Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Particulars of Clare Poets

Title
Particulars of Clare Poets
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1853
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1917)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DUANAIRE DÍON-SHUAIRC UÍ RAGHALLAIGH.



Cnuaisuigheadh an beag-shaothar so le
Mícheál Ó Rághallaigh do chomhnuighios i
nInnse Diomáin an tan fó aois don
Tighearna 1853.



Do cnuasuigheadh na duanta so as
iliomad do shean-leabhruibh do thárla liom
san tír so. Go sonnraightheach a bhfuil
do laoithibh na Féinne ann, as leabhar do
sgríobhadh i mBáile Áth Clilatha tille agus
dá chéad bliadhain ó shoin. Mórán don
chuid eile is iad filidhe na Mumhan ro
chan iad. Atá beagán díobh do canadh
le fir atá n-a mbeatha fós agus do mhair
mórán díobh san t-ochtmhadh céad déag
agus cuid eile roimhe sin.



A léightheóir ionmhuin, ná tabhair aithis
nó milleán orm tré olcus an sgríobhainn
atá san leabhar so, óir is fear céirde
mé agus is i n-aimsir díomhaoin do roine
mé an cnuasacht so. Dá bhrígh sin
ní féidir leis a bheith comh slachtmhar le
sgríbhinn do dhéanfadh fíor-chléireach. Acht
tarais sin an tan do chonarcus dom nach
raibh aoinneach do lucht mo chomhaimsire
ag cnuasacht a bheag do shaothar ár bhfilidhe
do mheas mé gan iad uile do léigint ar
fán. Acht is beag an tairbhe iad do
chosaint, óir is náireach le ar n-aos óg
teanga a sinnsesar dfhoghluim. Dá bhrígh sin
ní bhia focal Gaoidhilge san ríoghacht i
gcionn céad eile bliadhain má leanaid an
nós atá aca leam chuibhe féin.



Do mhair ceathrar filidhe fíor-eólach n-a
lucht comhaimsire ag a chéile san tír so .i.
Aindrias Mac Cruitín, Aodh Buidhe Mac
Cruitín, Mícheál Coimín agus Seón Ó
hUaithnín.



Do chomhnaigh Aindrias i bporóisde Chill
Mhuire Uíbh Breacáin san mbaile re rátar
Moghlas. Tá an mhéid dá shaothar
do b'fhéidir liom dfhagháil san leabhar so.
Déanadh é ádhlacan i gCill na bhFear
buidhe i nÍbh Briceán mar aon re a
shinnsir A.D. 1749.



Do bhí Aodh n-a dhuine ró-léighionda, óir
do sgríobh sé leabhar seanchus ar
Éire (agus) focalóir Sagsbhéarla agus
Gaoidhilge le graiméar Gaoidhilge. Do
clódh-bhuaileadh na saothair sin agus do


L. 59


moladh go mór iad. Do chomhnaigh sé
i ráith Mheirgín i bporóiste Chill Mic
Crithe agus iar n-éug do curadh san
gcill riomhráite é A.D. 1755. An mhéid
dá fhilidheacht do thárla orm atá san leabhar
so. Ba filidhe oighreachtuidhe Thuadhmhumhan
na Cruitínigh. Nír fhág Aodh aon mhac
acht dís inghein.



Do chomhnaigh Mícheál Coimín i gCíll
Chorcarán i bporóisde Chill na bhFear
buidhe agus iar sin san gCeathramhadh
Chaol san bporóisde chéadna. Ba duine
uasal do shliocht Goill an Coimíneach so.
Ba náireach le n-a mhac go raibh a athair i
n' fhile. Da bhrígh sin do dhógh sé an mhéid
do bhí san teach dá shaothar tar éis a bháis.
Tá ar thárla dá fhilidheacht orm san leabhar
so. Do cuireadh é i gCill na bFhar buidhe
A.D. 1760.



Do chomhnaigh muinntir Sheóin Uí
Uaithnín san Dairrín i bporóiste Chill
tSeannaidh i gCorcomruadh. Do b'é
an fear ba láidire agus ba mhó lúth agus
léim dá raibh san tír le n-a linn féin. Bhí
sé ró-thabhartha d'ól agus do mhná. Dá
bhrígh sin ní fhacamar saothar trom nó
léighionda ó n-a pheann. An mhéid dá
shaothar do chonarc mé atá san leabhar
so. Do chuaidh sé go hóg don Spáinn
mar a raibh a dhearbhráthair n-a thaoiseach
chabhlaigh ag rígh na Spáinne. D'éug sé san
tír sin.



Do bhí mé aimsir imchian ag cruinneadh
gach saothar dá bhfuil san leabhar so.
Atchim gach leightheóir do léighfios a bheag
don leabhar so guidhe do chur i láthair Dé
re hanam an sgríobhnóir .i. MÍCHEÁL
Ó RAGHALLAIGH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services