Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Particulars of Clare Poets
Title
Particulars of Clare Poets
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1853
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1917)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DUANAIRE DÍON-SHUAIRC UÍ RAGHALLAIGH. Cnuaisuigheadh an beag-shaothar so le Mícheál Ó Rághallaigh do chomhnuighios i nInnse Diomáin an tan fó aois don Tighearna 1853. Do cnuasuigheadh na duanta so as iliomad do shean-leabhruibh do thárla liom san tír so. Go sonnraightheach a bhfuil do laoithibh na Féinne ann, as leabhar do sgríobhadh i mBáile Áth Clilatha tille agus dá chéad bliadhain ó shoin. Mórán don chuid eile is iad filidhe na Mumhan ro chan iad. Atá beagán díobh do canadh le fir atá n-a mbeatha fós agus do mhair mórán díobh san t-ochtmhadh céad déag agus cuid eile roimhe sin. A léightheóir ionmhuin, ná tabhair aithis nó milleán orm tré olcus an sgríobhainn atá san leabhar so, óir is fear céirde mé agus is i n-aimsir díomhaoin do roine mé an cnuasacht so. Dá bhrígh sin ní féidir leis a bheith comh slachtmhar le sgríbhinn do dhéanfadh fíor-chléireach. Acht tarais sin an tan do chonarcus dom nach raibh aoinneach do lucht mo chomhaimsire ag cnuasacht a bheag do shaothar ár bhfilidhe do mheas mé gan iad uile do léigint ar fán. Acht is beag an tairbhe iad do chosaint, óir is náireach le ar n-aos óg teanga a sinnsesar dfhoghluim. Dá bhrígh sin ní bhia focal Gaoidhilge san ríoghacht i gcionn céad eile bliadhain má leanaid an nós atá aca leam chuibhe féin. Do mhair ceathrar filidhe fíor-eólach n-a lucht comhaimsire ag a chéile san tír so .i. Aindrias Mac Cruitín, Aodh Buidhe Mac Cruitín, Mícheál Coimín agus Seón Ó hUaithnín. Do chomhnaigh Aindrias i bporóisde Chill Mhuire Uíbh Breacáin san mbaile re rátar Moghlas. Tá an mhéid dá shaothar do b'fhéidir liom dfhagháil san leabhar so. Déanadh é ádhlacan i gCill na bhFear buidhe i nÍbh Briceán mar aon re a shinnsir A.D. 1749. Do bhí Aodh n-a dhuine ró-léighionda, óir do sgríobh sé leabhar seanchus ar Éire (agus) focalóir Sagsbhéarla agus Gaoidhilge le graiméar Gaoidhilge. Do clódh-bhuaileadh na saothair sin agus do
moladh go mór iad. Do chomhnaigh sé i ráith Mheirgín i bporóiste Chill Mic Crithe agus iar n-éug do curadh san gcill riomhráite é A.D. 1755. An mhéid dá fhilidheacht do thárla orm atá san leabhar so. Ba filidhe oighreachtuidhe Thuadhmhumhan na Cruitínigh. Nír fhág Aodh aon mhac acht dís inghein. Do chomhnaigh Mícheál Coimín i gCíll Chorcarán i bporóisde Chill na bhFear buidhe agus iar sin san gCeathramhadh Chaol san bporóisde chéadna. Ba duine uasal do shliocht Goill an Coimíneach so. Ba náireach le n-a mhac go raibh a athair i n' fhile. Da bhrígh sin do dhógh sé an mhéid do bhí san teach dá shaothar tar éis a bháis. Tá ar thárla dá fhilidheacht orm san leabhar so. Do cuireadh é i gCill na bFhar buidhe A.D. 1760. Do chomhnaigh muinntir Sheóin Uí Uaithnín san Dairrín i bporóiste Chill tSeannaidh i gCorcomruadh. Do b'é an fear ba láidire agus ba mhó lúth agus léim dá raibh san tír le n-a linn féin. Bhí sé ró-thabhartha d'ól agus do mhná. Dá bhrígh sin ní fhacamar saothar trom nó léighionda ó n-a pheann. An mhéid dá shaothar do chonarc mé atá san leabhar so. Do chuaidh sé go hóg don Spáinn mar a raibh a dhearbhráthair n-a thaoiseach chabhlaigh ag rígh na Spáinne. D'éug sé san tír sin. Do bhí mé aimsir imchian ag cruinneadh gach saothar dá bhfuil san leabhar so. Atchim gach leightheóir do léighfios a bheag don leabhar so guidhe do chur i láthair Dé re hanam an sgríobhnóir .i. MÍCHEÁL Ó RAGHALLAIGH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services