Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Clainne Ua gCorra
Title
Eachtra Clainne Ua gCorra
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mac an Bháird, C.
Composition Date
1800
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1912)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eachtra Clainne Ua gCorra 1. Flathbhrúghaidh céadach cómhthromach ro geineadh i gcúige caomhálainn Connacht feacht n-aill .i. Conall dearg ua gCorra fhinn, agus as amhlaidh bhí an brughaidh sin .i. fear sona saidhbhir sárchonaigh agus níor fríth a theach ríamh gan trí gháire ann .i. gáir na sgagadóiride ag sgaga leanna agus gáir na n-athach ós na cóiréadhaibh ag luchtaireacht do na sluaghaibh agus gáir na nóglaoch ós cionn na bhfithcheall ag breith cluichídhe ar a cheile. Nior fríth riamh a theach gan na trí miach .i. miach brátha ré frithealamh ndeasgach, miach chruithneachta ré fritheálamh biata na noigheadh agus miach salainn re somblas gacha bídh. 2. Is í fa bean chéile dho .i. Caordearg inghean airchinnig Chlothar. Ní bhíodh tráth
uireasbadh ortha acht a bheith gan chloinn diongmhála aca agus ní gan chloinn bhídís acht nach mairdís dóibh, acht an éaga úatha i gceadóir iar na mbreith. 3. Is ann sin as beart an Ríghbhrúghaidh fria mhnaoi adhaigh iona iomdhaigh is truagh dúinn, ar sé, gan mac againn do badh comharbadh diongmhála in ar n-ionad d'ar ndéis. 4. Cidh as áil leat-sa de sin, ar an bhean. Is áil liom, air an brughaidh, ar cumann do dhéanamh re deamhan dá fhios an dtubharfadh cómharbadh do mhac no do inghin dúinn do-gheabhadh ar n-ionad dar ndéis. 5. Do rin siad iaramh trosga ré deamhan agus badh torrach an bhean i gcéadóir agus do bhí ag altrom a toirrcheasa go ceann a naoí míosa. Iar sin tángadar breasa bríghe agus alla iodhan d'ionnsuighe na hinghine agus rugas triar mac do'n mór thuismeadh sin .i. mac i dtosach na hoidhche agus mac i meadhon oidhche agus mac i ndeireadh na hoidhche agus ro árdleasuigheadh agus ro baisteadh do réir an bhaisteadh geintlidhe iad agus ba h-iad so a nanmanna .i. Lóchan agus Einne agus Silbhester. 6. Ro hoileadh agus ro hárdleasuigheadh iad iar sin gursad luatha léimneach iad ar muir agus ar tír go gcinnidis ar a gcómhaosaibh in gach cluiche agus in gach caomhfhoghluim go rabhadar na lánbéil agus buanteanga ag gach aon dá gcluineadh nó dá bhfeicfeadh iad san aimsir sin. 7. Lá n'aon dá rabhadar ar cholbha tighe a nathar agus a mathar ar sgíos amhsa agus iomáine adubhradar lucht an tighe nách fuaireadar locht ná ainimh ar na macaibh minnáille mórclughacha sin a mbaisde i seilbh diabhail, is doilg tráth dúinne, air siad, gan foghail agus dibhfheirg agus ingreim do dhéanamh ar namhaidibh an Diabhail maisé is triath nó is tighearna dúinn .i. cléirigh do mharbhadh cealla do losga agus d'argain. 8. Is ann sin ró éirgeadar (na) maca sin agus ro ghabh siad a n-arma agus tángdar go Tuaim dá Ghualainn agus ró airgsiad agus ro loisgsiad an baile agus do rinsiad foghail agus dibhfeirg adhbhal-mhór ann ar feadh Cúige Chonnacht ar cheallaibh agus ar chléireachaibh go gclos fá cheithre hárdaibh na hÉireann go h-uile olc agus úrgráin a bhfoghla. Go ceann bliadhna dóibh fan samhail sin gur mhíll siad ceall ar leath ceall Chonnacht ris an rae sin. 9. I gceann na bliadhna adubhairt Lochan re na bhraithribh, "atá dearmad mór againn ar sé, agus ní ba buidheach ár dtighearna, an deamhan, dínn uime." "Ciodh eisidhe," air na macaibh eile. "Ár seanathair .i. athair ár máthar gan a mharbhadh ar sé agus a cheall do losga air. 10. Tigid da thuaith ar an láthair sin gan cháirde gan choigilt agus as amhlaidh bhí an t-airchinneach ar a gcionn ar faithche na cille go morthionól a mhuintire uime dá bhfreasdal agus da bhfrithalamh do roghain gacha bidh agus do sgoith gacha leanna agus an rún do-bhí ag an gcléireach ní h-é ro bhí aca san dó acht a mharbhadh agus a cheall do losgadh agus d'argain. 11. Is annsin tángadar Ua gCora go h-airm i mbí an cléireach agus do rin siad comhairle gan an cléireach do mharbhadh na an baile do losgadh go dtigh am oidhche go dteagach ba agus eallach an bhaile dá n-árusaibh agus dá n-ionadaibh bunaidh. Tig an cléireach leo do bhaile agus ro mhothaigh an rúin so do bheith orra agus ro chuir a ngrianán taobháluinn taithneamhach iad agus tugadh biadh agus leann dóibh gur ba meisgeamhail meadhartha iad. Ro deargadh iomdaighe agus árdleapthacha dóibh as a h-aithle. 12. As annsin ro thuit a dtoirchim suain agus síor-chodalta orra agus tarfas fíos
amhra agus aislinghthe iongantacha do sais mac Ua gCorra .i. do Lochan .i. a bhreith d'fheachuin nimhe agus iofruinn agus ro mhúsgail annsin agus ro músgladar an dias eile as a h-aithle agus dubhradar éirgem ar siad, d'argain agus do mhilleadh an bhaile. 13. Dóigh liom, ar Lochan, ní é sin nidh as cóir dúinn do dhéanamh óir olc an tighearna d'ar fhoghin sinne gus anois, ar sé, agus is maith an tighearna ar a ndearnasam foghail agus dibhfeirg gus an dtráth so agus adchonnarc aisling ghránna fíoruathmhar .i. mo bhreith ag feachuin nimhe agus iofruinn, áit a mbí iomad pian agus pláigh n-eagsamhail ar dhrongaibh diabhaire d'anamnuibh daoine agus do deamhanuibh ann. Ad-chonnarc tráth ceithre srotha an iofrinn .i. sruith natharach nimhe agus sruith teine agus sneachta. Ad-chonarc peist ann go n-iomad ceann agus cos uirri agus do gheabhdais fir an domhuin do-chidhfeadh aon radharc uirre bás d'fhuath agus d'urgráin roimpe. Ad-chonnarc fós mo bhreith
do deaghadh nimhe agus ro-connarc an Coimhdhe feisin 'na righ shuidhi agus eanlaith aingel ac oirfideadh do. Roconnac tra én edrocht agus ba binne 'ná gach ceól a canadh. Micheal, iomorro, isé bhai a richt an eoin i fiadhnuisi an Duileann. As í mo chomhairle si daibh, ar Lochan bhur n-arm do treagadh agus Dia do lenmain budeasta. (Agus dobheart an laoi).
Atá piasd an ifreann na ndos go niomad ceanna agus cos Síol Ádhaimh na gcéad ro ghin do rachdaois d'éag re a feicsin Ad-chonarc én ba álainn daith i bhfiadhnaise rígh na rath Gan dul soir ná siar ar snámh gan dul síos ná suas ar seacrán Adchonarc an Coímhdhe mór i gcathaoir airgid is óir Ad-chonarc mo bhreith ar nimh do dheicsin righ na ríghthigh Michéal do bhí i riocht an Éóin chanas a rúin ima cheól I bhfiadhnaise rígh nimhe chanas fíor gach faistine Atá leam comhairle cháin dibh a ua gCorra crábhaidh Troma bhúr ngairm garbh bhúr ngoil um an bfios cruaidh adchonarc.
14. Da mbéadh a fhios againn, ar na bráithre, an geabhadh an Coimhdhe aithrighe uainn is na mór olcaibh do rinneamar. 15. Do gheabhadh iomorra ar an bráthair agus ó tá comhairle mhaith agamsa dibh ar sé déinidh-se seirbhís na h-eagailse agus gearrtar crann bhúr sleagha agus déintear loirgníomha libh agus tiagaidh ar chumas fíréan agus ardnaomh Éireann agus do rinneadar-san an chomhairle sin agus do chuadar rompa go Cluain Ioraird ait i mbí Finghin go n-a chléir. 16. "Cia seo chúghainn" ar na cléirigh. 17. Do bheirim-si aithne ortha ar Finghin ua gCorra fhinn dibhfeirgidhe atá ann. 18. Agus ó d' chualadar na cléirigh sin do theitheadar uile agus na seanóiridhe ag nach raibh coiscéim re fiche bliadhain roimhe sin, dar leat do bhadar da chois déag fá gach seanóir díobh, ar feabhas do theitheadar agus do fhagbhadar Fighnéin an aonar. "An romhainn-ne do theitheadar na Naoimh" ar Lochán? "Iseadh go deimhin ar na braithre agus cuiriom ar n-airm uainn agus déanam sleachtain do'n chléireach, ar siad, agus cuirid a n-airm uatha agus sleachtaid a bfiadhnaise Finghin. 19. Cread so b'áil libh ar Finghin. Athrughadh creidimh agus crábhadh ar siad agus foghnamh do Dhia agus deamhan d'fhuathugadh agus do threigean. Maith an chómhairle sin, ar Fighnín. 20. Agus tigidh do'n bhaile anonn go h-airm i bhfuil an cómhthionól. 21. Is annsin do rinnsead an cóimhthionól a ndithcheall d'fhoirceadal gach mic díobh agus gan labhradh dóibh ré neach acht ris an mac teagaisg amháin go ceann bliadhna. Mar sin dóibh gur léigheadar canóin agus leighean agus ba buidheach an cóimhthionól d'a gcrábhadh.
22. Mar sin tangadar co Fighnín agus do léigeadar ar a nglúinibh iad féin 'na fhiadhnaise agus adubhradar ris gur mithidh leo breith do bhreith in 'sna mór-olcaibh do rinneamar, ar siad. 23. "Ceadh nac lór libh bheith ins an gcóimhthionól-sa," ar Fighnín. "Do loisgeam ceall ar leath ceall Chonnacht agus ní rug easbog ná sagart maitheamh ná anacal uainn." "Ní thiocfaidh dibh si, ar Fighnín, anam do chur ins an lucht do mharabhar agus an nidh fhéadfaidhe do dhéanamh ins na ceallaibh ro mhilleabhair déanaighidh é, acht cheana do-bhéar-sa neart céad in gach nduine dhibh agus bainfidhear sgíos cos agus lámh díbh agus beirthir lón agus solad ar nách bia urchra daoibh." 24. Tángadar annsin riompa go Tuaim da Ghualann agus do leasuigheadar gach ar mhillsead innte. Amhail sin dóibh go ceann bliadhna as gach cill go roile ar feadh Connacht gur leasuigheadar gach nidh d'ar mhillsead. 25. Iar sin tangadar i gceann bliadhna go Fighnín "An dtarinig libh" ar Fighnín? "Tairnig" ar siad "acht aon bhaile amhain Ceann Mara." "Truagh sin" ar Fighnín "is é sin cead-bhaile ba córa díbhse do leasughadh .i. baile an tseanóra ro-naomhtha, Cumán Chinn Mhara agus leasuighidh an baile sin go luath agus an bhreith bhéaras an seanóir sin oraibh deánaidh í. 26. Do ro-chuadar-san go Ceann Mara agus do leasuigheadar gac ar mhillsead ann. 27. Agus tangadar amach lá naon iar sin agus do bhadar ag féachain na fairrge uatha amach agus na gréine do gach leath. Do labhair fear díobh annsin agus is eadh adubhairt, "Cia an leath i dtéid an ghrian," ar sé, "ó théid sé fá mhuir agus adubhradar an laoi:
Is maith ritheas an ghrian ghlan ó áird-rígh nimhe is talmhan Ó téid isan mhuir ghuirm ghlais iongna a fheabhas ritheas Iongna an nidh fá ndeara oidhre ar uisge tana Is an mhuir mhór gan oidhre fearta an chóimhdhe fá deara Cia hiongnadh gach nídh dhíbh-sin a fhir fil dar nagallamh Ná an sruith taobhsholas glas iongna a fheabhas ritheas.
28. D'aithle an laoi sin, is í comhairle do rinneadar dul d'fhéachain an aigéin agus do chuardúghadh an mhír mhorthonnaig ghuirm mhuire, óir is uirthe théid cách d'a noilithre. 29. "Créad is currach no is arthrach dúinn" ar siad? Is í chómhairle do rinneadar le chéile ann sin .i. saor maith do bhí 'san tír sin do thabhairt chucha agus currach clárdhaingean cumhduighthe do dhéanamh dóibh. Do rinneadh iar sin an currach gur ba húrlamh in-imtheachta é agus do cuireadh ar an muir mór-anfaidh sruith-bhraonaigh ciarsánaigh é go n-a lón agus pona fuirinn agus is é luach d'iarr an saor ortha in éiric an churraigh sin do dhéanamh doibh, é fein do leigean leo dá oilithre. 30. Agus an tan fa h-úrlamh inimtheachta iad chum na fairrge, adchonncadar cliar crosán seachadh agus mar do chonncadar na crosáin an currach dá chur amach ar an bhfairrge ar siad sin?" Is aithne damhsa iad, ar an fuirseóir .i. ua gCorra fhinn do Chonnachtaibh iad .i. na foghluidthe agus na dibhfheirgidhe ag dul dá n-oilithre féin agus ní mó rigid a leas dul do iarraidh Nimhe ná ricim-se," ar se. 31. "Dar mo chúis ámh," ar taoiseach na gcléireach, "is fada go rachair-se d'oilithre." "Ní hamhlaidh atá," ar an fuirseóir, "acht rachad leó siúd." "Go deimhin dá ndeachair-se leo siud, ar iad sin, faguibh ar n-éadach féin againn-ne fil umat. Ní fhuighbhidh sin mise
agaibh, ar eisean, agus d'fhág an t-éadach aca annsin agus téid féin dísgir dearglomnochta uatha. Ód chonncadar ua gCorra chucha é amhail sin. 32. "Cia tú féin," ar siad? "Duine truaighe me," ar sé, "atá ar tí dul libh-se." 33. Agus d'fhaomhsat a dhul leó. 34. Agus is amhlaidh bhadar ua gCorra annsin iar gcumhdach agus iar ndéanamh altóra do'n choimhdhe chómhachtach ar a bhfearann dúithche badéin. 35. Agus tangadar in a gcurrach iar sin a naonbhar .i. easbog agus sagart saor agus crosán agus deochan (agus aon ghiolla) agus trí mic ua gCorra agus adubhartsat an laoi.
Tiagam náonbhar 'nar naoidhibh ua gCorra ar cuaird crábhaidh Scuiream d'olc ar gcinneamhain gcuim Fa spórt iodhain anfaidh Tiagam ar rannaibh le'r dtreóir go bfeithear innsi an aigheóir Seolam ó thráigh ar dtíre go ró bháidh ar gcoimhdhine Fagbham ár dtír 's ar dtalaimh ar grádh righ nimhe neimhdhuibh Tiagam gan roighne fa réigh d'ar n-oilithre an eidirchéin Ó ro chumhduighsiam ar gcill fagbhaidh gan fuireach Éirinn A lucht do thagadh go teann ó'n phort gan anadh agam.
36. Luigh dano an saor leó agus badh hé ba luamaire aca agus do bheart an sagart - an laoi.
Réidh a Dhé an séad so siar tar muir na fairrge in imgcian Cughat a mhic mór Mhuire ag móra do mhiorbhuille Nocha do ghoin na tiaghail tiagmaoid go tír an toraidh Acht dod' toighid a Dhé Dhil do réir creidimh is crabhaidh Coisg dínn do phiasta borba 's do thonna tréana tolga Go dtugair nidh dhúinn dar dtigh ba dú do rígh reidhteadh.
37. Do luadar iáramh in a gcurrach agus do ghabhastar ag á iomradh cá leath do rachaidis. "An leat bhéaras an ghaoth sinn" do ráidh an tEasbog agus d'iodhbradar iad féin do Dhia agus tugadar greas ar anaighthe ag iomramha go luath láidir laom laochda agus beirid léim fheardha ionnsuightheach ó'n gcúan amach gur ceileadh radharc gacha tíre ortha agus gur foillsiughadh dubhaigéin gaca dubh-fhairrge dóibh go 'nar fheadradar cá conaire in ar threoruigh séide na siangaoithe iat gona ann adubhairt an deóchan an laoi.
Ua gCorra anocht ar an muir na tonna ag teacht 'na bhfáil Ingabhadh ród fia na fir Dia do nimh da sriana soir A Íosa áin ainglidhe a fhir do dheilbh gach sgéala An currach so ua gCorra saor liom is iat ua gCorra Éire iodhain ainglidhe a deisiobhail re tonnaibh innte. Gheóbhat foghlaidhe dearbh.
38. Bhadar san XL. la agus XL. oidhche for an aigéin, ionad i dtarfas mórán feasa agus d'iongantaibh móra uaigneacha eagsamlaigh ar an bhfairrge. 39. Agus do tar fas dóibh ardtúis inis lán do dhaoinibh ag dubhadh agus ag dobhrón agus sgoth amar fhéar fhionn ar a fud agus do cuireadar-san fear da muinntear d'á fhiafruighe cia
um a rabhadar agus gabaidh sin ag síorghol leó mar gach fear aca féin agus fagbhaid-san aca é agus adubhairt an laoi.
Inis iongna oileán mara Dia du-s-rula A Dhé na slógh cia fo deara brón is dubha Da madh ciamhre gin tuirsi is déara soillsi Níor sgar re caoi sluagh na hinse truagh a dtuirse Fiafruighid díobh ciodh madh duadh gulmaud Mor a méad in gach ród ciamá gcaoid Ná h-éirgeam coidhche na cluinsi ar an fear fionn-se Ní bhidh sona lucht ar loing-si ar ucht na h-insi.
40. I gceann teóra lá agus oidhche do bhadar ag iomrádh a gcrosáin go ciamhair ceilmhuinneach agus iar sin do chonncadar én álainn iolchrothach iar dteacht ar chur tosaigh an churraigh cúcha agus adubhairt an laoi -
Cia um iar sin ua gCorra uas grianaibh glastonna Innsigh dam ar Dhia do nimh cread do bheir sibh caciamhar A eóin úd ar an gcurrach sé do bheir sinn go dubhach Crosán beag do bhí 'nar bhfáil ros-tairig éag an aithrigh Is mise bhur gcrosán cóir mé thainig i riocht an eóin Anoise tigim go neimh sibh-se ni bhiaidh go ciamhair.
41. Agus is iar sin do chonncadar inis iongantach oile agus doire dathalainn duilleadh d'airghidh agus deaghblathaibh cumhra cáomháilne innti agus an tan ghluaiseadh binn-fhoghair na gaoithe glan-fhuaire glóraighe ón ndoire sin ba bhinnighthear sé cruit ceoilbhínn caoin-téadach an ceol do chanadaois. Do caith siad nidh do thoradh an oileáin agus d'ibhsiad nidh do'n tsruith álainn fíona do bhí tré lár an oileáin agus ni tháinig taom ná galar cucha da éis agus do bheart an deochan an laoi.
Is áluinn oileán an toraidh dul gan sgís Ubhla cumhra srotha fíona fútha aníos Nocha rithin ina diaigh tír i d-táim Nocha dtaithig bantracht mheargail ar a clár Caoine ná gac crann a hubhall óir is dóigh Binne ná gach ceól a gcanamhain uair is áil.
42. Ad chonncadar oileán iongantach oile agus ceithre hoireachta hionganthacha ann ag roinn na h-inse i gceithre míre .i. aos forasta finnliath (i n-ionad innte) agus rioghfhlatha isan ionad tánaiste agus oglaoich is an treas ionad agus giollaidhe san ceathramhadh ionad. Fa daoine áilne eadrochta uile iad agus cluichidhe gan cumhsanadh gan comhnaidhe aca d'á ndéanamh agus iad ag siorgháire. Luidhsiam oile neach uatha-san dfhiafruighe sgéala díobh agus gabhais ag cluichidheacht agus adubhairt an sagart an laoi.
Is naomhtha nuadh an inis ghlan ní port ná baile biodhbhadh Ní sgéal cinnte ró chleacht dam Noch tearc innte iongnadh Oileán gan cogadh gan cath ar ná bid daoine dubhach Gan brón gan biodhbha go brath acht díona na slógh subhach.
Ceithre dronga ar na h-oilibh do chim féin na himdeaighidh Drong fial gan mheing gan mheabhal nár thriall feall na imdheabhaidh Gasradh giolla ar a mbíodh bládh is innte thall do tógbhadh Sluagh gan léan ná meilleann modh fó na filleann féar fódmhar Fir amaise go muirinn mhóir ní h-olc agus ní héagcóir Do bhér rabhra gnáth an ghlóir meidhre for cách a gcéadóir Drong mór do fhionnliaith a bhfolt bíd dá taghall go tromdhacht, Na sruithe ar ná sílim smacht aoibhinn an cluiche chonnairc Ceithre h-oireachta áilne lucht crábhaidh gach rioghdháile Iongna dul gacha dáimhe leis nach sámh acht síorgháire Luigh uainne d'fhághail a fhis cath-lámh ró sair-bhinnis An giolla lag ró ba leis agus do staon se uainn 'san inis.
43. Tarfas dóibh iar sin inis iongantachoile do fhullang féin ar aon-chois uas an muir agus go gcluindís nuall dhubha móra aiste agus ní riochtach leó agus do bheart an laoi.
Adchím inis tiar ós tuinn A haonchos féin ros fulluing Inis nach ionnsaigh aighe drong nach fullaingid na daoine Inis aonchoise ar an muir a choimhdhe cread um a bhfuil Mór an mhuinntir, mór an mhuirinn gach a gcluinfid ní chluinim Nocha nfhaicim dealbh daoine do neach fil isan suighe Cia Faid bhiaid ná in bheatha bhí nochan mó ná an Coimhdhe adchí.
44. Ad chonncadar aroile sruith iongantach fó deilbh stuaighe nimhe in aedhir agus ní thuiteadh braon de no go dtuitfeadh isan muir agus do chluindis a nuaill agus a sgreadail agus ní thogbhaid a gceann as an muir acht trathnóna Dia Sathairn go tráith eirghe gréine Dia Luain agus adubhairt an laoi.
Adchím sruith mór ós an muir mar stuaigh nimhe neamh-adhbhail Atá crutih nua nimhe an neóil sa sruith uaithne an aedheóir Bainne as ní thuit ar tuinn as sruith an aedhir eadruim Ní loiteann tuile na tráigh go dtuiteann uile d'aonláimh Ó nóin an tSathairn sliocht buan go traith na teirte san Luan Sruith adchím 'na stuagh ghuirm ghil bídh fo thuinn fuar gan feicsin Ar an uisge fionn ghlan fuar bí choidhche deaghbhlas deaghbhuan Nocha teachta ón rígh do ráidh a fhearta adchím ní chrionaid.
45. Iar sin tarfas dóibh réd iongantach oile ré h-ucht na mara .i. oileán alainn iongantach agus tighthe agus treabha luchta an oileáin uas a gcionn shuas agus iad féin futha shíos agus ba duibhthighthear re gual gabhann dreach gach aon díobh go ndubhairt an teasbog an laoi -
Inis chaoin ar an muir is milis bárr Nocha cur céad re gongaibh fil méad na tonna thall
Dubh an dream romghaibh gubha tré na ngleann Éirgid tuir go mbórdaibh suas ar bord liom Searbh an sál chuireas tonn leathan na lár O thuinn go tuinn ro fheiteamh linn a druim re lár Caithid cnú ní bhfuil acú buar na bú Duamhain tainig matheach nocha rainig ré a mhúr Lucht cinadh fil na taoibh-se gan tinad cucha na raon Ní risin is claon is ealánaibh agus sin mar aon.
46. Tarfas dóibh rud iongantach oile ar an muir .i. colamhna airgid aoinghil i meadhon na mara agus líon áluinn éisg as a mhullach ag a foghairt 'san muir agus do rad aroile fear díobh, mogall don líon in a rabhadar trí leath-uinge d'fhionndruinge, cona do chomharthughadh an sgéil sin agus ceithre druime ar an mogall agus do chonnairc an Maolduine an céadna. 47. Bhadar teóra lá agus oidhche ar an gcuma sin agus do chonncadar nuimhir do-airmhighthe bradán ar sileadh as gach mogall do'n líon sin agus ba chómh mór le colbha bliaghna gach bradán ballcorcradh biothálainn agus gach maighre mor shroitheach mhilis bhlasta dá ngabhaidis as an líon áluinn faghartha ris an rae sin agus dfhaigsiad an toileán annsin. Adubhairt an sagart an laoi.
Réd iongantach álainn ar muir go nach fríth go séiseamhail Gan imshíomh agá santa fionn líon fada foghartha Áluinn thaithneas for thuinntigh colamhna airgid aoinghil Agus riamh isé doimhin thall na taoibh fá colamhain call Fón líon anas don taoibh thall an colamha na críonann Im líon air línn gcanadh con uas a gcionn an colamhann Airgead aoingheal sollas sonn an Líon ro measadh mogall Níor duaithnidh sal an séad cruaidh cread nár luidh isan línn mhuir Ó uilinn go huilinn di fad colamain fa cidhte Nocha dtarga grádh do ghné in cruaidh ínnte salm do leasuighthe Ar an muir mór is marcach Críost ar gcoimhdhe comachtach Rom shaora ar muir slat na séad an mac gá bhfuil gach mór réd.
48. Iar sin tarfas dóibh inis ro-iongantach oile agus aonmhac eagailsi agus fós fá hálainn iolchrothach í agus sgotha dearga go méad cláir innte ag sileadh meala as a gceannaibh agus eanlaith álainn innte go gcanaidís ceol síthe sírbhinn síreachta agus ro bhadar ag fiafruighe sgéil don chléireach. Deisgiobal d'Aindrias mise, ar sé, agus m'iarméirge ro dhearmadar in aroile oidhche. Is uime cuireadh isan aigein mé, áit i bhfuilm ag furnaidhe brátha sonn agus éanlaith álainn parathais-so chidhtí, 'sé anmanna daoine uile iad ar sé agus do bheart an laoi:
A ghiolla is gléigeal do shliocht is saoth liom tú bheith in aimh-riocht Atá do mhac mór Muire admhora do mhiorbhuile
Ad-lochar do Dhia mar tú nocha gcaraim brat na bú Ar sgothaibh milse méad gclár ar lár inse am aonarán Do na fioraonchaibh iar mbráth coimheadaim-sa soillse in raith Deaghamh giolla Aindriais mé do dhearmadas m'iarméirge Go dtigsiad aingil chughat Is dearbh liom mor-sat cadad. Go dtigsiad fiaghain nimhe sunnad ghrian bhratha a ghiolla.
49. Ceileabhraid do iar sin agus adchonncadar inis oile agus daoine marbha i roinn di agus daoine beó i roinn oile dhi. Do-ghnidís nuaille móra agus griothgháir adhbhail an tan thigidis na tonna róda ruadh-lasrach tairsibh agus an drong ba beó dhíobh ba mór agus ba hadhbhail an phian agus an mór ghabhadh ina rabhadar Dobheart an laoi -
Inis amhra righ oighreacht mhir go narmaibh go n-iarann-chosaibh Fó chéada nualla ma gcuairt fuithin mín aluinn adhbha shuairc Daoine innte iar bhfaghbhail bháis daoine oile a gceann a ngnáis Iomad tonn lonn go lasraibh daoine oile ar iarann chosaibh Aitchim ar bhfírinne féin aitchim an righ ró dhealbh gréin Uair ní caomh an gníomhradh dhe dleaghthar do lucht na hinnse.
50. Iar sin chonncadar na leaca troma teintidhe agus slógh móra d'á losgadh fortha agus beara díogaine dearga triotha agus do gnitís uaille móra agus golfathadh gráineamhail fortha agus do bhadar ua gCorra da fhiafruighe díobh cread iad féin agus adubhradar sin riú gur ab leac do leacaibh ifrinn do bhí annsin agus abraidh-se re bhur gcairdibh maith do dhéanamh ar eagla rochtain annso agus do bheart an t-easbog in laoi.
A shluagh na leac cá beatha ar bith ba truaighe libh-se Fó ród na rian an phian bhur sluaighi se Atáimid-ne sonn a mbeatha dearoil truaigidhe Go mbraith bit seang for sgaith leic ifirn uaruige Leaca dearga, beara iarainn gha ruadaine. Arís go braith ris ár sluaighne.
51. Adchonncadar inis óile amhra álainn agus sonnach arrachta umhuighe uimpe agus líon umha for sgartha ar fhiaclaibh an tsonnaigh sin. Fagbhaid sin a gcurrach agus is amhla chualadar fuaim na gaoithe fris an líon gur thuit a dtoirchim suain agus codalta orra, go rabhadar trí lá agus teóra oidhche is an aon-chodla sin. Ro musglaoidir iar sin agus tanaig bean chruthach chaomh-álainn chucha as an ndún agus dá maoileasa fionndruine um a cosaibh agus ciolarn umha iona láimh agus easgair airgid aoinghil isan láimh aroile di. Dailis-sium asaire na tiobruide forra agus ní fhuil blas maith nár tarfas dóibh air, go ndubhairt an bhean riú gan fanamhuin annsin agus nár badh hann do bhí a n-eiséirge agus tug biadh dóibh amhail bláith do mhaothail agus d'fhág iat agus as beart an t-easbog an laoi.
Amhra eadrocht inis ó dtáim ag tiachtain Baile bur róimh ro dealbadh cóir do meadhma dá riasain Fod dramáin gan duibhe sogalgar gach laoi líomhtha.
Bead uas a bhfuighe aon mhúr uimhighe uimpe Líon fionn umha ar forsgaoille tar fiachlaibh as ón seasgair Tonn brotha dá brodsgaoille a béim re cuimluigh cleachta Glan a teadhais taineamhach tiagam re gaoith na gaire Ag Íosa na n-aitreabh ann iomdha oileán árdamhra.
Agus ag fagbhail an oileáin sin dóibh do rinne an sagart an laoi -
Sgéala aidhbhle an oileáin ghlain feairrde go mór a marthain A dream cair mar cair domain madh ail libh allsughad D'fagbhamar ar gcórach crom for tráigh mara murthrom A gruaige re lár na luighe gan ló uain dá iongaire Triallamaoid dula don dún ghlan go gcualamar ceól iongan Feasta féin tráigh an olinn air bagair taigear teann bhinn Fuaim an línn frioth sonnach slán binne na téada tiompáin Rug sinn ar solaim ar séad dar linn ba foghar faintéad Colla orainn-ne gearbh anamh tug an ceól adchualamar Ro chuir a socht re biothradh gan olc gan éad gan anbhfaith Éirgeim as ar gcolla coir a haithle an treas laoi lán-cóir Ag dul dúinne níor mhill seach luim na tráigh tirim Tainig aoinbhean ann dar bhfios o'n dún agus on ndeighlios Gan imdhearga um rún riomh do rad dúinn digh agus deighbhiad Suairc a coimleadh gan clú laig air bhur toingea na tiobruid Ciolarn umha is easgair glan aice na láimh da h-ionadh. An bhean leis nárbh ail asdair as láimh do líonasdar. Do rad dúinn féin gach ndigh fíorasaire aneasgair aenghil. Do rad dúinn go moch amuith bia umhail bláith do mhaothail. Tug blas maith dar mhian le neach tug dhúinn biadh dursum buidheach Fagbhaidh an baile go beacht do ráidh linn géag na bhfionncleacht Gein go brátha gruab réidh bur n-anadh an einchéim Nocha bia a chlann gCorra a bhfos eiseirghe oraibh na harus Gurab teann bhur luach gan léin a dhream leis nach fuath fhírsgéal.
53. Tarfas dóibh aroile eanlaith iongantacha isan aedhior uas a gcionn agus do bhádar mar iomad toirnighe. Do-riocht éan díobh ar bhórd an churraigh. 54. Do badh ro-mhaith linn dá mba teachtaire do thiucfa do innsint sgéil dúinn tú, ar siad. Togbhaidh an sagart a cheann suas. Iar sin, ní tualaing tu labhairt linn, ar in sruith, agus sgéala d'innsin dúinn. Is tualaingt mé bhúr n-agallamh, ar sé. Dath crochda do bhí for an éan agus síoga geala ina bruinne. Anam bannsgáile mise a tír Chréta agus is caraid duitse mé. Abair liom, ar insruith, in tecmait dochum ifirn. Ní ragtai, ar in t-én. Adlochamar do Dia, ar in sruith, uair ro-thuillsium dol nár gcorpaibh i n-ifrionn. Rachad-sa airm na h-eadarbhuartha, air in t-én, .i. airm na n-eanlaith eile. Óir ní h-éanlaith adchidhi-si acht anma daoine teagait a n-ifrionn gacha Domhnaigh ar iochaibh agus bhuarthach. 55. An bhfeicise iat ar an t-éan. Adchim, ar in sruith. Adchímid teóra srotha frith rosg .i. sruith bradán, sruith eascoin agus sruith ealadh dubh agus na h-eoin sin ar ár gcionn, ar in tén, .i. anma dá bpianadh iad, agus na h-ealaidhe dubha ina ndiaidh .i. na diabhail bhíos dá bpianadh agus congairid riompa ar teitheadh a bpianta.
56. Abair, ar in sruith, créad iat na sreabha geala ar h-ucht. Adér riot, ar an téan ro bhí mo fhear a dtreabhlaí agus a neasláinte agus ní dheachas-sa dá fhíos nó gur ba marbh é agus do chuadhas do tóramha agus is uime sin atait na tri sreabha geala sin ar m'ucht agus ró ba sin dath uile dá ndeininn a réir agus do bheinn-se da bhur nagallamh sa ni ba foide ná so da mbeadh sé ar mo chumas. 57. Agus téid uatha iar sin agus adubhairt an laoi -
Éanlaith os gcionn ann sin cia comreiseid co luinde An currach do chíom sum réim tig éan bearach ar broinne Éirgim suas is radhaim ris do feadair uair ba én-fis Mochean aguinn a h-eóin mise teacht do thabhairt sgeóil. tré ghlór duine do ráidh riom aitheasc beag is robhinn liom Gion gur duine ar dheilbh ná ar dath nócha móide bheith dár mbráth. Is am anam ar an t-éan ná deanaigh sgeinim ream sgeal nocha dtiucfainn go tuinn lir acht dod tagallamh a fhir Géin ro bhadhas ar bith cé duitse ro badh maincheas mé Ó ro fhás clúimh ar mo chneas is mar én tánag read leas. Ann sin adubhairt sa ris an éan do bhí ag beathughadh na sgéal Innis dúinne gan bead ca leath bhearas sinn ar séad Fá nach olc do-rinneamhuir riamh béarthar sibh i dtír na bpian Gion go dtiaghthuighe ar claochló cuirp tiaghthuighe go ifrionn aidhbhle uilc Trí srotha frioth rosg is fíor adcidhti ar an rian fóríor Cidh dus-rala féin séad si nocha daoine acht Dia do-bheir I riocht na bpiasd bid for snámh na deamhna a gcorpaibh da gcrádh Sruith na n-easgain aidhbhle é sruith na neala is dorcha an gné Sruith na ndobharchon fá dheóigh cuirrigean na dtonn dá dtreóir na hanmanna bíd go bocht i reachtaibh éan eadruim olc Osluaigigh gach piasd a bél ag dul i ndiaidh na n-én Na h-eoin ag sgreachaigh 's ag gul ar teitheadh na ndeamhan ndubh Do bhí i bhfainne an fear go mba diusum duine fo deilbh mná Fa beag do ronas da réir do theighinn ar cuardaib i gcéin Trí sreabha geala for m'ucht taithnid amhuil géis do guírt Muna ndearnainn aimhréir m'fhir do bhéinn uile fó gné gil Níor leanas leanamhnas cóir do rinneas nithe nar cóir Fuaireas an doirteas as duagh air sin adusa ruadh Na h-eoin seo uile, ar in sruith na h-anmana do claochlodh cruith A n-anmana d'éis ag corp nocha bhfaghaid uile acht olc Fa Domhnach dáilid an sluaigh a fo-doimhnibh ifearainn fuair Biad fa na meadhon go mbrón ba holc mo bheatha reamh ló Nocha néadaim anadh sun do dheoin an coimhdhe romchum Ní dom uaim se faisnéis sgéil ciodh um anam is um éan.
58. Agus a haithle sin adchonncadar aroile oileán áluinn eadrocht agus féar
gléigeal go mbreachtradh sgoth cheann-chorcra innte agus seanóir arsa ag sgínim a luith innte agus sidh cheol amhra aige do sheinm ba binne na ceolaibh an domhain agus adubhairt an deochan an laoi -
A fhir sheinneas an chruit chaoin ataoi go naoibh os cionn sluagh Tfholt mar sgoithlín gona naoibh ni haoibhinn linn do theacht uainn Mochean duine fil ad riocht a mbláth mar taoi anocht Fionn-sgotha corcra for feor binne 'ná gach ceol do chruit Ní haithreach duit creidimh cáin ro fuarais taithleach Dé dil Is suairc mar mhaoidhim do mhodh is aoibhinn do chor a fhir.
59. Tiagaid as sin go bhfacadar aon duine adhbhal mór agus lasracha ruadha ro mhóra ag teacht tairis agus mar do thogbhadh a cheann do bhíodh ag sgreadadh agus ag gholghaire truaighmhéalach agus badh mór agus badh adhbhal an phian i raibhe. "Cia tu fein a dhuine truagh," ar siad, "Duine do ghníodh romhar Domhnaigh me," ars sé, "agus déanaidh-se urnaighe liom fá eadtromughadh na bpian so agus adubhairt an laoi -
A fhir imreas an bheag beargaigh uas dreach mara ró mhir ruadh Is arsaidh do ghol go gloi dearg tinne ifrinn dom ro-losga Ar Dia ribh-se a chlann ó gCorradh rom-beirig as do loch Lir Nocha n-agam neach for talmhain rom-chabhra amhlaidh a fhir.
60. Tarfas dóibh iar sin, muir teinntidhe ar lasadh agus í lán do cheannaibh daoine ndubh in-aonacht agus ro gabh eagla mór aidhbhéil iad agus adubhairt an laoi -
A chlann Corra do cleacht lear atá súghadh saile theinidh Dul tar teine na dtonn mear ní deimhin a dhrong deighfear Lán de cheannuibh daoine ndubh an sáile te dá dtrágha Cinn dubha amhain as gach sdodh dula na ndáil is dugha Do threitibh saile an mhara um sginidís do calba agcurraidh Um cuiri fa chéad do chuir ní suaill a méad ro-mhughadh Aon chadhan ar tonnaibh tall againne um tráith ar gcurradh chrann Nocha gclaon orainn ne ann rom-saora orain-ne a chaomhchlann.
61. Adchonncadar aroile muilleóir coirtighthe granna ciordhubh ag meilt muileann fór lár os an fairrge agus dar leo ni raibh do mhaitheas ar bith coimheas a raibh aige d'á chur i mbéal an mhuilinn. "A dhuine" ar síad, "cé tú féin" ... "agus cread nach gcuire i muir do bhia. Muilleóir don diabhal mé," ar sé, "agus gach nidh ceiltir ar Dia agus ar a ndéantar ceasacht cuirim i mbéal mo mhuilinn" agus adubairt an laoi -
A fhir dhuibh an mhuillinn mhóir ad mhuirinn ní maith do chiall Duine nách fuil go fíor ciodh ma gcuiridh i muir do bhiadh Gach ní díobh noch cuirim uaim do shéadaib an bheatha bhuain Is in bhfairrge bhfurmuil bhfléigh ní liom féin a gcuirim uaim Ní fhuil ní nach féidir Dia séad na maoin na brat na biadh Nocha mó tá nidh fo nimh nach feidir an coimhde a fhir.
62. Tarfas dóibh iar sin marcach adhbhal-mhór forsan muir agus each teinntidhe teine faoi agus tonn teine na dhiaidh agus mar do lingidh na dhiaidh (no tairis) agus ní bhí ag eighimh ná ag olfartaigh. "Cad bheir amhail sinn tú a dhuine truaighe," ar ua gCorra. "Each mo bhráthar
ro ghaideas Dia Domhnaigh go na air sin atáim ag fulang na péine so" agus adubhairt an laoi -
A mharcaigh in eich árd-fhuair fil isan beatha bith truaighe Créad na dteigh-se fa thuinn dod rara an áit n-eagcomhlaidh An truagh libh m'feicsin amhlaidh 'sa thuinn mara mór Tarus orm a bhreith a bhfos acht each mo bhráthar adhbhal ghabhas. Do rinneas marcachas mear fris an each Dia Dómhnaigh Atú for each teine thiar isé deiridh sgeóil an mharcaigh.
63. Tarfas dóibh iar sin an inis lán do dhaoinibh dubha diamhaire agus eoin ciordhubha cona gobuibh teineadh agus go crobhaibh dearga cucha agus uatha ag breith lán a gcrobhaibh da bhfeoil asta. "Cread sibh-féin a dhaoine" ar siad. Gaibhne agus ceardaithe fallsa easanóireacha sinn, ar siad agus is uime sin atáid ar dteangtha ar lasadh inar gceannaibh ó bheith ag maslughadh agus ag tarcuisniughadh na ndaoine agus adubhairt an laoi -
A oireacht uathmar na gceann agus na ngabhann nglé dhearg is mór an gabha bhur ndáil truagh gan bhur snadadh dfághbhail Eoin ciordhubha go dteimheal ar cur go ngobaibh teineadh Beirid lán a gcrobha choidhche asainn gach laoi as gach oidhche Adeirim sibhse dhe agus ní radh faistine Ó do-chuadhmhar-si féin feacht nocha n-aoibhinn bhur n-oireacht.
64. Tarfas dóibh iar sin aitheach dubh dorcha diabhlaidhe agus badh méidthir re molt-chroichinn gac slam teine treithcheim ruaidhe do thigeadh as glomhair a gcraois agus a gcarbad agus badh méidithir re mol muilinn an liaghlorg baoi re a hais agus cual adhbhal mór for a mhuin agus deagh oighre seisridhe innte agus tonn adbhail mhór teine na dhiaidh agus mar do bheireadh sí air do leagadh fon bfairrge é (féin) "Cread tú féin a dhuine" ar ua gCorra. Duine mé do bheireadh cual conaigh dia Domhnaigh lom do greis agus is uime sin atú mar seo ar se agus adubhairt an deochan an laoi -
A fhir dhuibh leith go luirg leith is fada ataoi i ndroch bheathaidh Tomhais romhat gus an dtráigh mairg Dia do chruadhgáir Gach cual i ndiaidh a chéile fó luighe agus fó éirghe Is in droich-bheathaidh coidhche gach aon lá agus gac aon oidhche Aithchim ar fhírinne féin aithchim an rígh dheilbh gréin, Na rabhair imbeathaidh bil fo chumas do luirg a fhir.
65. Adchonncadar iar sin carraig mhór adhbhail chloiche agus aon duine adhbhail mór ina chomhnuidhe in a mullach agus tonna na fairrge ag teacht tairis agus brat sgaoilte a na fhiadhnaise agus ní roicheadh a lamha é "Cia tu féin a dhuine ar a raibh toice mhór san tsaoghal mé" ar se "agus ní dhearnas do dhéirc riamh acht an taon bhrat so do thabhairt do chlaimhsig agus fós ní rainig sé chuige agus adubhairt an t-easbog an laoi -
Carraig comhnuighthe cnuic an domhain so Cora ceannasa trom a thonna-sa For an fíormhullach mé dá mothughadh
Bocht gan beathughadh olc a cruthughadh Fuar ar saobthonnaibh sásaid suightheachta Fuar a oirighthe truagh an tuinne Cloch árd uisgithe aighear fionn-fhuaradh Linnte ag long um an mir agam. Brat an fhiadhnaise crodh na claimhsighe Cia ró geillsighe ní ró roichsighe Tonna tairision diana díogaire Glaisidh go a dhaile sin truagh nach uime sin Easbog againn-ne Íosa alasdar Long do líonas sa tonn ró tráigheasdar Fuar an t-ionad-soin gan clith cairdine Sguine sgeiridighe caire cairgithe.
66. Tarfas dóibh uair eile inis agus fiodha ro-reidhe ró-álainn innte agus loch so-mhilis so bhlasta innte agus dfhansad seachtmhain isan inis sin agus ag triall dóibh eisde d'éirigh piasd adhbhal-mhór dóibh as an loch agus do ghabh eagla ro mhór iad-san agus do luigh sí is an loch agus do ghabh eagla ro mhór iad-san agus do luigh sí is an loch as a dtainig agus adubhairt an deochan -
Inis mara mothuighimid réidh a fiodh crabha cinnte Atáid sgotha fír mheala for bharr gac crainn innte Maoth óg fion ghlas féir ailghean na meadhon thall gan tóirneamh Loch so-mhilis so-bhlasta leathan taithneamhac toinngheal Ré seachtmhain as a dháile dúinn 'san phort n-áluinn niodhan Ní raibh ann aon duine ro aitreabh an t-ionad. Iar sin tan thriallamuir sealad tar foramna fairrge Gur éirigh piasd bradhfhada ar ár n-amas anáirde An phiasd nochar bhlaiseadar loighid fó'n loch ó's lingsi Tar na tonnuibh tulgorma tiagam a n-úir na h-innsi.
67. As sin dóibh ag iomramha na mara go bhfuaradar inis iongantach annsin áilne iomlána innte agus fuaradar dá thiobruid innte atciat an soillsi móir iarsin agus tecuit fón solus go bhfacadar an dá fhear déag ag déanam a n-uird agus ní raibh soillse eile aca acht gnúis aroile. Tig fear díobh cucha agus fearas fáilte friú agus ceadaois fris deoch d'ol as an tiobruid go ndubhairt riú. Líonaidh bhur leasdair aiste ocus facbhaidh-si as an tír riasin matain uair ní sunn ata bhur n-eiséirge. 68. "An mbéaram nidh do chlochaibh an oileáin ná an tráigh so linn" ar siad. "Is feairrde a cheadughadh," ar sé, "óir badh brónach an té bhéarás agus fós an té nach beára." Beiridh fear diobh an chloch lais agus fear oile dá chloich agus do gluaisiadar riompa agus dibhsiad deoch don tiobraid agus codlaid iar sin. I moch thraith ar na maireach so dfhéach siad a gclocha aroile diobha gus ba h-ór (cloch ann) agus badh hairgead an dara cloch agus ba gloine an treas cloch. Gona de sin ba fíorbhriathrach an seanóir naomh agus do bheart an laoi -
Oileán mara mir ro mhaír bhadhmar seachtmhain ar sodhuin Cia do lodmar leath oile do radsam gradh do gloine.
Dá thabar gan easba ann sin ciar bé an tirim be an teasbhach Aon tobar te sa ghné glan aroile bhí na bhuadhairt Triallamaoid, giolla an áigh uainn ar cheann dighe d'uisge fuar Rug sinn an sruith ro threoruigh air na déanaidh acht deonaigh Dá dhuine déag gan doladh ag seirbhis ba mór-mhonar A ngrádh mic mor Muire feadh na beatha barbuighe: Soillse 'na grian gnúis gach neich do bhí thall isin carraig Dóibh ag serbhís Mhic Muire ní raibh soillse oile. Fiadfruighe ar badh neasba díobh cia do-ghnídh sibh obair in bhar dtír Abruigh ar Dia badh deire cain do fhagfamair Éire. Do ráidh rinn an seanóir sean cidheadh a ghnúis ro-badh rogheal Atáid sunn dream gan doilbhe de mhuinntir mhaith mhór-Ailbhe Lucht an dara curraigh cháidh sin ag Ailbhe uasal gráidh Bheith nar mbeatha go dtige an bráth dúinn d'orduigh Críost seoch cách Sunn ro thaisigh Dia badéin gan easbadh ar chruith 'nár céill Deagh-escnairc cáich ó shoin amuith gach aon is marbh 'san muir. Asnaigh as an dtír i dtáim ria sinnti maidean mochthráith Na raibh cuma ar bhur gcruith deis in tíre i dtangamhair Go ris leam neamh ar naonmhar cia ró siar mor mbaoghal.
69. D'aithle na laoi sin adchonncadar ar oile oileán álainn agus eaglais oireanna ann aoibhinn agus aon chléireach ársaidh ag déanamh a thrátha isan eaglais agus ag beannachadh dho agus adubhairt an laoi -
Port ag parthas minn ar muir ní tharla acht sin a shamhail Beas is aitreabh naoimh nimhe iar atú aoibh ainglidhe Anois tangamar o'n dtráigh do dhol na dhíon s'na deagh-dháil Do chum fir móir gan meadradh do'n tig ba cóir ceileabhraidh Gabhsum: uile a h-aithle an lir paidir go n-eaghamh iodhain Siorraim port diamhair dár ndíon agus tocht d'iarraidh an áirdrigh Éirigidh nár ndiaidh amach aon duine sadhach saoghalach Nos-bheir leis iona theagh thall ar deis Dé nár shaoilseam Fearas failte ró mhór rinn ar nathach Íosa againn. Ros tuig gan críost dá dhearbhughadh an té do bhiodh dá bheaghthughadh Fiafruidthior againne de cá slighe cian ba déine Fuair ar n-éag díon ar domhan oir is do chreidemur Do bhuidhin Dé domhsa ar sé d'a dheisgioballaibh ba déine Níor dhleacht domhsa gan a dheoin mo theacht an am-sa ainéoil Is seadh thuilleas toirse damh ann nach roichim rígh-theach ro-ghlan Acht bheith go bráth um bheathaidh fa cleith ar aithineach Do chuir Íosa anuas do neimh aingeal uaidh dá innsin Mo rae dá chur agicluibh ar nam dom dol óm dheisgiobal Do roich dom gach nona ó neimh aird-righ neimhe na naoimh-fhleadh Fear ag nach bíodh go bocht ma thig riogam na rioghphort.
70. Do roic an taingeal-arca proinn leis .i. bairghean agus ordúghadh éisg gacha fir dóibh agus blas meala air agus innseas an seanóir ord a mbeatha dóibh agus adubhairt riú dol go rinn iarthair na hEaspaine agus tigeadh lucht curach cugaibh ann agus beirid sibh go tír agus do-bhéaraid lucht na tíre grádh a n-anma dibh agus gabtar eaglais libh ann agus fuighfidhe an giolla a mBreatain agus rachfaide féin don Róimh agus ceileabhraid dá cheile iar sin agus do comhalladar amhail do bheart an seanóir agus do chuaidh an t-easbog
do'n Róimh agus d'innis a sgéal do Shaorbitheach .i. easbog Iarmhumhan agus do Mhaolcómog mhic Cumainn in Arainn amhail isbeart
Trí hua gCorra do Connachtaibh Gan tiumar táin Tar ro brúgh rian annsin Targan an mara iongantaigh Fuasamar piasta bir coradh Is fliuch tonna ann sin Do chuadhamar siar ar maiteamh re righ gréine Gear bholc ar gciall do rinneamar lan dtreigne. FINIS.
Fuaradar dá thiobruid innti, tiobruid díobh buartha agus tiobruid oile. Adchonncadar soillse móra uatha 'san oileán go ndeachadar dá h-ionnsuighe agus do chonnchadar an dá fear déag ag déanamh a n-uird agus ní raibh soillse oile acudh acht gnúis aroile. Tig fear díbh chuca agus fearas fáilte riú agus ceadaois fris deoch d'ól as an tiobraid go ndubhairt riu líonaigh bhur leasdair aisde. Cia sibh féin, ar siad. Muinntear Ailbhe Imlidh sinn, agus isinn ro-réinn an dara curach táinig leis agus biamaoid nár mbeatha go braith agus gach nduine téid d'éag no báidhtear ar an bhfairrge biamaoid dá dtorramha agus gabhaigh-si romhain óir ní sonna atá i ndán díbh éiseirghe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services