THE COLUMBAN RECORD
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD
AR NA CHUR AMACH DO
CHUALLACHT CHUILM CILLE,
COLÁISTE PHÁDRAIG, MAGH NUADHAD
Beir mo bheannacht lat siar,
As briste mo chroidhe im chliabh;
Dá tteccmadh écc dála damh,
Is ar méad grádha Gaodhal.
— Colm Cille.
Ar na chlóbhualadh ag
MUINTIR DOLLARD
agus
Ar na chraobhscaoileadh don choitchiantacht ag
MUINTIR GILL
I mBaile Átha Cliath.
1918
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD.
THE COLUMBAN RECORD.
AN SÉMHADH BLIADHAIN DÉAG. 1918.
‘Is fearra ná an tír seo, díth gach
sléibh' ann’
‘Tá gasra líonmhar i dtír na h-Éireann,’
Is foscailte fáilteach an áit sin Éire,
Bán-chnoic Éireann óigh,
A's toradh na sláinte i mbárr na déise
Ar Bhán-chnoic Éireann óigh;
Ba bhinne liom ná méara ar théadaibh ceóil
Seinm agus géimreadh a laogh a's a mbó,
Taithneamh na gréine ortha, aosta a's óg
Ar Bhán-chnoic Éireann óigh.
DO SHEANMÓIR AN TIGHEARNA.
Adubhairt leó ar dtosach ar mhullach chnuic
aoibhinn,
is beannaighthe, ar sé, gach aon don
bhuidhin-seo,
na boicht sa spioraid bíaidh aca rioghacht
mhaith,
sa mbíaidh faoí dholás bíaidh solás síor
aca.
Bíaidh solás na talmhan don aicme bhíos mín
tais,
a mbíaidh trócaireach gheobhaid trócaire
arís as,
a mbíaidh ocrach tartmhar is beannaighthe
an ní aca,
bhías i ndiaigh an chirt béid uile líonta.
Gach croidhe glan díadha día do-chífidh,
lucht síodhchána dhéanamh clann dé goir-
fear díobhso,
lucht foilgthe an phersecution fá chúis
ghlain fhíorchirt,
budh leó rioghacht neimhe gan filleadh ar
bith choídhche.
Beithise beannaighthe gheabhthaoí tarcuisne
thríomsa,
asmuilt is neamhchion ar son na fíre,
ann bhur bpersecution bíodh súbhachas
croidhe oraibh,
ar neamh budh mhór an luach a bhías daoibhse.
Ná tugtar mar mhionna neithe dá laighead
leat,
ar neamh nó ar thalamh nó a gcathair an
righ chirt,
acht ní headh ní headh, seadh seadh go fíre,
a chontráill is olc, is ó olc do shíor tig.
Má buailtear do leaca an leaca eile sín
dó,
má chaillir do chóta, an clóca sín leis,
ná diúltaigh íadsan a niarfaigh ní ar bith,
íasacht is áirleacan dáiltear do shíor libh.
Deirim do ghnáth leat grádhuigh do naoímhde,
déan maith ar t'fhear fuatha, is luadhas
a spídh thú,
déan guidhe ar a son lucht t'uilc led'
dhíbirt,
san té do mhalluigh tu, beannuigh an tí
sin.
Má mhaithir na coirthe id' choinne rinne
daoíne,
bíaidh t'athair maith neamhdha sásta id'
ghníomhsa,
muna maithir a gcoirthe gan uireasbha
do dhaoínibh,
t'athair go dearbhtha ní mhaithfe sé ní ar
bith.
Ag do láimh chlé do dhéirc ná biodh fhios,
ag déanamh do throisgthe bí soilbhir mín
glan,
dún doras do sheómra ag dul rómhat chun
guidhe dhuit,
guidh t'athair go foluightheach is beidh
osguilte ag díol duit.
Do stór ar thalamh ná ceangal mar dhísleacht,
chun bitheamhnach, cancair, is leabháin do
sgaoileadh ort.
don fhlaitheas is mó cuir rómhat do
mhaoin ann,
san áit nach eagal duit ceachtar dhíob-so.
Mar a mbíaidh do stór, na dheóigh do chróidhe
bhías,
as é an talamh nó an flaitheas is aoirde,
ní héidir dhá mháighistear do shásamh
d'aoinneach,
gan fuath do thabhairt do cheachtar
dhíobhsan.
Acht neamhchion nó grádh do dháil do aon
aca,
na sheasamh chun pearsan, is pearsa
dhíoga as,
Día is mamon neamhchóir mícheart,
a seirbhís araon ní héidir d'aoinneach.
Adeirim dá réir seo gach aon mhaith dhíbhse
fá chionn bhur mbeathaidh ná glacaidhse
smaoíneadh,
créad íosfaidh ólfaidh, no ghéobhaidh do chlí
umaibh
is mó an corp sa tanam no beatha is
díonbhruit.
Éanlaith an aeir féachtar thríd libh
ní chuirid, ní bhainid, is iothla ní líonaid,
is do-gheibh siad beatha ó athair na
díadhachta,
is nách fearr sibhse ná iomarcaidh dhíobh-so.
Féachaidh mar chóirigheas an neóinín críche,
ní dhéanaid buairt, nó duadh, is ní shníd
sin,
Solamh 'na ghlóir is 'na chomhact bhí aige,
ní bhfuair cosamhlacht culaidh mar bhíd
seo.
Má chuireann Dia éadach ar fhéar na críche,
atá aniugh go háluinn, is amárach a
chríonnas
is caithtear san domhan, nár mhó gan
aoimhreas,
go mór do-bhéara sé an téadach daóibhse.
Is créad bhías agat ná habair na cuimhnigh
air,
íosfair nó ólfair nó ghéobhair mar ní
umaibh,
acht ar dtús iarraidh rióghacht is fhíormhaith,
is iad so leó do-ghéobhair gan aoimhreas.
“MIDEL.”
DO CHUM GLÓIRE DÉ AGUS ONÓRA NA h-ÉIREANN.
AR SON NA h-ÉIREANN.
Músgail ód' thoirchim mhór-thuirseach, a
Bhanba,
Is fad' é do shuan i nguais is in-an bhroid,
Fé scamal na daoirs' id' throm-luighe;
Smuain ar na laethibh 'san am úd fadó,
'Sar laochraibh treas-éachtach' badh thréanmhar
i ngleó,
Caithbhéimeach lann-ghéarach i gcaismirt na
dtreón
A mhúirnín 's a rúin dhil mo chroidhe.
Is maith an rud, ar aon chuma, cé gur
fad' í “toirchim mhór-thuirseach” na Banban,
ná fuil ann ach toirchim, agus nach amhlaidh
go bhfuil a spioraid marbh ar fad. Gach
aoinne gur fiú Gaedheal a thabhairt air,
tá sé go mórdhálach as spioraid a shean,
agus go deimhin, ní misde dhó san; mar tá
fhios ag an saoghal gurab í spioraid an
chirt spioraid an Ghaedhil; gur leis an
gceart a ghlac sé riamh, gan cuimhneamh ar
cad a thiocfadh as dó féin. Do dhein sé a
dhícheall riamh chun feabhas do chur air féin;
ní bhéadh sé sásta le bheith 'sa dorchadas
dá mb'fhéidir leis an solus do shroisint;
níor ghéill sé riamh do'n chuing an fhaid is
a bhéadh súil aige le saoirse d'fhághail. Tá
an fonn céadna ar an nGaedheal go dtí
an lá atá indiu ann, fonn a leasa; agus
caithfear a admháil gurab uasal agus
ionmholta an fonn é. Is féidir ná cuireann
an Gaedheal an fonn san chun cinn mar
is ceart i gcomhnuidhe, ach ní lugha de sin
é gurab uasal an fonn é; agus is córa
dhúinn é do sheoladh ceart ná cosc do chur
leis ar fad. Agus 'sé mo thuairim láidir
ná fuil duine ar bith de mhuinntir na
h-Éireann gan bheith lán-thoilteanach chun
a cheana féin a dhéanamh 'san obair, dá
bhféadfadh sé a aigne do shocrughadh ar
cé an chaoi is fearr dhó tosnughadh.
Déarfaidh cuid mhaith daoine go bhfuil
an cheist sin réidhtighthe acu dhóibh féin le
fada, agus go bhfuilid ag déanamh beart
d'á réir. B'fhéidir go bhfuil. Ach an é an
socrughadh ceart atá acu? Á! Sin í an
adhb. Is baoghalach go bhfuil a lán acu
ar seachrán slighe, agus ní fuirisde
iad a sheoladh ceart ar uairibh. Bíd lán-
chinnte go bhfuil an tír fé chomaoin acu
féin seachas aoinne eile, agus go mbeadh
gach rud bun-os-cionn leis an gceart
mura mbeadh iad. Is geárr go bhfeicfid
an botún a bhí 'á dhéanamh acu. Tá aon
dearmhad amháin 'á dhéanamh ag a leithéidí-
seo. Is trom agus is conntabhrthach an
dearmhad dúinn é. 'Sé an dearmhad céadna
é atá ag dalladh agus ag milleadh muinntir
na h-Éireann le fada. 'Sé dearmhad é sin,
ná gurab ionann leó díoghrais is gníomh.
Bíd i gcomhnuidhe ar lorg rud le déanamh,
ach an rud atá fé n-a lámhaibh, ag feitheamh
leó, 'tá sé ró-shuarach dóibh, dar leó;
beart éigin chlúmhail a bhíonn uatha. Ní
bheidh cóimhthionól i ngiorracht fiche míle
dhóibh gan iad a bheith ann, agus bratacha 'á
gcrothadh acu, agus amhráin — as Béarla,
cad eile — 'á n-gabháil acu. Caithfid an lá
ar neamh-nidh, ag ceapadh rún ar an
Ghaedhilg a chur 'á labhairt ó cheann ceann na
tíre. Annsin raghaidh abhaile, go lán-
sásta leó féin, agus ní chuimhneochaid a
thuilleadh ar a gcuid rún. Bíd ag machtnamh
ar cad a dhéanfaid nuair a bheidh a riaghaltas
féin acu, ach ní chuimhneochaid i n-aon chor ar
comhartaí a náisiúntachta — a d-teanga
is a gcreideamh — a choimeád beó. Ba chóir
go mbeadh a mhalairt-sin de sgéal againn.
Ní dhéanfaidh na h-óráideacha is na cóimh-
thionólta ach an mheanma a spreagadh
ionainn agus a choiméad i gcuimhne dhúinn
cad chuige go bhfuilimíd ag obair; ach
is de bhárr ar síor-oibre a thiocfaidh aon
tairbhe do'n tír. Ní bheidh toradh ár saothair
le feiscint i gceann bliadhna amháin, ná
b'fhéidir i gceann dathad mbliadhan. Ní
foláir dúinn leanamhaint de go seasmhach,
agus má theipeann orainn anois is arís
is cóir dúinn cur suas leis go foighdeach,
agus tosnughadh arís go misneamhail.
“I ndiaidh a chéile 'seadh deintear na
caisleáin.”
B'fhéidir go gcuirfidh an sórt cainnte
seo lagachar croidhe i n-duine éigin, agus
go ndéarfaidh sé leis féin ná leanfadh
aoinne de'n obair ar na coingilleachaibh
san; agus mar sin, go bhfuil sé fuar
againn bheith ag cur chúichi i n-aon chor.
Ach an rud a deineadh rómhainn amach,
nach cóir go bhféadfaimís-ne a dhéanamh?
Nach mar sin a thug náisiúin bheaga eile
na h-Eórpa rath is sonas ortha féin? Nach
mar sin a ghnóthuigheadar a saoirse? Bhí
cuid acu, agus bhí an sgéal i bhfad ní ba
bhoichte acu ná mar atá againn-ne. Ní raibh
meas ná toradh ortha. Do bhí fiú an fhocail
deireannaigh d'á dteangain caillte acu;
ach do chuireadar chun na h-oibre go
dícheallach, agus ní fada go rabhadar go
sona is go séanmhar. I n-ionad éadóchas
a chur orainn, nach cóir gurab amhlaidh a
chuirfeadh sé misneach 'nár gcroidhe chun
aithris a dhéanamh ortha-san?
Agus anois, i ndeire na scríbe, cá
dtosnóchaimíd? B'fhéidir ná beidh mórán
daoine ar aon fhocal annso, nidh nach locht
ortha; ach 'sé mo thuairim-se, má tá rud ar
bith seachas a chéile gur cóir dúinn tosach a
dhéanamh air, gurab é ár dteanga é. 'Sí
céad chómhartha ár náisiúntachta í, agus an
comhartha is riachtanaighe. 'Na h-éaghmuis,
níl aon deifrigheacht eadrainn agus
muinntir Shasana. Muna mbeidh an
Ghaedhilg go bríoghmhar againn, is cuma
cad eile a bheidh againn — riaghaltas dúthchais,
maoin, nó tráchtáil — ní bheidh Éire 'na
náisiún feasta. Ná bíodh d'aithis is de
mhasla ar an n-Gaedheal a thuilleadh,
a theanga féin a bheith caillte aige. Cuirimís
chúichi gan mhoill agus foghluimighimís í
ní fada bhainfidh sé uainn í d'fhoghluim.
Ach na síltear go mbeidh ár gcion féin
déanta againn nuair a bheidh sí foghlumtha
againn — caithfimíd bheith 'ghá labhairt. Féach
cad deireann an t-Athair Peadar linn:
“Dá mairinn go ceann céad blian,
agus dá gcaithinn an uile lá de'n chéad
blian san ag sgrí leabhar Gaoluinne, agus
dá mbeadh céad duine am theanta ag
déanamh na h-oibre sin, ní bheadh aon
bhlúire maitheasa 'nár saothar, gan aon rud
amháin eile. Agus an bhfuil fhios agaibh cad
é an rud an t-aon rud amháin eile sin?
Sibh-se agus an chuid eile de mhuintir na
h-Éireann a bheith ag labhairt na Gaeluinne
amach as bhur mbéalaibh féin… Níor
mhair aon teanga riamh i leabhraibh gan
congnamh ó bhéalaibh… muna labhartar
an Ghaeluinn ní mhairfidh an Ghaeluinn.”*
Agus níl aon aimsir le cailleamhaint.
Tá an lámh uachtair d'á fagháil ag an
mBéarla le suim de bhliadhantaibh, 'sa
Ghaedhealtacht féin. Is truagh agus is
tubaisteach an sgéal é! Na h-áiteanna ar
a bhfuil seasamh na tíre chun na teangan
a choimeád beó, bheith 'á leigint uatha mar
sin! Ach caithfear a admháil gurab iad na
fámairí, na daoine a bhíonn ag caitheamh
*Giota atá i n-Irisleabhar Muighe Nuadhat,
1913, l. 59, a cainnt an Athar Peadar.
na laethanta saoire i n-aice na mball so,
is mó atá cionntach leis. Dá mba mhaith leó,
bheadh ar a gcumas feabhas a chur ortha
féin i mórán slighe ins na h-áiteannaibh
seo; ach 'sé atá 'á dhéanamh acu lot i n-ionad
feabhsuighthe. Daoine gan oideachas, gan
béas, 'seadh muinntear na n-áiteanna
so, dar leó. Is maith an rud dul ionnta
chun spóirt agus aoibhnis a dhéanamh amach,
agus b'fhéidir chun a bheith ag magadh fé sna
“natives”; ach maidir le léigheann, níl
sé le fághail ionnta — uatha-san, an eadh?
Téighid mórthimcheall na h-áite, agus an
Béarla galánta 'á labhairt acu; agus
ní chuirfidís cómhrádh ar mhuinntir na h-áite
dá bhfaighidís Éire air. Do b'fhearr go mór
a leithéidí-sin as an nGaedhealtacht ná
innti. Níl aon fhonn feabhasa ortha féin,
agus níl ach droch-shompla acu 'á thabhairt
do sna daoinibh. Má chíonn muinntear
na Gaedhealtachta go bhfuil fonn magaidh
ar na fáimairíbh, agus ná fuil aon ghrádh
acu do'n teangain, ní bheidh focal asta,
ach in' ionad san, is amhlaidh thiocfaidh ceist
is ceann-fé ortha, agus is gearr go
d-tarraingeochaid chúcha an Béarla gránda,
agus gach a bhaineann leis. Ach má chíonn
siad go bhfuil spéis agat 'á chur 'na
g-cainnt is 'na n-gnó, agus go bhfuilir
d'iarraidh teacht isteach ar an n-Gaedhilg,
beidh a gcroidhe is a n-anam oscailte agat,
agus fáilte fíor-chaoin rómhat isteach,
agus beidh gach scéal nuadh is sean-scéal,
gach sean-nós is gach amhrán binn d'á bhfuil
acu le fagháil agat.
'Na dhiaidh-sin, ba chóir dúinn spéis a
chur 'nár litridheacht féin, agus i stair
ár dtíre, agus ní misde dhúinn bheith mór-
dhálach asta. Is léir dúinn uatha go
raibh an t-subháilce agus an ghaisce fé mheas
i n-Éirinn na céadta bliadhain sar a raibh
cuimhne ortha i mórán tíortha eile. Is mó
an t-éileamh atá ag ár stair is ag ár litridh-
eacht féin orainn ná mar atá ag aon stair
ná litridheacht eile. 'Na theanta san,
deinimís amhráin is rinncí na nGaedheal
do chleachtadh, in ionad na n-amhrán is na
rinncí iasachta; níl a sárughadh le fághail
i dtír ar bith. Tá na h-amhráin Ghaedhealacha
i bhfad níos binne is níos ceolmhaire ná 'n
drabhghail leamh a thagann chughainn isteach ó
thíorthaibh iasachta; agus maidir le n-ár
rínncíbh — nára slán comórtas iad agus na
rinncí iasachta!
Ní baoghal d'Éirinn an Creideamh a
thréigean, an fhaid is a bheidh teanga na
geanmnaidheachta agus na carthannachta
'á labhairt aici. Leanann Creideamh ár
sínnsear teanga ár sínnsear. Is léir
d'aoinne, na daoine go bhfuil an Ghaedhilg
is sean-nósa ná tíre ar coimeád acu,
go bhfuil an Creideamh ar fheabhas acu leis.
D'fhanadar dílis i gCreideamh a sean,
díreach mar d'fhanadar dílis i dteangain
a sean.
'Sé chéad rud eile is cóir dúinn a dhéanamh
cabhrughadh le n-ár n-déantuisíbh. Gach aon
rud a theastuigheann uainn, nach mór,
deintear i n-Éirinn í, agus 'sé is lugha
is gann dúinn a dhéanamh na rudai seo
a cheannach. Ba chóir dúinn, leis, ceataighe
a dhéanamh dúinn féin ar uairibh ar a
son-luach níos aoirde a dhíol asta, má's
éigin é, nó moill a chur orainn féin go
mbeid le fághail. Sin í an t-aon t-slighe
amháin atá againn chun iad a chur ar láimh
shábhála; níl ar ár gcumas, go fóil, pé
sgéal é, aon dlighe a chur i bhfeidhm i
gcoinnibh na ndéantús iasachta ar mhaithe
le n-ár n-déantúisíbh féin, mar a deintear
i d-tíorthaibh eile; ní foláir, mar sin, do
ghach aoinne a chion féin a dhéanamh, agus
iad a cheannach pé uair a bhíonn an t-airgead
le cur amach aige.
Saothruighimís go fial flaitheamhail, gan
cuimhneamh orainn féin, ach ar thairbhe na
h-Éireann: is tábhachtaighe go mór aiseirghe
ár d-tíre ná gnóthaí beaga suaracha gach
duine fé leith. Déanadh gach aoinne a chion
féin, ionnus go mbeidh sé rann pháirteach
'sa bhuaidh. Tagaimís i g-cabhair a chéile i
n-am an ghátair; ná feicimís aoinne
agus easbaidh air, an fhaid is atá breis
is ár ndóithin againn féin. Ach “is
giorra do dhuine a léine ná a chóta;”
agus mar sin is mío-nádúrtha an rud
dúinn an méid bídh no rud mar sin a bhíonn
fearas bárr againn a chur as an dtír, chun
cabhruighthe le daoine iasachta, an fhaid
is atá gábhadh leó ag na daoinibh annso. Is
riachtanaighe agus is córa dhúinn ár dtír
féin a choiméad saor ó'n n-gorta agus
ó'n n-gábhtar ná aon tír eile. Dar ndóigh,
ní cainnt bhaoth dhíomhaoin ar fad an méid
sin thuas. Is féidir a leithéid a chur i
bhfeidhm, agus is minic cheana a cuireadh.
Ní h-amhlaidh atá Clanna Gaedheal ar
tí cúl a thabhairt do'n chath? Ná bíodh
“ineffectual Celt” mar ainm orainn a
thuilleadh; cuirimís slacht ar an n-gníomh
so munar chuireamar ar aon ghníomh
roimhe. Mar sin, ní fada go mbeimíd
go neamh-spleadhach is go sona. Beidh
soláthar ár n-easbadh againn féin, gan
aon chomaoin ag aon tír eile orainn. Beidh
ár dteanga agus ár sean-nósa féin againn.
Raghaidh cliú agus cáil na h-Éireann i
bhfad ó bhaile arís ar chráibhtheacht, ar
léigheann, agus ar thír-ghrádh. Beidh meas
agus toradh uirthi, mar tuigfar gur
náisiún cúmhachtach, neamh-spleadhach í,
náisiún a shaothruigh go dian chun a shean-
áit a bhaint amach arís, agus a bheidh ullamh
chun na h-áite sin a chosnamh le h-anam
a tréinfhear. Annsin — ach ní go dtí sin —
a bheidh aiséirghe na h-Éireann i gceart
againn.
A cháirde, níl an iomad agam dhá
iarraidh oraibh mar tosnughadh — an Ghaedhilg
d'fhoghluim agus do labhairt. Tosnuighimís
léisean; leanaimís go dílis dí, agus ní
baoghal go gcaillfidh sí orainn. “Aith-
bheodhaimís ar dtúis ár dteanga féin, agus
annsin bronnfar gach nidh eile orainn.Ӡ
Fágaimís i leath-taoibh neithe na poilitidh-
eachta; níl puinn seasaimh ionnta, tar
éis an t-saoghail — ní mór dóibh bheith ag
athrughadh do réir na h-aoise, agus ní h-é
gach aoinne go n-eirigheann leis iad do
réidhteach. Ach is cuma cad é an t-athrughadh
a thiocfaidh ar aon nidh eile, tá an teanga
seasmhach is buan go deó. Beidh gádh léi-
sean, agus fanfaidh sí againn, má choimeád-
aimíd greim uirthi. Tá fhios agam go bhfuil
tosnuighthe cheana ag an gcuid is mó de
mhúinntir na h-Éireann; Beannacht Dé
ar an dtosnughadh san! Le n-A chongnamh
Naomhtha, ní tosnughadh gan éifeacht é.
Is dócha gur minic cheana a tugadh an
beagáinín comhairle atá im' chainnt annso,
ach is ar éigin má's féidir an deagh-
chomhairle do thabhairt go ró-mhinic; agus
'sí mo ghuidhe gurab é toradh a h-ath-tabhartha
ná go n-déanfaidh gach duine a léighfeas í
beart d'á réir. Eirghidh! Tá Banba ag
glaodhach oraibh, 'á rádh libh go bhfuil a
seasamh oraibh. Táim lán-dóchasach go
d-tabharfaidh sibh freagra fial flaitheamhail
d'á glaodhach. A Bhanba.
Tá na seabhaic go saothrach 's go h-aon-
tumhail seasmhach,
'S an adharc bhinn dá séideadh ag cur
Béarla ar bhaillichrith,
Eirigh s bíodh meidhir ort id' shuidhe;
Gan buidheachas do sméirlibh a réaltan
gheal óg,
Beidh do theanga bhreagh Ghaedhealach dá
labhairt agat fós
Do chláirseach bhinn-téadach ag sgeitheadh na
gceól,
A mhúirnín 's a rúin dhil mo chroidhe!
D. Ó h-EIDHIN.
†Eirghe Geal na Gréine, l. 81. Irisleabhar
Muighe Nuadhat, 1917.
“INTROIBO AD ALTARE DEI.”
BUACHAILL maith do b'eadh Máirtín
Liaimín, agus d'á bhrígh sin ní h-iongnadh
go raibh bród ar a mháthair as. Théigheadh
sé ar scoil gach lá, agus sin rud nach
ndéineann gach buachaill, mar is fearr le
n-a lán aca bheith ag ropadh ar fud na tíre,
ag cuardach nead, nó ag goid ubhall, nó
ag snámh 'ná bheith ag fóghluim a gceacht.
Acht ní raibh Máirtín Liaimín ar an dream
seo. Malrach ciallmhar céillidhe ab eadh é,
agus dubhairt a mháthair go ndéanfadh sí
sagart de. Ar an ádhbhar sin d'iarr sí ar
an mháighistir scoile Laidean an aifrinn
a mhúineadh dhó 'sa chaoi go mbeadh sé i n-ann
aifreann an Domhnaigh d'fhreastal. Dhein
an máighistir amhlaidh, agus an chéad oidhche
eile tháinig Máirtín abhaile ó scoil, agus
focal ní labharfadh sé acht “Introibo ad
altare Dei.” “Ar mhaith leat a thuille
bhainne, a Mháirtín?” ars' a mháthair leis.
“Tá mo dhóthain agam,” arsa Máirtín.
“Introibo ad altare Dei.“ “Ba chóir
go mbeadh do dhóthain de'n ráiméis sin
ráidhte agat freisin,” ars' an mháthair.
“Dheamhan focal i do phluic ó tháinig tu
abhaile acht, ‘na trí ba’ no eibé rud atá
tu á rádh.” “Go maithidh Dia dhuit, a
mháthair. Dá mbeith fhios agat an chiall
atá leis na foclaibh sin ní thiubharfá
ráiméis nó ‘na trí ba’ ortha.” Agus
chrom sé ag gáiridhe nuair a chuimhnigh sé
ar ‘na trí ba.’ “Agus cé'n chiall atá
leó,” ars' an mháthair. “Muise, ní'l
fhios agam i gceart,” arsa Máirtín,
“acht is iad na chéad fhocla iad a deireann
an sagart th'réis fioghar na croise a chur
air féin agus é ag rádh Aifrinn.”
“Agus an bhfuil tu ag fóghluim na
n-urnaighthe a deireann an sagart freisin,”
ars' an mháthair. “Nach leór bheith i n-ann an
freagra a rádh.” “Is leór,” arsa
Máirtín, “acht tá ‘Introibo ad altare
Dei’ mar freagradh 'n-a dhiaidh sin, agus
ar an ádhbhar sin ní mór dhom é do bheith
agam.” “Ní mé cionnos is féidir leat
do bhéal a chasadh leis an Laidin a rádh chor
ar bith, a Mháirtín.” “Nach mór an truagh
nach a Gaedhilg a léightear an t-Aifreann,
a mháthair, agus ní bheadh stróbh ar bith
orainn é a thuisgint annsin.” “Acht dar
ndóigh, a Mháirtín tá daoine ann nach
dtuigeann an Ghaedhilg, agus tá cuid
acu seo againn i n-Éirinn féin. Agus
céard a dhéanfadh muinntir tíortha eile?
Nach mbeadh sé chomh deacair ortha an
Ghaedhilg a thuisgint 's tá sé orainne an
Laidin a thuisgint.” “Níor chuimhnigheas
air sin,” arsa Máirtín.
“Is dócha go léightear Aifreann i ngach
uile áit ar fud an domhain, a mháthair.”
“Faríor, ní léightear a Mháirtín. Is iomdha
duine nach bhfaca sagart, agus nár chuala
trácht ar Íosa nó ar an Maighdin bheann-
aighte riamh.“ ”Agus dar fiadh, ní féidir
leó dul ins na flaitheasaibh muna bhfuil
siad baistighte agus muna dtéigheann siad
ar Aifreann,” arsa Máirtín. “Acht, a
Mháirtín tá grádh mór ag Dia do na daoinibh
seo. Tá anam ag gach duine aca, agus fuair
Íosa bás ar an gcrois ar a son. Ní ortha
atá a mhilleán nach bhfuil eolas acu ar
Chríost. Dar ndóigh bhí uair ann agus ní
raibh fhios ag muinntir na h-Éireann Dia
a bheith ann chor ar bith.” “O, bhí,” arsa
Máirtín, ”agus tháinig Naomh Pádraig
annsin agus thug sé an creideamh dóibh.
Agus annsin” — “Tháinig a Mháirtín,
acht maradh Pádraig bhéad an scéal go
dona againn b'fhéidir.” “'S dócha gur bh' é
Dia a chuir é, a mháthair.” “'Sé gan amhras.
Agus do b'é toil Dé é freisin go ndéan-
faoi sclábhuidhe de ar d-tús agus é 'n-a
stócach sé mbliadhan déag d'aois.” “Agus
nach bhfuil fhios agat gur ghoill sé go mór
ar a mháthair bhoicht nuair thug na saigh-
diúirí a maicín leó treasna na fairrge,”
arsa Máirtín. “Sheidim gur b'iomdha
oidhche d'fhan sí 'n-a dúiseacht ag cuimhneamh
ar a mac bocht a bhí 'n-a sclábhuidhe i n-áit
eicínt. “B'fhéidir nach bhfuil a dhóthain le
n-ithe aige,” adeireadh sí léithi féin.
“B'fhéidir go mbuaileann a mháighistir é.
B'fhéidir go bhfuil sé fuar marbh.”
Agus 'n-a dhiaidh sin deireann tusa a
mháthair gur bh'é toil Dé é.” “Deirim a
Mháirtín. Mar thug Dia sólás do'n
mháthair bhoicht agus theasbáin Se dí gur bh'é
toil Dé í bheith go brónach agus a mac 'n-a
sclábhuidhe. Féach an Mhaighdean Bhean-
nuighthe. Bhí mac aici agus grádh mór
aici Dhó. Acht do b'é toil Dé é go gcéas-
faoi É, agus tá fhios agat ar fhulaing Sé
ar feadh A pháise agus 'sa dheireadh mar
fuair Sé bás ar an gcrois agus A Mháthair
bhocht 'n-a seasamh ag bun na croise agus
gan í i n-ann cabhrughadh Leis. Maradh an
sólás a fuair sí ó Dhia bheadh sí go dona.
Agus sin mar a bhíonn an scéal i gcomh-
nuidhe — an t-é a ghníos an rud a thaithnigheas
le Dia ní bhionn aithmhéul air, agus ní
iarann Dia orainn rud deacair a dhéanamh
gan congnamh a thabhairt dúinn chuige.
Ní'l uaidh acht go n-aontóchaimíd le n-A
thoil.”
“Agus a mháthair nuair thug Pádraig a
chosa leis slán ó'n tír seo, an uair
d'éaluigh sé ó n-a mháighistir ní móidé
go raibh súil ar bith aige go dtiocfadh sé
ar ais go h-Éirinn go deó arís.“ “B'fhéidir
nach raibh a Mháirtín. Acht 'sé Dia a chuir
'n-a cheann éalódh, agus adubhairt leis
go raibh an long ag feitheamh leis. Ní móide
nár airigh Pádraig gurbh' é toil Dé é
mar bhí sé go h-ana chráibhtheach ar fad.
Acht b'fhéidir nach raibh fhios aige an uair
sin gurbh' é toil Dé é freisin go dtiocfadh
sé ar ais arís leis an gcreideamh a thabhairt
do mhuinntir na h-Éireann.” “O, is dócha
nach raibh, a mháthair. Nach mar gheall ar
bhrionglóid a bhí aige d'fhill sé go h-Éirinn.
Chonnaic sé dar leis páistí na h-Éireann
agus iad ghá iarraidh air teacht anall chúcha
arís.” “Acht b'shin é an chaoi a Mháirtín
'n-ar teasbáin Dia dhó gur bh'é A thoil go
d-tiubharfadh Pádraig an creideamh leis
chum muinntir na tíre seo. Dar ndóigh 'sé
toil Dé é an creideamh a bheith ag gach uile
dhuine d'ár chruthuigh Sé, mar fuair a Mhac
bás le dóirse na bhflaitheas d'fhosgailt
do'n chineadh dhaonna.”
“Agus ós rud e gur chuir Sé Pádraig
chughainn leis an gcreideamh nach cóir
dhúinne é a thabhairt do dhaoinibh eile, a
mháthair.” “Is cóir go cinnte, a Mháirtín,
acht ní féidir le gach duine imtheacht i
gcéin, agus ní féidir le gach sagart acht
an oiread. Acht is féidir le gach uile dhuine
cabhrughadh agus cuidiughadh leó seo atá
ag imtheacht, agus 'sé toil Dé é go gcabh-
róchadh freisin. Is iomdha naomh d'imthigh
thar lear o'n tír seo i n-allód leis an
soisgéal a chraobhscaoileadh. Agus tá scata
sagart, nó scata naomh b'fhéidir ba cheart
dom a rádh, ag brath ar dhul go dtí'n domhan
thoir fá láthair, agus an creideamh a thabhairt
do na págánachaibh bochta mar ba dhual
do chlannaibh Gaedheal a dhéanamh i gcomh-
nuidhe. Tá Dia ag tabhairt misnigh dóibh,
tá sean-naoimh na nGaedheal ag guidhe
ortha agus tá muinntir na h-Éireann ag
cabhrughadh leó freisin. Beidh beannacht
Dé ar Éirinn mar gheall ortha. Acht seo
isteach na ba chughainn. Níor airigheas
an tráthnóna ag sleamhnadh uaim leis an
ghcainnt. Rith amach agus oscail doras
an scioboíl, agus nuair a bhéas tu ag
teacht ar ais tabhair gabháil móna isteach
leat.”
An mhaidin 'n-a dhiaidh sin, chuaidh
Máirtín ar scoil mar ba ghnáthach, acht dhein
sé dearmad ar a lón a thabhairt leis —
rud nár ghnáthach. Cheap a mháthair go
mbeadh goile maith aige nuair a thiocfadh
sé abhaile. Acht i n-ionad sin ba bheag
nár bhlais sé a dhinnéar chor ar bith.
“Céard tá ort, a Mháirtín,” ars' a
mháthair leis. “Mhuise ní mé ceárd tá
orm, a mháthair acht bhí brionnglóid aisteach
agam aréir. Cheapas go bhfaca me scata
buachaillí mar mé fhéin ag bualadh báire.
Ghlaodhadar orm agus ritheas chúcha, agus
gan aithne agam ar aoinne aca. Cheapas
ar dtús go raibh Séamuisín Pheigí ar
dhuine aca, acht ní raibh. Bhíomar ag imirt
go tréan nuair tháinic an dorchadas ar
an spéir agus caitheadh splannc. Tháinic
faitchíos orainn go léir agus bhain mé
fhéin mo chaipín díom agus dhein mé fioghar
na croise orm fhéin. Chonnaic na buachaillí
eile mé. “Cad chuige go ndearna tu sin,”
ar siad. “Sa chaoi go gcumhdóchadh Críost
mé,” arsa mise. “Agus cia h-é Críost?”
ar siad. “Agus nár chuala sibh trácht
ariamh ar Chríost” arsa mise. “Níor
chualamar, muis,” ar siad. “Cé'r b'as é?
Innis dúinn scéal” —. Acht ar an
bpoinnte caitheadh splannc eile agus
pléasc mór tóirnighe leis. Thugamar
do na bonnaibh é. Thuit an dorchadas.
Tháinig an clagarnach báistighe anuas.
Ní raibh foscadh nó dídean le feicsint i
n-aon áit. Bhíos fhéin tuirseach, tnáidhte.
D'airigheas lúth na ngéag ag imtheacht uaim.
Thuiteas i lagar. Agus annsin dhúisigheas
de phreab. Leagas mo lámh ar m'éadan
agus bhí an fuar-allus liom. Níor chodail
mé go maith 'n-a dhiaidh sin mar bhíos ag
cuimhneamh ar na buachaillíbh nár chuala
trácht ar Chríost riamh. Ghoill an bhrionglóid
orm go mór agus sin é an fáth a rinne mé
dearmad ar mo lón.”
“A, níor cheart duit aon tsuim a chur
innti a Mháirtín. An chainnt a bhí againn
indé a chuir i do cheann é.” “B'fhéidir é sin,
a mháthair acht brionglóid mar sin a bhí ag
Naomh Pádraig, nach eadh, agus marach
gur bhac sé léithi ní fios nach Págánachaí
a bheadh ionainne indiu. Agus a mháthair
déanfaidh mise aithris ar Phádraig. Introibo
ad altare Dei. D'fhiafruigheas de'n
mháighistir indiu cé'n chiall atá leis an
abairt sin, agus dubhairt sé gur bh'é
chiall atá leis — “Rachaidh mé go dtí altóir
Dé.” Agus a mháthair, beidh mise 'mo
shagart, agus rachaidh mé go dtí altóir Dé,
agus rachaidh mé freisin chomh fada le
na buachaillíbh sin a chonnaiceas 'mo
bhrionglóid agus tiubharfaidh mé an
creideamh dóibh. Tá siad ag glaodhach
orm mar a ghlaoidh páistí na h-Éireann
ar Phadraig, ghá iarraidh orm a dh'innsint
dóibh cé h-é Críost agus cé'r b'as É.
Acht a mháthair cad chuige go bhfuil tu ag
gol. Nach leigfidh tu dhom imtheacht?
Nach cuimhin leat indé nuair adubhairt tu
gur thug Dia sólás do mháthair Phadraig agus
do mháthair Chríost, mar nar chuireadar i
n-aghaidh A thola.” “Ní ag cur i n-aghaidh
tola Dé atáim-se acht an oiread a Mháirtín.
Má's rud é gur b'é toil Dé é tu bheith
i do shagart, agus dul thar lear tá áthas
ar mo chroidhe mar is ceart a bheith. Beidh
uaigneas orm, agus aireóchaidh mé uaim
thu. Acht tá muinighin agam a Dia.
Níor chlis Sé riamh orm, agus ní chlisfidh
Sé anois acht chomh beag. Agus maidir
leat-sa a Mháirtín —. “Ó, maidir
liom-sa a mháthair, Introibo ad altare Dei.”
MÍCHEÁL Ó FALLAMHAIN.
AN GAISCIDHEACH TÁIMH-NÉALLACH.
CAIBIDIOL A h-AON.
TIMCHEALL ocht gcéad bliadhain ó shoin,
bhí banfhlaith óg áluinn 'na comhnuidhe 'sa
Domhan Thiar agus ba shéanmar, siothchánach,
sár-dhaonnuighthe an ríoghacht a bhí fé'n a
fárlámhas. B'fhéidir nach cóir dom a rádh,
“bhí sí 'na comhnuidhe,” mar budh dhóigh le
duine ar an gcainnt sin gurab amhlaidh nach
bhfuil sí fós ar an saoghal so. Tá daoine,
ar ndóigh, adeir nach bhfuil a mhalairt de
scéal ann acht í do bheith fé'n bfód fad ó,
acht ná cuir aon tsuim ionnta-san, n'íl
an fhírinne acu in aon chor. Deirim-se
libh go bhfuil sí fós le fághail, agus nach
agam-sa ba chóir ceart an scéil a bheith
ó's rud é gur mise a searcthóir díleas nar
mheall sí ariamh? Acht dála an scéil, bhí
an bhanfhlaith seo cómh grádhmhar agus cómh
cóireach sin is nach raibh aoinne 'sa ríoghacht
nach dtiubhraidh a anam ar a son. Bhí a
sagairt agus a saoithe agus a mór-shluaighte aici
agus is annamh a fuair aon aighneasóir an
buaidh uirthi le móireólas nó le cogadh.
Aon uair a bheadh a h-arm ag dul amach
chum catha do dhéanamh, 'siad na cinnfheadhna
sluagh a bhiodh air 'ná triúr árd-thaoiseach
neamh-mharbhthach, sár-chalma. An fhaid is a
bhíodh an triúr seo ag troid 'ghá ceann ní
airighthí ariamh gur chuaidh aon chath amugha
ar an arm. Is dócha go raibh fios an mhéid
seo ag ríghthibh eile an domhain mar nár
bhaineadar leis an mbanfhlaith acht anois agus
arís, agus, ar ndóigh, sin mar do b'fhearr
dóibh é.
CAIBIDIOL A DHÓ.
Pé scéal é, thárla go raibh rí an-chómhach-
tach 'na chomhnuidhe i ngiorracht do'n tír
seo atá i gceist agam agus do ghabh éad
agus sainnt mhór é nuair a chonnaic sé
méid a séin agus a saidhbhris. Do thuig sé go
dian-mhaith nárbh aon tairbhe dhó an tír
d'iomruaigeadh ar an bpointe boise, mar
gheall ar chródhacht an trír, agus d'á bhrígh sin
do chinn sé an feall agus an foirneart
do chur le n-a chéile chum an nidh a bhí uaidh
d'fhághail. D'á réir sin, do chuir sé a fhear
ionaid ag tabhairt cuairte ar an mban-
fhlaith agus d'órduigh sé dó an triúr árd-
thaoiseach neamh-mharbhthach do chur as an
slighe. D'imthig an fear ionaid agus ba
gheárr gur shroich sé ríoghacht na banfhlatha.
Cuireadh céad míle fáilte roimhe agus roimh a
chuallacht agus bhí fleadh seacht n-oidhche agus seacht
lá acu. Tar' éis sin do rinneadh drong
fiadhaigh agus chuaidh an triúr árd-thaoiseach
i n-éinfheacht le fear ionaid an rí agus a
chuallacht. Ag fiadhach an fhiaidh do'n druing,
thárla gur chuaidh beirt de's na h-árd-
thaoiseachaibh agus lucht an fhir ionaid i n-áit
áirithe fá leith. B'in é díreach a bhí ag
teastáil ó' sna h-allmhúrachaibh. Bhaineadar
leagadh as an mbeirt le feall agus, ó's
rud é nárbh fhéidir leo iad do mharbhadh,
do chuireadar duar-dhraoidheacht ortha. Ní
'san am céadna do chuireadar an draoidh-
eacht ar an mbeirt. Thógadar duine acu
agus caitheadar trom-shuan air agus annsin do
chuireadar isteach i gcnoc é. Bhí briseadh
croidhe ar an árd-thaoiseach eile ag feicsint
an ghníomha sin dó acht ba gheárr go raibh
an scéal céadna aige féin agus chuaidh an
fear ionaid ag triall ar bhruidhin na ban-
fhlatha go lúthgháireach, lán-tsásta. Tháinig
sé os comhair na banfhlatha agus thosnuigh
sé ag magadh fúithi, ag innsint an scéil dí.
Do ghabh fearg uathbhásach an tríomhadh árd-
thaoiseach agus do dhein sé fogha fé'n bhfear
ionaid acht do theip air mar gheall ar
iomadamhlacht na h-allmhúrach. Do dhein-
eadar seo a lán dícheall chum trom-shuain
do chur air-sean mar an gcéadna, acht níor
eirigh leo siocair cosnamh áirithe a bheith aige
ó'n neimh. Tar 'éis sin chuaidh na
h-allmhúraigh amach agus cuireadar an bhan-
fhlaith agus an tríomhadh árd-thaoiseach fá ghlas
'sa bhruidhin agus ba gheárr go raibh an tír
go léir fé'n a smacht acu.
D'fhan an scéal mar sin ar feadh
tamaillín mhaith, acht lá de's na laethean-
taibh do chinn cúpla ógánach iarracht do
thabhairt ar an mbanfhlaith agus an árd-
thaoiseach d'fhuascladh. D'imthigheadar leo
ag triall ar an mbruidhin agus chuadar
isteach gan fhios d'aoinne de's na saidh-
leoiridhibh agus thosnuigheadar ag cainnt agus
ag beartughadh leis an mbeirt a bhí istigh.
Ní raibh aon mhaitheas ann, amhthach, mar
dubhairt an bhanfhlaith leo nárbh fhuláir an
bheirt gaiscidheach táimh-néallach d'fághail
agus d'aithbheodhadh sul a mbéidís i n-an na
h-allmhúraigh do chaitheamh amach arís.
Dubhairt sí go mba choir dóibh an dara
gaiscidheach d'fhághail ar dtúis mar is aige-
sean amháin a bhí a fhios cad é an áit mar
ar cuireadh an chéad ghaiscidheach. D'imthigh
na h-ógánaigh leo arís agus ba gheárr go
bhfuaireadar an dara h-árd-thaoiseach.
Thosnuigheadar ag obair ar a lán-dícheall
chum é d'aithbheodhadh agus — acht ní fuláir
dom caibidiol eile chum deire an scéil
d'innsint díbh.
CAIBIDIOL A TRÍ.
An bhfuil fhios agaibh, a bhuachaillí, cia
h-iad an bhanfhlaith agus an triúr árd-
thaoiseach seo? Is mithid dom a rádh libh,
ar ndóigh, acht is dócha nach gcuirfidh sé aon
iongnadh oraibh a chloisint nach bhfuil duine
'sa bhanfhlaith acht ár dtírín beag féin —
Éire na ndeór atá i slabhraidhibh ag allmhúr-
achaibh an fheill le h-ocht gcead bliadhain
anois! 'Siad an triúr árd-thaoiseach ná
a Creideamh, a Teanga agus a Saoirse. Níorbh
fhéidir le fearaibh an fheill a creideamh do
mharbhadh nó do chur i dtáimh-néall acht,
mo bhrón! tá a teanga agus a saoirse i suan
draoidheachta an éagcomhthruim acu. Is
iomdha duine, idir óg agus críon, idir bocht
agus saidhbhir, atá ag obair go dian le n-ár
linn chum iad do thabhairt ar n-ais dúinn.
Cad atá dh'á dhéanamh agaibh-se, a bhuachaillí?
Níorbh aon mhaith bheith ag iarraidh a saoirse
d'athghabháil d'ár dtír muna mbéadh a
teanga do bheith aici ar dtúis. Sin é
díreach an obair díbh-se! Anois an t-am
agaibh! Tigidh gan mhoill ag cabhrughadh
leis na laochaibh eile agus déinidh bhur gcuid
oibre ar son Éireann boichte! Ní bhéidh
aon dhul ag na h-allmhúrachaibh ar a ngreim
do choiméad orainn nuair a bhéidh ár
dteanga féin mar arm láimhe againn.
Déinidh tosnughadh ar an obair indiu!
Leanaidh dó gan stad, gan staonadh, go
mbéidh an Ghaedhilg bhinn bhlasta — gais-
cidheach táimh-néallach na h-Éireann — lán-
bheo agaibh arís! Taisbeánfaidh seisean an
t-slighe is cóir díbh chum saoirse ár dtíre
do bhaint amach agus béidh sibh i n-an an
bhanfhlaith óg, áluinn agus a triúr árd-thaoiseach
do-chlaoidhte do chur i bhfeidhm go deó.
Éistidh, a bhuachaillí, éistidh le n-bhur
dtírín 'ghá iarraidh oraibh dul ag cabhrughadh
leis na h-ógánachaibh eile ag athbheódhadh a
gaiscidhigh táimh-néallaigh!
ANTOINE STÁNLAIGH.
OIDEACHAS AGUS DÚTHCHAS.
NÍL rud ar bith is géire a theastuigheann
ó mhuinntir na h-Éireann indiu ná an
tsuim cheart do chur ins an dá rud san.
'Siad préamhacha na saoirse agus an neamh-
spleadhachais iad. 'Siad a spreagfaidh
na daoine chun gníomhartha uaisleachta
agus cródhachta do chleachtadh ins an saoghal
atá rómhainn fé mar is dual sinnsear
dóibh ó'n saoghal atá caithte. 'Siad an
cosnamh is tréine agus is treise atá againn
i gcoinnibh annsprid an Ghalldachais iad.
Chun scéil ghairid a dhéanamh de, níl breith
sa domhan againn ar shean-sprid na
nGaedheal do bheith go beó borb 'nár measc
arís gan oideachas agus dúthchas na
nGaedheal a bheith 'á saothrughadh againn.
Tá Éire ag éirghe fé dheireadh ó throm-
shuan na h-anbhruide a bhí uirthi leis na
bliadhntaibh. Bhí draoidheacht 'á imirt
ag an nGall uirthi i dtreo go raibh sí go
breágh socair fé n-a thoil agus fé n-a
smacht aige chun a rogha rud do dhéanamh
léithi. Acht tá an draoidheacht soir siar
nach mór anois; tá Éire ag teacht chúichi
féin arís, tá smácht na nGall dá bhogadh
dhi agus is gearr, le congnamh Dé, go
mbeidh deireadh go deó le n-a chuid
cleasuidheachta sa dtír seo. “D'á luaithe
'seadh is fearr”; imtheacht gan teacht ar
an mbodach. Acht cé go mbeidh sé féin
imthighthe, beidh a rian 'na dhiaidh agus is
fada fós a bheidh bolaith bréan an Ghall-
dachais ag goilleamhaint ar dhúthchas na
nGaedheal. 'Sé an rud is fearr chun an
bholaith sin do loit agus neamhnídh do
dhéanamh de ná an t-oideachas. Tá a
leithéid sin de dhlúth-bhaint idir an
t-oideachas agus an dúthchas nach féidir
iad do dheighilt ó n-a chéile. Maireann an
dúthchas tríd an oideachas; táid siad chómh
fighte fuaighte sin le chéile gur féidir
a rádh nach bhfuil ionnta acht aon rud
amhain. Is iad is mó atá i n-easnamh
orainn indiu. Ní h-eadh nach bhfuil eólus
agus léigheann go leór le fághail, acht
nach bhfuil siad le fághail ar an nós ceart;
nílid siad 'á thabhairt dúinn ar chuma
gur féidir oidheachas do thabhairt ortha,
óir tá níos mó ná eólus ag baint le
h-oideachas. Deagh-Ghaedheal a dhéanamh
de'n Éireannach, sin é an fíor-oideachas.
Ní féidir le duine bheith na dheagh-
Ghaedheal muna mbeidh na tréithe uaisle
céadna sin aige agus bhí ag na sean-
Ghaedhealaibh mar níl aon athrughadh ar an
nGaedhealdachas indiu seachas míle bliain
ó shoin. Ag sin feidhm an oideachais,
na h-Éireannaigh d'oileamhaint ar chaoi
go dtabharfaidh siad an dúthchas leo.
Muna ndéanfaidh sé an méad sin tá sé
gan brigh gan tairbhe agus ní fiú an ainm
do thabhairt air. Fairíor! gur mar sin
díreach atá an scéal againn-ne acht amháin
i n-áit annso agus annsúd. Ní miste
bheith ag cuimhneamh ar na neithibh sin fé
láthair; tá Éire 'na dúiseacht, ní theas-
tuigheann ó'n a clainn dílis indiu acht
bealach a leasa a thaisbeáint dóibh agus
leanfaid siad air. Táid siad cortha de'n
sclábhuidheacht, agus b'fhearr leo aghaidh
do thabhairt ar an mbás ná a mbeatha do
chaitheamh fé sháil agus fé náire. Níl rud
ar bith nach dtabharfaidís fé dá gcuirtí
i n-úil dóibh go mb' fhearrde an tír é.
Anois an t-am chun iad do stiúradh i gceart;
anois an t-am chun filleadh ar shlighe na
sinnsear. Níl san aiste seo acht iarracht
ar dhaoinibh eile do chur ag smaoineamh ar
an gceist sin, le h-ionchas go bhfeicfí
toradh na smaointe gan mhoill.
I dtosach scríbe níor mhiste cúpla focal
a rádh ar a fheabhas de dhúthchas 's tá againn
agus ar a ghéire a mhothuightear a easba
sa nÉirinn seo againne. Tá dúthchas ag
muinntir gach tíre, acht sáruigheann dúthchas
na nGaedheal ortha go léir. Na tréithe
dob' uaisle agus dob' fhearr d'a raibh ag
aoinne riamh, bhíodar ag ár sinnsearaibh.
Is mór an maoidheamh é sin, acht níl sé
puinn thar an bhfírinne. Níl i staraidheacht
ná i seanchus na h-Éireann acht trácht ar
na gníomharthaibh fóghanta agus ar na
beartaibh cruadha calma a deintí “do
chum glóire Dé agus onóra na h-Éireann.”
Bhí uaisleacht aigne acu ná leigfeadh dóibh
an feall nó an chlaon-bheart do dhéanamh;
bhí grádh Dé acu a chuireadh d'fhiachaibh ortha
gach dualgas an chreidimh do chomhlíonadh,
agus bhí an tír-ghrádh acu 'ghá spreagadh chun
na cródhachta agus na calmachta do
chleachtadh. Bhíodar diadha i gcómhnuidhe;
bhíodar macánta sa mhargadh, dána sa
mbearnain bhaoghail, agus croidhe-ghlan
i gcómhluadar dóibh. Bhí an charthannacht
agus an dílseacht d'á chéile le feiscint gach
nóiméad i gnáth-shaoghal na ndaoine. “Taise
do'n truagh agus troid do'n tréan”
a bhí acu. A mhalairt sin atá ann indiu
óir “an t-e bhíonn thíos buailtear cos
air agus an t-é atá thuas óltar deoch dhó.”
Thugaidís déirc dos na bochtáin agus
aoidheacht na h-oidhche do'n deóruidhe i
dtreó go raibh ainm na féile agus na
flaitheamhlachta ag an eachtrannach ortha.
Sa gcath nó sa gcomhrac dóibh, leis, bhí na
tréithe céadna acu; ní raibh duine ná
daonaidhe gur lugha meas acu air ná an
t-é ná cómhlíonfadh an gheallamhaint a
bhéadh tabhartha aige ar a bhriathar onóireach,
agus ba bheag leó an bás féin seachas
náire an cholgeise a bheith ortha. Acht an
tréith ab' fhearr d'a raibh acu b'é meas
é a bhí acu ar an gcreideamh agus an greim
daingean a choimeádadar air i n-aimhdheóin
gach ar deineadh chun é do bhaint uatha.
Do chabhruigh na tréithe eile le smaointe
an chreidimh agus b'fhearr de na tréithe sin
an dílseacht do'n chreideamh. Nuair a bhí
muinntear na h-Eórpa fá dhubh-dhorchadas
an dí-chreidimh bhí solas an chreidimh fhíre
ar lasadh go lonnrach i n-Éirinn. Bhí
an oiread sin gráidh acu dó nárbh
fhéidir leó gan dul chun é do chraoibh-
scaoileadh ins na tíorthaibh iasachta.
Thugadar gríos as an dteine leó
agus d'aduigheadar teine eile leis
i n-áitibh i bhfad i gcéin; is beag dúthaigh
ins na tíorthaibh sin nach bhfuil cuid de
naomhaibh na h-Éireann fé urraim agus
fé onóir fós féin ionnta. Scaipeadar
solus an léighinn cómh maith le solus an
chreidimh. Bhí scoileanna móra ar bun ar
fuid na tíre agus daoine ag teacht ó gach
áird ar lorg an eóluis ó's na h-oidíbh
oilte a bhí ionnta. Ní le fonn ceárd nó
slighe bheatha a bhaint amach a thagaidís acht
mar gheall ar an bhfíor-mheas a bhí acu ar
an léigheann féin. Ba ghearr gur leath an
scéal thar lear, agus thosnuigh daoine ag
teacht ag triall ar mhuinntir na h-Éireann
chun foghluma agus stuidéir do dhéanamh
ins na scoileannaibh sin. Bhí fáilte rómpa
ins gach áit agus leabhair agus léigheann
agus loisdín le fághail saor acu cibé áit
n-a dtabharfaidís aghaidh air. Fé mar a
bhídís ag filleadh abhaile bhídís ag breith
scéalta leó ar an gcóir a tugadh dóibh
annso, agus i gcionn tamaill bhí a leithéid
sin de chlú agus de cháil ar an dtír seo
gur tugadh “oileán na naomh agus na
saoi” mar ainm uirthi. B'aoibhinn bheith
beo ins an saoghal úd; is truagh nach mar
a chéile an saoghal atá anois ann agus é.
Ní h-iongnadh go mbimíd ag maoidheamh as
ár sinnsearaibh agus an dúthchas breágh
áluinn atá againn. Ní h-iongnadh, acht comh
beag, go mbeimís a d'iarraidh an dúthchas
sin d'aithbeodhadh nó, ar an gcuid is lugha
de, go mbeimís a d'iarraidh na tréithe
uaisle sin do chur i gcroidhthibh na ndaoine
arís.
Sé chéad rud eile gur fiú linn trácht air
ná ar an gcaoi i n-ar cailleadh na tréithe,
an chaoi i n-ar mhaoluigh ar an ndúthchas go
dtí gur fágadh an tír seo gan croidhe
gan ainm ar nós sean-chaillighe a bheadh
caithte críonna le h-annró agus le h-anaithe
an tsaoghail. Buidheachas le Dia ní orainn
féin ná ar ár sinnsearaibh atá an locht.
Pé caoi a bhfuilmíd níl sé ag aoinne le
casadh linn gur thréigeamair an dúthchas
nó gur mhalartuigheamair an tsean-sprid
uasal ar an seóinínteacht agus ar an
mbréag-dhúthracht a bhí le feiscint go dtí
le déidheanaighe. 'Sé an Sasanach — díon-
chosantóir na náisiún mbeag, mar dh'eadh —
'sé an Sasanach fé ndeár an tsean-sprid
do bheith cómh faon lag is atá, mar do dhall
sé ár muinntear agus annsin chuir sé
é féin mar threóruidhe leó — ní baoghal
gur ar shlighe an dúthchais a threoruigh sé
iad! Acht tá an daille ag imtheacht
anois; “d'a fhaid í an oidhche tagann an
lá,” agus tá solus geal an lae ag breacadh
thar an dtír seo fé dheireadh. 'Seadh, agus
fé mar atá an solus ag teacht, tá an
scéal dhá chur i dtuisgint dóibh, tá sé ag
eighre níos soiléire gach lá agus ní fada,
má 's toil le Dia é, go ndéanfar rud
éigin chun cosc do chur leis mar scéal.
Ní raibh aon mhilleán ortha ag cailleamhaint
na sean-spride dhóibh acht beidh sé de
dhualgas ortha í d'aithbheodhadh nuair a beidh
an chaoi acu chuige agus do réir gach deall-
raimh ní fada uainn an chaoi. Is leis an
bhfíor-oideachas Ghaedhealach a chuirfar
cor i n-aghaidh an chaim ar an Sasanach.
Pé doras tré n-ar tháinig an t-olc isteach
is tríd is cóir é do chur amach. Ná síleadh
aoinne gur le neart airm a dh'eirigh leis
na Gaill an misneach agus an sprid a bhaint
dínn. Go deimhin ní h-eadh. D'á líon-
mhaire 's d'á thréanmhaire a gcuid sluaighte
ag sladadh agus ag réabadh na tíre seo,
níor bhaineadar puinn de'n teasbach de'n
Ghaedheal, mar an fhaid 's thuigh ár sinnsear
cionnus mar a bhí an scéal, bhíodar ullamh
chun an fhóid do sheasaimh agus chum báis
d'fhulang níba thúisce ná mar a ghéillfidís
do'n namhaid chéadna. An fhaid 's bhí an
dúthchas mar chosantóir acu níor chaill ar
an misneach ná ar an meanmain ortha, acht
nuair a sciobadh uatha an cosantóir sin
do chaill ortha agus bhí an bhuaidh ag an
nGalldachas. Do thuig an Sasanach go
cruinn an bhrígh a bhí leis an oideachas; bhí
a fhios go dian-mhaith aige nach n-eireóchadh
leis choidhche muinntear na tíre seo do
bheith fé n-a smácht ar a shuaimhneas
aige dá mbéadh an sprid Ghaedhealach
ionnta; gur neamh-nídh ar fad daor-
smácht a bheith ar an gcorp agus an
aigne saor. Shocruigh sé mar sin nárbh
fholáir dhó deireadh a chur le gach cóir
léighinn agus le gach gléas scoláireachta
d'á raibh acu. Do dhein sé an méad sin
agus breis; leag sé na scoileanna;
chuir sé na leabhair agus na láimhscríbhinní
tré theinidh, agus chuir sé na h-oidí agus na
h-ollamhna chun fáin. Bhí dlighthe daingne,
cruadha i gcoinnibh gac saghas scoile acht
amháin an scoil 'na mbéadh Sasanach mar
mhúinteóir innti. B'shin é an rud a loit an
scéal ar fad. Dá mba rud ná raibh
aon scoil acu ní fhéadfadh sé bheith
cómh dona mar ní béadh an t-oideachas
bréige le fághail ag an aos óg. Bhí
Sasanaigh ag múineadh ins na scoileannaibh,
acht níor chuireadar suim ar bith ins na
buachaillíbh; níor thugadar aon aire dos
na béasaibh ná dos na tréithibh a bhí ag fás
ionnta, agus bhí an phian is an pheannuidh-
eacht ró-throm ar na daoinibh a bhí sa mbaile
chun aire do thabhairt dóibh. Nuair nár
tugadh aire dhóibh ní baoghal gur fhásadar
uatha féin. Mar bhárr ar an aindeise agus
ar an éagcóir do cuireadh na scoileanna
“náisiúnta” ar bun. B'fhuruiste
“náisiúnta” do thabhairt ortha mar scoile-
anna ab eadh iad a chuir riaghaltas Gallda
ar bun ins an dtír seo chun gach a mbaineann
le náisiúntachas do dhíbirt glan as an dtír.
Ar an gcuma san do cuireadh an púicín ar
shúilibh na nGaedheal, agus tá a thoradh le
feiscint i staraidheacht na h-aimsire ó
shoin anuas. Bhí an tsean-sprid ag
maolughadh agus ag laghdughadh go dtí go
raibh muinntear na h-Éireann toiltheanach
chun glacadh leis an nGalldachas, ní h-eadh
acht go dtí gur cheapadar gur rud uasal
an Galldachas i gcomparáid le n-a
ndúthchas féin. Ba thubaisteach an scéal
é acht ní raibh leigheas air an fhaid bhí
a leithéid d'oideachas 'á thabhairt ins na
scoileannaibh. Gaedhilg ar fad a bhí le
fághail ag an aos óg sa mbaile, acht ó'n
gcéad lá a thosnuighidís ag dul ar scoil,
dob' éigean dóibh í chaitheamh uatha agus
an sacs-bhéarla do labhairt 'na h-ionad.
Do lean an scéal mar sin go dtí nach raibh
meas ná áird ar an dteangain dhúthchais,
go dtí go raibh sé buailte isteach i n-a
n-aigne nach raibh maitheas ar bith innti,
agus gur comhartha na cábóigeachta ar an
t-é a bhéadh 'ghá labhairt í. An gcreidfeadh
aoinne gurbh fhéidir le clann na nGaedheal
bheith cómh dall sin, cómh h-aineolgaiseach
ar an ndúthchas agus bhíodar! Sin brígh
an oideachais bhréige. Bhí donas eile ortha,
ámhthach. Bhí na sean-thréithe ag imtheacht
chómh tapaidh leis an sean-sprid, nach mór.
Bhí anál lobhtha an tSasanaigh 'á shéideadh
ortha agus ag cur deiridh le gach uaisleacht
agus le gach deagh-bhéas aigne d'á raibh acu.
Ní fhéadfadh sé gan bheith amhlaidh. Fé mar
a bhí an Galldachas ag neartughadh bhí
tréithe na nGall ag briseadh isteach ortha
agus ag breith ghreama ar chroidhe ortha.
Ní raibh acht aon nídh amháin gur theip ar na
Gaill baint leis. B'é nídh é sin ná an
creideamh. Pé cleasa a dh'imreadar ar
na Gaedhealaibh, nó pé draoidheacht a
chuireadar ortha níor eirigh leó riamh a chur
d'fhiachaibh ortha an creideamh do shéanadh;
ní fuláir nó go raibh Dia ag cuidiughadh
leo nó ní fheadfaidís an oiread d'fhulang
ar son an chreidimh agus d'fhulaingeadar.
Bhí Sé buidheach díobh, is dócha mar gheall ar
an méad a bhí déanta acu 'ghá chraoibh-
scaoileadh, agus bhí naoimh na h-Éireann
go líonmhar ins na flaitheasaibh ag déanamh
eadarguidhe ar ár son. Pé scéal é, choim-
eádadar greim ar an gcreideamh acht ní
raibh an greim sin cómh daingean agus bhí
i measc na sean-Ghaedheal; na droch-
bhéasa a bhí ag fás ionnta, bhíodar ag
déanamh díobhála dhó agus ag bogadh an
ghreama sin. Fuair craos an ólacháin seilbh
i n-a gcroidhe agus ní gádh a rádh cad é an
toirmeasc agus an léir-scrios a dhein
sé ortha le bliadhntaibh; níl deireadh go
h-iomlán leis fós acht tá an t-oideachas
ag buadhachtaint air. Bhí craosa eile ann
leis, craos na droch-litridheachta, craos
na saoghalthachta agus craosa nach iad dá
mbéadh slighe againn chun iad d'áireamh.
Bhíodar go léir ag baint ó dhúthchus na
nGaedheal agus ag neartughadh an Ghall-
dachais. Dearbhuightear ins gach áit a
thábhachtaighe 's tá an t-oideachas agus an
dluth-cheangal atá idir é féin agus an
dúthchas.
'Sé rud a fiafróchfaidhe dínn anois ná
cad é an sórt rud é an t-oideachas ceart
nó cad é an deifrigheacht atá idir é féin
agus an t-oideachas atá 'á thabhairt fé
láthair. Ceist mhór 'seadh é sin, ceist nach
féidir freagra a thabhairt uirthi annso mar
tá adhbhar aiste fé leith innti, acht ar a shon
sin féin ní miste tagairt dí go h-athchumair
annso. Ar an gcéad ásg, 'sé is géire
a theastuigheann ó oideachas na h-aimsire
seo ná é do Ghaedhealughadh. An Galldachas
do ruagadh amach agus an Gaedhealdachas
d'aithbheodhadh, sin é an obair atá rómhainn.
Cionnus a déanfar é? Ní fuláir eólus
cruinn do bheith againn ar ár sinnsearaibh
agus fonn láidir ar aithris do dhéanamh
ortha. Mar adeirtear san “Aithris ar
Chríost” “cad é an mhaitheas bheith abálta
ar labhairt go léigheannta ar an dTríonóid
má chuireann tú fearg ar an dTríonóid?”
Ar an gcuma gcéadna ní h-aon mhaitheas
eólus thar bárr do bheith againn ar ár
sinnsearaibh muna ndeinimíd na deagh-
thréithe sin a bhí acu do chleachtadh. Cuir
i gcás nuair a bhítear ag múineadh an
Teagaisc Chríosdaidhe ins na scoileannaibh.
Ba cheart gan dearmhad a dhéanamh de dheagh-
shompla na sean-Ghaedheal do chur ós
cómhair na scoláirí. Ba cheart tuairisc a
innsint dóibh ar Phádraig, Bríghid agus
Colm Cille, Columban, Breandán, Éanna
agus ar na naomhaibh eile a bhí ann fadó;
dá mbéadh meas acu ortha-san, go mór-
mhór ar an t-é atá mar phatrún ar a
bparóiste nó ar a bhfairche féin b'fhearrde
iad é 'na mbéasaibh agus 'na dtréithibh
fhéin. Mar sin do gach rud eile; nuair a
bheidh a fhios acu gur dual dóibh an gníomh
fóghanta do dhéanamh agus an droch-
ghníomh do sheachaint, beidh sé i bhfad níos
usa na subhailcí a chur 'na gcroidhtibh agus
iad do choimeád saor ó's na droch-neithibh.
Má tugtar dúil san dúthchas dóibh agus
mian láidir bheith 'na ndeagh-Ghaedhealaibh
uaisle nuair a fhásfaid siad suas, ní
baoghal dóibh. Grádhfaidh siad a sinnsir
fé mar a ghrádhfaidís a n-athair nó a
máthair agus béidh náire ortha é bheith le
rádh ag aoinne leó ná rabhdar ag tabhairt
an dúthchuis leó. Rudaí mar sin a
chloiseann siad le linn a n-óige, leanann
siad ins an gcuimhne acu agus bíonn
toradh asta i rith a saoghail ar fad.
Agus ná síltear nach bhfuil aon mhaitheas
i n-a leithéid sin de thabhairt suas do dhuine
a bhéadh a d'iarraidh slighe bheatha do sholáthar
dó féin. Tá, agus a lán maitheas mar
i n-ionad aon chosc do chur le duine agus
é choimeád gan bheith oilte cliste ar na
rudaibh a bhaineann le ceárdaibh agus
slighthibh maireamhna, is amhlaidh a chuid-
uigheann sé leis chun é féin d'iomchur go
cneasta macánta ins gach treó agus
ins gach anacair, agus is minic gur móide
a chuid eóluis an fíor-oideachas sin óir
bhéadh suim aige i n-a lán rudaí ná cuirfeadh
sé aon tsuim ionnta dá mba gur chuma
leis Gaedhealdachas nó Galldachas. Rud
eile, ní ins na scoileannaibh amháin a
gheibhtear an t-oideachas cé gur mór an
bhaint atá acu leis. Is féidir morán a
a dhéanamh sa mbaile. Is áluinn an
rud é teaghlach Gaedhealach, teaghlach 'na
mbéadh deagh-shompla na seandaoine ag
gríosadh na ndaoine óg chun bheith dílis
d'a dtír agus do'n dúthchus. Is mó
an chómhacht atá ag an athair is ag an
máthair ar na páistíbh ná mar atá ag aon
mhaighistir scoile dá fheabhas is dá Ghaedheal-
aighe, agus tá sé ar a gcumas a rogha
rud do dhéanamh leó acht cur chuige i gceart.
Is féidir leo iad do chosaint ar an ólachán
agus ar dhroch-bhéasaibh eile; is fhéidir
leó iad do choimeád croidhe-ghlan acht gan
a leigint do'n droch-litridheacht a chuirtear
anall chughainn, ná do droch-chomhluadar,
baint leó. Tá athair eile ann, leis, agus
ní lugha ná san a chomhacht ar a chlainn;
'sé sin an sagart. An áit 'na bhfuil
sagart Gaedhealach, beidh an pharóiste
Gaedhealach nó is air féin a bheidh an locht.
Is féidir leis an sagart a chion féin do
dhéanamh chun an dúthchais do shábháil ó'n
namhaid, agus má dheineann sé é sin ní ar
son na h-Éireann amháin a bheidh sé ag
obair acht ar son Dé, leis, óir dá mhéad an
meas a bheidh ag muinntir na tíre seo ar a
sinnsearaibh agus ar an dúthchus, 'seadh
is mó an meas a bheidh acu ar an gcreideamh.
B'é an dílseacht do'n chreideamh an tréith
dob' uaisle agus dob' éifeachtamhla d'á
raibh acu agus tiocfaidh sé le nadúir chúcha
leanamhaint mar sin acht bheith dílis do'n
tsean-sprid.
Is léir, mar sin, dar linn, an dlúth-
bhaint atá idir an t-oideachas agus an
dúthchus, agus a riachtanaighe 's tá fíor-
oideachas dúinn chun an dúthchais do thabhairt
saor ó chontabhairt an Ghalldachais. Níl
le rádh againn sa deireadh acht gur anois
an t-am ceart chun é do shaoradh. Sin é
an “beárna baoghail” agus ba chóir do
Ghaedhealaibh léim isteach ann gan mhoill
nó buadhfar ortha. Tá caoi againn indiu
nác raibh a leithéid ann riamh roimhe seo,
agus nach mbeidh arís, b'fhéidir, muna
dtosnóchaimíd i n-am. Tá muinntear
na h-Éireann ullamh anois chun rud ar
bith do dhéanamh ar son a dtirín dúthchais
acht é bheith i n-iúl dóibh gur chun a leasa
an rud san. Sé an t-oideachas agus an
dúthchus an tréoruidhe is fearr a d'fhéadfadh
bheith acu chun iad do stiuradh i gceart ar
shlighe saoirse agus neamh-spleadhachais
na tíre. Tá siad ag iompódh ó'n nGall-
dachas agus caithfimíd a sheachaint nach
gcasfaidh siad isteach ar aon rud acht
ar an bhfíor-Ghaedhealdachas. 'Sé is cóir
do gach duine a dhéanamh é féin d'ollamh-
ughadh le h-aghaidh an chatha a chaitfar a throid
cun aigne na nGaedheal do bhaint ó smácht
is droch-íde na nGall. 'Sé an dúthchas an
sciath díona is fearr sa gcath san, agus
eólus ar theangain is ar sheanchus na tíre
an gléas is treise chun an namhad is gach
a mbaineann leis do dhíbhirt as an dtír.
An fhaid 's bheidh éide an oideachais umainn
ní baoghal go dteipfidh orainn. 'Sé is
riachtanaighe an t-ollmhuchán do chur ar
siubhal láithreach bonn. Níl aon am againn
chun suaimhnis ná áise do cheapadh; is
éigean dúinn gan bheith ag cuimhneamh ar
shos ná stad go dtí go mbeadh buaidhte
glan againn. Ní h-uiriste é acht is fiú é,
agus níor staon Gaedheal riamh ó'n
gcruadhtan nuair a bhí ghádh leis; níor
cheart dóibh staonadh anois acht an oiread.
A Ghaedheala, bíodh cuimhneamh agaibh ar an
méad a fulaingeadh ar bhur son agus
deinidh rún daingean indiu ar a thais-
beáint nach i n-aisce a fulaingeadh é.
Fé mar a thugann páis Chríost sólás agus
misneach dúinn nuair a bhíonn brón agus
buaidhreadh an tsaoghail ag cur orainn, ar
an gcuma gcéadna cuirfidh cuimhneamh
an mhéid a d'fhulaingeadh ar son na
h-Éireann, dóchas agus meanma ionann
agus spreagfar sinn chun oibriughadh go
dian dúthrachtach gan staonadh ná stríocadh
ar son glóire Dé agus leasa clann na
nGaedheal.
MICHEÁL MAC AMHALTOINN.
“CARA DOM' CHARAID IS CARA DÓMH-SA É.”
DÁN DIADHA.
TÁ cóip eile den dán seo leanas le fághail
ag leathanach a 36 san “Irish Miscellany”
a chuir ó Dálaigh i n-eagar sa bhliadhan
1876. Deir sé annsan gur ceapadh timcheall
1814 é, agus gur fear do mhuinntir Warren
as Cill Áirne a chúm é, le h-aghaidh
Cuallachta Diadha a bhí i Muigh Ealla an
t-am san fé stiúrughadh an t-sagairt
pharóiste. Tá tagartha dó-san agus don
Chuallacht i mórán dos na bhéarsáibh atá
curtha síos ag an Dálach. Bíodh is gur
minic a chuala é á ghábhail ag sean-daoinibh
ar fuaid Corcaighe, ní raibh aon tásc aca
ar na bhéarsáibh san, agus dubhradh liom gurbh
amhlaidh a chuir duine éigin aguisín leis i
dtréo go n-oirfeadh sé dóibh i Muigh Ealla.
Tá a dheallramh san air leis, mar níl an
líomhthacht cainnte chéadna ins na bhéarsáibh
úd, agus atá sa chuid seo thíos.
Tá giota beag truaillighthe de, leis, ag
leathanach a 312 den leabhar úd “Abhráin
Diadha Chúige Connacht” (cuid a h-aon).
An dhá bhéarsa atá ag a thosach, ní chuala
iad ach ag aon duine amháin. An fear a chan
an méid seo thíos dom, dubhairt sé ná raibh
aon bhaint aca leis an amhrán, agus bíodh is
ná creidim san, táim á thabhairt amach
annso díreach mar a bhí sé aige-sin. Seán
ó Conaill is ainm dó, agus tá sé n-a chómh-
nuidhe ar Chnoc Móirne le h-ais Conaithe
an Aonaigh i n-oirthear Chorcaighe.
Fonn: — Seán ó Duibhir an Ghleanna.
1. Moladh le Rí na bhflaitheas,
A chúm an t-aer is an talamh,
Cé gurbh íseal bhí a leaba,
Nuair a tháinig ar an saoghal;
2. A chúm is cheap na h-aingil
Gan smúit, gan cheó, gan pheaca
Go glórmhar, soillseach, lasmhar,
Díreach mar an ghréin;
3. Stiúirigh spéartha is sgamaill,
Solus áluinn ins an ngealaigh,
An réalthan chughainn ag taithneamh
San oidhche ar an aer;
4. Do sgaoil gach abhainn is caise
'Na slaoda ar siubhal chun reatha,
Is an Bhrighdheach, bhrúchtmhar, fhairsing,
Agus í lán dá cuid éisg;
5. Do líon an choill do chrannaibh,
Go buacach, bláthmhar, leathan;
Na h-éin ba shíoraidhe canta
Ar a ngéagaibh go léir.
6. Tá an mhór-mhuir éachtach, fhairsing,
— Níl teóra léi ach gainimh —;
Trí chómhacht Dé go gcasfainn
I n-áilneacht na réim.
7. Ar linn an éisg a phreabadh
Trí gach féith dhon talamh;
Éin go binn ag canadh;
Agus an bláth ar an ngéig.
8. Ó! mo sgannradh an peaca!
Sgéithig-se an domhan dá dheascaibh,
Agus ubhall don chrann a bhlaiseadh,
Do lán-chreach an saoghal;
9. Thug ár agus pláigh agus galar,
Ruacht agus gráin don pheaca,
Gur bádhadh a dtáinig ar talamh,
Ach an Áirc a chuaidh saor.
10. Má bhímíd críonna gasta,
Le saothar fear agus capall,
Gheóbhaimíd go flúirseach beatha,
Do ghnáth as an gcré.
11. Dá bhrígh sin bímís feasta
Gan mhoill i gcaoi agus i gcagall;
An bhuidhin gan fuighleach asta,
Táid siad ar strae.
12. Sin sompla agat, a pheacaidh,
Le foghluim ós na beacha,
Gé gur chuaidh sé d'ughdair ghasta
Í dh'fhoghluim mar chéird.
13. Nuair a bhíonn an ghrian ag taithneamh,
Tugaid siad leó a gcuid meala,
Mar stór i gcóir a gcaithte,
Ó choillte na gcraobh.
14. Tugaigídh fé ndeara,
An sompla dh'fhág an leanbh,
Nuair a thúirling ós na flaithis,
Ar ghrádh dhúinn go léir;
15. Gur rugadh é go dealbh
I mainséir úr an asail,
Gan suaimhneas, gan aoibhneas,
Is gan sgáth air ó'n spéir.
16. Ní bhfuigheadh Sé slighe sa chathair
Gé go raibh sé lónmhar, fairsing,
'Measg na n-Iúdaighe malluighthe
Agus na righthe fallsa, claon.
17. Nuair a chuadar go dtí an gcathair,
Chun umhlughadh ann don leanbh,
Bhí Héród ann mar cheannas,
Agus b'fhairsing ann í (a) réim.
18. Ghlaoidh sé suas na sagairt
Agus a leabhra 'ca ar leathadh,
Chun cunntas a dh'fhághailt d'réir
tairngireacht,
Cá mbéarfaí ann Mac Dé.
19. Nuair dh'eirigh Sé suas i bpearsain
Níor dh'iarr sé “léis” ar thalamh,
Ní dheaghaidh sé riamh ag fiadhach le
marcaigh,
Agus níor ghrádhaigh riam an “ghéim.”
20. Níor dh'iarr Sé cúirt ná halla,
Ná suidhe i dti(gh) an tabhairne (ag)
ragadh
Le meidhir ag diúgadh an leanna
Ach an fíor-uisge caol.
21. Cá bhfuilid na Céile Geala,
Lucht an Úird do cheapadh,
'S an Mhaighdean úd nár chaith riamh
Cámbric sa tsaoghal,
22. Húda dubh ná hata,
Síoda daor ó'n gcathair,
Gé go bhfuair sí cómhacht agus gradam
Thar mhnáibh eile an tsaoghail.
23. Teideal mór mar a mheasaim,
Íosa Críost ag caitheamh
Trí ráithe mar gach leanbh,
I n-árus a cléibh.
24. Is ar uair a báis na h-aingil,
Í (a) bhreith idir chorp is anam,
Suas go Ríoghacht na bhFlaitheas,
Ar láimh deise Dé.
25. Céad glóir arís le n-(A) ainm,
Go síoraidhe buan chun seasaimh,
Go buadhartha, cráidhte, caithmheach,
A gcroidhtheacha gach n-aon.
“CLAIS NA GAINMHE.”
CNUASACHT AMHRÁN Ó CHORCA DUIBHNE.
FAÓISDINE CHEALLACHÁIN.
Dá mhéid a rithim i gcorthaibh a thréig mo
shnódh,
Gan traochadh a bhrisim-se dlighthe Mhic Dé
na gcómhacht,
Spéis ní chuirim i nduine dá naomhthacht
clódh,
Go dian claoidhigh feasta mé ar easba gan
aon-phioc stóir.
Mo stór a chaitheas, níor ghabhas leis meón
sa t-saoghal,
Mar ba mhóide agam gur minic im bhéol
Mac Dé,
A dheigh Mhic úd nár dhúiltuigh an pháis nár
dtaobh
Go leighisfidh tú ár gcúmhangrach lá na
n-aon.
Lá na n-aon beidh spéir ar lasadh do shíor,
A's clann clainne Éabhá ar aon chnoc
caithfidh bheith cruinn,
Beidh cáil gach n-aon go léir a's a mbearta
dá sgríobhadh.
I láthair aon Mhic Dé mar bheartaig an Rí.
A threabha chlainne a chóirigh mo bhearta le
cian,
A' stróireacht ar bhóithribh a's an aindeise
im dhiaidh,
Dá seachnéochainn gach doibheart dár
dheineas fós riamh
Ba chóir dom a bheith dóchasach asat sa a
Dhia.
A Dhia an t-Athair do shealbhaigh na flaithis
naomhtha,
A Dhia an Mac d'fhulaing ar son na cine
daonda,
A Dhia an Spioraid Bheannuighthe thug solus
dá h-aspalaibh naomhtha
Gac ciach agus dochma dá mbeidh orainn
go dtugair dúinn réidhteach.
Réidhteach fuasgailt go dtigidh orainn
féin ó chathair na ngrást,
Ós gach géibhinn dá mbeidh orainn go bráth
Le saor-fhuil t-Aon-Mhic a greadadh sa
pháis
Tabhair saor o'n uile bhaoghal sinn a's ó
mhearbhall smáil.
Imearbhall smáil d'fhágadh mise sa tsaoghal,
De dheasgaibh clainne Éabhá do cráidheadh
mé ag stracadh na ngéug
A mhic Muire ná ngrást d'fhulaing bás
peannaid a's péin,
Fuasgail mo chás a dhianghradh, as mo
shamhail ná tréig.
Ná tréig mé a Spioraid Naomhtha thug solas
don domhan,
Ná leig i n-uile bhaoghal sinn as tabhair
dúinn cabhair,
Le saor-fhuil t-Aon Mhic a greadadh go lom,
Tabhair saor o'n uile bhaoghal sinn ar eagla
a bheith trom.
Is trom iad mo chortha is imearthach claon
mo pháis;
Do ba scéiméir mise níor ghabhas Muire
mar sciath im láimh,
Is fealltach mise a's im thuigsint i mbaoghal
mar táim
Le cabhair nár gcoinne go dtigidh Mac Dé
na ngrást.
An chaoin-bhean ba mhíne as dob' áilne
scéimh,
Is tú caoín bhanartla Íosa a's Máthair
Dé,
Bí im choinnleacht, déin díon dom i
mbéarna an bhaoghail,
Ó dhíomas mo naimhde a's go bráth bead
saor.
AN CHAORA ODHAR.
Aréir a's mé go h-aoibhinn a's mé sínte
ar mo thaobh dheas,
Seadh tháinig aisling taoibh liom do
spriogaigh mé thar meón;
Gur mharbhuigheadar mo chaora ins an líne
bhí taobh liom
Gurab aoibhinn an féasta í as gurbh aerach
ar bhórd.
D'éirigheas suas im' sheasamh beó a's níor
chreideas féin leath dá nglór
Mo mhuinntir féin atá sa tréo a's ní
baoghal dom go bráth
Gur aithris an séimh-fhear b'fhéarr méinn
a's tuairisg
An nidh úd do h-innseadh a's is fírinneach
mar tá.
As a chaor' odhar mo chéad slán chúghat mar
d'fhágais mé im' aonar
Ingéibhinn fé dhaor-thart gan aon deoch ar
m'fhághail
'Sé mo mhuirear sa bhí i ngábhtar a's i
spléadhchas gach aoinne
Gan súil le h-aon bhraon aca go mbéarfadh
sí dhóibh
Nách mairg dóibh a mhachtnamh é a's gur
ghéarr ó cheannuigheas í go daor
Mé i dtaobh le stoc an tsaoghail nách truagh
mé 'na déoidh
Ba thaca dom chun cíosa í, chun íoca a's
chun éadaigh
A's gur dhíon dom o'n mbraon í ins gach
aon bhall dá ngéobhainn.
Sí seo an chaora dóighte, ní dómhsa féin ar
leithilig
Is mór ar shil déora ag siúbhal bóithre na
déidh
Is cosamhail le híoc na fódhlacht ar tógadh
led-airgead
Mar is leór do gach óigfhear ba dhóbair
a fhághail daor.
Ni chreidim féin a labharaid ach an méid dá
buidhean a bhailig sí
Ag soláthar bídh a's leapthan chúcha ar shráid
ná raibh saor,
Gur chaill gach éinne 'om chomursain d'réir
corónach a's dachad léi
As gur ró bhréagh an tseóid í mar bhí an
spóla ró dhaor.
Dá bhfeicfeadh sibhse an éifeacht a's is mar
sin féin do bhí sí
Imeasg na gcuisle a thraochadh ag an daor
anois sa chúirt
A's gur dhein O Connell gleigeal déirc
air mar ba ghnáth leis
Mar gur shil sé gur brágha é bhí ar lámh
gan aon chúis
Dá mbeadh fhios ag Connell fios a slighe
dobh fhonn leis croch a chur na súidhe
A cheann a chur go barra an tíghe ar spíce go
h-árd
Geallaim-se le céill dibh má théigheann níos
mó ann
A shaoradh na déanfar a's is éigin do
an bás.
Náire is aithis chúghaibh a fheamailí bhradaigh
is measa clú
Sé slighe é lean ur gcaraid rómhaibh is is
cásmhar díbh é
Mar léigheann an t-oideas múinnte tá ós
cíonn na gcúig bparróiste
Go ndíbrighthear na cionntaigh chun siúbhail
as rióghacht Dé
Nár thigidh pláig ná olc sa tír go bráth ná
sínfidh chúcha súd a lámh
Marbhán is íogaire ná í ar chlár chúcha
inaghaidh an laé
Do spriogaig ar mo chaoire do ídeadh le
dúil i bfeóil
A's fhios aca na gcroidhe istigh mé i dtaoibh
leí mar lón.
Dhith an Black go fairsing í, d'innis
a cheacht go pras mar bhí
A phreab isteach ar thaobh na dlíghe dfhonn
cách d'fhághail daor
Moladh le Rí na Glóire sé a dhóithin a fuair
dá druim
Gur dóigh liom ma bhéodhann sé nách cóir do
bheith buidheach
Léan a's lom a's lagar orraibh do shíor
do gnáth go leanaidh sibh
Rígh na ngrást i n-earrad libh i lá breithe
Dé
Ídeadh clainne Móiré orraibh do shéol an
cat fé draoidheacht
Gurab ar bhórd luinge a seóladar gan
treó ortha go bráth.
CAOINEADH AR AN ATHAIR MUIRIS UA CHAOIMH.
Is mór an brón as an bhuadhairt sa tír seo,
O Chorcaig na gcuanta go h-Uachtar
Duibhneach,
Ár dtreibh bhréagh uasal a tugadh suas go
fíor-ghlan,
Bród sgoth Gearaltach cé gur b'ainm Ua
Caoimh dó.
Ba bhréagh é do chuideachta id fhaire san
oidhche,
Bhí na naoimh na h-aingil a's na h-aspail
id thimcheall;
Ár dtíghearna naomhtha ag léigheamh do
ghníomhartha,
As an Mhaighdean Bheannuighthe ag tarrac
na díghe chúghath.
A Athair Mhuiris Ua Caoimh mo mhíle léan
tú!
Dochtúir diadhachta a bhíodh ag leigheas gach
éinne;
Fuairis glóire a's cómhacht ón Aon-Mhac,
Is mo chúmha go mór mar is luath a
thréigis.
Níor bh'ionghnadh liom-sa dá ndúbhfadh na
spéartha,
No ná lasfadh an ghrian i n-Íarthar Éireann,
Dá mbuailfídhe na cnuic anuas ar a
chéile,
San áit 'nar cailleadh an sagart bréagh
naomhtha.
Tá pobal na Carraige go h-athtuirseach
céasta,
Tá na mná diadhuighthe go diachrach id
dhéidh-se,
Do gheóbhaidh siúd sagart a mhaithfidh a
mbréithre,
Acht ní gheóbhaidh t-athair do mhalairt i n-aon
chor.
Le línn do mhairbh 'seadh tháinig t-athair i
d'fhéachaint,
A's do deirbhsiúr uasal bhí go huaigneach
id dhiaidhse,
Do dhruid sí anonn mo chúmha mo léan dubh!
Cé gur síneadh go faon thú i gcodladh gan
traochadh.
Bhí bean tighe an tsagairt go gradamnach
séimh duit,
Do thug sí gradam duit thar sagartaibh
Éireann;
Do bhíodh do bhreicfeast aici ar maidin go
gléusta,
Arán a's cáis imeadhon gach laé dhuit.
Ba bhréagh liom do sheasamh ar fhaithche nó ar
bhínnse,
Nó ag rás led' chapall go barra na duithche,
Cé gur bhuail an phian ar aghaidh an chroidhe
thú,
A's go bhfuaireadh marbh thú i mbaile cois
taóide.
IN IOMARAS NA COILLE.
In iomaras na coille ar tuitim de'n
drúcht aréir,
Seadh do dhearcas im' choinne an ainnir-
bhean álainn seimh,
Do shíleas nár mhisde dhom tuitim i
ngrascar leí,
Nuair a dubhairt sí a dhuine taói ar buile
's ní dóigh dhuit mé.
D'fhiafruigheas de'n ainnir go tapaidh
cad a sheól í fé'm dhéin,
Nó cá bhfuil do dhuine nó ar misde dhuit
gabháil liom féin;
Do labhair sí liom-sa go milis de'n
chomhrádh béil,
Go gcaithfinn-se imirt ar cluiche cúig
cárta léi.
Nuair a luigheann ar an imirt níor thuigeadh
liom cómhaireamh géar,
An t-aon nuair a thigeadh leis an gcurata
do bhuaileadh é,
Nuair a bhuaidh sise 'n cluiche is milis mar
adubhart-sa léi
Ní h-ádhbhar dhuit mise a chailleas an cúig
le t-aon.
A óigfhir gan cheangal is fada mé dubhach id
dheoidh,
Tar liom abhaile is geobhair airgead
cruinn go leór,
Cead luighe liom ar leabaidh chuirfhidh anam
is brigh id ghlór
Is in ionad bheith caithte geallaim duit arís
beir óg.
A ógh bhruinneall bharamhail, bhanamhail
álainn óg,
Ba bhinn liom ta labhairt chun tamhall do
thabhairt id threó
Mara mbeadh an ala bheag leanbh 'sa
bhanarthla dubhach im dheoidh
Is mé críonna lag caithte sim' bhallaibh á
chlaoidh led' shórt.
A óigfhir gan cheangal is fada mé dubhach
id dheoidh,
Tar liom abhaile is geobhair beath-uisge 's
fíon ar bhórd;
Geobhair marcaigheacht bhréagh fhada ar gheal-
chapall groidhe sa ród
Agus léar ar seacht bhfearainn de thalamh
gan cíos go deó.
D'eirigheas im sheasamh, do phreab mo chroidhe
's do léim,
Nuair a cheapas go gcaitheadh an ainnir
bhean saeghad tre'm thaobh,
Ba chiúin is ba chneasta mar a spreagas
léi fíor is bréag
'S ar an tarna glaodhach choiligh mo bheannacht
do sgaoileas léi.
CRÍOCH.
Cearrbhach do b'eadh an fear so. Do bhí
sé amuigh oidhche áirithe agus a bhean sa
bhaile agus í tinn. Do cailleadh i gcaitheamh
na h-oidhche agus do tháinig a sprid chun
sgannra do chur ar a fear, agus anam
a mhna a bhí 'san ainnir óig.
AN MINISTIR AGUS AN CAILÍN AIMSIRE.
BHÍ ministir ann tráth a's do bhí cailín
aimsire aige. Caitiliceach ab' eadh í acht
mar sin féin bhí seisean an-cheanamhail
uirthi. Do bhí mac ag an ministir a's do
bhí sé i n-éad léi. B'é fáth an éada ná go
bhfeiceadh sé sóillse gach oidhche 'na seómra
tar éis aimsir codlata. Do chuaidh sé chúichi
lá a's d'fhiafruigh sé dhi cad iad na paid-
reacha a deireadh sí gach oidhche ag dul
a chodladh di. Dúbhairt sí na deireadh
sí aon phaidir mar ná faghadh sí neart air.
Dúbhairt seisean go ndeireadh a's do bhí
sé ag gabhailt di mar sin nó go ndúbhairt
sí gurab iad so na paidreacha a deireadh
sí ag dul a chodladh dí: —
“Nuair luighim ar an leabaidh, luighim
ar an uaigh, luighim leis an dTrionóid
Naomhtha agus leis an Maighdean Muire,
le Naomh Sheosamh a's le h-aingeal coing-
leachta mo láimhe deise. Luighim síos
leis na trí aingilibh órdha is sia agus is
sine tá i gCathair na Glóire. Tar, a
Mhichíl tabhair dom do lámh agus dein
síothchán le Mac Dé dom má tá aon namhaid
ar mo thóir. Rí na bflaitheas idir mé a's é.
Tugann se m'anam dom' athair as d'Íosa
na trócaire,
A's dá bhfuil d'ainglibh i gcathair na
Trionóide,
Do Mhichéal naomhtha, teachtaire an Righ
Ghlórmhair.
Do Mhuire Naomhtha Bheannuighthe an
banarthla a thóg Tú.
A Íosa, a Íosa, a Athair 'sa Uain,
Díbir na smaóinte malluighthe uainn.
Más luighe dúinn más suidhe dúinn, más
codladh más suan,
A Íosa bí 'nár gcróidhe a's ár bhfaire
gach uair.
Guidhim ar Pheadar as guidhim ar Phól,
Guidhim ar an Óigh a's ar a mac,
Guidhim ar an dá aspal déag,
A's nár théighimíd i n-éag gan a gcead.
Tamall 'na dhiaidh san, d'fhiafruigh an
cailín de'n mhinistir an íosfadh sé feóil De
h-Aóine. Dúbhairt sé ná cuirfeadh sé suas
dí nó go gcuirfeadh an bolán bán suas
dá chuid bainne. Do chuaidh sé féin a's an
cailín leis an mbainne go dtí an mbolán
bán acht má chuadar ní bhlaisfeadh an bolán
bán é a's d'imthigh sé ag búithrigh ar fuaid
na páirce uatha. Do thánadar abhaile as
dúbhairt an ministir go ndéanfadh sé féin
an trosgadh. D'fhan sé mar sin ar feadh
beagán aimsire a's é ag déanam an trosg-
aidh. Do bhí an cailín síos a's suas ag
friotháladh air. Turus dár chuaidh sí ináirde
chuige, fuair sí marbh é. Seo anuas í agus
dúbhairt le múinntir an tíghe go raibh an
ministir marbh. Tairigidheadh anuas é a's
fágadh istigh an lá san é no go dtáinig
aimsir an aifrinn mar b'é an Domhnach
a bhí ann. Nuair a bhí na daóine cruinnighthe
d'eirigh sé aniar ar an mbórd a's má éirigh
seo fear ag baint an dorais amach do féin
acht sul a ráinig leis dul go dtí an
doras thuit sé, a's má thuit ba gheárr go
raibh beirt nó triúr anuas air tuitithe
mar an gcéadhna. Dúbhairt sé leó gan
aon eagla teacht ortha a's do labhair sé
mar seo: —
Do chonnac-sa íongantas ar thrácht an
bhóthair,
An teine ba lúgha aca, ní raibh aon dá
theine ba mhó ná í,
Bá mhó í ná dhá chéad isleán móna,
Na sliabh challáin, m'uchlán, ce mór é.
Nuair a bhíonn an cholann go codhlatach
suanmhar,
Na cóinnle geala dá lasadh lastuas di,
Na mná óga a's na déora ar a ngruadh
'ca,
Siné nuair a bhíonn an t-anam ag tarrac
san chruadhtan.
Tháinig máthair an diabhail ar an dtaobh
chlé dhom,
Dabhacha braithilis aici dá dtaoscadh;
I dá bhfuaradh go dtí na raibh luas na
géuga,
A's íota tarta ar m'anam-sa dá daoradh.
Tháinig na maistíní ar gach taobh díom,
A's a mbéil ar leathadh 'ca mar bheadh
barra bó craosaighe;
Mar a bheadh coinneal ag fliuchaigh ar
thaobh chnuic,
Ag iarradh mé stolladh a's do stracadh
o chéile.
Do tháinig Muire Mháthair a's do shuidh sí
taobh liom,
Do leath sí a brat a's a sgaball im
thimcheall;
Do chuir sí a lámh im lámh sa sínte,
A's do rug sí leí mé saor o'n ngríosadh.
Moladh le Muire mar dheineas an
Aóine,
Mar a mbeadh gur dheineas is mise beadh
shíos leó,
Do bheadh mo chuid fola na lugaibh im'
thimcheall,
As bheadh mo chuid feóla na luaithréan
ciardubh.
D'iompuigh sé féin agus a mhac annsan
agus do mhair sé seacht mbliadhna 'na dhiaidh
san ag teagasg na ndaóine. Do phós an
mac an cailín aimsire a's do mhaireadar
go sásta go lá a mbáis.
CIARRAIDHEACH.
NEALA CHAM CHRATACH.
BHÍ RÍ ann uair amháin agus bhí triúr mac
aige. Bhí teach beag aca agus smaoitigh
siad eatoru fhéin gur cheart dhaobhtha teach
mór úr a dhéanadh. Bhí go maith agus ní rabh
go h-olc thoisigh siad a dheánadh an taighe
agus nuair a d'éirigh siad ar maidín an
darna lá bhí obair an chéad lae leagtha.
Rinne siad obair lae eile agus bhí sé
leagtha aríst maidín lá'r na bhárach.
Annsin smaoitigh siad gur cheart do fhear
aca fanacht na shuidhe agus coimhead.
Andhiaidh lá oibre a dheánadh ar an teach,
dúbhairt an mac a ba shine go bhfanochadh,
seisean na shuidhe an oidhche sin. Shuidh sé
astuigh sa teach úr. Drátha an do dhéag
thainic dhá bhean asteach agus cónair leo,
d'imthigh seisean na bhaile acht níor leig sé
a dhath air fhéin agus bhí an teach leagtha
aríst lá'r na bhárach. Rinne siad lá oibre
eile ar an teach agus an oidhche sin choimhead
an darna mac. Chonnaic sé an rud céadna
a chonnaic an fear eile agus theith seisean
na bhaile fosta agus níor leig sé a dhath
air fhéin agus bhí an teach leagtha aríst
maidín la'r na bhárach. Acht chuir siad
suas aríst é agus an oidhche sin chuaidh an
tríomhadh mac le suidhe sa teach, thug sé leis
buideal uisge coisreactha agus paca cardaí.
Nuair a bhí sé na shuidhe astuigh sa teach
agus é ag gabháil do na cardaí thainic na
mrá agus an chónair asteach, chraith seisean
an t-uisge coisreactha. D'fhiafruigh bean
aca de an n-imreochadh sé cluiche cardaí
léithe, dúbhairt sé go n-imreochadh agus
thoisigh an imirt. Bhain seisean cúpla
cluiche a chéad uair, thoisigh sise a bhaint
annsin agus bhain sí léithe a oiread, ionnas
nach rabh seisean abulta díol léithe.
Thoisigh mac an rí ag éirighe buadhartha agus
ní rabh fhios aige goidé a dheánfadh sé.
Dúbhairt sí annsin ó tharla nach rabh sé
abulta díol go gcuirfeadh sí faoi gheasa
é a ghol agus an Cluibistín Maol a bhí
sa domhan thoir a thabhairt chúici. D'imthigh
sé go buadhartha brónach na bhaile. Nuair
a d'éirigh sé maidín la'r na bhárach chuaidh
sé go dtí Cailleach na gCearc agus
d'iarr sé a comhairle. Dúbhairt sí leis
a ghol na bhaile agus dhá thuirtín aráin
a dheánadh, ceann fa na choinne fhéin agus
ceann fa choinne fathaigh, mar go mbéadh sé
a dteach fathaigh an oidhche sin. Dúbhairt sí
leis nuair a rachadh sé fhad le teach an
fhathaigh a bheith na fhear ghasda agus nuair
a d'fhosglóchadh an fathach a bhéal an tuirtín
a chathadh asteach. Chuaidh sé fhad le teach
an fhathaigh an oidhche sin. Ní rabh sé a
bhfad astuigh go dtainic an fathach, tharraing
sé srann ag tabhairt iarraidh air le na ithe
agus bhuail sé dhá thaobh an taighe ar a chéile.
Acht chaith mac an rí an tuirtín agus chuir
sé asteach a mbéal an fhathaigh é. Bhí
luthghair ar an fhathach, bhí fhios aige go rabh
an buachaill seo aig a leas-dheirbhshiúr agus
shuidh sé síos go mbéadh comhradh aige leis.
Budh í Cailleach na gCearc leas-dheirbhshiúr
an fhathaigh.
Rinne an fathach dhá thuirtín an oidhche
sin agus dúbhairt sé le mac an rí go
díreach mar dúbhairt Cailleach na gCearc
leis roimhe sin, go mbéadh sé a dteach
fathaigh oidhche lá'r na bhárach agus go
gcaithfeadh sé a bheith gasda agus an
tuirtín a chathadh asteach ann a bhéal.
D'imthigh sé ar maidín agus thainic sé go
dtí teach an fhathaigh. D'éirigh gach rud leis
mar d'éirigh an oidhche roimhe sin. An oidhche
sin dúbhairt an fathach leis go mbéadh sé
lá'r na bhárach aig bárr trágha agus go
dtiocfadh Neala Cham Chratach go dtí an
tráigh sin agus dhá chloigeann déag fear
léithe 'á nighe fhéin. Annsin da mbéadh
seisean na fhear ghasda a ghol agus cuid
éadaigh Neala Chaime a thabhairt leis. Acht
da sárochadh seo air, dúbhairt an fathach
leis go mbéadh Neala Cham na h-éan fosta
agus go rachfadh sí suas go dtí bárr cnuic.
D'iarr sé air annsin sapog choirce a
thabhairt leis suas agus í a chrathadh agus
a bun agus a bárr a bheith le chéile, agus
annsin an t-sapog a cheangal thar na chorp
fhéin agus go dtiocfadh an t-éan a ithe
an ghráin agus nach mbéadh muill air
breith air. Budh í Neala Cham nighean rí an
domhain thoir agus bhí sí faoi gheasa agus
bhí sí le bheith mar sin go bhfuigheadh an
mac seo greim uirthi na h-éan annsin
d'imtheochadh na geasa dhuithe.
Thuit gach rud amach mar dúbhairt an
fathach d'imthigh na geasa de'n mhnaoi agus
thug sí léithe mac an rí chum an domhain thoir
go dtí go bpósfadh sí é. Bhí fearg ar a
h-athair fá'n phósadh agus bhí sé fa choinne
an bheirt a chuir chum báis. Thoisigh sé a
mhallachtaigh ortha agus dúbhairt sé leis an
fhear go gcuirfeadh sé chum báis é roimh an
dó dhéag lá'r na bhárach muna mbéadh cloidhe
aige ar gharadh mór roimh an am sin. Chuaidh
mac an rí amach agus é buadhartha brónach
agus thoisigh ar an obair agus gach cloch
da gcuirfeadh sé suas thiocfadh trí cinn
anuas. Chuaidh Neala Cam amach bheir sí
ar phráib leis an spáid agus chuir sí suas
é agus bhí an cloidhe tógtha aici.
Thainic siad asteach annsin agus d'innis
an buachaill do'n rí go rabh an obair déanta.
Dúbhairt an rí leis go rabh bóiteach aige
nár glanadh amach le dhá bhliadhain déag
agus gur chaill a mháthair mhór snáthad ann
agus muna mbéadh sé glan amach agus an
t-snáthad aige roimh an dó dhéag lá'r na
bhárach go n-íocfadh sé an píobaire. Chuaidh
sé amach agus thoisigh sé ar an obair agus
nuair a chaithfeadh sé amach práib thiocadh
trí phráib asteach. Chuaidh Neala Cham amach
chaith sí amach práib amháin agus bhí an
bóiteach glan agus fuair sí an t-snáthad.
Thug sí an t-snáthad do'n bhuachaill agus
d'imthigh sé chuig an rí agus dúbhairt sé
leis go rabh an obair déanta agus an
t-snáthadh aige. Dúbhairt an rí “mo mhallacht
duit fhéin agus oide do mhúinte.” Acht ní
rabh mian aig an rí é leigint ar shiúbhal
agus dúbhairt sé go gcaithfeadh sé a ghol
agus breith ar an Chluibistín Mhaol agus
a thabhairt chuige. Ní fhanóchadh an Cluibistín
seo le h-aoinneach acht an rí nó a nighean.
Nuair a chualaidh an buachaill seo bí a
chroidhe da réabadh le buaidhreadh agus
brón. Acht thainic Neala Cham chuige agus
d'iarr sí air a ghol asteach na bhóitigh agus
an sean sraen briste bearnach a bhí a gcúl
an dorais a thabhairt amach, annsin a ghol
agus seasacht ar chloich ghlais a bhí a n-áit
éigin agus an sraen a chrathadh trí h-uaire
ann a h-ainm-sean agus go dtiocfadh
an Cluibistín Maol agus go gcuirfeadh
sé a cheann asteach sa t-sraen. Rinne sé
mar a dúbhairt sí leis, thainic an Cluibistín,
chuir sé a cheann asteach agus thug an
buachaill leis é. Thaisbeánn sé do'n rí é
agus dúbhairt an rí “mo mhallacht duit
fhéin agus oide do mhúinte, dá ndéanfá
sin agus oiread eile crochfidh mé thú ar an
dó-déag amárach.”
Bhí buaidhreadh agus bhrón ar an bhuachaill
nuair a chualaidh sé seo, acht thainic Neala
chuige agus dúbhairt sí go ndéanfadh sí
dhá thuirtín, ceann le labhairt le na h-athair
nuair a rachadh sé go dtí na sheomra le na
musgladh ar maidín agus nuair a fhos-
glochadh sé doras an t-seomra bhogfadh an
tuirtín eile agus chuinneochadh sin a h-athair
ag fanacht. Bhí siad fa choinne an rí a
chuinneilt co mall agus thiocfadh leo.
Nuair a fágadh na tuirtíní sa leabaidh
d'imthigh an buachaill agus Neala Cham ar
an chapall a ba ghuiste sa stábla. Thug
siad leo a mbasgaid trí choileán cú a bhí
sa stábla fosta. Chuaidh an t-athair go
dtí seomra mhic an rí ar maidín lá'r na
bhárach. Labhair sé agus thug tuirtín
amháin freagra air agus bhog an ceann eile.
D'fan sé tamall acht fa dheireadh d'fosgail
sé an doras agus ní rabh a dhath le fagháil
aige acht an t-arán. Amach leis go dtí
an stábla agus thug leis an capall ab
fheárr ann agus an sean-chú. Bhí an bheirt
eile giota maith ar shiúbhal anois, acht bhí
fhios aig Neala Chaim go leanfadh a h-athair
í agus d'iarr sí ar a fear coimhead na
dhiaidh. Chonnaic seisean an marcach agus
an cú ag teacht, annsin leig sise síos
ceann de na coileáin, bheir an sean-cú ar
an coileán agus phill sé na bhaile leis, agus
nuair a thainic sé aríst fhad leis an athair
bhí an péire eile giota maith chum tosaigh.
Thainic an t-athair suas leo aríst agus
nuair a chonnaic Neala Cham iad ag teacht,
leig sí síos ceann eile de na coileáin agus
rinne an sean-cú mar rinne sé roimhe,
chuaidh sé na bhaile leis agus nuair a phill
sé aríst tharla an rud céadna.
Acht lean an t-athair agus an sean-cú
iad an ceathramhadh uair agus nuair a
chonnaic Neala Cham iad ag teacht, d'iarr sí
ar a fear a mhéar a chuir faoi dheor a bhí
ar a gaothsan agus go n-éireochadh loch
fhairrge roimh a h-athair.
Acht shnámh an t-athair agus an capall
trasna, agus nuair a chonnaic an péire
eile seo d'iarr Neala Cham ar a fear cípín
soluis a cathadh síos ar an talamh agus go
n-éireochadh coill roimh a h-athair. Annsin
las sí cípín soluis eile agus cuir sí an
choill tré theinidh agus dóigheadh a h-athair.
Chuadar ar aghaidh annsin go socair ag
tarrainght ar an domhan thiar agus nuair
a bhí siad a chomhair taighe an rí, d'iarr
Neala Cham ar mhac an rí a ghol na bhaile
agus ise a fhágailt annsin agus sgéala
a thabhairt go rabh strainsear ag teacht.
Dúbhairt sí leis fosta gan leigint do
aoinneach póg a thabhairt dó. D'imthigh
seisean na bhaile agus bhí luthghair mhór
roimhe. Bhí coileán beag sa teach, léim
sé suas air agus thug póg dó agus na
dhiaidh sin char smaoitigh mac an rí ar an
strainsear a d'fhág sé na dhiaidh. Tamall
na dhiaidh seo thuit sé a ngrádh le bean eile
agus bhí siad le pósadh. Nuair a chonnaic
Neala Cham nach rabh mac an rí ag teacht
chuaidh sí suas a gcrann agus d'fan sí
annsin. Tugadh cuireadh do gach duine
go bainnis mhic an rí. Bhí ceardcha chomhair
an chrainn ann a rabh Neala Cham. Tráthnóna
na bainse chuir an gaba amach bean dhá
chuid nigheanacha go dtí tobar a bhí aig taobh
an chrainn seo fa choinne uisge. Chonnaic
Neala Cham í ó'n chrann agus nuair a
d'amharc nighean an ghabha síos san tobar
chonnaic sí sgáil Neala Chaime shíos ann.
Síl sí gurbh í a sgáil fhéin a bhí ann mar
nach bhfacaidh sí an bhean dheas dhóigheamhal
a bhí sa chrann. Dúbhairt sí léithe fhéin gur
mór an truaighe bean co deas léithe-sa a
bheith na comhnuidhe a gceardcha agus chaith
sí í fhéin asteach sa tobar agus báitheadh
í. Thainic nighean eile amach agus d'éirigh
an rud céadna dúithe. Nuair a b'fhada
leis an ghabha gan a chuid nigheanacha a theacht
chuaidh sé fhéin amach go bhfeicfeadh sé goidé
bhí contrailte. Chonnaic sé goidé tharla
uilig agus chonnaic sé fosta an phéarla
dheas sa chrann. D'iarr an gabha uirthi a
theacht anuas agus a ghol na bhaile leis, go
rabh bainnis ann an oidhche sin agus go rabh
cuireadh aig gach duine. Dúbhairt sí nach
rachadh na go rabh droch éidiughadh uirthi fa
choinne bainnse.
Le sgéal fada a dheánadh goirid chuaidh
sí leis na bainnse agus shuidh sí taobh
astuigh de'n doras. Bhí sí na suidhe annsin
tamall fada gan labhairt na amharc thart.
Fa dheireadh dúbhairt duine eigin léithe
gur cheart dhúithe cuid de'n chuideachta
a bheith aici agus d'iarr fear uirthi a ghol
a dhamhsa leis. Dúbhairt sí nach rachadh acht
na dhiaidh sin go ndéanfadh sí rud eigint-
each. Chuaidh sí go dtí tábla a bhí ann
agus chaith sí amach gráinín coirce agus
éan coiligh agus éan circe. Thoisigh an
dá éan a throid agus fa dheireadh d'ith
an coileach an gráinín. Annsin labhair
an chearc agus dúbhairt leis an choileach:
“Cha n-íosfá mo ghráinín nuair a bhí tú sa
domhan thoir agus cloidhe agat le cur ar
gharadh.” Chaith sí amach gráinín eile agus
d'ith an coileach é agus dúbhairt an chearc:
“Cha n-íosfá mo ghrainín nuair a bhí tú sa
domhan thoir agus bóitheach agat le
cartughadh.” Chaith sí amach grainín eile
agus d'éirigh an rud céadna de agus arsa
an chearc aríst: “Ca n-íosfá mo gráinín
nuair a bhí tú sa domhan thoir agus agat
le breith ar an Chluibistín Mhaol.” Annsin
bhí fhios aig mac an rí gur bh'í seo a bhean
cheart agus d'innis sé an sgéal uilig do
na daoinibh a bhí a láthair. Dúbhairt a bhean
úr leis a bhean cheart, Neala Cham, a
chuinneilt agus rinne sé seo agus pósadh
iad agus mhair siad go sona séanmhar go
bhfuair siad bás.
SEUMAS MAG FHIONNGHAILE.
CUALLACHT CHUILM CHILLE.
Naomh Colm (521-597).
CURSAÍ NA BLIADHNA.
AN choiste. Roinn Mhuire: — Donnchadh de
Róiste, uachtarán; Pádraig Ó Néill, leas-
uachtarán; Tomás Ua Spealáin, cisdeoir;
Micheál Mac Amaltoinn, scríobhaidhe;
Seán Ó Conbhuidhe; L. Ó Laoidhléis; P.
Mac Tomáis; D. Ó Riain; P. Ó Curraidhin;
M. de Langphort.
Roinn Ioseph: — M. Ó Laoi; S. Mac
Giolla Fhionáin; P. Mac Craith; P. Ó
Críodáin; M. Ó Laoi; P. Ó Loinghsigh.
An scéal atá le h-innsint againn i
mbliana, ní miste é do chraobhscaoileadh,
mar cuirfidh sé dóchas i gcroidhthibh na
nGaedheal a chloisint a fheabhas is a threise
is tá cúis na Gaedhilge ag dul ar aghaidh
'nár measc. Tá a lán ag brath ar na
sagartaibh chun an teanga do shábháil, agus
tá súil ag na daoinibh le congnamh d'fhághail
uatha. Do réir mar a bhí an obair ar
siubhal i mbliana tá gach deallramh nach
gclisfear ar na daoinibh sin, acht go
dtabharfar an congnamh nuair a thiocfaidh
an t-am chuige. Tá an t-ollmhúchán 'á
dhéanamh, pé 'r domhan é. Is mó an meas
atá ar an nGaedhilg anois, agus is láidre
an fonn chun í do labhairt de ghnáth ná aon
mheas ná fonn a bhí ann le fada. Comhartha
maith é sin. Nílmíd chómh Gaedhealach is ba
cheart dúinn, fós, ná i ngar dhó, acht an
fhaid is gur ag dul chum cinn atámuid,
dá mhaille é, níl aon chúis gearáin againn.
Táthar ag tosnú ar an scéal do thuiscint
'na cheart anois. Tá sé 'á bhuaileadh
isteach 'na n-aigne a riachtanaighe dhúinn
is tá an teanga dúthchuis má's mian linn
sprid an dúthchuis do choimeád beó. Tá
sé 'á chur i n-iúl dóibh go soiléir nach aon
mhaitheas bheith ag cainnt ná ag maoidheamh
as a láidreacht is tá sprid na saoirse agus
smuainte naisiúntachta muna ndeintear
na gníomhartha d'á réir, nach aon tairbhe
dúinn bheith ag casadh asmhúchán le réim
na nGall má leigimíd thart an chaoi atá
againn ar ghreim an Ghalldachais do bhogadh.
Tá daoine ann a cheapann nach bhfuil uainn
acht riaghaltas Éireannach do chur ar bun
i mBl' Átha Cliath agus do dhéanfaí gach
galar do leigheas gan a thuille moille. Tá
dearmhad mór ortha. Déanfadh riaghaltas
Éireanach áise mhór dúinn gan amhras
acht caithfidh gach uile duine a chion féin
do dhéanamh chun an Galldachas do dhíbirt.
Is neamh-nidh an smácht atá ag an Sasanach
ar an gcorp ar mhuinntir na tíre seo,
seachas an smacht atá aige ar an aigne
ortha. Ba mhait linn idir corp is aigne
do shaoradh ó'n smacht sin acht ní fuláir cur
chuige go reidh. Níl sé ró-uras an corp
do shaoradh mar buaidheann neart ar an
gceart go minic; ní mar sin do'n aigne
amhthach. Ní féidir leis an Sasanach ná
le h-aoinne eile smacht d'fhághail ar an
aigne orainn 'nár n-aimhdheóin agus ní
lugha nach féidir leis an smacht sin do
choimeád air. Tá sé ar ár gcumas ár
n-aigne do shaoradh go h-iomlán uaidh acht
an t-iarracht do dhéanamh air i n-am agus
dairíribh.
Sidí an obair atá curtha roimis ag
Cuallacht Chuilm naomhtha do dhéanamh ná ár
n-aigne do Ghaedhealughadh annso ionnus
go mb'fhéidir linn aigne na ndaoine eile
do Ghaedhealughadh nuair a raghaimíd amach
'na measc. Obair “do chum glóire Dé
agus onóra na h-Éireann” 'seadh an obair
sin. Is feárrde an tír seo na daoine
bheith Gaedhealach mar 'sé is dual sinnsir
dóibh; is feárrde an creideamh é, leis, mar
dá Ghaedhealaighe a bheidh siad 'seadh is
daingne a bheidh greim ar an gcreideamh
acu; an rud is mó atá ag cur i gcoinnibh
an chreidimh sa dtír seo, 'sé an Galldachas
é. Ní miste dúinn, mar sin, aire mhaith
do thabhairt do chúis na Gaedhilge. 'Sí an
Ghaedhilg an módh díreach chun croidhe an
duine Ghaedhealaigh do shroisint, agus is
fiú do'n tsagart í do bheith mar gléas
aige. Rud eile, ba chóir do'n tsagart
bheith oilte ar an nGaedhilg mar gheall ar a
mhéad de chongnamh is féidir leis a
thábhairt dí agus í i gcontabhairt a caillte.
An áit 'na bhfuil an Ghaedhilg ag an sagart
agus é ag obair ar a son, is geárr go
mbeidh an pharóiste ar fad ag déanamh
aithris ar a dheagh-shompla agus ag obair
ar son na Gaedhilge chómh maith leis. Ní
h-iongnadh, mar sin, go gcuirimíd an
oiread sin suime ins an gcúis annso. Ní
h-iongnadh go bhfuilmíd a d'iarraidh ar ár
ndicheall an teanga do chraobhscaoileadh.
Ba mhaith linn an Ghaedhilg do bheith mar
gnáth-theanga ag gach uile duine againn
acht ní féidir é sin go fóill “I ndiaidh
a chéile a tógtar na caisleáin,” agus tá
caisleán mór daingean na Gaedhealtachta
le tógáil againne. Tá an bun curtha
cheana agus beifear 'ghá thógáil níos aoirde
i ndiaidh ar ndiaidh. Is beag am atá
againn chun an teanga do shaothrughadh,
agus nuair nach bhfuil cleachtadh mhaith ag
duine uirthi is deacair bheith a' casadh
leí an t-am is mó a theastuigheann sos uaidh.
Uime sin, dob' éigin uaire áirighthe do
cheapadh chun Gaedhilg do labhairt agus cuireadh
buidhne le chéile i dtreó go mbeidh taithighe
mhaith againn uirthi i gcionn tamaill. Tá
cunntas na mbuidhean sin annso thios
againn.
NA BUIDHNE.
Bíonn dá shaghas buidhean ann; an chéad
shaghas, 'siad na buidhne a bhíonn ar siubhal
ar maidin agus leanann siad le chéile gach
maidin i rith na bliadhna ar fad. Bíonn
tosnuightheóirí agus cainnteóirí agus
múinnteóirí le fághail ionnta ag foghluim
na Gaedhilge ó n-a chéile. Do cuireadh
timchioll trí fichid cinn díobh (idir Roinn
Mhuire agus Roinn Ioseph) ar siubhal i
dtosach na bliana agus deineadh obair mhaith
dhúthrachtach ionnta ó shoin. Tar éis an
Nodlaig ba ghnáthach i gcómhnuidhe laghdughadh
a bheith le h-aireachtaint ins na buidhnibh sin,
acht í mbliana. Is amhlaidh a bhí daoine eile
ag teacht chughainn 'á iarraidh orainn buidhne
do sholáthar dóibh. Sin dul-ar-aghaidh sa
mbreis atá déanta againn agus anois
támuid chun iarracht a dhéanamh ar iad
do choimeád le chéile go dtí an samhradh.
Ní iarrtaoi ortha roimhe seo acht leana-
mhaint ionnta go dtí an Cháisc. An dara
saghas, 'siad na buidhne a bhíonn ar siubhal
taréis an lóin, agus istoidhche taréis an
tsúipéir. Ní bhíonn ionnta san acht
daoine gur féidir leó cómhrádh do choimeád
ar siubhal as Gaedhilg, agus deintear na
buidhne d'athriarughadh gach seachtmhain i
dtreó gurab usa dhóibh adhbhar cainnte
do bheith acu. Tar éis an lóin bíonn
timchioll trí fichid duine ins na buidhnibh
sin gach seachtmhain agus an Ghaedhilg ar
siubhal acu chómh bríoghmhar agus bhíodh an
Béarla nach mór. Istoidhche bíonn i bhfad
níos mó againn mar ní bhíonn siad chómh
tuirseach an t-am sin agus bíd um an
meadhon-lae. Timchioll fiche duine is
céad a bhíonn ionnta i dtreó go mbíonn
an oiread Gaedhilge is Béarla le cloisint
uaireannta ag dul mór-thimchioll na
páirce dhúinn. Beidh cainnteóirí na
Gaedhilge ag eighre níos líonmhaire gach
bliain de bharr na mbuidhean sin. Bhídis
ar siubhal anuraidh, leis, acht ní raibh an
méad céadna de dhaoinibh ionnta agus
annsin, leis, tá iarracht ar bárr iarrachta
déanta againn.
CONGNAMH NA GCARAD.
Ní bhéadh an scéal chómh maith san ná aon
bhreith againn air muna mbeadh a fheabhas
is a fhialmhaire a chuidigheadh linn ó h-am
go h-am chun an sprid do ghéarughadh agus
gan leigint dí aon mhaolughadh teacht
uirthi. I dtosach na bliana do thug an
dochtúir uasal de Brún léigheacht léigh-
eannta fhuinneamhail dúinn ar “an
nGaedhealtacht” agus ní misde a rádh gur
ghríosuigh sé go maith sinn chun obair do
dhéanamh ar son na teangan. Bhí léigheacht
eile againn tar éis an Nodlaig ó'n
nDochtúir uasal Ó Modhráin. Do labhair sé
go blasda leis, ar chúrsaibh na teangan agus
chuir sé 'na luighe orainn an dualgas atá
orainn chun í d'fhoghluim. Acht an duine
is mó a chuidigh leis an gcúis agus a chuir
misneach agus meanma ionainn, dob' é an
sagart uasal oirdheirc, an t-athair ó
Conghaile, fó-chisdeóir na coláiste. Níl
acht rainnt bheag de bhliadhntaibh ó bhí
sé annso 'na mhac léighinn ag obair ar
son cúise na teangan sa gCuallacht agus
is eisean a dheineadh a chuid oibre go
dúthrachtach; ba bheag de a d'fhágh sé gan
déanamh, pé scéal é, agus tá toradh a chuid
saothair le feiscint i n-a lán áiteanna
fós. Níorbh iongnadh mar sin go raibh áthas
ar an gCuallacht é do bheith thar n-ais arís
mar bhí fhios againn go mbéadh sé ar a
chumas níos mó ná riamh do dhéanamh chun
an choláiste seo do Ghaedhealughadh. Ní
rabhmar i bhfad ó'n gceart acht amháin go
bhfuil níos mó déanta aige ná mar a bhí
coinne ag aoinne leis. Gur buan fada dhó
ag cuidiughadh leis an gcúis.
TEACH NA SÓISEAR.
Is dóchasach an scéal a cuireadh anall
chughainn ó Theach na Sóisear i mbliana, leis.
Ní bhéadh aon mhaitheas dúinne bheith ag obair
ar son na Gaedhilge dá mba nach raibh na
daoine a bheidh ag teacht 'nár ndiaidh ullamh
chun an obair sin do choimeád ar siubhal.
Ní baoghal dí, ámhthach, do réir gach cunntais.
Tá an chaoi níos feárr acu anois ann, óir
is éigean do gach duine díobh cuidmhaith
de'n Ghaedhilg do bheith aige ag teacht isteach
dhó. Níl siad ag tabhairt droma leithi
annso acht an oiread. Tá céad buachaill
sa chéad rang agus tá an Ghaedhilg mar
adhbhar fromhtha sa gcéad scrudú san
“Arts” ag an uile duine aca acht amháin
cúigear nó seisear. Cloisfear uatha-san
fós. Tá an Ghaedhilg mar adhbhar fromhtha
le h-aghaidh na céime ag trí fichid duine
nach mór, ins an dara rang agus sáruigh-
eann sé sin ar an méad a bhíodh ann roimhe
seo. Taisbeánann an méad san go bhfuil
an-mheas acu uirthi agus tá súil againn
gur ag méadúghadh a bheidh an meas sin i
n-aghaidh na mbliain. Acht ní h-eadh amháin
go bhfuiltear 'gha foghluim ann, táthar 'ghá
labhairt, leis. Bhí Donnchadh Ó h-Eidhin
mar uachtarán ar an gcoiste ann agus
dhein sé a chuid oibre go dian-mhaith ó thosach.
Trí buidhne déag ar fhichid a cuireadh ar
siubhal an deireadh fóghmhair seo ghabh
tharainn agus d'oibrigheadar go maith go
dtí an Nodlag. Bhí an sean-scéal acu
go ceann tamaill tar éis na laethanta
saoire; bhí an sprid soir siar le tuirse
agus le droch-aimsir go dtí gur múscladh
arís í le h-oráid bhreágh bhríoghmhar ó'n
Athair Ó Conghaile. Do tosnuigheadh ar an
nGaedhilg do labhairt tar éis an tsúipéir
ann, leis, agus tá ag eirghe go maith leó.
CÚIRT NA nGAEDHEAL.
Níor eirigh acht go measardha linn sa
gCúirt i mbliana. Bhí “paipéirí” agus
diaspóireachta ar siubhal ann, agus bhíodh
plód maith i láthair acht 'siad na daoine
céadna a bhíodh ag cainnt ann gach oidhche
nach mór. Ba chóir do gach duine tuairim
do thabhairt gan scáth gan eagla ar cheist
ar bith a bhéadh 'á pléidhe. Is mar sin a
cuirfear snas agus blas ar an gcainnt
againn.
AN FÁINNE.
Tá lucht an Fháinne ag eighre níos líon-
mhaire i n-aghaidh na bliana. Anuraidh ní
raibh acht trúir déag nó mar sin againn
ann; tá breis agus a dhá oiread sin ann
fé láthair. Cuidigheann sé go mór le cúis
na Gaedhilge gasradh d'a leithéid do bheith
'nár measc, gasradh nach labharfaidh le n-a
chéile acht an Ghaedhilg bhinn bhlasta, is
cuma cé bheidh 'na dteannta. Sin aith-
bheodhadh na Gaedhilge dáiriribh. Fé mar
a bheidh an cumann sin ag dul i méad,
beidh an chúis ag dul i dtreise agus tá
súil againn nach fada uainn an lá go dtí
go mbeidh an uile duine againn fá gheasaibh
an Fháinne. 'Sé an chaoi is fearr atá againn
chum cómhacht an Ghalldachais do bhriseadh,
agus chum a ceart féin do thabhairt do
theangain ársa na nGaedheal. Gach duine
a thagann isteach sa bhFáinne, tá níos mó
'á dhéanamh aige ar son a thíre ná mar atá
ag na daoinibh go bhfuil a lán cainnt
acu ar ghnóthaibh na bhfear thall acht gan
aon tsuim acu 'á cur i n-a ngnó féin. Is
minic gurab iad na daoine is lugha gníomh
is mó cainnt, agus, an chuid is measa de'n
scéal ní as Gaedhilg a bhíonn an chainnt
sin i gcómhnuidhe. Ba chóir do gach duine
a chion féin do dhéanamh ar dtúis agus
annsin b'fhéidir gur lughaide an fonn a
bhéadh air oibreacha an fhir thall do cháineadh.
Pé'r domhan é, ní miste do gach Gaedheal
bheith ag cuimhneamh ar an bhFáinne agus rún
do cheapadh chun leanamhaint do'n Ghaedhilg
go dtí go mbeidh sí saor ó'n gcontabhairt
atá ag bagairt uirthi le fada. Na fíor-
Ghaedhilgeóirí 'siad na daoine a ghrádhann
agus a labhrann teanga na nGaedheal. Go
gcuiridh Dia rath ortha.
CLANN AN GHRAMHNAIGH.
Cumann beag eile le h-aghaidh na ndaoine
nach bhfuil sáthach maith chun bheith sa bhFáinne
'seadh “Clann an Ghramhnaigh.” Anuraidh
a cuireadh ar bun é agus mar sin, níl sé
acht ag stracadh leis an saoghal fós.
Timchioll trí fichid duine a bhí ann i
mbliana. Thugadar geallamhaint an
Ghaedhilg do labhairt nuair nach mbéadh acht
iad féin le chéile. Do choimhlíontaoi an
gheallamhaint sin cuimheasach maith roimh
an Nodlaig acht 'na dhiaidh sin is beag a
cloistí uatha. Bhí coinne againn gur
amhlaidh san a bhéadh. Níl an rith cainnte
ró-mhaith ag an bhfurmhór de mhuinntear
“na Cloinne” fós agus nuair nach bhfuil
bíonn sé deacair bheith ag casadh ó'n
mBéarla sa gcómhrádh choitcheannta.
Nilmíd 'ghá thógáilt ortha, mar sin, acht
béimíd ag brath ar níos mó a chloisint
uatha an blian seo chughainn. Ní mór an
tairbhe bheith ag cleachtadh na Gaedhilge ins
na buidhnibh muna mbainimíd feidhm as
sa ngnáth-chainnt i rith an lae.
CEÓL NA nGAEDHEAL.
Tá athrúghadh mór tagaithe orainn i
gcúrsaibh ceóil tar éis oibre na bliana
seo. Ba mhithid é. Dob' fhada dhúinn bheith
cráidhte ó bheith ag éisteacht leis an sórt
ceóil a tugtí anall chughainn ó Shasana agus
ó thíorthaibh eile. Cheapfá nach raibh aon
cheól ag muinntir na h-Éireann ná aon
eólus acu ar cad a bhaineann leis. Ní
raibh aon seó acht an tsuim a chuirtí sa
gceól Ghallda agus a laighead meas a bhí
ar cheól ár muinntir féin. Tá a mhalairt
de chrot ar fad ar an scéal atá againn
i mbliana, agus tá súil againn nach mbeidh
aon fhilleadh thar n-ais ar an sean-scéal
gránda. Do'n Athair Ó Conghaile 'seadh
atá buidheachas an athruighthe sin ag dul
agus ní miste dhúinn é do ghabháil dhó go
flaitheamhlach, mar is eisean a chur na fuinn
agus na puirt Ghaedhealacha ar eólus
dúinn i rith na bliadhna agus a chruthuigh
go cinnte nach eadh amháin nach bhfuil ceól
na h-Éireann chómh binn agus chómh bríogh-
mhar le h-aon cheól eile acht gurab amhlaidh
go bhfuil sé i bhfad níos feárr agus i bhfad
níos feileamhnaighe do Ghaedhealaibh ná
ceól ar bith eile dá bhfuil sa domhan. Roimh
an Nodlag bhíomar a' d'iaraidh buidhean
ceóil do chur ar bun agus bhí sé ag teip
orainn; annsan tháinig an t-Athair Ó
Conghaile agus labhair sé linn 'na thaobh;
do mhínigh sé an scéal ar fad agus thais-
beáin sé cionnus ba cheart an bhuidhean
do chur ar aghaidh; do sholáthruigh sé a
lán port dúinn agus thug sé dúinn
iad dho réir an tsean-nóis agus ó shoin i
leith tá biseach mór ar an scéal. Bhí
Pádraig Ó Maoláin mar stuirthóir ar an
mbuidhin agus níor dhein sé aon dá chuid
d'a dhícheall chun ceól ár dtíre féin do chur
fé áird agus fé mheas mar is cóir. Tá
an-mhaitheas déanta aige cé nach raibh acht
beagáinín aimsire aige, acht “tosnu'
maith leath na h-oibre.” Níor saothar i
n-aisce an méad a dhein an t-Athair Ó
Conghaile agus Pádraig sa mbuidhin sin.
Bhí a thoradh le féiscint sa gcuirm cheóil a
bhí ar siubhal oidhche lae Fhéile Phádraig.
Do tugadh druim leis an nGalldachas agus
ceól Gaedhealach ar fad nach mór a bhí le
cloisint ann. Aoinne a bhí ag éisteacht
leis “an dtriúr” agus an feidhm a
bhaineadar as sean-phuirt na hÉireann,
ní fhéadfadh sé gan a rádh gur feárr go
mór na h-amhráin agus na fuinn atá i
mbéalaibh ár ndaoine féin ná aon rud d'a
dtugtar thar lear. Bí cuid mhaith de'n
Ghaedhilg ann an oidhche chéadna agus is mór
an chreideamhaint atá ag dul do'n gcoiste
d'a bhárr. Tá tosnuighthe go maith acu sa
deireadh ach leanamhaint leis.
SLÁN AGUS BEANNACHT.
Agus anois, a léighteóirí Gaedhealacha,
sar a fhágfamuid slán agus beannacht
agaibh, aon athchuinge amháin oraibh. Támuid
ag iarraidh ar gach duine agaibh a chion féin,
cion fir, do dhéanamh ar son teangan
dúthchuis na h-Éireann. Ní h-é an rud
céadna is féidir le gach duine a dhéanamh
acht is cuma. Déanaidh pé rud atá ar
bhur gcumas a dhéanamh agus beimíd lán-
tsásta libh. Cion fir do chuid agaibh an
Ghaedhilg d'fhóghluim: tosnuighidh gan a
thuille moille, níl sé déidheanach ag aoinne;
ní mór ó dhaoinibh eile agaibh í do labhairt
go minic: caithidh uaibh an Béarla agus
ná labhraidh acht an teanga a thug Dia
dhaoibh. Tá daoine eile ann agus is féidir
leó cabhrughadh leis an gcúis ar shlighthibh
eile; is féidir cuallacht dhiadha, nó
buidhean cheóil, nó cumann diaspóireachta
do chur ar bun i n-a lán áiteanna agus ba
bhreágh an rud é ar son na h-Éireann aon
cheann acu. Is mar sin a thaisbeánfar go
bhfuil na Gaedhil dáiríribh; go bhfuil tréithe
an dúthchuis agus smaointe na saoirse
go daingean 'na gcroidhe; go bhfuil sé
de rún acu gach rian de'n Ghalldachas
dhéisteanach do dhíbirt glan as an dtír
mar is namha do'n gcreideamh agus namha
do sprid na saoirse agus namha do gach a
mbaineann le fíor-Ghaedhealtachas an Gall-
dachas, agus, mar sin, muna bhfuil meathtacht
ar shliocht na nGaedheal, caithfidh an Gall-
dachas sin imtheacht. D'á luaithe 'seadh is
fearr. Ní furuiste é do dhéanamh amhthach,
agus uime sin atámuid ag iarraidh oraibh cur
chuige i n-am, a cháirde. Bíonn an iomarca
cainnte ann, uaireannta agus easba
gníomhartha. Sin atá ag loit na cúise.
Is oth linn a rádh nach bhfuil deireadh fós
leis an seóinínteacht, acht dá olcas iad na
seóiníní, is measa, dar linn, na daoine
go mbíonn an chainnt go léir acu agus
cur isteach 'á dhéanamh acu ar gach saghas
ceist acht amháin ar an aon cheist amháin
gur chóir dóibh cur isteach uirthi, agus í do
réidhteach. Tá muinntear na h-Éireann
'na ndúiseacht. Tá an dalla-phúichín bainte
d'a súilibh acu. Tá obair na Gaedhilge
ag dul ar aghaidh go mear ins gach áird.
Brostuighidh oraibh chun chuidiughadh leó.
Anois an t-am chun slacht do chur ar an
obair. Ná bíodh sé le rádh ag an sean-
chaidhe ins an saoghal atá le teacht gur
chliseamar ar Éirinn an t-am ba mhó a
bhí gádh aici le congnamh uainn. Nunc
tempus acceptabile nunc dies salutis.
'Sí teanga na féile í labhair Pádruig Naomhtha
'Na thaisdiol i n-Éilge a' cur fachaid chum fáin
'Sí labhair an Sairséalach i mbeárna an bhaoghail
ag Luimneach an éirligh ag treascairt chlann Sheághain
'Sí labhair an fear taodach ar maidin an lae úd
i gCluain Tarbh na laochradh — sé Brian tá mé rádh
Is na danair dá dtraochadh le h-airm cruadha gheura
'Na lán-rioth go feirsgeach as Éirinn go bráth.”
— Giota as “Fuinn na Smól.”
AN TONN MHÓR.
“Is fada an réim do léig mé léi ó indé go dtí indiú,
Treasna sléibhte go ndeachas léi, fá sheólta' ar muir,
An Éirne is chaith mé 'léim í, cidh mór an sruth,
'S bhí ceól téad ar gach taebh dhíom is mo Róisín Dubh.”
(Sean-amhrán.)
“A's shaoil mé in a dhiaigh sin
Go mbudh lóchrann ó Dhia thú,
No gur ab tú an reult-eólais
Ag dul romhaim a's mo dhiaigh thú.”
(Sean-amhrán.)
Printed by
DOLLARD, Ltd.,
WELLINGTON QUAY,
DUBLIN.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11