaoghail. Tá a
chroidhe á bhriseadh leis an droch ide atá se a
fhaghail. Tá an Ghaedhilg an-dheas sa leabhar seo
agus tá sí comh simplidhe sin nach bfhuil móran
muill í a leaghadh no a thuigbheal. Teidheann se
go dtí an croidhe an duine Máicín bocht a feicilt
a caoineadh a mathara. agus aríst nuair a chuaidh
se air a ghlúine os cainne na craise agus ghuidh sé
go dtainic sólas ann a chroidhe. Is mór an
truaighe na dtabharann Fionn tuilleadh de 'n
Gaedhilg mhaith sin atá aige dúinn no tig leis í a
chur a gceann a cheile go h-an mhaith. Tá tuilleadh
leabharthaí de'n chineal seo a dhith orainn, agus tá
suil againn go dtaisbeanfar dúinn gan mhuill
“Máicín” na fhear. Agus ní fhuil an leabhar
acht sgilling agus mar sin ní bheidh muill ar páistí
sgoile í a cheannacht. Preas dhún Dealgan a
chuir na trí leabhartaí seo thuas a gclodh, agus ní
fhuil dochar ar bith do ann, tá cuid mhór leabhartaí
Gaedhilge ag teacht ón Preas ceudna.



S. MAG Fh..



RÉILTHÍNÍ ÓIR. An t-Ath. Seóirse Mac Clúin
a scríobh: Comhlucht Oideachais a Chuir Ámach.



Fáilte is fiche romhat, a leabhráin. Is fada
sinn ag feitheamh leat ach tháinig an mhaitheas leis
an aimsir gan amhras. B'fhiú dhúinn fuireach
leat ach ba thruagh dhúinn nár cuireadh le céile thú
na blianta ó shoin. Gura fada fairsing a bhéar-
fair cabhair is congnamh le lucht foghluma na
Gaoluinne!



“Leabhar a thabharfadh mór-chuid de shaidhbhreas
na teangan do lucht na foghluma is a chuirfeadh
ar a gcumas na smaointe a dhéanamh, is a chasadh,
is a mhíniú ins an nGaoluinn” — b'shin a bhí ón
úghdar, an t-Athair Seóirse Mac Clúin. Bhuail
sé isteach sa Bhlascaodaí agus i lár na Gaoltachta,
a smaointe i bhfad ón mBéarlachas. a chroidhe
sáidthe 'san obair, do chuir sé an leabhar breágh
so le chéile. “Réiltíní Óir” an t-ainm atá air.
“Tá saidhbreas cainnte ionnta is flúirse
fhairsing.”



Agus toradh a chuid saothair — foclóir i nGaedhilg
agus tríd an nGaedhilg. seó fochal breághtha agus
iad mínighthe tré cortha-chainnte maithe. Sé an
rud is mó a chuireann i gcoinne an bheó-theanga
d'fhoghlum mar ba cheart ná go mbíonn an chainnt
chrapaithe bhacach ag an sgoláire. Má luigheann sé
isteach sa leabhar so, tiocfaidh sruth-chainnte
bhlasta bhinn cuige agus beidh ar a chumas gach
uile Gaedhilgeóir a thuigsint gan duadh.



Cuirtear an focal síos agus annsan tugtar
míniú air in abairt éicint, cuirim i gcás: —



“Aibidh — Tá sé ana-aibidh ann féin = te:
duine teasaidhe na fuil smacht ceart aige ar a
chuid feirge. Léimfeadh sé fút go tapaidh. Tá
an coirce críon-aibidh = ana-aibidh. Tá sé aibidh
chun na Gaoluinne chun na gcros, chun gach éinní
= tapaidh. Nuair a bhíonn an geárrcach aibidh,
bíonn sé ag faire ar léime (amach as an nid).
Nílim ro-aibidh indiu chun éinní a dhéanamh. Tuit-
ean oiread oibre le fear lá nuair a bhíon sé
aibidh chun é dhéanamh agus ná tuitfeadh dhá lá
eile. Bíon na géarrcaigh aibidh nuair is féidir
leo imeacht leó.”



Nách leór an méid seo? Ná fuil cíocras ort
chun an leabhar so d'fhaghail is do shcrúdú? A
léightheóir, ceannuig é, dein stuidéar mór air
agus beidh an toradh agat fó thriochadh is fó chéad.
Níl locht le fághail againn sa leabhar so ach ná
fuil sé níos fuide fós (tá 272 leathanaig sa
céad chuid). Molaimíd an t-úghdar; is mór an
tairbhe a thiocfaidh do'n Ghaedhilg de bharr a chuid
oibre. Is breág an crot atá ar an leabhar.



M. Ó M.



Thaínigh na leabhair seo ró-dhéanach chun
léir-mheas a dheanamh ortha: —



Rannta naoidheanán. Luach bph.



Cad é Sin? Ainmneaca rudaí sa sgoil
(raol).



Mion-órduighthe na Sgoile. Trí-phingine.



Preas Dhún Dealgan do chur i gcló.


L. 70


AR gCÁIRDE



£ s. d.



An t-Athair Mícheál Mac Amaltoin, Coláiste Fhlánnáin, Innis £1 s.0 d.0



Mícheál de Báicéir, £2 s.0 d.0



Domhnall Mac Cárthaigh, Corcaigh £1 s.0 d.0



Liam Ó Fearghiosa, Tráigh Lí £3 s.5 d.0



Tomás Ó Dubhagáin, Coláiste Bharra, Corcaigh £1 s.0 d.0



Tomás Ó Tóibín, Coláiste Cholmháin, Mh. Fhearmhuighe £1 s.0 d.0



Séamas Mac Coitir, £1 s.0 d.0



Naomh-Eóin Tornhill, £1 s.0 d.0



Tomás Ó Gallchobhair, £1 s.0 d.0



Díarmuid Mac Eóin, £.1 s.0 d.0



Mícheál Ó Cuinn, Tuar na Fola, Luimnig £0 s.10 d.0



P. Ó h-Ínse, Coláiste Bharra Corcaigh £1 s.0 d.0



Ó h-Éilighthe, Tráigh Lí £0 s.10 d.0



Seán Ó Muirthille, Beanntraighe £1 s.0 d.0



Na h-Ollamhna i gColáiste Muighe Nuadhad £12 s.0 d.0

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services