Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eagrán 1915

Title
Eagrán 1915
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1915
Publisher
Muintir Gill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE COLUMBAN RECORD



IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD



AR NA CHUR AMACH DO



CHUALLACHT CHUILM CILLE,
COLÁISTE PHÁDRAIG, MAGH NUADHAD



Beir mo bheannacht lat siar,
As briste mo chroidhe im chliabh;
Dá tteccmadh écc dála damh,
Is ar méad grádha Gaodhal.



— Colm Cille.



Ar na chlóbhualadh ag
MUINTIR DOLLARD
agus
Ar na chraobhscaoileadh don choitchiantacht ag
MUINTIR GILL
I mBaile Átha Cliath.



1915


L. ii


DOLLARD
PRINTINGHOUSE
DUBLIN
LIMITED.


L. iii



L. iv


Ar mhuir mhóir an léiginn láin
Bí id' loingseoir mhaith, a mhacáin,
Má's áil leat id' fháidh eagna
I ndáil chatha cóimhfhreagra.


L. v



L. vi


OUR MOST HOLY FATHER THE POPE



BENEDICT XV.


L. 1


IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD.



THE COLUMBAN RECORD.



AN TREAS BLIADHAIN DÉAG. 1915.



MACHTNAMH AN DUINE DHÓCHASAIGH.



TAMALL de bhliadhantaibh ó shoin, agus
tamall cuibheasach beag díobh leis, ní
raibh file i n-Éirinn a bhuaileadh lmach
fé'n spéir ag riaradh an bhróin, nó a
shíneadh ar a leabhaidh go h-athtuirseach,
léanmhar, ná go dtagadh “an ainnir ba
mhaordha, taitneamhach clódh,” nó “an spéir-
bhean mhaiseach, mhodhmhail, mhín,” le n-a
thaoibh, chun caoi d'fhagháil ar bheagáinín
cainnte a dhéanamh leis. Bhí gach duine
des na mnáibh seo níos áille agus níos uaisle,
níos gile snuadh. agus níos binne glór ná
a chéile. Is gaoiseach, gasta a thugann
gach file díobh cúnntas dúinn ar a dlaoi-
fholt agus ar a h-éadan, ar a malaíbh agus ar
a glé-roscaibh, agus ar gach ar bhain le n-a
sgéimh. Acht ar léigheamh a dtuairisg
dúinn, ní fuiriste dúinn a rádh, cioca aca
a chonnaic an spéir-bhean a b'fhearr maise
agus múinteacht díobh go léir. Ní gann a
dteasdas ar a deilbh agus ní h-iongnadh,
toisg í bheith chómh h-áluinn san, go
bhfanaidís á h-infhiúchadh go géar agus a
dtuairisg i n-a taobh a bheith chómh flúirseach,
fairsing agus a bhíonn. Acht nuair a thagadh
an labhairt chúcha arís, ní bhíodh aon teóra
le na gcuiridís de cheisteannaibh uirthi.
D'fhiafraighidís a cine, a gaolta, a turas,
agus a h-éifeacht agus gach nídh eile a dh'fhéadfadh
duine a dh'fhiafraighe ar eachtrannach.
Thugaidís anuas na mná a b'áilne snuadh
ór cruthaigheadh an domhan agus d'fhiafraighidís
dí arbh aoinne aca í féin. Acht, i gcomh-
nuidhe, is amhlaidh a thagadh rian bróin
ar a gnúis glégil agus do bheireadh sí a
freagra ar chuma éigin mar seo: —



“Ní mé, ná a samhail,
Acht Éire dúbhach,
Is é fáth mo léin-se Gaedhil fá smúit,
Ciodh gur chalma a gcuaird tar lán-mhuir.”



Bhí Éire bhocht brúithte basgaithe i n-umar
na h-aimiléise mar gheall ar a tír, a sluagh
agus a laochra gaisce bheith ar buadhairt:—



“Mar bhíd faoi chéo gan bhrígh gach ló,
Fá chuing an bhróin ag na Gallaidhe.”



Acht i n-aimhdheóin an bhróin agus na buaidh-
eartha seo uile, is beag má tá aisling díobh
dár cumadh riamh gan rian dóchais uirthi. Ní
dh'imthigheadh Éire riamh a radharc an fhile
gan geallamhaint éigin a thabhairt dó
go bhfóirfeadh ar a h-easbaidhe agus go mbeadh
an lá léi arís, pé luath, mall é, agus do-
bheireadh sí freagra dó mar seo: —



“A's a chuman ná tigeadh mí-fhonn ort,
A's is gairid uait túiseach an fhóghmhair,
Go mbeidh scaipeadh ar an aicme seo
Liútair
Ná'r chrom riamh a nglúin chun an Óird.
Go mbeidh gach faraire meanamnach,
súgach
Go flaitheamhail, fiúntach ar bórd,
Agus allus ar Ghallaibh dá dtúrnamh
A's a gconairt gan biúgail gan cheol.”



Acht cad tá le feisgint againn-ne san
aisling? Tá, méon na nGaodhal. Pé


L. 2


saoghal rug ar na Gaedhlaibh, bhí Éire os
cómhair a n-aigne mar ainnir mhodhmhail,
mhúinte, mar an rud a b'áilne ar a bhféad-
fadh duine a shúil a leagadh, agus níor chuimhin
leo a ndeacracht agus a ndaorbhruid féin,
ar bhfeicsint a bróin dóibh. Agus traochta,
lag is a bhíodar, níor leigeadar do'n
éadóchas greim d'fhághail ar a gcroidhthibh,
agus níorbh mheasa leo aon rud ná déora a
spéir-mhná a bhaint ó'n a súilibh. Is mór
an meisneach a chuir sí na gcroidhthibh agus
ba gheal iad na smaointe a thug sí rómpa
ar a raibh i ndán do Ghaedhlaibh. Acht pé
'ca geal dubhach iad siúd, buidheachas
mór le Dia, tá buaidhthe caoch againn
anois ar gach a raibh i ndán d'Éirinn,
dar leis na h-aislingíbh. Dá dtagadh
Eoghan Ruadh nó Seaghan Clárach nó aon
fhile eile dár chúm aisling riamh, ar cuairt
chughainn anois, 'sé chéad smaoineadh a
thiocfadh in' aigne ná gur sháruigh an
t-athrughadh a tháinig ar Éirinn le tamaillín
ar gach nidh d'á fheabhas a raibh súil ag
an “ainnir ba mhaordha, taithneamhach
clódh” leis riamh. 'Seadh, bhí Éire beag-
nach báidhte fé fhrasaibh deór a muinntire
féin, ach do chuimhnigheadar ar a h-ailneacht
agus ar a múinteacht ins na laethannta a ghaibh
thart. Tháinig a dhóchas i na gcroidhthibh go
mbainfí rian na ndeór as a gnúis glé-gil
arís. Thugadar grádh a gcléibh dí agus
níor mhór leo aon nídh a dhéanfaidís ar
a son. Ní fhéadfadaís a chreideamhaint
go bhfuigheadh sí bás, agus as an gcreideamhaint
sin, agus as an dóchas sin a bhí aca is eadh
d'fhás an t-athrughadh mór a tháinig ar
Éirinn ó shoin agus tá ag teacht uirthi fé
láthair — an t-athrughadh a chinn ar fad ar
na smaointibh is gile agus is áirde a bhí na
gcroidhthibh ag filíbh na n-aisling. Á, ní
miste dúinn cuimhneamh nár n-aigne, leis,
gurbh' fhíor do'n fhile adubhairt: —



“Ba mhó nó abairt i ngach ré,
Comhairle Dé frí Eirinn uill.”



Chun a thuigsint níos fearr a iongantacht
is a bhí sé, dóchas chómh láidir san a bheith i
gcroidhe an Ghaedhil, ní mór dúinn súil-
fhéachaint a thabhairt siar ar stair na
h-Éireann go dtí an lá mí-ádhbharach úd,
nuair a chuir Mac Murchadha a sgéal i
n-iúl do'n dara Hanraoi. Ó seadh, seo
mar adeir an Reachtuireach fáth an sgéil
go léir: —



“Do thug mac Ríogh Laighean, munar
cuireadh bréag air,
An bhean ó'n Ruairceach d'fág buaidhreadh
ar Ghaedhealaibh,
Agus tharraing Sasanaigh ó thús ar
Éirinn.”



“Is fada siar é iarsma an droch-bheirt,”
a n-abrann an sean-fhochal agus is deacair
an sean-fhochal do shárughadh. Tá suas le
seacht gcéad bliadhan imighthe tharainn ó'r
deineadh an droch-bheart úd acht beidh a
rian ar an dtír an dá lá is an fhaid
a bheidh grian sa spéir. Is iomdha beart
fealltach, éagcórach, beart na láimhe láidre,
d'imir Clanna Gall ar Ghaedhealaibh ó
shoin, agus níorbh é an chuid ba lugha dhe gach
ar dheineadar i n-aghaidh na teangan.
Baineadh de Ghaedhealaibh ar dtúis a
gcuid talmhan agus cuireadh rith agus ruaig ortha
i dtreó go bhfaighidís bás le gorta. Na
dlíghthe a cuireadh i bhfeidhm an t-am san,
dubhairt Éamonn De Búrca agus é ag cur
síos ortha, gurbh í an úirlis a b'fhearr
do soláthruigheadh riamh iad cun beithidheach
a dhéanamh de'n duine. Ní raibh cead ag
Catoiliceach sgoil a chuir ar bun ná dul
go tigh aoinne ag múineadh cloinne. Is
amhlaidh a bhíodh an sgoil ar siúbhal cois
claidhe, ar thaobh na fothana, agus tar éis
tamaillín do cuireadh deire leó-san féin.
Is beag coláistí a bhí ar fuaid na tíre
chun fir óga d'ullmhughadh i gcóir fíon-
ghort an Thighearna, gan fiú aon phríomh-
sgoil amháin ag Catoilicighibh i nÉirinn.
Cheap riaghaltas Shasana eolas a choimeád


L. 3


ó Chatoilicighibh na h-Éireann, ar an gcuma
san, agus go mór-mhór ó mhacaibh léighinn
na h-eaglaise. Níorbh' fhuláir do ghach
duine ná glacfadh le h-ainm Sasanach agus
ná cleachtóchadh béasa agus nósa na Sasanach
a chuid talmhan a leigint uaidh. Faraoír
gear! is mó dlighe nach iad, ba seacht
n-uaire níba mheasa, dá mbféidir é, do
cuireadh i bhfeidhm acht ní gádh dhom teacht
tharsta annso.



“Bhí lámh an tSasanaigh láidir cruaidh,
Ba neart a cheart agus dearg-ár a bhuaidh.”



Acht ní fhéadfadh an neart claodhchaint ar an
gceart go deó; mar tá sean-fhocal ann
adeir gur “mór í an fhírinne agus tiocfaidh
sí i n-uachtar.” Ní h-é sin amháin acht tá
sí i n-uachtar cheana agus is uirthi is córa
an t-ádh a bheith.



Cad ba bhun leis an éirleach so go léir
agus connus tá an sgéal ag na hÉireannachaibh
d'á bhárr? Is é ba mhian leis na Sasanaigh
ar dtúis an talamh d'fhagháil ós na
hÉireannacaibh. Ó thosach na seiseadh
aoise déag i leith, ámh, d'fháisgeadar a
ngreim níos daingne orainn. Do mhéadaigh
a bhfuath agus a ngráin ar mhuinntir na tíre
agus ar gach ar bhain leo agus do dheineadar
a ndícheall chun a chur d'fhiachaibh ar na
hÉireannachaibh a gcreideamh agus a dteanga
do thréigean. Níor ghéill na Gaoidhil dóibh
agus is maith throideadar ar son a dtíre agus ar
son a dteangan agus ar son a gcreidimh.
Ba chliste a dhein an Sasanach a ghnó. Ar
dtúis do baineadh des na hÉireannachaibh
a seilbh saoghalta agus annsan do deineadh
iarracht ar a seilbh ar an saoghal eile
do bhaint díobh. Buidheachas le Dia, do
theip glan ar an Sasanach sa dtaobh so de'n
cheist. Tá an creideamh — an oighreacht a
b'fhearr b'fhéidir dúinn d'fhaghail — chómh
bríoghmhar fuinneamhail i n-ár gcroidhthibh
indiú, agus a bhí sé i gcroidhthibh ár sinnsear,
an mhaidin ghlórmhar sin Aoine an Chéasta
nuair d'árdaigh Brian an chrois i n-a
láimh ós a gcómhair agus iad cruinnighthe
cnuasta ar mhacaraíbh Cluain Tairbh.
Gurab amhlaidh a bheidh an sgéal againn go
bruinne an bhrátha!



D'eirigh leis na Sacsanaigh ins na
rudaíbh eile, acht “níl tuile d'á mhéad ná
trághann.” Is fada anois atáimíd ag
fuireach leis an Riaghaltas sa Bhaile,
agus tá sé againn fé dheireadh thiar thall. Ní
bheidh a thairbhe ar fagháilt againn, ámh,
go dtí go gcuirfar deire leis an gcogadh
millteach, mí-ádhbharach so, ach ní baoghal
dó anois. Annsan níl acht an t-aon rud
amháin — acht is rud tábhachtach é — chun
imnidhe a chuir orrainn agus sé rud é sin na
Teanga na n-Gaodhal.



Ag féachaint siar arís ar stair na
h-Éireann go dtí an t-am 'n-ar tháinig
Strongbó ar dtúis, sé rud is mó chuireann
iongnadh ar dhuine ná a luighead eolas atá
againn ar na daoinibh a sheas amach go
dána dásachtach i gcoinnibh an Ghalldachais
agus a thug a raibh ar an saoghal aca chun an
chreidimh agus na teangan thabhairt dúinn
díreach mar a bhfuaireadar iad. Ní raibh
Éire riamh gan daoine a bhí réidh chun báis
d'fhághail ar a son. Acht is beag moladh a
fuair na daoine a thug a saoghal chun an
chreidimh agus na teangan a choimeád beó
dhúinn, ó theacht na Sasanach, seachas mar
ba dhual dóibh. An moladh tugadh ar Bhrian
de bhárr a ghaisge i gCluain Tairbh, ba
dheacair é shárúghadh. Nuair a dh'imthigh
na Lochlannaigh is mór an rian d'fhágadar
ar an litridheacht, acht níor cuireadh síos
chómh beacht ar aon nídh eile dár thuit amach
i n-Éirinn riamh ó shoin. Agas ní gan fáth
é. Dá bhrígh sin ba cheart dúinn bheith
buidheach go deó de lucht scríbhinne agus
lucht cosanta ár seanchais (dá laighead a
bhfuil againn de), de'n Chéitinneach, de'n
Cheathrar Máighistrí agus d'á leithéidíbh. Muna
bhfuil an seanchas chómh soiléir againn agus
ba mhaith linn a bheith, is ceart dúinn a
chuimhneamh nach ortha san atá an milleán


L. 4


mar do dhein gach duine dhíobh a dhícheall,
agus is follus ó'n a sgríbhinnibh a fheabhas
is a thuigeadar mór-luach an t-seanchais.



Má's féidir linn cúrsaí ár sinnsear
do scrúdughadh agus do thuigsint indiu
agus aithris a dhéanamh ar a mbeathaidh, bíodh a
bhuidheachas againn leis na scríobhnóiribh
sin a chuir an seanchas i n-eagar i n-aimh-
dheoin gacha buaidheartha, nuair a bhí
scamaill an éadóchais ós ceann na tíre
go léir. A saothar agus a ndúthracht so is eadh
do chuir misneach ins na filíbh a tháinig na
ndiaidh. Tá a rian ar smaointibh na
mbárd do mhair i n-Éirinn le n-a linn
sin, ar an gcaoineadh agus ar an aisling;
ar an ndán diadha, seadh agus ar an ndán
dóchais do cumadh anois is arís chun na
cinn eile do shnadhmadh le n-a chéile. Acht
i n-aimhdhéoin a ndíchill, is amhlaidh a bhí a
gcómhacht ag dul i laighead agus cómhacht
a námhad ag dul i dtreise. Bhí an teanga
ag dul i n-éag i n-aghaidh an lae, agus bhí
na filí féin na dtost, nuair a tháinig
Gaedhil an lae indiu chun a cosanta.
Tamaillín eile agus is baoghalach go mbeadh
deire leis an nGaedhilg.



Acht cad é an tairbhe atá le baint
againn as an seanchas so go léir, nó cad
é an mhaitheas a dhéanfadh machtnamh ar
bheathaidh ár sinnsear dúinn-ne? Sé
rud is mó chuireann i na luighe orainn
a fheabhas atá an creideamh, a liacht daoine
do chaith a saoghal agus d'fhulaing bás ar a
shon. Sé an rud céadna chuireann a lán
daoine ná fuil an creideamh aca ag cur is
ag cúiteamh, mar is maith atá a fhios aca
nach gnáthach do dhuine a shaoghal do chaitheamh
ar neamh-nídh. Acht cad mar gheall ar an
obair seo na Gaedhilge? Is 'mó leathtrom
agus géar-chrádh d'fhulaing na Gaedhil bhochta
ar a son. Is 'mó duine do chaith a shaoghal
agus d'fhulaing bás ar a son. Cad na thaobh
gur dheineadar san? Ar dhaoine iad ná
raibh splannc céille na gcloigeann aca?
Ar dhaoine iad go raibh ana-dhúthracht aca
sa nGaedhilg, nó ar dhaoine iad go raibh
grádh d'á dteangain agus d'á dtír i n-a
gcroidhthibh agus go raibh sé buailte isteach i
na n-aigne gurbh fiú a ndícheall báis agus
beatha an Ghaedhilg do choimeád beo? I
seanchas na hÉireann iseadh a gheóbhaimíd
an t-eólas san. Is ceart dúinn é do
léigheamh agus féachaint cérbh iad na daoine
a chaith a saoghal ar son na hÉireann — na
daoine nár tháinig laige ná meathtacht
i n-a gcroidhe agus iad go millteach bocht fé
bhrón, fé ghéar-smacht ag namhaid Éireann.



Mar adubhart cheana is uathbhásach a
luighead eolas atá againn ar na gaiscidhigh
úd, acht is dócha ná fuil annsan leis acht
iarsma eile an droich-bheirt a chuir an
ghéirleanmhain orra súd. Is dócha gur
ag magadh fúinn-ne a bhí Riaghaltas
Shasana nuair a thug sé Sgoileanna
Náisiúnta mar ainm ar na sgoileannaibh
a thug sé dhúinn. Do cuireadh ar bun
iad súd d'aon ghnó chum an chreidimh,
agus teanga ár dtíre do bhaint uainn, agus is
beag nár eirigh san leó. Nárbh' orainn-ne
ba cheart an bród a bheith toisg gur
rugadh sinn n-ár leanbhaí sona Sasanacha.
Ní chualamar trácht riamh ar ghaiscidheach
ach ar Raleigh, Spencer, Wellington,
Nelson agus a leithéidí, bíodh is gurbh iad
na daoine as ar cheart dúinn bheith
riméadach bródamhail. D'á aimhdheóin
go léir do mhair cáil agus clú na bhfíor-laoch
i mbéal-oideas na ndaoine. D'fhágadar
dúinn an oighreacht luachmhar san agus is
ceart dúinn a mbeatha d'fhoillsiughadh
agus smaoineadh ar a ré, sar a mbeidh sé ró-
dhéidheannach. Tá cuimse mhaith de'n obair
déanta cheana féin, acht tá a lán le
déanamh fós. Fé dheireadh thiar thall tá
na daoine ag baint na ndúbhradán ó'n a
súilibh agus ag féachaint i n-a dtimcheall.
Táid ag cuimhneamh ar ár bhfíor-laochradh
féin arís agus ag déanamh a ndíchill chun
onóra agus urama a thabhairt dóibh i n-ionad
an dí-mheas a bhí orra leis na ciantaibh.


L. 5


Aon Ghaodhal a dhéanfadh machtnamh ar an
athrughadh sin atá ag teacht ar an dtír, ní
fhéadfadh sé gan dóchas a theacht i n-a
chroidhe go mór-mhór dá ndeineadh sé
machtnamh ar chúrsaíbh beathadh a shean agus
ar cadé mar a bhí ár dtír agus ár dteanga
ins na laethanntaibh do ghaibh thart. As an
machtnamh sin d'fhásfadh urraim mhór d'ár
sinnsearaibh, agus gheóbadh grádh do'n Ghaedhilg
greim docht do-sgaoilte ar ár gcroidhthibh.
Dá dtuigimís a chruadhacht is a bhí an
saoghal aca agus a ndúthracht ar son a dtíre
agus ar son a dteangan agus ar son a gcreidimh,
thiocfadh misneach ionainn chun ár gcuid
féin a dhéanamh agus le congnamh Dé ní bheidh
gan treabhadh mar ba bhaoghlach go dtí
le fíor-dhéidheanaighe. Leis na céadtai
is amhlaidh a bhíomar ag féachaint suas ar
an gcómhacht láidir bhí i n-ár dtimcheall
agus ag sodar le sálaibh Shasana. Anois
táimíd ag cuimhneamh arís ar “feara-choin
laochda na Banban aosta,” agus ní móide
a rádh gur fearrde sinn-ne an t-athrughadh.



Is níor ghann iad na feara-choin úd. Is
iomdha duine ag a raibh sé buailte isteach
i n-a aigne go raibh an Ghaedhilg ag dul
as, agus do dhein a dhícheall chun í d'aith-
bheódhughadh. Do rug grádh do'n Ghaedhilg
greim ar a gcroidhthibh agus an té go bhfaghann
grádh do'n teangain greim air, is amhlaidh
a bhíonn grádh d'á dhúthaigh ag dul i dtreise
as san amach aige. Ní raibh Éire riamh
gan daoine d'á sórd. Tá a n-ainmneacha
scríobhtha ar gach leathanach de sheanchas na
hÉireann. An ceart dúinn stair ár dtíre
do leigint ar díochuimhne? Cad chuige
saothar ár sean do shéanadh? Ní h-í an
teanga amháin atá uainn. Is mór san acht
is ceart dúinn fós cuimhneamh ar ár
sinnsearaibh. Is ceart dúinn smaoineadh
ar chás muinntear na hÉireann agus ar chás
teangan na hÉireann ins na laethanntaibh
do chuaidh thart. Sin é an leigheas is fearr
ar an mí-shástacht atá ag teacht ar
dhaoinibh indiu. Is amhlaidh atá an duine
ag dul i dtuirse. Níl aon mhuinighin
aige as an saoghal so agus tá sé ag dul
i ndí-chreideamh i dtaobh an tsaoghail
atá le teacht. An méid d'á aimsir ná
tugann sé go h-amplach ag pulcadh a
sparáin nó ag cur a cháile i n-áirde, nó ag
cur le n-a shámhairidheacht saoghalta,
caitheann sé é ag dúr-mhachtnamh ar
ghalaraibh a chuirp agus a intleachta. Cá bhfuil
leigheas is fearr le fagháil ar an ngalar
so atá ag cur éadóchais ar an saoghal ná i
seanchas agus i litiridheacht na nGaedheal?
Ar smaoineadh dúinn ar a mbeathaidh agus
ar a chruaidhe a bhí an saoghal le n-a linn,
ba cheart go mbeadh uraim mhór againn
dóibh agus fonn chun aithris a dhéanamh ortha.
Tá saghas luibh-leigheas ins na sean-
leabhraibh do'n chroidhe a bheadh “caithte
gan brígh nó líont' e phiantaibh.” Féach
ar cad a dheineadar fé gach anró agus a
luighead atá ghá dhéanamh againn-ne i n-a
ndiaidh agus fuasgail againn. Tá leabharlainn
bhreaghtha dheagh-ghléasta againn anois chun
pé eolas a bhéadh uainn dh'fhághail, agus is
fuiriste a dhéanamh amach cá bhfuil gach
rud le fagháil ins na leabhraibh féin. Tá
an gluaistéán agus an tréan ag Gaedhlibh
indiu chun dul ó áit go h-áit agus na leabhair
le léigheamh aca gan buidheachas d'aoinne.
Tá an saoghal go bog aca anois, chonách
san orra. Bhí a mhalairt de sgéal ag
ár sinnsearaibh ó theacht na Sasanach i leith.
Dá mba mhaith leó lámh-sgríbhinn d'fhagháil,
níor bhfuláir dóibh gan aon chnámh-
dhíomhaointeas a bheith orra, agus do b'éigean
dóibh an slighe do chuir díobh le siubhal
a gcos. Is dócha gur bheag leabhar a bhí le
fagháil i n-aon chor tar éis ar dhein na
Sacsanaigh de chreachaireacht. Ba bheag
clár a bhí leis na lámh-scríbhínnibh sin leis
agus pé rud a bhéadh ag teastáil ó dhuine,
níor bhfuláir do, iad a léigheamh tríd síos
chun é d'fhagháil. Is furas dúinn tromaidh-
eacht a dhéanamh ortha indiú, gur dheineadar
a leithéid de dhearmhad, acht is beag duine


L. 6


againn-ne a dh'fhéadfadh a leath a dhéanamh.
Mar sin féin, ba dhóigh leat orainn
uaireannta go ndéanfamaois gaisge ar
chorcán praisge agus gan de bhrígh n-ár gcor-
paibh féin acht mar chúbhrán na h-abhann.
Tá a fhios againn-ne anois nach gan
fáth a bhí Éire dubhach, dubrónac i n-aimh-
dheoin a h-áilneachta agus a sgéimhe agus is
follus leis connus a choimeád a ngrádh
dí, dóchas i gcroidhthibh ár sinnsear go
bhfeicidís arís í fé árd-mheas, fé réim
agus fé cháil. An dóchas san is eadh a thug
neart dóibh ar an dtroid a dhéanamh chómh
croidheamhail agus a dheineadar. Agus tar éis
a saothair go léir bhíomar á séanadh! Á ní
miste dom casaoid a dhéanamh ins na
briathraibh truagha so Aodha Bhuidhe Mhic
Chuirtín: —



“Trom an téidhmse thárlaidh dhaoibh
Idir mhnáibh agus mhacaoimh,
Ag séanadh seanrádh bhúr sean,
Comhrádh soluis bhúr sinsear.”



Anois arís táimíd ag músgailt ó'n
dtoirchim suain atá orainn le tamall,
agus ag smaoinead arís ar na laethanntaibh
san am fadó, agus ar na “laochraibh treas-
éachtach badh tréanmhar i ngleó.” Tá an
obair seo na Gaedhilge ag dul ar aghaidh —
go mall is go h-ana-mhall bfhéidir,
dár le n-a lán daoine, — acht níl aon
amhras acht go bhfuil sé ag dul chun cinn i
n-aghaidh an lae, agus dá bhrígh sin beidh a toradh
níos buaine ná mar a dh'fhéadfadh a bheith
muna mbeadh ann acht “fás na h-oidhche.”
Tá a lán daoine ann agus is amhlaidh a bhíonn
ana-dhúthracht aca sa nGaedhilg ar dtúis
acht nuair a chídheann siadh an neamh-
shuim agus an t-aineolas a bhíonn ag daoinibh
uaireannta innti, eirighid siad tuirseach
de agus deirid siad ná fuil ann acht gogaille
gó. Admhuighim nach dóichighe go n-eireóchaidh
sé linn go h-iomlán go ceann tamaill
acht ní ceart go gcuirfeadh san aon
bhuaidhirt orainn. Tá sean-fhocal ann agus
is é adeir sé ná “Ríoghacht gan duadh ní
dual go bhfachtar” agus deir Céitinn i
n-a Stair na hÉireann, “gurab í ríoghacht
Chinn Bhearraidhe iarras neach an tan
chuireas roimhe go huaill-mhianach céim do
rochtain is áirde ioná mar do fhéadfadh
do ghreamughadh.” Ní hí “ríoghacht Chinn
Bhearraidhe” atá uainn, acht ríoghacht a
dh'fhanfaidh ag sliocht ár sleachta go lá
deire an tsaoghail. Is ceart dúinn annsin
bheith foighneach, acht ar a shon san is uile
gan sgaramhaint le fiú screatal amháin
d'ár n-árd-smaointibh i dtaobh na
Gaedhilge. Ní féidir an teanga do chuir
dá labhairt i n-aon lá nó i n-aon bhliadhain
amháin. Is ionann san agus bheith ag iarraidh
“olna ar ghabhar nó abhras ar phocán,”
acht is ceart dúinn a chuimhneamh “go
mbailigheann brobh beart agus go ndeineann
beart stáca.” Tá an obair ag dul ar
aghaidh maith go leór anois agus níl baoghal
air i lámhaibh Gaodhal fonnmhara an lae
indiu. Mar sin féin, is ceart do gach
aoinne a chuimhneamh, go bhfuil sé de
dhualgas air a chion féin a dhéanamh agus an
fhuasgailt atá againn anois seachas an
bhuaidhirt a bhí ar ár n-aithreachaibh. Mar
sin, pé geal iad na smaointe a chuireann
“ainnir na h-aislinge” i n-aigne an
Ghaedhilgeóra is dúthrachtaighe indiú ní
baoghal ná go gcinnfidh na neithe a thuitfidh
amach i ndáríribh orra sud agus sin le
congnamh Dé i n-achar beag aimsire.
Anois féin is féidir linn briathra an
fhile a chanadh don ainnir úd gan
puinn amhrais orainn acht gur gearr go
gcómhlíonfar iad: —



“Gan buidheachas do sméirlibh, a réaltan
gheal óg,
Beidh do theanga breagh Gaedhealach dá
labhairt agat fós,
Do chláirseach bhinn-téadach ag sgeitheadh
na gceól,
A mhúirnín 's a rúin dhil mo chroidhe!”



TOMÁS Ó GALLCHOBHAIR.
(Cluain Uamha).


L. 20


MOLADH AN MHAINGE.



Fuaras an t-abhrán so ó mhnaoi i n-Uibh
Ráthaigh. Ní dóigh liom gur cuireadh
clódh roimhe so air. — T. Ua M.



I.



Níl aon tsean-bhean aosta bheadh tréith lag
le seachtmhain,
Ná beidh sí siúd amárac chómh láidir le
h-asal,
Mar gheóbhaidh sí an trócaire 'gus an
glóire, mar mheasaim,
'S is mairg ná triallfadh an bhliadhain
seo cois Mhainge.



II.



Cois Mhainge mar bhíonn siad, ba, caoirigh
agus gamhna,
Bíonn uachtar, bíonn im ann agus mór-
chuid de'n leamhnacht,
Bíonn an eórna ann na slaodaibh agus
féar glas go glúinibh,
Agus ceól binn ag éanaibh gach aon mhaidin
drúchta.



III.



Níl caora maidin drúchta gan cúpla 'gus
iad ag léimrigh,
Níl bó maidin shamhraidh gan gamhain nó dhá
laogh aici,
Níl aoinne óg ná críonna gan múineadh gan
béasa,
Níl ubhall-ghort gan ubhall ann ná caor-
thainn gan caora.



IV.



Bíonn gealach, bíonn grían ann, bíonn
Dia ann is a mháthair,
Bíonn an dá Aspal déag ann ag déanamh
na Cásca,
Bíonn na h-aingil 'na ndiaidh ann cé gur
ró-bhreágh a gcáile,
Bíonn an trócaire ó Dhia ann ag an té
fhéadann é sholáthar.



V.



Bíonn an cúirliún go meidhreach, lon
grinnmhear go fáiltheach,
An chearc uisge, an tradhna 'gus go
meidhreach an bárdal;
Bíonn an eala gheal ar linn 'gus is aoibhinn
mar shnámhann sí,
'Gus an phéacóg d'á cíoradh mar shíodaidhe
na Spáinne.



VI.



Tá gleann ag an Hórach, sé is córa dhúinn
a mholadh;
Tá gleann aige Dómhnall mar a bhfásann
na tortha;
Bíonn airgead, bíonn ór ann, agus
fóireann sé ar bhochtaibh,
Agus laoigh ag buaibh óga ar feorthann
an locha.



VII.



Tá gleanntáinín íseal idir Baoi 1 theas
agus Breanndain 2
Mar a bhfuighead adhmad dom' thigh ann agus
fuighleach de'n chrann-dair,
Idir lochta agus bíoma, agus dá aoirde
é chuirfinn ceann air,
'Gus scuab sé mór-dtímcheall ó thíortha
na gleannta.



1 Dún Baoi, Dunboy, near Bantry.



2 Cnoc Bréanainn, Brandon Mt., in Corkaguiney,
Co. Kerry.


L. 27


CATH NA BÓINNE.



“Do cuireadh an chéad bhriseadh orainn ag
Droichead na Bóinne,
An dara briseadh ag droichead na Sláinge,
An tríomhadh briseadh i n-Eachdruim Uí Cheallaigh,
'S a Éire chubhartha mo chúig chéad slán leat.”



(Slán chun Pádraig Sáirséal).



'SAN aimsir atá againn anois ní'l cainnt
ar aon rud acht ar an gcogadh mór millteach
atá ag cur an domhain mhóir fré chéile.
Cogadh uathbhásach é go cinnte, cogadh ná
facthas a leithéid ariamh. Go dtugaidh
Dia nach bhfeicfear a shamhailt de chogadh
arís go deó.



Ag machtnamh dhúinn ar an gcogadh mór
atá ann indiu ritheann ár smaointe
síar tré na bliadhantaibh go dtí ar cuireadh
de chathaibh móra ariamh. Agus is iomdha
cath a cuireadh! Is mion, minic a sheas
sluaighte i n-aghaidh a chéile agus dearg-
chúthach ag gach sluagh aca leis an sluagh
eile. Is iomdha fear tréan, is iomdha
gaisgidheach galánta, is iomdha laoch lán-
chalma a marbhadh ar fhaithche troda.



Éire féin — beag 's tá sí — chonnaic sí
catha móra millteacha. Is iomda uair a
bhí a bánta agus a h-aibhne dearg le fuil,
iomdha lá a raibh claidhmhthe Fear Fáil
ag soillsiughadh 'san ngréin. Cath mór
millteach dob' eadh Cath na Bóinne — an cath
atámuid le cur faoi air anois.



'Sa gcéad dul amach, ní misde dhúinn
eólas a bheith againn ar riocht na tíre
fa'n aimsir atá i gceist againn — .i.
deireadh na seachtmhadh h-aoise déag. Tá
a fhios againn go bhfuair an dara Séarlús
bás 'sa mbliadhain 1685, agus go bhfuair
a dhearbhráthair, Séamus, an choróinn i n-a
dhiaidh. Catoiliceach maith do b'eadh Séamus
agus ba lúthgháiseach an sgéal é do
Chatoiliceachaibh na h-Éireann é bheith n-a
rí ortha, mar cheapadar go raibh deireadh
le n-a ndian-fhulang agus le n-a ngéar-
leanamhaint anois. Tháinic an sagart
bocht amach a h-uaimh na talmhan agus
ní raibh faitchíos air roimh solus an lae
mar bhí roimhe sin. Do b'fhéidir leis anois
an t-Aifrionn Naomhtha a ofráil gan eagla,
agus na Sacramaintí a thabhairt d'á thréad
a dh'fhan go dílis d'á gcreideamh thar
éis ar fhulaingeadar.



Agus bhí rún daingean ag Séamus
a gceart fhéin do thabhairt ar ais do
Chatoiliceachaibh na h-Éireann. Acht bhí
Protustúnaigh agus daoine nárbh' iad
i n-Éirinn chomh maith leis na Catoiliceachaibh
agus níor mhaith leó-san chor ar bith Rí
Catoiliceach a bheith mar rí ortha agus
fós Rí Catoiliceach a raibh grádh aige ar a
Chreideamh. Ar an ádhbhar sin, nuair thosuigh
Séamus ag tabhairt post maithe do
Chatoiliceachaibh, bhí a raibh de Phrotustúna-
chaibh i nÉirinn agus i Sasanaibh ar
buile. Dubhradar go raibh an rí claon-
bhreathach do na Catoiliceachaibh. Tugadh
ceannas na saighdiúirí do Chatoiliceach
dár shloinneadh Talbot, agus rinneadh
Iarla Thír Chonaill de. Fear mar Shéamus
fhéin do b'eadh eisean. Fear neamh-chríona,
saobh-dána. Bhris sé go leór oifigeach agus


L. 28


saighdiúirí Protustúnacha agus chuir sé
Catoilicigh i n-a n-áit. Rinne sé freisin
breitheamhna agus sirríaimh de Chatoiliceach-
aibh — rud nár dearnadh le tamall roimhe
sin. 'Sa dheireadh, rinneadh fear ionaid an
Rí 'n Éirinn de Thalbot. Ar a chloisint
sin do na Protustúnaigh tháinic sgannradh
ortha mar cheapadar nach mbeadh “cothrom
na Féinne” le fagháil acu, óir nach raibh
mórán díobh 'san tír i gcompáird leis na
Catoiliceachaibh. Na h-oifigigh agus na
saighdiúirí a bhris Iarla Thír-Chonnaill
chuadar go Tír-Faoi-Thuinn (Holland)
agus d'innsigheadar a scéal do phrionnsa
a bhí ann dárbh' ainm dhó Liam. Bhí seisean
pósta le Máire, inghin Shéamuis. Níor
Chatoiliceach Liam agus ar an ádhbhar sin
d'iarr Protustúnaigh Shasana agus
Éireann air teact anall agus go dtiubhar-
faidís an choróinn dó.



Nídh nach iongnadh, tháinic seisean an
cúigmhadh lá de Shamhain, 'sa bhliadhain 1688.
Thug sé leis cabhlach mór agus cúig mhíle
déag fear. Bhí na Sasanaigh agus na
Protustúnaigh a bhí i nÉirinn go lúthgháireach
nuair a tháinic Liam. Chuireadar céad míle
fáilte roimhe i ngach áit. Nuair a chonnaic
Séamus sin, do ghlan leis as an tír.
Dubhairt na Sasanaigh annsin go raibh sé
imthighthe go deó agus rinneadar rí de
Liam. Acht ní mar sin do Chatoilicigh na
h-Éireann. Bhí fhios acu go rígh-mhaith an
ceart a bheadh le fagháil acu o Rí nach
raibh 'n-a Chatoiliceach.



Ar an ádhbhar sin dubhradar nach
ngéillfidís go deó i n-Éirinn d'aon rí
acht do Shéamus.



Bhí Iarla Thír-Chonaill ar aon inntin leó.
D'éirigh sé féin agus iad-san amach agus
ghlacadar seilbh ar na bailtibh móra ba mhó
a bhí 'sa tír. Acht ní raibh aon ghléas ceart
cogaidh ná aon úirlisí catha slachtmhara
acu mar bhí sé i n-aghaidh dlighe Shasana
Catoiliceach a bheith 'n-a ghabha, ná gunnaí a
bheith aige. (Agus b'shin é an dlighe nach
raibh claon-bhreathach!) Do theip ar
Iarla Thír-Chonaill agus a shluagh beag
seilbh Dhoire d'fhagháil — cé gur fhanadar
céad agus cúig laetheannta 'ghá ionnsughadh.



Nuair a chonnaic Séamus go raibh na
h-Éireannaigh ag troid ar a shon tháinic sé
fhéin go h-Éirinn i mí Mhárta 1689. Thug
sé scata beag oifigeach leis agus Pádraig
Sáirséal mar aon leobhtha. An bhliadhain
'n-a dhiaidh sin, 1690, tháinic Liam fhéin
agus sluagh allmhurach leis — Franncaigh,
Lochlannaigh, agus treabha eile meascaighthe
le chéile ann. Tháiniceadar i dtír i
gCarraig Fhearghusa.



Bhí Séamus agus a shluagh ag Dún
Dealgan acht chuaidh sé ar ais gho dtí'n
bport dheas de'n Bhóinn i n-aice Sean-
Droichid (Oldbridge). Tháinic Liam i n-a
dhiaidh agus chuir sé féin agus a shluagh
fútha ar an taobh thuaidh de'n abhainn. Bhí
dachad míle saighdiúirí cliste deagh-ghléasta,
agus deagh-oilte i gcleasaibh cogaidh ag
Liam, acht ní raibh ag Séamus acht tuairim
cúig míle fichead fear. A bhfurmór díobh-seo
gan armáil ar bith aca acht sleagha agus
pící, agus fós gan eólas ar bith acu ar
chleasaibh cogaidh. Rud eile dhe, bhí Liam
'n-a shaighdiúir tréan, calma agus 'n-a
oifigeach cliste freisin. Maidir le
Séamus ní raibh sé leath chomh tréan nó
chomh cliste agus ní raibh mórán cath-
eólais aige. Bhí a fhios sin ag a shaighdiúiríbh
freisin mar th'réis an chatha dubhairt duine
d'á chuid oifigeach (deir staruidhthe eicínt
gurb' é an Sáirséalach adubhairt é)
le h-oifigeach de mhuintir Liam — “déan
malairt taoiseach linne” ar seisean
“agus troidfimíd arís sibh.”



Go moch ar maidin an deichmhadh lae fichead
de Mheitheamh 1690, chonnaic Séamus agus a
shaighdiúirí sluagh Liam ag teacht 'n-a
dtreó féin agus Liam ag marcuigheacht
go calma ag a gceann. Bhí imnidhe ar Liam
nó go bhfeicfeadh sé cé'n sórt tíre a bhí
timcheall.


L. 29


Ag marcuigheacht dó taobh na h-aibhne
sgaoileadh urchar leis ó shluagh Shéamuis.
Buaileadh ar an ghualainn é agus cuireadh
an ghuala as ionad. Cheap lucht Shéamuis
gur marbhadh é agus leigeadar gáir mhór.
Acht ba bheag le Liam an ghoin agus le n-a
theasbáint d'á shaighdiúiribh go raibh sé
slán d'imthigh sé 'n-a measg ag mar-
cuigheacht.



Chaith Liam an tráthnóna sin — an
tráthnóna roimh an gcath — ag socrughadh
agus ag riaradh gach nídh i gcomhair na
maidne. Bhí faoi dhul treasna an átha ag
Sean-Droichead le furmhór a shaighdiúirí,
agus an chuid eile do chur le seilbh
d'fhaghail ar áth a bhí ag Baile Sláinge, 'sa
chaoi go dtiocfaidís ar chúl sluaighe
Shéamuis. Maidir le Séamus an tráthnóna
sin, ní raibh fhios aige i gceart céard
a bhí sé a dhéanamh chor ar bith. Bhí sé ag
cur 's ag cúiteamh leis fhéin. Chomhairligheadh
sé rud anois agus ar ball thiocfadh sé
ar ath-chomhairle. Bhí sórt faitchíosa
air freisin. Bhí fhios aige go maith nach
raibh a chuid fear leath chomh chliste ná chomh
oilte i gcleasaibh cogaidh is bhí saighdiúirí
Liam. Bhí fhios aige nach raibh aon armáil
cheart acu seachas an armáil a bhí ag
saighdiúiríbh Liam. Fós níor chuimhnigh
sé gurbh' fhéidir le saighdiúiríbh Liam
teacht treasna na h-aibhne ag Baile
Sláinge agus a shluagh féin d'ionnsughadh
ar gcúl. Níor chuimhnigh sé air sin go
raibh sé deireannach, acht “b'fhearr bheith
deireannach ná ró-dheireannach.”



Tháinic lá an chatha — an chéad lá d'Iúl,
1690. Lá breagh geal a bhí ann. Go luath
ar maidin shéid beann bhuabhaill an
“generale” agus bhí gach rud 'n-a rí-rá
annsin. Saighdiúirí ag dul annso, agus
saighdiúirí ag dul annsúd, oifigigh ag
órdughadh an roda sin agus an roda siúd —
gach aon ag déanamh a oibre féin. An
ghrian gheal ag taithneamh ar an dá shluaigh.
Ba chuma léithi cia'cu a bhuaidhfeadh. An
abha ag gluaiseacht go ciúin, socair
dí féin, gan eólas aici go mbeadh sí dearg
le fuil na bhfear a bhí ar a portaibh i gceann
uaire eile.



Bhí go maith, agus ní raibh go h-olc.
'Sé an chéad rud do rinne Liam 'ná cuid
d'á saighdiúiríbh — deich míle fear agus
cúig gunnaí móra leó — a chur go Droichead
Sláinge a bhí cúig míle uaidh. D'órduigh sé
dhóibh-seo dhul treasna na h-aibhne ag
Baile Sláinge, agus ag Ros na Rí freisin
nach raibh acht dhá mhíle ó Sean-Droichead,
agus sluagh Shéamuis d'ionnsughadh o'n
gcúl. Nuair a chonnaic Séamus sin chuir
sé Niall Ó Néill agus cúig chéad fear
faoi n-a stiúradh, chun sluagh Liam
d'ionnsughadh. D'ionnsuigh an dá shluagh
seo a chéile go fíochmhar ar feadh uaire an
chluig. Marbhuigheadh Ó Néill, agus
bhí an cath ag dul ar a chuid fear nuair
tháinic congnamh dhóibh ó Shean-Droichead.
Cheap Séamus go mbéadh an chuid is mó den
gcath ag Sláinge, agus ar an ádhbhar sin
chuir sé Lausun agus cuid mhaith fear,
agus marc-shluagh freisin síar ann. Chuir
sé ann freisin gach gunna mór a bhí aige.



Chuir Lausun a chuid fear ar thaobh
chnuic agus bogach idir iad agus saighdiúirí
Liam. Ar an ádhbhar sin bhí faitchíos ar
shaighdiúiríbh Liam Lausun d'ionnsughadh
nó go dtiocfadh tuilleadh d'á sluagh féin.
Annsin d'ionnsuigheadar sluagh Lausun
agus bhuaidheadar ortha thar eis tamaill.
Ní dhearna Liam faic nó go dtáinig teacht-
aire chuige 'ghá innseacht dhó go raibh buaidhte
ag a shaighdiúiríbh ar shluagh Shéamuis agus
go rabhdar imthighthe treasna na Bóinne ag
Droichead Sláinge. Annsin thug sé órdughadh
d'á shaighdiúiríbh dhul treasna an átha ag
Sean Droichead. Fhaid is bhí a shaighdiúirí
ag dul treasna an átha seo thosuigh gunnaí
móra Liam a bhí thuas ar chnoc aige ag
pléasgadh piléar isteach ar na Gaedhealaibh.
Bhí na cnuic ag luasgadh leis an ngleó.
Maidir le sluagh Shéamuis ní raibh aon


L. 30


ghunnaí móra aige ag Sean-Droichead.
(Na sé cinn a bhí acu chuir Séamus go
Sláinge iad). Fós ní raibh aon díon ná
foscadh ag sluagh Shéamuis acht fáil sgeach
agus cúpla sean-tighthe a bhí ar an taobh
theas de'n abainn. Acht ba ghairid siar ar
ghunnaíbh Liam na fáil sgeach agus na
sean-tighthe seo.



Ar an ádhbhar sin ní h-iongnadh ar bith
go ndeachaidh deich míle de na saighdiúirí
do b'fhearr a bhí i Roinn na h-Eorpa an
t-am sin, go ndeachadar treasna na
h-aibhne agus gunnaí móra Liam ar a gcúl
ag réabadh sluaighe Shéamuis. Ní h-iongnadh
acht an oiread nach ndearna sluagh
Shéamuis faic nó go raibh sluagh Liam ar
fad ar an taobh thuaidh de'n abhainn.



Acht céard é sin? Chomh luath is shroich
sluagh Liam talamh d'éirigh gáir mhór
fhiadhán ó shluagh Shéamuis. D'fhéach saigh-
diúirí Liam thuas — na saighdiúirí a throid
go mion, minic ar fhaithche catha ar feadh
a saoghal — agus chonnaiceadar sluagh
Shéamuis — fir go leór aca nach raibh i gcath
ariamh — chonnaic sluagh Liam iad-san ag
déanamh ortha go tréan síos le fánaidh na
h-aibhne agus iad ag sgreadaighil mar
bheithidhigh éigcéillidhe na bhfásach. Acht
sheas an cleachtadh a bhí ag saighdiúiribh
Liam, leóbhtha, agus ba ghearr gur chuir-
eadar an ruaig ar na Gaedhealaibh. Acht
níor bhain sin an misneac ó na Gaedhealaibh.
Thángadar de ruathar arís agus arís acht
buaidheadh ortha. Agus cérbh' iongnadh?
Ciarbh' iad na h-úirlisí catha a bhí aca acht
sleagha agus pící agus cér' mhaith iad-san
'n-aghaidh gunnaí agus púdair?



Tar éis tamaill tháinic Mac Amhaltoinn
agus marc-shluagh aige agus rinneadar
ar sluagh Liam go tréan, tapaidh. Mar
adeireadh seanchaidhe “rinneadar an bog
cruaidh, agus an cruaidh bog.” Bhí rún aca
a theasbáint do'n tsaoghal cé'n misneach
a bhí i saighdiúiríbh Gaedhealacha. Chuimhnigh-
eadar ar ghail agus ar ghníomh a sinnsear.
Bhíodar ag troid ar son creidimh agus
tíre. Tháinic scannrad ar shaighdiúirí
Liam rómpa. D'ionntuigheadar a gcúl
dóibh agus bhíodar ag baint na sál d'á
chéile agus iad ag rith le n-a n-anam
treasna na h-aibhne. Ní raibh na
“Huguenots” luath a ndóthain ag teicheadh
agus cuireadh iad fa chosaibh na gcapall.
Marbhuigheadh a gceann-phort Calmiotte.



Bhí Schomberg ar an taobh thall de'n
abhainn agus nuair a chonnaic sé a chara
Calmiotte ar lár, d'imthigh leis go beó
tapaidh treasna na h-aibhne le sásadh
a bhaint amach as ucht báis Calmiotte.
Acht níorbh' fhada go raibh sé fhéin chomh
marbh le Calmiotte. Fuair sé urchar 'sa
mhuinéal agus thuit sé marbh.



Nuair chonnaic Liam go raibh ag éirghe
leis na Ghaedhealaibh ag Sean-Droichead agus
go raibh Schomberg ar lár d'éirigh sé
fhéin amach. Bhí a ghuala gointe o'n
urchar a buaileadh air an tráthnóna roimhe
sin, acht mar sin fhéin ghléas sé é fhéin i
n-airm agus i n-éide catha. Chuaidh sé ag
marcuigheact ar a chapall agus d'orduigh
an chuid eile d'a shluagh dhul treasna na
Bóinne. D'imthigh sé fhéin isteach 'san uisge
ar dtús agus do ghlaoidh ar a chuid fear
é a leanamhaint. Bhí an taoide ar tuille
anois agus ba dheacair dhul treasna na
h-aibhne mar gheall ar an doimhineacht
a bhí innti. Acht 'sa dheireadh d'éirigh leó.
Ní fada a bhí Liam ag déanamh líne d'a
chuid fear nuair a shroicheadar talamh.
Dhein sé fhéin agus a shluagh ar na
Gaedhealaibh agus do dheineadar na Gaedhil
agus Beruic mar cheann ortha, ar shluagh
Liam. Ba nimhneach an ruathar é. Ba
faobhrach an cath a bhí eatortha. Na capaill
féin bhíodar ar buile agus cubhar le n-a
mbéul. Fir ag tuitim, capaill ag cur
faoi na gcosaibh iad, fir eile dá mbáthadh,
na gunnaí d'á bpléasgadh. Gach uile rud
'n-a rí-rá. Gleó agus torann agus
sgreadaighil. Chuir Beruic agus a chuid


L. 31


fear an ruaig ar lucht Liam. Theicheadar
uaidh, agus báthadh a lán aca ins an abhainn.



Acht tháinig Liam arís. Fear misneamhail
do b'eadh é. D'ionnsuigh na Gaedhil arís é.
Ba dheacair a rádh cia aca a bhuaidhfeadh.
Anois bhí an cath ag dul ar na Gaedhealaibh.
Theighdís siar giota beag acht thagaidís ar
aghaidh arís agus chuiridís an ruaig ar
shluagh Liam. Mar sin dóibh ag teicheadh
anois agus ag ionnsuighe arís ar feadh
an lae. 'Sa dheireadh bhí sluagh Liam ag
éirghe ró-láidir dhóibh. Bhí Liam féin ag
troid chomh maith le fear ar bith agus é
ar cheann a shluaighe.



Maidir le Séamus thug sé a órduighthe
uaidh ar maidin, agus d'imthigh leis annsin
go teampall beag a bhí ar bharr chnuic
Dúna Uabhair. As an áit sin bhí radharc
maith aige ar an gcath acht ní raibh sé fhéin
ag troid.



'Sa dheireadh nuair chonnaic sé go raibh
an lá ag dul i n-aghaidh a shluaighe féin
agus go raibh sluagh Liam 'gha dtiomáint
rómpa go dtí Dún Uabhair agus Bothán
Caorach (Sheephouse) ghlac sgannradh é,
agus lasg leis chomh mear is bhí 'n-a chosaibh
go Baile Átha Cliath, agus thug dá chéad
marcach mar lucht cosanta leis. Deir
staruidthe éigin gur thug sé an Sáirséalach
leis freisin, agus go raibh seisean ar
buile de bharr é a thabhairt leis ó fhaithche
an chatha.



B'shin é Séamus duit anois, a
léightheóir. Nuair a bhí a shaighdiúirí
dúthrachtacha ag troid ar a shon agus
ag troid ar son a dtíre, d'imthigh Séamus
uatha agus d'fhág annsin iad. Deirtear
nuair shroich sé Baile Átha Cliath gur
thosuigh sé ag déanamh cúl-chainnte ar na
Gaedhealaibh, go ndubhairt sé gur
chladhairí a bhí ionnta. Dubhairt sé le
bean Iarla Thír-Chonaill (Gaedheal do b'eadh
í féin) dubhairt sé léithi nach raibh aon
mhaith leis na Gaedealaibh ag troid,
gur theicheadar ó fhaithche an chatha chomh
luath is chonnaiceadar an námha. Acht
bhí freagra ag an mhnaoi uasail dhó.
“Má's fíor é sin duit” ar sise, “comh-
gháirdeachas leat a Rí. Bhuaidh tú ortha
go léir ins an rás.” Choinnigh an freagra
sin béul Shéamuis ar a chéile. D'imthigh
leis go Cionn-tSáile agus as sin go
dtí'n Fhrainnc.



Anois caithfimid féachaint céard d'éirigh
do na Gaedhealaibh calma a bhí ag troid go
cródha cróganta ag Dún Uabhair. Ní
raibh ag éirghe go geal leó chor ar bith,
mar bhí an iomarca fear ag Liam i n-aghaidh
gach saighdiúra Ghaedhealaigh. Acht níor
bhain sin an misneach uatha. Bhíodar
sásta bás d'fhagháil acht bhí rún aca troid
a dhéanamh chomh fhada is do b'fhéidir leó.
D'imir Liam cleas ortha. Nuair a bhí na
Gaedhil ag ionnsughadh an námhad go dian
dícheallach d'imthigh scata de shluagh Liam
agus chuadar i luigheachán gach taobh de'n
bhóithrín a bhí ag dul go Bothán Caorach.
Nuair tháinig na Gaedhil ar ais thar éis
ruathair a dhéanamh, d'éirigh an dream
seo amach agus thosuigh ag caitheamh leó.
Bhíodar an-ghar leó agus ar an ádhbhar
sin marbhuigheadh a lán de na Gaedhealaibh
sul a raibh fhios acu cé'n sórt tubaiste
d'éirigh leo chor ar bith. Nuair bhí gach uile
rud 'n-a rí-rá annsin ameasg na
nGaedheal d'ionnsuigh an chuid eile de
shluagh Liam iad agus cuireadh iachall
ortha imtheacht i ndiaidh a gcúl. Acht
má bhíodar ag imtheacht féin bhíodar ag
troid, agus ní le faitchíos a bhíodar ag
imtheacht. 'Sa dheireadh, chonnaic Liam nach
raibh aon mhaith iad d'ionnsuighe níos sia.
Bhí sé sásta nuair a fuair sé an bhuaidh
ag an abhainn agus nuair a bhí buaidhte
aige ar Shéamus. Caoi ar bith níor mhaith
leis ariamh ár nó sléachtadh agus cheap
sé go raibh an iomarca fola doirtthe an
lá sin.



D'imthigh na Gaedhil ó dheas go Baile
Átha Cliath agus as sin go Béul Átha


L. 32


Luain agus Luimneach — áiteacha 'n ar
casadh Liam agus a shluagh ortha arís. Thug
Séamus comhairle dóibh géilleadh do Liam.
Acht níor cheap na laochraide seo gur
comhairle a leasa a bhí ann.



Bhí an cath thart anois. Deir staruidhthe
éicint dá mba rud é go mbeadh oifigigh
agus ceann-phuirt mhaithe chliste i sluagh
Shéamuis go mbeadh an buaidh aca. Acht ní
móide gur ceart an bharamhail sin mar
bhí an iomarca fear cliste ag Liam
agus an iomarca armála agus gunnaí.
Agus mar adubhramar cheana bhí Liam
féin mar cheann ortha seo, agus gan
bhréig gan áidhbhéil, bhí sé ar na saigh-
diúiríbh ba mhó clisteacht agus stuaim agus
dob' oilte i gcleasaibh cogaidh an ama sin.



B'shin é Cath na Bóinne. Ba mhillteach an
cath é. Ba feargach, fíochmhar an cath é.
Is fíor go bhfuil catha ann indiu atá i
bhfad níos milltighe agus níos mó 'ná
Cath na Bóinne. Acht cuimhnigh ar an
armáil agus ar na h-úirlisíbh catha atá
ann indiu seachas a raibh ann i ndeireadh
na seachtmhadh h-aoise déag. Ní
“howitzers” nó “mortars” nó luing
aeir a bhí ag ar sinnsir ag Cath na Bóinne,
acht pící agus sleagha agus cúpla gunnaí
móra nach raibh aon mhaith leó seachas
na gunnaí ata anois ann. Acht mar sin
fhéin do throid ár sinnsir go calma cródha,
i n-aghaidh námad a gcreidimh agus a
dtíre. Bhíodar ag troid ar son an chirt
agus bhí fhios aca go



“gCaithfidh an neart do'n cheart do
stríocadh
Is caithfidh an ceart 'n-a cheart bheith
suidhte.”



Cuimhnighmís go minic ar na laochraibh
calma seo a throid chomh tréan ag Cath na
Bóinne. Níor éirigh leó go cinnte, acht
mar sin féin cúis bróid is eadh dhúinne —
a gclann — an troid a rinneadar ar son
“creidimh agus tíre.”



Cuimhnighmís go minic ortha — ar a
gcródhacht agus ar a gcalmacht — agus
má's rud é go bhfuil orainne troid a
dhéanamh ar son ár gcreidimh nó ar son
ár dtíre, déanaimís aithris ar ár sinnsir
a throid chomh dian dúthrachtach ag Cath na
Boinne 'sa mbliadhan 1691 ar son “glóire
Dé agus onóra na h-Éireann.”



MICHEÁL Ó FALLAMHAIN.



A Íosa, a Spiorad Naomhtha, a Athair is 'Uain
A thug fíor-fhuil do thaoibhe dár gceannach go cruaidh
Bí 'mo dhídean, bí 'mo smaointibh, bí ar m'aire gach uair
Má's suidhe dhamh, má's luighe dhamh má's seasadh, ma's suan.



Cathal Buidhe Mac Giolla Ghunnaibh, cct.


L. 39


SCIATHLÚIREACH CHOLAIM CHILLE.



Aingeal Dé dom dhíon fán gcaingean clé
adchiam;
Seacht n-aiste n-ógh, sluagh nách blaiseann
biadh;
Seacht n-Árcaingeal ann, ráth-mhainear
riom;
Seacht gcloidhmhte na gceall, mar chóimhdhe
ós mo chionn;
Seacht sínnsear, seacht n-ógh, nár méilltear
m é tríd;
Seacht scéithe ar mo scáith 'na gcléith go
bráth bím.
Bí liom a Dhé dhil, uim cheann ge bé raibh. —
Seacht gcaingin mo chuirp, seacht gcur-
aingil air.
Cor díobh Mícheal mór, a ghlór ní rádh
fann;
Ruithneal na ráith riom, dlúithfhuighear
bláith a bhairr;
Cor díobh Uirealán, leis gach slán go seach;
Cor díobh Sareal sruith, báinniamh díor 'na
dhreach;
Cor díobh Raepheal réidh, a chéim is céim
glan;
Cor díobh Paineal dian; Gaibreil cia ar
nách car.
Seacht gcuir ar chróinn Dé, mar is fearr
fuil faoi
Aon chor ceann i gceann, geabhthar liom gach
laoi.
Míchéal liom gach Luan, teann nách díthcéill
dáil;
M'aingeal fionn-sa féin, daingean liom-sa
am láimh;
Ruithneal liom air sin, ós cíonn gacha cuir
Mo shláinte-se air, san Mháirt-se som luidh.
Uiseal fionn na bhfeart; sciath Uiseal
ream ucht
Is leis éagcáoinim mh'olc san gCéadaoin
ream chorp.
Saiseal aingeal búidh, go daingean am
dháil
Dom dhíon gach Dardaóin, ar ghníomh is ar
ghráin.
Raepheal fionn na bhfeart ós mo chionn go
ceart
San Aoine ream ucht nocha náoidhe a neart
Paineall ó phort Dé, dom dhíon ar mo
dhruim
Ar teidhim Sathrainn seing 's ar fheadhm
Chathairm Chuir.
Gaibriel cealltair chruaidh, as é an seacht-
mhádh slán
Gach Domhnach dom dhíon, ar fhoghlaibh, ar ár.
Na seacht gcuir sin Chríost; Críost féin
ream shlios
Dár saora fá seacht ar bhaoghal, ar bioth,
Ar threasaibh, ar thóir, ar ghreasaibh, ar
ghliadh,
Ar phianaibh, ar phláig, ar dhiabhlaibh am
dhiaidh,
Ar shainnt uim nídh acht neamh, ar nídh nách
bí bail,
Ar chraos is ar chol, is ar dhol re baos
ban,
Ar dhúrcháine ngéar, ar urchóid na ndúl —
Aingeal dé dom dhíon, ó sé is daingean
dúinn.


L. 40


Victor Aingeal árd, gach lá ar mo lorg,
Aingeal nách clé ceard, daingean nách
tréith tolg,
Dá Apstal déag Dé, ar dhóirsibh na n-dúl
An Cuire Naomh nár, Muire mar aon liom.
Guidhim Aindreas úr, ar mo chúl roimh cháich
'San dá Iacob Naomh na scéith ar mo
scáith —
Pilib, Peadar, Pól, Párthalónn na
bpeann,
Muire an fhíor-ógh fhionn liom agus Siómón
seang;
Tomás liom gach laoi, éarlamh is fearr é —
Go méaduighthear mé re deagh-Apstail Dé.
Barnabas na mbuadh, don teaghlach is
tréan,
Lucht ríghthíghe an Ríogh is fíor-ghlaine
préamh;
Matha am dheis dom dhíon, ar gach h-aithis
n'uilc,
Go saoraidh mé Marc, don thaobh clé mo
chuirp,
Matias fionn, Pól liom, ar gach niomh-
shlógh nár
Amhail bhíos mheach úr, fúm shíos re lár;
Lúcas ós mo chionn, ar dheamhnaibh go
ngliadh
Bíodh Éoin agus Éoin róm, is am dhiaidh;
Peadar tharom shuas go mba buan bhias
leam,
An cómhladh nách gann, dom saora ós mo
cheann.
Na h-árdaingil go ceart, dom dhíon ar
neart n-uilc;
Seacht bpríomh-chóinnle an chirt, do shíor
choimhdhe mo chuirp.
Sciath Charad fám chlí; scíath nách gabhadh
gaoi,
Spiorraid dúilig Dé, mo lúireach gach laoi.
Críost tharom, Críost fúm, Críost ceachtar
dom dhá thaobh,
Go dtigh am chroidhe 's am chlí Rí nimhe na
Náomh —
Rí nimhe na ndúl, bile úr ós bárr,
Ar dheamhnaibh am dhíon, 's ar ghníomh
léadmhach lámh,
Lúireach Dé nách tím, sgaoilios deamhain
díom,
Me a mainear na naomh, aingeal Dé dom
dhíon. Amen.



(MS. 4. b 7).



O. P. Q.


L. 47


BAINTREABHACH AN DÁ FHICHID ACRA.



OILEÁN an Dá Fhichid Acra, oileán é
seo atá ins an bhfairrge theas, chúig
mhíle amach ón tír. É an-árd ins an
mbóchna agus failltreacha dubha scéir-
diumhla mór-thimcheall air, gan aon tráigh
ann acht uisce doimhin; áit a bhfuil luighe
gach aon ghaoth shéideann air, áit ná bíonn
an tonn ríamh in a chodladh ann. I gceart
lár an oileáin seos atá plinnc caol árd
de shliabh, cheithre cheud troigh ar aoirde.
Amach ó bhun an tsléibhe sin, síos go dtí
ciosa an oileáin, atá mar do bheadh rachtaí
móra nó pniacha móra cairrge. Sé cinn
atá ann díobh ag deunamh sé roinnt den
oileán. Atá talamh breághdha nádúrtha
idir gac aon dá rachta aca. Talamh breághdha
freagarthach, adeir na daoine chaitheann a
sláinte ag á shaothrughadh. Dá bhfuightheá
dul in áirde ins an aer ar nós an éin, agus
feuchaint síos uait ar an oileán sin, agus
ar an sliabh agus na cosa amach uaidh, do
chuirfeá i ndeallradh le roth é do bheadh
caithte amuigh ar an bpáirc. Is é an sliabh
an mol agus na cosa na spóicí, agus an
talamh maith an féur do bheadh ag fás
eatorra. Dhá fhichid acra atá i ngach aon
roinnt atá ann, agus sin é an chúis ar
thugadh an ainm ar an oileán.



Atá go leór tighthe ann agus iad sáidhte
isteach i bpoillíníbh beaga bídeacha agus i
gcúilínibh cluthmhara cúlánta ag iarraidh
bheith ins an bhfoithint ó ghaoth agus gála
agus fiadhantas fairrge. Meireach (muna
mbeadh) na líonta agus na clocha troma
atá ag coimheud an dín, do bheadh na tighthe
in a bhfothrachaibh folamha agus in a
gcalbharachaibh ceann-nochtaighthe, ag garbh-
shín an gheimhridh. I gceann de na tighthibh
sin do chomhnuigh, deich mbliadhna fichead
ó shin, Máire ní Chorbáin, nó Baintreabhach
an Dá Fhichid Acra mar thugtaoi uirri.
Thíos i ngleann beag do bhí an teach aici.
Teach mór do ba eadh é, teach mór lochtmhar
fada fairsing. Do bhí slighe ins an chistin
do n-a raibh de dhaoinibh ar an oileán, agus
an falla do bhí idir an gcistin agus an
párlús, ní raibh ann acht mar do bheadh
dhá dhoras mhóra i slighidh nár ghábhadh dhuit
acht an dá dhoras do bhualadh isteach agus do
bhí an chistin agus an párlús in aon
seamra amháin agat. Ní raibh aon
séipeul ar an oileán, agus is ins an
seamra mór sin i dtig Mháire ní
Chorbáin do chonnluigheadh na daoine
chum aifrinn d'éisteacht Dé Domhnaigh
nó cibé am thiocfadh an sagart. Teach
duine uasal do ba eadh é ins an tsean-
aimsir. Fear do ba eadh é a raibh cúirt
in iúl do rígh aige fiche míle isteach ins an
tír. Acht le neart fallsaora ní bhfuigh-
bheadh sé neul do chodladh ann agus thóg
sé an teach so ar Oileán an Dá Fhichid Acra
chum go gcuirfeadh fuaim na fairrge
sámhán air ins an oidhche. Adeir siad go
bhfuair sé a shláinte an fhaid a's d'fhan
sé ann; go raibh sé chomh buidhe leis an
mbuidhe-mór ag teacht agus go raibh
luisne in a leacaibh ag imtheacht. Ní haon
iongnadh gur chuir an t-iasc úr agus an
t-arán greille brígh in a fhéitheachaibh; gur


L. 48


chuir an t-sáile lasadh in a shúilibh; agus
gur chuir grágallach na n-eun agus torann
na dtonn chum fáin cibé diabhal nó deamhan
do bhíodh os cionn a leabthan ag díbirt
suan-chodladh na hoidhche uaidh. Acht nuair
d'imthigh an duine uasal so, do thuit an
áit chum Mháire ní Chorbáin, agus sin é an
chúis a raibh an teach breághdha so aici. Bain-
treabhach do ba eadh í mar adubhairt mé. Do
bhí mac agus inghean aici. D'imthigh an mac
uaithe thimcheall trí bliadhna roimh an am a
bhfuilmíd ag trácht air. Buachaill
breághdha do ba eadh é do thógadh le scoil
agus le léigheann, agus do bhí a shliocht
air, mar do bhí tuilleachtain mhaith aige ins
an áit ar chuaidh sé. Acht do bhíodh uaigneas
ar a mháthair i gcomhnuidhe in a dhiaidh, an
bhinín bhocht, agus is minic do-chítí na deóra
léi go mór-mhór nuair d'aireóchadh sí aoin-
neach de na buachaillíbh ag rádh aon cheann
de na sean-abhránaibh do bhíodh aige. D'fhan
an inghean ins an mbaile — Máire Óg an
ainm thugtaoi uirri — agus ba mhór an
congnamh agus an compórd dá máthair í.



Acht an lá so, Lá Nodlag do ba é é,
do bhí triall gach aoinneach ar thigh na
baintreabhaighe, mar do bhí coinne aca
leis an sagart chum aifreann do léigheamh
dhóibh. Do b'olc an lá é le sneachta
agus le gála. Gaoth anoir aneas do bhí
ann, agus is í do bhí ann le trí seachtmhaine
roimhe sin. Do chonnluig na daoine isteach
i dtig Mháire acht ní raibh aon mhuinighin
aca go dtiocfadh an sagart, mar ní mar
mhagadh teacht i mbád seóil go dtí an
oileán a leithéid sin do lá.



“Nárbh' mhór an sceimhle bheith gan
aifreann Lá Nodlag?” arsa sean-
Phaid ó h-Aodha. “Agus sinn go léir ar
cialacan.”



“Ó, bí siuráilte go dtiocfaidh an
t-Athair Pádraig má dhéineann sé aon
eatorra in aon chor,” arsa an bhain-
treabhach.



Le n-a linn sin do rioth garsún beag
isteach. Do bí sé tar éis teacht ó'n
bhfaill.



“'Dé an sceul atá agat, a Liaimín?”
arsa an bhaintreabhach leis.



“Sceul gan mhaith,” arsa sé, “ní
fhaca mé aon teimheal de agus atá an
síothog imighthe asam ag an bhfuacht.”



“Ní fhaca sé fiadh ná feachaid, mar
adubhairt an fear do bhí ins an reilig,”
arsa Siobháinín-cúl-an-hiarta, í sin do
bhíodh ag séideadh na teineadh dho
Mháire.



“Séid. Séid, a Shiobháinín. — Leigidh
isteach an garsún bocht so chum na
teineadh. — Cad mar gheall ar do dhear-
bhráthair a Liaimín? Nó an raibh sé
i t' fhochair?”



“Do bhí. Tháinig sé nuair do bhí mé
chum imtheacht. Adubhairt sé go dtabh-
arfadh sé tamall ag faire.”



“Ó'sé, mo ghraidhin é!” arsa Máire.



Do-chuaidh Paid ó h-Aodha go dtí an
dorus.



“Maite,” arsa sé, “tiocfaidh sé.
Atá sé ag eudtromughadh agus atá
foithint ins an mbá aige.”



Do-chuaidh cuid de na daoinibh amach
ins an macha, agus cuid aca síos d'iarracht
ar an bhfaill. Ní rabhadar i bhfad im thighthe
nuair do chasadar agus dearbhráthair
Liaimín in a bhfochair, le sceula go raibh
an bád ag teacht. I gceann uair an chluig
do bhí an sagart ag an dorus, saghas
caipín ar a cheann agus cóta mór air do bhí
fuilighthe le leach-oidhre agus le sneachta.



“Go dtugaidh Dia 'Odlaig mhaith dhíbh
go léir,” arsa sé, ag bualadh an t-sneachta
dá bhrógaibh agus ag teacht isteach.



“Go mbadh amhlaidh dhuit, a Athair,”
arsa siad.



“Cionnus atá tú, a Mháire,” arsa
sé le bean an tighe. “An bhfuair tú
aon sceula ón ngarsún?”



“Ó'sé go deimhin duit, a Athair, ní
bhfuaireas, acht badh fhéidir le Dia go


L. 49


bhfuighbhinn litir uaidh fé dheireadh na seacht-
mhaine. — Ó'sé, a athair, atá tú siocaighthe.
Dia le m'anam! Feuchaigidh ar an gcasóig
sin,” arsa sí, ag tógbháil na casóige
ó'n sagart. “Atá sí in a clár.”



“Ó'sé, go gcosnaidh Dia ar na cláracha
sinn,” arsa Siobháinín-cúl-an-hiarta,
“acht is breághdha an síneadh dheunfaidh
cuid againn an lá déidheanach.”



“Seo, a Shiobháinín,” arsa Máire léi,
“croch in áirde í seo, agus caith uait an
chainnt gan mhaith sin.”



Do bhí na daoine go léir ag gáire.
Bean ait do ba eadh Siobháinín, agus
níor bhain sí an píopa as a beul nuair
tháinig an sagart isteach.



“Ó'sé, ní fhaca mé riamh tú acht taobh
thiar de phíopa,” arsa Paid léi.



“Taobh thiar de phíopa,” arsa sí, ag
ath-nasc air. “Dá mbeadh píopa ó'n
Phápa, is fada bheadh sé gan gal, dá
mbeadh sé ag braith ar do leithéid-se
de mheilimíneach chum é shíneadh chuige.”



Ní raibh an sagart ag cur aon suim
ionnta. Do bhí sé féin agus Liaimín
agus Máire Óg ag socrughadh na
h-altóra. Do chuireadar an bórd in
áirde ar dhá chathaoir gairid don teineadh,
mar is air sin do bhí an sagart chum an
t-aifreann do léigheamh. Do bhí bean an
tighe ag folamhughadh ciseán an aifrinn
dhóibh, agus d'fhiafraigh sí den sagart
cad dhéunfadh sí le tromán mór do bhí
sáidhte síos go doch ann.



“Ná bac leis sin,” arsa sé, “rud
é sin thug mé liom i gcóir an tráthnóna,
agus atá a thuilleadh agam thíos ins an
mbád.”



Táinig smiota gáire ar gach aoinneach,
go mór-mhór na gearrchailí agus na
garsúin, mar is maith do thuigeadar
cad dó do bhí sé ag tagairt. Do
bhí nós aca ar Oileán an Dá Fhichid Acra,
na daoine go léir do chruinniughadh isteach
i dtigh Mháire um thráthnóna chúm dinneur
do chaitheamh ann Lá Nodlag. Nós bean-
nuighthe do ba eadh é tháinig anuas ón
tsean-aimsir, mar is mar sin do bhíodh na
Críostuighthe go léir i dtosach na
h-Eaglaise. Aoinneach arbh' achfuinn do
é, thabharfadh sé leis blúire feóla nó
bulóg mhilis nó púnt té, acht is é an sagart
thabharfadh an chuid is mó den chóisir dóibh.



Nuair do bhí an éide ar an sagart,
do chrom se ag rádh paidreacha do na
daoinibh chum iad do chur i gcóir don
aifreann agus do'n chumaoin. Paidreacha
breághdha Gaedhilge adubhairt sé. Ní
raibh focal ann nár chuaidh go croidhe dhóibh-
Sean-phaidreacha do ba eadh iad do cheap na
naoimh do bhí in Éirinn ins an tsean-
aimsir. Do scaoileadar amach ó n-a
gcroidhe grádhmhar Gaedhealach iad, le
aibigheacht a n-intinne, le milseacht a
mbeól, le trom-thuile toramhail na ngrás
thug Rí na n-Aingeal dóibh. Ba bheag an
t-iongnadh gur éist na daoine an lá
sin leó ar an Oileán. Do bhíodar annsúd
chomh socair leis na mairbh acht do bhí na
deóra le n-a súilibh agus a gcroidhe ag
preabadh agus ar lasadh le díograis. Do
chrom an sagart ag léigheamh an aifrinn,
agus le linn na sácrála do thóg Máire a
dhá láimh agus adubhairt: —



“Ceud míle fáilte romhat isteach sa
tigh seo chughainn, a Thighearna, agus go
gcasaidh tú mac mo chléibh orm aríst.”



Agus is iomdha paidir eile adubhradh
an lá sin, gach aoinneach agus a chúram
féin air, gac aoinneach agus a réidhteach
féin uaidh. I ndeireadh an aifrinn thug
an sagart soísceul uaidh. Ins an chainnt
dó, do-righne sé tagairt do'n sneachta
agus do'n droch-aimsir, ag cur an chinidh
daonda mar do bhí sé fé 'r tháinig Críost
i gcompráid le lucht árthraigh do bheadh
amuigh ar an bhfairrge, an chruaidh-sín
ag á gcaochadh, gan aoinneach dheunfadh
eólas chum an chuain doibh, agus gan
aon fhaghbháil aca ar an bhfaill do fheicsin


L. 50


ná do sheachaint. Is iomdha osna d'airigheadh
ann an lá sin, agus is iomdha feuchaint
thugadh ar an bhfuinneóig mar do bhí an
stoirm ag éirghe agus do bhí gach aon
steall de'n sneachta nó de'n bhflich-
shneachta isteach innti agus isteach fa
an ndorus. Do-chuaidh an sagart tré
an soisceul ó alt go halt, gur chuir sé
deireadh leis. Adubhairt sé na paidreacha
atá le rádh i ndiaidh an aifrinn, agus
d'éirigh sé dá ghlúnaibh. D' éirigh an pobul
in a dhiaidh. Fothram cos agus cathaoireach
ins an tigh. Dho bhí na mná ag cruinniughadh
a gceirte chum imtheachta, agus do-chuaidh
na fir amach ins an macha, gach duine
aca ag lorg an tsúgáin do bhí casta
thimcheall ar a chosaibh ag teacht. D'
imthigheadar go léir abhaile acht ceathrar
ban do bhí chum congnamh do thabhairt do
Mháire ag léiriughadh an tighe le haghaidh
an dinnéir, agus d'fhán Paid ó h-Aodha
cois na teineadh, é féin agus Siobháinín-
cúl-an-hiarta ag tabhairt iarrachtaí fa
n-a chéile. Do bhí Máire agus na mná eile,
agus Máire Óg agus Liaimín agus
buachaill an tsagairt, agus an sagart
féin, nuair do bhí cupán té ólta aca,
do bhíodar go léir ins an stealladh ag
socrughadh an tighe. Do-righneadar dá
bhórd ar faid an tighe de phlanncaibh do
bí le haghaidh an ghnó so aca. Cathaoireacha
agus fórmaí, sceana agus forcana,
plátaí agus miasa, do cuireadh gach aon
rud in a alt féin. Do bhí beiriúchán agus
cócaireacht ag á dheunamh ag an teinidh
mhór do bhí ins an chistin agus ag an
teinidh bheag do bhí thíos ins an phárlús.
Do bhí an párlús agus an chistin in aon
seamra amáin mar adubhairt mé, agus an
dá theinidh ar aghaidh a chéile amach. Do
bhí na mná síos agus suas, ó theinidh go
teinidh, chomh bríoghmhar le beacha, ag obair
agus ag cainnt, i slighidh gur dhóigh leat
nach fearr leó an caitheamh ioná an
córughadh.



I gceann cúpla uair an chluig do bhí
gach aon rud i gcóir. Do bhí dá bhácús
ag an teinidh mhór, agus bácús eile ag
an teinidh bheag, agus dhá thurcaí agus gé
ionnta. Do bhíodh tar éis iad do thógbháil
de'n teinidh, agus d'fhágadh ins an teas iad
go dtí go dtiocfadh na daoine. Do bhí
glasaraí aca, leis, cibé áit a bhfuaradar
iad, agus caoir-fheóil agus mairt-fheóil go
leór, bulóga milse agus fairsinge té
agus siúcaire. Breis ar fheabhas chúcha,
ní rabhadar chum aon ocras do leigint
orra-féin an Nodlaig sin.



Do bhí na daoine ag bailiughadh isteach
ins an macha arís, agus gan aon rud ar
domhan ag tabhairt cúraim dóibh acht an
dínneur. Acht tháinig Liaimín agus
saothar air:



“Atá rud éigin amuigh,” arsa sé,
“árthrach trí gcrann, is dóigh liom.”



Do riothadar go léir, gach duine má
luaithe, síos go dtí an fhaill. Níor
fhan aoinneach ins an tigh. Níor fhan an
sagart féin ann, ná Máire, ná na mná
eile. Níor fhan aoinneach ann acht
Siobháinín-cúl-an-hiarta.



“Dá mbeadh árthrach ceud crann amuigh,”
arsa Siobháinín, “ní chorróchainn ón
teinidh seo, agus biadh na Nodlag ag á
ullmhughadh ann.”



Do bhí an ceart ag Liaimín. Árthrach
trí gcrann do ba eadh í, ag túrnáil agus
gach aon rud ins an mbaile uirri,
agus í ag tabhairt an-thriail uaithe i
gcoinne na gaoithe, acht do bhí an taoide
ag á breith léi isteach, in áit-a-chéile,
dh' iarracht ar na clochaibh. Do bhí
muintir an oileáin ar bharr na faille
agus a n-ucht ar an gclaidhe, ag feuchaint
amach; na mná agus púicíní deunta dá
seáil aca, agus na fir agus na búnaí
iompaighthe suas fa n-a gcluasaibh agus
na caipíní tarraingthe anuas ar a
súilibh.



“Atá sé réidh! Atá sé réidh, an


L. 51


fear bocht,” arsa Tomás Eudhmoinn,
ceann de na hiascairídh.



“Atá,” arsa athair Liaimín. “Do-
chonnaic mé ar maidin í, le linn a's
an sagart ag teacht, acht do shíl mé go
ndeunfadh sí an gnó. Cadé an díoghbháil
acht gan aon chuan annso d'aon árthrach.”



“Ná riothfadh sí isteach ins an
Muinirtle?” arsa ceann de na mnáibh.



“Adeirim-se Muinirtle leat,” arsa
Tomás Eudhmoinn. “Ca bhfios dó san
a leithéid do bheith ann? An lámh is
cliste orainn, is ar éigin thabharfadh
sí isteach ins an Muinirtle í.”



An Muinirtle, ba é rud é sin acht
saghas cuainín do bhí ins an oileán;
slighe fhada caol thimcheall ceud slat ar
faid agus gan de leithead ann acht mar
do bheadh sé feádh. Do bhí cé bheag ann
le haghaidh báid iascairí.



“Ó, an lá so thar laetheanta na
bliadhna!” arsa an bhaintreabhach.



“Ó, go gcosnaidh an Leanbh Íosa
ar na clochaibh í!” arsa bean eile.



Do bhí an t-Athair Pádraig agus an
stóil in a láimh aige chum an asbolód
dhéidheanach do thabhairt do na máirneul-
achaibh bochta. Comh-dhona é féin agus an
chuid eile, na deóra in a leac-oidhre ar a
ghruadhaibh.



“Ó feuch! feuch!” arsa Tomás
Eudhmoinn. “Ó, atá sé as a chiall!”



Agus is annsin d'éirigh an gheóin ar
bharr na faille. Do iompuigh an t-árthrach
i d' urchar. Do leagadh na seólta, agus
do rioth sí de réim díreach dh' iarracht ar
an oileán.



“An Muinirtle! An Muinirtle!”
arsa siad. “Atá fear ón áit seo
uirri.”



Do ba fhíor dóibh. Do rioth sí isteach
chom díreach le heun. Síos leis na hann-
cairí agus do bhí sí ó bhaoghal. Mac na
baintreabhaighe do bhí ar an stiúir. I
nómaint na huaire do bhí muintir an
oileáin ar bórd uirri. Do rioth mac na
baintreabhaighe go dtí n-a mháthair. Is
iongnadh nár bhádhaidh sí le deóra é. Is
iongnadh nár thacht sí le póga é, agus
ní'l aon teacht abhaile is fearr ioná an
teacht i gan fhios.



“Ó, a mháthair,” arsa sé, “do shíl mé
teacht abhaile i gan fhios chum na Nodlag
do dheunamh i t' fhochair, agus nach maith
mar thárlaig? Meireach mise do bheith ar
an árthrach so, do bhí sí in a mion-bhrúscar
agus na daoine bochta go léir báidhte.”



Do chaith a raibh ann aca iad féin ar a
nglúnaibh agus do ghabhadar buidheachas
le Dia. Do éirigheadar annsin agus do-
chuadar go léir go dtí teach Mháire.
Do bhí an cóisir i gcóir dóibh ag Siobháinín-
cúl-an-hiarta. Do lasadar na coinnle
agus do shuidheadar chum búird. Do bhí
nua gach bídh ann, agus sean gach dighe
ann. Blas na meala ar gach aon ghreim
agus gan aon ghreim tur. Do bhí ceól agus
croidhe-léis aca, abhráin agus aoibhneas
aca. Agus ní iarrann an sceulaidhe acht
a leithéid ceudna, fairsinge agus fuighleach,
do bheith ag gach aon duine bocht Lá Nodlag
so, agus Lá an Chinn.



MICHEUL Ó SÍOTHCHÁIN.



GLOSSARY



In a bhfothrachaibh folamha, etc., empty ruins and
dismantled edifices.



Le neart fallsaora, through excessive nervous
prostration.



Arán greille, griddle-bread.



Sáile: an tsáile as nom. This word is sometimes
fem.



A shliocht air, he showed the good results of it.
Lit. “its trace was on him.”



Binín. Diminutive of bean.



Ní mar mhagadh teacht, it was no joke to come.



Eatorra, as noun, an interval between showers.



Síothóg, the last gleam of life.



Fiadh ná feachaid, neither saint nor sinner.


L. 52


Bá, bay.



Siocaighthe, frozen.



In a clár, stiff as a board.



Ar na cláracha, the boards on which the dead
are waked.



Ath-nasc, mimicking. The unusual expression
taobh thiar de phíopa, “behind a pipe,”
provoked the sarcasm.



Meilimíneach, a miser, a niggard.



Doch or docht, stiff, tight.



Soísceul, a sermon.



Cruaidh-sín, fine hail.



Bácús, a bastable, a baking pot.



Caitheamh, eating, feasting.



Má luaithe, at top speed.



Túrnáil, tacking (of a ship).



Agus gach aon rud ins an mbaile uirri, close
hauled (a sailor's term).



Atá sé réidh, he's done for, i.e., the captain of
the ship. In the next paragraph the ship
herself is spoken of.



Adeirim-se Muinirtle leat, “the Muinirtle
indeed!”



Feadh, a fathom. Our plural is feádh.



I d'urchar, or d'urchar, in a flash.



<The Editors desire to express their grateful
acknowledgments to the Editor of the Waterford
News.>


L. 58


MADADH BÁN NA n-OCHT gCOS.



Bhí Rí i nÉirinn fad ó agus ní raibh ag
an mbainríoghan acht aon mhac amháin nuair
a fuair sí bás. Mhair an mac, acht d'imthigh
an mháthair. Is goirid 'n-a dhiaidh sin gur
phós an Rí aríst agus thug isteach leas-
mháthair ar an mac. Mhéaduigh an mac
suas go raibh sé 'n-a bhuachaill.



Aon lá amháin nuair a bhí an Rí ag dul
amach ag fiadhach agus ag fiann-sgaradh,
d'iarr an leas-mháthair impidhe ar an Rígh
an Prionnsa óg fhágáil de comhluadar
léithe 'san mbaile. In tráth de'n lá d'iarr
sí ar an bPrionnsa dul ag imirt cárdaidhe
léithe. Dubhairt seisean nach le h-aghaidh
imirt cárdaidhe a d' fhan sé 'san mbaile,
acht comhluadar do chongbháil léithe go
dtagadh a athair a bhaile. Mar sin féin
fuair sí na cárdaidhe agus chuaidh siad
ag imirt. Fuair seisean an chéad chluiche.



“Cuir do gheasa,” ar sise.



“Ní le geasa a chur a chuaidh mise ag
imirt,” ar seisean.



D'imir siad leobhtha agus fuair sise an
dara cluiche.



“Cuirfidh mise mo gheasa anois,” ar
sise, “nach gcodlóchaidh tú an dara
h-oidhche ar aon leabaidh ná an dara
biadh ag aon bhord ná an dara deoch as
aon chorn go dtugaidh tú chugam-sa ceann
Madadh Bán na n-Ocht gCos as an domhan
thoir.”



“Nach dtig liom-sa anois mo gheasa
do chur?” ars' an Prionnsa óg. “Cuirfidh
mise geasa droma draoidheachta ort-sa
dul suas ar spinncín an teampuill
maidin i mbárach agus punnann choirce
thabhairt leat agus pota lán uisge.
Nuair a bhfuadóchas an ghaoth gráinne
coirce as an bpunnainn, gabh é le do
bhéal, agus mara ngabhann, bí gan é,
agus nuair a bhfuadóchas sí braon de'n
uisge, gabh é le do bhéal, agus mara
ngabhann, bí gan é, agus fan annsoin go
dtugaidh mise ceann Madadh Bán na
n-Ocht gCos chugat.”



Nuair a tháinig an Rí a bhaile tráthnóna,
d'aithnigh sé go raibh buaidhreadh ar an
mac, acht dubhairt an mac nach raibh dadadh
ag cur as dó.



“Ní rachaidh mé a chodladh go raibh fhios
agam fáth do bhuaidheartha,” ars' an Rí.
Faoi dheireadh thiar thall d'innis sé dó
fá na geasaibh.



“Fan annseo agam-sa,” ar seisean.
“Ní fhuil call agat an dara h-oidhche do
chodladh ar aon leabaidh ná an dara biadh
ag aon bhord ná an dara deoch as aon
chorn.”



“Má's é an bás é a gheall Dia dhom,
gabhfaidh mé thríd,” ars' an Prionnsa óg.



Mar sin d'éirigh sé ar maidin agus
ghléas sé a lón agus b'éigean do'n leas-
mháthair dul suas ar an spinncín. Shiubhail
sé leis i gcaitheamh lá — bhí réalta geala
an lae ag imtheacht uaidh agus réalta
dubh-dorcha na h-oidhche ag teannadh leis.
Chonnaic sé solus i lúibín coilleadh.
Tharraing sé air go dian agus go deifreach.


L. 59


Cuireadh fáilte agus sláinte roimh Mac
Ríogh i n-Éirinn.



Nuair a d'éirigh sé ar maidin d'iarr
bean an tighe air cé raibh sé a thriall.
D'innsigh sé dhí an sgéal mar bhí sé.



“Tá mise muinntearach dhuit,” ar
sise. “Fan 'san áit 'n-a bhfuil tú anois
agus cuir do shaoghal thart oir ní thiocfaidh
tú ar d'ais.”



“Féachfaidh mé m'fhortún,” arsa Mac
Ríogh i nÉirinn.



“Beidh tú i dteach dearbhráthar dhomh-sa
anocht,” ar sise, “agus seo dhá cháca
dhuit. Ith ceann acu,” ar sise “agus
cuir an ceann eile idir do chóta agus do
léine. Nuair a ghabhfas tú go teach mo
dhearbhráthar an chéad mhadad a ritheas
amac, caith an cáca 'n-a bhéal. Mara
ndéanann tú sin, stróicfidh sé thú.”



D'imthigh leis annsin agus bhí sé ag imtheacht
agus ag síor-imtheacht gur tharraing sé go
dtí an áit 'n-a bhfaca sé an solus san
gcoill. Ní luaithe a bhain sé an laiste
de'n gheata 'ná rith na madaidh amach.
Chaith sé an cáca i mbéal an chéad cheann.
Nuair a mhothuigh sé an baladh, thosuigh sé
ag léimnigh suas ar Mac Ríogh i nÉirinn
agus ag déanamh lúthgháire mhóir roimhe.
Nuair a chuaidh sé isteach, cuireadh fáilte
agus sláinte roimh Mac Ríogh i nÉirinn.



“Agus,” ars' an Rí, “tá fhios agam
gur tú atá ann, oir ní leigfeadh na
madaidh isteach srainséir.”



D'fhan sé annsin go dtí lá ar n-a
bhárach. D'fhiafruigh an Rí dhe cé raibh
sé a thriall agus d'innis sé an sgéal dhó.



“Na teirigh níos fuide,” ar seisean,
“oir is iomdha sin ceann ríogh agus
prionnsa atá ar an spinncín a shíl sin
a dhéanamh. Fan annseo agam-sa,” ar
seisean, “agus fág an chailleach 'san
bpíonús.”



“Má' sé sin an bás do gheall Dia dhom,
rachaidh mé thríd,” arsa Mac Ríogh i
nÉirinn.



“Fanfaidh tú ar chuma ar bith,” ar
seisean, “go leigfidh tú do sgíth oir
beidh mór-uaisle na tíre ag teacht annseo
i mbárach agus badh mhaith liom thú a bheith
leobhtha.” Thug sé a thoil annsin fanamhaint.



Lá ar n-a bhárach chaith siad ag fiadhach
agus ní fhuil fál ar an méid a mharbh
siad. Bhí an-mholadh acu ar na contachaibh.
Dubhairt Mac Ríogh i nÉirinn go raibh
aon chú amháin níos fearr ná leath an chuid
eile.



“Cé acu?” ars' an Rí.



“Ó,” ar seisean, “an cú beag gearr
glas.”



Bhí bród mór ar an Rígh nuair a
chuala sé sin, mar ba leis féin an Cú
Beag Gearr Glas; acht bhí sí faoi dhraoidh-
eachta. Bhí sí n-a cú 'san lá agus n-a bean
'san oidhche agus fuaidh sí chuig Mac
Ríogh i nÉirinn agus dubhairt sí leis:



“Tabair mise leat ag fiadhach i mbárach,”
ar sise, “agus ná leig amach mé go
tráthnóna.”



Rinne sé mar dubhairt sí agus mharbh sí
i n-uair a chluig oiread agus mharbh siad
uilig ar feadh an lae.



Tháinig sí chuig Mac Ríogh i nÉirinn
aríst, agus dubhairt leis:



“Ná tabhair mise amach i mbárach chor
ar bith.” Lá ar n-a bhárach fuaidh na mór-
uaisle ag fiadhach agus dubhairt Mac Ríog
i nÉirinn go raibh an Cú beag tuirseach
agus go bhfágfadh se 'san mbaile í go
leigfeadh sí a sgíth.



Tuairim a dó-dhéag fuaidh ceann de
na mnáibh uaisle amach ag spaisteoireacht
dí féin 'san ngáirdín, agus mar bhí bród
aici as an gCú Beag, bhí sí léithe. Fuaidh
sí chuig tobar a bhí 'san ngáirdín agus
d'fhéach sí ann síos agus céard d'éireóchadh
as aníos acht Coileán Bán na n-Ocht
gCos.



“Cé's fearr an fear mé ná Mac
Ríogh i nÉirinn?” ar seisean.



“Is fearr Mac Ríogh i nÉirinn,” ar


L. 60


sise. Fuaidh sé síos de léim aríst agus
cuthach air. D'éirigh sé aríst.



“Cé's fearr an fear mé anois ná Mac
Ríogh i nÉirinn?” ar seisean.



“Is fearr thusa anois,” ar sise.



“Nuair a bheidheas sé tar éis a shuipéir
ins an oidhche i mbárach, stróicfidh mise ó
chéile é,” ar seisean.



Bhí an Cúín Gearr Glas ag éisteacht
leis ar sgáth crainn spíonáin, agus nuair
a tháinig Mac Ríogh i nÉirinn a bhaile,
fuaidh sí chuige agus d'innsigh sí dhó an sgéal.



“Anois,” ar sise, “tar éis do shuipéir
tiocfaidh an Coileán Bán isteach agus
gabhfaidh sé thart ar ghlúinibh chuile dhuine
uasail san teach. Molfaidh siad uilig é;
agus nuair a thiocfaidh sé chugat-sa, sín
do lámh amach agus abair gur deas an
coileán é agus gur rígh-dheas an coileán
é, acht dhá dheise agus dhá bhreághthacht é, bíodh
idir é féin agus an Cúín Gearr Glas; agus
beidh mise fá'n mbord ins an am sin, agus
ná déan dearmadh mé an fhaid agus bheidheas
tú ag do bhiadh.”



Fuaidh an lá thart mar dubhairt sí agus
nuair a bhí an suipéar caitthe, tháinig an
Coileán Bán isteach. Mhol siad uilig
é ó dhuine d'á chéile, agus nuair a tháinig
sé chuig Mac Ríogh i nÉirinn, dubhairt
Mac Ríogh i nÉirinn go mba deas an
coileán é agus go mba bhreágh an coileán
é — “acht dhá dheise agus dhá bhreaghthácht é,”
ar seisean, “bíodh idir é féin agus an Cúín
Gearr Glas” 'ghá chaitheamh síos fá'n
mbord.



Rug siad greim ar a chéile agus bhris
siad agus réab méid a bhí 'san bPálás
agus fuaidh amach de scáil teintreach thrí
fraghthachaibh an tighe.



Amach le Mac Ríogh i nÉirinn 'n-a ndiaidh
agus lean sé dóbhtha chomh fada agus bhí
siad 'n-a amharc agus ar deireadh shuidh
sé síos ag déanamh a bhuaidheartha. Nuair
a bhí sé ag tosughadh tigheacht ar ais, céard
d'fheicfeadh sé ag tigheacht acht an Cúín
Gearr Glas agus ceann Mada Bán na
n-Ocht gCos aici 'n-a béal?



“Anois,” ars' an Cúín, “tá tú
sábháilte, acht tá mise marbh. Tá mé 'mo
chriathar poll leis an gCoileán Bán.
“Anois,” ar sise, “nuair a bhéarfas tú
ar an gcloigeann, tuitfidh mise 'mo chúilín
cnámh. Déan poll agus cuir ann síos
'chuile chnámh d'á bhfuil ionnam.”



Leis sin rug sé ar an gCloigeann agus
ní luaithe dhá rug sé air nár thuit sise 'n-a
cúilín cnámh. Rinne sé poll agus chuir sé
síos ann 'chuile chnámh d'á raibh innti, agus
tháinig sé ar ais annsin agus ceann
Madadh Bán na n-Ocht gCos leis.



Nuair a tháinig sé isteach i dteach an Ríogh
an áit 'n-a raibh se dhá lá roimhe sin,
bhí fáilte mhór roimhe oir shíl siad nach
dtiocfadh sé ar ais go deo.



“Tá tú sábháilte,” ars' an Rí, “acht
tá mise gan mo Chúín Gearr Glas.”



“Tá,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn agus
bhí an oiread buaidheartha air féin agus
bhí ar an Rígh. D'fhan sé annsin ag leigint
a sgíthe.



Maidin dh'ár éirigh sé chuala sé an Rí
ag tabhairt osnaidh agus dubhairt sé:



“Ní ghabhfaidh mé a bhaile go raibh fhios
agam fáth d'osnaidh.”



“Ó,” ars' an Rí, “tá uaigneas orm
i ndiaidh mo Chúín Gearr Glas, agus
tá aon rud amháin a bhéarfadh ar ais í.”



“Má tá aon rud 'san domhan a bhéarfadh
ar ais í, ní rachaidh mé a bhaile go bhfágfaidh
mé agat í,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn.



“Tá Cloch Líomhtha na mBó 'san domhan
thoir ag Gaisgidheach na Falainge Fliche,”
ar seisean.



D'éirigh an Prionnsa óg ar maidin agus
ghléas sé air a lón agus bhí sé ag imtheacht
agus ag síor-imtheacht gur ghabh sé chuig Pálás
Ghaisgidhigh na Falainge Fliche. D'airigh an
Gaisgidheach a bhaladh.



“Fud! Fod! Féasóg!” ar seisean,
“airighim baladh an Éireannaigh bhréagaigh


L. 61


bhradaigh fud mo dhuiseáin coilleadh! Is
mór liom do ghreim é; is beag liom do dhá
ghreim é. Cuirfidh mé de phinse snaoisín
i mo shróin é nó bruithfidh mé le m'órdóig
é fá'n talamh.”



“Fóill! Fóill!” arsa Mac Ríogh i
nÉirinn, “ní le ceart agus comhthrom
a thabhairt duit a tháinig mise annseo,
acht le ceart agus comhthrom do bhaint
asat amach.”



D'ionnsuidh siad a chéile leis an dhá
chlaidheamh agus feadh trí oidhche agus trí
lá do throid siad gur chuimhnigh Mac Ríogh
i nÉirinn dhá dtéidheadh ag an nGaisgidheach
air, nach raibh aige fear a shínte a chaointe
ná a loite. Thug sé aon bhuille amháin
do'n Ghaisgidheach agus chuir sé ar chúl a
chinn é ar an talamh.



“Fóill!” ar seisean, “a Ghaisgidhigh
is fearr a chonnaic mé riamh ná a fheicfeas
mé choidhche! Rud ar bith a theastuigheas
uait caithfidh tú a fhághail.”



“Cloch Líomhtha na mBó,” arsa Mac
Ríogh i nÉirinn.



“A” ar seisean, “ní fhuil sé
agam-sa. Tá sé ag Ridire an Dubh-
gháire 'san domhan thoir, agus gabhfaidh mé
féin de chomhluadar leat,” ar seisean,
“go bhfaighmíd é.”



D'imthigh leobhtha mar sin agus bhí siad
ag imtheacht agus ag síor-imtheacht go dtáinig
siad go halla an Ridire. Rinne sé gáire
agus chraith sé an domhan.



“Fud! fod! féasóg!” ar seisean,
“airighim baladh Éireannaigh fud mo
dhuiseáin coilleadh. Is mór liom do
ghreim é; is beag liom do dhá ghreim é.
Cuirfidh mé mar iallacha 'mo bhrógaibh
móra é nó bruithfidh mé le m'órdóig é
fá'n talamh.”



“Fóill! fóill! a Ghaisgidhigh,” arsa
Mac Ríogh i nÉirinn. “Ní le ceart agus le
comhthrom a thabhairt duit a tháinig mise
annseo, acht le ceart agus le comhthrom do
bhaint as do chnámhaibh móra míostuamdha.



“Cé's fearr leat,” ars' an Gaisgidheach,
“ag coraidheacht ar leacrachaibh dearga ná
ag gabhailt de sceanaibh géara i mbárr
easnaidheacha a chéile?”



“Is fearr liom,” ar seisean, “ag
coraidheacht ar leacrachaibh dearga an áit
'n-a mbeidh mo chosa míne uaisle ag éirghe
i n-uachtar agus do chosa móra míostuamdha
ag dul i n-íochtar.”



Rug siad dhá ghreim chaol-chruaidhe ar a
chéile, bhíodar ag coraidheacht go ndearna
siad an talamh a bhí bog cruaidh agus an
talamh a bhí cruaidh bog. Thug Mac Ríogh
i nÉirinn aon fháscadh amháin do'n Ridire
agus chuir sé go dtí a dhá ghlúin síos
'san talamh é; an dara fáscadh go dtí
a bhásta; agus an tríomhadh fáscadh go
dtí béal a bhrághad.



“Fód glas agam ort, a fhathaigh,” ar
seisean.



“Rud ar bith a theastuigheas uait
caithfidh tú a fhághail,” ars' an fathach.



“Cloch Líomhtha na mBó,” arsa Mac
Ríogh i nÉirinn, “agus do Chlaidheamh
Soluis.”



“Bí ar d'áirdeall!” arsa Gaisgidheach
na Falainge Fliche. “Cé bhféachfaidh tú
an Claidheamh?”



“Cé bhféachfaidh mé é?” arsa Mac Ríogh
i nÉirinn le Ridire an Dubh-gháire.



“Féach 'san smután sin thall é,” ar
seisean.



“Ní fheiceann mé aon smután ann
chómh míostuamdha le do smután féin,”
arsa Mac Ríogh i nÉirinn.



Tharraing sé a lámh. Bhuail sé an Ridire
'san muinéal. Chuir sé an ceann naoi
n-iomairidhe agus naoi ndíoghracha uaidh.
Leag sé an Claidheamh ar an muinéal
annsin, agus tháinig an ceann agus shíl sé
dhul air.



“Níor mhór duit,” ar seisean, “Dhá
bhfághainnse ar an gcorp aríst, Sluagh
De Danán ní bhéarfadh anuas
mé.”


L. 62


“Ní le do leigean suas a bhain mé
anuas thú,” arsa Mac Ríogh i nÉirinn.



Annsin cheangail sé suas Cloch Líomhtha na
mBó agus rug sé ar an gClaidheamh Soluis
agus thosuigh sé ar a thriall a bhaile.
Níor stop sé acht ag tigheacht go dtí an áit
ar chuir sé an Cúín Gearr Glas agus ní
fhuil aon chnámh dár bhain sé dhí nár chuimil
sé de Chloch Líomhtha na mBó, agus nuair
a chuimil sé an cnámh deireadh i n-áit a
bheith 'n-a cú, d'éirigh sí suas 'n-a bean
breágh. Bhí sí faoi gheasaibh agus faoi dhraoidh-
eachta mar bhí Mac Ríogh i n-Éirinn, agus
ní raibh i n-ann a sábháil go dtéidheadh sí
thríd an méid sin.



Tháinig sé abhaile chuig teach an Ríogh an
áit 'n-a bhfuair sé an Cú agus bhí fáilte mhór
roimhe agus dubhairt an Rí leis:



“Sin í m'inghean a bhí faoi dhraoidheachta,
bhéarfaidh mé dhuit í le pósadh agus mo
bheannacht.”



Tháinig sé a bhaile annsin chuig teach
a athar agus a bhean leis agus níor ghabh sé ann
isteach gur ghabh sé chuig an spinncín an
áit 'n-a raibh a leas-mháthair. Sgaoil sé
amach ceann Madadh Bán na n-Ocht gCos
as a bhfilléad. Chaith sé aici é. Bhuail sé
í fá'n gcích deas. Thuit sí síos 'n-a cúilín
cnámh.



Cuaidh sé isteach annsin chuig a athair
agus bhí fáilte mhór roimhe. Fuaidh siad-san
an clochán agus fuaidh mise an sruthán.
Baitheadh iad-san agus tháinig mise. Ní raibh
agam dá mbárr acht stocaidhe páipéir,
bróga laindéir. Chaith mé leobhtha féin
iad agus mo chuid de'n tubaiste.



SEUMAS Ó CONAILL.



Do bhailigh an sgéal seo
ar feadh na Nodlag '15.


L. 67


Maynooth MS.
Translation.



1. An tí leanfas mesi
ní shiubhalfaidh sé i
ndoircheadas (Eoin viii,
12). Ag siad so focail
ar dtighearna Íosa
Críost ina bhfógrann
dhúinn, mas mian linn
bheith saor ó dhoircheadas
agus ó dhaille croidhe,
aithris do dhéanamh ar
a bhéasaibh agus ar a
bheatha ro-naomhtha. Tríd
sin déanamais dícheall
díbhirceach agus macht-
namh caon-dúthrachtach ar
bheatha Chríost do lean-
mhain.



2. Sáraigheas teagasc
Chríost teagasc na n-uile
naomh agus an tí aga
bhfuil an spioraid cheart
doghéabhaidh sé an manna
folaighthe innte; gidheadh
atáid a lán ná corr-
aigheas agus ná spreac-
aigheas gnáth-chlos an
tsoiscéil a n-intinn ná
a gcroidhtheacha mar nách
bídh spioraid Chríost
ionnta. Acht an tí dár
mian leis focal Chríost
do thuigsin go mothaigh-
theach, is dleacht dó
dícheall dian do dhéanamh
agus machtnamh cruaidh
do dhéanamh ar aithris
beatha ró-naomhtha Chríost.



Fr. O'Sullivan's
Translation.



“Gidh b'é leanann
mise ní shiubhlann sé i
ndorchadas,” (Eoin viii,
12), ar ár dtighearna.
Is iad so briathra Chríost
le a gcómhairlighthear
dúinn A bheatha agus A
bhéasa do leanmhain má
's mian linn a bheith soill-
sighthe agus fuasgalta ó gach
daille inntinne. Uime
sin, is éigean dúinn
machtnamh go dúthrachtach
ar bheatha Íosa Chríost.



Sáruigheann teagasg
Chríost teagaisg na
naomh go huile, agus gidh b'é
ag a bhfuil an Spioraid
cheart, gheobhaidh sé
manna nó mildhriucht
foluighthe ann. Acht tár-
luigheann gur mór d'éis-
teann go minic le
briathraibh an tSoisgéil
gan rún a leas do lorg,
de bhrigh nach bhfuil Spior-
aid Chríost aca. Acht ní
fuláir do'n té le ar'
mian briathra Chríost do
thuigsin go lánchiallmhar,
a bheatha uile do riaradh
go duthrachtach do réir
beatha Chríost.



Co. Down
Translation (1762).



Ce bé bheireas tór-
aidheachd damh-sa, ní
chéimnigheann sé san
dorchadas,” eadhon, ní
shiubhlann sé air earróid,
adeir an Tighearna,
(Eoin viii, 12). 'Siad so
briathra Chríosda, tré
a bhfuagrthar agus a
bhfoillsighthear dúinn
cionnas is inleanta
beatha agus béasa
Chríosda ma's toil linn
ár soillsiughadh agus ár
ndeallrughadh go fír-
inneach, agus ár saoradh
ó'n uile dhorchadas
croidhe agus anma.



Deanmuid dícheallt
smaoiniughadh go dúth-
rachdach air bheathaidh
Chríosda.



Sáruigheann teagasc
Chríosda teagasc na
naomh uile, agus an té
aige a bhfuil sbiorad na
ngrás, gheobhaidh sé oil-
eamhain neamhdha a bhfolach
ann. Ach, teagmhann go
minic go n-éistid
móran an soisgeul air
bheagan tairbhe agus
taitnimh, cionn nach bhfuil
sbiorad Chríosda aca.



Ach ce bé le ar mhian
briathra Chríosda do
thuigbheal go h-iomlán
eagnaidhe déanadh sé a
dhicheallt tóraidheachd do
thabhairt dó ann a
bheathaidh.



Canon O'Leary's
Translation.



An t-é a leanann
Mise ní shiúbhlann sé
sa doircheacht, adeir an
Tighearna. Bréithre
Chríost iad san. Cuirid
siad i n-iúl dúinn, má's
maith linn bheith gan doir-
cheacht ná daille intinne,
nách foláir dúinn, i n-ár
mbeatha agus i n-ár
mbéasaibh, aithris a
dhéanamh ar Chríost féin.



Bímís, d'á bhrígh sin,
ag síor-mhachtnamh ar
bheatha Íosa Chríost.



Tá buadh ag an dteag-
asc a thugann Críost
uaidh ar theagasc na
naomh go léir, agus an
té go mbéadh an intinn
cheart aige gheóbhadh sé
biadh spioradálta sa
teagasc san.



Ach ráinigheann d'á
lán daoine bheith ag
éisteacht go minic leis
an Soisgéal agus ná
cuirid siad puinn suime
ann, toisg gan intinn
Chríost a bheith acu.



Ach an t-é gur mian
leis bréithre Chríost do
thuigsint i gceart, agus
le sochar, ní foláir dó
a dhícheall a dhéanamh chun
a bheatha ar fad do chur
ar aon dul le beatha
Chríost.


L. 68


TRÍ SGÉALTA



Ó OIRTHEAR CHORCAIGHE ATÁ I nDÉISIBH MUMHAN.



Díreach mar a fuaradh ó lucht a n-aithris
iad gan focal a chuir leo ná a bhaint
uatha .i.



1. Fear na Casóige.



2. An Bárr Imeartha.



3. Seán an Lanntraora (an sgéal a
bhí ag an Athair Peadair mar bhunús do
“Shéadna”). Sé Séamas Mac Coitir a
dh'innis dom é agus fuaras an dá sgéal eile
ó Eibhlín ní Dhúaláin. Bíonn an bheirt
aca na gcómhnuidhe i bparóiste Conaithe,
ach is i mBarra an Bhaile Duibhe athá leath-
míle ó'n mBaile Dhuibh a rugadh agus a
h-oileadh í. Chaith sí tréimhse san Oiléan
Úr agus is mó sgéal agus amhrán breágh Gaodhalach
a thug sí léi abhaile. Níor bhfada leat bheith
ag éisteacht léi ag amhrán nuair a bhí
an anál aici, má's fíor a chuala.



1. FEAR NA CASÓIGE.



BHÍ fear ann fadó agus ambasa ghaibh sé
le bean agus ní raibh aon slighe maireachtaint
aige ach ag imtheacht ag bailiughadh.
Dh'imthigh sé leis ag bailiughadh, ag soláthar
do n-a bhean. 'Mbasa, nuair a bhí
raint soláirighthe aige, thángaig sé abhaile
chúichi. Thomhaiseadh sé amach chúichi, an méid
a dhéanfadh í, nó go dtiocfaidh sé aríst.
An méid a bhailigheadh sé, díolfadh sé é ach
an fíor-bheagan a thabharfadh sé dá bhean.
Bhí sé ag déanamh airgid i gan fhios do'n
mbean agus ní thabharfadh sé aon phinginn dí
mar ní neósadh sé di go raibh sé ag déanamh
aon airgid.



D'imthigh sé leis an babhta so agus dh'fhan
sé tamall maith uaithi agus bhí an t-ocras ag
gabháilt di agus ní raghadh sí a d'iarraidh aon
rud ar aoinne. Nuair a thángaig sé
annsin, dubhairt sé léithi gan aon mhilleán
bheith aici air, gur chuaidh sé ag siubhal
an droch-dhúthaigh agus ná fuair sé aon rud
agus gur bhfada leis bhí sé gan teacht go dtí í
nó go dtángaig sé dtí n-a dhúthaigh féin
arís. Thug sé beagán leis. Dubhairt
sé go gcasfadh sé i gceann mhí agus thug sé
beagán dí, a dhéanfadh an gnó dí, go dtí
go dtiocfadh sé.



Ghluais sé leis annsin agus bhí sé imighthe
tamall. Thángaig lá fuar fliuch, milltheach.
Bhuail fear bocht isteach chúichi agus é fliuch,
fuar ó'n bhfearthain, gan aon rud air
ach seana-léine. Bhí ana-thruagh aici do agus bhí
seana-chasóg crochta suas 'ge n-a fear
fhéin, go raibh dhá chéad píosa agus paiste
uirthi. Chuaidh sí agus thug sí léithi an chasóg,
nuair a bhí sé chómh fliuch, chómh fuar san,
agus d'fhiafraigh sí dhe an gcuirfeadh sé é sin
air, ná raibh aon mhaith ann ach go raibh
sé cluthair. Dubhairt sé sin léithi go
gcuirfidh, go raibh ana-áthas air é dh'fhághailt
agus go raibh sé ana-bhaodhach dí, é thabhairt
do. Dh'imthig sé leis agus áthas air an chasóg
bheith aige, ó'n bhfuacht agus ó'n bhfliuchán.



Nuair a thángaig an fear abhaile, chuaidh
sé mar a raibh an chasóg, agus ní raibh sé
roimhe. Dh'fhiafraigh sé dho n-a bhean cad
a dhein sí léithi, nó cá raibh sé imighthe.
Dubhairt sí gur ghaibh fear bocht isteach,
lá milltheach, fuar, fliuch, agus gur thug sí do


L. 69


an seana-chasóg, nuair a bhí sé chómh fuar
agus chómh fliuch agus bhí sé. Ní dubhairt sé aon
fhocal léithi, dé chúis a thug, ná aon rud, ach
dh'imthig sé i gceann cúpla lá ag soláthair
do na bhean aríst. Annsan nuair a chas
sé go dtí n-a bhean aríst chualaidh sé 'n-a
ghluaiseacht go raibh aonach le n-a bheith n-a
leithéid sin d'áit.



Thángaig an lá agus thóig sé leis a thúirn
snímh agus chuaidh sé dtí an aonach. Bhí sé
ag sníomh leis, agus sé an port a bhí aige
i gcomhnuidhe ná “Má thá sé le teacht,
tiocfaidh sé.” Tháinig an méid a bhí ar an
aonach tímpall air. Bhí iongantas orra.
Bhí sé ag sníomh leis. “Má thá sé le
teacht, tiocfaidh sé” adeireadh sé. Ní
raibh sé ag rádh aon fhocail eile agus é ag
sníomh leis ar a dhícheall. Bhíodar cortha ó
bheith ag féachaint air. Sgaipeadar go léir
uaidh agus um thráthnóna, cad a chífeadh sé ag
gabhail chuige ach fear na casóige agus é
ghá rádh “Má thá sé le teacht, tiocfaidh
sé.” Chómh luath agus tháinig sé le n-ais staid
sé an túirn. “Mhaise, dé chúis an tseana
chasóg píosálta san a bheith ort,” ar
seisean leis an bhfear bocht. “Tá,”
ar seisean, “bean a thug san dom, lá
milltheach, fliuch; agus beidh mo bheannach go
deó aici.” “Yerra dé mhait dhuit í?”
ar seisean. “Bain díot é agus tabharfad-sa
an chasóg so duit. Tá casóg nuadh sa
bhaile agam agus déanfaidh í sin mise go
raghad abhaile.” Bhain an fear bocht an
chasóg de annsin agus áthas air, an chasóg
nuadh dh'fhaghailt.



Bhuail sé a thúirn ar a ghualainn nuair
a bhí an chasóg air agus abhaile leis. 'Mbasa
nuair a thángaig sé isteach, is ar a bhean a
bhí an t-iongantas nuair a chonnaic sí an
tseana-chasóg air. Bhain sé dhe an chasóg
agus chuir sé ar chrochadh mar a raibh sé.
Dubhairt sé le n-a bhean, faid a mhairfeadh
sí gan an chasóig sin a thabhairt uaithi níos
mó ach í dh'fhágaint annsan ar crochadh.



Bhí go maith. Dh'imthigh sé leis i gceann
dá lá ag bailiughadh aríst agus d'fhan sé amuigh
ana-fhaid ar fad uaithi, ach nuair a bhí sé ag
déanamh an slíghe abhaile, buaileadh breóite
ar an mbóthair é, agus é i bhfad ó baile,
agus ní bhfuigheadh sé teacht abhaile. Bhuail
daoine éigint n-a tslíghe ar an mbóthar.
Chuireadar chun chúnntais é, cad as é.
Chaith sé a ainm a thabhairt dóibh. Thugadh
abhaile é, go dtí a áit fhéin. Bhí sé ana-
bhreóite. Cuireadh fios ar an sagart dó.
Dh'ullmhaigh an sagart chun a bháis é agus níor
dh'admháil sé go raibh aon leath-phinginn
airgid aige.



Cailleadh é, agus nuair a bhí sé á thórramh,
thugadh fé ndeara an seana-phaintir
casóige agus é ar chrochadh os a choinne.
Dh'fhiafraigheadar do n-a bhean, dé chúis
go raibh an sean-phantar san annsan.
Innis sí dhóibh gur thug sí uaithi an chasóg
agus gur dh'imtigh sé sin ar thóirigheacht na
casóige agus gur thug sé leis an chasóg, agus
go ndubhairt sé léithi fhéineach fad a
mhairfeadh sí, gan an chasóg a thabhairt
uaithi, í dh'fhágaint annsan.



Thógadar aduas an chasóg agus níor
dh'fhágadar aon phíosa uirri gan stracadh
dhí. Fuaireadar céad púnt ins an chasóig,
Chuadar go dtí an sagart chun fiach
Aifrinn a thabhairt dó agus guidheachaint air
ag an séipéil. Ní léighfeadh an sagart
Aifreann dó nuair nár dh'admháil sé an
t-airgead. Sin a bhfuil agam-sa de, agus
má tá bréag ann bíodh.



2. AN BÁRR IMEARTHA.



Bhí fear ann fadó. Bhí sé ana-dhealbh
sa tsaoghal. Bhí lán tighe leanbhaí aige.
Ní raibh aon rud ag déanamh aon chúram
dó ach ag imirt cártaí. D'imthigheadh sé gach
aon oidhche ag imirt cártaí agus dh'fhanadh sé
go h-am marbh na h-oidhche, gan aon rud
aig á leanbhaí a dh'íosfadaís, ach ocras.
Bhí a bhean istig oidhche, í féin agus a leanbhaí
agus do ghaibh fear breagh isteach chúca. D'iarr


L. 70


sé lóistín na h-oidhche uirthi. Dubhairt
sí leis ná raibh aon áit oireamhnach aici chun
a leithéid. Dubhairt sé sin ná h-iarrfaidh
sé aon áit uirthi ach fuireach ins an chathaoir
go maidin. Dubhairt sí leis go bhfuigheadh
sé fuireach.



Bhíodar ag caitheamh na h-oidhche i
dteannta a chéile agus iad ag cainnt. Ní
raibh aon suipéir aici thabharfadh sí dos na
leanbhaí, ná aon rud bheirbheóchadh sí dhóibh.
Bhí na leanbhaí ag tuitim dá gcodladh agus
dubhairt sé léithi a suipéir a bheirbhiughadh
dos na leanbhaí, gur truagh iad a bheith
ar an dtinnteáin chómh déanach san.
Dubhairt sí leis go raibh se luath fós chun
a suipéir a dhéanamh dóibh (mar ná raibh
aon rud aici bheirbheóchadh sí dóibh). Dubhairt
sé aríst léithi a bheirbhiughadh agus dubhairt sí
go raibh sé luath. Dubhairt sé an tríomhadh
uair léithi é bheirbhiughadh agus chuaidh sí agus
fuair sí an corcán ollamh. Chuir sí ar
an dteine é, gan aon rud a chuirfeadh sí
ann. Chuaidh sí go dtí cómhra mór bhí ar
thaobh an tighe, agus shíl sí ná raibh aon rud
ins an chómhra, agus is amhlaidh bhí an cómhra
ag brúchtaighil suas le min-choirce. Dhein
sí a suipéir dos na leanbhaí agus chuir sí i
gcodladh iad.



Thug sí a leabaidh féin annsan do'n
fear a ghaibh isteach chúcha chun dul a chodladh
ann. Nuair thángaig an fear isteach, pé
am san oidhche thángaig sé isteach, i bhfad
ins an oidhche, bhí sé ag easganaidhe agus ag
gaoideóracht, nuair a thángaig sé isteach.
D'iarr a bhean, ar son Dé, air eisteacht;
go raibh a leithéid sa chodladh agus gan
a bheith ag easganaidhe anocht pé ar
domhan é, ná ag déanamh cainnte. Chuaid
sé a chodladh agus d'eirig sí fhéin ar maidin agus
d'eirig an fear a ghaibh isteach chúcha.
Shocraigh sé an althóir agus chuaidh sé ag
léigheamh Aifrinn. Nuair a chonnaic sí
sin é ag socrughadh an althóir, dubhairt
sí le n-a fear eirighe.



Dubhairt sé annsan leithi pé achuinge a
dh'iarrfadh sí go bhfaigheadh sí é. Sé an
achuinge a dh'iarr sí sin ná leaba ins na
flaithis dí fhéin agus d'ár bhain léithi. Annsan
dubhairt sé leis an bhfear, pé achuinge a
dh'iarrfadh sé go bhfaigheadh sé é. Sé an
achuinge a dh'iarr sé ná bárr imeartha.
Chrom a bhean air nuair nár iarr sé leaba
ins na flaithis dó fhéineach. Dubhairt
sé sin léithi, dar ndó gur iarr sí sin
leaba ins na flaithis dí fhéin agus dár bhain
léithi agus dar ndó gur bhain sé féin léithi.
'Mbasa fuair sé a achuinge agus cailleadh
i gceann tamaill na dhiaidh san é. Dh'imthigh
sé leis agus chuaidh sé go dtí doras na
bhFlaitheas. Pórtéir a bhí annsan, dh'iarr
sé cad a bhí air. “Bhfuil sibh ag imirt?”
ar seisean. Dhé, dubhradh leis imtheacht
láithreach. D'imthigh sé leis agus chuaidh sé go
dtí geata Ifrinn. Tháinig an pórtéir
chuige. Dh'fhiafraigh de cad a bhí air.
“Bhfuil sibh ag imirt?” ar seisean.
Dubhradh leis an pórtéir é sgaoileadh
isteach go mear. Chuaidh sé isteach.



Bhí dáréag cloinne aige agus d'imir sé an
dá dhuine déag i gcoinnibh dhá dhuine déag
bhí ag an diabhal i n-Ifrinn. 'Mbasa thóg
sé leis iad. Bhí sé ag imirt leis agus bhí sé
ag breith na n-anama a bhí i n-Ifrinn.
Bhí sé ag tógaint an méid anam a bhí sé ag
imirt agus shíleadar i n-Ifrinn, ná buailfeadh
aon rud orra agus bhuaidh sé seo orra. Nuair
a bhí an méid a bhí i n-Ifrinn aige tógaithe
aige, chuireadar an rith air agus ní imreóchaidís
a thuille leis. Ghluaisigh sé leis. Nuair
a bhí sé ag gluaiseacht bhí na h-anama
go léir tímpall air agus chuadar i n-achrann
leis. Tháinig sé dtí geata na bhflaitheas
agus rapáil sé. Thángaig duine chuige.
D'fhiafraigh sé de cad a bhí air. “Bhfuil
sibh ag imirt?” ar seisean. Dh'fhiaf-
ruigheadh den pórtéir cé bhí ann. Innis
sé gurab é an fear a bhí ann cheana, gur
dh'iarr sé an rabhadar ag imirt. Dubhradar
istig leis é sgaoileadh isteach. Chuaidh
sé agus lín sé an flaithis istig dóibh leis an


L. 71


méid a thug sé ó Ifrinn. Cuireadh a bhaile
aríst é dtí n-a bhean agus dtí na leanbhaí.
Sin é mo sgéal sa, agus má tá bréag ann
biodh.



3. SEÁN AN LANNTRAORA.



Bhí gréasaidhe ann fadó, agus bhí sé lá
ag dul go dtí an sráid a d'iarraidh
blúire leathair. Ní raibh ach trí sgillinge
aige 'na phóca. Thángaig fear air, agus d'iarr
sé rud éigint air, ná raibh aon rud aige.
Thug sé urmhór na trí sgillinge dó agus
do chaith sé an chuid eile de, mar bhí ocras
agus tart air. Ní raibh fiach an leathair aige
chun na mbróg do dheisiughadh annsin.
Dubhairt sé leis féin gur chuma dá mbeadh.
Thángaig fear suas chuige annsan díreach,
agus dh'fhiafraigh sé de cad a bhí air. Dubhairt
Seán (sin é an t-ainm a bhí ar an ngréas-
aidhe) a leithéid sin. “Dá ngeallfá
dómh-sa go dtiocfá liom tréis seacht
bliana” ars' an Fear, “thabharfadh fiach
a mbeidh do leathair uait duit.”
“Yerra” arsa Seán, ar seisean, “ce
h-é tú fhéin.” “Fear ó'n saoghal eile,”
ar seisean. “Well” arsa Seán, ar
seisean, “ní maith liom tú dh'fheiscint i
n-aon chor ná aoinne ó'n saoghal eile agus
ní imtheóchainn-sa leat-sa i n-aon chor.”
Pé sgéal é do ghlac sé an t-airgead.
D'fhiafraigh an fear de cá raibh sé n-a
chómhnuidhe. “'Sa dtig sin thall i m'aonar”
ar seisean. D'fhiafraigh an fear de, cad
é an chúis do, bheith sa dtig sin in' aonar.
Dubhairt Seán leis go raibh sé n-a thaithighe
agus ná bíonn aon uaigneas air agus ná déanfadh
sé a mhalairt go dtí lá a bháis. D'imthig sé
leis annsin.



Ar dul abhaile do, do bhuail fear
na déirce air arís. Dh'fhiafraigh sé de
Seán breitheamhantas aithrighe a dhéanamh.
Dubhairt Seán go gcuirfeadh sé ar an méar
fada é. “Well mara ndéanfair é”
ars' an fear, “is olc an obair a dhéanfair
agus beir na chathughadh 'na dhiaidh so maran
dtógfair mo chómhairle-se.” “Well,”
arsa Seán, “cé h-é tú fhéin. Dubhairt
sé gurab é féin an Slánuightheór agus
“anois,” ar seisean, “déan trí achuinge
a dh'iarraidh.” “A dhe,” arsa Seán, “nach
ait an obair atáir a dh'iarraidhe díom-sa agus
dé mhaith na trí achuinge anois.” “Well,
iarr iad,” ars' an Slánuightheór, “agus
gheóbhair iad ar son do dhéirce.” Sé
adubhairt Seán ná “an chéad duine a
suidhfidh ar an stól sin, é cheangal de.”
“Agas dé an achuinge eile,” ars' an Slán-
uightheór.” “Aoinne a chuirfidh a lámh sa
bhosca úd a lámh a cheangailt ann,” arsa
Seán; “agus tá crann ubhall lasmuigh dhon
doras agus aoinne a bhéarfadh ar ghéag de,
ceangalóchaidh a lámh de.” Fuair sé na
tri achuingí sin.



Nuair a bhí na seacht bliana críochnaighthe
thángaig an diabhal aon lá amháin go dtí
é, chun a bhreith leis. Bhíodar ag cainnt.
Dubhairt sé le Seán go mbfearr dhó teacht
leis. “Ní raghad,” arsa Seán. “Caithfir
teacht liom,” ar seisean. “Neón ach ní
chaithfidh,” arsa Seán. “Well,” ar seisean
“ní raghad leat go fóill.” Rug sé ar Sheán
agus dhein sé a stracadh leis. “Suidh nómait
ar an stól anois” arsa Seán, “go ndúnfadh
mé mo bhróga.” Shuidh an diabhal ar an
stól. Bhí na bróga dúnta 'ge Seán.
“Gluais leat anois,” arsa Seán. Chuir
an diabhal chun imtheacht agus má chuir ní
fhéadfadh sé eirighe, bhí an stól agus é fhéin
ceangailte dhon dtalamh. Rug Seán ar
an ndiabhal agus bhí sé ghá thachtadh agus thug sé árd-
bhualadh le bata dó. Dubhairt an diabhal
leis stad agus leogaint dó féin agus ná tiocfaidh
sé go deó arís ag pléidh leis ach é sgaoileadh
chun siubhail. Sgaoil Seán chun siubhail an
diabhal agus má sgaoil, dh'imthigh sé uaidh.



'Gceann seacht bliana thángaig diabhal
eile chuige. Dubhairt an chéad cheann
leis an diabhal so gan suidhe i n-aon chor
ar an stól, bheith lán-siúrálta dhe mar go


L. 72


gceangalóchadh sé dhon stól agus go gcean-
galóchadh an stól agus é fhéin dhon dtalamh.
Dubhairt Seán leis suidhe síos. Ní shuidhfadh
sé i n-aon chor. “Táim chun tu bhreith liom
anois,” ars' an diabhal. “Well, fan go
fóill,” arsa Seán. Rug sé ar Sheán chun
é bhreith leis agus chrioth sé os cionn talamh é.
Dubhairt Seán leis fuireach go fóill agus
dul síos go dtí an boscín sin thíos.
“Cuir do lámh isteach san mbosca,” ar
seisean, “agus tóg amach an meanaith go
gcuirfidh mé greim am bróig.” D'imthigh
an diabhal go dtí an mbosca chun an
meanaith thógaint agus cheangail an lámh don
mbosca agus ní fhéadfadh an diabhal corruighe.
Bhí buaidhte air caoch. Dubhairt Seán
leis an ndiabhal annsin corruighe air
agus teacht leis go mbeidís ag imtheacht. “Ní
fhéadfainn,” ar seisean. “Táim ceangailte
don mbosca agus an bosca ceangailte don
bhalla.” D'eirigh Seán chuige agus fuair sé
cleath mhór do bhata agus thosnaigh sé ag gabháil
de. Dubhairt an diabhal leis stad agus gan
é mharbhadh agus ná tiochfaidh sé go deó arís
ag pléidh leis, ach é sgaoileadh chun siubhail.



Well, gcionn seacht bliana eile thángaig
an diabhal deireannach chuige. Dubhairt
sé le Seán go gcaithfidh sé teacht leis fhéin
anois. Rug sé ar Sheán agus is iongnadh
nár mhairbh sé é, á stracadh agus á chaitheamh.
Dubhairt Seán leis stad agus gan é mhar-
bhaighthe (mharbhughadh). “Imthigh amach,” arsa
Seán, “agus bris baitín dom don gcrann
athá annsan amuigh.” Chuaidh an diabhal
amach go dtí an gcrann ag briseadh an
bhata do Sheán go siúbhalóchadh Séan leis
nuair a bheadh an bata aige. Cheangail
lámh an diabhail amuigh do'n gcrann.
Nuair a chonnaic Seán ceangailte é,
dubhairt sé leis gluaiseach leis anois.
“Ní fhéadfainn,” ars' an diabhal. “Tá
mo lámh ceangailte,” ar seisean, “don
gcrann agus ní féadfainn imtheacht.”



Seo amach Seaghan le cleath mhór do
bhata agus thug sé árd-bhualadh don diabhal
agus d'iarr an diabhal comairche air, gan é
mharbhughadh. Stad Seán annsan agus rug
sé leis an diabhal agus chuir sé isteach i
mála é, agus bhuail sé ar a dhrom é. Bhí sé
ag imtheacht leis an bóthar agus chonnaic
sé trí cinn do mhná agus iad ag bualadh
le sliseanna. Dh'iarr sé ar na mná an
máilín beag so a bhualadh do. Dubhairt
na triúr mná é thabhairt annsin dóibh.
Bhuaileadar é agus bhriseadar na sliseanna
ag bualadh an mhála. Dubhradar le Seán
nuair a bhriseadar na sliseanna, an mála
san a bhreith chun siubhail uatha, gurab é an
diabhal a bhí aige agus é dh'árdach leis. Dubhairt
Seán gurab é an diabhal a bhí aige.



D'imthig sé leis go chuaidh sé go dtí
ceárdta. Dh'iarr sé ar na gaibhne an
mála a bhualadh dó. Dubhradar go ndéan-
faidís. Bhriseadar na h-óird agus an
t-inneóin a bhí aca. Dubhradar le Seán
gurab é an diabhal a bhí aige agus é thógaint
chun siubhail. “Sé an diabhal é,” arsa
Seán. Rug sé leis an mála agus an diabhal
istigh ann. D'imthig Seán go dtí muileann
a bhí ann. Dh'fhiafraigh sé do fear an
mhuilinn an ndéanfadh sé an mála a mheilt
dó. Dubhairt fear an mhuilinn leis go
ndéanfadh agus é chaitheamh isteach annso
chuige. Chaith Seán an mála isteach chuige
agus chuir sé an muileann ar siubhal agus
má chuir ní fhéadfadh sé an mála a mheilt.
Briseadh na rothanna go léir agus an muileann
a d'iarraidh an mála mheilt. Dubhairt
fear an mhuilinn an mála a thógaint leis
chun siubhail, go raibh an muileann go
léir briste le na shean-mhála, agus “sé
an diabhal athá agat,” ar seisean. “Sé
an diabhal athá agam,” arsa Seán.



Thóg Seán leis an mála agus an diabhal
istig ann agus d'imthigh sé leis. Bhí sé ag
siubhal. Nuair a bhí sé cortha ó bheith ag
siubhal, d'imthigh sé go dtí abhainn mór
a bhí ann agus chaith sé an mála istigh ann agus
béal an mhála ceangailte. D'eirigh an
diabhal amach as an abhainn na splanncracha


L. 73


'n-áirde san aeir agus n'fheacaidh Seán a
thuilleadh dhe.



Nuair a cailleadh Seán annsan, nuair
nár dhein sé cómhairle Dhia, sgaoileadh
go h-Ifrinn damanta é. Bhí Iosgar 'ge
geataí Ifrinn. Dubhairt na diabhail go
léir le h-Iosgar gan Seán a sgaoileadh
isteach i n-aon chor, é choimeád amach.
Choimeád Iosgar amach é gan é leogaint
isteach le h-eagla go marbhóchadh sé na
diabhail go léir. Chaith Seán annsan
teacht ag triall ar Dhia aríst, agus dubhairt
Dia leis ná sgaoilfeadh sé isteach ins
na flaithis i n-aon chor é, nuair ná dhein
sé breitheamhantais aithrighe. Thug sé
lanntréir do annsan agus chuir sé ar an
dtalamh aríst é ag cur daoine amúgh
go lá na síoruidheachta.



“CLAIS NA GAINIMHE.”



SISILE BUIDHE.



Do bhí file dárbh' ainm Eoghan Ua
Riobhardáin 'na chómhnuidhe i nGleann
Phriaracht. Bhí deirbhshiur dó i n-aon-tigh
leis agus bain-fhile a bhí innti. Do dhéin sí
an caoineadh so ar chirc a fuair bás uirthi.
Sgríobhas síos é ó bhéal fir a fuair ó'n
mbain-fhile féin é. Aig seo é: —



I.



An fhaid a mhairfinn gheóbhainn eachtra ar
do cháil, a chearc;
Ba dhual athar duit bheith ainmhiseach,
láidir, mear;
Ó ba sheasmhach í do phearsa i gcoinne an
fhill i gcath,
Ó fealladh ort chun anairthe do mhnáibh a bhí
lag.



II.



Is pé árrachtuidhe gránna nó spreallairín
fill
Do lámhfadh í sa bheárnain gan gunna gan
claidheamh,
Árd-Mhac na ngrásta cuirim-se ar a thí,
Duig cráidhte ins a dheárnain do rug ar an
lígh.



III.



Ar an uisge nuair a chuirim-se ceann dá
h-uibhe,
Braon piceallach nuair a chuirim-se de'n
tsáile tríd,
Is mó mire a chuirfeadh san i lár mo
chroidhe
Ná a ndéintear de sna cuigneachaibh ó
Ráth go Snaidhm.



IV.



Nár dhúntar mo shúile go bhfeiceann mé
é go cruinn
'Á mhúchadh agus 'á ionfairt i mbronaraisg
mhíol,
A ghlúine go lúth-lag agus cuisle a chroidhe,
An té a chrústuigh gan cúis ar mo Shisile
Bhuidhe.



V.



Dá maireadh an t-éinín úd do cailleadh
cois<e> claidhe,
Do bheadh saoghlacht go léir againn de
chearcaibh agus d'uibhibh,
Do bheadh saoghal fada agus léas againn
agus an talamh gan cíos,
Agus ní i n-Éirinn bheadh mo station acht i
Sasana an ghrinn.



VI.



Ó, sgreadaim-se ar Mhuire agus ar bhád
má theidheann,
Tonn bhriste theacht gan coinne leis
a bháthfhaidh é,
É thuitim do chionn tubaiste agus cách
a bheith saor.



T. Ua M.


L. 74


Peacaidhe shíol Adham uile,
'S a mbeith ar aon duine,
Cuireadh a dhóchas i Muire,
'S do gheabha mar sin trócaire.



(MS. 3 c 14, page 484).



A Mháire mhilis, a bhuime, 's a Mháthair
Chríost,
A bhláith na finne, 's a bhruinneall ó dtáinig
Rí,
Táithig linne, gan fille go bráth, 'n-ár
gcroidhe,
Grása an leinbh sin d'fuiling an pháis 'n-ár
dtaoibh.



(MS. 4 b 7, page 281, and MS. 3 e 15,
page 263).



FÁILTE MUIRE.



1.



Dia do bheatha, a Mhuire mhór, a bheatha is
glaine ná an ghrian.
Dia do bheatha, a shúil mhall shaor, a chraobh-
bheathadh, a úrbhárr fhial.
Dia do bheatha, a bhuime an ríogh, im sheasamh,
im luighe, im shuan.
Dia do bheatha, a fhabhra úr, a rún mh'anma, a
bheatha bhuan.



2.



Dia do bheatha a fholt mar an ór, Dia do
bheatha, a bhos mar aol.
Dia do bheatha, a bhláth na n-ógh, Dia do
bheatha a lón dod ghaol.
Dia do bheatha, a ghruadh mar ghrian, do luadh
is measta do mhnáibh.
Slighe mh'anma is déanta id dheóigh, a réalta
eóil chalma, cháidh.



3.



Dia do bheatha, a bhéal mar rós, Dia do
bheatha, a ghéag na ngrás.
Dia do bheatha, a chraobh go gcnuas, dod
ghaol suas beatha gan bhás.
Dia do bheatha, a mhala mhín, a ré lan le
mbearthar buaidh.
Dia do bheatha, anam an eóil, a chrann seóil
an bheathadh bhuain.



4.



Dia do bheatha, a dhéid-gheal dhonn, aon bhean
ní curtha ós do chionn.
Ár gcómhbhaidh do mhong-shúil mhall, fá bhárr
throm, fhullain, fhionn.
Dia do bheatha a bhruinneall shaor, lear
tuile beatha gan bhiadh,
A ghnúis ró-bhán, chneis-gheal, chaomh, a aoimh-
bean tsaor, óg, nár, fhial.



5.



Fáilte uaim dod mhala mhín, ré'n samhail
snáithe, seang, sróill,
Nó taoibh ruainne chiar-dhuibh, chaoil, far
sgaoil bhuile dhiarnuidh óir.
Fáilte uaim dod mhong-shúil mhall, 's dod
ghruadh ndonnúir, bhfáiltig, mhín,
'S dod chéibh ngníomharthaig, dtais, dtrúim,
's dod bhais chúirr, shíth, eochraig, shlím.



6.



Fáilte uaim dod bhrághaid bháin, ráinig
buaidh bhfáilte gach aoin,
Dod súil ghlais bforbháiltigh bhféil, 's dod
bhais réidh, chorrbhfáinnigh, gcaoin


L. 75


Fáilte uaim dod mhala mhín, do chruith
th'aighthe 's dod t'ucht séimh,
'S dod throig shlaith-leabhair, shaoir, dtaith-
neamhaigh, gcaoimh, ró-ghil, réidh.



7.



Fáilte rómhat id Mháthair mhic. Fáilte on dá
chas is cóir dhuit,
Sibh id th'óigh ar meas do mhic, cóir a reic re
ad chneas mar chuip,
Tú an fhíor-ógh gan ríghe riot, an Trionóid
ar luighe leat,
Tú ár ndaingean ar ghoin-ghlac, aingeal ód
mhach ruibh do reach.



(From an unclassified bundle of fragments.)



Go dtéidh sinne saor ó'n máigh,
Le h-impidhe inghin Anna,
Ó bhreitheamhnas díreach Dé,
Isteach go tigh mhic Muire.



(MS. 3 c 14, page 307.)



Dia do bheatha, a mhathair Dé, a ógh fhíor-ghlan
gnúis-ghné,
A dhorais naomh-mhúr nimhe, ag ríar réilt ár
bhfairrge-ne
Ag gabhail na fáilte ód bheól, Gaibriel an
díognas deaghóil
Ár síth dúinn daingnidh is damh, ag iompódh
anma Éabha,
Soillse buain bróin do cheallaibh, géimhle
sgaoil do chionntachaibh,
Tuismeadh do bhronn tú rod bhrath, sgrios
ár n-uilc iar gach aon mhaith.
Naoidh ar bheith id mháthair aige, go n-éistigh
orainn t-úrnaighthe
Ágh do thogh bheith i n-a mhach, naoi mí ionnat
is agat,
A óigh Fhéinix gan aithghin, a chaoin cheannsa,
charthannach,
Chum sinn do sgaoileadh d'ár gcoir,
ceannsa, cráibhtheach, geanmnuidhe,
Bronn dúinn beatha gan sal, ailimíd
bealach gan baoghal
Go mbíam do shíor loinneach lán, ag
faicsin Íosa ár n-aon-ghrádh
Do Dia athair go mbídh glóir, 's dá aon-
mhac uainne onóir
Is do naomh-sprid a ró-ghrádh rúin; triúr
iad i n-aon nádúr.



A Mhuire, a mháthair na ngrás,
Faighidh dom mar ghrása ód mhac,
Go ndéanfainn aithríghe anam,
'S go rachainn gan mhaill ar neamh.



1.



A bhanaltra bhleacht, 's a bean an tioma-
chroidhe mhóir,
Muna dtagair gan stad is teacht i
n-iomruidhe an lóid,
Is eagal an bhreat do theacht na luisne faoi
an gcóip
Dá dtreasgairt ar fad do dheasgaibh teine
bhrígh an smóil.



2.



Athair do mhac do ghaibh id t-inne-chlídhe feóil
Do dhalta, do shearc, is fear do chruinne
cídh dheól
Gan seasamh ar cheart ná teacht thar bhriseadh
dlíghe reó,
Acht a gcionnta ar fad do mhaitheamh
duit-se is ní dhóibh.



3.



Ó leannais ar fad an chreac, 's gur bhainis
í don tóir,
Dá'r admhuig riot gur raidis coimrighe
dóibh,
Ná dearmad feasta is peacach mise do bhí
don tsórd,
'S is beannaithe ar measg na mban tú, a
Mhuire mhín, mhóir.


L. 76


1.



Mairg nách molann Máthair Dé,
Go fiú a bhfuaras dá fiadhnéidh,
Ubhall óir na dtrí dtoradh,
Ní cóir gan í d'ádh-mholadh.



2.



Deacair damh-sa dhéanamh dí,
Moladh nách dearnadh di-si,
Gnúis tsaor is maordha, molta,
Craobh órdha na h-ogh-ochta.



3.



Moladh is oircheas d'éis cháich,
Cíodh deacair damh-sa a fhághail,
Do dhéan fá dheóigh dán molta,
Do lán beóil an bhantrachta.



4.



Cuir chuige is deacaraide dham,
Da molar Muire Mháthair,
Ní léir dúinn trian a teasda,
Gá dúil chríadh ré'n cóimh-mheasta.



5.



Deacair damh-sa déanamh rann,
Acht dán do rinneadh rómham,
Minic moltar a gruadh gheal,
'S a snuadh mar chorcair coilleadh.



6.



Neamh d'fághail dá ndeachadh díom,
Ó thuilleamh feirg an áird-ríogh,
Díon dúinn a sioth-fhocal sin,
A ógh-thapuir duinn an dúilimh.



7.



Ar eagla nách déanfadh Dia,
Le méid Díomdha Mhic Máiria,
Mo shíoth go nuaidhidhe ar nimh,
Guailidhe ágh an rígh-thighe.



8.



A ré lán na n-uile ógh,
Go fearg an Athar d'iompódh,
Cuir ímpidhe ar fhear dom ainm
A bhean ímpídh Iothfairinn.



9.



Gídh deacair léigheas mo lot,
I ndóigh go bhfaighinn furtacht,
Cuir mórthuile m'uilc tar ais,
A ór-thuighe puirt Parthais.



10.



Moladh nuadh do dhéanamh dhuit,
Go minic, a ógh ór-dhruic,
Géag úr nách so-chaithmhe sibh,
A ghlún chothuighthe an chreidimh.



11.



Saor mé, a mhic, as m'aithne,
Eagal liom lá an mheasraighthe,
Sirim grása ort dom ainm,
An la so ar dtocht fá thóghairm.



1.



Cuimhnig, úghdar na sláinte, do bhreith feacht
fáith i bhforbhfáilte,
I bhfuirm corpardha uair éigin, ó'n óigh
fhuar-ghlan, fhír-chéillidh,
A mháthair grás, a Mhuire, a Mháthair na
trócaire,
Imdhíon ó ár námhdaibh sinn, gaibh 'n-ár
mbás fóir agus foithin.



2.



Duit-se, a thighearna ró-ghlóir, do rugadh
ó'n rígh-bhanóigh,
Don Athair is don Naomh Sprid, tré's gach
saoghal seimpir,
An té moltar riú go léir, talamh, muir,
aedhear, áird-spéir,
Is dá dtugaid mar is dleacht dóibh, fíor-
adhradh, umhla agus onóir.


L. 77


"Críost liom,
Críost romham,
Críost im' dhiaidh,
Críost ionnam!
Críost fúm,
Críost os mo chionn,
Críost dom' láimh dheas,
Críost dom' láimh chlé!"


L. 78


“Críost i leithead,
Críost i bhfaide,
Críost i n-aoirde!”



“Críost i gcroidhe gach aoinne smaoineas
orm!
Críost i mbéal gach aoinne labhras liom!
Críost i ngach súil dearcas orm!
Críost i ngach cluas cluineas mé!”



“Toil Dé go ndéanamoid,
Ár n-antoil féin go smachtuighmid,”



“Srian le n-ár dteangaidh go gcuirimid,
An aithrighe thráthamhail go ndéanamaoid,
Ar Pháis Chríost go smuaínimid,
Gach coir pheacaidh go seachnuighmid
Na críocha déigheannacha go meabhruighmid
Bás beannuighthe go bhfaghmaoid,
Ceol na n-aingeal go gcluinimid,
Ag moladh Dé go rabhmaoid,
Le linn na saoghal.
Amen.”



“A Mhaighdean Mhuire mo sheacht ngrádh thú.
Is tú bean mo chumainn,
Is tú bean mo shláinte,
Is tú bean mo threoidheachta,
Ag uair mo bháis
Beir mé féin 'sna flaithis.
Amen.”



“A Mhaighdean bheannuighthe Mháthair Dé!
A Shoillse ghlégeal tá gan smál,
A choinneal shoillseach i láthair Dé,
Go raibh tú againn lá ár mbáis.
Amen.”



“Ar chuimrighe Dé na naomh, agus na
n-aspal dúinn,
Naomh Seosamh, agus Naomh-Sacramuid
na h-Altóra. Amen.”



“Beannuighim duit a theampoill Dé,
Agus go mbeannuighidh tú féin dam,
Mar shúil agus go mbéidh an dá abastal
déag
Ag guidhe orm féin indiu.


L. 79


Islighim ar mo ghlúin dheas do'n Áird-Rígh
Agus ar mo ghlúin chlí do'n Spiorad
Naomh
Mar shúil go dtógfainn
A mbéidh romham agus mo dhiaigh,
Ó leac na bpian.
Amen.”



“Míle fáilte romhad, a chuirp an Tighearna,
A Mhic do shíolruigh ó'n Óigh is gile agus
is míne.
Is é do bhás-sa
Ar chrann na Páise,
D'fhuasgail síol Éabha agus bhasguigh
coir.



Íosa do cheannuigh sinn,
Íosa do bheannuigh sinn,
Íosa an phaidrín pháirteach,
Ná deun sinn do dhearmad
Anois nó ar uair ár mbáis.”



Bí a Íosa i mo chroidhe-se i gcuimhne gach
uair,
Bí a Íosa i mo chroidhe-se le h-aithrighe go
luath,
Bí a Íosa i mo chroidhe-se le duthracht go
buan,
Ó a Íosa Dé dhílis na sgar tusa uaim.
Gan Íosa mo smaointe ní thaithnigheann
liom féin.
Gan Íosa ní scríobhaim ná ní bhogaim
mo bhéil,
Gan Íosa mo ghníomh-sa ní maith iad sa
t-saoghal,
Ó a Íosa Dé dhílis bí rómham agus 'mo
dhéidh.


L. 80


'Sé Íosa mo rígh-se mo chara agus mo
ghrádh.
'Sé Íosa mo dhídeann ar pheacaidh agus ar
bhás.
'Sé Íosa m'aoibhneas mo sgáthán do ghnáth,
Agus a Íosa Dé dílis ná sgar liom go
bráth.
Bí a Íosa go síorruidhe i mo chroidhe agus
in mo bhéal.
Bí a Íosa go síorruidhe in mo thuisge mar
an gcéadna
Bí a Íosa go síorruidhe in mo mheabhair
mar léigheann,
'S ó a Íosa Dé dílis ná fág mé liom féin.
Amen."



“Mo Dhia, mo sholus, mo bheatha, mo ghrádh,
Mo bhrígh, mo luathgháir, mo lón fós,
Tabhair dhamh meabhrughadh oidhche agus lá,
Ort-sa, a Dhia gach soluis.
Méaduigh mo ghrádh, m'osnaidhe agus mo
bhrón.
Agus foscail mo bhéal chum a rádh,
Agus tabhair dam smuaineamh go cinnte
gnáth
Ar Íosa, Muire agus Iosef.”



“'Sé a chlaoidh na draoithe,
Croidhthe dúra gan aon mhaith,
D'isligh drong an díomais
Tré neart Dé, ár dtréan fhlaith.



“Iarramuid ort, a Phádraig,
Guidhe orainn na Gaedheala
Dia linn lá agus oidhche
'S Pádraig Aspal na hÉireann.”


L. 84


AMHRÁIN GHRÁDHA.



Do bailigheadh na sé h-Amhráin Ghrádha so
thíos, i n-Iarthar na nDéiseach.



1.



MÁIRE BHEAG NA GRUAIGE BÁINE.



1.
Cois na h-abhann-sa thiar athá mo ghrádh
le bliadhan,
Is breaghtha siúd ná grian an tSamhraidh,
'S go bhfásann mil na diaidh ar lán a bonn
don sliabh,
Seacht seachtmhaine i ndiaidh na Samhna.
'Á n-imtheóchaidh sí chun siubhail is go
gcasfaidh sí i mo líon,
Caithfinn díom gan mhoill an ganntanas,
I n-imdheóin a maireann beó, ní sgarfaidh-sa
lem stóir
Is í Máire bheag na gruaige báine.



2.



Sí Máire bheag mo thogha, sí Máire bheag
mo rogha,
Sí Máire a thógas le grádh 'ci.
'S go b'é léighid siad as na leabhar gur
tug sí lé bárr feabhais
Na céadta fear go bhfuilid i ngrádh léi.
Thug sí lé bárr deiseacht ó Bhenus a bhí 'ge
Solaimh,
Agas féachaíg-si cioca is breaghtha,
Is nár dh'éagfad-sa go h-obann go
mbréagfad fhéin mo chogar,
'Sí Máire na gruaige báine.



3.



Cois na taoide mór, tá mo mhíle stór
Sí an fhinne-bhean mhilis, mhodhmharach,
mhaorgac.
Is gur milse liom a póg ná siúcre is mil
ar bórd
Agas iad a bheith á n-ól i n-aonfheacht
Bhí a dhá chích ghlé-geal gheala, ba néata
cruinne cearta
Mar a bhíodh sneachta bhíodh á cháthadh ar
shléibhte.
Is go labhrann an chuach gan dabht i lár
an gheimhridh thall
'Sa mbaile go bhfuil mo grádh fé phleisiúr.



4.



Sé dh'airígh mé 'ca ghá rádh gur thughas gean
do mhná
Is níor thugas riamh grádh ach do chúilfhionn
Is dá mbéadh agam-sa bád, leanfainn í
sa tsnámh
D'fonn a bheith páirteach léithi.
Póg as míle grádh agus barraí bog do lámh,
Sé a n-iarrfad-sa go bráth mar spré leat
Agas mara dómh-sa táir i ndán, a Phéarla
an Bhorlaig bháin
Nár thagair-se beó slán ó'n aonach.



5.



Ar m' úrnaighthe nuair a théighim, isteach go
dtí seipéil Dé
Mo leabhar agam á léigheamh ar mo ghlún
deas


L. 85


'S ort a bháb na gcraobh, bhíonn mo mharthan
fhéin
Agas ní h-ar an gCorp Naomh a dh'onór-
ughadh.
Dar an leabhar sa thá i mo láimh, a Phéarla
an Bhorlaig Bháin
Má leigeann tú faghail bhais dot chumha me
Aon spiach ar radharc na ngrás nár
dh'feicir-se go bráth
Ach t-anam geal i ngrátaidhe Lúiter.



2.



Tá Gleann na Séad ar thaobh an bhóthair
dá mbeitheá ag dul siar ó'n Lios Mór go
dtí an mBaile Dubh i gConndae Phort
Láirge.



1.
Gleann na Séad ar uair an lae
'gus mé ag dul fé dhéin mo ghrádh gheal
Mar a mbeadh ubhla craorach cona bhuidhe
mil na slaoda ar bánta.
Gheal an spéir, labhradar na h-éin
bhí an fhairrge na chaorthaibh bhána,
Nocht an ghrian thug seal fé chiach,
agus dh'eirig an t'iasg na lán rith.



2.



'Nisacht dómhsa, i n-imeall ciumhaise coille
cumhra,
Tárla an fhinne-bhean chiúin
Gur bhinne a tiún na an fiddle filúte
agus ná an chláirsig.
Ba dheas é a súil, mala os a ceann,
'sa leacha bhí mar chúbhar na trágha amuigh.
Ba ghile a píp ná an sneachta ar chraoibh
's gur lín mo chroidhe le grádh dhi.



3.



Is mo chreac agus mo chiach, mar is minic é mo
thriall,
go dtí 's na dúthaighe siar go brónach,
Imeasg na gcliar thug seal fé chiach,
is ba mhinic iad a d'iarraidh fóirthint
A óig-bhean séimh, nach mór an léan duit,
fear dom thréithe chlaoidhchaint,
Nó má déanfair, go mbuailidh an t-éag tú,
i ngleanntán sléibhe gan daoine.



4.



'S mo chreach agus mo chás, gan mise agus mo ghrádh,
ar leabaidh amháin 'nár n-aonar
Go ciúin agus go sásta t'réis Aifrinn a rádh
duinn,
agus gan neart dhon grádh sinn a sgaoileadh
A óigbhean bhreagh na leabhar-chrobhán,
Is tú d'fag m'inntinn buadhartha,
Is gur mhíle bfearr lem chroidhe tu ghabhailt,
ná'n ríoghacht go bráth mar dualgas.



3.



1.



“Ce h-é sin ag an doras, chuir mo chodladh
amúgh orm?
Tá'n teine gan coigilt agus an solas gan
múchadh,
Thá an glas ar an ndoras agus an eochair aig
am mhúdair,
M'fhortúin im dhorn agus me ollamh chun
siubhail leat.



2.



“Ar maidin Dé Domhna agus me ag dul go
dtí an Aifrinn
Ag tabhairt mo chúl leis an mbuachaill
dh'fhág buadhartha tinn m'aigne,
Rinnis me chrádhchaint agus dh'fhágais mé ar
mearthal,
agus a ghiolla na leabhar réidhteach, sé mo léir
mar a mheallais me.


L. 86


3.
“A ógánaig dhilís, dé an tslíghe duit gan
me phósadh
An le h-uaisleacht do dhaoine nó le díognis
ná geóbhair liom,
'Á sínfinn-si síos leat, 's ar mo chroidhe ná
béadh an brón
'S a gearánaim do ghníomhartha le rí geal
na glóire.



4.



“Díth sleachta, díth séin ort, díth saoghail,
díth sláinte,
Díth lúith do ghéag ort agus nár dhéanaid siad
áis duit
Díth Flaithis Mhic Dé ort, trím ghear-ghol
go cráidhte,
Gach aon nídh aca go léir ort más mé
fhéineach is fearr leat.



5.



“Dá mbeinn-se im cheann coisde ar an
bhfear úd a mheall me
Ní dhéanfainn é chrochadh, ná ní bhainfinn an
ceann de,
Dheanfainn íde níos measa air, cuirfinn ar
mbrannra é,
'S i gceann bliadhna 'na dhiaidh san a
dhóghfainn a mbeadh ann de.”



4.



1.



“Nuair a ghabhaim síos an tsráid so go
sgafánta deigh-éadamhail,
Feicfír im dhiaidh-se is tiochfaidh ciach ar na
h-ae agat.
Nuair a chuimhineóchair ar an aimsir go
mbimíst muinnteartha le n-a chéile.
Mhaise tuitfir i nganntanas, fanfir ann
nó go n-éagfair.”



2.



“Cár thángaig an muinntearas go raghadh
sé cómh géar san,
Go dtuitfinn i nganntanas is go bhfan-
fainn ann nó go n-éagfainn,
I ngeall ar an dté úd go mbeadh a
mhúirnín 'ge les gach h-aon bhean,
Agas céad bean dá dtogha 'ge gach h-aon
Domhnach i ndiaidh a chéile.”



3.



“Geóbhaidh tú le spriosán go mbeidh fíor-
bheagán spré aige,
Ná bheidh aige ach bothán agus dhá chliathán le
n-a chéile.
B'fearra dhuit gluaiseacht le buachaill
ciúin maordha,
Thabharfadh capaill agus buaibh duit agus mór-chuid
fé shaothar.”



4.



“Is go deimhin duit-se a óigfhir, phósfainn
go luath tú,
Mara bheadh síor-chaint do chómharsain ná
fuil bólacht ná lúth agat.
Gach a dtuillfá do dh'olfá, is olc an
cómhartha ar fear tighe é,
Is mara bhfuighir me le fórsa, ní gheóbhaidh
mé leat choidhche.



5.



“Raghad go Hannobher no go Fórland
(i) bhfaid uait-si,
Ní dh'fhanfad ag tnúth leat níos mó ná
leath h-uair leat,”
“Geóbhad leis an bhfiagaidhe, ó sé thabhar-
faidh cead aer dom
Agas shéidfidh an adharc suas le h-eirge
na gréine.”


L. 87


5.



1.



“Ar mo gabhailt liom trí Dhroichead na
Tuaire,
Is me ag lorg mo stuaire cailín,
Seadh dhearcas-sa cnaip tíghe i n-uaigneas,
Gan teacht braoin aduas air ná aníos.
Bhí Mollí go ciúin banamhail stuamdha,
Ar leabaidh go suanmhar na luighe,
Is lem chleasaí gur bheartaigheas í dh'fhúadach,
Is go gcóireóchainn a cúca léi síos.



2.



“Ghluaisaigheadar ar thuairisg na béithe,
Leanadar go tréan ar mo bhonn,
Is mo thuairisg ní bhfuaradar i n-aon áit,
Gé gur thánadar súd taobh liom mar a
rabhas.
Dh'eirigheas im sheasamh is léimeas,
agus chuadhas ar mo chaol each mhear dhonn,
agus a maireann de chapaill deagh-ghaoltha,
Ní bhéarfadh ar Shéamas ar an ball.



3.



“Gan dearmad an callaite cnaiste,
An scafaire áluinn d'fhear groidhe,
Ar mhuin staile do bhfearr i groidhe fólacht,
agus an marcach ba leónta sa tír,
Rug ainnir d'réir cailce thar teórainn,
Cé gur measaim go bhfuil sí óg dom
mar mnaoi,
Go raibh luisne na leaca mar rósaí,
agus ar Éirinn ní 'neósad cé h-í.



4.



“A Mholly, ná bíodh doilgheas ná buadhairt
ort,
Ó rángas ar cuaird mar ataoim,
Ní dailthín a beathuigheadh ar tuath me,
Ach scafaire dho bhuacaill breagh groidhe.
Thug searc grinn dod gheal-phíp i n-uaigneas,
agus gan dearmad do dh'fhúadach tar tuinn,
Agas marcaigheacht ar stail groidhe go
bhfuairis,
Ar faid síos go Cluain Baile Uí Chaóimh.



5.



“Is buadhartha athá na h-uaisle seo
Éireann,
Ó chualadar an sgéal seo ar mo ghreim,
Am ruagadh ar fuaid conntae le pléiribh,
Lem chrúastail go ndéanfainn an
t-slighe.
Ba mhinic i gcogadh na bpiléar me,
Striopáltha im léine 'mbun chúil.
Anois nuair tháim gabhtha nó'n féidir
Go leogfair mé dhaoradh gan chúis.



6.



“Nuair a chualaidh an stuaire mo sgéal-sa,
Chrom sí ar ghéar-ghol 's ar chaoidhe,
Mo chuid fola 'na loga(ibh) lem thaobha,
agus fortún an t-saoghail seo ar mo ghreim.”
“Má's eagal atá ort im thaobh-sa,
Glac meisneach agus pleisiúr gan moill,
agus d'arma Ríogh Sacsan ná staonfad
Nó go sínfear mé tréith ins an chill.”



6.



Is amhlaidh a bhí fear agus bean ann uair
agus bhíodar go h-ana-mhór le n-a chéile. Bhí
geallamhaint eadortha, pé duine aca is
túisge a gheóbhadh bás, go bhfillfeadh sé
chun tuairisg na h-áite a thabhairt do'n
duine eile. Dob' éigin do'n mhnaoi dul go
Sasana tamaillín na dhiaidh sin mar a
foillsighthear sa n-amhrán, agus b'é toil Dé
é go bhfuair sí bás ann. Má léighfear an
t-amhrán, beidh fhios agat connus a d'eirig
leo nuair a tháinig sí chun a geallamhaint
do chómhlíonadh.



1.



Déanach cois leasa 's me ag marthan trím
néalta,
Dhearcas an ainnir le na leabhar-chrobháin,
Com cailce, cúl crathach tuitim go féir léi,
“'Nis dom fios t'ainm is ná leigme ar fán,
Nó an tú'n stuaire ó ghleann an Aifrinn
nó an Bhríghdeach Bhán.


L. 88


2.



Inghean Sheaghain uí Chathail ná bíodh ort
náire,
Fáilthe agus dathadh athá agam rómhat.”
“'Siad do labhartha tarraing me i n-aistir
thar sáile
Ní raibh arthach agam-sa long ná bád
Is nuair a dh'imthigheas i gan fhios duit
chailleas mo shláinte,
Leis éad a bhí am ghearradh le h-iomarca
grádh.



3.



Dh'imtigheas óm muinntir agus chuadhas go
Sasana,
Tugas suim aimsire ag deanamh cuimhneamh
is marthan ann,
Gur ghile liom uisge gheibhinn i nfhocair
mo mháthair,
Ná an fíon a bhíodh á sgaipeadh le daoine
ar clár.”
“Gluais liom abhaile agus ceannóchad duit
éadach,
Diamonds ar do bhrollach agus fáinne óir ar
do mhéar deas.



4.



Má thagair chun suidhte geóbhair mil i gach
méis uaim
Shliogfas 'ga na codlata 'dir mo dhá láimh.
Cuirfead fios ar an gcléireach chun sinn
araon a dh'fághail ceangailthe.
Tógfam ar gclann go buacach meanma.
Beidh spur ar do bhuatais ag déanamh aeir
agus aitis duit
Agas do dhiallaid ag cnagarnaig fut a
fiadhach gach lá.



5.



Is ní chreidim-se fós, a dh'aon stóir gur
bean mhairbh thú
Nó gur ag magadh fúm-sa atháir, a mhnai.”
“Dá bhfanainn i n-Éire bhí saoghal fada
'gam,
Ach sé t-athair is do mháthair a thionnscail an
t-achrann,
Sé mo mhilleadh go cruaidh mar a chím-se
dhom deascadh thú
Ad chínnirt bhocht dhealbh siubhal oidhche is lá.



6.



“Agas a dhuine gan chéill go dtugaidh
Dia fortacht duit,
Nín fághail casta agam go Luan na lae
bhrátha,
Thá an coilleach na sheasamh 's is gairid go
nglaodhfaidh,
Go mbeid-sa 's an bhuidhin seo ag imtheacht
gan spás,
Tóghad-sa céile dhuit fhéin sul a sgarfad
leat
Go mbeidh séil ar a h-éidean 'gcóir í
dh'aithint.



7.



Lá na thiomána beidh an swéire mhaith agat
Beimis it aice agus n'fheiceóchad tú mé”
“Is má's ag imteacht atháir agus am dh'fhágaint
go h-atuirseach
Mo bheannach go leanfaidh tú 't'éideach lín.”
“Téighir go dtí an bhfaoisdín agus chuir síos
do chaoidhe,
Gach aon Domhnach coidhche, faighidh an céad
Aifrinn,
T'athair ná do mháthair go bráth ná
tarcuisnig,
Agas tabhair déirc le n-a n-anam do'n
té bheidh na gádh.



“CLAIS NA GAINIMHE.”


L. 92


LITIR Ó'N RINN.



I Rinn ó gCuanach dom,



atá i nDéisibh Mumhan,



an 3adh lá Lughnasa, '14.



A Phádraig, a chara,



Is dócha gur mithid dom litir do chur
chughat anois. Gabh mo leith-sceul nár
scríobhas roimhe seo, acht tá an áit seo
chomh h-áluinn agus chomh h-iongantach
san nár chuimhnigh mé ar aon rud ó tháinig
mé annso acht ar na rudaíbh do bhí ar
siubhal i mo thimcheall. Do shroic mé an
áit seo Diardaoin seo caithte. Ba bhréaghdha
an lá do bhí ann nuair do fhág mé an traen
i nDúngarbhán, agus adubhairt mé i mo
inntinn féin, nárbh fhearr rud do dheunfainn
ioná siubhal go dtí an Coláiste. Dá bhrigh
sin do chuaidh mé ag iarraidh eolais an
bhóthair agus geallaim duit gur baineadh
geit asam nuair adubhradh liom go raibh
an Coláiste timcheall chúig nó sé mhíle
de shlighidh ó'n mbaile mór, “acht” arsa
an sean-fhear a raibh mé ag caint leis,
“atá comhgar ag dul ann, agus ní bheidh
acht dhá mhíle de shlighidh le siubhal agat tar
éis dul treasna an chalaidh dhuit.” “Is
fearr san” arsa mise, agus do imthigh mé
liom go dtí an caladh. Is mór an t-iongnadh
do bhí orm nuair adubhairt fear an chalaidh
liom ná raibh focal Gaedhilge aige agus é
i n-a chomhnuidhe i ngiorracht trí míle do'n
Rinn agus muinntir na Rinne ag dul
anonn agus anall i n-a bhád gach aon lá;
acht ní dóigh liom go raibh aon náire air dá
thaoibh. Acht do bhí a mhalairt de sceul
agam nuair do shroich mé an Coláiste
mar do bhí gach uile duine ag labhairt as
Gaedhilg agus gan focal Beurla le
cloisint i n-aon chor. Is beag fhocal do
fhéadas a thuigsint ar dtúis acht i n-áit a
chéile do chuaidh mé i n-a taithighe agus atá
mé ag dul i bhfeabhas gach aon lá anois.



Is deas ar fad an áit í seo. Ní dheur-
fainn ná fuil sí ar an áit is áilne agus
is folláine dá raibh mé riamh ann; agus ní
dóigh liom go bhfuil áit i n-Éirinn níos
áilne ná níos folláine ioná í. Fear
ciallmhar do b'eadh an fear do thóg an
Coláiste. Ar bhárr na faille do tógadh é
agus cé go bhfuil an aimsear ana-
bhrothallach anois, is cuma linn an brothall
annso mar a bhíonn gaoth bhréaghdha láidir
isteach ó'n bhfairrge gach lá sa mbliadhain.



Tá an-chuid daoine ag fanamhaint ins
an gColáiste. Ag lorg na Gaedhilge
thángadar go léir, agus geallaim duit
go bhfuilid dairíríbh agus iad ar a
ndicheall ag obair chum go bhfeudaid an
Ghaedhealg do labhairt go bréaghdha bríogh-
mhar ag dul abhaile dóibh. Atá beirt
bhuachaillí eile annso a raibh aithne agam
orra cheana, acht is gearr bhíonn duine ag
cur aithne ar na daoinibh atá annso mar
atá gach aoinneach chomh muinteardha san.
Ní iomdha duine ná fuil aithne agam air
anois cé nár chaitheas seachtmhain annso
fós. Is iomdha duine d'éagmhuis a bhfuil
ins an gColáiste a bhfuil aithne agam air
leis. Is ana-chairdeamhail iad muinntir
na Rinne agus atá an Ghaedhealg ag gach


L. 93


duine aca idir óg agus aosta. Is dóigh
liom gurab í an t-slighe is fearr chum na
Gaedhilge do fhoghluim annso ná beith
ag dul i measc na ndaoine agus beith
ag éisteacht leó agus ag cur ceisteanna
orra. Ní fhuil rud is fearr leó ioná na
daoine iasachta do bheith ag caint leó agus
ag iarraidh orra Gaedhealg do chur ar an rud
so nó ar an rud úd. Is annamh chloistear
focal Beurla dá labhairt aca, ag na
sean-daoinibh, pé sceul é. Ní fheadar an
mbeidh an sceul ceudna ag Seaghán Ó
Tuathail i dtaoibh Baile na Buaile. Pé ar
domhan é, ní chreidim gur fearr d'áit í chum
na Gaedhilge do fhoghluim ioná an áit seo.
Deun mo chomhairle, a Phádraig, agus
tar annso, agus geallaim duit ná beidh
a chathughadh ort. Is cuma cad é an méid
Gaedhilge atá agat, beidh ar do chumas
dul chum cinn annso. Bíonn ceachtanna
ann dos na daoinibh ná fuil aon Ghaedhealg
aca, ceachtanna eile dos na daoinibh a
bhfuil an Ghaedhealg go cuibheasach aca,
agus ceachtanna eile dos na daoinibh a
bhfuil an Ghaedhealg go maith aca. Bíonn
ceachtanna sean-Ghaedhilge ann leis, acht
is dócha ná cuirfidh tú aon t-suim ionnta
san, go ceann i bhfad, pé sceul é. Acht
badh fhéidir go ndeurfá, “ní maith liom na
laetheannta saoire go léir do chaitheamh ag
obair. Badh fhearr liom beith ar mo
shuaimhneas agus caitheamh-aimsire do bheith
agam i dtreó go mbeinn go bréaghdha
láidir chum oibre na bliadhna seo chughainn.”
Tá go maith, a chara. Ní gábhadh duit an
t-am go léir do chaitheamh ag obair annso.
Tá gach uile sórt grinn agus suilt ann.
Tá an fhairrge le h-ais an Choláiste,
mar adubhairt mé cheana, agus atá a fhios
agam gur beag rud sa domhan is fearr
leat ioná beith ag snámh ins an bhfairrge.
Bítear ag gabháil amhrán go minic i
gcaitheamh an lae. Ní mór an t-suim
chuirim-se féin i gceól acht atá a fhios
agam nach é an sceul ceudna atá agat.
Bíonn ceol agus rinnce agus sceulaidheacht
aca gach tráthnóna ag an sean-choláiste
atá i ngiorracht leath-mhíle don choláiste
nua. Bíonn a lán de dhaoinibh ón áit ann,
agus ó is annsan do-chluinfeá an Ghaedhealg
dá labhairt. Bíonn amhráin ó na buachaillíbh
agus ó na cailíníbh agus sceulta ó na sean-
daoinibh. Is ana-dheachair cainnt na sean-
daoine do thuigsint ar dtúis acht i n-áit a
chéile do raghadh duine i n-a taithighe. Tá
mé féin ag dul i bhfeabhas gach uile lá
anois agus atá súil agam gur maith bheidh
an chaint agam ag dul abhaile dom.



An bhfuil aon sceul nua agaibh sa
mbaile? Ní iomdha páipeur nuadhachta
do-chonnaic mé ó tháinig mé go dtí an
Rinn, mar ní mór an t-suim chuirtear
ionnta annso. Tá a leitéid sin de mheas
againn ar an nGaedhilg nár mhaith linn
aoinneach do bheith ag feuchaint orainn
agus sinn ag léigheamh páipéir ná fuil
ann acht Beurla. Ní fhuil a fhios ag
aoinneach againn cionnus atá an cogadh
ag dul chum cinn. Is dócha gur iomdha
duine atá sa Rinn ná fuil a fhios aige go
bhfuil cogadh ar siubhal i n-aon chor gan
trácht ar aon rud eile, agus badh fhéidir
gur fearrde iad é. Do casadh sean-fhear
ins an mbóthar orm indé, agus arsa mise
leis, “Cad é do mheas ar an gcogadh?”
“Cad é an cogadh?” ar seisean, agus
iongnadh a chroidhe air. “An cogadh atá
ar siubhal idir an bhFrainnc agus an
Gearmáin,” arsa mise. “Agus cad ba
bhun leis?” ar seisean. “Ní ró-mhaith is eol
dom” arsa mise, “ní h-é an rud ceudna
adeireann an dá thaoibh.” “Maiseadh”
ar seisean, “ní raibh a fhios agam go raibh
cogadh ar siubhal i n-aon chor, agus is cuma
liom cad é an taobh ag a mbeidh an bhuaidh
aige acht gan aon rud do bhaint dúinn féin
as.” Is dóigh liom gurab é an sceul
ceudna atá ag a lán de mhuinntir na
Rinne, agus ní dheurfainn gur measaide
iad é. Tá na “Volunteers” aca annso


L. 94


chomh maith agus i gach aon áit eile, agus is
iomdha áit ná fuilid ag dul chum cinn chomh
maith agus atáid annso. Cruinnighid
na buachaillí gach tráthnóna, agus is
as Gaedhilg thugtar gach órdughadh dóibh.
Is mór an truagh gan an nós ceudna do
bheith i gach aon áit eile agus badh fhéidir
nach fada go mbeidh, le congnamh Dé.



Tá cúigear nó seisear againn chum dul
go h-Eochaill i mbárach ar ár rothaibh.
Adeirtear liom gur bréaghdha an áit í agus
gur fiú dúinn turas do thabhairt ann. Is
dócha go mbeidh lá bréaghdha againn, mar
is fada anois ó bhí lá fliuch ann. Do
bhíomar ag Ceann Helvick indé agus do
bhí lá ana-bhréaghdha againn. Is aoibhinn
ar fad an áit é. Is áluinn an radharc
atá le feicsint ó n-a bhárr aon uair ar
bith acht go mór mhór lá samhraidh agus
solus na gréine ar na tonntaibh. Acht do-
chífidh tú féin gach rud nuair a thiocfaidh
tú annso (ma's rud é go dtiocfá). Ní
fhuil ar mo chumas cunntas do thabhairt
duit ar gach aoibhneas atá ann.



Beidh coinne agam le litir fhada do
faghbháil uait sar a bhfad. Badh fhéidir go
bhfeicfinn tú féin annso an seachtmhain
seo chughainn. Má's mar sin é, ní gábhadh
duit aon litir do chur chugham. Tá súil
agam go ndeunfa tú mo chomhairle. Má
dheunfair, geallaim duit ná beidh a
chathughadh ort go deoidh. Is maith is eól
dom gur mór an meas atá agat ar an
nGaedhilg agus nár mhór leat a lán do
dheunamh ar a son. Dá bhrígh sin is í
comhairle do leasa atáim a thabhairt duit.
Is í mo thuairim ná fuil áit i n-Éirinn
is fearr chum taithighe do chur ar an
nGaedhilg ioná an áit seo. Is iomdha
duine atá annso anois do chaith seacht-
mhain nó coicthidheas ag a leithéid seo de
choláiste anuraidh. Is é an rud adeirid
go léir, ná dá fheabhas é an coláiste eile
a rabhadar ann, nárbh fhéidir é do chur i
gcomórtas le Coláiste na Rinne. Tá a
fhios agam go bhfuil Seaghán Ó Tuathail ag
do ghríosadh chum dul go dtí Baile na
Buaile, acht bíodh ciall agat, a chara, agus
tar annso. Ní raibh Seaghán riamh annso.
Dá mbadh rud é go raibh, do bheadh a
mhalairt de sceul aige.



Is mithid dom deireadh do chur leis an
litir seo anois. Tá a lán de rudaíbh
eile agam le rádh leat, acht atá an litir
ró-fhada cheana. Abair le gach duine atá
sa mbaile go raibh mé ag cur a thuairisce.
Tá súil agam go bhfuil tú féin go maith.
Slán leat anois.



Mise,



Do chara fíor,



“SÉAMUS NA CAINNTE.”


L. 102


SCIATHLÚIREACH MHUIRE.



Stiúraidh mé dod mholadh, cé nách Ollamh mé
i n-éigeas,
A ghnúis ainglidhe gan locht, tug sugha
th'uchta dom shaoradh,
Tiomnaim mé fá do chomairce, a bhuime
mhuirneach an aoin-mhic,
Fád scéith dídean mo chorp, mo chroidhe, mo
thoil is m'éifeacht.
Peacthach mé tá líonta d'olc, sírim ort is
déanadh,
Bhainliaigh na n-othar n-anacrach ar dhaill-
chiach m'anma d'fhéachain.
Teampull na dTrí bPearsana, Athair, Mac
is Naomh-spiorad
Guidhim tu dam fhortacht uair mo bhreatha
is m'éaga.
Ríoghan dá dtug an Rí, an t-Athair
Síoruidhe ré buidheachas
Óigheacht, is bheith ad mhathair, gabhaim do
pháirt dom réidhteach.
Soitheach iomchair na lóchrann is í ro soill-
sigheadh ós ceann gréine,
Tarraing mé fad dhíon i gcuan, as loing
díom-buan an t-saoghail.
Ar dtuitim' san gcasán t-sleamhain, mo
mhaide láimhe tu re lúth do dhéanadh.
A Mhaighdion ó'n dtaobh andeas go dtígheam
ar neamh ad fhéacain.
Ní'l cion ar luas ná ar rith, gaoth i dtuaidh
ná sruith dá ghéire,
Áireamh luais ré mathair Chríost, don aicme
dhligheas a buidheachas.
Croidhe gan chrónta, cliabh gan choir, ban-óigh
lear toghadh naoimhtheacht,
Is ort do chuirim mo chuing, ó ghuais
shíoruidhe na péinne.
A Mhuire mhodhamhail mhaiseach, 's a cheannsa
chneasta, mhaordha,
Ní tuirseach mé fád ghairm, is tú mo chrann
bagair i mbaoghal.
Féach red shúil ar lucht na bpian nó táid
ar easbaidh réidhtigh;
Aiseag dóibh na sláinte sa dtinneas trom
go dtraochair;
Fuascail iad ó gach peacadh is faigh ó'n
Athair Naomhtha,
Do chabhair dóibh siúd, a Mhuire, is abair
Amen a chléirigh



(MS. 3 a 15).



Críoch.



O.P.Q.


L. 103


MÁIRTÍN Ó CONNGHAILE, CCT.



'SEO síos píosa cainnte a thárla idir
bhuachaill Catoiliceach agus bhuachaill
Protustúnach tráthnóna Aoine dá'r casadh
le chéile iad ar “bhóthar an rí” sa Spidéal
i gcondae na Gaillimhe. Máirtín Ó
Connghaile is ainm agus sloinneadh do'n
bhuachaill Catoiliceach; bacach bocht bríogh-
mhar measamhail nach bhfuair lá oideachais
nó fóghluma i sgoil ariamh, agus tá an-
mheas ag saidhbhir agus daidhbhir sa “gCois-
fairrge” air mar gheall ar chomh maith
agus chomh diadhanta sin agus tá sé i n-ann
an paidrín páirteach a shiolladh amach, agus
freisin ar an gcuma a bhfuil na rúin-
diamhra de ghlan-mheabhair aige sa
nGaedhilg. Is dán é seo a chum sé mar
is léar dúinn ó chríoch an dáin féin
agus ní raibh peann nó dúbhach aige 'ghá
chur le chéile. Deir sé liom féin gur sa
leabaidh 'san oidhche a thosuigh sé ag déanamh
an amhráin. Tá go leór sean amhrán aige
freisin a d'fhóghluim sé ó shean-úghdaraibh.



AN DÁN.



Tráthnóna Dia h-Aoine le conntrátha na
h-oidhche
Cé chasfaí sa slighe dhom acht dream
Liútair mhóir
Protustún dílís ó'n gcaisleán aníos
Agus tharraing sé píosa chugam de'n
chreideamh a bhí cam.
Dubhairt sé sa scríbhinn ná raibh aon mhaith
le máthair Íosa
Rud ba mhian liom — ná raibh aice-se aon
Phower (chúmhacht)
Acht an t-Athair naomhtha, a bhí ó thús 'chuile
shaoghal ann
Mar bhí seisean naomhtha a tá i gcúirt gheal
na ngrás.



Rinne mé smaointe dhá mhóiméad nó trí
Nó go dtáinic cúmhacht dhílis chugam ó
bhainríoghain na ngrás
Nach bhfuil fhios agat gurab í máthair Íosa í
Gur cheap an t-athair naomhtha í
Go raibh sí ar feadh cheithre mhíle i gcúirt
gheal na ngrás
Rugadh ar an saoghal seo í le cúmhacht an
Áird-Rí
Agus bhí aice-se Power
Go rugadh an leanbh Íosa ar uair an
Mheodhain oidhche
Le sinn ar fad a cheannacht ó'n diabhal.



I ngeall ar chineadh daonna dhóirt sé fuil
a chroidhe
Gur crochadh É ar chrann na páise i ngeall
ar pheacadh Ádhaimh
Gur bhreathuigh Iudás féin É i ngeall ar
chathuighthe an t-saoghail
Mar fuair sé beagán maoin as ucht É chur
ar fághail.


L. 104


Chualaidh tú cainnt ar curse Luther
bradaigh
Cé go mba bráthair beannuighth' é, a
d'imthigh ó Theampall Pheadair
D'imthigh sé ar thonntachaibh na bpeacadh,
an Mhaighdean ghlórmhar níor sgread

Acht tá sé i n-Ifreann shíos 'ghá dhóghadh le
n-a shaoghal.



Shanntuigh seisean an t-airgead
Agus dhiúltaigh sé teampall Pheadair
An t-am a smaointigh sé na cathuighthibh
Ar nós na n-aingeal i ríoghacht na bhflaitheas
An t-am a ndeachaidh siad i g-cogadh
I n-aghaidh aingeal ngeal Mhic Dé.



Mo ghrádh-sa an Mhaighdean Bheannuighthe
nár rinne ariamh aon pheacadh
Ná cheannuigh síodaí geala, ná gúnaí a bhí
daor.
Ní dheachaidh sí ag teach an tadhbhern, teach an
cheóil, nó teach an leanna,
Ní smaointigh sí ar an bpeacadh ná rud ar
bith mar é.
Chongbhuigh sí suas na h-aitheanta a d'fhág
Maoise ar an talamh
Go ndeachaidh eidir chorp is anam go cathair
gheal Mhic Dé
Gur thuirling anuas an dara pearsa fá
bhroinn bhainríoghn' uaisle ó na
bhflaitheas
Le sásadh a thabhairt d'á athair ins na
peacthaíbh go léir.



Tá an saoghal seo órdha cleasach
Is ná santuighidh sibhse an t-airgead
Tréis an bháis a tá le fághail agaibh cé
anmhaith dhaoibh é
Bá is capaill, caoire gheala is airgead —
mar tá trí námhaid ag an anam — an
diabhal agus an saoghal,
Ní'l spás agaibh-se ar an talamh so, léas
míosa nó seachtmhaine
Agus ní'l fhios agaibh cé an t-am a dtioc-
faidh an bás fá bhur ndéin,
An t-am a n-eireóchaidh sibh ar maidin
téighidh chuig an aifreann,
Chuig sochraid mo Shlánuightheóra nó chuig
altóir gheal Mhic Dé.



Molaimís feasta í, bainríoghain uasal, ó
na bhflaitheas
Go raibh sí ina caraid anam againn ag
tigheacht i lár a h-aon Mhic féin.
Mo ghrádh-sa an Mhaighdean chúmhra ghléigeal
Máthair a leinbh féin
Bainríoghain ó na naoimhibh agus bainríoghain na
ngrás
Aon duine de do thréad ná leigfidh tú go
deó ar stray
Agus an ghlóir shíorruidhe go bhfághaidh
Máirtín ó Connghaile
Mar is é a rinne an dán.



PÁDRAIC Ó CURRAIDHÍN.



Teach na Sóisear.


L. 105


CUALLACHT CHUILM CILLE.



Ag seo síos na cunntais ó na roinnibh.



ROINN MUIRE.



An Coisde,



Donnchadh ó Brosnacháin, uachtarán;
Pádraig ó Néill, leas-uachtarán; Aodh ó
Conalláin, an fear le sgriobhadh; Mícheál
mac Giolla Cearr, fear an airgid;
Seumas mac Liam, Feidhlim ó Baoighill,
Toirdhealbhach ó Tuathail, Risteárd mac
Cárthaigh, Maolmhuire Almán, Seumas ó
Fuaighne, Daithí ó Conchubhair, Seumas ua
Connaill, Diarmuid ua Pigóid.



Bliadhain ó shoin bhíomar ag maoidheamh
as a fheabhas a lean na “buidheanta” d'á
gcuid oibre i gcaitheamh na bliadhna. Ní
féidir linn an maoidheamh chéadna a dhéanamh
i mbliadhna. Ar dúis bhí ceithre buidheanta
déag ar fhichid againn. Deineadh tosnú
láidir agus do leanadh do'n tosnú san
tréan go maith go dtí an Nodlaig. T'réis
an Nodlaig b'é an sean-sgéal againn é.
Thosnuigh cuid mhaith díobh go bríoghmhar
arís, ach — an chuid eile — lucht an “'Dhe
mhaiseadh!” agus an diomhaointis thárluigh-
eadar-san ar leath-scéal éichint ar gan
tosnughadh arís agus “ta siad annsin
ó shoin.”



Bhí “Cúirt na nGaedheal” agus buidhean
na hamhránaidheachta ar siubhal go láidir
maith roimh Nodlaig ach ó shoin anall tá
doras na Cúirte fé ghlas agus tá lucht an
cheóil fé chiúineas.



Na daoine a bhí ag obair ar thaobh
“Deantúsaidhe na h-Éireann” do shaoth-
ruigheadar go dian i mbliadhna agus ní
mór dúinn a rádh nách saothar i n-aistear
a bhí ar siubhal acu. An duine a cheannuighean
earraidhe Gallda is minic a cheannóchadh
sé an rud a deintear i nÉirinn dá
ndéanfaí cur i gcuimhne dó cad é an
dualgas atá air. Ní theastuigheann uaidh
ach an “cogar” a thabhairt dó. Tugadh
an cogar san do gach éinne i mbliadhna,
agus ní cogar amháin a tugtaoi dóibh
ach oráid agus comhairle le na bhun, —
Seumas ó Fuaighne a thughadh an oráid sin
agus an comhairle sin, mar is é is feárr
chuige.



M. A.


L. 106


CRAOBH NAOIMH IÓSEPH.



Ainmneacha an Choisde — Seán Mac
Conbhuidhe, Tomás Ua Spiolláin, Micheál
Mac Amhaltoinn, Pádraig Ua Cuain.



Um an dtaca seo de'n bliadhan, nuair
a bítear ag féachaint siar ar obair na
Connartha, is ró-ghnáthach smaointe míne agus
maitheamhnachais do theacht i n-aigne an
duine. Is maith leis dearmhad a dhéanamh
ar na neithibh dubha, deacracha, do thuit
amach, agus iad do leigean i ndío-chuimhne;
agus san am céadna na cúrsaí áthais do
fhoillsiughadh agus maoidheamh a dhéanamh asta.
Tá aigne an duine sochar sámh, agus ní maith
leis tromaidheacht a dhéanamh ar an bhfear
thall, má's féidir leis leath-sgéal d'fhághail
dó as a subhailcibh. Is gnó ana-dheacair
leis gníomhartha do sgríobh síos. Annsan,
má cháineann tú droch-ghníomhartha, déarfar
go minic gur le droch-aigne agus le formad
a dheinis é. Ach nuair a 'neósfair deagh-
thréithe an fhir thall, creidfidh gach aoinne
na neithe is dóigh leis féin, go mór-mhór
nuair atá fhios aige gurab é an moladh
is coitchinne id bhéal. Sin é meón na
daoine, ach pé searbhas atá sa bhfírinne,
ní fuláir a dh'admháil sa chás so.



Tá céad is dachad de mhacaibh léighinn
i Roinn Naoimh Ioseph fé láthair. Ba
bheag díobh a tháinig annso gan beagáinín
de'n Ghaedhilge na gceann aca. Ach cá mhéid
díobh siúd a bhí ag gábhail de'n Ghaedhilge
ins na buidheantaibh? Ní fhéadfainn a
rádh le fírinne go raibh an dachad féin díobh
ann. Tá an Ghaedhilge n-a gceannaibh aca,
ach is ró-annamh n-a bplucaibh aca í. Má's
fíor é, gur “beatha teangan í labhairt,”
is beag an comhartha atá i Roinn Ioseph
i mbliadhna, go bhfuil teanga na Gaedhilge
beó ann. Bfhéidir go bhfuil baint éigin
ann leis an gcogadh mí-adhbharach so atá ar
siúbhal!



Ní raibh an sgéal go léir chómh dona san,
ámh, agus an Gaedhilgeór is dúthrachtaighe
orrainn indiú, ní fhéadfad sé gan a bheith
sásta leis an gcuma 'nar lean an dachad
sin thuas ar an obair. Is mór an chreid-
eamhain atá ag dul dóibh siúd, agus tá
súil againn go ngríosóchaidh sompla a
saothair agus a ndúthrachta na daoine eile,
chun a gcion féin a dhéanamh ar son
teangan a dtíre san aimsr atá le teacht.



S. Mac C.



An coiste i dtigh na Sóisear: — Pádraig
Ua Curraídhin, Pádraig Ó Conaire,
Pádraig Ó Loingsigh, Ioseph Mac Dághaid
agus Pádraig Ua Ruairc.



Do cuireadh buidhean is fiche ar bun
i dtosach na bliadhna agus d'oibrigheadar go
maith ag foghluim agus ag labhairt na Gaedhilge
go dtí an Nodlaig. An dara leath-bhliadhain
ámhthach, do thuit cuid des na buidhnibh as a
chéile acht do deineadh obair mhaith sa mhéid
díobh a bhí ar siúbhal agus mar adeireann an
sean-fhochal “ní sa chómhaireamh atá an
tairbhe acht sa mhianach.”



An 4ad lá de Dheireadh Fóghmair bhí
cuirm-cheóil againn. B'é an tAthair Mac
Giolla Chearr a bhí mar fear cheannais uirthi.
Fear fíor-Ghaedhealach iseadh é. Do labhair
sé linn go bríoghmhar ar son Teangan na
h-Éireann, agus is 'mó adhbhar maith chuir sé
rómhainn cad 'na thaobh is ceart dúinn an
Ghaedhilg d'fhoghluim agus a chur dá labhairt
arís.



Is ceart dúinn ár míle buidheachas a
ghabháil annso do'n Athair Mac Éatún mar
gheall ar “Fuinn na Smól” a thabhairt
isteach 'nár measc i mbliadhna. Is mó
amhrán breágh a mhúin sé dhúinn, agus is minic
a thaisbeán sé dhúinn gur binne go mór
na h-amhráin sin 'ná na streanncáin
Bhéarla a bhíonn ag a lán againn.



Táimíd ana-bhuidheach dos na cómhair-
lightheóiribh freisin mar is minic thugadar
congnamh dúinn ar feadh na bliadhna.



P. Ó L.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services