Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eagrán 1918
Title
Eagrán 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
Muintir Gill
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE COLUMBAN RECORD IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD AR NA CHUR AMACH DO CHUALLACHT CHUILM CILLE, COLÁISTE PHÁDRAIG, MAGH NUADHAD Beir mo bheannacht lat siar, As briste mo chroidhe im chliabh; Dá tteccmadh écc dála damh, Is ar méad grádha Gaodhal. — Colm Cille. Ar na chlóbhualadh ag MUINTIR DOLLARD agus Ar na chraobhscaoileadh don choitchiantacht ag MUINTIR GILL I mBaile Átha Cliath. 1918
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD. THE COLUMBAN RECORD. AN SÉMHADH BLIADHAIN DÉAG. 1918.
‘Is fearra ná an tír seo, díth gach sléibh' ann’ ‘Tá gasra líonmhar i dtír na h-Éireann,’ Is foscailte fáilteach an áit sin Éire, Bán-chnoic Éireann óigh, A's toradh na sláinte i mbárr na déise Ar Bhán-chnoic Éireann óigh; Ba bhinne liom ná méara ar théadaibh ceóil Seinm agus géimreadh a laogh a's a mbó, Taithneamh na gréine ortha, aosta a's óg Ar Bhán-chnoic Éireann óigh.
DO SHEANMÓIR AN TIGHEARNA. Adubhairt leó ar dtosach ar mhullach chnuic aoibhinn, is beannaighthe, ar sé, gach aon don bhuidhin-seo, na boicht sa spioraid bíaidh aca rioghacht mhaith, sa mbíaidh faoí dholás bíaidh solás síor aca. Bíaidh solás na talmhan don aicme bhíos mín tais, a mbíaidh trócaireach gheobhaid trócaire arís as, a mbíaidh ocrach tartmhar is beannaighthe an ní aca, bhías i ndiaigh an chirt béid uile líonta.
Gach croidhe glan díadha día do-chífidh, lucht síodhchána dhéanamh clann dé goir- fear díobhso, lucht foilgthe an phersecution fá chúis ghlain fhíorchirt, budh leó rioghacht neimhe gan filleadh ar bith choídhche. Beithise beannaighthe gheabhthaoí tarcuisne thríomsa, asmuilt is neamhchion ar son na fíre, ann bhur bpersecution bíodh súbhachas croidhe oraibh, ar neamh budh mhór an luach a bhías daoibhse. Ná tugtar mar mhionna neithe dá laighead leat, ar neamh nó ar thalamh nó a gcathair an righ chirt, acht ní headh ní headh, seadh seadh go fíre, a chontráill is olc, is ó olc do shíor tig. Má buailtear do leaca an leaca eile sín dó, má chaillir do chóta, an clóca sín leis, ná diúltaigh íadsan a niarfaigh ní ar bith, íasacht is áirleacan dáiltear do shíor libh. Deirim do ghnáth leat grádhuigh do naoímhde, déan maith ar t'fhear fuatha, is luadhas a spídh thú, déan guidhe ar a son lucht t'uilc led' dhíbirt, san té do mhalluigh tu, beannuigh an tí sin. Má mhaithir na coirthe id' choinne rinne daoíne, bíaidh t'athair maith neamhdha sásta id' ghníomhsa, muna maithir a gcoirthe gan uireasbha do dhaoínibh, t'athair go dearbhtha ní mhaithfe sé ní ar bith. Ag do láimh chlé do dhéirc ná biodh fhios, ag déanamh do throisgthe bí soilbhir mín glan, dún doras do sheómra ag dul rómhat chun guidhe dhuit, guidh t'athair go foluightheach is beidh osguilte ag díol duit. Do stór ar thalamh ná ceangal mar dhísleacht, chun bitheamhnach, cancair, is leabháin do sgaoileadh ort. don fhlaitheas is mó cuir rómhat do mhaoin ann, san áit nach eagal duit ceachtar dhíob-so. Mar a mbíaidh do stór, na dheóigh do chróidhe bhías, as é an talamh nó an flaitheas is aoirde, ní héidir dhá mháighistear do shásamh d'aoinneach, gan fuath do thabhairt do cheachtar dhíobhsan. Acht neamhchion nó grádh do dháil do aon aca, na sheasamh chun pearsan, is pearsa dhíoga as, Día is mamon neamhchóir mícheart, a seirbhís araon ní héidir d'aoinneach. Adeirim dá réir seo gach aon mhaith dhíbhse fá chionn bhur mbeathaidh ná glacaidhse smaoíneadh, créad íosfaidh ólfaidh, no ghéobhaidh do chlí umaibh is mó an corp sa tanam no beatha is díonbhruit. Éanlaith an aeir féachtar thríd libh ní chuirid, ní bhainid, is iothla ní líonaid, is do-gheibh siad beatha ó athair na díadhachta, is nách fearr sibhse ná iomarcaidh dhíobh-so.
Féachaidh mar chóirigheas an neóinín críche, ní dhéanaid buairt, nó duadh, is ní shníd sin, Solamh 'na ghlóir is 'na chomhact bhí aige, ní bhfuair cosamhlacht culaidh mar bhíd seo. Má chuireann Dia éadach ar fhéar na críche, atá aniugh go háluinn, is amárach a chríonnas is caithtear san domhan, nár mhó gan aoimhreas, go mór do-bhéara sé an téadach daóibhse. Is créad bhías agat ná habair na cuimhnigh air, íosfair nó ólfair nó ghéobhair mar ní umaibh, acht ar dtús iarraidh rióghacht is fhíormhaith, is iad so leó do-ghéobhair gan aoimhreas. “MIDEL.”
DO CHUM GLÓIRE DÉ AGUS ONÓRA NA h-ÉIREANN. AR SON NA h-ÉIREANN. Músgail ód' thoirchim mhór-thuirseach, a Bhanba, Is fad' é do shuan i nguais is in-an bhroid, Fé scamal na daoirs' id' throm-luighe; Smuain ar na laethibh 'san am úd fadó, 'Sar laochraibh treas-éachtach' badh thréanmhar i ngleó, Caithbhéimeach lann-ghéarach i gcaismirt na dtreón A mhúirnín 's a rúin dhil mo chroidhe. Is maith an rud, ar aon chuma, cé gur fad' í “toirchim mhór-thuirseach” na Banban, ná fuil ann ach toirchim, agus nach amhlaidh go bhfuil a spioraid marbh ar fad. Gach aoinne gur fiú Gaedheal a thabhairt air, tá sé go mórdhálach as spioraid a shean, agus go deimhin, ní misde dhó san; mar tá fhios ag an saoghal gurab í spioraid an chirt spioraid an Ghaedhil; gur leis an gceart a ghlac sé riamh, gan cuimhneamh ar cad a thiocfadh as dó féin. Do dhein sé a dhícheall riamh chun feabhas do chur air féin; ní bhéadh sé sásta le bheith 'sa dorchadas dá mb'fhéidir leis an solus do shroisint; níor ghéill sé riamh do'n chuing an fhaid is a bhéadh súil aige le saoirse d'fhághail. Tá an fonn céadna ar an nGaedheal go dtí an lá atá indiu ann, fonn a leasa; agus caithfear a admháil gurab uasal agus ionmholta an fonn é. Is féidir ná cuireann an Gaedheal an fonn san chun cinn mar is ceart i gcomhnuidhe, ach ní lugha de sin é gurab uasal an fonn é; agus is córa dhúinn é do sheoladh ceart ná cosc do chur leis ar fad. Agus 'sé mo thuairim láidir ná fuil duine ar bith de mhuinntir na h-Éireann gan bheith lán-thoilteanach chun a cheana féin a dhéanamh 'san obair, dá bhféadfadh sé a aigne do shocrughadh ar cé an chaoi is fearr dhó tosnughadh. Déarfaidh cuid mhaith daoine go bhfuil an cheist sin réidhtighthe acu dhóibh féin le fada, agus go bhfuilid ag déanamh beart d'á réir. B'fhéidir go bhfuil. Ach an é an socrughadh ceart atá acu? Á! Sin í an adhb. Is baoghalach go bhfuil a lán acu ar seachrán slighe, agus ní fuirisde iad a sheoladh ceart ar uairibh. Bíd lán- chinnte go bhfuil an tír fé chomaoin acu féin seachas aoinne eile, agus go mbeadh gach rud bun-os-cionn leis an gceart mura mbeadh iad. Is geárr go bhfeicfid an botún a bhí 'á dhéanamh acu. Tá aon dearmhad amháin 'á dhéanamh ag a leithéidí- seo. Is trom agus is conntabhrthach an dearmhad dúinn é. 'Sé an dearmhad céadna é atá ag dalladh agus ag milleadh muinntir na h-Éireann le fada. 'Sé dearmhad é sin, ná gurab ionann leó díoghrais is gníomh. Bíd i gcomhnuidhe ar lorg rud le déanamh, ach an rud atá fé n-a lámhaibh, ag feitheamh leó, 'tá sé ró-shuarach dóibh, dar leó; beart éigin chlúmhail a bhíonn uatha. Ní bheidh cóimhthionól i ngiorracht fiche míle dhóibh gan iad a bheith ann, agus bratacha 'á gcrothadh acu, agus amhráin — as Béarla, cad eile — 'á n-gabháil acu. Caithfid an lá ar neamh-nidh, ag ceapadh rún ar an Ghaedhilg a chur 'á labhairt ó cheann ceann na
tíre. Annsin raghaidh abhaile, go lán- sásta leó féin, agus ní chuimhneochaid a thuilleadh ar a gcuid rún. Bíd ag machtnamh ar cad a dhéanfaid nuair a bheidh a riaghaltas féin acu, ach ní chuimhneochaid i n-aon chor ar comhartaí a náisiúntachta — a d-teanga is a gcreideamh — a choimeád beó. Ba chóir go mbeadh a mhalairt-sin de sgéal againn. Ní dhéanfaidh na h-óráideacha is na cóimh- thionólta ach an mheanma a spreagadh ionainn agus a choiméad i gcuimhne dhúinn cad chuige go bhfuilimíd ag obair; ach is de bhárr ar síor-oibre a thiocfaidh aon tairbhe do'n tír. Ní bheidh toradh ár saothair le feiscint i gceann bliadhna amháin, ná b'fhéidir i gceann dathad mbliadhan. Ní foláir dúinn leanamhaint de go seasmhach, agus má theipeann orainn anois is arís is cóir dúinn cur suas leis go foighdeach, agus tosnughadh arís go misneamhail. “I ndiaidh a chéile 'seadh deintear na caisleáin.” B'fhéidir go gcuirfidh an sórt cainnte seo lagachar croidhe i n-duine éigin, agus go ndéarfaidh sé leis féin ná leanfadh aoinne de'n obair ar na coingilleachaibh san; agus mar sin, go bhfuil sé fuar againn bheith ag cur chúichi i n-aon chor. Ach an rud a deineadh rómhainn amach, nach cóir go bhféadfaimís-ne a dhéanamh? Nach mar sin a thug náisiúin bheaga eile na h-Eórpa rath is sonas ortha féin? Nach mar sin a ghnóthuigheadar a saoirse? Bhí cuid acu, agus bhí an sgéal i bhfad ní ba bhoichte acu ná mar atá againn-ne. Ní raibh meas ná toradh ortha. Do bhí fiú an fhocail deireannaigh d'á dteangain caillte acu; ach do chuireadar chun na h-oibre go dícheallach, agus ní fada go rabhadar go sona is go séanmhar. I n-ionad éadóchas a chur orainn, nach cóir gurab amhlaidh a chuirfeadh sé misneach 'nár gcroidhe chun aithris a dhéanamh ortha-san? Agus anois, i ndeire na scríbe, cá dtosnóchaimíd? B'fhéidir ná beidh mórán daoine ar aon fhocal annso, nidh nach locht ortha; ach 'sé mo thuairim-se, má tá rud ar bith seachas a chéile gur cóir dúinn tosach a dhéanamh air, gurab é ár dteanga é. 'Sí céad chómhartha ár náisiúntachta í, agus an comhartha is riachtanaighe. 'Na h-éaghmuis, níl aon deifrigheacht eadrainn agus muinntir Shasana. Muna mbeidh an Ghaedhilg go bríoghmhar againn, is cuma cad eile a bheidh againn — riaghaltas dúthchais, maoin, nó tráchtáil — ní bheidh Éire 'na náisiún feasta. Ná bíodh d'aithis is de mhasla ar an n-Gaedheal a thuilleadh, a theanga féin a bheith caillte aige. Cuirimís chúichi gan mhoill agus foghluimighimís í ní fada bhainfidh sé uainn í d'fhoghluim. Ach na síltear go mbeidh ár gcion féin déanta againn nuair a bheidh sí foghlumtha againn — caithfimíd bheith 'ghá labhairt. Féach cad deireann an t-Athair Peadar linn: “Dá mairinn go ceann céad blian, agus dá gcaithinn an uile lá de'n chéad blian san ag sgrí leabhar Gaoluinne, agus dá mbeadh céad duine am theanta ag déanamh na h-oibre sin, ní bheadh aon bhlúire maitheasa 'nár saothar, gan aon rud amháin eile. Agus an bhfuil fhios agaibh cad é an rud an t-aon rud amháin eile sin? Sibh-se agus an chuid eile de mhuintir na h-Éireann a bheith ag labhairt na Gaeluinne amach as bhur mbéalaibh féin… Níor mhair aon teanga riamh i leabhraibh gan congnamh ó bhéalaibh… muna labhartar an Ghaeluinn ní mhairfidh an Ghaeluinn.”* Agus níl aon aimsir le cailleamhaint. Tá an lámh uachtair d'á fagháil ag an mBéarla le suim de bhliadhantaibh, 'sa Ghaedhealtacht féin. Is truagh agus is tubaisteach an sgéal é! Na h-áiteanna ar a bhfuil seasamh na tíre chun na teangan a choimeád beó, bheith 'á leigint uatha mar sin! Ach caithfear a admháil gurab iad na fámairí, na daoine a bhíonn ag caitheamh *Giota atá i n-Irisleabhar Muighe Nuadhat, 1913, l. 59, a cainnt an Athar Peadar.
na laethanta saoire i n-aice na mball so, is mó atá cionntach leis. Dá mba mhaith leó, bheadh ar a gcumas feabhas a chur ortha féin i mórán slighe ins na h-áiteannaibh seo; ach 'sé atá 'á dhéanamh acu lot i n-ionad feabhsuighthe. Daoine gan oideachas, gan béas, 'seadh muinntear na n-áiteanna so, dar leó. Is maith an rud dul ionnta chun spóirt agus aoibhnis a dhéanamh amach, agus b'fhéidir chun a bheith ag magadh fé sna “natives”; ach maidir le léigheann, níl sé le fághail ionnta — uatha-san, an eadh? Téighid mórthimcheall na h-áite, agus an Béarla galánta 'á labhairt acu; agus ní chuirfidís cómhrádh ar mhuinntir na h-áite dá bhfaighidís Éire air. Do b'fhearr go mór a leithéidí-sin as an nGaedhealtacht ná innti. Níl aon fhonn feabhasa ortha féin, agus níl ach droch-shompla acu 'á thabhairt do sna daoinibh. Má chíonn muinntear na Gaedhealtachta go bhfuil fonn magaidh ar na fáimairíbh, agus ná fuil aon ghrádh acu do'n teangain, ní bheidh focal asta, ach in' ionad san, is amhlaidh thiocfaidh ceist is ceann-fé ortha, agus is gearr go d-tarraingeochaid chúcha an Béarla gránda, agus gach a bhaineann leis. Ach má chíonn siad go bhfuil spéis agat 'á chur 'na g-cainnt is 'na n-gnó, agus go bhfuilir d'iarraidh teacht isteach ar an n-Gaedhilg, beidh a gcroidhe is a n-anam oscailte agat, agus fáilte fíor-chaoin rómhat isteach, agus beidh gach scéal nuadh is sean-scéal, gach sean-nós is gach amhrán binn d'á bhfuil acu le fagháil agat. 'Na dhiaidh-sin, ba chóir dúinn spéis a chur 'nár litridheacht féin, agus i stair ár dtíre, agus ní misde dhúinn bheith mór- dhálach asta. Is léir dúinn uatha go raibh an t-subháilce agus an ghaisce fé mheas i n-Éirinn na céadta bliadhain sar a raibh cuimhne ortha i mórán tíortha eile. Is mó an t-éileamh atá ag ár stair is ag ár litridh- eacht féin orainn ná mar atá ag aon stair ná litridheacht eile. 'Na theanta san, deinimís amhráin is rinncí na nGaedheal do chleachtadh, in ionad na n-amhrán is na rinncí iasachta; níl a sárughadh le fághail i dtír ar bith. Tá na h-amhráin Ghaedhealacha i bhfad níos binne is níos ceolmhaire ná 'n drabhghail leamh a thagann chughainn isteach ó thíorthaibh iasachta; agus maidir le n-ár rínncíbh — nára slán comórtas iad agus na rinncí iasachta! Ní baoghal d'Éirinn an Creideamh a thréigean, an fhaid is a bheidh teanga na geanmnaidheachta agus na carthannachta 'á labhairt aici. Leanann Creideamh ár sínnsear teanga ár sínnsear. Is léir d'aoinne, na daoine go bhfuil an Ghaedhilg is sean-nósa ná tíre ar coimeád acu, go bhfuil an Creideamh ar fheabhas acu leis. D'fhanadar dílis i gCreideamh a sean, díreach mar d'fhanadar dílis i dteangain a sean. 'Sé chéad rud eile is cóir dúinn a dhéanamh cabhrughadh le n-ár n-déantuisíbh. Gach aon rud a theastuigheann uainn, nach mór, deintear i n-Éirinn í, agus 'sé is lugha is gann dúinn a dhéanamh na rudai seo a cheannach. Ba chóir dúinn, leis, ceataighe a dhéanamh dúinn féin ar uairibh ar a son-luach níos aoirde a dhíol asta, má's éigin é, nó moill a chur orainn féin go mbeid le fághail. Sin í an t-aon t-slighe amháin atá againn chun iad a chur ar láimh shábhála; níl ar ár gcumas, go fóil, pé sgéal é, aon dlighe a chur i bhfeidhm i gcoinnibh na ndéantús iasachta ar mhaithe le n-ár n-déantúisíbh féin, mar a deintear i d-tíorthaibh eile; ní foláir, mar sin, do ghach aoinne a chion féin a dhéanamh, agus iad a cheannach pé uair a bhíonn an t-airgead le cur amach aige. Saothruighimís go fial flaitheamhail, gan cuimhneamh orainn féin, ach ar thairbhe na h-Éireann: is tábhachtaighe go mór aiseirghe ár d-tíre ná gnóthaí beaga suaracha gach duine fé leith. Déanadh gach aoinne a chion féin, ionnus go mbeidh sé rann pháirteach
'sa bhuaidh. Tagaimís i g-cabhair a chéile i n-am an ghátair; ná feicimís aoinne agus easbaidh air, an fhaid is atá breis is ár ndóithin againn féin. Ach “is giorra do dhuine a léine ná a chóta;” agus mar sin is mío-nádúrtha an rud dúinn an méid bídh no rud mar sin a bhíonn fearas bárr againn a chur as an dtír, chun cabhruighthe le daoine iasachta, an fhaid is atá gábhadh leó ag na daoinibh annso. Is riachtanaighe agus is córa dhúinn ár dtír féin a choiméad saor ó'n n-gorta agus ó'n n-gábhtar ná aon tír eile. Dar ndóigh, ní cainnt bhaoth dhíomhaoin ar fad an méid sin thuas. Is féidir a leithéid a chur i bhfeidhm, agus is minic cheana a cuireadh. Ní h-amhlaidh atá Clanna Gaedheal ar tí cúl a thabhairt do'n chath? Ná bíodh “ineffectual Celt” mar ainm orainn a thuilleadh; cuirimís slacht ar an n-gníomh so munar chuireamar ar aon ghníomh roimhe. Mar sin, ní fada go mbeimíd go neamh-spleadhach is go sona. Beidh soláthar ár n-easbadh againn féin, gan aon chomaoin ag aon tír eile orainn. Beidh ár dteanga agus ár sean-nósa féin againn. Raghaidh cliú agus cáil na h-Éireann i bhfad ó bhaile arís ar chráibhtheacht, ar léigheann, agus ar thír-ghrádh. Beidh meas agus toradh uirthi, mar tuigfar gur náisiún cúmhachtach, neamh-spleadhach í, náisiún a shaothruigh go dian chun a shean- áit a bhaint amach arís, agus a bheidh ullamh chun na h-áite sin a chosnamh le h-anam a tréinfhear. Annsin — ach ní go dtí sin — a bheidh aiséirghe na h-Éireann i gceart againn. A cháirde, níl an iomad agam dhá iarraidh oraibh mar tosnughadh — an Ghaedhilg d'fhoghluim agus do labhairt. Tosnuighimís léisean; leanaimís go dílis dí, agus ní baoghal go gcaillfidh sí orainn. “Aith- bheodhaimís ar dtúis ár dteanga féin, agus annsin bronnfar gach nidh eile orainn.”† Fágaimís i leath-taoibh neithe na poilitidh- eachta; níl puinn seasaimh ionnta, tar éis an t-saoghail — ní mór dóibh bheith ag athrughadh do réir na h-aoise, agus ní h-é gach aoinne go n-eirigheann leis iad do réidhteach. Ach is cuma cad é an t-athrughadh a thiocfaidh ar aon nidh eile, tá an teanga seasmhach is buan go deó. Beidh gádh léi- sean, agus fanfaidh sí againn, má choimeád- aimíd greim uirthi. Tá fhios agam go bhfuil tosnuighthe cheana ag an gcuid is mó de mhúinntir na h-Éireann; Beannacht Dé ar an dtosnughadh san! Le n-A chongnamh Naomhtha, ní tosnughadh gan éifeacht é. Is dócha gur minic cheana a tugadh an beagáinín comhairle atá im' chainnt annso, ach is ar éigin má's féidir an deagh- chomhairle do thabhairt go ró-mhinic; agus 'sí mo ghuidhe gurab é toradh a h-ath-tabhartha ná go n-déanfaidh gach duine a léighfeas í beart d'á réir. Eirghidh! Tá Banba ag glaodhach oraibh, 'á rádh libh go bhfuil a seasamh oraibh. Táim lán-dóchasach go d-tabharfaidh sibh freagra fial flaitheamhail d'á glaodhach. A Bhanba. Tá na seabhaic go saothrach 's go h-aon- tumhail seasmhach, 'S an adharc bhinn dá séideadh ag cur Béarla ar bhaillichrith, Eirigh s bíodh meidhir ort id' shuidhe; Gan buidheachas do sméirlibh a réaltan gheal óg, Beidh do theanga bhreagh Ghaedhealach dá labhairt agat fós Do chláirseach bhinn-téadach ag sgeitheadh na gceól, A mhúirnín 's a rúin dhil mo chroidhe! D. Ó h-EIDHIN. †Eirghe Geal na Gréine, l. 81. Irisleabhar Muighe Nuadhat, 1917.
“INTROIBO AD ALTARE DEI.” BUACHAILL maith do b'eadh Máirtín Liaimín, agus d'á bhrígh sin ní h-iongnadh go raibh bród ar a mháthair as. Théigheadh sé ar scoil gach lá, agus sin rud nach ndéineann gach buachaill, mar is fearr le n-a lán aca bheith ag ropadh ar fud na tíre, ag cuardach nead, nó ag goid ubhall, nó ag snámh 'ná bheith ag fóghluim a gceacht. Acht ní raibh Máirtín Liaimín ar an dream seo. Malrach ciallmhar céillidhe ab eadh é, agus dubhairt a mháthair go ndéanfadh sí sagart de. Ar an ádhbhar sin d'iarr sí ar an mháighistir scoile Laidean an aifrinn a mhúineadh dhó 'sa chaoi go mbeadh sé i n-ann aifreann an Domhnaigh d'fhreastal. Dhein an máighistir amhlaidh, agus an chéad oidhche eile tháinig Máirtín abhaile ó scoil, agus focal ní labharfadh sé acht “Introibo ad altare Dei.” “Ar mhaith leat a thuille bhainne, a Mháirtín?” ars' a mháthair leis. “Tá mo dhóthain agam,” arsa Máirtín. “Introibo ad altare Dei.“ “Ba chóir go mbeadh do dhóthain de'n ráiméis sin ráidhte agat freisin,” ars' an mháthair. “Dheamhan focal i do phluic ó tháinig tu abhaile acht, ‘na trí ba’ no eibé rud atá tu á rádh.” “Go maithidh Dia dhuit, a mháthair. Dá mbeith fhios agat an chiall atá leis na foclaibh sin ní thiubharfá ráiméis nó ‘na trí ba’ ortha.” Agus chrom sé ag gáiridhe nuair a chuimhnigh sé ar ‘na trí ba.’ “Agus cé'n chiall atá leó,” ars' an mháthair. “Muise, ní'l fhios agam i gceart,” arsa Máirtín, “acht is iad na chéad fhocla iad a deireann an sagart th'réis fioghar na croise a chur air féin agus é ag rádh Aifrinn.” “Agus an bhfuil tu ag fóghluim na n-urnaighthe a deireann an sagart freisin,” ars' an mháthair. “Nach leór bheith i n-ann an freagra a rádh.” “Is leór,” arsa Máirtín, “acht tá ‘Introibo ad altare Dei’ mar freagradh 'n-a dhiaidh sin, agus ar an ádhbhar sin ní mór dhom é do bheith agam.” “Ní mé cionnos is féidir leat do bhéal a chasadh leis an Laidin a rádh chor ar bith, a Mháirtín.” “Nach mór an truagh nach a Gaedhilg a léightear an t-Aifreann, a mháthair, agus ní bheadh stróbh ar bith orainn é a thuisgint annsin.” “Acht dar ndóigh, a Mháirtín tá daoine ann nach dtuigeann an Ghaedhilg, agus tá cuid acu seo againn i n-Éirinn féin. Agus céard a dhéanfadh muinntir tíortha eile? Nach mbeadh sé chomh deacair ortha an Ghaedhilg a thuisgint 's tá sé orainne an Laidin a thuisgint.” “Níor chuimhnigheas air sin,” arsa Máirtín. “Is dócha go léightear Aifreann i ngach uile áit ar fud an domhain, a mháthair.” “Faríor, ní léightear a Mháirtín. Is iomdha duine nach bhfaca sagart, agus nár chuala trácht ar Íosa nó ar an Maighdin bheann- aighte riamh.“ ”Agus dar fiadh, ní féidir leó dul ins na flaitheasaibh muna bhfuil siad baistighte agus muna dtéigheann siad ar Aifreann,” arsa Máirtín. “Acht, a Mháirtín tá grádh mór ag Dia do na daoinibh seo. Tá anam ag gach duine aca, agus fuair Íosa bás ar an gcrois ar a son. Ní ortha atá a mhilleán nach bhfuil eolas acu ar Chríost. Dar ndóigh bhí uair ann agus ní raibh fhios ag muinntir na h-Éireann Dia a bheith ann chor ar bith.” “O, bhí,” arsa
Máirtín, ”agus tháinig Naomh Pádraig annsin agus thug sé an creideamh dóibh. Agus annsin” — “Tháinig a Mháirtín, acht maradh Pádraig bhéad an scéal go dona againn b'fhéidir.” “'S dócha gur bh' é Dia a chuir é, a mháthair.” “'Sé gan amhras. Agus do b'é toil Dé é freisin go ndéan- faoi sclábhuidhe de ar d-tús agus é 'n-a stócach sé mbliadhan déag d'aois.” “Agus nach bhfuil fhios agat gur ghoill sé go mór ar a mháthair bhoicht nuair thug na saigh- diúirí a maicín leó treasna na fairrge,” arsa Máirtín. “Sheidim gur b'iomdha oidhche d'fhan sí 'n-a dúiseacht ag cuimhneamh ar a mac bocht a bhí 'n-a sclábhuidhe i n-áit eicínt. “B'fhéidir nach bhfuil a dhóthain le n-ithe aige,” adeireadh sí léithi féin. “B'fhéidir go mbuaileann a mháighistir é. B'fhéidir go bhfuil sé fuar marbh.” Agus 'n-a dhiaidh sin deireann tusa a mháthair gur bh'é toil Dé é.” “Deirim a Mháirtín. Mar thug Dia sólás do'n mháthair bhoicht agus theasbáin Se dí gur bh'é toil Dé í bheith go brónach agus a mac 'n-a sclábhuidhe. Féach an Mhaighdean Bhean- nuighthe. Bhí mac aici agus grádh mór aici Dhó. Acht do b'é toil Dé é go gcéas- faoi É, agus tá fhios agat ar fhulaing Sé ar feadh A pháise agus 'sa dheireadh mar fuair Sé bás ar an gcrois agus A Mháthair bhocht 'n-a seasamh ag bun na croise agus gan í i n-ann cabhrughadh Leis. Maradh an sólás a fuair sí ó Dhia bheadh sí go dona. Agus sin mar a bhíonn an scéal i gcomh- nuidhe — an t-é a ghníos an rud a thaithnigheas le Dia ní bhionn aithmhéul air, agus ní iarann Dia orainn rud deacair a dhéanamh gan congnamh a thabhairt dúinn chuige. Ní'l uaidh acht go n-aontóchaimíd le n-A thoil.” “Agus a mháthair nuair thug Pádraig a chosa leis slán ó'n tír seo, an uair d'éaluigh sé ó n-a mháighistir ní móidé go raibh súil ar bith aige go dtiocfadh sé ar ais go h-Éirinn go deó arís.“ “B'fhéidir nach raibh a Mháirtín. Acht 'sé Dia a chuir 'n-a cheann éalódh, agus adubhairt leis go raibh an long ag feitheamh leis. Ní móide nár airigh Pádraig gurbh' é toil Dé é mar bhí sé go h-ana chráibhtheach ar fad. Acht b'fhéidir nach raibh fhios aige an uair sin gurbh' é toil Dé é freisin go dtiocfadh sé ar ais arís leis an gcreideamh a thabhairt do mhuinntir na h-Éireann.” “O, is dócha nach raibh, a mháthair. Nach mar gheall ar bhrionglóid a bhí aige d'fhill sé go h-Éirinn. Chonnaic sé dar leis páistí na h-Éireann agus iad ghá iarraidh air teacht anall chúcha arís.” “Acht b'shin é an chaoi a Mháirtín 'n-ar teasbáin Dia dhó gur bh'é A thoil go d-tiubharfadh Pádraig an creideamh leis chum muinntir na tíre seo. Dar ndóigh 'sé toil Dé é an creideamh a bheith ag gach uile dhuine d'ár chruthuigh Sé, mar fuair a Mhac bás le dóirse na bhflaitheas d'fhosgailt do'n chineadh dhaonna.” “Agus ós rud e gur chuir Sé Pádraig chughainn leis an gcreideamh nach cóir dhúinne é a thabhairt do dhaoinibh eile, a mháthair.” “Is cóir go cinnte, a Mháirtín, acht ní féidir le gach duine imtheacht i gcéin, agus ní féidir le gach sagart acht an oiread. Acht is féidir le gach uile dhuine cabhrughadh agus cuidiughadh leó seo atá ag imtheacht, agus 'sé toil Dé é go gcabh- róchadh freisin. Is iomdha naomh d'imthigh thar lear o'n tír seo i n-allód leis an soisgéal a chraobhscaoileadh. Agus tá scata sagart, nó scata naomh b'fhéidir ba cheart dom a rádh, ag brath ar dhul go dtí'n domhan thoir fá láthair, agus an creideamh a thabhairt do na págánachaibh bochta mar ba dhual do chlannaibh Gaedheal a dhéanamh i gcomh- nuidhe. Tá Dia ag tabhairt misnigh dóibh, tá sean-naoimh na nGaedheal ag guidhe ortha agus tá muinntir na h-Éireann ag cabhrughadh leó freisin. Beidh beannacht Dé ar Éirinn mar gheall ortha. Acht seo isteach na ba chughainn. Níor airigheas an tráthnóna ag sleamhnadh uaim leis an
ghcainnt. Rith amach agus oscail doras an scioboíl, agus nuair a bhéas tu ag teacht ar ais tabhair gabháil móna isteach leat.” An mhaidin 'n-a dhiaidh sin, chuaidh Máirtín ar scoil mar ba ghnáthach, acht dhein sé dearmad ar a lón a thabhairt leis — rud nár ghnáthach. Cheap a mháthair go mbeadh goile maith aige nuair a thiocfadh sé abhaile. Acht i n-ionad sin ba bheag nár bhlais sé a dhinnéar chor ar bith. “Céard tá ort, a Mháirtín,” ars' a mháthair leis. “Mhuise ní mé ceárd tá orm, a mháthair acht bhí brionnglóid aisteach agam aréir. Cheapas go bhfaca me scata buachaillí mar mé fhéin ag bualadh báire. Ghlaodhadar orm agus ritheas chúcha, agus gan aithne agam ar aoinne aca. Cheapas ar dtús go raibh Séamuisín Pheigí ar dhuine aca, acht ní raibh. Bhíomar ag imirt go tréan nuair tháinic an dorchadas ar an spéir agus caitheadh splannc. Tháinic faitchíos orainn go léir agus bhain mé fhéin mo chaipín díom agus dhein mé fioghar na croise orm fhéin. Chonnaic na buachaillí eile mé. “Cad chuige go ndearna tu sin,” ar siad. “Sa chaoi go gcumhdóchadh Críost mé,” arsa mise. “Agus cia h-é Críost?” ar siad. “Agus nár chuala sibh trácht ariamh ar Chríost” arsa mise. “Níor chualamar, muis,” ar siad. “Cé'r b'as é? Innis dúinn scéal” —. Acht ar an bpoinnte caitheadh splannc eile agus pléasc mór tóirnighe leis. Thugamar do na bonnaibh é. Thuit an dorchadas. Tháinig an clagarnach báistighe anuas. Ní raibh foscadh nó dídean le feicsint i n-aon áit. Bhíos fhéin tuirseach, tnáidhte. D'airigheas lúth na ngéag ag imtheacht uaim. Thuiteas i lagar. Agus annsin dhúisigheas de phreab. Leagas mo lámh ar m'éadan agus bhí an fuar-allus liom. Níor chodail mé go maith 'n-a dhiaidh sin mar bhíos ag cuimhneamh ar na buachaillíbh nár chuala trácht ar Chríost riamh. Ghoill an bhrionglóid orm go mór agus sin é an fáth a rinne mé dearmad ar mo lón.” “A, níor cheart duit aon tsuim a chur innti a Mháirtín. An chainnt a bhí againn indé a chuir i do cheann é.” “B'fhéidir é sin, a mháthair acht brionglóid mar sin a bhí ag Naomh Pádraig, nach eadh, agus marach gur bhac sé léithi ní fios nach Págánachaí a bheadh ionainne indiu. Agus a mháthair déanfaidh mise aithris ar Phádraig. Introibo ad altare Dei. D'fhiafruigheas de'n mháighistir indiu cé'n chiall atá leis an abairt sin, agus dubhairt sé gur bh'é chiall atá leis — “Rachaidh mé go dtí altóir Dé.” Agus a mháthair, beidh mise 'mo shagart, agus rachaidh mé go dtí altóir Dé, agus rachaidh mé freisin chomh fada le na buachaillíbh sin a chonnaiceas 'mo bhrionglóid agus tiubharfaidh mé an creideamh dóibh. Tá siad ag glaodhach orm mar a ghlaoidh páistí na h-Éireann ar Phadraig, ghá iarraidh orm a dh'innsint dóibh cé h-é Críost agus cé'r b'as É. Acht a mháthair cad chuige go bhfuil tu ag gol. Nach leigfidh tu dhom imtheacht? Nach cuimhin leat indé nuair adubhairt tu gur thug Dia sólás do mháthair Phadraig agus do mháthair Chríost, mar nar chuireadar i n-aghaidh A thola.” “Ní ag cur i n-aghaidh tola Dé atáim-se acht an oiread a Mháirtín. Má's rud é gur b'é toil Dé é tu bheith i do shagart, agus dul thar lear tá áthas ar mo chroidhe mar is ceart a bheith. Beidh uaigneas orm, agus aireóchaidh mé uaim thu. Acht tá muinighin agam a Dia. Níor chlis Sé riamh orm, agus ní chlisfidh Sé anois acht chomh beag. Agus maidir leat-sa a Mháirtín —. “Ó, maidir liom-sa a mháthair, Introibo ad altare Dei.” MÍCHEÁL Ó FALLAMHAIN.
AN GAISCIDHEACH TÁIMH-NÉALLACH. CAIBIDIOL A h-AON. TIMCHEALL ocht gcéad bliadhain ó shoin, bhí banfhlaith óg áluinn 'na comhnuidhe 'sa Domhan Thiar agus ba shéanmar, siothchánach, sár-dhaonnuighthe an ríoghacht a bhí fé'n a fárlámhas. B'fhéidir nach cóir dom a rádh, “bhí sí 'na comhnuidhe,” mar budh dhóigh le duine ar an gcainnt sin gurab amhlaidh nach bhfuil sí fós ar an saoghal so. Tá daoine, ar ndóigh, adeir nach bhfuil a mhalairt de scéal ann acht í do bheith fé'n bfód fad ó, acht ná cuir aon tsuim ionnta-san, n'íl an fhírinne acu in aon chor. Deirim-se libh go bhfuil sí fós le fághail, agus nach agam-sa ba chóir ceart an scéil a bheith ó's rud é gur mise a searcthóir díleas nar mheall sí ariamh? Acht dála an scéil, bhí an bhanfhlaith seo cómh grádhmhar agus cómh cóireach sin is nach raibh aoinne 'sa ríoghacht nach dtiubhraidh a anam ar a son. Bhí a sagairt agus a saoithe agus a mór-shluaighte aici agus is annamh a fuair aon aighneasóir an buaidh uirthi le móireólas nó le cogadh. Aon uair a bheadh a h-arm ag dul amach chum catha do dhéanamh, 'siad na cinnfheadhna sluagh a bhiodh air 'ná triúr árd-thaoiseach neamh-mharbhthach, sár-chalma. An fhaid is a bhíodh an triúr seo ag troid 'ghá ceann ní airighthí ariamh gur chuaidh aon chath amugha ar an arm. Is dócha go raibh fios an mhéid seo ag ríghthibh eile an domhain mar nár bhaineadar leis an mbanfhlaith acht anois agus arís, agus, ar ndóigh, sin mar do b'fhearr dóibh é. CAIBIDIOL A DHÓ. Pé scéal é, thárla go raibh rí an-chómhach- tach 'na chomhnuidhe i ngiorracht do'n tír seo atá i gceist agam agus do ghabh éad agus sainnt mhór é nuair a chonnaic sé méid a séin agus a saidhbhris. Do thuig sé go dian-mhaith nárbh aon tairbhe dhó an tír d'iomruaigeadh ar an bpointe boise, mar gheall ar chródhacht an trír, agus d'á bhrígh sin do chinn sé an feall agus an foirneart do chur le n-a chéile chum an nidh a bhí uaidh d'fhághail. D'á réir sin, do chuir sé a fhear ionaid ag tabhairt cuairte ar an mban- fhlaith agus d'órduigh sé dó an triúr árd- thaoiseach neamh-mharbhthach do chur as an slighe. D'imthig an fear ionaid agus ba gheárr gur shroich sé ríoghacht na banfhlatha. Cuireadh céad míle fáilte roimhe agus roimh a chuallacht agus bhí fleadh seacht n-oidhche agus seacht lá acu. Tar' éis sin do rinneadh drong fiadhaigh agus chuaidh an triúr árd-thaoiseach i n-éinfheacht le fear ionaid an rí agus a chuallacht. Ag fiadhach an fhiaidh do'n druing, thárla gur chuaidh beirt de's na h-árd- thaoiseachaibh agus lucht an fhir ionaid i n-áit áirithe fá leith. B'in é díreach a bhí ag teastáil ó' sna h-allmhúrachaibh. Bhaineadar leagadh as an mbeirt le feall agus, ó's rud é nárbh fhéidir leo iad do mharbhadh, do chuireadar duar-dhraoidheacht ortha. Ní 'san am céadna do chuireadar an draoidh- eacht ar an mbeirt. Thógadar duine acu agus caitheadar trom-shuan air agus annsin do chuireadar isteach i gcnoc é. Bhí briseadh
croidhe ar an árd-thaoiseach eile ag feicsint an ghníomha sin dó acht ba gheárr go raibh an scéal céadna aige féin agus chuaidh an fear ionaid ag triall ar bhruidhin na ban- fhlatha go lúthgháireach, lán-tsásta. Tháinig sé os comhair na banfhlatha agus thosnuigh sé ag magadh fúithi, ag innsint an scéil dí. Do ghabh fearg uathbhásach an tríomhadh árd- thaoiseach agus do dhein sé fogha fé'n bhfear ionaid acht do theip air mar gheall ar iomadamhlacht na h-allmhúrach. Do dhein- eadar seo a lán dícheall chum trom-shuain do chur air-sean mar an gcéadna, acht níor eirigh leo siocair cosnamh áirithe a bheith aige ó'n neimh. Tar 'éis sin chuaidh na h-allmhúraigh amach agus cuireadar an bhan- fhlaith agus an tríomhadh árd-thaoiseach fá ghlas 'sa bhruidhin agus ba gheárr go raibh an tír go léir fé'n a smacht acu. D'fhan an scéal mar sin ar feadh tamaillín mhaith, acht lá de's na laethean- taibh do chinn cúpla ógánach iarracht do thabhairt ar an mbanfhlaith agus an árd- thaoiseach d'fhuascladh. D'imthigheadar leo ag triall ar an mbruidhin agus chuadar isteach gan fhios d'aoinne de's na saidh- leoiridhibh agus thosnuigheadar ag cainnt agus ag beartughadh leis an mbeirt a bhí istigh. Ní raibh aon mhaitheas ann, amhthach, mar dubhairt an bhanfhlaith leo nárbh fhuláir an bheirt gaiscidheach táimh-néallach d'fághail agus d'aithbheodhadh sul a mbéidís i n-an na h-allmhúraigh do chaitheamh amach arís. Dubhairt sí go mba choir dóibh an dara gaiscidheach d'fhághail ar dtúis mar is aige- sean amháin a bhí a fhios cad é an áit mar ar cuireadh an chéad ghaiscidheach. D'imthigh na h-ógánaigh leo arís agus ba gheárr go bhfuaireadar an dara h-árd-thaoiseach. Thosnuigheadar ag obair ar a lán-dícheall chum é d'aithbheodhadh agus — acht ní fuláir dom caibidiol eile chum deire an scéil d'innsint díbh. CAIBIDIOL A TRÍ. An bhfuil fhios agaibh, a bhuachaillí, cia h-iad an bhanfhlaith agus an triúr árd- thaoiseach seo? Is mithid dom a rádh libh, ar ndóigh, acht is dócha nach gcuirfidh sé aon iongnadh oraibh a chloisint nach bhfuil duine 'sa bhanfhlaith acht ár dtírín beag féin — Éire na ndeór atá i slabhraidhibh ag allmhúr- achaibh an fheill le h-ocht gcead bliadhain anois! 'Siad an triúr árd-thaoiseach ná a Creideamh, a Teanga agus a Saoirse. Níorbh fhéidir le fearaibh an fheill a creideamh do mharbhadh nó do chur i dtáimh-néall acht, mo bhrón! tá a teanga agus a saoirse i suan draoidheachta an éagcomhthruim acu. Is iomdha duine, idir óg agus críon, idir bocht agus saidhbhir, atá ag obair go dian le n-ár linn chum iad do thabhairt ar n-ais dúinn. Cad atá dh'á dhéanamh agaibh-se, a bhuachaillí? Níorbh aon mhaith bheith ag iarraidh a saoirse d'athghabháil d'ár dtír muna mbéadh a teanga do bheith aici ar dtúis. Sin é díreach an obair díbh-se! Anois an t-am agaibh! Tigidh gan mhoill ag cabhrughadh leis na laochaibh eile agus déinidh bhur gcuid oibre ar son Éireann boichte! Ní bhéidh aon dhul ag na h-allmhúrachaibh ar a ngreim do choiméad orainn nuair a bhéidh ár dteanga féin mar arm láimhe againn. Déinidh tosnughadh ar an obair indiu! Leanaidh dó gan stad, gan staonadh, go mbéidh an Ghaedhilg bhinn bhlasta — gais- cidheach táimh-néallach na h-Éireann — lán- bheo agaibh arís! Taisbeánfaidh seisean an t-slighe is cóir díbh chum saoirse ár dtíre do bhaint amach agus béidh sibh i n-an an bhanfhlaith óg, áluinn agus a triúr árd-thaoiseach do-chlaoidhte do chur i bhfeidhm go deó. Éistidh, a bhuachaillí, éistidh le n-bhur dtírín 'ghá iarraidh oraibh dul ag cabhrughadh leis na h-ógánachaibh eile ag athbheódhadh a gaiscidhigh táimh-néallaigh! ANTOINE STÁNLAIGH.
OIDEACHAS AGUS DÚTHCHAS. NÍL rud ar bith is géire a theastuigheann ó mhuinntir na h-Éireann indiu ná an tsuim cheart do chur ins an dá rud san. 'Siad préamhacha na saoirse agus an neamh- spleadhachais iad. 'Siad a spreagfaidh na daoine chun gníomhartha uaisleachta agus cródhachta do chleachtadh ins an saoghal atá rómhainn fé mar is dual sinnsear dóibh ó'n saoghal atá caithte. 'Siad an cosnamh is tréine agus is treise atá againn i gcoinnibh annsprid an Ghalldachais iad. Chun scéil ghairid a dhéanamh de, níl breith sa domhan againn ar shean-sprid na nGaedheal do bheith go beó borb 'nár measc arís gan oideachas agus dúthchas na nGaedheal a bheith 'á saothrughadh againn. Tá Éire ag éirghe fé dheireadh ó throm- shuan na h-anbhruide a bhí uirthi leis na bliadhntaibh. Bhí draoidheacht 'á imirt ag an nGall uirthi i dtreo go raibh sí go breágh socair fé n-a thoil agus fé n-a smacht aige chun a rogha rud do dhéanamh léithi. Acht tá an draoidheacht soir siar nach mór anois; tá Éire ag teacht chúichi féin arís, tá smácht na nGall dá bhogadh dhi agus is gearr, le congnamh Dé, go mbeidh deireadh go deó le n-a chuid cleasuidheachta sa dtír seo. “D'á luaithe 'seadh is fearr”; imtheacht gan teacht ar an mbodach. Acht cé go mbeidh sé féin imthighthe, beidh a rian 'na dhiaidh agus is fada fós a bheidh bolaith bréan an Ghall- dachais ag goilleamhaint ar dhúthchas na nGaedheal. 'Sé an rud is fearr chun an bholaith sin do loit agus neamhnídh do dhéanamh de ná an t-oideachas. Tá a leithéid sin de dhlúth-bhaint idir an t-oideachas agus an dúthchas nach féidir iad do dheighilt ó n-a chéile. Maireann an dúthchas tríd an oideachas; táid siad chómh fighte fuaighte sin le chéile gur féidir a rádh nach bhfuil ionnta acht aon rud amhain. Is iad is mó atá i n-easnamh orainn indiu. Ní h-eadh nach bhfuil eólus agus léigheann go leór le fághail, acht nach bhfuil siad le fághail ar an nós ceart; nílid siad 'á thabhairt dúinn ar chuma gur féidir oidheachas do thabhairt ortha, óir tá níos mó ná eólus ag baint le h-oideachas. Deagh-Ghaedheal a dhéanamh de'n Éireannach, sin é an fíor-oideachas. Ní féidir le duine bheith na dheagh- Ghaedheal muna mbeidh na tréithe uaisle céadna sin aige agus bhí ag na sean- Ghaedhealaibh mar níl aon athrughadh ar an nGaedhealdachas indiu seachas míle bliain ó shoin. Ag sin feidhm an oideachais, na h-Éireannaigh d'oileamhaint ar chaoi go dtabharfaidh siad an dúthchas leo. Muna ndéanfaidh sé an méad sin tá sé gan brigh gan tairbhe agus ní fiú an ainm do thabhairt air. Fairíor! gur mar sin díreach atá an scéal againn-ne acht amháin i n-áit annso agus annsúd. Ní miste bheith ag cuimhneamh ar na neithibh sin fé láthair; tá Éire 'na dúiseacht, ní theas- tuigheann ó'n a clainn dílis indiu acht bealach a leasa a thaisbeáint dóibh agus leanfaid siad air. Táid siad cortha de'n sclábhuidheacht, agus b'fhearr leo aghaidh
do thabhairt ar an mbás ná a mbeatha do chaitheamh fé sháil agus fé náire. Níl rud ar bith nach dtabharfaidís fé dá gcuirtí i n-úil dóibh go mb' fhearrde an tír é. Anois an t-am chun iad do stiúradh i gceart; anois an t-am chun filleadh ar shlighe na sinnsear. Níl san aiste seo acht iarracht ar dhaoinibh eile do chur ag smaoineamh ar an gceist sin, le h-ionchas go bhfeicfí toradh na smaointe gan mhoill. I dtosach scríbe níor mhiste cúpla focal a rádh ar a fheabhas de dhúthchas 's tá againn agus ar a ghéire a mhothuightear a easba sa nÉirinn seo againne. Tá dúthchas ag muinntir gach tíre, acht sáruigheann dúthchas na nGaedheal ortha go léir. Na tréithe dob' uaisle agus dob' fhearr d'a raibh ag aoinne riamh, bhíodar ag ár sinnsearaibh. Is mór an maoidheamh é sin, acht níl sé puinn thar an bhfírinne. Níl i staraidheacht ná i seanchus na h-Éireann acht trácht ar na gníomharthaibh fóghanta agus ar na beartaibh cruadha calma a deintí “do chum glóire Dé agus onóra na h-Éireann.” Bhí uaisleacht aigne acu ná leigfeadh dóibh an feall nó an chlaon-bheart do dhéanamh; bhí grádh Dé acu a chuireadh d'fhiachaibh ortha gach dualgas an chreidimh do chomhlíonadh, agus bhí an tír-ghrádh acu 'ghá spreagadh chun na cródhachta agus na calmachta do chleachtadh. Bhíodar diadha i gcómhnuidhe; bhíodar macánta sa mhargadh, dána sa mbearnain bhaoghail, agus croidhe-ghlan i gcómhluadar dóibh. Bhí an charthannacht agus an dílseacht d'á chéile le feiscint gach nóiméad i gnáth-shaoghal na ndaoine. “Taise do'n truagh agus troid do'n tréan” a bhí acu. A mhalairt sin atá ann indiu óir “an t-e bhíonn thíos buailtear cos air agus an t-é atá thuas óltar deoch dhó.” Thugaidís déirc dos na bochtáin agus aoidheacht na h-oidhche do'n deóruidhe i dtreó go raibh ainm na féile agus na flaitheamhlachta ag an eachtrannach ortha. Sa gcath nó sa gcomhrac dóibh, leis, bhí na tréithe céadna acu; ní raibh duine ná daonaidhe gur lugha meas acu air ná an t-é ná cómhlíonfadh an gheallamhaint a bhéadh tabhartha aige ar a bhriathar onóireach, agus ba bheag leó an bás féin seachas náire an cholgeise a bheith ortha. Acht an tréith ab' fhearr d'a raibh acu b'é meas é a bhí acu ar an gcreideamh agus an greim daingean a choimeádadar air i n-aimhdheóin gach ar deineadh chun é do bhaint uatha. Do chabhruigh na tréithe eile le smaointe an chreidimh agus b'fhearr de na tréithe sin an dílseacht do'n chreideamh. Nuair a bhí muinntear na h-Eórpa fá dhubh-dhorchadas an dí-chreidimh bhí solas an chreidimh fhíre ar lasadh go lonnrach i n-Éirinn. Bhí an oiread sin gráidh acu dó nárbh fhéidir leó gan dul chun é do chraoibh- scaoileadh ins na tíorthaibh iasachta. Thugadar gríos as an dteine leó agus d'aduigheadar teine eile leis i n-áitibh i bhfad i gcéin; is beag dúthaigh ins na tíorthaibh sin nach bhfuil cuid de naomhaibh na h-Éireann fé urraim agus fé onóir fós féin ionnta. Scaipeadar solus an léighinn cómh maith le solus an chreidimh. Bhí scoileanna móra ar bun ar fuid na tíre agus daoine ag teacht ó gach áird ar lorg an eóluis ó's na h-oidíbh oilte a bhí ionnta. Ní le fonn ceárd nó slighe bheatha a bhaint amach a thagaidís acht mar gheall ar an bhfíor-mheas a bhí acu ar an léigheann féin. Ba ghearr gur leath an scéal thar lear, agus thosnuigh daoine ag teacht ag triall ar mhuinntir na h-Éireann chun foghluma agus stuidéir do dhéanamh ins na scoileannaibh sin. Bhí fáilte rómpa ins gach áit agus leabhair agus léigheann agus loisdín le fághail saor acu cibé áit n-a dtabharfaidís aghaidh air. Fé mar a bhídís ag filleadh abhaile bhídís ag breith scéalta leó ar an gcóir a tugadh dóibh annso, agus i gcionn tamaill bhí a leithéid sin de chlú agus de cháil ar an dtír seo gur tugadh “oileán na naomh agus na
saoi” mar ainm uirthi. B'aoibhinn bheith beo ins an saoghal úd; is truagh nach mar a chéile an saoghal atá anois ann agus é. Ní h-iongnadh go mbimíd ag maoidheamh as ár sinnsearaibh agus an dúthchas breágh áluinn atá againn. Ní h-iongnadh, acht comh beag, go mbeimís a d'iarraidh an dúthchas sin d'aithbeodhadh nó, ar an gcuid is lugha de, go mbeimís a d'iarraidh na tréithe uaisle sin do chur i gcroidhthibh na ndaoine arís. Sé chéad rud eile gur fiú linn trácht air ná ar an gcaoi i n-ar cailleadh na tréithe, an chaoi i n-ar mhaoluigh ar an ndúthchas go dtí gur fágadh an tír seo gan croidhe gan ainm ar nós sean-chaillighe a bheadh caithte críonna le h-annró agus le h-anaithe an tsaoghail. Buidheachas le Dia ní orainn féin ná ar ár sinnsearaibh atá an locht. Pé caoi a bhfuilmíd níl sé ag aoinne le casadh linn gur thréigeamair an dúthchas nó gur mhalartuigheamair an tsean-sprid uasal ar an seóinínteacht agus ar an mbréag-dhúthracht a bhí le feiscint go dtí le déidheanaighe. 'Sé an Sasanach — díon- chosantóir na náisiún mbeag, mar dh'eadh — 'sé an Sasanach fé ndeár an tsean-sprid do bheith cómh faon lag is atá, mar do dhall sé ár muinntear agus annsin chuir sé é féin mar threóruidhe leó — ní baoghal gur ar shlighe an dúthchais a threoruigh sé iad! Acht tá an daille ag imtheacht anois; “d'a fhaid í an oidhche tagann an lá,” agus tá solus geal an lae ag breacadh thar an dtír seo fé dheireadh. 'Seadh, agus fé mar atá an solus ag teacht, tá an scéal dhá chur i dtuisgint dóibh, tá sé ag eighre níos soiléire gach lá agus ní fada, má 's toil le Dia é, go ndéanfar rud éigin chun cosc do chur leis mar scéal. Ní raibh aon mhilleán ortha ag cailleamhaint na sean-spride dhóibh acht beidh sé de dhualgas ortha í d'aithbheodhadh nuair a beidh an chaoi acu chuige agus do réir gach deall- raimh ní fada uainn an chaoi. Is leis an bhfíor-oideachas Ghaedhealach a chuirfar cor i n-aghaidh an chaim ar an Sasanach. Pé doras tré n-ar tháinig an t-olc isteach is tríd is cóir é do chur amach. Ná síleadh aoinne gur le neart airm a dh'eirigh leis na Gaill an misneach agus an sprid a bhaint dínn. Go deimhin ní h-eadh. D'á líon- mhaire 's d'á thréanmhaire a gcuid sluaighte ag sladadh agus ag réabadh na tíre seo, níor bhaineadar puinn de'n teasbach de'n Ghaedheal, mar an fhaid 's thuigh ár sinnsear cionnus mar a bhí an scéal, bhíodar ullamh chun an fhóid do sheasaimh agus chum báis d'fhulang níba thúisce ná mar a ghéillfidís do'n namhaid chéadna. An fhaid 's bhí an dúthchas mar chosantóir acu níor chaill ar an misneach ná ar an meanmain ortha, acht nuair a sciobadh uatha an cosantóir sin do chaill ortha agus bhí an bhuaidh ag an nGalldachas. Do thuig an Sasanach go cruinn an bhrígh a bhí leis an oideachas; bhí a fhios go dian-mhaith aige nach n-eireóchadh leis choidhche muinntear na tíre seo do bheith fé n-a smácht ar a shuaimhneas aige dá mbéadh an sprid Ghaedhealach ionnta; gur neamh-nídh ar fad daor- smácht a bheith ar an gcorp agus an aigne saor. Shocruigh sé mar sin nárbh fholáir dhó deireadh a chur le gach cóir léighinn agus le gach gléas scoláireachta d'á raibh acu. Do dhein sé an méad sin agus breis; leag sé na scoileanna; chuir sé na leabhair agus na láimhscríbhinní tré theinidh, agus chuir sé na h-oidí agus na h-ollamhna chun fáin. Bhí dlighthe daingne, cruadha i gcoinnibh gac saghas scoile acht amháin an scoil 'na mbéadh Sasanach mar mhúinteóir innti. B'shin é an rud a loit an scéal ar fad. Dá mba rud ná raibh aon scoil acu ní fhéadfadh sé bheith cómh dona mar ní béadh an t-oideachas bréige le fághail ag an aos óg. Bhí Sasanaigh ag múineadh ins na scoileannaibh, acht níor chuireadar suim ar bith ins na buachaillíbh; níor thugadar aon aire dos
na béasaibh ná dos na tréithibh a bhí ag fás ionnta, agus bhí an phian is an pheannuidh- eacht ró-throm ar na daoinibh a bhí sa mbaile chun aire do thabhairt dóibh. Nuair nár tugadh aire dhóibh ní baoghal gur fhásadar uatha féin. Mar bhárr ar an aindeise agus ar an éagcóir do cuireadh na scoileanna “náisiúnta” ar bun. B'fhuruiste “náisiúnta” do thabhairt ortha mar scoile- anna ab eadh iad a chuir riaghaltas Gallda ar bun ins an dtír seo chun gach a mbaineann le náisiúntachas do dhíbirt glan as an dtír. Ar an gcuma san do cuireadh an púicín ar shúilibh na nGaedheal, agus tá a thoradh le feiscint i staraidheacht na h-aimsire ó shoin anuas. Bhí an tsean-sprid ag maolughadh agus ag laghdughadh go dtí go raibh muinntear na h-Éireann toiltheanach chun glacadh leis an nGalldachas, ní h-eadh acht go dtí gur cheapadar gur rud uasal an Galldachas i gcomparáid le n-a ndúthchas féin. Ba thubaisteach an scéal é acht ní raibh leigheas air an fhaid bhí a leithéid d'oideachas 'á thabhairt ins na scoileannaibh. Gaedhilg ar fad a bhí le fághail ag an aos óg sa mbaile, acht ó'n gcéad lá a thosnuighidís ag dul ar scoil, dob' éigean dóibh í chaitheamh uatha agus an sacs-bhéarla do labhairt 'na h-ionad. Do lean an scéal mar sin go dtí nach raibh meas ná áird ar an dteangain dhúthchais, go dtí go raibh sé buailte isteach i n-a n-aigne nach raibh maitheas ar bith innti, agus gur comhartha na cábóigeachta ar an t-é a bhéadh 'ghá labhairt í. An gcreidfeadh aoinne gurbh fhéidir le clann na nGaedheal bheith cómh dall sin, cómh h-aineolgaiseach ar an ndúthchas agus bhíodar! Sin brígh an oideachais bhréige. Bhí donas eile ortha, ámhthach. Bhí na sean-thréithe ag imtheacht chómh tapaidh leis an sean-sprid, nach mór. Bhí anál lobhtha an tSasanaigh 'á shéideadh ortha agus ag cur deiridh le gach uaisleacht agus le gach deagh-bhéas aigne d'á raibh acu. Ní fhéadfadh sé gan bheith amhlaidh. Fé mar a bhí an Galldachas ag neartughadh bhí tréithe na nGall ag briseadh isteach ortha agus ag breith ghreama ar chroidhe ortha. Ní raibh acht aon nídh amháin gur theip ar na Gaill baint leis. B'é nídh é sin ná an creideamh. Pé cleasa a dh'imreadar ar na Gaedhealaibh, nó pé draoidheacht a chuireadar ortha níor eirigh leó riamh a chur d'fhiachaibh ortha an creideamh do shéanadh; ní fuláir nó go raibh Dia ag cuidiughadh leo nó ní fheadfaidís an oiread d'fhulang ar son an chreidimh agus d'fhulaingeadar. Bhí Sé buidheach díobh, is dócha mar gheall ar an méad a bhí déanta acu 'ghá chraoibh- scaoileadh, agus bhí naoimh na h-Éireann go líonmhar ins na flaitheasaibh ag déanamh eadarguidhe ar ár son. Pé scéal é, choim- eádadar greim ar an gcreideamh acht ní raibh an greim sin cómh daingean agus bhí i measc na sean-Ghaedheal; na droch- bhéasa a bhí ag fás ionnta, bhíodar ag déanamh díobhála dhó agus ag bogadh an ghreama sin. Fuair craos an ólacháin seilbh i n-a gcroidhe agus ní gádh a rádh cad é an toirmeasc agus an léir-scrios a dhein sé ortha le bliadhntaibh; níl deireadh go h-iomlán leis fós acht tá an t-oideachas ag buadhachtaint air. Bhí craosa eile ann leis, craos na droch-litridheachta, craos na saoghalthachta agus craosa nach iad dá mbéadh slighe againn chun iad d'áireamh. Bhíodar go léir ag baint ó dhúthchus na nGaedheal agus ag neartughadh an Ghall- dachais. Dearbhuightear ins gach áit a thábhachtaighe 's tá an t-oideachas agus an dluth-cheangal atá idir é féin agus an dúthchas. 'Sé rud a fiafróchfaidhe dínn anois ná cad é an sórt rud é an t-oideachas ceart nó cad é an deifrigheacht atá idir é féin agus an t-oideachas atá 'á thabhairt fé láthair. Ceist mhór 'seadh é sin, ceist nach féidir freagra a thabhairt uirthi annso mar tá adhbhar aiste fé leith innti, acht ar a shon sin féin ní miste tagairt dí go h-athchumair
annso. Ar an gcéad ásg, 'sé is géire a theastuigheann ó oideachas na h-aimsire seo ná é do Ghaedhealughadh. An Galldachas do ruagadh amach agus an Gaedhealdachas d'aithbheodhadh, sin é an obair atá rómhainn. Cionnus a déanfar é? Ní fuláir eólus cruinn do bheith againn ar ár sinnsearaibh agus fonn láidir ar aithris do dhéanamh ortha. Mar adeirtear san “Aithris ar Chríost” “cad é an mhaitheas bheith abálta ar labhairt go léigheannta ar an dTríonóid má chuireann tú fearg ar an dTríonóid?” Ar an gcuma gcéadna ní h-aon mhaitheas eólus thar bárr do bheith againn ar ár sinnsearaibh muna ndeinimíd na deagh- thréithe sin a bhí acu do chleachtadh. Cuir i gcás nuair a bhítear ag múineadh an Teagaisc Chríosdaidhe ins na scoileannaibh. Ba cheart gan dearmhad a dhéanamh de dheagh- shompla na sean-Ghaedheal do chur ós cómhair na scoláirí. Ba cheart tuairisc a innsint dóibh ar Phádraig, Bríghid agus Colm Cille, Columban, Breandán, Éanna agus ar na naomhaibh eile a bhí ann fadó; dá mbéadh meas acu ortha-san, go mór- mhór ar an t-é atá mar phatrún ar a bparóiste nó ar a bhfairche féin b'fhearrde iad é 'na mbéasaibh agus 'na dtréithibh fhéin. Mar sin do gach rud eile; nuair a bheidh a fhios acu gur dual dóibh an gníomh fóghanta do dhéanamh agus an droch- ghníomh do sheachaint, beidh sé i bhfad níos usa na subhailcí a chur 'na gcroidhtibh agus iad do choimeád saor ó's na droch-neithibh. Má tugtar dúil san dúthchas dóibh agus mian láidir bheith 'na ndeagh-Ghaedhealaibh uaisle nuair a fhásfaid siad suas, ní baoghal dóibh. Grádhfaidh siad a sinnsir fé mar a ghrádhfaidís a n-athair nó a máthair agus béidh náire ortha é bheith le rádh ag aoinne leó ná rabhdar ag tabhairt an dúthchuis leó. Rudaí mar sin a chloiseann siad le linn a n-óige, leanann siad ins an gcuimhne acu agus bíonn toradh asta i rith a saoghail ar fad. Agus ná síltear nach bhfuil aon mhaitheas i n-a leithéid sin de thabhairt suas do dhuine a bhéadh a d'iarraidh slighe bheatha do sholáthar dó féin. Tá, agus a lán maitheas mar i n-ionad aon chosc do chur le duine agus é choimeád gan bheith oilte cliste ar na rudaibh a bhaineann le ceárdaibh agus slighthibh maireamhna, is amhlaidh a chuid- uigheann sé leis chun é féin d'iomchur go cneasta macánta ins gach treó agus ins gach anacair, agus is minic gur móide a chuid eóluis an fíor-oideachas sin óir bhéadh suim aige i n-a lán rudaí ná cuirfeadh sé aon tsuim ionnta dá mba gur chuma leis Gaedhealdachas nó Galldachas. Rud eile, ní ins na scoileannaibh amháin a gheibhtear an t-oideachas cé gur mór an bhaint atá acu leis. Is féidir morán a a dhéanamh sa mbaile. Is áluinn an rud é teaghlach Gaedhealach, teaghlach 'na mbéadh deagh-shompla na seandaoine ag gríosadh na ndaoine óg chun bheith dílis d'a dtír agus do'n dúthchus. Is mó an chómhacht atá ag an athair is ag an máthair ar na páistíbh ná mar atá ag aon mhaighistir scoile dá fheabhas is dá Ghaedheal- aighe, agus tá sé ar a gcumas a rogha rud do dhéanamh leó acht cur chuige i gceart. Is féidir leo iad do chosaint ar an ólachán agus ar dhroch-bhéasaibh eile; is fhéidir leó iad do choimeád croidhe-ghlan acht gan a leigint do'n droch-litridheacht a chuirtear anall chughainn, ná do droch-chomhluadar, baint leó. Tá athair eile ann, leis, agus ní lugha ná san a chomhacht ar a chlainn; 'sé sin an sagart. An áit 'na bhfuil sagart Gaedhealach, beidh an pharóiste Gaedhealach nó is air féin a bheidh an locht. Is féidir leis an sagart a chion féin do dhéanamh chun an dúthchais do shábháil ó'n namhaid, agus má dheineann sé é sin ní ar son na h-Éireann amháin a bheidh sé ag obair acht ar son Dé, leis, óir dá mhéad an meas a bheidh ag muinntir na tíre seo ar a sinnsearaibh agus ar an dúthchus, 'seadh
is mó an meas a bheidh acu ar an gcreideamh. B'é an dílseacht do'n chreideamh an tréith dob' uaisle agus dob' éifeachtamhla d'á raibh acu agus tiocfaidh sé le nadúir chúcha leanamhaint mar sin acht bheith dílis do'n tsean-sprid. Is léir, mar sin, dar linn, an dlúth- bhaint atá idir an t-oideachas agus an dúthchus, agus a riachtanaighe 's tá fíor- oideachas dúinn chun an dúthchais do thabhairt saor ó chontabhairt an Ghalldachais. Níl le rádh againn sa deireadh acht gur anois an t-am ceart chun é do shaoradh. Sin é an “beárna baoghail” agus ba chóir do Ghaedhealaibh léim isteach ann gan mhoill nó buadhfar ortha. Tá caoi againn indiu nác raibh a leithéid ann riamh roimhe seo, agus nach mbeidh arís, b'fhéidir, muna dtosnóchaimíd i n-am. Tá muinntear na h-Éireann ullamh anois chun rud ar bith do dhéanamh ar son a dtirín dúthchais acht é bheith i n-iúl dóibh gur chun a leasa an rud san. Sé an t-oideachas agus an dúthchus an tréoruidhe is fearr a d'fhéadfadh bheith acu chun iad do stiuradh i gceart ar shlighe saoirse agus neamh-spleadhachais na tíre. Tá siad ag iompódh ó'n nGall- dachas agus caithfimíd a sheachaint nach gcasfaidh siad isteach ar aon rud acht ar an bhfíor-Ghaedhealdachas. 'Sé is cóir do gach duine a dhéanamh é féin d'ollamh- ughadh le h-aghaidh an chatha a chaitfar a throid cun aigne na nGaedheal do bhaint ó smácht is droch-íde na nGall. 'Sé an dúthchas an sciath díona is fearr sa gcath san, agus eólus ar theangain is ar sheanchus na tíre an gléas is treise chun an namhad is gach a mbaineann leis do dhíbhirt as an dtír. An fhaid 's bheidh éide an oideachais umainn ní baoghal go dteipfidh orainn. 'Sé is riachtanaighe an t-ollmhuchán do chur ar siubhal láithreach bonn. Níl aon am againn chun suaimhnis ná áise do cheapadh; is éigean dúinn gan bheith ag cuimhneamh ar shos ná stad go dtí go mbeadh buaidhte glan againn. Ní h-uiriste é acht is fiú é, agus níor staon Gaedheal riamh ó'n gcruadhtan nuair a bhí ghádh leis; níor cheart dóibh staonadh anois acht an oiread. A Ghaedheala, bíodh cuimhneamh agaibh ar an méad a fulaingeadh ar bhur son agus deinidh rún daingean indiu ar a thais- beáint nach i n-aisce a fulaingeadh é. Fé mar a thugann páis Chríost sólás agus misneach dúinn nuair a bhíonn brón agus buaidhreadh an tsaoghail ag cur orainn, ar an gcuma gcéadna cuirfidh cuimhneamh an mhéid a d'fhulaingeadh ar son na h-Éireann, dóchas agus meanma ionann agus spreagfar sinn chun oibriughadh go dian dúthrachtach gan staonadh ná stríocadh ar son glóire Dé agus leasa clann na nGaedheal. MICHEÁL MAC AMHALTOINN. “CARA DOM' CHARAID IS CARA DÓMH-SA É.”
DÁN DIADHA. TÁ cóip eile den dán seo leanas le fághail ag leathanach a 36 san “Irish Miscellany” a chuir ó Dálaigh i n-eagar sa bhliadhan 1876. Deir sé annsan gur ceapadh timcheall 1814 é, agus gur fear do mhuinntir Warren as Cill Áirne a chúm é, le h-aghaidh Cuallachta Diadha a bhí i Muigh Ealla an t-am san fé stiúrughadh an t-sagairt pharóiste. Tá tagartha dó-san agus don Chuallacht i mórán dos na bhéarsáibh atá curtha síos ag an Dálach. Bíodh is gur minic a chuala é á ghábhail ag sean-daoinibh ar fuaid Corcaighe, ní raibh aon tásc aca ar na bhéarsáibh san, agus dubhradh liom gurbh amhlaidh a chuir duine éigin aguisín leis i dtréo go n-oirfeadh sé dóibh i Muigh Ealla. Tá a dheallramh san air leis, mar níl an líomhthacht cainnte chéadna ins na bhéarsáibh úd, agus atá sa chuid seo thíos. Tá giota beag truaillighthe de, leis, ag leathanach a 312 den leabhar úd “Abhráin Diadha Chúige Connacht” (cuid a h-aon). An dhá bhéarsa atá ag a thosach, ní chuala iad ach ag aon duine amháin. An fear a chan an méid seo thíos dom, dubhairt sé ná raibh aon bhaint aca leis an amhrán, agus bíodh is ná creidim san, táim á thabhairt amach annso díreach mar a bhí sé aige-sin. Seán ó Conaill is ainm dó, agus tá sé n-a chómh- nuidhe ar Chnoc Móirne le h-ais Conaithe an Aonaigh i n-oirthear Chorcaighe. Fonn: — Seán ó Duibhir an Ghleanna. 1. Moladh le Rí na bhflaitheas, A chúm an t-aer is an talamh, Cé gurbh íseal bhí a leaba, Nuair a tháinig ar an saoghal; 2. A chúm is cheap na h-aingil Gan smúit, gan cheó, gan pheaca Go glórmhar, soillseach, lasmhar, Díreach mar an ghréin; 3. Stiúirigh spéartha is sgamaill, Solus áluinn ins an ngealaigh, An réalthan chughainn ag taithneamh San oidhche ar an aer; 4. Do sgaoil gach abhainn is caise 'Na slaoda ar siubhal chun reatha, Is an Bhrighdheach, bhrúchtmhar, fhairsing, Agus í lán dá cuid éisg; 5. Do líon an choill do chrannaibh, Go buacach, bláthmhar, leathan; Na h-éin ba shíoraidhe canta Ar a ngéagaibh go léir. 6. Tá an mhór-mhuir éachtach, fhairsing, — Níl teóra léi ach gainimh —; Trí chómhacht Dé go gcasfainn I n-áilneacht na réim. 7. Ar linn an éisg a phreabadh Trí gach féith dhon talamh; Éin go binn ag canadh; Agus an bláth ar an ngéig. 8. Ó! mo sgannradh an peaca! Sgéithig-se an domhan dá dheascaibh, Agus ubhall don chrann a bhlaiseadh, Do lán-chreach an saoghal;
9. Thug ár agus pláigh agus galar, Ruacht agus gráin don pheaca, Gur bádhadh a dtáinig ar talamh, Ach an Áirc a chuaidh saor. 10. Má bhímíd críonna gasta, Le saothar fear agus capall, Gheóbhaimíd go flúirseach beatha, Do ghnáth as an gcré. 11. Dá bhrígh sin bímís feasta Gan mhoill i gcaoi agus i gcagall; An bhuidhin gan fuighleach asta, Táid siad ar strae. 12. Sin sompla agat, a pheacaidh, Le foghluim ós na beacha, Gé gur chuaidh sé d'ughdair ghasta Í dh'fhoghluim mar chéird. 13. Nuair a bhíonn an ghrian ag taithneamh, Tugaid siad leó a gcuid meala, Mar stór i gcóir a gcaithte, Ó choillte na gcraobh. 14. Tugaigídh fé ndeara, An sompla dh'fhág an leanbh, Nuair a thúirling ós na flaithis, Ar ghrádh dhúinn go léir; 15. Gur rugadh é go dealbh I mainséir úr an asail, Gan suaimhneas, gan aoibhneas, Is gan sgáth air ó'n spéir. 16. Ní bhfuigheadh Sé slighe sa chathair Gé go raibh sé lónmhar, fairsing, 'Measg na n-Iúdaighe malluighthe Agus na righthe fallsa, claon. 17. Nuair a chuadar go dtí an gcathair, Chun umhlughadh ann don leanbh, Bhí Héród ann mar cheannas, Agus b'fhairsing ann í (a) réim. 18. Ghlaoidh sé suas na sagairt Agus a leabhra 'ca ar leathadh, Chun cunntas a dh'fhághailt d'réir tairngireacht, Cá mbéarfaí ann Mac Dé. 19. Nuair dh'eirigh Sé suas i bpearsain Níor dh'iarr sé “léis” ar thalamh, Ní dheaghaidh sé riamh ag fiadhach le marcaigh, Agus níor ghrádhaigh riam an “ghéim.” 20. Níor dh'iarr Sé cúirt ná halla, Ná suidhe i dti(gh) an tabhairne (ag) ragadh Le meidhir ag diúgadh an leanna Ach an fíor-uisge caol. 21. Cá bhfuilid na Céile Geala, Lucht an Úird do cheapadh, 'S an Mhaighdean úd nár chaith riamh Cámbric sa tsaoghal, 22. Húda dubh ná hata, Síoda daor ó'n gcathair, Gé go bhfuair sí cómhacht agus gradam Thar mhnáibh eile an tsaoghail. 23. Teideal mór mar a mheasaim, Íosa Críost ag caitheamh Trí ráithe mar gach leanbh, I n-árus a cléibh. 24. Is ar uair a báis na h-aingil, Í (a) bhreith idir chorp is anam, Suas go Ríoghacht na bhFlaitheas, Ar láimh deise Dé. 25. Céad glóir arís le n-(A) ainm, Go síoraidhe buan chun seasaimh, Go buadhartha, cráidhte, caithmheach, A gcroidhtheacha gach n-aon. “CLAIS NA GAINMHE.”
CNUASACHT AMHRÁN Ó CHORCA DUIBHNE. FAÓISDINE CHEALLACHÁIN. Dá mhéid a rithim i gcorthaibh a thréig mo shnódh, Gan traochadh a bhrisim-se dlighthe Mhic Dé na gcómhacht, Spéis ní chuirim i nduine dá naomhthacht clódh, Go dian claoidhigh feasta mé ar easba gan aon-phioc stóir. Mo stór a chaitheas, níor ghabhas leis meón sa t-saoghal, Mar ba mhóide agam gur minic im bhéol Mac Dé, A dheigh Mhic úd nár dhúiltuigh an pháis nár dtaobh Go leighisfidh tú ár gcúmhangrach lá na n-aon. Lá na n-aon beidh spéir ar lasadh do shíor, A's clann clainne Éabhá ar aon chnoc caithfidh bheith cruinn, Beidh cáil gach n-aon go léir a's a mbearta dá sgríobhadh. I láthair aon Mhic Dé mar bheartaig an Rí. A threabha chlainne a chóirigh mo bhearta le cian, A' stróireacht ar bhóithribh a's an aindeise im dhiaidh, Dá seachnéochainn gach doibheart dár dheineas fós riamh Ba chóir dom a bheith dóchasach asat sa a Dhia. A Dhia an t-Athair do shealbhaigh na flaithis naomhtha, A Dhia an Mac d'fhulaing ar son na cine daonda, A Dhia an Spioraid Bheannuighthe thug solus dá h-aspalaibh naomhtha Gac ciach agus dochma dá mbeidh orainn go dtugair dúinn réidhteach. Réidhteach fuasgailt go dtigidh orainn féin ó chathair na ngrást, Ós gach géibhinn dá mbeidh orainn go bráth Le saor-fhuil t-Aon-Mhic a greadadh sa pháis Tabhair saor o'n uile bhaoghal sinn a's ó mhearbhall smáil. Imearbhall smáil d'fhágadh mise sa tsaoghal, De dheasgaibh clainne Éabhá do cráidheadh mé ag stracadh na ngéug A mhic Muire ná ngrást d'fhulaing bás peannaid a's péin, Fuasgail mo chás a dhianghradh, as mo shamhail ná tréig. Ná tréig mé a Spioraid Naomhtha thug solas don domhan, Ná leig i n-uile bhaoghal sinn as tabhair dúinn cabhair, Le saor-fhuil t-Aon Mhic a greadadh go lom, Tabhair saor o'n uile bhaoghal sinn ar eagla a bheith trom.
Is trom iad mo chortha is imearthach claon mo pháis; Do ba scéiméir mise níor ghabhas Muire mar sciath im láimh, Is fealltach mise a's im thuigsint i mbaoghal mar táim Le cabhair nár gcoinne go dtigidh Mac Dé na ngrást. An chaoin-bhean ba mhíne as dob' áilne scéimh, Is tú caoín bhanartla Íosa a's Máthair Dé, Bí im choinnleacht, déin díon dom i mbéarna an bhaoghail, Ó dhíomas mo naimhde a's go bráth bead saor. AN CHAORA ODHAR. Aréir a's mé go h-aoibhinn a's mé sínte ar mo thaobh dheas, Seadh tháinig aisling taoibh liom do spriogaigh mé thar meón; Gur mharbhuigheadar mo chaora ins an líne bhí taobh liom Gurab aoibhinn an féasta í as gurbh aerach ar bhórd. D'éirigheas suas im' sheasamh beó a's níor chreideas féin leath dá nglór Mo mhuinntir féin atá sa tréo a's ní baoghal dom go bráth Gur aithris an séimh-fhear b'fhéarr méinn a's tuairisg An nidh úd do h-innseadh a's is fírinneach mar tá. As a chaor' odhar mo chéad slán chúghat mar d'fhágais mé im' aonar Ingéibhinn fé dhaor-thart gan aon deoch ar m'fhághail 'Sé mo mhuirear sa bhí i ngábhtar a's i spléadhchas gach aoinne Gan súil le h-aon bhraon aca go mbéarfadh sí dhóibh Nách mairg dóibh a mhachtnamh é a's gur ghéarr ó cheannuigheas í go daor Mé i dtaobh le stoc an tsaoghail nách truagh mé 'na déoidh Ba thaca dom chun cíosa í, chun íoca a's chun éadaigh A's gur dhíon dom o'n mbraon í ins gach aon bhall dá ngéobhainn. Sí seo an chaora dóighte, ní dómhsa féin ar leithilig Is mór ar shil déora ag siúbhal bóithre na déidh Is cosamhail le híoc na fódhlacht ar tógadh led-airgead Mar is leór do gach óigfhear ba dhóbair a fhághail daor. Ni chreidim féin a labharaid ach an méid dá buidhean a bhailig sí Ag soláthar bídh a's leapthan chúcha ar shráid ná raibh saor, Gur chaill gach éinne 'om chomursain d'réir corónach a's dachad léi As gur ró bhréagh an tseóid í mar bhí an spóla ró dhaor. Dá bhfeicfeadh sibhse an éifeacht a's is mar sin féin do bhí sí Imeasg na gcuisle a thraochadh ag an daor anois sa chúirt A's gur dhein O Connell gleigeal déirc air mar ba ghnáth leis Mar gur shil sé gur brágha é bhí ar lámh gan aon chúis Dá mbeadh fhios ag Connell fios a slighe dobh fhonn leis croch a chur na súidhe A cheann a chur go barra an tíghe ar spíce go h-árd Geallaim-se le céill dibh má théigheann níos mó ann A shaoradh na déanfar a's is éigin do an bás.
Náire is aithis chúghaibh a fheamailí bhradaigh is measa clú Sé slighe é lean ur gcaraid rómhaibh is is cásmhar díbh é Mar léigheann an t-oideas múinnte tá ós cíonn na gcúig bparróiste Go ndíbrighthear na cionntaigh chun siúbhail as rióghacht Dé Nár thigidh pláig ná olc sa tír go bráth ná sínfidh chúcha súd a lámh Marbhán is íogaire ná í ar chlár chúcha inaghaidh an laé Do spriogaig ar mo chaoire do ídeadh le dúil i bfeóil A's fhios aca na gcroidhe istigh mé i dtaoibh leí mar lón. Dhith an Black go fairsing í, d'innis a cheacht go pras mar bhí A phreab isteach ar thaobh na dlíghe dfhonn cách d'fhághail daor Moladh le Rí na Glóire sé a dhóithin a fuair dá druim Gur dóigh liom ma bhéodhann sé nách cóir do bheith buidheach Léan a's lom a's lagar orraibh do shíor do gnáth go leanaidh sibh Rígh na ngrást i n-earrad libh i lá breithe Dé Ídeadh clainne Móiré orraibh do shéol an cat fé draoidheacht Gurab ar bhórd luinge a seóladar gan treó ortha go bráth. CAOINEADH AR AN ATHAIR MUIRIS UA CHAOIMH. Is mór an brón as an bhuadhairt sa tír seo, O Chorcaig na gcuanta go h-Uachtar Duibhneach, Ár dtreibh bhréagh uasal a tugadh suas go fíor-ghlan, Bród sgoth Gearaltach cé gur b'ainm Ua Caoimh dó. Ba bhréagh é do chuideachta id fhaire san oidhche, Bhí na naoimh na h-aingil a's na h-aspail id thimcheall; Ár dtíghearna naomhtha ag léigheamh do ghníomhartha, As an Mhaighdean Bheannuighthe ag tarrac na díghe chúghath. A Athair Mhuiris Ua Caoimh mo mhíle léan tú! Dochtúir diadhachta a bhíodh ag leigheas gach éinne; Fuairis glóire a's cómhacht ón Aon-Mhac, Is mo chúmha go mór mar is luath a thréigis. Níor bh'ionghnadh liom-sa dá ndúbhfadh na spéartha, No ná lasfadh an ghrian i n-Íarthar Éireann, Dá mbuailfídhe na cnuic anuas ar a chéile, San áit 'nar cailleadh an sagart bréagh naomhtha. Tá pobal na Carraige go h-athtuirseach céasta, Tá na mná diadhuighthe go diachrach id dhéidh-se, Do gheóbhaidh siúd sagart a mhaithfidh a mbréithre, Acht ní gheóbhaidh t-athair do mhalairt i n-aon chor. Le línn do mhairbh 'seadh tháinig t-athair i d'fhéachaint, A's do deirbhsiúr uasal bhí go huaigneach id dhiaidhse, Do dhruid sí anonn mo chúmha mo léan dubh! Cé gur síneadh go faon thú i gcodladh gan traochadh.
Bhí bean tighe an tsagairt go gradamnach séimh duit, Do thug sí gradam duit thar sagartaibh Éireann; Do bhíodh do bhreicfeast aici ar maidin go gléusta, Arán a's cáis imeadhon gach laé dhuit. Ba bhréagh liom do sheasamh ar fhaithche nó ar bhínnse, Nó ag rás led' chapall go barra na duithche, Cé gur bhuail an phian ar aghaidh an chroidhe thú, A's go bhfuaireadh marbh thú i mbaile cois taóide. IN IOMARAS NA COILLE. In iomaras na coille ar tuitim de'n drúcht aréir, Seadh do dhearcas im' choinne an ainnir- bhean álainn seimh, Do shíleas nár mhisde dhom tuitim i ngrascar leí, Nuair a dubhairt sí a dhuine taói ar buile 's ní dóigh dhuit mé. D'fhiafruigheas de'n ainnir go tapaidh cad a sheól í fé'm dhéin, Nó cá bhfuil do dhuine nó ar misde dhuit gabháil liom féin; Do labhair sí liom-sa go milis de'n chomhrádh béil, Go gcaithfinn-se imirt ar cluiche cúig cárta léi. Nuair a luigheann ar an imirt níor thuigeadh liom cómhaireamh géar, An t-aon nuair a thigeadh leis an gcurata do bhuaileadh é, Nuair a bhuaidh sise 'n cluiche is milis mar adubhart-sa léi Ní h-ádhbhar dhuit mise a chailleas an cúig le t-aon. A óigfhir gan cheangal is fada mé dubhach id dheoidh, Tar liom abhaile is geobhair airgead cruinn go leór, Cead luighe liom ar leabaidh chuirfhidh anam is brigh id ghlór Is in ionad bheith caithte geallaim duit arís beir óg. A ógh bhruinneall bharamhail, bhanamhail álainn óg, Ba bhinn liom ta labhairt chun tamhall do thabhairt id threó Mara mbeadh an ala bheag leanbh 'sa bhanarthla dubhach im dheoidh Is mé críonna lag caithte sim' bhallaibh á chlaoidh led' shórt. A óigfhir gan cheangal is fada mé dubhach id dheoidh, Tar liom abhaile is geobhair beath-uisge 's fíon ar bhórd; Geobhair marcaigheacht bhréagh fhada ar gheal- chapall groidhe sa ród Agus léar ar seacht bhfearainn de thalamh gan cíos go deó. D'eirigheas im sheasamh, do phreab mo chroidhe 's do léim, Nuair a cheapas go gcaitheadh an ainnir bhean saeghad tre'm thaobh, Ba chiúin is ba chneasta mar a spreagas léi fíor is bréag 'S ar an tarna glaodhach choiligh mo bheannacht do sgaoileas léi. CRÍOCH. Cearrbhach do b'eadh an fear so. Do bhí sé amuigh oidhche áirithe agus a bhean sa bhaile agus í tinn. Do cailleadh i gcaitheamh na h-oidhche agus do tháinig a sprid chun sgannra do chur ar a fear, agus anam a mhna a bhí 'san ainnir óig.
AN MINISTIR AGUS AN CAILÍN AIMSIRE. BHÍ ministir ann tráth a's do bhí cailín aimsire aige. Caitiliceach ab' eadh í acht mar sin féin bhí seisean an-cheanamhail uirthi. Do bhí mac ag an ministir a's do bhí sé i n-éad léi. B'é fáth an éada ná go bhfeiceadh sé sóillse gach oidhche 'na seómra tar éis aimsir codlata. Do chuaidh sé chúichi lá a's d'fhiafruigh sé dhi cad iad na paid- reacha a deireadh sí gach oidhche ag dul a chodladh di. Dúbhairt sí na deireadh sí aon phaidir mar ná faghadh sí neart air. Dúbhairt seisean go ndeireadh a's do bhí sé ag gabhailt di mar sin nó go ndúbhairt sí gurab iad so na paidreacha a deireadh sí ag dul a chodladh dí: — “Nuair luighim ar an leabaidh, luighim ar an uaigh, luighim leis an dTrionóid Naomhtha agus leis an Maighdean Muire, le Naomh Sheosamh a's le h-aingeal coing- leachta mo láimhe deise. Luighim síos leis na trí aingilibh órdha is sia agus is sine tá i gCathair na Glóire. Tar, a Mhichíl tabhair dom do lámh agus dein síothchán le Mac Dé dom má tá aon namhaid ar mo thóir. Rí na bflaitheas idir mé a's é. Tugann se m'anam dom' athair as d'Íosa na trócaire, A's dá bhfuil d'ainglibh i gcathair na Trionóide, Do Mhichéal naomhtha, teachtaire an Righ Ghlórmhair. Do Mhuire Naomhtha Bheannuighthe an banarthla a thóg Tú. A Íosa, a Íosa, a Athair 'sa Uain, Díbir na smaóinte malluighthe uainn. Más luighe dúinn más suidhe dúinn, más codladh más suan, A Íosa bí 'nár gcróidhe a's ár bhfaire gach uair. Guidhim ar Pheadar as guidhim ar Phól, Guidhim ar an Óigh a's ar a mac, Guidhim ar an dá aspal déag, A's nár théighimíd i n-éag gan a gcead. Tamall 'na dhiaidh san, d'fhiafruigh an cailín de'n mhinistir an íosfadh sé feóil De h-Aóine. Dúbhairt sé ná cuirfeadh sé suas dí nó go gcuirfeadh an bolán bán suas dá chuid bainne. Do chuaidh sé féin a's an cailín leis an mbainne go dtí an mbolán bán acht má chuadar ní bhlaisfeadh an bolán bán é a's d'imthigh sé ag búithrigh ar fuaid na páirce uatha. Do thánadar abhaile as dúbhairt an ministir go ndéanfadh sé féin an trosgadh. D'fhan sé mar sin ar feadh beagán aimsire a's é ag déanam an trosg- aidh. Do bhí an cailín síos a's suas ag friotháladh air. Turus dár chuaidh sí ináirde chuige, fuair sí marbh é. Seo anuas í agus dúbhairt le múinntir an tíghe go raibh an ministir marbh. Tairigidheadh anuas é a's fágadh istigh an lá san é no go dtáinig aimsir an aifrinn mar b'é an Domhnach a bhí ann. Nuair a bhí na daóine cruinnighthe d'eirigh sé aniar ar an mbórd a's má éirigh seo fear ag baint an dorais amach do féin acht sul a ráinig leis dul go dtí an doras thuit sé, a's má thuit ba gheárr go raibh beirt nó triúr anuas air tuitithe mar an gcéadhna. Dúbhairt sé leó gan aon eagla teacht ortha a's do labhair sé mar seo: — Do chonnac-sa íongantas ar thrácht an bhóthair, An teine ba lúgha aca, ní raibh aon dá theine ba mhó ná í, Bá mhó í ná dhá chéad isleán móna, Na sliabh challáin, m'uchlán, ce mór é.
Nuair a bhíonn an cholann go codhlatach suanmhar, Na cóinnle geala dá lasadh lastuas di, Na mná óga a's na déora ar a ngruadh 'ca, Siné nuair a bhíonn an t-anam ag tarrac san chruadhtan. Tháinig máthair an diabhail ar an dtaobh chlé dhom, Dabhacha braithilis aici dá dtaoscadh; I dá bhfuaradh go dtí na raibh luas na géuga, A's íota tarta ar m'anam-sa dá daoradh. Tháinig na maistíní ar gach taobh díom, A's a mbéil ar leathadh 'ca mar bheadh barra bó craosaighe; Mar a bheadh coinneal ag fliuchaigh ar thaobh chnuic, Ag iarradh mé stolladh a's do stracadh o chéile. Do tháinig Muire Mháthair a's do shuidh sí taobh liom, Do leath sí a brat a's a sgaball im thimcheall; Do chuir sí a lámh im lámh sa sínte, A's do rug sí leí mé saor o'n ngríosadh. Moladh le Muire mar dheineas an Aóine, Mar a mbeadh gur dheineas is mise beadh shíos leó, Do bheadh mo chuid fola na lugaibh im' thimcheall, As bheadh mo chuid feóla na luaithréan ciardubh. D'iompuigh sé féin agus a mhac annsan agus do mhair sé seacht mbliadhna 'na dhiaidh san ag teagasg na ndaóine. Do phós an mac an cailín aimsire a's do mhaireadar go sásta go lá a mbáis. CIARRAIDHEACH.
NEALA CHAM CHRATACH. BHÍ RÍ ann uair amháin agus bhí triúr mac aige. Bhí teach beag aca agus smaoitigh siad eatoru fhéin gur cheart dhaobhtha teach mór úr a dhéanadh. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc thoisigh siad a dheánadh an taighe agus nuair a d'éirigh siad ar maidín an darna lá bhí obair an chéad lae leagtha. Rinne siad obair lae eile agus bhí sé leagtha aríst maidín lá'r na bhárach. Annsin smaoitigh siad gur cheart do fhear aca fanacht na shuidhe agus coimhead. Andhiaidh lá oibre a dheánadh ar an teach, dúbhairt an mac a ba shine go bhfanochadh, seisean na shuidhe an oidhche sin. Shuidh sé astuigh sa teach úr. Drátha an do dhéag thainic dhá bhean asteach agus cónair leo, d'imthigh seisean na bhaile acht níor leig sé a dhath air fhéin agus bhí an teach leagtha aríst lá'r na bhárach. Rinne siad lá oibre eile ar an teach agus an oidhche sin choimhead an darna mac. Chonnaic sé an rud céadna a chonnaic an fear eile agus theith seisean na bhaile fosta agus níor leig sé a dhath air fhéin agus bhí an teach leagtha aríst maidín la'r na bhárach. Acht chuir siad suas aríst é agus an oidhche sin chuaidh an tríomhadh mac le suidhe sa teach, thug sé leis buideal uisge coisreactha agus paca cardaí. Nuair a bhí sé na shuidhe astuigh sa teach agus é ag gabháil do na cardaí thainic na mrá agus an chónair asteach, chraith seisean an t-uisge coisreactha. D'fhiafruigh bean aca de an n-imreochadh sé cluiche cardaí léithe, dúbhairt sé go n-imreochadh agus thoisigh an imirt. Bhain seisean cúpla cluiche a chéad uair, thoisigh sise a bhaint annsin agus bhain sí léithe a oiread, ionnas nach rabh seisean abulta díol léithe. Thoisigh mac an rí ag éirighe buadhartha agus ní rabh fhios aige goidé a dheánfadh sé. Dúbhairt sí annsin ó tharla nach rabh sé abulta díol go gcuirfeadh sí faoi gheasa é a ghol agus an Cluibistín Maol a bhí sa domhan thoir a thabhairt chúici. D'imthigh sé go buadhartha brónach na bhaile. Nuair a d'éirigh sé maidín la'r na bhárach chuaidh sé go dtí Cailleach na gCearc agus d'iarr sé a comhairle. Dúbhairt sí leis a ghol na bhaile agus dhá thuirtín aráin a dheánadh, ceann fa na choinne fhéin agus ceann fa choinne fathaigh, mar go mbéadh sé a dteach fathaigh an oidhche sin. Dúbhairt sí leis nuair a rachadh sé fhad le teach an fhathaigh a bheith na fhear ghasda agus nuair a d'fhosglóchadh an fathach a bhéal an tuirtín a chathadh asteach. Chuaidh sé fhad le teach an fhathaigh an oidhche sin. Ní rabh sé a bhfad astuigh go dtainic an fathach, tharraing sé srann ag tabhairt iarraidh air le na ithe agus bhuail sé dhá thaobh an taighe ar a chéile. Acht chaith mac an rí an tuirtín agus chuir sé asteach a mbéal an fhathaigh é. Bhí luthghair ar an fhathach, bhí fhios aige go rabh an buachaill seo aig a leas-dheirbhshiúr agus shuidh sé síos go mbéadh comhradh aige leis. Budh í Cailleach na gCearc leas-dheirbhshiúr an fhathaigh. Rinne an fathach dhá thuirtín an oidhche sin agus dúbhairt sé le mac an rí go díreach mar dúbhairt Cailleach na gCearc
leis roimhe sin, go mbéadh sé a dteach fathaigh oidhche lá'r na bhárach agus go gcaithfeadh sé a bheith gasda agus an tuirtín a chathadh asteach ann a bhéal. D'imthigh sé ar maidín agus thainic sé go dtí teach an fhathaigh. D'éirigh gach rud leis mar d'éirigh an oidhche roimhe sin. An oidhche sin dúbhairt an fathach leis go mbéadh sé lá'r na bhárach aig bárr trágha agus go dtiocfadh Neala Cham Chratach go dtí an tráigh sin agus dhá chloigeann déag fear léithe 'á nighe fhéin. Annsin da mbéadh seisean na fhear ghasda a ghol agus cuid éadaigh Neala Chaime a thabhairt leis. Acht da sárochadh seo air, dúbhairt an fathach leis go mbéadh Neala Cham na h-éan fosta agus go rachfadh sí suas go dtí bárr cnuic. D'iarr sé air annsin sapog choirce a thabhairt leis suas agus í a chrathadh agus a bun agus a bárr a bheith le chéile, agus annsin an t-sapog a cheangal thar na chorp fhéin agus go dtiocfadh an t-éan a ithe an ghráin agus nach mbéadh muill air breith air. Budh í Neala Cham nighean rí an domhain thoir agus bhí sí faoi gheasa agus bhí sí le bheith mar sin go bhfuigheadh an mac seo greim uirthi na h-éan annsin d'imtheochadh na geasa dhuithe. Thuit gach rud amach mar dúbhairt an fathach d'imthigh na geasa de'n mhnaoi agus thug sí léithe mac an rí chum an domhain thoir go dtí go bpósfadh sí é. Bhí fearg ar a h-athair fá'n phósadh agus bhí sé fa choinne an bheirt a chuir chum báis. Thoisigh sé a mhallachtaigh ortha agus dúbhairt sé leis an fhear go gcuirfeadh sé chum báis é roimh an dó dhéag lá'r na bhárach muna mbéadh cloidhe aige ar gharadh mór roimh an am sin. Chuaidh mac an rí amach agus é buadhartha brónach agus thoisigh ar an obair agus gach cloch da gcuirfeadh sé suas thiocfadh trí cinn anuas. Chuaidh Neala Cam amach bheir sí ar phráib leis an spáid agus chuir sí suas é agus bhí an cloidhe tógtha aici. Thainic siad asteach annsin agus d'innis an buachaill do'n rí go rabh an obair déanta. Dúbhairt an rí leis go rabh bóiteach aige nár glanadh amach le dhá bhliadhain déag agus gur chaill a mháthair mhór snáthad ann agus muna mbéadh sé glan amach agus an t-snáthad aige roimh an dó dhéag lá'r na bhárach go n-íocfadh sé an píobaire. Chuaidh sé amach agus thoisigh sé ar an obair agus nuair a chaithfeadh sé amach práib thiocadh trí phráib asteach. Chuaidh Neala Cham amach chaith sí amach práib amháin agus bhí an bóiteach glan agus fuair sí an t-snáthad. Thug sí an t-snáthad do'n bhuachaill agus d'imthigh sé chuig an rí agus dúbhairt sé leis go rabh an obair déanta agus an t-snáthadh aige. Dúbhairt an rí “mo mhallacht duit fhéin agus oide do mhúinte.” Acht ní rabh mian aig an rí é leigint ar shiúbhal agus dúbhairt sé go gcaithfeadh sé a ghol agus breith ar an Chluibistín Mhaol agus a thabhairt chuige. Ní fhanóchadh an Cluibistín seo le h-aoinneach acht an rí nó a nighean. Nuair a chualaidh an buachaill seo bí a chroidhe da réabadh le buaidhreadh agus brón. Acht thainic Neala Cham chuige agus d'iarr sí air a ghol asteach na bhóitigh agus an sean sraen briste bearnach a bhí a gcúl an dorais a thabhairt amach, annsin a ghol agus seasacht ar chloich ghlais a bhí a n-áit éigin agus an sraen a chrathadh trí h-uaire ann a h-ainm-sean agus go dtiocfadh an Cluibistín Maol agus go gcuirfeadh sé a cheann asteach sa t-sraen. Rinne sé mar a dúbhairt sí leis, thainic an Cluibistín, chuir sé a cheann asteach agus thug an buachaill leis é. Thaisbeánn sé do'n rí é agus dúbhairt an rí “mo mhallacht duit fhéin agus oide do mhúinte, dá ndéanfá sin agus oiread eile crochfidh mé thú ar an dó-déag amárach.” Bhí buaidhreadh agus bhrón ar an bhuachaill nuair a chualaidh sé seo, acht thainic Neala chuige agus dúbhairt sí go ndéanfadh sí dhá thuirtín, ceann le labhairt le na h-athair nuair a rachadh sé go dtí na sheomra le na
musgladh ar maidín agus nuair a fhos- glochadh sé doras an t-seomra bhogfadh an tuirtín eile agus chuinneochadh sin a h-athair ag fanacht. Bhí siad fa choinne an rí a chuinneilt co mall agus thiocfadh leo. Nuair a fágadh na tuirtíní sa leabaidh d'imthigh an buachaill agus Neala Cham ar an chapall a ba ghuiste sa stábla. Thug siad leo a mbasgaid trí choileán cú a bhí sa stábla fosta. Chuaidh an t-athair go dtí seomra mhic an rí ar maidín lá'r na bhárach. Labhair sé agus thug tuirtín amháin freagra air agus bhog an ceann eile. D'fan sé tamall acht fa dheireadh d'fosgail sé an doras agus ní rabh a dhath le fagháil aige acht an t-arán. Amach leis go dtí an stábla agus thug leis an capall ab fheárr ann agus an sean-chú. Bhí an bheirt eile giota maith ar shiúbhal anois, acht bhí fhios aig Neala Chaim go leanfadh a h-athair í agus d'iarr sí ar a fear coimhead na dhiaidh. Chonnaic seisean an marcach agus an cú ag teacht, annsin leig sise síos ceann de na coileáin, bheir an sean-cú ar an coileán agus phill sé na bhaile leis, agus nuair a thainic sé aríst fhad leis an athair bhí an péire eile giota maith chum tosaigh. Thainic an t-athair suas leo aríst agus nuair a chonnaic Neala Cham iad ag teacht, leig sí síos ceann eile de na coileáin agus rinne an sean-cú mar rinne sé roimhe, chuaidh sé na bhaile leis agus nuair a phill sé aríst tharla an rud céadna. Acht lean an t-athair agus an sean-cú iad an ceathramhadh uair agus nuair a chonnaic Neala Cham iad ag teacht, d'iarr sí ar a fear a mhéar a chuir faoi dheor a bhí ar a gaothsan agus go n-éireochadh loch fhairrge roimh a h-athair. Acht shnámh an t-athair agus an capall trasna, agus nuair a chonnaic an péire eile seo d'iarr Neala Cham ar a fear cípín soluis a cathadh síos ar an talamh agus go n-éireochadh coill roimh a h-athair. Annsin las sí cípín soluis eile agus cuir sí an choill tré theinidh agus dóigheadh a h-athair. Chuadar ar aghaidh annsin go socair ag tarrainght ar an domhan thiar agus nuair a bhí siad a chomhair taighe an rí, d'iarr Neala Cham ar mhac an rí a ghol na bhaile agus ise a fhágailt annsin agus sgéala a thabhairt go rabh strainsear ag teacht. Dúbhairt sí leis fosta gan leigint do aoinneach póg a thabhairt dó. D'imthigh seisean na bhaile agus bhí luthghair mhór roimhe. Bhí coileán beag sa teach, léim sé suas air agus thug póg dó agus na dhiaidh sin char smaoitigh mac an rí ar an strainsear a d'fhág sé na dhiaidh. Tamall na dhiaidh seo thuit sé a ngrádh le bean eile agus bhí siad le pósadh. Nuair a chonnaic Neala Cham nach rabh mac an rí ag teacht chuaidh sí suas a gcrann agus d'fan sí annsin. Tugadh cuireadh do gach duine go bainnis mhic an rí. Bhí ceardcha chomhair an chrainn ann a rabh Neala Cham. Tráthnóna na bainse chuir an gaba amach bean dhá chuid nigheanacha go dtí tobar a bhí aig taobh an chrainn seo fa choinne uisge. Chonnaic Neala Cham í ó'n chrann agus nuair a d'amharc nighean an ghabha síos san tobar chonnaic sí sgáil Neala Chaime shíos ann. Síl sí gurbh í a sgáil fhéin a bhí ann mar nach bhfacaidh sí an bhean dheas dhóigheamhal a bhí sa chrann. Dúbhairt sí léithe fhéin gur mór an truaighe bean co deas léithe-sa a bheith na comhnuidhe a gceardcha agus chaith sí í fhéin asteach sa tobar agus báitheadh í. Thainic nighean eile amach agus d'éirigh an rud céadna dúithe. Nuair a b'fhada leis an ghabha gan a chuid nigheanacha a theacht chuaidh sé fhéin amach go bhfeicfeadh sé goidé bhí contrailte. Chonnaic sé goidé tharla uilig agus chonnaic sé fosta an phéarla dheas sa chrann. D'iarr an gabha uirthi a theacht anuas agus a ghol na bhaile leis, go rabh bainnis ann an oidhche sin agus go rabh cuireadh aig gach duine. Dúbhairt sí nach rachadh na go rabh droch éidiughadh uirthi fa choinne bainnse.
Le sgéal fada a dheánadh goirid chuaidh sí leis na bainnse agus shuidh sí taobh astuigh de'n doras. Bhí sí na suidhe annsin tamall fada gan labhairt na amharc thart. Fa dheireadh dúbhairt duine eigin léithe gur cheart dhúithe cuid de'n chuideachta a bheith aici agus d'iarr fear uirthi a ghol a dhamhsa leis. Dúbhairt sí nach rachadh acht na dhiaidh sin go ndéanfadh sí rud eigint- each. Chuaidh sí go dtí tábla a bhí ann agus chaith sí amach gráinín coirce agus éan coiligh agus éan circe. Thoisigh an dá éan a throid agus fa dheireadh d'ith an coileach an gráinín. Annsin labhair an chearc agus dúbhairt leis an choileach: “Cha n-íosfá mo ghráinín nuair a bhí tú sa domhan thoir agus cloidhe agat le cur ar gharadh.” Chaith sí amach gráinín eile agus d'ith an coileach é agus dúbhairt an chearc: “Cha n-íosfá mo ghrainín nuair a bhí tú sa domhan thoir agus bóitheach agat le cartughadh.” Chaith sí amach grainín eile agus d'éirigh an rud céadna de agus arsa an chearc aríst: “Ca n-íosfá mo gráinín nuair a bhí tú sa domhan thoir agus agat le breith ar an Chluibistín Mhaol.” Annsin bhí fhios aig mac an rí gur bh'í seo a bhean cheart agus d'innis sé an sgéal uilig do na daoinibh a bhí a láthair. Dúbhairt a bhean úr leis a bhean cheart, Neala Cham, a chuinneilt agus rinne sé seo agus pósadh iad agus mhair siad go sona séanmhar go bhfuair siad bás. SEUMAS MAG FHIONNGHAILE.
CUALLACHT CHUILM CHILLE. Naomh Colm (521-597). CURSAÍ NA BLIADHNA. AN choiste. Roinn Mhuire: — Donnchadh de Róiste, uachtarán; Pádraig Ó Néill, leas- uachtarán; Tomás Ua Spealáin, cisdeoir; Micheál Mac Amaltoinn, scríobhaidhe; Seán Ó Conbhuidhe; L. Ó Laoidhléis; P. Mac Tomáis; D. Ó Riain; P. Ó Curraidhin; M. de Langphort. Roinn Ioseph: — M. Ó Laoi; S. Mac Giolla Fhionáin; P. Mac Craith; P. Ó Críodáin; M. Ó Laoi; P. Ó Loinghsigh. An scéal atá le h-innsint againn i mbliana, ní miste é do chraobhscaoileadh, mar cuirfidh sé dóchas i gcroidhthibh na nGaedheal a chloisint a fheabhas is a threise is tá cúis na Gaedhilge ag dul ar aghaidh 'nár measc. Tá a lán ag brath ar na sagartaibh chun an teanga do shábháil, agus tá súil ag na daoinibh le congnamh d'fhághail uatha. Do réir mar a bhí an obair ar siubhal i mbliana tá gach deallramh nach gclisfear ar na daoinibh sin, acht go dtabharfar an congnamh nuair a thiocfaidh an t-am chuige. Tá an t-ollmhúchán 'á dhéanamh, pé 'r domhan é. Is mó an meas atá ar an nGaedhilg anois, agus is láidre an fonn chun í do labhairt de ghnáth ná aon mheas ná fonn a bhí ann le fada. Comhartha maith é sin. Nílmíd chómh Gaedhealach is ba
cheart dúinn, fós, ná i ngar dhó, acht an fhaid is gur ag dul chum cinn atámuid, dá mhaille é, níl aon chúis gearáin againn. Táthar ag tosnú ar an scéal do thuiscint 'na cheart anois. Tá sé 'á bhuaileadh isteach 'na n-aigne a riachtanaighe dhúinn is tá an teanga dúthchuis má's mian linn sprid an dúthchuis do choimeád beó. Tá sé 'á chur i n-iúl dóibh go soiléir nach aon mhaitheas bheith ag cainnt ná ag maoidheamh as a láidreacht is tá sprid na saoirse agus smuainte naisiúntachta muna ndeintear na gníomhartha d'á réir, nach aon tairbhe dúinn bheith ag casadh asmhúchán le réim na nGall má leigimíd thart an chaoi atá againn ar ghreim an Ghalldachais do bhogadh. Tá daoine ann a cheapann nach bhfuil uainn acht riaghaltas Éireannach do chur ar bun i mBl' Átha Cliath agus do dhéanfaí gach galar do leigheas gan a thuille moille. Tá dearmhad mór ortha. Déanfadh riaghaltas Éireanach áise mhór dúinn gan amhras acht caithfidh gach uile duine a chion féin do dhéanamh chun an Galldachas do dhíbirt. Is neamh-nidh an smácht atá ag an Sasanach ar an gcorp ar mhuinntir na tíre seo, seachas an smacht atá aige ar an aigne ortha. Ba mhait linn idir corp is aigne do shaoradh ó'n smacht sin acht ní fuláir cur chuige go reidh. Níl sé ró-uras an corp do shaoradh mar buaidheann neart ar an gceart go minic; ní mar sin do'n aigne amhthach. Ní féidir leis an Sasanach ná le h-aoinne eile smacht d'fhághail ar an aigne orainn 'nár n-aimhdheóin agus ní lugha nach féidir leis an smacht sin do choimeád air. Tá sé ar ár gcumas ár n-aigne do shaoradh go h-iomlán uaidh acht an t-iarracht do dhéanamh air i n-am agus dairíribh. Sidí an obair atá curtha roimis ag Cuallacht Chuilm naomhtha do dhéanamh ná ár n-aigne do Ghaedhealughadh annso ionnus go mb'fhéidir linn aigne na ndaoine eile do Ghaedhealughadh nuair a raghaimíd amach 'na measc. Obair “do chum glóire Dé agus onóra na h-Éireann” 'seadh an obair sin. Is feárrde an tír seo na daoine bheith Gaedhealach mar 'sé is dual sinnsir dóibh; is feárrde an creideamh é, leis, mar dá Ghaedhealaighe a bheidh siad 'seadh is daingne a bheidh greim ar an gcreideamh acu; an rud is mó atá ag cur i gcoinnibh an chreidimh sa dtír seo, 'sé an Galldachas é. Ní miste dúinn, mar sin, aire mhaith do thabhairt do chúis na Gaedhilge. 'Sí an Ghaedhilg an módh díreach chun croidhe an duine Ghaedhealaigh do shroisint, agus is fiú do'n tsagart í do bheith mar gléas aige. Rud eile, ba chóir do'n tsagart bheith oilte ar an nGaedhilg mar gheall ar a mhéad de chongnamh is féidir leis a thábhairt dí agus í i gcontabhairt a caillte. An áit 'na bhfuil an Ghaedhilg ag an sagart agus é ag obair ar a son, is geárr go mbeidh an pharóiste ar fad ag déanamh aithris ar a dheagh-shompla agus ag obair ar son na Gaedhilge chómh maith leis. Ní h-iongnadh, mar sin, go gcuirimíd an oiread sin suime ins an gcúis annso. Ní h-iongnadh go bhfuilmíd a d'iarraidh ar ár ndicheall an teanga do chraobhscaoileadh. Ba mhaith linn an Ghaedhilg do bheith mar gnáth-theanga ag gach uile duine againn acht ní féidir é sin go fóill “I ndiaidh a chéile a tógtar na caisleáin,” agus tá caisleán mór daingean na Gaedhealtachta le tógáil againne. Tá an bun curtha cheana agus beifear 'ghá thógáil níos aoirde i ndiaidh ar ndiaidh. Is beag am atá againn chun an teanga do shaothrughadh, agus nuair nach bhfuil cleachtadh mhaith ag duine uirthi is deacair bheith a' casadh leí an t-am is mó a theastuigheann sos uaidh. Uime sin, dob' éigin uaire áirighthe do cheapadh chun Gaedhilg do labhairt agus cuireadh buidhne le chéile i dtreó go mbeidh taithighe mhaith againn uirthi i gcionn tamaill. Tá cunntas na mbuidhean sin annso thios againn.
NA BUIDHNE. Bíonn dá shaghas buidhean ann; an chéad shaghas, 'siad na buidhne a bhíonn ar siubhal ar maidin agus leanann siad le chéile gach maidin i rith na bliadhna ar fad. Bíonn tosnuightheóirí agus cainnteóirí agus múinnteóirí le fághail ionnta ag foghluim na Gaedhilge ó n-a chéile. Do cuireadh timchioll trí fichid cinn díobh (idir Roinn Mhuire agus Roinn Ioseph) ar siubhal i dtosach na bliana agus deineadh obair mhaith dhúthrachtach ionnta ó shoin. Tar éis an Nodlaig ba ghnáthach i gcómhnuidhe laghdughadh a bheith le h-aireachtaint ins na buidhnibh sin, acht í mbliana. Is amhlaidh a bhí daoine eile ag teacht chughainn 'á iarraidh orainn buidhne do sholáthar dóibh. Sin dul-ar-aghaidh sa mbreis atá déanta againn agus anois támuid chun iarracht a dhéanamh ar iad do choimeád le chéile go dtí an samhradh. Ní iarrtaoi ortha roimhe seo acht leana- mhaint ionnta go dtí an Cháisc. An dara saghas, 'siad na buidhne a bhíonn ar siubhal taréis an lóin, agus istoidhche taréis an tsúipéir. Ní bhíonn ionnta san acht daoine gur féidir leó cómhrádh do choimeád ar siubhal as Gaedhilg, agus deintear na buidhne d'athriarughadh gach seachtmhain i dtreó gurab usa dhóibh adhbhar cainnte do bheith acu. Tar éis an lóin bíonn timchioll trí fichid duine ins na buidhnibh sin gach seachtmhain agus an Ghaedhilg ar siubhal acu chómh bríoghmhar agus bhíodh an Béarla nach mór. Istoidhche bíonn i bhfad níos mó againn mar ní bhíonn siad chómh tuirseach an t-am sin agus bíd um an meadhon-lae. Timchioll fiche duine is céad a bhíonn ionnta i dtreó go mbíonn an oiread Gaedhilge is Béarla le cloisint uaireannta ag dul mór-thimchioll na páirce dhúinn. Beidh cainnteóirí na Gaedhilge ag eighre níos líonmhaire gach bliain de bharr na mbuidhean sin. Bhídis ar siubhal anuraidh, leis, acht ní raibh an méad céadna de dhaoinibh ionnta agus annsin, leis, tá iarracht ar bárr iarrachta déanta againn. CONGNAMH NA GCARAD. Ní bhéadh an scéal chómh maith san ná aon bhreith againn air muna mbeadh a fheabhas is a fhialmhaire a chuidigheadh linn ó h-am go h-am chun an sprid do ghéarughadh agus gan leigint dí aon mhaolughadh teacht uirthi. I dtosach na bliana do thug an dochtúir uasal de Brún léigheacht léigh- eannta fhuinneamhail dúinn ar “an nGaedhealtacht” agus ní misde a rádh gur ghríosuigh sé go maith sinn chun obair do dhéanamh ar son na teangan. Bhí léigheacht eile againn tar éis an Nodlaig ó'n nDochtúir uasal Ó Modhráin. Do labhair sé go blasda leis, ar chúrsaibh na teangan agus chuir sé 'na luighe orainn an dualgas atá orainn chun í d'fhoghluim. Acht an duine is mó a chuidigh leis an gcúis agus a chuir misneach agus meanma ionainn, dob' é an sagart uasal oirdheirc, an t-athair ó Conghaile, fó-chisdeóir na coláiste. Níl acht rainnt bheag de bhliadhntaibh ó bhí sé annso 'na mhac léighinn ag obair ar son cúise na teangan sa gCuallacht agus is eisean a dheineadh a chuid oibre go dúthrachtach; ba bheag de a d'fhágh sé gan déanamh, pé scéal é, agus tá toradh a chuid saothair le feiscint i n-a lán áiteanna fós. Níorbh iongnadh mar sin go raibh áthas ar an gCuallacht é do bheith thar n-ais arís mar bhí fhios againn go mbéadh sé ar a chumas níos mó ná riamh do dhéanamh chun an choláiste seo do Ghaedhealughadh. Ní rabhmar i bhfad ó'n gceart acht amháin go bhfuil níos mó déanta aige ná mar a bhí coinne ag aoinne leis. Gur buan fada dhó ag cuidiughadh leis an gcúis. TEACH NA SÓISEAR. Is dóchasach an scéal a cuireadh anall chughainn ó Theach na Sóisear i mbliana, leis.
Ní bhéadh aon mhaitheas dúinne bheith ag obair ar son na Gaedhilge dá mba nach raibh na daoine a bheidh ag teacht 'nár ndiaidh ullamh chun an obair sin do choimeád ar siubhal. Ní baoghal dí, ámhthach, do réir gach cunntais. Tá an chaoi níos feárr acu anois ann, óir is éigean do gach duine díobh cuidmhaith de'n Ghaedhilg do bheith aige ag teacht isteach dhó. Níl siad ag tabhairt droma leithi annso acht an oiread. Tá céad buachaill sa chéad rang agus tá an Ghaedhilg mar adhbhar fromhtha sa gcéad scrudú san “Arts” ag an uile duine aca acht amháin cúigear nó seisear. Cloisfear uatha-san fós. Tá an Ghaedhilg mar adhbhar fromhtha le h-aghaidh na céime ag trí fichid duine nach mór, ins an dara rang agus sáruigh- eann sé sin ar an méad a bhíodh ann roimhe seo. Taisbeánann an méad san go bhfuil an-mheas acu uirthi agus tá súil againn gur ag méadúghadh a bheidh an meas sin i n-aghaidh na mbliain. Acht ní h-eadh amháin go bhfuiltear 'gha foghluim ann, táthar 'ghá labhairt, leis. Bhí Donnchadh Ó h-Eidhin mar uachtarán ar an gcoiste ann agus dhein sé a chuid oibre go dian-mhaith ó thosach. Trí buidhne déag ar fhichid a cuireadh ar siubhal an deireadh fóghmhair seo ghabh tharainn agus d'oibrigheadar go maith go dtí an Nodlag. Bhí an sean-scéal acu go ceann tamaill tar éis na laethanta saoire; bhí an sprid soir siar le tuirse agus le droch-aimsir go dtí gur múscladh arís í le h-oráid bhreágh bhríoghmhar ó'n Athair Ó Conghaile. Do tosnuigheadh ar an nGaedhilg do labhairt tar éis an tsúipéir ann, leis, agus tá ag eirghe go maith leó. CÚIRT NA nGAEDHEAL. Níor eirigh acht go measardha linn sa gCúirt i mbliana. Bhí “paipéirí” agus diaspóireachta ar siubhal ann, agus bhíodh plód maith i láthair acht 'siad na daoine céadna a bhíodh ag cainnt ann gach oidhche nach mór. Ba chóir do gach duine tuairim do thabhairt gan scáth gan eagla ar cheist ar bith a bhéadh 'á pléidhe. Is mar sin a cuirfear snas agus blas ar an gcainnt againn. AN FÁINNE. Tá lucht an Fháinne ag eighre níos líon- mhaire i n-aghaidh na bliana. Anuraidh ní raibh acht trúir déag nó mar sin againn ann; tá breis agus a dhá oiread sin ann fé láthair. Cuidigheann sé go mór le cúis na Gaedhilge gasradh d'a leithéid do bheith 'nár measc, gasradh nach labharfaidh le n-a chéile acht an Ghaedhilg bhinn bhlasta, is cuma cé bheidh 'na dteannta. Sin aith- bheodhadh na Gaedhilge dáiriribh. Fé mar a bheidh an cumann sin ag dul i méad, beidh an chúis ag dul i dtreise agus tá súil againn nach fada uainn an lá go dtí go mbeidh an uile duine againn fá gheasaibh an Fháinne. 'Sé an chaoi is fearr atá againn chum cómhacht an Ghalldachais do bhriseadh, agus chum a ceart féin do thabhairt do theangain ársa na nGaedheal. Gach duine a thagann isteach sa bhFáinne, tá níos mó 'á dhéanamh aige ar son a thíre ná mar atá ag na daoinibh go bhfuil a lán cainnt acu ar ghnóthaibh na bhfear thall acht gan aon tsuim acu 'á cur i n-a ngnó féin. Is minic gurab iad na daoine is lugha gníomh is mó cainnt, agus, an chuid is measa de'n scéal ní as Gaedhilg a bhíonn an chainnt sin i gcómhnuidhe. Ba chóir do gach duine a chion féin do dhéanamh ar dtúis agus annsin b'fhéidir gur lughaide an fonn a bhéadh air oibreacha an fhir thall do cháineadh. Pé'r domhan é, ní miste do gach Gaedheal bheith ag cuimhneamh ar an bhFáinne agus rún do cheapadh chun leanamhaint do'n Ghaedhilg go dtí go mbeidh sí saor ó'n gcontabhairt atá ag bagairt uirthi le fada. Na fíor- Ghaedhilgeóirí 'siad na daoine a ghrádhann agus a labhrann teanga na nGaedheal. Go gcuiridh Dia rath ortha.
CLANN AN GHRAMHNAIGH. Cumann beag eile le h-aghaidh na ndaoine nach bhfuil sáthach maith chun bheith sa bhFáinne 'seadh “Clann an Ghramhnaigh.” Anuraidh a cuireadh ar bun é agus mar sin, níl sé acht ag stracadh leis an saoghal fós. Timchioll trí fichid duine a bhí ann i mbliana. Thugadar geallamhaint an Ghaedhilg do labhairt nuair nach mbéadh acht iad féin le chéile. Do choimhlíontaoi an gheallamhaint sin cuimheasach maith roimh an Nodlaig acht 'na dhiaidh sin is beag a cloistí uatha. Bhí coinne againn gur amhlaidh san a bhéadh. Níl an rith cainnte ró-mhaith ag an bhfurmhór de mhuinntear “na Cloinne” fós agus nuair nach bhfuil bíonn sé deacair bheith ag casadh ó'n mBéarla sa gcómhrádh choitcheannta. Nilmíd 'ghá thógáilt ortha, mar sin, acht béimíd ag brath ar níos mó a chloisint uatha an blian seo chughainn. Ní mór an tairbhe bheith ag cleachtadh na Gaedhilge ins na buidhnibh muna mbainimíd feidhm as sa ngnáth-chainnt i rith an lae. CEÓL NA nGAEDHEAL. Tá athrúghadh mór tagaithe orainn i gcúrsaibh ceóil tar éis oibre na bliana seo. Ba mhithid é. Dob' fhada dhúinn bheith cráidhte ó bheith ag éisteacht leis an sórt ceóil a tugtí anall chughainn ó Shasana agus ó thíorthaibh eile. Cheapfá nach raibh aon cheól ag muinntir na h-Éireann ná aon eólus acu ar cad a bhaineann leis. Ní raibh aon seó acht an tsuim a chuirtí sa gceól Ghallda agus a laighead meas a bhí ar cheól ár muinntir féin. Tá a mhalairt de chrot ar fad ar an scéal atá againn i mbliana, agus tá súil againn nach mbeidh aon fhilleadh thar n-ais ar an sean-scéal gránda. Do'n Athair Ó Conghaile 'seadh atá buidheachas an athruighthe sin ag dul agus ní miste dhúinn é do ghabháil dhó go flaitheamhlach, mar is eisean a chur na fuinn agus na puirt Ghaedhealacha ar eólus dúinn i rith na bliadhna agus a chruthuigh go cinnte nach eadh amháin nach bhfuil ceól na h-Éireann chómh binn agus chómh bríogh- mhar le h-aon cheól eile acht gurab amhlaidh go bhfuil sé i bhfad níos feárr agus i bhfad níos feileamhnaighe do Ghaedhealaibh ná ceól ar bith eile dá bhfuil sa domhan. Roimh an Nodlag bhíomar a' d'iaraidh buidhean ceóil do chur ar bun agus bhí sé ag teip orainn; annsan tháinig an t-Athair Ó Conghaile agus labhair sé linn 'na thaobh; do mhínigh sé an scéal ar fad agus thais- beáin sé cionnus ba cheart an bhuidhean do chur ar aghaidh; do sholáthruigh sé a lán port dúinn agus thug sé dúinn iad dho réir an tsean-nóis agus ó shoin i leith tá biseach mór ar an scéal. Bhí Pádraig Ó Maoláin mar stuirthóir ar an mbuidhin agus níor dhein sé aon dá chuid d'a dhícheall chun ceól ár dtíre féin do chur fé áird agus fé mheas mar is cóir. Tá an-mhaitheas déanta aige cé nach raibh acht beagáinín aimsire aige, acht “tosnu' maith leath na h-oibre.” Níor saothar i n-aisce an méad a dhein an t-Athair Ó Conghaile agus Pádraig sa mbuidhin sin. Bhí a thoradh le féiscint sa gcuirm cheóil a bhí ar siubhal oidhche lae Fhéile Phádraig. Do tugadh druim leis an nGalldachas agus ceól Gaedhealach ar fad nach mór a bhí le cloisint ann. Aoinne a bhí ag éisteacht leis “an dtriúr” agus an feidhm a bhaineadar as sean-phuirt na hÉireann, ní fhéadfadh sé gan a rádh gur feárr go mór na h-amhráin agus na fuinn atá i mbéalaibh ár ndaoine féin ná aon rud d'a dtugtar thar lear. Bí cuid mhaith de'n Ghaedhilg ann an oidhche chéadna agus is mór an chreideamhaint atá ag dul do'n gcoiste d'a bhárr. Tá tosnuighthe go maith acu sa deireadh ach leanamhaint leis. SLÁN AGUS BEANNACHT. Agus anois, a léighteóirí Gaedhealacha, sar a fhágfamuid slán agus beannacht
agaibh, aon athchuinge amháin oraibh. Támuid ag iarraidh ar gach duine agaibh a chion féin, cion fir, do dhéanamh ar son teangan dúthchuis na h-Éireann. Ní h-é an rud céadna is féidir le gach duine a dhéanamh acht is cuma. Déanaidh pé rud atá ar bhur gcumas a dhéanamh agus beimíd lán- tsásta libh. Cion fir do chuid agaibh an Ghaedhilg d'fhóghluim: tosnuighidh gan a thuille moille, níl sé déidheanach ag aoinne; ní mór ó dhaoinibh eile agaibh í do labhairt go minic: caithidh uaibh an Béarla agus ná labhraidh acht an teanga a thug Dia dhaoibh. Tá daoine eile ann agus is féidir leó cabhrughadh leis an gcúis ar shlighthibh eile; is féidir cuallacht dhiadha, nó buidhean cheóil, nó cumann diaspóireachta do chur ar bun i n-a lán áiteanna agus ba bhreágh an rud é ar son na h-Éireann aon cheann acu. Is mar sin a thaisbeánfar go bhfuil na Gaedhil dáiríribh; go bhfuil tréithe an dúthchuis agus smaointe na saoirse go daingean 'na gcroidhe; go bhfuil sé de rún acu gach rian de'n Ghalldachas dhéisteanach do dhíbirt glan as an dtír mar is namha do'n gcreideamh agus namha do sprid na saoirse agus namha do gach a mbaineann le fíor-Ghaedhealtachas an Gall- dachas, agus, mar sin, muna bhfuil meathtacht ar shliocht na nGaedheal, caithfidh an Gall- dachas sin imtheacht. D'á luaithe 'seadh is fearr. Ní furuiste é do dhéanamh amhthach, agus uime sin atámuid ag iarraidh oraibh cur chuige i n-am, a cháirde. Bíonn an iomarca cainnte ann, uaireannta agus easba gníomhartha. Sin atá ag loit na cúise. Is oth linn a rádh nach bhfuil deireadh fós leis an seóinínteacht, acht dá olcas iad na seóiníní, is measa, dar linn, na daoine go mbíonn an chainnt go léir acu agus cur isteach 'á dhéanamh acu ar gach saghas ceist acht amháin ar an aon cheist amháin gur chóir dóibh cur isteach uirthi, agus í do réidhteach. Tá muinntear na h-Éireann 'na ndúiseacht. Tá an dalla-phúichín bainte d'a súilibh acu. Tá obair na Gaedhilge ag dul ar aghaidh go mear ins gach áird. Brostuighidh oraibh chun chuidiughadh leó. Anois an t-am chun slacht do chur ar an obair. Ná bíodh sé le rádh ag an sean- chaidhe ins an saoghal atá le teacht gur chliseamar ar Éirinn an t-am ba mhó a bhí gádh aici le congnamh uainn. Nunc tempus acceptabile nunc dies salutis.
'Sí teanga na féile í labhair Pádruig Naomhtha 'Na thaisdiol i n-Éilge a' cur fachaid chum fáin 'Sí labhair an Sairséalach i mbeárna an bhaoghail ag Luimneach an éirligh ag treascairt chlann Sheághain 'Sí labhair an fear taodach ar maidin an lae úd i gCluain Tarbh na laochradh — sé Brian tá mé rádh Is na danair dá dtraochadh le h-airm cruadha gheura 'Na lán-rioth go feirsgeach as Éirinn go bráth.” — Giota as “Fuinn na Smól.”
AN TONN MHÓR.
“Is fada an réim do léig mé léi ó indé go dtí indiú, Treasna sléibhte go ndeachas léi, fá sheólta' ar muir, An Éirne is chaith mé 'léim í, cidh mór an sruth, 'S bhí ceól téad ar gach taebh dhíom is mo Róisín Dubh.” (Sean-amhrán.) “A's shaoil mé in a dhiaigh sin Go mbudh lóchrann ó Dhia thú, No gur ab tú an reult-eólais Ag dul romhaim a's mo dhiaigh thú.” (Sean-amhrán.)
Printed by DOLLARD, Ltd., WELLINGTON QUAY, DUBLIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services