Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eagrán 1915
Title
Eagrán 1915
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1915
Publisher
Muintir Gill
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE COLUMBAN RECORD IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD AR NA CHUR AMACH DO CHUALLACHT CHUILM CILLE, COLÁISTE PHÁDRAIG, MAGH NUADHAD Beir mo bheannacht lat siar, As briste mo chroidhe im chliabh; Dá tteccmadh écc dála damh, Is ar méad grádha Gaodhal. — Colm Cille. Ar na chlóbhualadh ag MUINTIR DOLLARD agus Ar na chraobhscaoileadh don choitchiantacht ag MUINTIR GILL I mBaile Átha Cliath. 1915
DOLLARD PRINTINGHOUSE DUBLIN LIMITED.
Ar mhuir mhóir an léiginn láin Bí id' loingseoir mhaith, a mhacáin, Má's áil leat id' fháidh eagna I ndáil chatha cóimhfhreagra.
OUR MOST HOLY FATHER THE POPE BENEDICT XV.
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD. THE COLUMBAN RECORD. AN TREAS BLIADHAIN DÉAG. 1915. MACHTNAMH AN DUINE DHÓCHASAIGH. TAMALL de bhliadhantaibh ó shoin, agus tamall cuibheasach beag díobh leis, ní raibh file i n-Éirinn a bhuaileadh lmach fé'n spéir ag riaradh an bhróin, nó a shíneadh ar a leabhaidh go h-athtuirseach, léanmhar, ná go dtagadh “an ainnir ba mhaordha, taitneamhach clódh,” nó “an spéir- bhean mhaiseach, mhodhmhail, mhín,” le n-a thaoibh, chun caoi d'fhagháil ar bheagáinín cainnte a dhéanamh leis. Bhí gach duine des na mnáibh seo níos áille agus níos uaisle, níos gile snuadh. agus níos binne glór ná a chéile. Is gaoiseach, gasta a thugann gach file díobh cúnntas dúinn ar a dlaoi- fholt agus ar a h-éadan, ar a malaíbh agus ar a glé-roscaibh, agus ar gach ar bhain le n-a sgéimh. Acht ar léigheamh a dtuairisg dúinn, ní fuiriste dúinn a rádh, cioca aca a chonnaic an spéir-bhean a b'fhearr maise agus múinteacht díobh go léir. Ní gann a dteasdas ar a deilbh agus ní h-iongnadh, toisg í bheith chómh h-áluinn san, go bhfanaidís á h-infhiúchadh go géar agus a dtuairisg i n-a taobh a bheith chómh flúirseach, fairsing agus a bhíonn. Acht nuair a thagadh an labhairt chúcha arís, ní bhíodh aon teóra le na gcuiridís de cheisteannaibh uirthi. D'fhiafraighidís a cine, a gaolta, a turas, agus a h-éifeacht agus gach nídh eile a dh'fhéadfadh duine a dh'fhiafraighe ar eachtrannach. Thugaidís anuas na mná a b'áilne snuadh ór cruthaigheadh an domhan agus d'fhiafraighidís dí arbh aoinne aca í féin. Acht, i gcomh- nuidhe, is amhlaidh a thagadh rian bróin ar a gnúis glégil agus do bheireadh sí a freagra ar chuma éigin mar seo: — “Ní mé, ná a samhail, Acht Éire dúbhach, Is é fáth mo léin-se Gaedhil fá smúit, Ciodh gur chalma a gcuaird tar lán-mhuir.” Bhí Éire bhocht brúithte basgaithe i n-umar na h-aimiléise mar gheall ar a tír, a sluagh agus a laochra gaisce bheith ar buadhairt:— “Mar bhíd faoi chéo gan bhrígh gach ló, Fá chuing an bhróin ag na Gallaidhe.” Acht i n-aimhdheóin an bhróin agus na buaidh- eartha seo uile, is beag má tá aisling díobh dár cumadh riamh gan rian dóchais uirthi. Ní dh'imthigheadh Éire riamh a radharc an fhile gan geallamhaint éigin a thabhairt dó go bhfóirfeadh ar a h-easbaidhe agus go mbeadh an lá léi arís, pé luath, mall é, agus do- bheireadh sí freagra dó mar seo: — “A's a chuman ná tigeadh mí-fhonn ort, A's is gairid uait túiseach an fhóghmhair, Go mbeidh scaipeadh ar an aicme seo Liútair Ná'r chrom riamh a nglúin chun an Óird. Go mbeidh gach faraire meanamnach, súgach Go flaitheamhail, fiúntach ar bórd, Agus allus ar Ghallaibh dá dtúrnamh A's a gconairt gan biúgail gan cheol.” Acht cad tá le feisgint againn-ne san aisling? Tá, méon na nGaodhal. Pé
saoghal rug ar na Gaedhlaibh, bhí Éire os cómhair a n-aigne mar ainnir mhodhmhail, mhúinte, mar an rud a b'áilne ar a bhféad- fadh duine a shúil a leagadh, agus níor chuimhin leo a ndeacracht agus a ndaorbhruid féin, ar bhfeicsint a bróin dóibh. Agus traochta, lag is a bhíodar, níor leigeadar do'n éadóchas greim d'fhághail ar a gcroidhthibh, agus níorbh mheasa leo aon rud ná déora a spéir-mhná a bhaint ó'n a súilibh. Is mór an meisneach a chuir sí na gcroidhthibh agus ba gheal iad na smaointe a thug sí rómpa ar a raibh i ndán do Ghaedhlaibh. Acht pé 'ca geal dubhach iad siúd, buidheachas mór le Dia, tá buaidhthe caoch againn anois ar gach a raibh i ndán d'Éirinn, dar leis na h-aislingíbh. Dá dtagadh Eoghan Ruadh nó Seaghan Clárach nó aon fhile eile dár chúm aisling riamh, ar cuairt chughainn anois, 'sé chéad smaoineadh a thiocfadh in' aigne ná gur sháruigh an t-athrughadh a tháinig ar Éirinn le tamaillín ar gach nidh d'á fheabhas a raibh súil ag an “ainnir ba mhaordha, taithneamhach clódh” leis riamh. 'Seadh, bhí Éire beag- nach báidhte fé fhrasaibh deór a muinntire féin, ach do chuimhnigheadar ar a h-ailneacht agus ar a múinteacht ins na laethannta a ghaibh thart. Tháinig a dhóchas i na gcroidhthibh go mbainfí rian na ndeór as a gnúis glé-gil arís. Thugadar grádh a gcléibh dí agus níor mhór leo aon nídh a dhéanfaidís ar a son. Ní fhéadfadaís a chreideamhaint go bhfuigheadh sí bás, agus as an gcreideamhaint sin, agus as an dóchas sin a bhí aca is eadh d'fhás an t-athrughadh mór a tháinig ar Éirinn ó shoin agus tá ag teacht uirthi fé láthair — an t-athrughadh a chinn ar fad ar na smaointibh is gile agus is áirde a bhí na gcroidhthibh ag filíbh na n-aisling. Á, ní miste dúinn cuimhneamh nár n-aigne, leis, gurbh' fhíor do'n fhile adubhairt: — “Ba mhó nó abairt i ngach ré, Comhairle Dé frí Eirinn uill.” Chun a thuigsint níos fearr a iongantacht is a bhí sé, dóchas chómh láidir san a bheith i gcroidhe an Ghaedhil, ní mór dúinn súil- fhéachaint a thabhairt siar ar stair na h-Éireann go dtí an lá mí-ádhbharach úd, nuair a chuir Mac Murchadha a sgéal i n-iúl do'n dara Hanraoi. Ó seadh, seo mar adeir an Reachtuireach fáth an sgéil go léir: — “Do thug mac Ríogh Laighean, munar cuireadh bréag air, An bhean ó'n Ruairceach d'fág buaidhreadh ar Ghaedhealaibh, Agus tharraing Sasanaigh ó thús ar Éirinn.” “Is fada siar é iarsma an droch-bheirt,” a n-abrann an sean-fhochal agus is deacair an sean-fhochal do shárughadh. Tá suas le seacht gcéad bliadhan imighthe tharainn ó'r deineadh an droch-bheart úd acht beidh a rian ar an dtír an dá lá is an fhaid a bheidh grian sa spéir. Is iomdha beart fealltach, éagcórach, beart na láimhe láidre, d'imir Clanna Gall ar Ghaedhealaibh ó shoin, agus níorbh é an chuid ba lugha dhe gach ar dheineadar i n-aghaidh na teangan. Baineadh de Ghaedhealaibh ar dtúis a gcuid talmhan agus cuireadh rith agus ruaig ortha i dtreó go bhfaighidís bás le gorta. Na dlíghthe a cuireadh i bhfeidhm an t-am san, dubhairt Éamonn De Búrca agus é ag cur síos ortha, gurbh í an úirlis a b'fhearr do soláthruigheadh riamh iad cun beithidheach a dhéanamh de'n duine. Ní raibh cead ag Catoiliceach sgoil a chuir ar bun ná dul go tigh aoinne ag múineadh cloinne. Is amhlaidh a bhíodh an sgoil ar siúbhal cois claidhe, ar thaobh na fothana, agus tar éis tamaillín do cuireadh deire leó-san féin. Is beag coláistí a bhí ar fuaid na tíre chun fir óga d'ullmhughadh i gcóir fíon- ghort an Thighearna, gan fiú aon phríomh- sgoil amháin ag Catoilicighibh i nÉirinn. Cheap riaghaltas Shasana eolas a choimeád
ó Chatoilicighibh na h-Éireann, ar an gcuma san, agus go mór-mhór ó mhacaibh léighinn na h-eaglaise. Níorbh' fhuláir do ghach duine ná glacfadh le h-ainm Sasanach agus ná cleachtóchadh béasa agus nósa na Sasanach a chuid talmhan a leigint uaidh. Faraoír gear! is mó dlighe nach iad, ba seacht n-uaire níba mheasa, dá mbféidir é, do cuireadh i bhfeidhm acht ní gádh dhom teacht tharsta annso. “Bhí lámh an tSasanaigh láidir cruaidh, Ba neart a cheart agus dearg-ár a bhuaidh.” Acht ní fhéadfadh an neart claodhchaint ar an gceart go deó; mar tá sean-fhocal ann adeir gur “mór í an fhírinne agus tiocfaidh sí i n-uachtar.” Ní h-é sin amháin acht tá sí i n-uachtar cheana agus is uirthi is córa an t-ádh a bheith. Cad ba bhun leis an éirleach so go léir agus connus tá an sgéal ag na hÉireannachaibh d'á bhárr? Is é ba mhian leis na Sasanaigh ar dtúis an talamh d'fhagháil ós na hÉireannacaibh. Ó thosach na seiseadh aoise déag i leith, ámh, d'fháisgeadar a ngreim níos daingne orainn. Do mhéadaigh a bhfuath agus a ngráin ar mhuinntir na tíre agus ar gach ar bhain leo agus do dheineadar a ndícheall chun a chur d'fhiachaibh ar na hÉireannachaibh a gcreideamh agus a dteanga do thréigean. Níor ghéill na Gaoidhil dóibh agus is maith throideadar ar son a dtíre agus ar son a dteangan agus ar son a gcreidimh. Ba chliste a dhein an Sasanach a ghnó. Ar dtúis do baineadh des na hÉireannachaibh a seilbh saoghalta agus annsan do deineadh iarracht ar a seilbh ar an saoghal eile do bhaint díobh. Buidheachas le Dia, do theip glan ar an Sasanach sa dtaobh so de'n cheist. Tá an creideamh — an oighreacht a b'fhearr b'fhéidir dúinn d'fhaghail — chómh bríoghmhar fuinneamhail i n-ár gcroidhthibh indiú, agus a bhí sé i gcroidhthibh ár sinnsear, an mhaidin ghlórmhar sin Aoine an Chéasta nuair d'árdaigh Brian an chrois i n-a láimh ós a gcómhair agus iad cruinnighthe cnuasta ar mhacaraíbh Cluain Tairbh. Gurab amhlaidh a bheidh an sgéal againn go bruinne an bhrátha! D'eirigh leis na Sacsanaigh ins na rudaíbh eile, acht “níl tuile d'á mhéad ná trághann.” Is fada anois atáimíd ag fuireach leis an Riaghaltas sa Bhaile, agus tá sé againn fé dheireadh thiar thall. Ní bheidh a thairbhe ar fagháilt againn, ámh, go dtí go gcuirfar deire leis an gcogadh millteach, mí-ádhbharach so, ach ní baoghal dó anois. Annsan níl acht an t-aon rud amháin — acht is rud tábhachtach é — chun imnidhe a chuir orrainn agus sé rud é sin na Teanga na n-Gaodhal. Ag féachaint siar arís ar stair na h-Éireann go dtí an t-am 'n-ar tháinig Strongbó ar dtúis, sé rud is mó chuireann iongnadh ar dhuine ná a luighead eolas atá againn ar na daoinibh a sheas amach go dána dásachtach i gcoinnibh an Ghalldachais agus a thug a raibh ar an saoghal aca chun an chreidimh agus na teangan thabhairt dúinn díreach mar a bhfuaireadar iad. Ní raibh Éire riamh gan daoine a bhí réidh chun báis d'fhághail ar a son. Acht is beag moladh a fuair na daoine a thug a saoghal chun an chreidimh agus na teangan a choimeád beó dhúinn, ó theacht na Sasanach, seachas mar ba dhual dóibh. An moladh tugadh ar Bhrian de bhárr a ghaisge i gCluain Tairbh, ba dheacair é shárúghadh. Nuair a dh'imthigh na Lochlannaigh is mór an rian d'fhágadar ar an litridheacht, acht níor cuireadh síos chómh beacht ar aon nídh eile dár thuit amach i n-Éirinn riamh ó shoin. Agas ní gan fáth é. Dá bhrígh sin ba cheart dúinn bheith buidheach go deó de lucht scríbhinne agus lucht cosanta ár seanchais (dá laighead a bhfuil againn de), de'n Chéitinneach, de'n Cheathrar Máighistrí agus d'á leithéidíbh. Muna bhfuil an seanchas chómh soiléir againn agus ba mhaith linn a bheith, is ceart dúinn a chuimhneamh nach ortha san atá an milleán
mar do dhein gach duine dhíobh a dhícheall, agus is follus ó'n a sgríbhinnibh a fheabhas is a thuigeadar mór-luach an t-seanchais. Má's féidir linn cúrsaí ár sinnsear do scrúdughadh agus do thuigsint indiu agus aithris a dhéanamh ar a mbeathaidh, bíodh a bhuidheachas againn leis na scríobhnóiribh sin a chuir an seanchas i n-eagar i n-aimh- dheoin gacha buaidheartha, nuair a bhí scamaill an éadóchais ós ceann na tíre go léir. A saothar agus a ndúthracht so is eadh do chuir misneach ins na filíbh a tháinig na ndiaidh. Tá a rian ar smaointibh na mbárd do mhair i n-Éirinn le n-a linn sin, ar an gcaoineadh agus ar an aisling; ar an ndán diadha, seadh agus ar an ndán dóchais do cumadh anois is arís chun na cinn eile do shnadhmadh le n-a chéile. Acht i n-aimhdhéoin a ndíchill, is amhlaidh a bhí a gcómhacht ag dul i laighead agus cómhacht a námhad ag dul i dtreise. Bhí an teanga ag dul i n-éag i n-aghaidh an lae, agus bhí na filí féin na dtost, nuair a tháinig Gaedhil an lae indiu chun a cosanta. Tamaillín eile agus is baoghalach go mbeadh deire leis an nGaedhilg. Acht cad é an tairbhe atá le baint againn as an seanchas so go léir, nó cad é an mhaitheas a dhéanfadh machtnamh ar bheathaidh ár sinnsear dúinn-ne? Sé rud is mó chuireann i na luighe orainn a fheabhas atá an creideamh, a liacht daoine do chaith a saoghal agus d'fhulaing bás ar a shon. Sé an rud céadna chuireann a lán daoine ná fuil an creideamh aca ag cur is ag cúiteamh, mar is maith atá a fhios aca nach gnáthach do dhuine a shaoghal do chaitheamh ar neamh-nídh. Acht cad mar gheall ar an obair seo na Gaedhilge? Is 'mó leathtrom agus géar-chrádh d'fhulaing na Gaedhil bhochta ar a son. Is 'mó duine do chaith a shaoghal agus d'fhulaing bás ar a son. Cad na thaobh gur dheineadar san? Ar dhaoine iad ná raibh splannc céille na gcloigeann aca? Ar dhaoine iad go raibh ana-dhúthracht aca sa nGaedhilg, nó ar dhaoine iad go raibh grádh d'á dteangain agus d'á dtír i n-a gcroidhthibh agus go raibh sé buailte isteach i na n-aigne gurbh fiú a ndícheall báis agus beatha an Ghaedhilg do choimeád beo? I seanchas na hÉireann iseadh a gheóbhaimíd an t-eólas san. Is ceart dúinn é do léigheamh agus féachaint cérbh iad na daoine a chaith a saoghal ar son na hÉireann — na daoine nár tháinig laige ná meathtacht i n-a gcroidhe agus iad go millteach bocht fé bhrón, fé ghéar-smacht ag namhaid Éireann. Mar adubhart cheana is uathbhásach a luighead eolas atá againn ar na gaiscidhigh úd, acht is dócha ná fuil annsan leis acht iarsma eile an droich-bheirt a chuir an ghéirleanmhain orra súd. Is dócha gur ag magadh fúinn-ne a bhí Riaghaltas Shasana nuair a thug sé Sgoileanna Náisiúnta mar ainm ar na sgoileannaibh a thug sé dhúinn. Do cuireadh ar bun iad súd d'aon ghnó chum an chreidimh, agus teanga ár dtíre do bhaint uainn, agus is beag nár eirigh san leó. Nárbh' orainn-ne ba cheart an bród a bheith toisg gur rugadh sinn n-ár leanbhaí sona Sasanacha. Ní chualamar trácht riamh ar ghaiscidheach ach ar Raleigh, Spencer, Wellington, Nelson agus a leithéidí, bíodh is gurbh iad na daoine as ar cheart dúinn bheith riméadach bródamhail. D'á aimhdheóin go léir do mhair cáil agus clú na bhfíor-laoch i mbéal-oideas na ndaoine. D'fhágadar dúinn an oighreacht luachmhar san agus is ceart dúinn a mbeatha d'fhoillsiughadh agus smaoineadh ar a ré, sar a mbeidh sé ró- dhéidheannach. Tá cuimse mhaith de'n obair déanta cheana féin, acht tá a lán le déanamh fós. Fé dheireadh thiar thall tá na daoine ag baint na ndúbhradán ó'n a súilibh agus ag féachaint i n-a dtimcheall. Táid ag cuimhneamh ar ár bhfíor-laochradh féin arís agus ag déanamh a ndíchill chun onóra agus urama a thabhairt dóibh i n-ionad an dí-mheas a bhí orra leis na ciantaibh.
Aon Ghaodhal a dhéanfadh machtnamh ar an athrughadh sin atá ag teacht ar an dtír, ní fhéadfadh sé gan dóchas a theacht i n-a chroidhe go mór-mhór dá ndeineadh sé machtnamh ar chúrsaíbh beathadh a shean agus ar cadé mar a bhí ár dtír agus ár dteanga ins na laethanntaibh do ghaibh thart. As an machtnamh sin d'fhásfadh urraim mhór d'ár sinnsearaibh, agus gheóbadh grádh do'n Ghaedhilg greim docht do-sgaoilte ar ár gcroidhthibh. Dá dtuigimís a chruadhacht is a bhí an saoghal aca agus a ndúthracht ar son a dtíre agus ar son a dteangan agus ar son a gcreidimh, thiocfadh misneach ionainn chun ár gcuid féin a dhéanamh agus le congnamh Dé ní bheidh gan treabhadh mar ba bhaoghlach go dtí le fíor-dhéidheanaighe. Leis na céadtai is amhlaidh a bhíomar ag féachaint suas ar an gcómhacht láidir bhí i n-ár dtimcheall agus ag sodar le sálaibh Shasana. Anois táimíd ag cuimhneamh arís ar “feara-choin laochda na Banban aosta,” agus ní móide a rádh gur fearrde sinn-ne an t-athrughadh. Is níor ghann iad na feara-choin úd. Is iomdha duine ag a raibh sé buailte isteach i n-a aigne go raibh an Ghaedhilg ag dul as, agus do dhein a dhícheall chun í d'aith- bheódhughadh. Do rug grádh do'n Ghaedhilg greim ar a gcroidhthibh agus an té go bhfaghann grádh do'n teangain greim air, is amhlaidh a bhíonn grádh d'á dhúthaigh ag dul i dtreise as san amach aige. Ní raibh Éire riamh gan daoine d'á sórd. Tá a n-ainmneacha scríobhtha ar gach leathanach de sheanchas na hÉireann. An ceart dúinn stair ár dtíre do leigint ar díochuimhne? Cad chuige saothar ár sean do shéanadh? Ní h-í an teanga amháin atá uainn. Is mór san acht is ceart dúinn fós cuimhneamh ar ár sinnsearaibh. Is ceart dúinn smaoineadh ar chás muinntear na hÉireann agus ar chás teangan na hÉireann ins na laethanntaibh do chuaidh thart. Sin é an leigheas is fearr ar an mí-shástacht atá ag teacht ar dhaoinibh indiu. Is amhlaidh atá an duine ag dul i dtuirse. Níl aon mhuinighin aige as an saoghal so agus tá sé ag dul i ndí-chreideamh i dtaobh an tsaoghail atá le teacht. An méid d'á aimsir ná tugann sé go h-amplach ag pulcadh a sparáin nó ag cur a cháile i n-áirde, nó ag cur le n-a shámhairidheacht saoghalta, caitheann sé é ag dúr-mhachtnamh ar ghalaraibh a chuirp agus a intleachta. Cá bhfuil leigheas is fearr le fagháil ar an ngalar so atá ag cur éadóchais ar an saoghal ná i seanchas agus i litiridheacht na nGaedheal? Ar smaoineadh dúinn ar a mbeathaidh agus ar a chruaidhe a bhí an saoghal le n-a linn, ba cheart go mbeadh uraim mhór againn dóibh agus fonn chun aithris a dhéanamh ortha. Tá saghas luibh-leigheas ins na sean- leabhraibh do'n chroidhe a bheadh “caithte gan brígh nó líont' e phiantaibh.” Féach ar cad a dheineadar fé gach anró agus a luighead atá ghá dhéanamh againn-ne i n-a ndiaidh agus fuasgail againn. Tá leabharlainn bhreaghtha dheagh-ghléasta againn anois chun pé eolas a bhéadh uainn dh'fhághail, agus is fuiriste a dhéanamh amach cá bhfuil gach rud le fagháil ins na leabhraibh féin. Tá an gluaistéán agus an tréan ag Gaedhlibh indiu chun dul ó áit go h-áit agus na leabhair le léigheamh aca gan buidheachas d'aoinne. Tá an saoghal go bog aca anois, chonách san orra. Bhí a mhalairt de sgéal ag ár sinnsearaibh ó theacht na Sasanach i leith. Dá mba mhaith leó lámh-sgríbhinn d'fhagháil, níor bhfuláir dóibh gan aon chnámh- dhíomhaointeas a bheith orra, agus do b'éigean dóibh an slighe do chuir díobh le siubhal a gcos. Is dócha gur bheag leabhar a bhí le fagháil i n-aon chor tar éis ar dhein na Sacsanaigh de chreachaireacht. Ba bheag clár a bhí leis na lámh-scríbhínnibh sin leis agus pé rud a bhéadh ag teastáil ó dhuine, níor bhfuláir do, iad a léigheamh tríd síos chun é d'fhagháil. Is furas dúinn tromaidh- eacht a dhéanamh ortha indiú, gur dheineadar a leithéid de dhearmhad, acht is beag duine
againn-ne a dh'fhéadfadh a leath a dhéanamh. Mar sin féin, ba dhóigh leat orainn uaireannta go ndéanfamaois gaisge ar chorcán praisge agus gan de bhrígh n-ár gcor- paibh féin acht mar chúbhrán na h-abhann. Tá a fhios againn-ne anois nach gan fáth a bhí Éire dubhach, dubrónac i n-aimh- dheoin a h-áilneachta agus a sgéimhe agus is follus leis connus a choimeád a ngrádh dí, dóchas i gcroidhthibh ár sinnsear go bhfeicidís arís í fé árd-mheas, fé réim agus fé cháil. An dóchas san is eadh a thug neart dóibh ar an dtroid a dhéanamh chómh croidheamhail agus a dheineadar. Agus tar éis a saothair go léir bhíomar á séanadh! Á ní miste dom casaoid a dhéanamh ins na briathraibh truagha so Aodha Bhuidhe Mhic Chuirtín: — “Trom an téidhmse thárlaidh dhaoibh Idir mhnáibh agus mhacaoimh, Ag séanadh seanrádh bhúr sean, Comhrádh soluis bhúr sinsear.” Anois arís táimíd ag músgailt ó'n dtoirchim suain atá orainn le tamall, agus ag smaoinead arís ar na laethanntaibh san am fadó, agus ar na “laochraibh treas- éachtach badh tréanmhar i ngleó.” Tá an obair seo na Gaedhilge ag dul ar aghaidh — go mall is go h-ana-mhall bfhéidir, dár le n-a lán daoine, — acht níl aon amhras acht go bhfuil sé ag dul chun cinn i n-aghaidh an lae, agus dá bhrígh sin beidh a toradh níos buaine ná mar a dh'fhéadfadh a bheith muna mbeadh ann acht “fás na h-oidhche.” Tá a lán daoine ann agus is amhlaidh a bhíonn ana-dhúthracht aca sa nGaedhilg ar dtúis acht nuair a chídheann siadh an neamh- shuim agus an t-aineolas a bhíonn ag daoinibh uaireannta innti, eirighid siad tuirseach de agus deirid siad ná fuil ann acht gogaille gó. Admhuighim nach dóichighe go n-eireóchaidh sé linn go h-iomlán go ceann tamaill acht ní ceart go gcuirfeadh san aon bhuaidhirt orainn. Tá sean-fhocal ann agus is é adeir sé ná “Ríoghacht gan duadh ní dual go bhfachtar” agus deir Céitinn i n-a Stair na hÉireann, “gurab í ríoghacht Chinn Bhearraidhe iarras neach an tan chuireas roimhe go huaill-mhianach céim do rochtain is áirde ioná mar do fhéadfadh do ghreamughadh.” Ní hí “ríoghacht Chinn Bhearraidhe” atá uainn, acht ríoghacht a dh'fhanfaidh ag sliocht ár sleachta go lá deire an tsaoghail. Is ceart dúinn annsin bheith foighneach, acht ar a shon san is uile gan sgaramhaint le fiú screatal amháin d'ár n-árd-smaointibh i dtaobh na Gaedhilge. Ní féidir an teanga do chuir dá labhairt i n-aon lá nó i n-aon bhliadhain amháin. Is ionann san agus bheith ag iarraidh “olna ar ghabhar nó abhras ar phocán,” acht is ceart dúinn a chuimhneamh “go mbailigheann brobh beart agus go ndeineann beart stáca.” Tá an obair ag dul ar aghaidh maith go leór anois agus níl baoghal air i lámhaibh Gaodhal fonnmhara an lae indiu. Mar sin féin, is ceart do gach aoinne a chuimhneamh, go bhfuil sé de dhualgas air a chion féin a dhéanamh agus an fhuasgailt atá againn anois seachas an bhuaidhirt a bhí ar ár n-aithreachaibh. Mar sin, pé geal iad na smaointe a chuireann “ainnir na h-aislinge” i n-aigne an Ghaedhilgeóra is dúthrachtaighe indiú ní baoghal ná go gcinnfidh na neithe a thuitfidh amach i ndáríribh orra sud agus sin le congnamh Dé i n-achar beag aimsire. Anois féin is féidir linn briathra an fhile a chanadh don ainnir úd gan puinn amhrais orainn acht gur gearr go gcómhlíonfar iad: — “Gan buidheachas do sméirlibh, a réaltan gheal óg, Beidh do theanga breagh Gaedhealach dá labhairt agat fós, Do chláirseach bhinn-téadach ag sgeitheadh na gceól, A mhúirnín 's a rúin dhil mo chroidhe!” TOMÁS Ó GALLCHOBHAIR. (Cluain Uamha).
MOLADH AN MHAINGE. Fuaras an t-abhrán so ó mhnaoi i n-Uibh Ráthaigh. Ní dóigh liom gur cuireadh clódh roimhe so air. — T. Ua M. I. Níl aon tsean-bhean aosta bheadh tréith lag le seachtmhain, Ná beidh sí siúd amárac chómh láidir le h-asal, Mar gheóbhaidh sí an trócaire 'gus an glóire, mar mheasaim, 'S is mairg ná triallfadh an bhliadhain seo cois Mhainge. II. Cois Mhainge mar bhíonn siad, ba, caoirigh agus gamhna, Bíonn uachtar, bíonn im ann agus mór- chuid de'n leamhnacht, Bíonn an eórna ann na slaodaibh agus féar glas go glúinibh, Agus ceól binn ag éanaibh gach aon mhaidin drúchta. III. Níl caora maidin drúchta gan cúpla 'gus iad ag léimrigh, Níl bó maidin shamhraidh gan gamhain nó dhá laogh aici, Níl aoinne óg ná críonna gan múineadh gan béasa, Níl ubhall-ghort gan ubhall ann ná caor- thainn gan caora. IV. Bíonn gealach, bíonn grían ann, bíonn Dia ann is a mháthair, Bíonn an dá Aspal déag ann ag déanamh na Cásca, Bíonn na h-aingil 'na ndiaidh ann cé gur ró-bhreágh a gcáile, Bíonn an trócaire ó Dhia ann ag an té fhéadann é sholáthar. V. Bíonn an cúirliún go meidhreach, lon grinnmhear go fáiltheach, An chearc uisge, an tradhna 'gus go meidhreach an bárdal; Bíonn an eala gheal ar linn 'gus is aoibhinn mar shnámhann sí, 'Gus an phéacóg d'á cíoradh mar shíodaidhe na Spáinne. VI. Tá gleann ag an Hórach, sé is córa dhúinn a mholadh; Tá gleann aige Dómhnall mar a bhfásann na tortha; Bíonn airgead, bíonn ór ann, agus fóireann sé ar bhochtaibh, Agus laoigh ag buaibh óga ar feorthann an locha. VII. Tá gleanntáinín íseal idir Baoi 1 theas agus Breanndain 2 Mar a bhfuighead adhmad dom' thigh ann agus fuighleach de'n chrann-dair, Idir lochta agus bíoma, agus dá aoirde é chuirfinn ceann air, 'Gus scuab sé mór-dtímcheall ó thíortha na gleannta. 1 Dún Baoi, Dunboy, near Bantry. 2 Cnoc Bréanainn, Brandon Mt., in Corkaguiney, Co. Kerry.
CATH NA BÓINNE. “Do cuireadh an chéad bhriseadh orainn ag Droichead na Bóinne, An dara briseadh ag droichead na Sláinge, An tríomhadh briseadh i n-Eachdruim Uí Cheallaigh, 'S a Éire chubhartha mo chúig chéad slán leat.” (Slán chun Pádraig Sáirséal). 'SAN aimsir atá againn anois ní'l cainnt ar aon rud acht ar an gcogadh mór millteach atá ag cur an domhain mhóir fré chéile. Cogadh uathbhásach é go cinnte, cogadh ná facthas a leithéid ariamh. Go dtugaidh Dia nach bhfeicfear a shamhailt de chogadh arís go deó. Ag machtnamh dhúinn ar an gcogadh mór atá ann indiu ritheann ár smaointe síar tré na bliadhantaibh go dtí ar cuireadh de chathaibh móra ariamh. Agus is iomdha cath a cuireadh! Is mion, minic a sheas sluaighte i n-aghaidh a chéile agus dearg- chúthach ag gach sluagh aca leis an sluagh eile. Is iomdha fear tréan, is iomdha gaisgidheach galánta, is iomdha laoch lán- chalma a marbhadh ar fhaithche troda. Éire féin — beag 's tá sí — chonnaic sí catha móra millteacha. Is iomda uair a bhí a bánta agus a h-aibhne dearg le fuil, iomdha lá a raibh claidhmhthe Fear Fáil ag soillsiughadh 'san ngréin. Cath mór millteach dob' eadh Cath na Bóinne — an cath atámuid le cur faoi air anois. 'Sa gcéad dul amach, ní misde dhúinn eólas a bheith againn ar riocht na tíre fa'n aimsir atá i gceist againn — .i. deireadh na seachtmhadh h-aoise déag. Tá a fhios againn go bhfuair an dara Séarlús bás 'sa mbliadhain 1685, agus go bhfuair a dhearbhráthair, Séamus, an choróinn i n-a dhiaidh. Catoiliceach maith do b'eadh Séamus agus ba lúthgháiseach an sgéal é do Chatoiliceachaibh na h-Éireann é bheith n-a rí ortha, mar cheapadar go raibh deireadh le n-a ndian-fhulang agus le n-a ngéar- leanamhaint anois. Tháinic an sagart bocht amach a h-uaimh na talmhan agus ní raibh faitchíos air roimh solus an lae mar bhí roimhe sin. Do b'fhéidir leis anois an t-Aifrionn Naomhtha a ofráil gan eagla, agus na Sacramaintí a thabhairt d'á thréad a dh'fhan go dílis d'á gcreideamh thar éis ar fhulaingeadar. Agus bhí rún daingean ag Séamus a gceart fhéin do thabhairt ar ais do Chatoiliceachaibh na h-Éireann. Acht bhí Protustúnaigh agus daoine nárbh' iad i n-Éirinn chomh maith leis na Catoiliceachaibh agus níor mhaith leó-san chor ar bith Rí Catoiliceach a bheith mar rí ortha agus fós Rí Catoiliceach a raibh grádh aige ar a Chreideamh. Ar an ádhbhar sin, nuair thosuigh Séamus ag tabhairt post maithe do Chatoiliceachaibh, bhí a raibh de Phrotustúna- chaibh i nÉirinn agus i Sasanaibh ar buile. Dubhradar go raibh an rí claon- bhreathach do na Catoiliceachaibh. Tugadh ceannas na saighdiúirí do Chatoiliceach dár shloinneadh Talbot, agus rinneadh Iarla Thír Chonaill de. Fear mar Shéamus fhéin do b'eadh eisean. Fear neamh-chríona, saobh-dána. Bhris sé go leór oifigeach agus
saighdiúirí Protustúnacha agus chuir sé Catoilicigh i n-a n-áit. Rinne sé freisin breitheamhna agus sirríaimh de Chatoiliceach- aibh — rud nár dearnadh le tamall roimhe sin. 'Sa dheireadh, rinneadh fear ionaid an Rí 'n Éirinn de Thalbot. Ar a chloisint sin do na Protustúnaigh tháinic sgannradh ortha mar cheapadar nach mbeadh “cothrom na Féinne” le fagháil acu, óir nach raibh mórán díobh 'san tír i gcompáird leis na Catoiliceachaibh. Na h-oifigigh agus na saighdiúirí a bhris Iarla Thír-Chonnaill chuadar go Tír-Faoi-Thuinn (Holland) agus d'innsigheadar a scéal do phrionnsa a bhí ann dárbh' ainm dhó Liam. Bhí seisean pósta le Máire, inghin Shéamuis. Níor Chatoiliceach Liam agus ar an ádhbhar sin d'iarr Protustúnaigh Shasana agus Éireann air teact anall agus go dtiubhar- faidís an choróinn dó. Nídh nach iongnadh, tháinic seisean an cúigmhadh lá de Shamhain, 'sa bhliadhain 1688. Thug sé leis cabhlach mór agus cúig mhíle déag fear. Bhí na Sasanaigh agus na Protustúnaigh a bhí i nÉirinn go lúthgháireach nuair a tháinic Liam. Chuireadar céad míle fáilte roimhe i ngach áit. Nuair a chonnaic Séamus sin, do ghlan leis as an tír. Dubhairt na Sasanaigh annsin go raibh sé imthighthe go deó agus rinneadar rí de Liam. Acht ní mar sin do Chatoilicigh na h-Éireann. Bhí fhios acu go rígh-mhaith an ceart a bheadh le fagháil acu o Rí nach raibh 'n-a Chatoiliceach. Ar an ádhbhar sin dubhradar nach ngéillfidís go deó i n-Éirinn d'aon rí acht do Shéamus. Bhí Iarla Thír-Chonaill ar aon inntin leó. D'éirigh sé féin agus iad-san amach agus ghlacadar seilbh ar na bailtibh móra ba mhó a bhí 'sa tír. Acht ní raibh aon ghléas ceart cogaidh ná aon úirlisí catha slachtmhara acu mar bhí sé i n-aghaidh dlighe Shasana Catoiliceach a bheith 'n-a ghabha, ná gunnaí a bheith aige. (Agus b'shin é an dlighe nach raibh claon-bhreathach!) Do theip ar Iarla Thír-Chonaill agus a shluagh beag seilbh Dhoire d'fhagháil — cé gur fhanadar céad agus cúig laetheannta 'ghá ionnsughadh. Nuair a chonnaic Séamus go raibh na h-Éireannaigh ag troid ar a shon tháinic sé fhéin go h-Éirinn i mí Mhárta 1689. Thug sé scata beag oifigeach leis agus Pádraig Sáirséal mar aon leobhtha. An bhliadhain 'n-a dhiaidh sin, 1690, tháinic Liam fhéin agus sluagh allmhurach leis — Franncaigh, Lochlannaigh, agus treabha eile meascaighthe le chéile ann. Tháiniceadar i dtír i gCarraig Fhearghusa. Bhí Séamus agus a shluagh ag Dún Dealgan acht chuaidh sé ar ais gho dtí'n bport dheas de'n Bhóinn i n-aice Sean- Droichid (Oldbridge). Tháinic Liam i n-a dhiaidh agus chuir sé féin agus a shluagh fútha ar an taobh thuaidh de'n abhainn. Bhí dachad míle saighdiúirí cliste deagh-ghléasta, agus deagh-oilte i gcleasaibh cogaidh ag Liam, acht ní raibh ag Séamus acht tuairim cúig míle fichead fear. A bhfurmór díobh-seo gan armáil ar bith aca acht sleagha agus pící, agus fós gan eólas ar bith acu ar chleasaibh cogaidh. Rud eile dhe, bhí Liam 'n-a shaighdiúir tréan, calma agus 'n-a oifigeach cliste freisin. Maidir le Séamus ní raibh sé leath chomh tréan nó chomh cliste agus ní raibh mórán cath- eólais aige. Bhí a fhios sin ag a shaighdiúiríbh freisin mar th'réis an chatha dubhairt duine d'á chuid oifigeach (deir staruidhthe eicínt gurb' é an Sáirséalach adubhairt é) le h-oifigeach de mhuintir Liam — “déan malairt taoiseach linne” ar seisean “agus troidfimíd arís sibh.” Go moch ar maidin an deichmhadh lae fichead de Mheitheamh 1690, chonnaic Séamus agus a shaighdiúirí sluagh Liam ag teacht 'n-a dtreó féin agus Liam ag marcuigheacht go calma ag a gceann. Bhí imnidhe ar Liam nó go bhfeicfeadh sé cé'n sórt tíre a bhí timcheall.
Ag marcuigheacht dó taobh na h-aibhne sgaoileadh urchar leis ó shluagh Shéamuis. Buaileadh ar an ghualainn é agus cuireadh an ghuala as ionad. Cheap lucht Shéamuis gur marbhadh é agus leigeadar gáir mhór. Acht ba bheag le Liam an ghoin agus le n-a theasbáint d'á shaighdiúiribh go raibh sé slán d'imthigh sé 'n-a measg ag mar- cuigheacht. Chaith Liam an tráthnóna sin — an tráthnóna roimh an gcath — ag socrughadh agus ag riaradh gach nídh i gcomhair na maidne. Bhí faoi dhul treasna an átha ag Sean-Droichead le furmhór a shaighdiúirí, agus an chuid eile do chur le seilbh d'fhaghail ar áth a bhí ag Baile Sláinge, 'sa chaoi go dtiocfaidís ar chúl sluaighe Shéamuis. Maidir le Séamus an tráthnóna sin, ní raibh fhios aige i gceart céard a bhí sé a dhéanamh chor ar bith. Bhí sé ag cur 's ag cúiteamh leis fhéin. Chomhairligheadh sé rud anois agus ar ball thiocfadh sé ar ath-chomhairle. Bhí sórt faitchíosa air freisin. Bhí fhios aige go maith nach raibh a chuid fear leath chomh chliste ná chomh oilte i gcleasaibh cogaidh is bhí saighdiúirí Liam. Bhí fhios aige nach raibh aon armáil cheart acu seachas an armáil a bhí ag saighdiúiríbh Liam. Fós níor chuimhnigh sé gurbh' fhéidir le saighdiúiríbh Liam teacht treasna na h-aibhne ag Baile Sláinge agus a shluagh féin d'ionnsughadh ar gcúl. Níor chuimhnigh sé air sin go raibh sé deireannach, acht “b'fhearr bheith deireannach ná ró-dheireannach.” Tháinic lá an chatha — an chéad lá d'Iúl, 1690. Lá breagh geal a bhí ann. Go luath ar maidin shéid beann bhuabhaill an “generale” agus bhí gach rud 'n-a rí-rá annsin. Saighdiúirí ag dul annso, agus saighdiúirí ag dul annsúd, oifigigh ag órdughadh an roda sin agus an roda siúd — gach aon ag déanamh a oibre féin. An ghrian gheal ag taithneamh ar an dá shluaigh. Ba chuma léithi cia'cu a bhuaidhfeadh. An abha ag gluaiseacht go ciúin, socair dí féin, gan eólas aici go mbeadh sí dearg le fuil na bhfear a bhí ar a portaibh i gceann uaire eile. Bhí go maith, agus ní raibh go h-olc. 'Sé an chéad rud do rinne Liam 'ná cuid d'á saighdiúiríbh — deich míle fear agus cúig gunnaí móra leó — a chur go Droichead Sláinge a bhí cúig míle uaidh. D'órduigh sé dhóibh-seo dhul treasna na h-aibhne ag Baile Sláinge, agus ag Ros na Rí freisin nach raibh acht dhá mhíle ó Sean-Droichead, agus sluagh Shéamuis d'ionnsughadh o'n gcúl. Nuair a chonnaic Séamus sin chuir sé Niall Ó Néill agus cúig chéad fear faoi n-a stiúradh, chun sluagh Liam d'ionnsughadh. D'ionnsuigh an dá shluagh seo a chéile go fíochmhar ar feadh uaire an chluig. Marbhuigheadh Ó Néill, agus bhí an cath ag dul ar a chuid fear nuair tháinic congnamh dhóibh ó Shean-Droichead. Cheap Séamus go mbéadh an chuid is mó den gcath ag Sláinge, agus ar an ádhbhar sin chuir sé Lausun agus cuid mhaith fear, agus marc-shluagh freisin síar ann. Chuir sé ann freisin gach gunna mór a bhí aige. Chuir Lausun a chuid fear ar thaobh chnuic agus bogach idir iad agus saighdiúirí Liam. Ar an ádhbhar sin bhí faitchíos ar shaighdiúiríbh Liam Lausun d'ionnsughadh nó go dtiocfadh tuilleadh d'á sluagh féin. Annsin d'ionnsuigheadar sluagh Lausun agus bhuaidheadar ortha thar eis tamaill. Ní dhearna Liam faic nó go dtáinig teacht- aire chuige 'ghá innseacht dhó go raibh buaidhte ag a shaighdiúiríbh ar shluagh Shéamuis agus go rabhdar imthighthe treasna na Bóinne ag Droichead Sláinge. Annsin thug sé órdughadh d'á shaighdiúiríbh dhul treasna an átha ag Sean Droichead. Fhaid is bhí a shaighdiúirí ag dul treasna an átha seo thosuigh gunnaí móra Liam a bhí thuas ar chnoc aige ag pléasgadh piléar isteach ar na Gaedhealaibh. Bhí na cnuic ag luasgadh leis an ngleó. Maidir le sluagh Shéamuis ní raibh aon
ghunnaí móra aige ag Sean-Droichead. (Na sé cinn a bhí acu chuir Séamus go Sláinge iad). Fós ní raibh aon díon ná foscadh ag sluagh Shéamuis acht fáil sgeach agus cúpla sean-tighthe a bhí ar an taobh theas de'n abainn. Acht ba ghairid siar ar ghunnaíbh Liam na fáil sgeach agus na sean-tighthe seo. Ar an ádhbhar sin ní h-iongnadh ar bith go ndeachaidh deich míle de na saighdiúirí do b'fhearr a bhí i Roinn na h-Eorpa an t-am sin, go ndeachadar treasna na h-aibhne agus gunnaí móra Liam ar a gcúl ag réabadh sluaighe Shéamuis. Ní h-iongnadh acht an oiread nach ndearna sluagh Shéamuis faic nó go raibh sluagh Liam ar fad ar an taobh thuaidh de'n abhainn. Acht céard é sin? Chomh luath is shroich sluagh Liam talamh d'éirigh gáir mhór fhiadhán ó shluagh Shéamuis. D'fhéach saigh- diúirí Liam thuas — na saighdiúirí a throid go mion, minic ar fhaithche catha ar feadh a saoghal — agus chonnaiceadar sluagh Shéamuis — fir go leór aca nach raibh i gcath ariamh — chonnaic sluagh Liam iad-san ag déanamh ortha go tréan síos le fánaidh na h-aibhne agus iad ag sgreadaighil mar bheithidhigh éigcéillidhe na bhfásach. Acht sheas an cleachtadh a bhí ag saighdiúiribh Liam, leóbhtha, agus ba ghearr gur chuir- eadar an ruaig ar na Gaedhealaibh. Acht níor bhain sin an misneac ó na Gaedhealaibh. Thángadar de ruathar arís agus arís acht buaidheadh ortha. Agus cérbh' iongnadh? Ciarbh' iad na h-úirlisí catha a bhí aca acht sleagha agus pící agus cér' mhaith iad-san 'n-aghaidh gunnaí agus púdair? Tar éis tamaill tháinic Mac Amhaltoinn agus marc-shluagh aige agus rinneadar ar sluagh Liam go tréan, tapaidh. Mar adeireadh seanchaidhe “rinneadar an bog cruaidh, agus an cruaidh bog.” Bhí rún aca a theasbáint do'n tsaoghal cé'n misneach a bhí i saighdiúiríbh Gaedhealacha. Chuimhnigh- eadar ar ghail agus ar ghníomh a sinnsear. Bhíodar ag troid ar son creidimh agus tíre. Tháinic scannrad ar shaighdiúirí Liam rómpa. D'ionntuigheadar a gcúl dóibh agus bhíodar ag baint na sál d'á chéile agus iad ag rith le n-a n-anam treasna na h-aibhne. Ní raibh na “Huguenots” luath a ndóthain ag teicheadh agus cuireadh iad fa chosaibh na gcapall. Marbhuigheadh a gceann-phort Calmiotte. Bhí Schomberg ar an taobh thall de'n abhainn agus nuair a chonnaic sé a chara Calmiotte ar lár, d'imthigh leis go beó tapaidh treasna na h-aibhne le sásadh a bhaint amach as ucht báis Calmiotte. Acht níorbh' fhada go raibh sé fhéin chomh marbh le Calmiotte. Fuair sé urchar 'sa mhuinéal agus thuit sé marbh. Nuair chonnaic Liam go raibh ag éirghe leis na Ghaedhealaibh ag Sean-Droichead agus go raibh Schomberg ar lár d'éirigh sé fhéin amach. Bhí a ghuala gointe o'n urchar a buaileadh air an tráthnóna roimhe sin, acht mar sin fhéin ghléas sé é fhéin i n-airm agus i n-éide catha. Chuaidh sé ag marcuigheact ar a chapall agus d'orduigh an chuid eile d'a shluagh dhul treasna na Bóinne. D'imthigh sé fhéin isteach 'san uisge ar dtús agus do ghlaoidh ar a chuid fear é a leanamhaint. Bhí an taoide ar tuille anois agus ba dheacair dhul treasna na h-aibhne mar gheall ar an doimhineacht a bhí innti. Acht 'sa dheireadh d'éirigh leó. Ní fada a bhí Liam ag déanamh líne d'a chuid fear nuair a shroicheadar talamh. Dhein sé fhéin agus a shluagh ar na Gaedhealaibh agus do dheineadar na Gaedhil agus Beruic mar cheann ortha, ar shluagh Liam. Ba nimhneach an ruathar é. Ba faobhrach an cath a bhí eatortha. Na capaill féin bhíodar ar buile agus cubhar le n-a mbéul. Fir ag tuitim, capaill ag cur faoi na gcosaibh iad, fir eile dá mbáthadh, na gunnaí d'á bpléasgadh. Gach uile rud 'n-a rí-rá. Gleó agus torann agus sgreadaighil. Chuir Beruic agus a chuid
fear an ruaig ar lucht Liam. Theicheadar uaidh, agus báthadh a lán aca ins an abhainn. Acht tháinig Liam arís. Fear misneamhail do b'eadh é. D'ionnsuigh na Gaedhil arís é. Ba dheacair a rádh cia aca a bhuaidhfeadh. Anois bhí an cath ag dul ar na Gaedhealaibh. Theighdís siar giota beag acht thagaidís ar aghaidh arís agus chuiridís an ruaig ar shluagh Liam. Mar sin dóibh ag teicheadh anois agus ag ionnsuighe arís ar feadh an lae. 'Sa dheireadh bhí sluagh Liam ag éirghe ró-láidir dhóibh. Bhí Liam féin ag troid chomh maith le fear ar bith agus é ar cheann a shluaighe. Maidir le Séamus thug sé a órduighthe uaidh ar maidin, agus d'imthigh leis annsin go teampall beag a bhí ar bharr chnuic Dúna Uabhair. As an áit sin bhí radharc maith aige ar an gcath acht ní raibh sé fhéin ag troid. 'Sa dheireadh nuair chonnaic sé go raibh an lá ag dul i n-aghaidh a shluaighe féin agus go raibh sluagh Liam 'gha dtiomáint rómpa go dtí Dún Uabhair agus Bothán Caorach (Sheephouse) ghlac sgannradh é, agus lasg leis chomh mear is bhí 'n-a chosaibh go Baile Átha Cliath, agus thug dá chéad marcach mar lucht cosanta leis. Deir staruidthe éigin gur thug sé an Sáirséalach leis freisin, agus go raibh seisean ar buile de bharr é a thabhairt leis ó fhaithche an chatha. B'shin é Séamus duit anois, a léightheóir. Nuair a bhí a shaighdiúirí dúthrachtacha ag troid ar a shon agus ag troid ar son a dtíre, d'imthigh Séamus uatha agus d'fhág annsin iad. Deirtear nuair shroich sé Baile Átha Cliath gur thosuigh sé ag déanamh cúl-chainnte ar na Gaedhealaibh, go ndubhairt sé gur chladhairí a bhí ionnta. Dubhairt sé le bean Iarla Thír-Chonaill (Gaedheal do b'eadh í féin) dubhairt sé léithi nach raibh aon mhaith leis na Gaedealaibh ag troid, gur theicheadar ó fhaithche an chatha chomh luath is chonnaiceadar an námha. Acht bhí freagra ag an mhnaoi uasail dhó. “Má's fíor é sin duit” ar sise, “comh- gháirdeachas leat a Rí. Bhuaidh tú ortha go léir ins an rás.” Choinnigh an freagra sin béul Shéamuis ar a chéile. D'imthigh leis go Cionn-tSáile agus as sin go dtí'n Fhrainnc. Anois caithfimid féachaint céard d'éirigh do na Gaedhealaibh calma a bhí ag troid go cródha cróganta ag Dún Uabhair. Ní raibh ag éirghe go geal leó chor ar bith, mar bhí an iomarca fear ag Liam i n-aghaidh gach saighdiúra Ghaedhealaigh. Acht níor bhain sin an misneach uatha. Bhíodar sásta bás d'fhagháil acht bhí rún aca troid a dhéanamh chomh fhada is do b'fhéidir leó. D'imir Liam cleas ortha. Nuair a bhí na Gaedhil ag ionnsughadh an námhad go dian dícheallach d'imthigh scata de shluagh Liam agus chuadar i luigheachán gach taobh de'n bhóithrín a bhí ag dul go Bothán Caorach. Nuair tháinig na Gaedhil ar ais thar éis ruathair a dhéanamh, d'éirigh an dream seo amach agus thosuigh ag caitheamh leó. Bhíodar an-ghar leó agus ar an ádhbhar sin marbhuigheadh a lán de na Gaedhealaibh sul a raibh fhios acu cé'n sórt tubaiste d'éirigh leo chor ar bith. Nuair bhí gach uile rud 'n-a rí-rá annsin ameasg na nGaedheal d'ionnsuigh an chuid eile de shluagh Liam iad agus cuireadh iachall ortha imtheacht i ndiaidh a gcúl. Acht má bhíodar ag imtheacht féin bhíodar ag troid, agus ní le faitchíos a bhíodar ag imtheacht. 'Sa dheireadh, chonnaic Liam nach raibh aon mhaith iad d'ionnsuighe níos sia. Bhí sé sásta nuair a fuair sé an bhuaidh ag an abhainn agus nuair a bhí buaidhte aige ar Shéamus. Caoi ar bith níor mhaith leis ariamh ár nó sléachtadh agus cheap sé go raibh an iomarca fola doirtthe an lá sin. D'imthigh na Gaedhil ó dheas go Baile Átha Cliath agus as sin go Béul Átha
Luain agus Luimneach — áiteacha 'n ar casadh Liam agus a shluagh ortha arís. Thug Séamus comhairle dóibh géilleadh do Liam. Acht níor cheap na laochraide seo gur comhairle a leasa a bhí ann. Bhí an cath thart anois. Deir staruidhthe éicint dá mba rud é go mbeadh oifigigh agus ceann-phuirt mhaithe chliste i sluagh Shéamuis go mbeadh an buaidh aca. Acht ní móide gur ceart an bharamhail sin mar bhí an iomarca fear cliste ag Liam agus an iomarca armála agus gunnaí. Agus mar adubhramar cheana bhí Liam féin mar cheann ortha seo, agus gan bhréig gan áidhbhéil, bhí sé ar na saigh- diúiríbh ba mhó clisteacht agus stuaim agus dob' oilte i gcleasaibh cogaidh an ama sin. B'shin é Cath na Bóinne. Ba mhillteach an cath é. Ba feargach, fíochmhar an cath é. Is fíor go bhfuil catha ann indiu atá i bhfad níos milltighe agus níos mó 'ná Cath na Bóinne. Acht cuimhnigh ar an armáil agus ar na h-úirlisíbh catha atá ann indiu seachas a raibh ann i ndeireadh na seachtmhadh h-aoise déag. Ní “howitzers” nó “mortars” nó luing aeir a bhí ag ar sinnsir ag Cath na Bóinne, acht pící agus sleagha agus cúpla gunnaí móra nach raibh aon mhaith leó seachas na gunnaí ata anois ann. Acht mar sin fhéin do throid ár sinnsir go calma cródha, i n-aghaidh námad a gcreidimh agus a dtíre. Bhíodar ag troid ar son an chirt agus bhí fhios aca go “gCaithfidh an neart do'n cheart do stríocadh Is caithfidh an ceart 'n-a cheart bheith suidhte.” Cuimhnighmís go minic ar na laochraibh calma seo a throid chomh tréan ag Cath na Bóinne. Níor éirigh leó go cinnte, acht mar sin féin cúis bróid is eadh dhúinne — a gclann — an troid a rinneadar ar son “creidimh agus tíre.” Cuimhnighmís go minic ortha — ar a gcródhacht agus ar a gcalmacht — agus má's rud é go bhfuil orainne troid a dhéanamh ar son ár gcreidimh nó ar son ár dtíre, déanaimís aithris ar ár sinnsir a throid chomh dian dúthrachtach ag Cath na Boinne 'sa mbliadhan 1691 ar son “glóire Dé agus onóra na h-Éireann.” MICHEÁL Ó FALLAMHAIN. A Íosa, a Spiorad Naomhtha, a Athair is 'Uain A thug fíor-fhuil do thaoibhe dár gceannach go cruaidh Bí 'mo dhídean, bí 'mo smaointibh, bí ar m'aire gach uair Má's suidhe dhamh, má's luighe dhamh má's seasadh, ma's suan. Cathal Buidhe Mac Giolla Ghunnaibh, cct.
SCIATHLÚIREACH CHOLAIM CHILLE. Aingeal Dé dom dhíon fán gcaingean clé adchiam; Seacht n-aiste n-ógh, sluagh nách blaiseann biadh; Seacht n-Árcaingeal ann, ráth-mhainear riom; Seacht gcloidhmhte na gceall, mar chóimhdhe ós mo chionn; Seacht sínnsear, seacht n-ógh, nár méilltear m é tríd; Seacht scéithe ar mo scáith 'na gcléith go bráth bím. Bí liom a Dhé dhil, uim cheann ge bé raibh. — Seacht gcaingin mo chuirp, seacht gcur- aingil air. Cor díobh Mícheal mór, a ghlór ní rádh fann; Ruithneal na ráith riom, dlúithfhuighear bláith a bhairr; Cor díobh Uirealán, leis gach slán go seach; Cor díobh Sareal sruith, báinniamh díor 'na dhreach; Cor díobh Raepheal réidh, a chéim is céim glan; Cor díobh Paineal dian; Gaibreil cia ar nách car. Seacht gcuir ar chróinn Dé, mar is fearr fuil faoi Aon chor ceann i gceann, geabhthar liom gach laoi. Míchéal liom gach Luan, teann nách díthcéill dáil; M'aingeal fionn-sa féin, daingean liom-sa am láimh; Ruithneal liom air sin, ós cíonn gacha cuir Mo shláinte-se air, san Mháirt-se som luidh. Uiseal fionn na bhfeart; sciath Uiseal ream ucht Is leis éagcáoinim mh'olc san gCéadaoin ream chorp. Saiseal aingeal búidh, go daingean am dháil Dom dhíon gach Dardaóin, ar ghníomh is ar ghráin. Raepheal fionn na bhfeart ós mo chionn go ceart San Aoine ream ucht nocha náoidhe a neart Paineall ó phort Dé, dom dhíon ar mo dhruim Ar teidhim Sathrainn seing 's ar fheadhm Chathairm Chuir. Gaibriel cealltair chruaidh, as é an seacht- mhádh slán Gach Domhnach dom dhíon, ar fhoghlaibh, ar ár. Na seacht gcuir sin Chríost; Críost féin ream shlios Dár saora fá seacht ar bhaoghal, ar bioth, Ar threasaibh, ar thóir, ar ghreasaibh, ar ghliadh, Ar phianaibh, ar phláig, ar dhiabhlaibh am dhiaidh, Ar shainnt uim nídh acht neamh, ar nídh nách bí bail, Ar chraos is ar chol, is ar dhol re baos ban, Ar dhúrcháine ngéar, ar urchóid na ndúl — Aingeal dé dom dhíon, ó sé is daingean dúinn.
Victor Aingeal árd, gach lá ar mo lorg, Aingeal nách clé ceard, daingean nách tréith tolg, Dá Apstal déag Dé, ar dhóirsibh na n-dúl An Cuire Naomh nár, Muire mar aon liom. Guidhim Aindreas úr, ar mo chúl roimh cháich 'San dá Iacob Naomh na scéith ar mo scáith — Pilib, Peadar, Pól, Párthalónn na bpeann, Muire an fhíor-ógh fhionn liom agus Siómón seang; Tomás liom gach laoi, éarlamh is fearr é — Go méaduighthear mé re deagh-Apstail Dé. Barnabas na mbuadh, don teaghlach is tréan, Lucht ríghthíghe an Ríogh is fíor-ghlaine préamh; Matha am dheis dom dhíon, ar gach h-aithis n'uilc, Go saoraidh mé Marc, don thaobh clé mo chuirp, Matias fionn, Pól liom, ar gach niomh- shlógh nár Amhail bhíos mheach úr, fúm shíos re lár; Lúcas ós mo chionn, ar dheamhnaibh go ngliadh Bíodh Éoin agus Éoin róm, is am dhiaidh; Peadar tharom shuas go mba buan bhias leam, An cómhladh nách gann, dom saora ós mo cheann. Na h-árdaingil go ceart, dom dhíon ar neart n-uilc; Seacht bpríomh-chóinnle an chirt, do shíor choimhdhe mo chuirp. Sciath Charad fám chlí; scíath nách gabhadh gaoi, Spiorraid dúilig Dé, mo lúireach gach laoi. Críost tharom, Críost fúm, Críost ceachtar dom dhá thaobh, Go dtigh am chroidhe 's am chlí Rí nimhe na Náomh — Rí nimhe na ndúl, bile úr ós bárr, Ar dheamhnaibh am dhíon, 's ar ghníomh léadmhach lámh, Lúireach Dé nách tím, sgaoilios deamhain díom, Me a mainear na naomh, aingeal Dé dom dhíon. Amen. (MS. 4. b 7). O. P. Q.
BAINTREABHACH AN DÁ FHICHID ACRA. OILEÁN an Dá Fhichid Acra, oileán é seo atá ins an bhfairrge theas, chúig mhíle amach ón tír. É an-árd ins an mbóchna agus failltreacha dubha scéir- diumhla mór-thimcheall air, gan aon tráigh ann acht uisce doimhin; áit a bhfuil luighe gach aon ghaoth shéideann air, áit ná bíonn an tonn ríamh in a chodladh ann. I gceart lár an oileáin seos atá plinnc caol árd de shliabh, cheithre cheud troigh ar aoirde. Amach ó bhun an tsléibhe sin, síos go dtí ciosa an oileáin, atá mar do bheadh rachtaí móra nó pniacha móra cairrge. Sé cinn atá ann díobh ag deunamh sé roinnt den oileán. Atá talamh breághdha nádúrtha idir gac aon dá rachta aca. Talamh breághdha freagarthach, adeir na daoine chaitheann a sláinte ag á shaothrughadh. Dá bhfuightheá dul in áirde ins an aer ar nós an éin, agus feuchaint síos uait ar an oileán sin, agus ar an sliabh agus na cosa amach uaidh, do chuirfeá i ndeallradh le roth é do bheadh caithte amuigh ar an bpáirc. Is é an sliabh an mol agus na cosa na spóicí, agus an talamh maith an féur do bheadh ag fás eatorra. Dhá fhichid acra atá i ngach aon roinnt atá ann, agus sin é an chúis ar thugadh an ainm ar an oileán. Atá go leór tighthe ann agus iad sáidhte isteach i bpoillíníbh beaga bídeacha agus i gcúilínibh cluthmhara cúlánta ag iarraidh bheith ins an bhfoithint ó ghaoth agus gála agus fiadhantas fairrge. Meireach (muna mbeadh) na líonta agus na clocha troma atá ag coimheud an dín, do bheadh na tighthe in a bhfothrachaibh folamha agus in a gcalbharachaibh ceann-nochtaighthe, ag garbh- shín an gheimhridh. I gceann de na tighthibh sin do chomhnuigh, deich mbliadhna fichead ó shin, Máire ní Chorbáin, nó Baintreabhach an Dá Fhichid Acra mar thugtaoi uirri. Thíos i ngleann beag do bhí an teach aici. Teach mór do ba eadh é, teach mór lochtmhar fada fairsing. Do bhí slighe ins an chistin do n-a raibh de dhaoinibh ar an oileán, agus an falla do bhí idir an gcistin agus an párlús, ní raibh ann acht mar do bheadh dhá dhoras mhóra i slighidh nár ghábhadh dhuit acht an dá dhoras do bhualadh isteach agus do bhí an chistin agus an párlús in aon seamra amháin agat. Ní raibh aon séipeul ar an oileán, agus is ins an seamra mór sin i dtig Mháire ní Chorbáin do chonnluigheadh na daoine chum aifrinn d'éisteacht Dé Domhnaigh nó cibé am thiocfadh an sagart. Teach duine uasal do ba eadh é ins an tsean- aimsir. Fear do ba eadh é a raibh cúirt in iúl do rígh aige fiche míle isteach ins an tír. Acht le neart fallsaora ní bhfuigh- bheadh sé neul do chodladh ann agus thóg sé an teach so ar Oileán an Dá Fhichid Acra chum go gcuirfeadh fuaim na fairrge sámhán air ins an oidhche. Adeir siad go bhfuair sé a shláinte an fhaid a's d'fhan sé ann; go raibh sé chomh buidhe leis an mbuidhe-mór ag teacht agus go raibh luisne in a leacaibh ag imtheacht. Ní haon iongnadh gur chuir an t-iasc úr agus an t-arán greille brígh in a fhéitheachaibh; gur
chuir an t-sáile lasadh in a shúilibh; agus gur chuir grágallach na n-eun agus torann na dtonn chum fáin cibé diabhal nó deamhan do bhíodh os cionn a leabthan ag díbirt suan-chodladh na hoidhche uaidh. Acht nuair d'imthigh an duine uasal so, do thuit an áit chum Mháire ní Chorbáin, agus sin é an chúis a raibh an teach breághdha so aici. Bain- treabhach do ba eadh í mar adubhairt mé. Do bhí mac agus inghean aici. D'imthigh an mac uaithe thimcheall trí bliadhna roimh an am a bhfuilmíd ag trácht air. Buachaill breághdha do ba eadh é do thógadh le scoil agus le léigheann, agus do bhí a shliocht air, mar do bhí tuilleachtain mhaith aige ins an áit ar chuaidh sé. Acht do bhíodh uaigneas ar a mháthair i gcomhnuidhe in a dhiaidh, an bhinín bhocht, agus is minic do-chítí na deóra léi go mór-mhór nuair d'aireóchadh sí aoin- neach de na buachaillíbh ag rádh aon cheann de na sean-abhránaibh do bhíodh aige. D'fhan an inghean ins an mbaile — Máire Óg an ainm thugtaoi uirri — agus ba mhór an congnamh agus an compórd dá máthair í. Acht an lá so, Lá Nodlag do ba é é, do bhí triall gach aoinneach ar thigh na baintreabhaighe, mar do bhí coinne aca leis an sagart chum aifreann do léigheamh dhóibh. Do b'olc an lá é le sneachta agus le gála. Gaoth anoir aneas do bhí ann, agus is í do bhí ann le trí seachtmhaine roimhe sin. Do chonnluig na daoine isteach i dtig Mháire acht ní raibh aon mhuinighin aca go dtiocfadh an sagart, mar ní mar mhagadh teacht i mbád seóil go dtí an oileán a leithéid sin do lá. “Nárbh' mhór an sceimhle bheith gan aifreann Lá Nodlag?” arsa sean- Phaid ó h-Aodha. “Agus sinn go léir ar cialacan.” “Ó, bí siuráilte go dtiocfaidh an t-Athair Pádraig má dhéineann sé aon eatorra in aon chor,” arsa an bhain- treabhach. Le n-a linn sin do rioth garsún beag isteach. Do bí sé tar éis teacht ó'n bhfaill. “'Dé an sceul atá agat, a Liaimín?” arsa an bhaintreabhach leis. “Sceul gan mhaith,” arsa sé, “ní fhaca mé aon teimheal de agus atá an síothog imighthe asam ag an bhfuacht.” “Ní fhaca sé fiadh ná feachaid, mar adubhairt an fear do bhí ins an reilig,” arsa Siobháinín-cúl-an-hiarta, í sin do bhíodh ag séideadh na teineadh dho Mháire. “Séid. Séid, a Shiobháinín. — Leigidh isteach an garsún bocht so chum na teineadh. — Cad mar gheall ar do dhear- bhráthair a Liaimín? Nó an raibh sé i t' fhochair?” “Do bhí. Tháinig sé nuair do bhí mé chum imtheacht. Adubhairt sé go dtabh- arfadh sé tamall ag faire.” “Ó'sé, mo ghraidhin é!” arsa Máire. Do-chuaidh Paid ó h-Aodha go dtí an dorus. “Maite,” arsa sé, “tiocfaidh sé. Atá sé ag eudtromughadh agus atá foithint ins an mbá aige.” Do-chuaidh cuid de na daoinibh amach ins an macha, agus cuid aca síos d'iarracht ar an bhfaill. Ní rabhadar i bhfad im thighthe nuair do chasadar agus dearbhráthair Liaimín in a bhfochair, le sceula go raibh an bád ag teacht. I gceann uair an chluig do bhí an sagart ag an dorus, saghas caipín ar a cheann agus cóta mór air do bhí fuilighthe le leach-oidhre agus le sneachta. “Go dtugaidh Dia 'Odlaig mhaith dhíbh go léir,” arsa sé, ag bualadh an t-sneachta dá bhrógaibh agus ag teacht isteach. “Go mbadh amhlaidh dhuit, a Athair,” arsa siad. “Cionnus atá tú, a Mháire,” arsa sé le bean an tighe. “An bhfuair tú aon sceula ón ngarsún?” “Ó'sé go deimhin duit, a Athair, ní bhfuaireas, acht badh fhéidir le Dia go
bhfuighbhinn litir uaidh fé dheireadh na seacht- mhaine. — Ó'sé, a athair, atá tú siocaighthe. Dia le m'anam! Feuchaigidh ar an gcasóig sin,” arsa sí, ag tógbháil na casóige ó'n sagart. “Atá sí in a clár.” “Ó'sé, go gcosnaidh Dia ar na cláracha sinn,” arsa Siobháinín-cúl-an-hiarta, “acht is breághdha an síneadh dheunfaidh cuid againn an lá déidheanach.” “Seo, a Shiobháinín,” arsa Máire léi, “croch in áirde í seo, agus caith uait an chainnt gan mhaith sin.” Do bhí na daoine go léir ag gáire. Bean ait do ba eadh Siobháinín, agus níor bhain sí an píopa as a beul nuair tháinig an sagart isteach. “Ó'sé, ní fhaca mé riamh tú acht taobh thiar de phíopa,” arsa Paid léi. “Taobh thiar de phíopa,” arsa sí, ag ath-nasc air. “Dá mbeadh píopa ó'n Phápa, is fada bheadh sé gan gal, dá mbeadh sé ag braith ar do leithéid-se de mheilimíneach chum é shíneadh chuige.” Ní raibh an sagart ag cur aon suim ionnta. Do bhí sé féin agus Liaimín agus Máire Óg ag socrughadh na h-altóra. Do chuireadar an bórd in áirde ar dhá chathaoir gairid don teineadh, mar is air sin do bhí an sagart chum an t-aifreann do léigheamh. Do bhí bean an tighe ag folamhughadh ciseán an aifrinn dhóibh, agus d'fhiafraigh sí den sagart cad dhéunfadh sí le tromán mór do bhí sáidhte síos go doch ann. “Ná bac leis sin,” arsa sé, “rud é sin thug mé liom i gcóir an tráthnóna, agus atá a thuilleadh agam thíos ins an mbád.” Táinig smiota gáire ar gach aoinneach, go mór-mhór na gearrchailí agus na garsúin, mar is maith do thuigeadar cad dó do bhí sé ag tagairt. Do bhí nós aca ar Oileán an Dá Fhichid Acra, na daoine go léir do chruinniughadh isteach i dtigh Mháire um thráthnóna chúm dinneur do chaitheamh ann Lá Nodlag. Nós bean- nuighthe do ba eadh é tháinig anuas ón tsean-aimsir, mar is mar sin do bhíodh na Críostuighthe go léir i dtosach na h-Eaglaise. Aoinneach arbh' achfuinn do é, thabharfadh sé leis blúire feóla nó bulóg mhilis nó púnt té, acht is é an sagart thabharfadh an chuid is mó den chóisir dóibh. Nuair do bhí an éide ar an sagart, do chrom se ag rádh paidreacha do na daoinibh chum iad do chur i gcóir don aifreann agus do'n chumaoin. Paidreacha breághdha Gaedhilge adubhairt sé. Ní raibh focal ann nár chuaidh go croidhe dhóibh- Sean-phaidreacha do ba eadh iad do cheap na naoimh do bhí in Éirinn ins an tsean- aimsir. Do scaoileadar amach ó n-a gcroidhe grádhmhar Gaedhealach iad, le aibigheacht a n-intinne, le milseacht a mbeól, le trom-thuile toramhail na ngrás thug Rí na n-Aingeal dóibh. Ba bheag an t-iongnadh gur éist na daoine an lá sin leó ar an Oileán. Do bhíodar annsúd chomh socair leis na mairbh acht do bhí na deóra le n-a súilibh agus a gcroidhe ag preabadh agus ar lasadh le díograis. Do chrom an sagart ag léigheamh an aifrinn, agus le linn na sácrála do thóg Máire a dhá láimh agus adubhairt: — “Ceud míle fáilte romhat isteach sa tigh seo chughainn, a Thighearna, agus go gcasaidh tú mac mo chléibh orm aríst.” Agus is iomdha paidir eile adubhradh an lá sin, gach aoinneach agus a chúram féin air, gac aoinneach agus a réidhteach féin uaidh. I ndeireadh an aifrinn thug an sagart soísceul uaidh. Ins an chainnt dó, do-righne sé tagairt do'n sneachta agus do'n droch-aimsir, ag cur an chinidh daonda mar do bhí sé fé 'r tháinig Críost i gcompráid le lucht árthraigh do bheadh amuigh ar an bhfairrge, an chruaidh-sín ag á gcaochadh, gan aoinneach dheunfadh eólas chum an chuain doibh, agus gan aon fhaghbháil aca ar an bhfaill do fheicsin
ná do sheachaint. Is iomdha osna d'airigheadh ann an lá sin, agus is iomdha feuchaint thugadh ar an bhfuinneóig mar do bhí an stoirm ag éirghe agus do bhí gach aon steall de'n sneachta nó de'n bhflich- shneachta isteach innti agus isteach fa an ndorus. Do-chuaidh an sagart tré an soisceul ó alt go halt, gur chuir sé deireadh leis. Adubhairt sé na paidreacha atá le rádh i ndiaidh an aifrinn, agus d'éirigh sé dá ghlúnaibh. D' éirigh an pobul in a dhiaidh. Fothram cos agus cathaoireach ins an tigh. Dho bhí na mná ag cruinniughadh a gceirte chum imtheachta, agus do-chuaidh na fir amach ins an macha, gach duine aca ag lorg an tsúgáin do bhí casta thimcheall ar a chosaibh ag teacht. D' imthigheadar go léir abhaile acht ceathrar ban do bhí chum congnamh do thabhairt do Mháire ag léiriughadh an tighe le haghaidh an dinnéir, agus d'fhán Paid ó h-Aodha cois na teineadh, é féin agus Siobháinín- cúl-an-hiarta ag tabhairt iarrachtaí fa n-a chéile. Do bhí Máire agus na mná eile, agus Máire Óg agus Liaimín agus buachaill an tsagairt, agus an sagart féin, nuair do bhí cupán té ólta aca, do bhíodar go léir ins an stealladh ag socrughadh an tighe. Do-righneadar dá bhórd ar faid an tighe de phlanncaibh do bí le haghaidh an ghnó so aca. Cathaoireacha agus fórmaí, sceana agus forcana, plátaí agus miasa, do cuireadh gach aon rud in a alt féin. Do bhí beiriúchán agus cócaireacht ag á dheunamh ag an teinidh mhór do bhí ins an chistin agus ag an teinidh bheag do bhí thíos ins an phárlús. Do bhí an párlús agus an chistin in aon seamra amáin mar adubhairt mé, agus an dá theinidh ar aghaidh a chéile amach. Do bhí na mná síos agus suas, ó theinidh go teinidh, chomh bríoghmhar le beacha, ag obair agus ag cainnt, i slighidh gur dhóigh leat nach fearr leó an caitheamh ioná an córughadh. I gceann cúpla uair an chluig do bhí gach aon rud i gcóir. Do bhí dá bhácús ag an teinidh mhór, agus bácús eile ag an teinidh bheag, agus dhá thurcaí agus gé ionnta. Do bhíodh tar éis iad do thógbháil de'n teinidh, agus d'fhágadh ins an teas iad go dtí go dtiocfadh na daoine. Do bhí glasaraí aca, leis, cibé áit a bhfuaradar iad, agus caoir-fheóil agus mairt-fheóil go leór, bulóga milse agus fairsinge té agus siúcaire. Breis ar fheabhas chúcha, ní rabhadar chum aon ocras do leigint orra-féin an Nodlaig sin. Do bhí na daoine ag bailiughadh isteach ins an macha arís, agus gan aon rud ar domhan ag tabhairt cúraim dóibh acht an dínneur. Acht tháinig Liaimín agus saothar air: “Atá rud éigin amuigh,” arsa sé, “árthrach trí gcrann, is dóigh liom.” Do riothadar go léir, gach duine má luaithe, síos go dtí an fhaill. Níor fhan aoinneach ins an tigh. Níor fhan an sagart féin ann, ná Máire, ná na mná eile. Níor fhan aoinneach ann acht Siobháinín-cúl-an-hiarta. “Dá mbeadh árthrach ceud crann amuigh,” arsa Siobháinín, “ní chorróchainn ón teinidh seo, agus biadh na Nodlag ag á ullmhughadh ann.” Do bhí an ceart ag Liaimín. Árthrach trí gcrann do ba eadh í, ag túrnáil agus gach aon rud ins an mbaile uirri, agus í ag tabhairt an-thriail uaithe i gcoinne na gaoithe, acht do bhí an taoide ag á breith léi isteach, in áit-a-chéile, dh' iarracht ar na clochaibh. Do bhí muintir an oileáin ar bharr na faille agus a n-ucht ar an gclaidhe, ag feuchaint amach; na mná agus púicíní deunta dá seáil aca, agus na fir agus na búnaí iompaighthe suas fa n-a gcluasaibh agus na caipíní tarraingthe anuas ar a súilibh. “Atá sé réidh! Atá sé réidh, an
fear bocht,” arsa Tomás Eudhmoinn, ceann de na hiascairídh. “Atá,” arsa athair Liaimín. “Do- chonnaic mé ar maidin í, le linn a's an sagart ag teacht, acht do shíl mé go ndeunfadh sí an gnó. Cadé an díoghbháil acht gan aon chuan annso d'aon árthrach.” “Ná riothfadh sí isteach ins an Muinirtle?” arsa ceann de na mnáibh. “Adeirim-se Muinirtle leat,” arsa Tomás Eudhmoinn. “Ca bhfios dó san a leithéid do bheith ann? An lámh is cliste orainn, is ar éigin thabharfadh sí isteach ins an Muinirtle í.” An Muinirtle, ba é rud é sin acht saghas cuainín do bhí ins an oileán; slighe fhada caol thimcheall ceud slat ar faid agus gan de leithead ann acht mar do bheadh sé feádh. Do bhí cé bheag ann le haghaidh báid iascairí. “Ó, an lá so thar laetheanta na bliadhna!” arsa an bhaintreabhach. “Ó, go gcosnaidh an Leanbh Íosa ar na clochaibh í!” arsa bean eile. Do bhí an t-Athair Pádraig agus an stóil in a láimh aige chum an asbolód dhéidheanach do thabhairt do na máirneul- achaibh bochta. Comh-dhona é féin agus an chuid eile, na deóra in a leac-oidhre ar a ghruadhaibh. “Ó feuch! feuch!” arsa Tomás Eudhmoinn. “Ó, atá sé as a chiall!” Agus is annsin d'éirigh an gheóin ar bharr na faille. Do iompuigh an t-árthrach i d' urchar. Do leagadh na seólta, agus do rioth sí de réim díreach dh' iarracht ar an oileán. “An Muinirtle! An Muinirtle!” arsa siad. “Atá fear ón áit seo uirri.” Do ba fhíor dóibh. Do rioth sí isteach chom díreach le heun. Síos leis na hann- cairí agus do bhí sí ó bhaoghal. Mac na baintreabhaighe do bhí ar an stiúir. I nómaint na huaire do bhí muintir an oileáin ar bórd uirri. Do rioth mac na baintreabhaighe go dtí n-a mháthair. Is iongnadh nár bhádhaidh sí le deóra é. Is iongnadh nár thacht sí le póga é, agus ní'l aon teacht abhaile is fearr ioná an teacht i gan fhios. “Ó, a mháthair,” arsa sé, “do shíl mé teacht abhaile i gan fhios chum na Nodlag do dheunamh i t' fhochair, agus nach maith mar thárlaig? Meireach mise do bheith ar an árthrach so, do bhí sí in a mion-bhrúscar agus na daoine bochta go léir báidhte.” Do chaith a raibh ann aca iad féin ar a nglúnaibh agus do ghabhadar buidheachas le Dia. Do éirigheadar annsin agus do- chuadar go léir go dtí teach Mháire. Do bhí an cóisir i gcóir dóibh ag Siobháinín- cúl-an-hiarta. Do lasadar na coinnle agus do shuidheadar chum búird. Do bhí nua gach bídh ann, agus sean gach dighe ann. Blas na meala ar gach aon ghreim agus gan aon ghreim tur. Do bhí ceól agus croidhe-léis aca, abhráin agus aoibhneas aca. Agus ní iarrann an sceulaidhe acht a leithéid ceudna, fairsinge agus fuighleach, do bheith ag gach aon duine bocht Lá Nodlag so, agus Lá an Chinn. MICHEUL Ó SÍOTHCHÁIN. GLOSSARY In a bhfothrachaibh folamha, etc., empty ruins and dismantled edifices. Le neart fallsaora, through excessive nervous prostration. Arán greille, griddle-bread. Sáile: an tsáile as nom. This word is sometimes fem. A shliocht air, he showed the good results of it. Lit. “its trace was on him.” Binín. Diminutive of bean. Ní mar mhagadh teacht, it was no joke to come. Eatorra, as noun, an interval between showers. Síothóg, the last gleam of life. Fiadh ná feachaid, neither saint nor sinner.
Bá, bay. Siocaighthe, frozen. In a clár, stiff as a board. Ar na cláracha, the boards on which the dead are waked. Ath-nasc, mimicking. The unusual expression taobh thiar de phíopa, “behind a pipe,” provoked the sarcasm. Meilimíneach, a miser, a niggard. Doch or docht, stiff, tight. Soísceul, a sermon. Cruaidh-sín, fine hail. Bácús, a bastable, a baking pot. Caitheamh, eating, feasting. Má luaithe, at top speed. Túrnáil, tacking (of a ship). Agus gach aon rud ins an mbaile uirri, close hauled (a sailor's term). Atá sé réidh, he's done for, i.e., the captain of the ship. In the next paragraph the ship herself is spoken of. Adeirim-se Muinirtle leat, “the Muinirtle indeed!” Feadh, a fathom. Our plural is feádh. I d'urchar, or d'urchar, in a flash.
MADADH BÁN NA n-OCHT gCOS. Bhí Rí i nÉirinn fad ó agus ní raibh ag an mbainríoghan acht aon mhac amháin nuair a fuair sí bás. Mhair an mac, acht d'imthigh an mháthair. Is goirid 'n-a dhiaidh sin gur phós an Rí aríst agus thug isteach leas- mháthair ar an mac. Mhéaduigh an mac suas go raibh sé 'n-a bhuachaill. Aon lá amháin nuair a bhí an Rí ag dul amach ag fiadhach agus ag fiann-sgaradh, d'iarr an leas-mháthair impidhe ar an Rígh an Prionnsa óg fhágáil de comhluadar léithe 'san mbaile. In tráth de'n lá d'iarr sí ar an bPrionnsa dul ag imirt cárdaidhe léithe. Dubhairt seisean nach le h-aghaidh imirt cárdaidhe a d' fhan sé 'san mbaile, acht comhluadar do chongbháil léithe go dtagadh a athair a bhaile. Mar sin féin fuair sí na cárdaidhe agus chuaidh siad ag imirt. Fuair seisean an chéad chluiche. “Cuir do gheasa,” ar sise. “Ní le geasa a chur a chuaidh mise ag imirt,” ar seisean. D'imir siad leobhtha agus fuair sise an dara cluiche. “Cuirfidh mise mo gheasa anois,” ar sise, “nach gcodlóchaidh tú an dara h-oidhche ar aon leabaidh ná an dara biadh ag aon bhord ná an dara deoch as aon chorn go dtugaidh tú chugam-sa ceann Madadh Bán na n-Ocht gCos as an domhan thoir.” “Nach dtig liom-sa anois mo gheasa do chur?” ars' an Prionnsa óg. “Cuirfidh mise geasa droma draoidheachta ort-sa dul suas ar spinncín an teampuill maidin i mbárach agus punnann choirce thabhairt leat agus pota lán uisge. Nuair a bhfuadóchas an ghaoth gráinne coirce as an bpunnainn, gabh é le do bhéal, agus mara ngabhann, bí gan é, agus nuair a bhfuadóchas sí braon de'n uisge, gabh é le do bhéal, agus mara ngabhann, bí gan é, agus fan annsoin go dtugaidh mise ceann Madadh Bán na n-Ocht gCos chugat.” Nuair a tháinig an Rí a bhaile tráthnóna, d'aithnigh sé go raibh buaidhreadh ar an mac, acht dubhairt an mac nach raibh dadadh ag cur as dó. “Ní rachaidh mé a chodladh go raibh fhios agam fáth do bhuaidheartha,” ars' an Rí. Faoi dheireadh thiar thall d'innis sé dó fá na geasaibh. “Fan annseo agam-sa,” ar seisean. “Ní fhuil call agat an dara h-oidhche do chodladh ar aon leabaidh ná an dara biadh ag aon bhord ná an dara deoch as aon chorn.” “Má's é an bás é a gheall Dia dhom, gabhfaidh mé thríd,” ars' an Prionnsa óg. Mar sin d'éirigh sé ar maidin agus ghléas sé a lón agus b'éigean do'n leas- mháthair dul suas ar an spinncín. Shiubhail sé leis i gcaitheamh lá — bhí réalta geala an lae ag imtheacht uaidh agus réalta dubh-dorcha na h-oidhche ag teannadh leis. Chonnaic sé solus i lúibín coilleadh. Tharraing sé air go dian agus go deifreach.
Cuireadh fáilte agus sláinte roimh Mac Ríogh i n-Éirinn. Nuair a d'éirigh sé ar maidin d'iarr bean an tighe air cé raibh sé a thriall. D'innsigh sé dhí an sgéal mar bhí sé. “Tá mise muinntearach dhuit,” ar sise. “Fan 'san áit 'n-a bhfuil tú anois agus cuir do shaoghal thart oir ní thiocfaidh tú ar d'ais.” “Féachfaidh mé m'fhortún,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn. “Beidh tú i dteach dearbhráthar dhomh-sa anocht,” ar sise, “agus seo dhá cháca dhuit. Ith ceann acu,” ar sise “agus cuir an ceann eile idir do chóta agus do léine. Nuair a ghabhfas tú go teach mo dhearbhráthar an chéad mhadad a ritheas amac, caith an cáca 'n-a bhéal. Mara ndéanann tú sin, stróicfidh sé thú.” D'imthigh leis annsin agus bhí sé ag imtheacht agus ag síor-imtheacht gur tharraing sé go dtí an áit 'n-a bhfaca sé an solus san gcoill. Ní luaithe a bhain sé an laiste de'n gheata 'ná rith na madaidh amach. Chaith sé an cáca i mbéal an chéad cheann. Nuair a mhothuigh sé an baladh, thosuigh sé ag léimnigh suas ar Mac Ríogh i nÉirinn agus ag déanamh lúthgháire mhóir roimhe. Nuair a chuaidh sé isteach, cuireadh fáilte agus sláinte roimh Mac Ríogh i nÉirinn. “Agus,” ars' an Rí, “tá fhios agam gur tú atá ann, oir ní leigfeadh na madaidh isteach srainséir.” D'fhan sé annsin go dtí lá ar n-a bhárach. D'fhiafruigh an Rí dhe cé raibh sé a thriall agus d'innis sé an sgéal dhó. “Na teirigh níos fuide,” ar seisean, “oir is iomdha sin ceann ríogh agus prionnsa atá ar an spinncín a shíl sin a dhéanamh. Fan annseo agam-sa,” ar seisean, “agus fág an chailleach 'san bpíonús.” “Má' sé sin an bás do gheall Dia dhom, rachaidh mé thríd,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn. “Fanfaidh tú ar chuma ar bith,” ar seisean, “go leigfidh tú do sgíth oir beidh mór-uaisle na tíre ag teacht annseo i mbárach agus badh mhaith liom thú a bheith leobhtha.” Thug sé a thoil annsin fanamhaint. Lá ar n-a bhárach chaith siad ag fiadhach agus ní fhuil fál ar an méid a mharbh siad. Bhí an-mholadh acu ar na contachaibh. Dubhairt Mac Ríogh i nÉirinn go raibh aon chú amháin níos fearr ná leath an chuid eile. “Cé acu?” ars' an Rí. “Ó,” ar seisean, “an cú beag gearr glas.” Bhí bród mór ar an Rígh nuair a chuala sé sin, mar ba leis féin an Cú Beag Gearr Glas; acht bhí sí faoi dhraoidh- eachta. Bhí sí n-a cú 'san lá agus n-a bean 'san oidhche agus fuaidh sí chuig Mac Ríogh i nÉirinn agus dubhairt sí leis: “Tabair mise leat ag fiadhach i mbárach,” ar sise, “agus ná leig amach mé go tráthnóna.” Rinne sé mar dubhairt sí agus mharbh sí i n-uair a chluig oiread agus mharbh siad uilig ar feadh an lae. Tháinig sí chuig Mac Ríogh i nÉirinn aríst, agus dubhairt leis: “Ná tabhair mise amach i mbárach chor ar bith.” Lá ar n-a bhárach fuaidh na mór- uaisle ag fiadhach agus dubhairt Mac Ríog i nÉirinn go raibh an Cú beag tuirseach agus go bhfágfadh se 'san mbaile í go leigfeadh sí a sgíth. Tuairim a dó-dhéag fuaidh ceann de na mnáibh uaisle amach ag spaisteoireacht dí féin 'san ngáirdín, agus mar bhí bród aici as an gCú Beag, bhí sí léithe. Fuaidh sí chuig tobar a bhí 'san ngáirdín agus d'fhéach sí ann síos agus céard d'éireóchadh as aníos acht Coileán Bán na n-Ocht gCos. “Cé's fearr an fear mé ná Mac Ríogh i nÉirinn?” ar seisean. “Is fearr Mac Ríogh i nÉirinn,” ar
sise. Fuaidh sé síos de léim aríst agus cuthach air. D'éirigh sé aríst. “Cé's fearr an fear mé anois ná Mac Ríogh i nÉirinn?” ar seisean. “Is fearr thusa anois,” ar sise. “Nuair a bheidheas sé tar éis a shuipéir ins an oidhche i mbárach, stróicfidh mise ó chéile é,” ar seisean. Bhí an Cúín Gearr Glas ag éisteacht leis ar sgáth crainn spíonáin, agus nuair a tháinig Mac Ríogh i nÉirinn a bhaile, fuaidh sí chuige agus d'innsigh sí dhó an sgéal. “Anois,” ar sise, “tar éis do shuipéir tiocfaidh an Coileán Bán isteach agus gabhfaidh sé thart ar ghlúinibh chuile dhuine uasail san teach. Molfaidh siad uilig é; agus nuair a thiocfaidh sé chugat-sa, sín do lámh amach agus abair gur deas an coileán é agus gur rígh-dheas an coileán é, acht dhá dheise agus dhá bhreághthacht é, bíodh idir é féin agus an Cúín Gearr Glas; agus beidh mise fá'n mbord ins an am sin, agus ná déan dearmadh mé an fhaid agus bheidheas tú ag do bhiadh.” Fuaidh an lá thart mar dubhairt sí agus nuair a bhí an suipéar caitthe, tháinig an Coileán Bán isteach. Mhol siad uilig é ó dhuine d'á chéile, agus nuair a tháinig sé chuig Mac Ríogh i nÉirinn, dubhairt Mac Ríogh i nÉirinn go mba deas an coileán é agus go mba bhreágh an coileán é — “acht dhá dheise agus dhá bhreaghthácht é,” ar seisean, “bíodh idir é féin agus an Cúín Gearr Glas” 'ghá chaitheamh síos fá'n mbord. Rug siad greim ar a chéile agus bhris siad agus réab méid a bhí 'san bPálás agus fuaidh amach de scáil teintreach thrí fraghthachaibh an tighe. Amach le Mac Ríogh i nÉirinn 'n-a ndiaidh agus lean sé dóbhtha chomh fada agus bhí siad 'n-a amharc agus ar deireadh shuidh sé síos ag déanamh a bhuaidheartha. Nuair a bhí sé ag tosughadh tigheacht ar ais, céard d'fheicfeadh sé ag tigheacht acht an Cúín Gearr Glas agus ceann Mada Bán na n-Ocht gCos aici 'n-a béal? “Anois,” ars' an Cúín, “tá tú sábháilte, acht tá mise marbh. Tá mé 'mo chriathar poll leis an gCoileán Bán. “Anois,” ar sise, “nuair a bhéarfas tú ar an gcloigeann, tuitfidh mise 'mo chúilín cnámh. Déan poll agus cuir ann síos 'chuile chnámh d'á bhfuil ionnam.” Leis sin rug sé ar an gCloigeann agus ní luaithe dhá rug sé air nár thuit sise 'n-a cúilín cnámh. Rinne sé poll agus chuir sé síos ann 'chuile chnámh d'á raibh innti, agus tháinig sé ar ais annsin agus ceann Madadh Bán na n-Ocht gCos leis. Nuair a tháinig sé isteach i dteach an Ríogh an áit 'n-a raibh se dhá lá roimhe sin, bhí fáilte mhór roimhe oir shíl siad nach dtiocfadh sé ar ais go deo. “Tá tú sábháilte,” ars' an Rí, “acht tá mise gan mo Chúín Gearr Glas.” “Tá,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn agus bhí an oiread buaidheartha air féin agus bhí ar an Rígh. D'fhan sé annsin ag leigint a sgíthe. Maidin dh'ár éirigh sé chuala sé an Rí ag tabhairt osnaidh agus dubhairt sé: “Ní ghabhfaidh mé a bhaile go raibh fhios agam fáth d'osnaidh.” “Ó,” ars' an Rí, “tá uaigneas orm i ndiaidh mo Chúín Gearr Glas, agus tá aon rud amháin a bhéarfadh ar ais í.” “Má tá aon rud 'san domhan a bhéarfadh ar ais í, ní rachaidh mé a bhaile go bhfágfaidh mé agat í,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn. “Tá Cloch Líomhtha na mBó 'san domhan thoir ag Gaisgidheach na Falainge Fliche,” ar seisean. D'éirigh an Prionnsa óg ar maidin agus ghléas sé air a lón agus bhí sé ag imtheacht agus ag síor-imtheacht gur ghabh sé chuig Pálás Ghaisgidhigh na Falainge Fliche. D'airigh an Gaisgidheach a bhaladh. “Fud! Fod! Féasóg!” ar seisean, “airighim baladh an Éireannaigh bhréagaigh
bhradaigh fud mo dhuiseáin coilleadh! Is mór liom do ghreim é; is beag liom do dhá ghreim é. Cuirfidh mé de phinse snaoisín i mo shróin é nó bruithfidh mé le m'órdóig é fá'n talamh.” “Fóill! Fóill!” arsa Mac Ríogh i nÉirinn, “ní le ceart agus comhthrom a thabhairt duit a tháinig mise annseo, acht le ceart agus comhthrom do bhaint asat amach.” D'ionnsuidh siad a chéile leis an dhá chlaidheamh agus feadh trí oidhche agus trí lá do throid siad gur chuimhnigh Mac Ríogh i nÉirinn dhá dtéidheadh ag an nGaisgidheach air, nach raibh aige fear a shínte a chaointe ná a loite. Thug sé aon bhuille amháin do'n Ghaisgidheach agus chuir sé ar chúl a chinn é ar an talamh. “Fóill!” ar seisean, “a Ghaisgidhigh is fearr a chonnaic mé riamh ná a fheicfeas mé choidhche! Rud ar bith a theastuigheas uait caithfidh tú a fhághail.” “Cloch Líomhtha na mBó,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn. “A” ar seisean, “ní fhuil sé agam-sa. Tá sé ag Ridire an Dubh- gháire 'san domhan thoir, agus gabhfaidh mé féin de chomhluadar leat,” ar seisean, “go bhfaighmíd é.” D'imthigh leobhtha mar sin agus bhí siad ag imtheacht agus ag síor-imtheacht go dtáinig siad go halla an Ridire. Rinne sé gáire agus chraith sé an domhan. “Fud! fod! féasóg!” ar seisean, “airighim baladh Éireannaigh fud mo dhuiseáin coilleadh. Is mór liom do ghreim é; is beag liom do dhá ghreim é. Cuirfidh mé mar iallacha 'mo bhrógaibh móra é nó bruithfidh mé le m'órdóig é fá'n talamh.” “Fóill! fóill! a Ghaisgidhigh,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn. “Ní le ceart agus le comhthrom a thabhairt duit a tháinig mise annseo, acht le ceart agus le comhthrom do bhaint as do chnámhaibh móra míostuamdha. “Cé's fearr leat,” ars' an Gaisgidheach, “ag coraidheacht ar leacrachaibh dearga ná ag gabhailt de sceanaibh géara i mbárr easnaidheacha a chéile?” “Is fearr liom,” ar seisean, “ag coraidheacht ar leacrachaibh dearga an áit 'n-a mbeidh mo chosa míne uaisle ag éirghe i n-uachtar agus do chosa móra míostuamdha ag dul i n-íochtar.” Rug siad dhá ghreim chaol-chruaidhe ar a chéile, bhíodar ag coraidheacht go ndearna siad an talamh a bhí bog cruaidh agus an talamh a bhí cruaidh bog. Thug Mac Ríogh i nÉirinn aon fháscadh amháin do'n Ridire agus chuir sé go dtí a dhá ghlúin síos 'san talamh é; an dara fáscadh go dtí a bhásta; agus an tríomhadh fáscadh go dtí béal a bhrághad. “Fód glas agam ort, a fhathaigh,” ar seisean. “Rud ar bith a theastuigheas uait caithfidh tú a fhághail,” ars' an fathach. “Cloch Líomhtha na mBó,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn, “agus do Chlaidheamh Soluis.” “Bí ar d'áirdeall!” arsa Gaisgidheach na Falainge Fliche. “Cé bhféachfaidh tú an Claidheamh?” “Cé bhféachfaidh mé é?” arsa Mac Ríogh i nÉirinn le Ridire an Dubh-gháire. “Féach 'san smután sin thall é,” ar seisean. “Ní fheiceann mé aon smután ann chómh míostuamdha le do smután féin,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn. Tharraing sé a lámh. Bhuail sé an Ridire 'san muinéal. Chuir sé an ceann naoi n-iomairidhe agus naoi ndíoghracha uaidh. Leag sé an Claidheamh ar an muinéal annsin, agus tháinig an ceann agus shíl sé dhul air. “Níor mhór duit,” ar seisean, “Dhá bhfághainnse ar an gcorp aríst, Sluagh De Danán ní bhéarfadh anuas mé.”
“Ní le do leigean suas a bhain mé anuas thú,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn. Annsin cheangail sé suas Cloch Líomhtha na mBó agus rug sé ar an gClaidheamh Soluis agus thosuigh sé ar a thriall a bhaile. Níor stop sé acht ag tigheacht go dtí an áit ar chuir sé an Cúín Gearr Glas agus ní fhuil aon chnámh dár bhain sé dhí nár chuimil sé de Chloch Líomhtha na mBó, agus nuair a chuimil sé an cnámh deireadh i n-áit a bheith 'n-a cú, d'éirigh sí suas 'n-a bean breágh. Bhí sí faoi gheasaibh agus faoi dhraoidh- eachta mar bhí Mac Ríogh i n-Éirinn, agus ní raibh i n-ann a sábháil go dtéidheadh sí thríd an méid sin. Tháinig sé abhaile chuig teach an Ríogh an áit 'n-a bhfuair sé an Cú agus bhí fáilte mhór roimhe agus dubhairt an Rí leis: “Sin í m'inghean a bhí faoi dhraoidheachta, bhéarfaidh mé dhuit í le pósadh agus mo bheannacht.” Tháinig sé a bhaile annsin chuig teach a athar agus a bhean leis agus níor ghabh sé ann isteach gur ghabh sé chuig an spinncín an áit 'n-a raibh a leas-mháthair. Sgaoil sé amach ceann Madadh Bán na n-Ocht gCos as a bhfilléad. Chaith sé aici é. Bhuail sé í fá'n gcích deas. Thuit sí síos 'n-a cúilín cnámh. Cuaidh sé isteach annsin chuig a athair agus bhí fáilte mhór roimhe. Fuaidh siad-san an clochán agus fuaidh mise an sruthán. Baitheadh iad-san agus tháinig mise. Ní raibh agam dá mbárr acht stocaidhe páipéir, bróga laindéir. Chaith mé leobhtha féin iad agus mo chuid de'n tubaiste. SEUMAS Ó CONAILL. Do bhailigh an sgéal seo ar feadh na Nodlag '15.
Maynooth MS. Translation. 1. An tí leanfas mesi ní shiubhalfaidh sé i ndoircheadas (Eoin viii, 12). Ag siad so focail ar dtighearna Íosa Críost ina bhfógrann dhúinn, mas mian linn bheith saor ó dhoircheadas agus ó dhaille croidhe, aithris do dhéanamh ar a bhéasaibh agus ar a bheatha ro-naomhtha. Tríd sin déanamais dícheall díbhirceach agus macht- namh caon-dúthrachtach ar bheatha Chríost do lean- mhain. 2. Sáraigheas teagasc Chríost teagasc na n-uile naomh agus an tí aga bhfuil an spioraid cheart doghéabhaidh sé an manna folaighthe innte; gidheadh atáid a lán ná corr- aigheas agus ná spreac- aigheas gnáth-chlos an tsoiscéil a n-intinn ná a gcroidhtheacha mar nách bídh spioraid Chríost ionnta. Acht an tí dár mian leis focal Chríost do thuigsin go mothaigh- theach, is dleacht dó dícheall dian do dhéanamh agus machtnamh cruaidh do dhéanamh ar aithris beatha ró-naomhtha Chríost. Fr. O'Sullivan's Translation. “Gidh b'é leanann mise ní shiubhlann sé i ndorchadas,” (Eoin viii, 12), ar ár dtighearna. Is iad so briathra Chríost le a gcómhairlighthear dúinn A bheatha agus A bhéasa do leanmhain má 's mian linn a bheith soill- sighthe agus fuasgalta ó gach daille inntinne. Uime sin, is éigean dúinn machtnamh go dúthrachtach ar bheatha Íosa Chríost. Sáruigheann teagasg Chríost teagaisg na naomh go huile, agus gidh b'é ag a bhfuil an Spioraid cheart, gheobhaidh sé manna nó mildhriucht foluighthe ann. Acht tár- luigheann gur mór d'éis- teann go minic le briathraibh an tSoisgéil gan rún a leas do lorg, de bhrigh nach bhfuil Spior- aid Chríost aca. Acht ní fuláir do'n té le ar' mian briathra Chríost do thuigsin go lánchiallmhar, a bheatha uile do riaradh go duthrachtach do réir beatha Chríost. Co. Down Translation (1762). Ce bé bheireas tór- aidheachd damh-sa, ní chéimnigheann sé san dorchadas,” eadhon, ní shiubhlann sé air earróid, adeir an Tighearna, (Eoin viii, 12). 'Siad so briathra Chríosda, tré a bhfuagrthar agus a bhfoillsighthear dúinn cionnas is inleanta beatha agus béasa Chríosda ma's toil linn ár soillsiughadh agus ár ndeallrughadh go fír- inneach, agus ár saoradh ó'n uile dhorchadas croidhe agus anma. Deanmuid dícheallt smaoiniughadh go dúth- rachdach air bheathaidh Chríosda. Sáruigheann teagasc Chríosda teagasc na naomh uile, agus an té aige a bhfuil sbiorad na ngrás, gheobhaidh sé oil- eamhain neamhdha a bhfolach ann. Ach, teagmhann go minic go n-éistid móran an soisgeul air bheagan tairbhe agus taitnimh, cionn nach bhfuil sbiorad Chríosda aca. Ach ce bé le ar mhian briathra Chríosda do thuigbheal go h-iomlán eagnaidhe déanadh sé a dhicheallt tóraidheachd do thabhairt dó ann a bheathaidh. Canon O'Leary's Translation. An t-é a leanann Mise ní shiúbhlann sé sa doircheacht, adeir an Tighearna. Bréithre Chríost iad san. Cuirid siad i n-iúl dúinn, má's maith linn bheith gan doir- cheacht ná daille intinne, nách foláir dúinn, i n-ár mbeatha agus i n-ár mbéasaibh, aithris a dhéanamh ar Chríost féin. Bímís, d'á bhrígh sin, ag síor-mhachtnamh ar bheatha Íosa Chríost. Tá buadh ag an dteag- asc a thugann Críost uaidh ar theagasc na naomh go léir, agus an té go mbéadh an intinn cheart aige gheóbhadh sé biadh spioradálta sa teagasc san. Ach ráinigheann d'á lán daoine bheith ag éisteacht go minic leis an Soisgéal agus ná cuirid siad puinn suime ann, toisg gan intinn Chríost a bheith acu. Ach an t-é gur mian leis bréithre Chríost do thuigsint i gceart, agus le sochar, ní foláir dó a dhícheall a dhéanamh chun a bheatha ar fad do chur ar aon dul le beatha Chríost.
TRÍ SGÉALTA Ó OIRTHEAR CHORCAIGHE ATÁ I nDÉISIBH MUMHAN. Díreach mar a fuaradh ó lucht a n-aithris iad gan focal a chuir leo ná a bhaint uatha .i. 1. Fear na Casóige. 2. An Bárr Imeartha. 3. Seán an Lanntraora (an sgéal a bhí ag an Athair Peadair mar bhunús do “Shéadna”). Sé Séamas Mac Coitir a dh'innis dom é agus fuaras an dá sgéal eile ó Eibhlín ní Dhúaláin. Bíonn an bheirt aca na gcómhnuidhe i bparóiste Conaithe, ach is i mBarra an Bhaile Duibhe athá leath- míle ó'n mBaile Dhuibh a rugadh agus a h-oileadh í. Chaith sí tréimhse san Oiléan Úr agus is mó sgéal agus amhrán breágh Gaodhalach a thug sí léi abhaile. Níor bhfada leat bheith ag éisteacht léi ag amhrán nuair a bhí an anál aici, má's fíor a chuala. 1. FEAR NA CASÓIGE. BHÍ fear ann fadó agus ambasa ghaibh sé le bean agus ní raibh aon slighe maireachtaint aige ach ag imtheacht ag bailiughadh. Dh'imthigh sé leis ag bailiughadh, ag soláthar do n-a bhean. 'Mbasa, nuair a bhí raint soláirighthe aige, thángaig sé abhaile chúichi. Thomhaiseadh sé amach chúichi, an méid a dhéanfadh í, nó go dtiocfaidh sé aríst. An méid a bhailigheadh sé, díolfadh sé é ach an fíor-bheagan a thabharfadh sé dá bhean. Bhí sé ag déanamh airgid i gan fhios do'n mbean agus ní thabharfadh sé aon phinginn dí mar ní neósadh sé di go raibh sé ag déanamh aon airgid. D'imthigh sé leis an babhta so agus dh'fhan sé tamall maith uaithi agus bhí an t-ocras ag gabháilt di agus ní raghadh sí a d'iarraidh aon rud ar aoinne. Nuair a thángaig sé annsin, dubhairt sé léithi gan aon mhilleán bheith aici air, gur chuaidh sé ag siubhal an droch-dhúthaigh agus ná fuair sé aon rud agus gur bhfada leis bhí sé gan teacht go dtí í nó go dtángaig sé dtí n-a dhúthaigh féin arís. Thug sé beagán leis. Dubhairt sé go gcasfadh sé i gceann mhí agus thug sé beagán dí, a dhéanfadh an gnó dí, go dtí go dtiocfadh sé. Ghluais sé leis annsin agus bhí sé imighthe tamall. Thángaig lá fuar fliuch, milltheach. Bhuail fear bocht isteach chúichi agus é fliuch, fuar ó'n bhfearthain, gan aon rud air ach seana-léine. Bhí ana-thruagh aici do agus bhí seana-chasóg crochta suas 'ge n-a fear fhéin, go raibh dhá chéad píosa agus paiste uirthi. Chuaidh sí agus thug sí léithi an chasóg, nuair a bhí sé chómh fliuch, chómh fuar san, agus d'fhiafraigh sí dhe an gcuirfeadh sé é sin air, ná raibh aon mhaith ann ach go raibh sé cluthair. Dubhairt sé sin léithi go gcuirfidh, go raibh ana-áthas air é dh'fhághailt agus go raibh sé ana-bhaodhach dí, é thabhairt do. Dh'imthig sé leis agus áthas air an chasóg bheith aige, ó'n bhfuacht agus ó'n bhfliuchán. Nuair a thángaig an fear abhaile, chuaidh sé mar a raibh an chasóg, agus ní raibh sé roimhe. Dh'fhiafraigh sé dho n-a bhean cad a dhein sí léithi, nó cá raibh sé imighthe. Dubhairt sí gur ghaibh fear bocht isteach, lá milltheach, fuar, fliuch, agus gur thug sí do
an seana-chasóg, nuair a bhí sé chómh fuar agus chómh fliuch agus bhí sé. Ní dubhairt sé aon fhocal léithi, dé chúis a thug, ná aon rud, ach dh'imthig sé i gceann cúpla lá ag soláthair do na bhean aríst. Annsan nuair a chas sé go dtí n-a bhean aríst chualaidh sé 'n-a ghluaiseacht go raibh aonach le n-a bheith n-a leithéid sin d'áit. Thángaig an lá agus thóig sé leis a thúirn snímh agus chuaidh sé dtí an aonach. Bhí sé ag sníomh leis, agus sé an port a bhí aige i gcomhnuidhe ná “Má thá sé le teacht, tiocfaidh sé.” Tháinig an méid a bhí ar an aonach tímpall air. Bhí iongantas orra. Bhí sé ag sníomh leis. “Má thá sé le teacht, tiocfaidh sé” adeireadh sé. Ní raibh sé ag rádh aon fhocail eile agus é ag sníomh leis ar a dhícheall. Bhíodar cortha ó bheith ag féachaint air. Sgaipeadar go léir uaidh agus um thráthnóna, cad a chífeadh sé ag gabhail chuige ach fear na casóige agus é ghá rádh “Má thá sé le teacht, tiocfaidh sé.” Chómh luath agus tháinig sé le n-ais staid sé an túirn. “Mhaise, dé chúis an tseana chasóg píosálta san a bheith ort,” ar seisean leis an bhfear bocht. “Tá,” ar seisean, “bean a thug san dom, lá milltheach, fliuch; agus beidh mo bheannach go deó aici.” “Yerra dé mhait dhuit í?” ar seisean. “Bain díot é agus tabharfad-sa an chasóg so duit. Tá casóg nuadh sa bhaile agam agus déanfaidh í sin mise go raghad abhaile.” Bhain an fear bocht an chasóg de annsin agus áthas air, an chasóg nuadh dh'fhaghailt. Bhuail sé a thúirn ar a ghualainn nuair a bhí an chasóg air agus abhaile leis. 'Mbasa nuair a thángaig sé isteach, is ar a bhean a bhí an t-iongantas nuair a chonnaic sí an tseana-chasóg air. Bhain sé dhe an chasóg agus chuir sé ar chrochadh mar a raibh sé. Dubhairt sé le n-a bhean, faid a mhairfeadh sí gan an chasóig sin a thabhairt uaithi níos mó ach í dh'fhágaint annsan ar crochadh. Bhí go maith. Dh'imthigh sé leis i gceann dá lá ag bailiughadh aríst agus d'fhan sé amuigh ana-fhaid ar fad uaithi, ach nuair a bhí sé ag déanamh an slíghe abhaile, buaileadh breóite ar an mbóthair é, agus é i bhfad ó baile, agus ní bhfuigheadh sé teacht abhaile. Bhuail daoine éigint n-a tslíghe ar an mbóthar. Chuireadar chun chúnntais é, cad as é. Chaith sé a ainm a thabhairt dóibh. Thugadh abhaile é, go dtí a áit fhéin. Bhí sé ana- bhreóite. Cuireadh fios ar an sagart dó. Dh'ullmhaigh an sagart chun a bháis é agus níor dh'admháil sé go raibh aon leath-phinginn airgid aige. Cailleadh é, agus nuair a bhí sé á thórramh, thugadh fé ndeara an seana-phaintir casóige agus é ar chrochadh os a choinne. Dh'fhiafraigheadar do n-a bhean, dé chúis go raibh an sean-phantar san annsan. Innis sí dhóibh gur thug sí uaithi an chasóg agus gur dh'imtigh sé sin ar thóirigheacht na casóige agus gur thug sé leis an chasóg, agus go ndubhairt sé léithi fhéineach fad a mhairfeadh sí, gan an chasóg a thabhairt uaithi, í dh'fhágaint annsan. Thógadar aduas an chasóg agus níor dh'fhágadar aon phíosa uirri gan stracadh dhí. Fuaireadar céad púnt ins an chasóig, Chuadar go dtí an sagart chun fiach Aifrinn a thabhairt dó agus guidheachaint air ag an séipéil. Ní léighfeadh an sagart Aifreann dó nuair nár dh'admháil sé an t-airgead. Sin a bhfuil agam-sa de, agus má tá bréag ann bíodh. 2. AN BÁRR IMEARTHA. Bhí fear ann fadó. Bhí sé ana-dhealbh sa tsaoghal. Bhí lán tighe leanbhaí aige. Ní raibh aon rud ag déanamh aon chúram dó ach ag imirt cártaí. D'imthigheadh sé gach aon oidhche ag imirt cártaí agus dh'fhanadh sé go h-am marbh na h-oidhche, gan aon rud aig á leanbhaí a dh'íosfadaís, ach ocras. Bhí a bhean istig oidhche, í féin agus a leanbhaí agus do ghaibh fear breagh isteach chúca. D'iarr
sé lóistín na h-oidhche uirthi. Dubhairt sí leis ná raibh aon áit oireamhnach aici chun a leithéid. Dubhairt sé sin ná h-iarrfaidh sé aon áit uirthi ach fuireach ins an chathaoir go maidin. Dubhairt sí leis go bhfuigheadh sé fuireach. Bhíodar ag caitheamh na h-oidhche i dteannta a chéile agus iad ag cainnt. Ní raibh aon suipéir aici thabharfadh sí dos na leanbhaí, ná aon rud bheirbheóchadh sí dhóibh. Bhí na leanbhaí ag tuitim dá gcodladh agus dubhairt sé léithi a suipéir a bheirbhiughadh dos na leanbhaí, gur truagh iad a bheith ar an dtinnteáin chómh déanach san. Dubhairt sí leis go raibh se luath fós chun a suipéir a dhéanamh dóibh (mar ná raibh aon rud aici bheirbheóchadh sí dóibh). Dubhairt sé aríst léithi a bheirbhiughadh agus dubhairt sí go raibh sé luath. Dubhairt sé an tríomhadh uair léithi é bheirbhiughadh agus chuaidh sí agus fuair sí an corcán ollamh. Chuir sí ar an dteine é, gan aon rud a chuirfeadh sí ann. Chuaidh sí go dtí cómhra mór bhí ar thaobh an tighe, agus shíl sí ná raibh aon rud ins an chómhra, agus is amhlaidh bhí an cómhra ag brúchtaighil suas le min-choirce. Dhein sí a suipéir dos na leanbhaí agus chuir sí i gcodladh iad. Thug sí a leabaidh féin annsan do'n fear a ghaibh isteach chúcha chun dul a chodladh ann. Nuair thángaig an fear isteach, pé am san oidhche thángaig sé isteach, i bhfad ins an oidhche, bhí sé ag easganaidhe agus ag gaoideóracht, nuair a thángaig sé isteach. D'iarr a bhean, ar son Dé, air eisteacht; go raibh a leithéid sa chodladh agus gan a bheith ag easganaidhe anocht pé ar domhan é, ná ag déanamh cainnte. Chuaid sé a chodladh agus d'eirig sí fhéin ar maidin agus d'eirig an fear a ghaibh isteach chúcha. Shocraigh sé an althóir agus chuaidh sé ag léigheamh Aifrinn. Nuair a chonnaic sí sin é ag socrughadh an althóir, dubhairt sí le n-a fear eirighe. Dubhairt sé annsan leithi pé achuinge a dh'iarrfadh sí go bhfaigheadh sí é. Sé an achuinge a dh'iarr sí sin ná leaba ins na flaithis dí fhéin agus d'ár bhain léithi. Annsan dubhairt sé leis an bhfear, pé achuinge a dh'iarrfadh sé go bhfaigheadh sé é. Sé an achuinge a dh'iarr sé ná bárr imeartha. Chrom a bhean air nuair nár iarr sé leaba ins na flaithis dó fhéineach. Dubhairt sé sin léithi, dar ndó gur iarr sí sin leaba ins na flaithis dí fhéin agus dár bhain léithi agus dar ndó gur bhain sé féin léithi. 'Mbasa fuair sé a achuinge agus cailleadh i gceann tamaill na dhiaidh san é. Dh'imthigh sé leis agus chuaidh sé go dtí doras na bhFlaitheas. Pórtéir a bhí annsan, dh'iarr sé cad a bhí air. “Bhfuil sibh ag imirt?” ar seisean. Dhé, dubhradh leis imtheacht láithreach. D'imthigh sé leis agus chuaidh sé go dtí geata Ifrinn. Tháinig an pórtéir chuige. Dh'fhiafraigh de cad a bhí air. “Bhfuil sibh ag imirt?” ar seisean. Dubhradh leis an pórtéir é sgaoileadh isteach go mear. Chuaidh sé isteach. Bhí dáréag cloinne aige agus d'imir sé an dá dhuine déag i gcoinnibh dhá dhuine déag bhí ag an diabhal i n-Ifrinn. 'Mbasa thóg sé leis iad. Bhí sé ag imirt leis agus bhí sé ag breith na n-anama a bhí i n-Ifrinn. Bhí sé ag tógaint an méid anam a bhí sé ag imirt agus shíleadar i n-Ifrinn, ná buailfeadh aon rud orra agus bhuaidh sé seo orra. Nuair a bhí an méid a bhí i n-Ifrinn aige tógaithe aige, chuireadar an rith air agus ní imreóchaidís a thuille leis. Ghluaisigh sé leis. Nuair a bhí sé ag gluaiseacht bhí na h-anama go léir tímpall air agus chuadar i n-achrann leis. Tháinig sé dtí geata na bhflaitheas agus rapáil sé. Thángaig duine chuige. D'fhiafraigh sé de cad a bhí air. “Bhfuil sibh ag imirt?” ar seisean. Dh'fhiaf- ruigheadh den pórtéir cé bhí ann. Innis sé gurab é an fear a bhí ann cheana, gur dh'iarr sé an rabhadar ag imirt. Dubhradar istig leis é sgaoileadh isteach. Chuaidh sé agus lín sé an flaithis istig dóibh leis an
méid a thug sé ó Ifrinn. Cuireadh a bhaile aríst é dtí n-a bhean agus dtí na leanbhaí. Sin é mo sgéal sa, agus má tá bréag ann biodh. 3. SEÁN AN LANNTRAORA. Bhí gréasaidhe ann fadó, agus bhí sé lá ag dul go dtí an sráid a d'iarraidh blúire leathair. Ní raibh ach trí sgillinge aige 'na phóca. Thángaig fear air, agus d'iarr sé rud éigint air, ná raibh aon rud aige. Thug sé urmhór na trí sgillinge dó agus do chaith sé an chuid eile de, mar bhí ocras agus tart air. Ní raibh fiach an leathair aige chun na mbróg do dheisiughadh annsin. Dubhairt sé leis féin gur chuma dá mbeadh. Thángaig fear suas chuige annsan díreach, agus dh'fhiafraigh sé de cad a bhí air. Dubhairt Seán (sin é an t-ainm a bhí ar an ngréas- aidhe) a leithéid sin. “Dá ngeallfá dómh-sa go dtiocfá liom tréis seacht bliana” ars' an Fear, “thabharfadh fiach a mbeidh do leathair uait duit.” “Yerra” arsa Seán, ar seisean, “ce h-é tú fhéin.” “Fear ó'n saoghal eile,” ar seisean. “Well” arsa Seán, ar seisean, “ní maith liom tú dh'fheiscint i n-aon chor ná aoinne ó'n saoghal eile agus ní imtheóchainn-sa leat-sa i n-aon chor.” Pé sgéal é do ghlac sé an t-airgead. D'fhiafraigh an fear de cá raibh sé n-a chómhnuidhe. “'Sa dtig sin thall i m'aonar” ar seisean. D'fhiafraigh an fear de, cad é an chúis do, bheith sa dtig sin in' aonar. Dubhairt Seán leis go raibh sé n-a thaithighe agus ná bíonn aon uaigneas air agus ná déanfadh sé a mhalairt go dtí lá a bháis. D'imthig sé leis annsin. Ar dul abhaile do, do bhuail fear na déirce air arís. Dh'fhiafraigh sé de Seán breitheamhantas aithrighe a dhéanamh. Dubhairt Seán go gcuirfeadh sé ar an méar fada é. “Well mara ndéanfair é” ars' an fear, “is olc an obair a dhéanfair agus beir na chathughadh 'na dhiaidh so maran dtógfair mo chómhairle-se.” “Well,” arsa Seán, “cé h-é tú fhéin. Dubhairt sé gurab é féin an Slánuightheór agus “anois,” ar seisean, “déan trí achuinge a dh'iarraidh.” “A dhe,” arsa Seán, “nach ait an obair atáir a dh'iarraidhe díom-sa agus dé mhaith na trí achuinge anois.” “Well, iarr iad,” ars' an Slánuightheór, “agus gheóbhair iad ar son do dhéirce.” Sé adubhairt Seán ná “an chéad duine a suidhfidh ar an stól sin, é cheangal de.” “Agas dé an achuinge eile,” ars' an Slán- uightheór.” “Aoinne a chuirfidh a lámh sa bhosca úd a lámh a cheangailt ann,” arsa Seán; “agus tá crann ubhall lasmuigh dhon doras agus aoinne a bhéarfadh ar ghéag de, ceangalóchaidh a lámh de.” Fuair sé na tri achuingí sin. Nuair a bhí na seacht bliana críochnaighthe thángaig an diabhal aon lá amháin go dtí é, chun a bhreith leis. Bhíodar ag cainnt. Dubhairt sé le Seán go mbfearr dhó teacht leis. “Ní raghad,” arsa Seán. “Caithfir teacht liom,” ar seisean. “Neón ach ní chaithfidh,” arsa Seán. “Well,” ar seisean “ní raghad leat go fóill.” Rug sé ar Sheán agus dhein sé a stracadh leis. “Suidh nómait ar an stól anois” arsa Seán, “go ndúnfadh mé mo bhróga.” Shuidh an diabhal ar an stól. Bhí na bróga dúnta 'ge Seán. “Gluais leat anois,” arsa Seán. Chuir an diabhal chun imtheacht agus má chuir ní fhéadfadh sé eirighe, bhí an stól agus é fhéin ceangailte dhon dtalamh. Rug Seán ar an ndiabhal agus bhí sé ghá thachtadh agus thug sé árd- bhualadh le bata dó. Dubhairt an diabhal leis stad agus leogaint dó féin agus ná tiocfaidh sé go deó arís ag pléidh leis ach é sgaoileadh chun siubhail. Sgaoil Seán chun siubhail an diabhal agus má sgaoil, dh'imthigh sé uaidh. 'Gceann seacht bliana thángaig diabhal eile chuige. Dubhairt an chéad cheann leis an diabhal so gan suidhe i n-aon chor ar an stól, bheith lán-siúrálta dhe mar go
gceangalóchadh sé dhon stól agus go gcean- galóchadh an stól agus é fhéin dhon dtalamh. Dubhairt Seán leis suidhe síos. Ní shuidhfadh sé i n-aon chor. “Táim chun tu bhreith liom anois,” ars' an diabhal. “Well, fan go fóill,” arsa Seán. Rug sé ar Sheán chun é bhreith leis agus chrioth sé os cionn talamh é. Dubhairt Seán leis fuireach go fóill agus dul síos go dtí an boscín sin thíos. “Cuir do lámh isteach san mbosca,” ar seisean, “agus tóg amach an meanaith go gcuirfidh mé greim am bróig.” D'imthigh an diabhal go dtí an mbosca chun an meanaith thógaint agus cheangail an lámh don mbosca agus ní fhéadfadh an diabhal corruighe. Bhí buaidhte air caoch. Dubhairt Seán leis an ndiabhal annsin corruighe air agus teacht leis go mbeidís ag imtheacht. “Ní fhéadfainn,” ar seisean. “Táim ceangailte don mbosca agus an bosca ceangailte don bhalla.” D'eirigh Seán chuige agus fuair sé cleath mhór do bhata agus thosnaigh sé ag gabháil de. Dubhairt an diabhal leis stad agus gan é mharbhadh agus ná tiochfaidh sé go deó arís ag pléidh leis, ach é sgaoileadh chun siubhail. Well, gcionn seacht bliana eile thángaig an diabhal deireannach chuige. Dubhairt sé le Seán go gcaithfidh sé teacht leis fhéin anois. Rug sé ar Sheán agus is iongnadh nár mhairbh sé é, á stracadh agus á chaitheamh. Dubhairt Seán leis stad agus gan é mhar- bhaighthe (mharbhughadh). “Imthigh amach,” arsa Seán, “agus bris baitín dom don gcrann athá annsan amuigh.” Chuaidh an diabhal amach go dtí an gcrann ag briseadh an bhata do Sheán go siúbhalóchadh Séan leis nuair a bheadh an bata aige. Cheangail lámh an diabhail amuigh do'n gcrann. Nuair a chonnaic Seán ceangailte é, dubhairt sé leis gluaiseach leis anois. “Ní fhéadfainn,” ars' an diabhal. “Tá mo lámh ceangailte,” ar seisean, “don gcrann agus ní féadfainn imtheacht.” Seo amach Seaghan le cleath mhór do bhata agus thug sé árd-bhualadh don diabhal agus d'iarr an diabhal comairche air, gan é mharbhughadh. Stad Seán annsan agus rug sé leis an diabhal agus chuir sé isteach i mála é, agus bhuail sé ar a dhrom é. Bhí sé ag imtheacht leis an bóthar agus chonnaic sé trí cinn do mhná agus iad ag bualadh le sliseanna. Dh'iarr sé ar na mná an máilín beag so a bhualadh do. Dubhairt na triúr mná é thabhairt annsin dóibh. Bhuaileadar é agus bhriseadar na sliseanna ag bualadh an mhála. Dubhradar le Seán nuair a bhriseadar na sliseanna, an mála san a bhreith chun siubhail uatha, gurab é an diabhal a bhí aige agus é dh'árdach leis. Dubhairt Seán gurab é an diabhal a bhí aige. D'imthig sé leis go chuaidh sé go dtí ceárdta. Dh'iarr sé ar na gaibhne an mála a bhualadh dó. Dubhradar go ndéan- faidís. Bhriseadar na h-óird agus an t-inneóin a bhí aca. Dubhradar le Seán gurab é an diabhal a bhí aige agus é thógaint chun siubhail. “Sé an diabhal é,” arsa Seán. Rug sé leis an mála agus an diabhal istigh ann. D'imthig Seán go dtí muileann a bhí ann. Dh'fhiafraigh sé do fear an mhuilinn an ndéanfadh sé an mála a mheilt dó. Dubhairt fear an mhuilinn leis go ndéanfadh agus é chaitheamh isteach annso chuige. Chaith Seán an mála isteach chuige agus chuir sé an muileann ar siubhal agus má chuir ní fhéadfadh sé an mála a mheilt. Briseadh na rothanna go léir agus an muileann a d'iarraidh an mála mheilt. Dubhairt fear an mhuilinn an mála a thógaint leis chun siubhail, go raibh an muileann go léir briste le na shean-mhála, agus “sé an diabhal athá agat,” ar seisean. “Sé an diabhal athá agam,” arsa Seán. Thóg Seán leis an mála agus an diabhal istig ann agus d'imthigh sé leis. Bhí sé ag siubhal. Nuair a bhí sé cortha ó bheith ag siubhal, d'imthigh sé go dtí abhainn mór a bhí ann agus chaith sé an mála istigh ann agus béal an mhála ceangailte. D'eirigh an diabhal amach as an abhainn na splanncracha
'n-áirde san aeir agus n'fheacaidh Seán a thuilleadh dhe. Nuair a cailleadh Seán annsan, nuair nár dhein sé cómhairle Dhia, sgaoileadh go h-Ifrinn damanta é. Bhí Iosgar 'ge geataí Ifrinn. Dubhairt na diabhail go léir le h-Iosgar gan Seán a sgaoileadh isteach i n-aon chor, é choimeád amach. Choimeád Iosgar amach é gan é leogaint isteach le h-eagla go marbhóchadh sé na diabhail go léir. Chaith Seán annsan teacht ag triall ar Dhia aríst, agus dubhairt Dia leis ná sgaoilfeadh sé isteach ins na flaithis i n-aon chor é, nuair ná dhein sé breitheamhantais aithrighe. Thug sé lanntréir do annsan agus chuir sé ar an dtalamh aríst é ag cur daoine amúgh go lá na síoruidheachta. “CLAIS NA GAINIMHE.” SISILE BUIDHE. Do bhí file dárbh' ainm Eoghan Ua Riobhardáin 'na chómhnuidhe i nGleann Phriaracht. Bhí deirbhshiur dó i n-aon-tigh leis agus bain-fhile a bhí innti. Do dhéin sí an caoineadh so ar chirc a fuair bás uirthi. Sgríobhas síos é ó bhéal fir a fuair ó'n mbain-fhile féin é. Aig seo é: — I. An fhaid a mhairfinn gheóbhainn eachtra ar do cháil, a chearc; Ba dhual athar duit bheith ainmhiseach, láidir, mear; Ó ba sheasmhach í do phearsa i gcoinne an fhill i gcath, Ó fealladh ort chun anairthe do mhnáibh a bhí lag. II. Is pé árrachtuidhe gránna nó spreallairín fill Do lámhfadh í sa bheárnain gan gunna gan claidheamh, Árd-Mhac na ngrásta cuirim-se ar a thí, Duig cráidhte ins a dheárnain do rug ar an lígh. III. Ar an uisge nuair a chuirim-se ceann dá h-uibhe, Braon piceallach nuair a chuirim-se de'n tsáile tríd, Is mó mire a chuirfeadh san i lár mo chroidhe Ná a ndéintear de sna cuigneachaibh ó Ráth go Snaidhm. IV. Nár dhúntar mo shúile go bhfeiceann mé é go cruinn 'Á mhúchadh agus 'á ionfairt i mbronaraisg mhíol, A ghlúine go lúth-lag agus cuisle a chroidhe, An té a chrústuigh gan cúis ar mo Shisile Bhuidhe. V. Dá maireadh an t-éinín úd do cailleadh cois
claidhe, Do bheadh saoghlacht go léir againn de chearcaibh agus d'uibhibh, Do bheadh saoghal fada agus léas againn agus an talamh gan cíos, Agus ní i n-Éirinn bheadh mo station acht i Sasana an ghrinn. VI. Ó, sgreadaim-se ar Mhuire agus ar bhád má theidheann, Tonn bhriste theacht gan coinne leis a bháthfhaidh é, É thuitim do chionn tubaiste agus cách a bheith saor. T. Ua M.
Peacaidhe shíol Adham uile, 'S a mbeith ar aon duine, Cuireadh a dhóchas i Muire, 'S do gheabha mar sin trócaire. (MS. 3 c 14, page 484). A Mháire mhilis, a bhuime, 's a Mháthair Chríost, A bhláith na finne, 's a bhruinneall ó dtáinig Rí, Táithig linne, gan fille go bráth, 'n-ár gcroidhe, Grása an leinbh sin d'fuiling an pháis 'n-ár dtaoibh. (MS. 4 b 7, page 281, and MS. 3 e 15, page 263). FÁILTE MUIRE. 1. Dia do bheatha, a Mhuire mhór, a bheatha is glaine ná an ghrian. Dia do bheatha, a shúil mhall shaor, a chraobh- bheathadh, a úrbhárr fhial. Dia do bheatha, a bhuime an ríogh, im sheasamh, im luighe, im shuan. Dia do bheatha, a fhabhra úr, a rún mh'anma, a bheatha bhuan. 2. Dia do bheatha a fholt mar an ór, Dia do bheatha, a bhos mar aol. Dia do bheatha, a bhláth na n-ógh, Dia do bheatha a lón dod ghaol. Dia do bheatha, a ghruadh mar ghrian, do luadh is measta do mhnáibh. Slighe mh'anma is déanta id dheóigh, a réalta eóil chalma, cháidh. 3. Dia do bheatha, a bhéal mar rós, Dia do bheatha, a ghéag na ngrás. Dia do bheatha, a chraobh go gcnuas, dod ghaol suas beatha gan bhás. Dia do bheatha, a mhala mhín, a ré lan le mbearthar buaidh. Dia do bheatha, anam an eóil, a chrann seóil an bheathadh bhuain. 4. Dia do bheatha, a dhéid-gheal dhonn, aon bhean ní curtha ós do chionn. Ár gcómhbhaidh do mhong-shúil mhall, fá bhárr throm, fhullain, fhionn. Dia do bheatha a bhruinneall shaor, lear tuile beatha gan bhiadh, A ghnúis ró-bhán, chneis-gheal, chaomh, a aoimh- bean tsaor, óg, nár, fhial. 5. Fáilte uaim dod mhala mhín, ré'n samhail snáithe, seang, sróill, Nó taoibh ruainne chiar-dhuibh, chaoil, far sgaoil bhuile dhiarnuidh óir. Fáilte uaim dod mhong-shúil mhall, 's dod ghruadh ndonnúir, bhfáiltig, mhín, 'S dod chéibh ngníomharthaig, dtais, dtrúim, 's dod bhais chúirr, shíth, eochraig, shlím. 6. Fáilte uaim dod bhrághaid bháin, ráinig buaidh bhfáilte gach aoin, Dod súil ghlais bforbháiltigh bhféil, 's dod bhais réidh, chorrbhfáinnigh, gcaoin
Fáilte uaim dod mhala mhín, do chruith th'aighthe 's dod t'ucht séimh, 'S dod throig shlaith-leabhair, shaoir, dtaith- neamhaigh, gcaoimh, ró-ghil, réidh. 7. Fáilte rómhat id Mháthair mhic. Fáilte on dá chas is cóir dhuit, Sibh id th'óigh ar meas do mhic, cóir a reic re ad chneas mar chuip, Tú an fhíor-ógh gan ríghe riot, an Trionóid ar luighe leat, Tú ár ndaingean ar ghoin-ghlac, aingeal ód mhach ruibh do reach. (From an unclassified bundle of fragments.) Go dtéidh sinne saor ó'n máigh, Le h-impidhe inghin Anna, Ó bhreitheamhnas díreach Dé, Isteach go tigh mhic Muire. (MS. 3 c 14, page 307.) Dia do bheatha, a mhathair Dé, a ógh fhíor-ghlan gnúis-ghné, A dhorais naomh-mhúr nimhe, ag ríar réilt ár bhfairrge-ne Ag gabhail na fáilte ód bheól, Gaibriel an díognas deaghóil Ár síth dúinn daingnidh is damh, ag iompódh anma Éabha, Soillse buain bróin do cheallaibh, géimhle sgaoil do chionntachaibh, Tuismeadh do bhronn tú rod bhrath, sgrios ár n-uilc iar gach aon mhaith. Naoidh ar bheith id mháthair aige, go n-éistigh orainn t-úrnaighthe Ágh do thogh bheith i n-a mhach, naoi mí ionnat is agat, A óigh Fhéinix gan aithghin, a chaoin cheannsa, charthannach, Chum sinn do sgaoileadh d'ár gcoir, ceannsa, cráibhtheach, geanmnuidhe, Bronn dúinn beatha gan sal, ailimíd bealach gan baoghal Go mbíam do shíor loinneach lán, ag faicsin Íosa ár n-aon-ghrádh Do Dia athair go mbídh glóir, 's dá aon- mhac uainne onóir Is do naomh-sprid a ró-ghrádh rúin; triúr iad i n-aon nádúr. A Mhuire, a mháthair na ngrás, Faighidh dom mar ghrása ód mhac, Go ndéanfainn aithríghe anam, 'S go rachainn gan mhaill ar neamh. 1. A bhanaltra bhleacht, 's a bean an tioma- chroidhe mhóir, Muna dtagair gan stad is teacht i n-iomruidhe an lóid, Is eagal an bhreat do theacht na luisne faoi an gcóip Dá dtreasgairt ar fad do dheasgaibh teine bhrígh an smóil. 2. Athair do mhac do ghaibh id t-inne-chlídhe feóil Do dhalta, do shearc, is fear do chruinne cídh dheól Gan seasamh ar cheart ná teacht thar bhriseadh dlíghe reó, Acht a gcionnta ar fad do mhaitheamh duit-se is ní dhóibh. 3. Ó leannais ar fad an chreac, 's gur bhainis í don tóir, Dá'r admhuig riot gur raidis coimrighe dóibh, Ná dearmad feasta is peacach mise do bhí don tsórd, 'S is beannaithe ar measg na mban tú, a Mhuire mhín, mhóir.
1. Mairg nách molann Máthair Dé, Go fiú a bhfuaras dá fiadhnéidh, Ubhall óir na dtrí dtoradh, Ní cóir gan í d'ádh-mholadh. 2. Deacair damh-sa dhéanamh dí, Moladh nách dearnadh di-si, Gnúis tsaor is maordha, molta, Craobh órdha na h-ogh-ochta. 3. Moladh is oircheas d'éis cháich, Cíodh deacair damh-sa a fhághail, Do dhéan fá dheóigh dán molta, Do lán beóil an bhantrachta. 4. Cuir chuige is deacaraide dham, Da molar Muire Mháthair, Ní léir dúinn trian a teasda, Gá dúil chríadh ré'n cóimh-mheasta. 5. Deacair damh-sa déanamh rann, Acht dán do rinneadh rómham, Minic moltar a gruadh gheal, 'S a snuadh mar chorcair coilleadh. 6. Neamh d'fághail dá ndeachadh díom, Ó thuilleamh feirg an áird-ríogh, Díon dúinn a sioth-fhocal sin, A ógh-thapuir duinn an dúilimh. 7. Ar eagla nách déanfadh Dia, Le méid Díomdha Mhic Máiria, Mo shíoth go nuaidhidhe ar nimh, Guailidhe ágh an rígh-thighe. 8. A ré lán na n-uile ógh, Go fearg an Athar d'iompódh, Cuir ímpidhe ar fhear dom ainm A bhean ímpídh Iothfairinn. 9. Gídh deacair léigheas mo lot, I ndóigh go bhfaighinn furtacht, Cuir mórthuile m'uilc tar ais, A ór-thuighe puirt Parthais. 10. Moladh nuadh do dhéanamh dhuit, Go minic, a ógh ór-dhruic, Géag úr nách so-chaithmhe sibh, A ghlún chothuighthe an chreidimh. 11. Saor mé, a mhic, as m'aithne, Eagal liom lá an mheasraighthe, Sirim grása ort dom ainm, An la so ar dtocht fá thóghairm. 1. Cuimhnig, úghdar na sláinte, do bhreith feacht fáith i bhforbhfáilte, I bhfuirm corpardha uair éigin, ó'n óigh fhuar-ghlan, fhír-chéillidh, A mháthair grás, a Mhuire, a Mháthair na trócaire, Imdhíon ó ár námhdaibh sinn, gaibh 'n-ár mbás fóir agus foithin. 2. Duit-se, a thighearna ró-ghlóir, do rugadh ó'n rígh-bhanóigh, Don Athair is don Naomh Sprid, tré's gach saoghal seimpir, An té moltar riú go léir, talamh, muir, aedhear, áird-spéir, Is dá dtugaid mar is dleacht dóibh, fíor- adhradh, umhla agus onóir.
"Críost liom, Críost romham, Críost im' dhiaidh, Críost ionnam! Críost fúm, Críost os mo chionn, Críost dom' láimh dheas, Críost dom' láimh chlé!"
“Críost i leithead, Críost i bhfaide, Críost i n-aoirde!” “Críost i gcroidhe gach aoinne smaoineas orm! Críost i mbéal gach aoinne labhras liom! Críost i ngach súil dearcas orm! Críost i ngach cluas cluineas mé!” “Toil Dé go ndéanamoid, Ár n-antoil féin go smachtuighmid,” “Srian le n-ár dteangaidh go gcuirimid, An aithrighe thráthamhail go ndéanamaoid, Ar Pháis Chríost go smuaínimid, Gach coir pheacaidh go seachnuighmid Na críocha déigheannacha go meabhruighmid Bás beannuighthe go bhfaghmaoid, Ceol na n-aingeal go gcluinimid, Ag moladh Dé go rabhmaoid, Le linn na saoghal. Amen.” “A Mhaighdean Mhuire mo sheacht ngrádh thú. Is tú bean mo chumainn, Is tú bean mo shláinte, Is tú bean mo threoidheachta, Ag uair mo bháis Beir mé féin 'sna flaithis. Amen.” “A Mhaighdean bheannuighthe Mháthair Dé! A Shoillse ghlégeal tá gan smál, A choinneal shoillseach i láthair Dé, Go raibh tú againn lá ár mbáis. Amen.” “Ar chuimrighe Dé na naomh, agus na n-aspal dúinn, Naomh Seosamh, agus Naomh-Sacramuid na h-Altóra. Amen.” “Beannuighim duit a theampoill Dé, Agus go mbeannuighidh tú féin dam, Mar shúil agus go mbéidh an dá abastal déag Ag guidhe orm féin indiu.
Islighim ar mo ghlúin dheas do'n Áird-Rígh Agus ar mo ghlúin chlí do'n Spiorad Naomh Mar shúil go dtógfainn A mbéidh romham agus mo dhiaigh, Ó leac na bpian. Amen.” “Míle fáilte romhad, a chuirp an Tighearna, A Mhic do shíolruigh ó'n Óigh is gile agus is míne. Is é do bhás-sa Ar chrann na Páise, D'fhuasgail síol Éabha agus bhasguigh coir. Íosa do cheannuigh sinn, Íosa do bheannuigh sinn, Íosa an phaidrín pháirteach, Ná deun sinn do dhearmad Anois nó ar uair ár mbáis.” Bí a Íosa i mo chroidhe-se i gcuimhne gach uair, Bí a Íosa i mo chroidhe-se le h-aithrighe go luath, Bí a Íosa i mo chroidhe-se le duthracht go buan, Ó a Íosa Dé dhílis na sgar tusa uaim. Gan Íosa mo smaointe ní thaithnigheann liom féin. Gan Íosa ní scríobhaim ná ní bhogaim mo bhéil, Gan Íosa mo ghníomh-sa ní maith iad sa t-saoghal, Ó a Íosa Dé dhílis bí rómham agus 'mo dhéidh.
'Sé Íosa mo rígh-se mo chara agus mo ghrádh. 'Sé Íosa mo dhídeann ar pheacaidh agus ar bhás. 'Sé Íosa m'aoibhneas mo sgáthán do ghnáth, Agus a Íosa Dé dílis ná sgar liom go bráth. Bí a Íosa go síorruidhe i mo chroidhe agus in mo bhéal. Bí a Íosa go síorruidhe in mo thuisge mar an gcéadna Bí a Íosa go síorruidhe in mo mheabhair mar léigheann, 'S ó a Íosa Dé dílis ná fág mé liom féin. Amen." “Mo Dhia, mo sholus, mo bheatha, mo ghrádh, Mo bhrígh, mo luathgháir, mo lón fós, Tabhair dhamh meabhrughadh oidhche agus lá, Ort-sa, a Dhia gach soluis. Méaduigh mo ghrádh, m'osnaidhe agus mo bhrón. Agus foscail mo bhéal chum a rádh, Agus tabhair dam smuaineamh go cinnte gnáth Ar Íosa, Muire agus Iosef.” “'Sé a chlaoidh na draoithe, Croidhthe dúra gan aon mhaith, D'isligh drong an díomais Tré neart Dé, ár dtréan fhlaith. “Iarramuid ort, a Phádraig, Guidhe orainn na Gaedheala Dia linn lá agus oidhche 'S Pádraig Aspal na hÉireann.”
AMHRÁIN GHRÁDHA. Do bailigheadh na sé h-Amhráin Ghrádha so thíos, i n-Iarthar na nDéiseach. 1. MÁIRE BHEAG NA GRUAIGE BÁINE. 1. Cois na h-abhann-sa thiar athá mo ghrádh le bliadhan, Is breaghtha siúd ná grian an tSamhraidh, 'S go bhfásann mil na diaidh ar lán a bonn don sliabh, Seacht seachtmhaine i ndiaidh na Samhna. 'Á n-imtheóchaidh sí chun siubhail is go gcasfaidh sí i mo líon, Caithfinn díom gan mhoill an ganntanas, I n-imdheóin a maireann beó, ní sgarfaidh-sa lem stóir Is í Máire bheag na gruaige báine. 2. Sí Máire bheag mo thogha, sí Máire bheag mo rogha, Sí Máire a thógas le grádh 'ci. 'S go b'é léighid siad as na leabhar gur tug sí lé bárr feabhais Na céadta fear go bhfuilid i ngrádh léi. Thug sí lé bárr deiseacht ó Bhenus a bhí 'ge Solaimh, Agas féachaíg-si cioca is breaghtha, Is nár dh'éagfad-sa go h-obann go mbréagfad fhéin mo chogar, 'Sí Máire na gruaige báine. 3. Cois na taoide mór, tá mo mhíle stór Sí an fhinne-bhean mhilis, mhodhmharach, mhaorgac. Is gur milse liom a póg ná siúcre is mil ar bórd Agas iad a bheith á n-ól i n-aonfheacht Bhí a dhá chích ghlé-geal gheala, ba néata cruinne cearta Mar a bhíodh sneachta bhíodh á cháthadh ar shléibhte. Is go labhrann an chuach gan dabht i lár an gheimhridh thall 'Sa mbaile go bhfuil mo grádh fé phleisiúr. 4. Sé dh'airígh mé 'ca ghá rádh gur thughas gean do mhná Is níor thugas riamh grádh ach do chúilfhionn Is dá mbéadh agam-sa bád, leanfainn í sa tsnámh D'fonn a bheith páirteach léithi. Póg as míle grádh agus barraí bog do lámh, Sé a n-iarrfad-sa go bráth mar spré leat Agas mara dómh-sa táir i ndán, a Phéarla an Bhorlaig bháin Nár thagair-se beó slán ó'n aonach. 5. Ar m' úrnaighthe nuair a théighim, isteach go dtí seipéil Dé Mo leabhar agam á léigheamh ar mo ghlún deas
'S ort a bháb na gcraobh, bhíonn mo mharthan fhéin Agas ní h-ar an gCorp Naomh a dh'onór- ughadh. Dar an leabhar sa thá i mo láimh, a Phéarla an Bhorlaig Bháin Má leigeann tú faghail bhais dot chumha me Aon spiach ar radharc na ngrás nár dh'feicir-se go bráth Ach t-anam geal i ngrátaidhe Lúiter. 2. Tá Gleann na Séad ar thaobh an bhóthair dá mbeitheá ag dul siar ó'n Lios Mór go dtí an mBaile Dubh i gConndae Phort Láirge. 1. Gleann na Séad ar uair an lae 'gus mé ag dul fé dhéin mo ghrádh gheal Mar a mbeadh ubhla craorach cona bhuidhe mil na slaoda ar bánta. Gheal an spéir, labhradar na h-éin bhí an fhairrge na chaorthaibh bhána, Nocht an ghrian thug seal fé chiach, agus dh'eirig an t'iasg na lán rith. 2. 'Nisacht dómhsa, i n-imeall ciumhaise coille cumhra, Tárla an fhinne-bhean chiúin Gur bhinne a tiún na an fiddle filúte agus ná an chláirsig. Ba dheas é a súil, mala os a ceann, 'sa leacha bhí mar chúbhar na trágha amuigh. Ba ghile a píp ná an sneachta ar chraoibh 's gur lín mo chroidhe le grádh dhi. 3. Is mo chreac agus mo chiach, mar is minic é mo thriall, go dtí 's na dúthaighe siar go brónach, Imeasg na gcliar thug seal fé chiach, is ba mhinic iad a d'iarraidh fóirthint A óig-bhean séimh, nach mór an léan duit, fear dom thréithe chlaoidhchaint, Nó má déanfair, go mbuailidh an t-éag tú, i ngleanntán sléibhe gan daoine. 4. 'S mo chreach agus mo chás, gan mise agus mo ghrádh, ar leabaidh amháin 'nár n-aonar Go ciúin agus go sásta t'réis Aifrinn a rádh duinn, agus gan neart dhon grádh sinn a sgaoileadh A óigbhean bhreagh na leabhar-chrobhán, Is tú d'fag m'inntinn buadhartha, Is gur mhíle bfearr lem chroidhe tu ghabhailt, ná'n ríoghacht go bráth mar dualgas. 3. 1. “Ce h-é sin ag an doras, chuir mo chodladh amúgh orm? Tá'n teine gan coigilt agus an solas gan múchadh, Thá an glas ar an ndoras agus an eochair aig am mhúdair, M'fhortúin im dhorn agus me ollamh chun siubhail leat. 2. “Ar maidin Dé Domhna agus me ag dul go dtí an Aifrinn Ag tabhairt mo chúl leis an mbuachaill dh'fhág buadhartha tinn m'aigne, Rinnis me chrádhchaint agus dh'fhágais mé ar mearthal, agus a ghiolla na leabhar réidhteach, sé mo léir mar a mheallais me.
3. “A ógánaig dhilís, dé an tslíghe duit gan me phósadh An le h-uaisleacht do dhaoine nó le díognis ná geóbhair liom, 'Á sínfinn-si síos leat, 's ar mo chroidhe ná béadh an brón 'S a gearánaim do ghníomhartha le rí geal na glóire. 4. “Díth sleachta, díth séin ort, díth saoghail, díth sláinte, Díth lúith do ghéag ort agus nár dhéanaid siad áis duit Díth Flaithis Mhic Dé ort, trím ghear-ghol go cráidhte, Gach aon nídh aca go léir ort más mé fhéineach is fearr leat. 5. “Dá mbeinn-se im cheann coisde ar an bhfear úd a mheall me Ní dhéanfainn é chrochadh, ná ní bhainfinn an ceann de, Dheanfainn íde níos measa air, cuirfinn ar mbrannra é, 'S i gceann bliadhna 'na dhiaidh san a dhóghfainn a mbeadh ann de.” 4. 1. “Nuair a ghabhaim síos an tsráid so go sgafánta deigh-éadamhail, Feicfír im dhiaidh-se is tiochfaidh ciach ar na h-ae agat. Nuair a chuimhineóchair ar an aimsir go mbimíst muinnteartha le n-a chéile. Mhaise tuitfir i nganntanas, fanfir ann nó go n-éagfair.” 2. “Cár thángaig an muinntearas go raghadh sé cómh géar san, Go dtuitfinn i nganntanas is go bhfan- fainn ann nó go n-éagfainn, I ngeall ar an dté úd go mbeadh a mhúirnín 'ge les gach h-aon bhean, Agas céad bean dá dtogha 'ge gach h-aon Domhnach i ndiaidh a chéile.” 3. “Geóbhaidh tú le spriosán go mbeidh fíor- bheagán spré aige, Ná bheidh aige ach bothán agus dhá chliathán le n-a chéile. B'fearra dhuit gluaiseacht le buachaill ciúin maordha, Thabharfadh capaill agus buaibh duit agus mór-chuid fé shaothar.” 4. “Is go deimhin duit-se a óigfhir, phósfainn go luath tú, Mara bheadh síor-chaint do chómharsain ná fuil bólacht ná lúth agat. Gach a dtuillfá do dh'olfá, is olc an cómhartha ar fear tighe é, Is mara bhfuighir me le fórsa, ní gheóbhaidh mé leat choidhche. 5. “Raghad go Hannobher no go Fórland (i) bhfaid uait-si, Ní dh'fhanfad ag tnúth leat níos mó ná leath h-uair leat,” “Geóbhad leis an bhfiagaidhe, ó sé thabhar- faidh cead aer dom Agas shéidfidh an adharc suas le h-eirge na gréine.”
5. 1. “Ar mo gabhailt liom trí Dhroichead na Tuaire, Is me ag lorg mo stuaire cailín, Seadh dhearcas-sa cnaip tíghe i n-uaigneas, Gan teacht braoin aduas air ná aníos. Bhí Mollí go ciúin banamhail stuamdha, Ar leabaidh go suanmhar na luighe, Is lem chleasaí gur bheartaigheas í dh'fhúadach, Is go gcóireóchainn a cúca léi síos. 2. “Ghluaisaigheadar ar thuairisg na béithe, Leanadar go tréan ar mo bhonn, Is mo thuairisg ní bhfuaradar i n-aon áit, Gé gur thánadar súd taobh liom mar a rabhas. Dh'eirigheas im sheasamh is léimeas, agus chuadhas ar mo chaol each mhear dhonn, agus a maireann de chapaill deagh-ghaoltha, Ní bhéarfadh ar Shéamas ar an ball. 3. “Gan dearmad an callaite cnaiste, An scafaire áluinn d'fhear groidhe, Ar mhuin staile do bhfearr i groidhe fólacht, agus an marcach ba leónta sa tír, Rug ainnir d'réir cailce thar teórainn, Cé gur measaim go bhfuil sí óg dom mar mnaoi, Go raibh luisne na leaca mar rósaí, agus ar Éirinn ní 'neósad cé h-í. 4. “A Mholly, ná bíodh doilgheas ná buadhairt ort, Ó rángas ar cuaird mar ataoim, Ní dailthín a beathuigheadh ar tuath me, Ach scafaire dho bhuacaill breagh groidhe. Thug searc grinn dod gheal-phíp i n-uaigneas, agus gan dearmad do dh'fhúadach tar tuinn, Agas marcaigheacht ar stail groidhe go bhfuairis, Ar faid síos go Cluain Baile Uí Chaóimh. 5. “Is buadhartha athá na h-uaisle seo Éireann, Ó chualadar an sgéal seo ar mo ghreim, Am ruagadh ar fuaid conntae le pléiribh, Lem chrúastail go ndéanfainn an t-slighe. Ba mhinic i gcogadh na bpiléar me, Striopáltha im léine 'mbun chúil. Anois nuair tháim gabhtha nó'n féidir Go leogfair mé dhaoradh gan chúis. 6. “Nuair a chualaidh an stuaire mo sgéal-sa, Chrom sí ar ghéar-ghol 's ar chaoidhe, Mo chuid fola 'na loga(ibh) lem thaobha, agus fortún an t-saoghail seo ar mo ghreim.” “Má's eagal atá ort im thaobh-sa, Glac meisneach agus pleisiúr gan moill, agus d'arma Ríogh Sacsan ná staonfad Nó go sínfear mé tréith ins an chill.” 6. Is amhlaidh a bhí fear agus bean ann uair agus bhíodar go h-ana-mhór le n-a chéile. Bhí geallamhaint eadortha, pé duine aca is túisge a gheóbhadh bás, go bhfillfeadh sé chun tuairisg na h-áite a thabhairt do'n duine eile. Dob' éigin do'n mhnaoi dul go Sasana tamaillín na dhiaidh sin mar a foillsighthear sa n-amhrán, agus b'é toil Dé é go bhfuair sí bás ann. Má léighfear an t-amhrán, beidh fhios agat connus a d'eirig leo nuair a tháinig sí chun a geallamhaint do chómhlíonadh. 1. Déanach cois leasa 's me ag marthan trím néalta, Dhearcas an ainnir le na leabhar-chrobháin, Com cailce, cúl crathach tuitim go féir léi, “'Nis dom fios t'ainm is ná leigme ar fán, Nó an tú'n stuaire ó ghleann an Aifrinn nó an Bhríghdeach Bhán.
2. Inghean Sheaghain uí Chathail ná bíodh ort náire, Fáilthe agus dathadh athá agam rómhat.” “'Siad do labhartha tarraing me i n-aistir thar sáile Ní raibh arthach agam-sa long ná bád Is nuair a dh'imthigheas i gan fhios duit chailleas mo shláinte, Leis éad a bhí am ghearradh le h-iomarca grádh. 3. Dh'imtigheas óm muinntir agus chuadhas go Sasana, Tugas suim aimsire ag deanamh cuimhneamh is marthan ann, Gur ghile liom uisge gheibhinn i nfhocair mo mháthair, Ná an fíon a bhíodh á sgaipeadh le daoine ar clár.” “Gluais liom abhaile agus ceannóchad duit éadach, Diamonds ar do bhrollach agus fáinne óir ar do mhéar deas. 4. Má thagair chun suidhte geóbhair mil i gach méis uaim Shliogfas 'ga na codlata 'dir mo dhá láimh. Cuirfead fios ar an gcléireach chun sinn araon a dh'fághail ceangailthe. Tógfam ar gclann go buacach meanma. Beidh spur ar do bhuatais ag déanamh aeir agus aitis duit Agas do dhiallaid ag cnagarnaig fut a fiadhach gach lá. 5. Is ní chreidim-se fós, a dh'aon stóir gur bean mhairbh thú Nó gur ag magadh fúm-sa atháir, a mhnai.” “Dá bhfanainn i n-Éire bhí saoghal fada 'gam, Ach sé t-athair is do mháthair a thionnscail an t-achrann, Sé mo mhilleadh go cruaidh mar a chím-se dhom deascadh thú Ad chínnirt bhocht dhealbh siubhal oidhche is lá. 6. “Agas a dhuine gan chéill go dtugaidh Dia fortacht duit, Nín fághail casta agam go Luan na lae bhrátha, Thá an coilleach na sheasamh 's is gairid go nglaodhfaidh, Go mbeid-sa 's an bhuidhin seo ag imtheacht gan spás, Tóghad-sa céile dhuit fhéin sul a sgarfad leat Go mbeidh séil ar a h-éidean 'gcóir í dh'aithint. 7. Lá na thiomána beidh an swéire mhaith agat Beimis it aice agus n'fheiceóchad tú mé” “Is má's ag imteacht atháir agus am dh'fhágaint go h-atuirseach Mo bheannach go leanfaidh tú 't'éideach lín.” “Téighir go dtí an bhfaoisdín agus chuir síos do chaoidhe, Gach aon Domhnach coidhche, faighidh an céad Aifrinn, T'athair ná do mháthair go bráth ná tarcuisnig, Agas tabhair déirc le n-a n-anam do'n té bheidh na gádh. “CLAIS NA GAINIMHE.”
LITIR Ó'N RINN. I Rinn ó gCuanach dom, atá i nDéisibh Mumhan, an 3adh lá Lughnasa, '14. A Phádraig, a chara, Is dócha gur mithid dom litir do chur chughat anois. Gabh mo leith-sceul nár scríobhas roimhe seo, acht tá an áit seo chomh h-áluinn agus chomh h-iongantach san nár chuimhnigh mé ar aon rud ó tháinig mé annso acht ar na rudaíbh do bhí ar siubhal i mo thimcheall. Do shroic mé an áit seo Diardaoin seo caithte. Ba bhréaghdha an lá do bhí ann nuair do fhág mé an traen i nDúngarbhán, agus adubhairt mé i mo inntinn féin, nárbh fhearr rud do dheunfainn ioná siubhal go dtí an Coláiste. Dá bhrigh sin do chuaidh mé ag iarraidh eolais an bhóthair agus geallaim duit gur baineadh geit asam nuair adubhradh liom go raibh an Coláiste timcheall chúig nó sé mhíle de shlighidh ó'n mbaile mór, “acht” arsa an sean-fhear a raibh mé ag caint leis, “atá comhgar ag dul ann, agus ní bheidh acht dhá mhíle de shlighidh le siubhal agat tar éis dul treasna an chalaidh dhuit.” “Is fearr san” arsa mise, agus do imthigh mé liom go dtí an caladh. Is mór an t-iongnadh do bhí orm nuair adubhairt fear an chalaidh liom ná raibh focal Gaedhilge aige agus é i n-a chomhnuidhe i ngiorracht trí míle do'n Rinn agus muinntir na Rinne ag dul anonn agus anall i n-a bhád gach aon lá; acht ní dóigh liom go raibh aon náire air dá thaoibh. Acht do bhí a mhalairt de sceul agam nuair do shroich mé an Coláiste mar do bhí gach uile duine ag labhairt as Gaedhilg agus gan focal Beurla le cloisint i n-aon chor. Is beag fhocal do fhéadas a thuigsint ar dtúis acht i n-áit a chéile do chuaidh mé i n-a taithighe agus atá mé ag dul i bhfeabhas gach aon lá anois. Is deas ar fad an áit í seo. Ní dheur- fainn ná fuil sí ar an áit is áilne agus is folláine dá raibh mé riamh ann; agus ní dóigh liom go bhfuil áit i n-Éirinn níos áilne ná níos folláine ioná í. Fear ciallmhar do b'eadh an fear do thóg an Coláiste. Ar bhárr na faille do tógadh é agus cé go bhfuil an aimsear ana- bhrothallach anois, is cuma linn an brothall annso mar a bhíonn gaoth bhréaghdha láidir isteach ó'n bhfairrge gach lá sa mbliadhain. Tá an-chuid daoine ag fanamhaint ins an gColáiste. Ag lorg na Gaedhilge thángadar go léir, agus geallaim duit go bhfuilid dairíríbh agus iad ar a ndicheall ag obair chum go bhfeudaid an Ghaedhealg do labhairt go bréaghdha bríogh- mhar ag dul abhaile dóibh. Atá beirt bhuachaillí eile annso a raibh aithne agam orra cheana, acht is gearr bhíonn duine ag cur aithne ar na daoinibh atá annso mar atá gach aoinneach chomh muinteardha san. Ní iomdha duine ná fuil aithne agam air anois cé nár chaitheas seachtmhain annso fós. Is iomdha duine d'éagmhuis a bhfuil ins an gColáiste a bhfuil aithne agam air leis. Is ana-chairdeamhail iad muinntir na Rinne agus atá an Ghaedhealg ag gach
duine aca idir óg agus aosta. Is dóigh liom gurab í an t-slighe is fearr chum na Gaedhilge do fhoghluim annso ná beith ag dul i measc na ndaoine agus beith ag éisteacht leó agus ag cur ceisteanna orra. Ní fhuil rud is fearr leó ioná na daoine iasachta do bheith ag caint leó agus ag iarraidh orra Gaedhealg do chur ar an rud so nó ar an rud úd. Is annamh chloistear focal Beurla dá labhairt aca, ag na sean-daoinibh, pé sceul é. Ní fheadar an mbeidh an sceul ceudna ag Seaghán Ó Tuathail i dtaoibh Baile na Buaile. Pé ar domhan é, ní chreidim gur fearr d'áit í chum na Gaedhilge do fhoghluim ioná an áit seo. Deun mo chomhairle, a Phádraig, agus tar annso, agus geallaim duit ná beidh a chathughadh ort. Is cuma cad é an méid Gaedhilge atá agat, beidh ar do chumas dul chum cinn annso. Bíonn ceachtanna ann dos na daoinibh ná fuil aon Ghaedhealg aca, ceachtanna eile dos na daoinibh a bhfuil an Ghaedhealg go cuibheasach aca, agus ceachtanna eile dos na daoinibh a bhfuil an Ghaedhealg go maith aca. Bíonn ceachtanna sean-Ghaedhilge ann leis, acht is dócha ná cuirfidh tú aon t-suim ionnta san, go ceann i bhfad, pé sceul é. Acht badh fhéidir go ndeurfá, “ní maith liom na laetheannta saoire go léir do chaitheamh ag obair. Badh fhearr liom beith ar mo shuaimhneas agus caitheamh-aimsire do bheith agam i dtreó go mbeinn go bréaghdha láidir chum oibre na bliadhna seo chughainn.” Tá go maith, a chara. Ní gábhadh duit an t-am go léir do chaitheamh ag obair annso. Tá gach uile sórt grinn agus suilt ann. Tá an fhairrge le h-ais an Choláiste, mar adubhairt mé cheana, agus atá a fhios agam gur beag rud sa domhan is fearr leat ioná beith ag snámh ins an bhfairrge. Bítear ag gabháil amhrán go minic i gcaitheamh an lae. Ní mór an t-suim chuirim-se féin i gceól acht atá a fhios agam nach é an sceul ceudna atá agat. Bíonn ceol agus rinnce agus sceulaidheacht aca gach tráthnóna ag an sean-choláiste atá i ngiorracht leath-mhíle don choláiste nua. Bíonn a lán de dhaoinibh ón áit ann, agus ó is annsan do-chluinfeá an Ghaedhealg dá labhairt. Bíonn amhráin ó na buachaillíbh agus ó na cailíníbh agus sceulta ó na sean- daoinibh. Is ana-dheachair cainnt na sean- daoine do thuigsint ar dtúis acht i n-áit a chéile do raghadh duine i n-a taithighe. Tá mé féin ag dul i bhfeabhas gach uile lá anois agus atá súil agam gur maith bheidh an chaint agam ag dul abhaile dom. An bhfuil aon sceul nua agaibh sa mbaile? Ní iomdha páipeur nuadhachta do-chonnaic mé ó tháinig mé go dtí an Rinn, mar ní mór an t-suim chuirtear ionnta annso. Tá a leitéid sin de mheas againn ar an nGaedhilg nár mhaith linn aoinneach do bheith ag feuchaint orainn agus sinn ag léigheamh páipéir ná fuil ann acht Beurla. Ní fhuil a fhios ag aoinneach againn cionnus atá an cogadh ag dul chum cinn. Is dócha gur iomdha duine atá sa Rinn ná fuil a fhios aige go bhfuil cogadh ar siubhal i n-aon chor gan trácht ar aon rud eile, agus badh fhéidir gur fearrde iad é. Do casadh sean-fhear ins an mbóthar orm indé, agus arsa mise leis, “Cad é do mheas ar an gcogadh?” “Cad é an cogadh?” ar seisean, agus iongnadh a chroidhe air. “An cogadh atá ar siubhal idir an bhFrainnc agus an Gearmáin,” arsa mise. “Agus cad ba bhun leis?” ar seisean. “Ní ró-mhaith is eol dom” arsa mise, “ní h-é an rud ceudna adeireann an dá thaoibh.” “Maiseadh” ar seisean, “ní raibh a fhios agam go raibh cogadh ar siubhal i n-aon chor, agus is cuma liom cad é an taobh ag a mbeidh an bhuaidh aige acht gan aon rud do bhaint dúinn féin as.” Is dóigh liom gurab é an sceul ceudna atá ag a lán de mhuinntir na Rinne, agus ní dheurfainn gur measaide iad é. Tá na “Volunteers” aca annso
chomh maith agus i gach aon áit eile, agus is iomdha áit ná fuilid ag dul chum cinn chomh maith agus atáid annso. Cruinnighid na buachaillí gach tráthnóna, agus is as Gaedhilg thugtar gach órdughadh dóibh. Is mór an truagh gan an nós ceudna do bheith i gach aon áit eile agus badh fhéidir nach fada go mbeidh, le congnamh Dé. Tá cúigear nó seisear againn chum dul go h-Eochaill i mbárach ar ár rothaibh. Adeirtear liom gur bréaghdha an áit í agus gur fiú dúinn turas do thabhairt ann. Is dócha go mbeidh lá bréaghdha againn, mar is fada anois ó bhí lá fliuch ann. Do bhíomar ag Ceann Helvick indé agus do bhí lá ana-bhréaghdha againn. Is aoibhinn ar fad an áit é. Is áluinn an radharc atá le feicsint ó n-a bhárr aon uair ar bith acht go mór mhór lá samhraidh agus solus na gréine ar na tonntaibh. Acht do- chífidh tú féin gach rud nuair a thiocfaidh tú annso (ma's rud é go dtiocfá). Ní fhuil ar mo chumas cunntas do thabhairt duit ar gach aoibhneas atá ann. Beidh coinne agam le litir fhada do faghbháil uait sar a bhfad. Badh fhéidir go bhfeicfinn tú féin annso an seachtmhain seo chughainn. Má's mar sin é, ní gábhadh duit aon litir do chur chugham. Tá súil agam go ndeunfa tú mo chomhairle. Má dheunfair, geallaim duit ná beidh a chathughadh ort go deoidh. Is maith is eól dom gur mór an meas atá agat ar an nGaedhilg agus nár mhór leat a lán do dheunamh ar a son. Dá bhrígh sin is í comhairle do leasa atáim a thabhairt duit. Is í mo thuairim ná fuil áit i n-Éirinn is fearr chum taithighe do chur ar an nGaedhilg ioná an áit seo. Is iomdha duine atá annso anois do chaith seacht- mhain nó coicthidheas ag a leithéid seo de choláiste anuraidh. Is é an rud adeirid go léir, ná dá fheabhas é an coláiste eile a rabhadar ann, nárbh fhéidir é do chur i gcomórtas le Coláiste na Rinne. Tá a fhios agam go bhfuil Seaghán Ó Tuathail ag do ghríosadh chum dul go dtí Baile na Buaile, acht bíodh ciall agat, a chara, agus tar annso. Ní raibh Seaghán riamh annso. Dá mbadh rud é go raibh, do bheadh a mhalairt de sceul aige. Is mithid dom deireadh do chur leis an litir seo anois. Tá a lán de rudaíbh eile agam le rádh leat, acht atá an litir ró-fhada cheana. Abair le gach duine atá sa mbaile go raibh mé ag cur a thuairisce. Tá súil agam go bhfuil tú féin go maith. Slán leat anois. Mise, Do chara fíor, “SÉAMUS NA CAINNTE.”
SCIATHLÚIREACH MHUIRE. Stiúraidh mé dod mholadh, cé nách Ollamh mé i n-éigeas, A ghnúis ainglidhe gan locht, tug sugha th'uchta dom shaoradh, Tiomnaim mé fá do chomairce, a bhuime mhuirneach an aoin-mhic, Fád scéith dídean mo chorp, mo chroidhe, mo thoil is m'éifeacht. Peacthach mé tá líonta d'olc, sírim ort is déanadh, Bhainliaigh na n-othar n-anacrach ar dhaill- chiach m'anma d'fhéachain. Teampull na dTrí bPearsana, Athair, Mac is Naomh-spiorad Guidhim tu dam fhortacht uair mo bhreatha is m'éaga. Ríoghan dá dtug an Rí, an t-Athair Síoruidhe ré buidheachas Óigheacht, is bheith ad mhathair, gabhaim do pháirt dom réidhteach. Soitheach iomchair na lóchrann is í ro soill- sigheadh ós ceann gréine, Tarraing mé fad dhíon i gcuan, as loing díom-buan an t-saoghail. Ar dtuitim' san gcasán t-sleamhain, mo mhaide láimhe tu re lúth do dhéanadh. A Mhaighdion ó'n dtaobh andeas go dtígheam ar neamh ad fhéacain. Ní'l cion ar luas ná ar rith, gaoth i dtuaidh ná sruith dá ghéire, Áireamh luais ré mathair Chríost, don aicme dhligheas a buidheachas. Croidhe gan chrónta, cliabh gan choir, ban-óigh lear toghadh naoimhtheacht, Is ort do chuirim mo chuing, ó ghuais shíoruidhe na péinne. A Mhuire mhodhamhail mhaiseach, 's a cheannsa chneasta, mhaordha, Ní tuirseach mé fád ghairm, is tú mo chrann bagair i mbaoghal. Féach red shúil ar lucht na bpian nó táid ar easbaidh réidhtigh; Aiseag dóibh na sláinte sa dtinneas trom go dtraochair; Fuascail iad ó gach peacadh is faigh ó'n Athair Naomhtha, Do chabhair dóibh siúd, a Mhuire, is abair Amen a chléirigh (MS. 3 a 15). Críoch. O.P.Q.
MÁIRTÍN Ó CONNGHAILE, CCT. 'SEO síos píosa cainnte a thárla idir bhuachaill Catoiliceach agus bhuachaill Protustúnach tráthnóna Aoine dá'r casadh le chéile iad ar “bhóthar an rí” sa Spidéal i gcondae na Gaillimhe. Máirtín Ó Connghaile is ainm agus sloinneadh do'n bhuachaill Catoiliceach; bacach bocht bríogh- mhar measamhail nach bhfuair lá oideachais nó fóghluma i sgoil ariamh, agus tá an- mheas ag saidhbhir agus daidhbhir sa “gCois- fairrge” air mar gheall ar chomh maith agus chomh diadhanta sin agus tá sé i n-ann an paidrín páirteach a shiolladh amach, agus freisin ar an gcuma a bhfuil na rúin- diamhra de ghlan-mheabhair aige sa nGaedhilg. Is dán é seo a chum sé mar is léar dúinn ó chríoch an dáin féin agus ní raibh peann nó dúbhach aige 'ghá chur le chéile. Deir sé liom féin gur sa leabaidh 'san oidhche a thosuigh sé ag déanamh an amhráin. Tá go leór sean amhrán aige freisin a d'fhóghluim sé ó shean-úghdaraibh. AN DÁN. Tráthnóna Dia h-Aoine le conntrátha na h-oidhche Cé chasfaí sa slighe dhom acht dream Liútair mhóir Protustún dílís ó'n gcaisleán aníos Agus tharraing sé píosa chugam de'n chreideamh a bhí cam. Dubhairt sé sa scríbhinn ná raibh aon mhaith le máthair Íosa Rud ba mhian liom — ná raibh aice-se aon Phower (chúmhacht) Acht an t-Athair naomhtha, a bhí ó thús 'chuile shaoghal ann Mar bhí seisean naomhtha a tá i gcúirt gheal na ngrás. Rinne mé smaointe dhá mhóiméad nó trí Nó go dtáinic cúmhacht dhílis chugam ó bhainríoghain na ngrás Nach bhfuil fhios agat gurab í máthair Íosa í Gur cheap an t-athair naomhtha í Go raibh sí ar feadh cheithre mhíle i gcúirt gheal na ngrás Rugadh ar an saoghal seo í le cúmhacht an Áird-Rí Agus bhí aice-se Power Go rugadh an leanbh Íosa ar uair an Mheodhain oidhche Le sinn ar fad a cheannacht ó'n diabhal. I ngeall ar chineadh daonna dhóirt sé fuil a chroidhe Gur crochadh É ar chrann na páise i ngeall ar pheacadh Ádhaimh Gur bhreathuigh Iudás féin É i ngeall ar chathuighthe an t-saoghail Mar fuair sé beagán maoin as ucht É chur ar fághail.
Chualaidh tú cainnt ar curse Luther bradaigh Cé go mba bráthair beannuighth' é, a d'imthigh ó Theampall Pheadair D'imthigh sé ar thonntachaibh na bpeacadh, an Mhaighdean ghlórmhar níor sgread sé Acht tá sé i n-Ifreann shíos 'ghá dhóghadh le n-a shaoghal. Shanntuigh seisean an t-airgead Agus dhiúltaigh sé teampall Pheadair An t-am a smaointigh sé na cathuighthibh Ar nós na n-aingeal i ríoghacht na bhflaitheas An t-am a ndeachaidh siad i g-cogadh I n-aghaidh aingeal ngeal Mhic Dé. Mo ghrádh-sa an Mhaighdean Bheannuighthe nár rinne ariamh aon pheacadh Ná cheannuigh síodaí geala, ná gúnaí a bhí daor. Ní dheachaidh sí ag teach an tadhbhern, teach an cheóil, nó teach an leanna, Ní smaointigh sí ar an bpeacadh ná rud ar bith mar é. Chongbhuigh sí suas na h-aitheanta a d'fhág Maoise ar an talamh Go ndeachaidh eidir chorp is anam go cathair gheal Mhic Dé Gur thuirling anuas an dara pearsa fá bhroinn bhainríoghn' uaisle ó na bhflaitheas Le sásadh a thabhairt d'á athair ins na peacthaíbh go léir. Tá an saoghal seo órdha cleasach Is ná santuighidh sibhse an t-airgead Tréis an bháis a tá le fághail agaibh cé anmhaith dhaoibh é Bá is capaill, caoire gheala is airgead — mar tá trí námhaid ag an anam — an diabhal agus an saoghal, Ní'l spás agaibh-se ar an talamh so, léas míosa nó seachtmhaine Agus ní'l fhios agaibh cé an t-am a dtioc- faidh an bás fá bhur ndéin, An t-am a n-eireóchaidh sibh ar maidin téighidh chuig an aifreann, Chuig sochraid mo Shlánuightheóra nó chuig altóir gheal Mhic Dé. Molaimís feasta í, bainríoghain uasal, ó na bhflaitheas Go raibh sí ina caraid anam againn ag tigheacht i lár a h-aon Mhic féin. Mo ghrádh-sa an Mhaighdean chúmhra ghléigeal Máthair a leinbh féin Bainríoghain ó na naoimhibh agus bainríoghain na ngrás Aon duine de do thréad ná leigfidh tú go deó ar stray Agus an ghlóir shíorruidhe go bhfághaidh Máirtín ó Connghaile Mar is é a rinne an dán. PÁDRAIC Ó CURRAIDHÍN. Teach na Sóisear.
CUALLACHT CHUILM CILLE. Ag seo síos na cunntais ó na roinnibh. ROINN MUIRE. An Coisde, Donnchadh ó Brosnacháin, uachtarán; Pádraig ó Néill, leas-uachtarán; Aodh ó Conalláin, an fear le sgriobhadh; Mícheál mac Giolla Cearr, fear an airgid; Seumas mac Liam, Feidhlim ó Baoighill, Toirdhealbhach ó Tuathail, Risteárd mac Cárthaigh, Maolmhuire Almán, Seumas ó Fuaighne, Daithí ó Conchubhair, Seumas ua Connaill, Diarmuid ua Pigóid. Bliadhain ó shoin bhíomar ag maoidheamh as a fheabhas a lean na “buidheanta” d'á gcuid oibre i gcaitheamh na bliadhna. Ní féidir linn an maoidheamh chéadna a dhéanamh i mbliadhna. Ar dúis bhí ceithre buidheanta déag ar fhichid againn. Deineadh tosnú láidir agus do leanadh do'n tosnú san tréan go maith go dtí an Nodlaig. T'réis an Nodlaig b'é an sean-sgéal againn é. Thosnuigh cuid mhaith díobh go bríoghmhar arís, ach — an chuid eile — lucht an “'Dhe mhaiseadh!” agus an diomhaointis thárluigh- eadar-san ar leath-scéal éichint ar gan tosnughadh arís agus “ta siad annsin ó shoin.” Bhí “Cúirt na nGaedheal” agus buidhean na hamhránaidheachta ar siubhal go láidir maith roimh Nodlaig ach ó shoin anall tá doras na Cúirte fé ghlas agus tá lucht an cheóil fé chiúineas. Na daoine a bhí ag obair ar thaobh “Deantúsaidhe na h-Éireann” do shaoth- ruigheadar go dian i mbliadhna agus ní mór dúinn a rádh nách saothar i n-aistear a bhí ar siubhal acu. An duine a cheannuighean earraidhe Gallda is minic a cheannóchadh sé an rud a deintear i nÉirinn dá ndéanfaí cur i gcuimhne dó cad é an dualgas atá air. Ní theastuigheann uaidh ach an “cogar” a thabhairt dó. Tugadh an cogar san do gach éinne i mbliadhna, agus ní cogar amháin a tugtaoi dóibh ach oráid agus comhairle le na bhun, — Seumas ó Fuaighne a thughadh an oráid sin agus an comhairle sin, mar is é is feárr chuige. M. A.
CRAOBH NAOIMH IÓSEPH. Ainmneacha an Choisde — Seán Mac Conbhuidhe, Tomás Ua Spiolláin, Micheál Mac Amhaltoinn, Pádraig Ua Cuain. Um an dtaca seo de'n bliadhan, nuair a bítear ag féachaint siar ar obair na Connartha, is ró-ghnáthach smaointe míne agus maitheamhnachais do theacht i n-aigne an duine. Is maith leis dearmhad a dhéanamh ar na neithibh dubha, deacracha, do thuit amach, agus iad do leigean i ndío-chuimhne; agus san am céadna na cúrsaí áthais do fhoillsiughadh agus maoidheamh a dhéanamh asta. Tá aigne an duine sochar sámh, agus ní maith leis tromaidheacht a dhéanamh ar an bhfear thall, má's féidir leis leath-sgéal d'fhághail dó as a subhailcibh. Is gnó ana-dheacair leis gníomhartha do sgríobh síos. Annsan, má cháineann tú droch-ghníomhartha, déarfar go minic gur le droch-aigne agus le formad a dheinis é. Ach nuair a 'neósfair deagh- thréithe an fhir thall, creidfidh gach aoinne na neithe is dóigh leis féin, go mór-mhór nuair atá fhios aige gurab é an moladh is coitchinne id bhéal. Sin é meón na daoine, ach pé searbhas atá sa bhfírinne, ní fuláir a dh'admháil sa chás so. Tá céad is dachad de mhacaibh léighinn i Roinn Naoimh Ioseph fé láthair. Ba bheag díobh a tháinig annso gan beagáinín de'n Ghaedhilge na gceann aca. Ach cá mhéid díobh siúd a bhí ag gábhail de'n Ghaedhilge ins na buidheantaibh? Ní fhéadfainn a rádh le fírinne go raibh an dachad féin díobh ann. Tá an Ghaedhilge n-a gceannaibh aca, ach is ró-annamh n-a bplucaibh aca í. Má's fíor é, gur “beatha teangan í labhairt,” is beag an comhartha atá i Roinn Ioseph i mbliadhna, go bhfuil teanga na Gaedhilge beó ann. Bfhéidir go bhfuil baint éigin ann leis an gcogadh mí-adhbharach so atá ar siúbhal! Ní raibh an sgéal go léir chómh dona san, ámh, agus an Gaedhilgeór is dúthrachtaighe orrainn indiú, ní fhéadfad sé gan a bheith sásta leis an gcuma 'nar lean an dachad sin thuas ar an obair. Is mór an chreid- eamhain atá ag dul dóibh siúd, agus tá súil againn go ngríosóchaidh sompla a saothair agus a ndúthrachta na daoine eile, chun a gcion féin a dhéanamh ar son teangan a dtíre san aimsr atá le teacht. S. Mac C. An coiste i dtigh na Sóisear: — Pádraig Ua Curraídhin, Pádraig Ó Conaire, Pádraig Ó Loingsigh, Ioseph Mac Dághaid agus Pádraig Ua Ruairc. Do cuireadh buidhean is fiche ar bun i dtosach na bliadhna agus d'oibrigheadar go maith ag foghluim agus ag labhairt na Gaedhilge go dtí an Nodlaig. An dara leath-bhliadhain ámhthach, do thuit cuid des na buidhnibh as a chéile acht do deineadh obair mhaith sa mhéid díobh a bhí ar siúbhal agus mar adeireann an sean-fhochal “ní sa chómhaireamh atá an tairbhe acht sa mhianach.” An 4ad lá de Dheireadh Fóghmair bhí cuirm-cheóil againn. B'é an tAthair Mac Giolla Chearr a bhí mar fear cheannais uirthi. Fear fíor-Ghaedhealach iseadh é. Do labhair sé linn go bríoghmhar ar son Teangan na h-Éireann, agus is 'mó adhbhar maith chuir sé rómhainn cad 'na thaobh is ceart dúinn an Ghaedhilg d'fhoghluim agus a chur dá labhairt arís. Is ceart dúinn ár míle buidheachas a ghabháil annso do'n Athair Mac Éatún mar gheall ar “Fuinn na Smól” a thabhairt isteach 'nár measc i mbliadhna. Is mó amhrán breágh a mhúin sé dhúinn, agus is minic a thaisbeán sé dhúinn gur binne go mór na h-amhráin sin 'ná na streanncáin Bhéarla a bhíonn ag a lán againn. Táimíd ana-bhuidheach dos na cómhair- lightheóiribh freisin mar is minic thugadar congnamh dúinn ar feadh na bliadhna. P. Ó L.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services