Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Clainne Ua gCorra

Title
Eachtra Clainne Ua gCorra
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mac an Bháird, C.
Composition Date
1800
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1912)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Eachtra Clainne Ua gCorra



1. Flathbhrúghaidh céadach cómhthromach ro geineadh i gcúige
caomhálainn Connacht feacht n-aill .i. Conall dearg ua gCorra
fhinn, agus as amhlaidh bhí an brughaidh sin .i. fear sona saidhbhir
sárchonaigh agus níor fríth a theach ríamh gan trí gháire ann .i.
gáir na sgagadóiride ag sgaga leanna agus gáir na n-athach ós na
cóiréadhaibh ag luchtaireacht do na sluaghaibh agus gáir na nóglaoch
ós cionn na bhfithcheall ag breith cluichídhe ar a cheile. Nior
fríth riamh a theach gan na trí miach .i. miach brátha ré frithealamh
ndeasgach, miach chruithneachta ré fritheálamh biata na noigheadh
agus miach salainn re somblas gacha bídh.



2. Is í fa bean chéile dho .i. Caordearg inghean airchinnig
Chlothar. Ní bhíodh tráth


L. 92


uireasbadh ortha acht a bheith gan chloinn diongmhála aca agus ní gan
chloinn bhídís acht nach mairdís dóibh, acht an éaga úatha i
gceadóir iar na mbreith.



3. Is ann sin as beart an Ríghbhrúghaidh fria mhnaoi adhaigh
iona iomdhaigh is truagh dúinn, ar sé, gan mac againn do badh
comharbadh diongmhála in ar n-ionad d'ar ndéis.



4. Cidh as áil leat-sa de sin, ar an bhean. Is áil liom, air
an brughaidh, ar cumann do dhéanamh re deamhan dá fhios an
dtubharfadh cómharbadh do mhac no do inghin dúinn do-gheabhadh ar
n-ionad dar ndéis.



5. Do rin siad iaramh trosga ré deamhan agus badh torrach an bhean
i gcéadóir agus do bhí ag altrom a toirrcheasa go ceann a naoí míosa.
Iar sin tángadar breasa bríghe agus alla iodhan d'ionnsuighe na
hinghine agus rugas triar mac do'n mór thuismeadh sin .i. mac i
dtosach na hoidhche agus mac i meadhon oidhche agus mac i ndeireadh
na hoidhche agus ro árdleasuigheadh agus ro baisteadh do réir an
bhaisteadh geintlidhe iad agus ba h-iad so a nanmanna .i. Lóchan
agus Einne agus Silbhester.



6. Ro hoileadh agus ro hárdleasuigheadh iad iar sin gursad luatha
léimneach iad ar muir agus ar tír go gcinnidis ar a gcómhaosaibh in
gach cluiche agus in gach caomhfhoghluim go rabhadar na lánbéil agus
buanteanga ag gach aon dá gcluineadh nó dá bhfeicfeadh iad san
aimsir sin.



7. Lá n'aon dá rabhadar ar cholbha tighe a nathar agus a mathar ar
sgíos amhsa agus iomáine adubhradar lucht an tighe nách fuaireadar
locht ná ainimh ar na macaibh minnáille mórclughacha sin a mbaisde i
seilbh diabhail, is doilg tráth dúinne, air siad, gan foghail agus
dibhfheirg agus ingreim do dhéanamh ar namhaidibh an Diabhail maisé
is triath nó is tighearna dúinn .i. cléirigh do mharbhadh cealla
do losga agus d'argain.



8. Is ann sin ró éirgeadar (na) maca sin agus ro ghabh siad a n-arma agus
tángdar go Tuaim dá Ghualainn agus ró airgsiad agus ro loisgsiad an baile
agus do rinsiad foghail agus dibhfeirg adhbhal-mhór ann ar feadh
Cúige Chonnacht ar cheallaibh agus ar chléireachaibh go gclos fá
cheithre hárdaibh na hÉireann go h-uile olc agus úrgráin a
bhfoghla. Go ceann bliadhna dóibh fan samhail sin gur mhíll siad
ceall ar leath ceall Chonnacht ris an rae sin.



9. I gceann na bliadhna adubhairt Lochan re na bhraithribh, "atá
dearmad mór againn ar sé, agus ní ba buidheach ár dtighearna, an
deamhan, dínn uime." "Ciodh eisidhe," air na macaibh eile. "Ár
seanathair .i. athair ár máthar gan a mharbhadh ar sé agus a
cheall do losga air.



10. Tigid da thuaith ar an láthair sin gan cháirde gan choigilt
agus as amhlaidh bhí an t-airchinneach ar a gcionn ar faithche
na cille go morthionól a mhuintire uime dá bhfreasdal agus da
bhfrithalamh do roghain gacha bidh agus do sgoith gacha leanna agus
an rún do-bhí ag an gcléireach ní h-é ro bhí aca san dó acht a
mharbhadh agus a cheall do losgadh agus d'argain.



11. Is annsin tángadar Ua gCora go h-airm i mbí an cléireach agus do rin
siad comhairle gan an cléireach do mharbhadh na an baile do losgadh go dtigh
am oidhche go dteagach ba agus eallach an bhaile dá n-árusaibh agus dá
n-ionadaibh bunaidh. Tig an cléireach leo do bhaile agus ro mhothaigh an
rúin so do bheith orra agus ro chuir a ngrianán taobháluinn taithneamhach
iad agus tugadh biadh agus leann dóibh gur ba meisgeamhail meadhartha iad.
Ro deargadh iomdaighe agus árdleapthacha dóibh as a h-aithle.



12. As annsin ro thuit a dtoirchim suain agus síor-chodalta orra agus
tarfas fíos


L. 93


amhra agus aislinghthe iongantacha do sais mac Ua gCorra .i. do
Lochan .i. a bhreith d'fheachuin nimhe agus iofruinn agus ro
mhúsgail annsin agus ro músgladar an dias eile as a h-aithle agus
dubhradar éirgem ar siad, d'argain agus do mhilleadh an bhaile.



13. Dóigh liom, ar Lochan, ní é sin nidh as cóir dúinn do dhéanamh óir
olc an tighearna d'ar fhoghin sinne gus anois, ar sé, agus is maith an
tighearna ar a ndearnasam foghail agus dibhfeirg gus an dtráth so agus
adchonnarc aisling ghránna fíoruathmhar .i. mo bhreith ag feachuin nimhe agus
iofruinn, áit a mbí iomad pian agus pláigh n-eagsamhail
ar dhrongaibh diabhaire d'anamnuibh daoine agus do deamhanuibh ann.
Ad-chonnarc tráth ceithre srotha an iofrinn .i. sruith natharach nimhe agus
sruith teine agus sneachta. Ad-chonarc peist ann go n-iomad ceann agus cos
uirri agus do gheabhdais fir an domhuin do-chidhfeadh aon radharc uirre bás
d'fhuath agus d'urgráin roimpe. Ad-chonnarc fós mo bhreith
B 14-- 17
do deaghadh nimhe agus ro-connarc an Coimhdhe feisin 'na righ
shuidhi agus eanlaith aingel ac oirfideadh do. Roconnac tra én edrocht
agus ba binne 'ná gach ceól a canadh. Micheal, iomorro, isé bhai a richt
an eoin i fiadhnuisi an Duileann. As í mo chomhairle si daibh, ar Lochan
bhur n-arm do treagadh agus Dia do lenmain budeasta. (Agus dobheart an
laoi).



B 1817ls 19T

Atá piasd an ifreann na ndos
go niomad ceanna agus cos
Síol Ádhaimh na gcéad ro ghin
do rachdaois d'éag re a feicsin



Ad-chonarc én ba álainn daith
i bhfiadhnaise rígh na rath
Gan dul soir ná siar ar snámh
gan dul síos ná suas ar seacrán



Adchonarc an Coímhdhe mór
i gcathaoir airgid is óir
Ad-chonarc mo bhreith ar nimh
do dheicsin righ na ríghthigh



Michéal do bhí i riocht an Éóin
chanas a rúin ima cheól
I bhfiadhnaise rígh nimhe
chanas fíor gach faistine



Atá leam comhairle cháin
dibh a ua gCorra crábhaidh
Troma bhúr ngairm garbh bhúr ngoil
um an bfios cruaidh adchonarc.




14. Da mbéadh a fhios againn, ar na bráithre, an geabhadh an Coimhdhe
aithrighe uainn is na mór olcaibh do rinneamar.



15. Do gheabhadh iomorra ar an bráthair agus ó tá comhairle mhaith agamsa
dibh ar sé déinidh-se seirbhís na h-eagailse agus gearrtar crann bhúr
sleagha agus déintear loirgníomha libh agus tiagaidh ar chumas fíréan
agus ardnaomh Éireann agus do rinneadar-san an
chomhairle sin agus do chuadar rompa go Cluain Ioraird ait i mbí
Finghin go n-a chléir.



16. "Cia seo chúghainn" ar na cléirigh.



17. Do bheirim-si aithne ortha ar Finghin ua gCorra fhinn
dibhfeirgidhe atá ann.



18. Agus ó d' chualadar na cléirigh sin do theitheadar uile agus na
seanóiridhe ag nach raibh coiscéim re fiche bliadhain roimhe sin, dar leat
do bhadar da chois déag fá gach seanóir díobh, ar feabhas do theitheadar
agus do fhagbhadar Fighnéin an aonar. "An romhainn-ne do
theitheadar na Naoimh" ar Lochán? "Iseadh go deimhin ar na braithre agus
cuiriom ar n-airm uainn agus déanam sleachtain do'n chléireach, ar siad,
agus cuirid a n-airm uatha agus sleachtaid a bfiadhnaise Finghin.



19. Cread so b'áil libh ar Finghin. Athrughadh creidimh agus crábhadh ar
siad agus foghnamh do Dhia agus deamhan d'fhuathugadh agus do threigean.
Maith an chómhairle sin, ar Fighnín.



20. Agus tigidh do'n bhaile anonn go h-airm i bhfuil an cómhthionól.



21. Is annsin do rinnsead an cóimhthionól a ndithcheall d'fhoirceadal gach
mic díobh agus gan labhradh dóibh ré neach acht ris an mac teagaisg amháin
go ceann bliadhna. Mar sin dóibh gur léigheadar canóin agus leighean agus
ba buidheach an cóimhthionól d'a gcrábhadh.


L. 94


22. Mar sin tangadar co Fighnín agus do léigeadar ar a nglúinibh iad féin
'na fhiadhnaise agus adubhradar ris gur mithidh leo breith do bhreith in
'sna mór-olcaibh do rinneamar, ar siad.



23. "Ceadh nac lór libh bheith ins an gcóimhthionól-sa," ar
Fighnín. "Do loisgeam ceall ar leath ceall Chonnacht agus ní rug
easbog ná sagart maitheamh ná anacal uainn." "Ní thiocfaidh dibh si,
ar Fighnín, anam do chur ins an lucht do mharabhar agus an nidh
fhéadfaidhe do dhéanamh ins na ceallaibh ro mhilleabhair déanaighidh
é, acht cheana do-bhéar-sa neart céad in gach nduine dhibh agus
bainfidhear sgíos cos agus lámh díbh agus beirthir lón agus solad ar
nách bia urchra daoibh."



24. Tángadar annsin riompa go Tuaim da Ghualann agus do leasuigheadar gach
ar mhillsead innte. Amhail sin dóibh go ceann bliadhna as gach cill go
roile ar feadh Connacht gur leasuigheadar gach nidh d'ar mhillsead.



25. Iar sin tangadar i gceann bliadhna go Fighnín "An dtarinig libh" ar
Fighnín? "Tairnig" ar siad "acht aon bhaile amhain Ceann Mara." "Truagh
sin" ar Fighnín "is é sin cead-bhaile ba córa díbhse do leasughadh .i.
baile an tseanóra ro-naomhtha, Cumán Chinn Mhara agus leasuighidh an baile
sin go luath agus an bhreith bhéaras an seanóir sin oraibh deánaidh í.



26. Do ro-chuadar-san go Ceann Mara agus do leasuigheadar gac
ar mhillsead ann.



27. Agus tangadar amach lá naon iar sin agus do bhadar ag féachain na
fairrge uatha amach agus na gréine do gach leath. Do labhair fear díobh
annsin agus is eadh adubhairt, "Cia an leath i dtéid an ghrian," ar sé,
"ó théid sé fá mhuir agus adubhradar an laoi:




Is maith ritheas an ghrian ghlan
ó áird-rígh nimhe is talmhan
Ó téid isan mhuir ghuirm ghlais
iongna a fheabhas ritheas



Iongna an nidh fá ndeara
oidhre ar uisge tana
Is an mhuir mhór gan oidhre
fearta an chóimhdhe fá deara



Cia hiongnadh gach nídh dhíbh-sin
a fhir fil dar nagallamh
Ná an sruith taobhsholas glas
iongna a fheabhas ritheas.




28. D'aithle an laoi sin, is í comhairle do rinneadar dul d'fhéachain an
aigéin agus do chuardúghadh an mhír mhorthonnaig ghuirm mhuire, óir is
uirthe théid cách d'a noilithre.



29. "Créad is currach no is arthrach dúinn" ar siad? Is í chómhairle
do rinneadar le chéile ann sin .i. saor maith do bhí 'san tír sin do thabhairt
chucha agus currach clárdhaingean cumhduighthe do dhéanamh dóibh. Do rinneadh
iar sin an currach gur ba húrlamh in-imtheachta é agus do cuireadh
ar an muir mór-anfaidh sruith-bhraonaigh ciarsánaigh é go n-a lón agus
pona fuirinn agus is é luach d'iarr an saor ortha in éiric an churraigh
sin do dhéanamh doibh, é fein do leigean leo dá oilithre.



30. Agus an tan fa h-úrlamh inimtheachta iad chum na fairrge, adchonncadar
cliar crosán seachadh agus mar do chonncadar na crosáin an currach dá chur
amach ar an bhfairrge ar siad sin?" Is aithne damhsa iad, ar an fuirseóir
.i. ua gCorra fhinn do Chonnachtaibh iad .i. na foghluidthe agus na
dibhfheirgidhe ag dul dá n-oilithre féin agus ní mó rigid a leas dul do
iarraidh Nimhe ná ricim-se," ar se.



31. "Dar mo chúis ámh," ar taoiseach na gcléireach, "is fada go rachair-se
d'oilithre." "Ní hamhlaidh atá," ar an fuirseóir, "acht rachad leó siúd."
"Go deimhin dá ndeachair-se leo siud, ar iad sin, faguibh ar n-éadach féin
againn-ne fil umat. Ní fhuighbhidh sin mise


L. 95


agaibh, ar eisean, agus d'fhág an t-éadach aca annsin agus téid
féin dísgir dearglomnochta uatha. Ód chonncadar ua gCorra chucha
é amhail sin.



32. "Cia tú féin," ar siad? "Duine truaighe me," ar sé, "atá ar tí
dul libh-se."



33. Agus d'fhaomhsat a dhul leó.



34. Agus is amhlaidh bhadar ua gCorra annsin iar gcumhdach agus iar
ndéanamh altóra do'n choimhdhe chómhachtach ar a bhfearann dúithche
badéin.



35. Agus tangadar in a gcurrach iar sin a naonbhar .i. easbog agus sagart
saor agus crosán agus deochan (agus aon ghiolla) agus trí mic
ua gCorra agus adubhartsat an laoi.




Tiagam náonbhar 'nar naoidhibh
ua gCorra ar cuaird crábhaidh
Scuiream d'olc ar gcinneamhain gcuim
Fa spórt iodhain anfaidh



Tiagam ar rannaibh le'r dtreóir
go bfeithear innsi an aigheóir
Seolam ó thráigh ar dtíre
go ró bháidh ar gcoimhdhine



Fagbham ár dtír 's ar dtalaimh
ar grádh righ nimhe neimhdhuibh
Tiagam gan roighne fa réigh
d'ar n-oilithre an eidirchéin



Ó ro chumhduighsiam ar gcill
fagbhaidh gan fuireach Éirinn
A lucht do thagadh go teann
ó'n phort gan anadh agam.




36. Luigh dano an saor leó agus badh hé ba luamaire aca agus
do bheart an sagart - an laoi.




Réidh a Dhé an séad so siar
tar muir na fairrge in imgcian
Cughat a mhic mór Mhuire
ag móra do mhiorbhuille



Nocha do ghoin na tiaghail
tiagmaoid go tír an toraidh
Acht dod' toighid a Dhé Dhil
do réir creidimh is crabhaidh



Coisg dínn do phiasta borba
's do thonna tréana tolga
Go dtugair nidh dhúinn dar dtigh
ba dú do rígh reidhteadh.




37. Do luadar iáramh in a gcurrach agus do ghabhastar ag á iomradh cá leath
do rachaidis. "An leat bhéaras an ghaoth sinn" do ráidh an tEasbog agus
d'iodhbradar iad féin do Dhia agus tugadar greas ar anaighthe ag iomramha
go luath láidir laom laochda agus beirid léim fheardha ionnsuightheach
ó'n gcúan amach gur ceileadh radharc gacha tíre ortha agus gur
foillsiughadh dubhaigéin gaca dubh-fhairrge dóibh go 'nar fheadradar cá
conaire in ar threoruigh séide na siangaoithe iat gona ann adubhairt an
deóchan an laoi.




Ua gCorra anocht ar an muir
na tonna ag teacht 'na bhfáil
Ingabhadh ród fia na fir
Dia do nimh da sriana soir



A Íosa áin ainglidhe
a fhir do dheilbh gach sgéala
An currach so ua gCorra
saor liom is iat ua gCorra



Éire iodhain ainglidhe
a deisiobhail re tonnaibh innte.
Gheóbhat foghlaidhe dearbh.




38. Bhadar san XL. la agus XL. oidhche for an aigéin, ionad i dtarfas
mórán feasa agus d'iongantaibh móra uaigneacha eagsamlaigh ar an bhfairrge.



39. Agus do tar fas dóibh ardtúis inis lán do dhaoinibh ag dubhadh agus ag
dobhrón agus sgoth amar fhéar fhionn ar a fud agus do cuireadar-san fear da
muinntear d'á fhiafruighe cia


L. 96


um a rabhadar agus gabaidh sin ag síorghol leó mar gach fear aca féin agus
fagbhaid-san aca é agus adubhairt an laoi.




Inis iongna oileán mara
Dia du-s-rula
A Dhé na slógh cia fo deara
brón is dubha



Da madh ciamhre gin tuirsi
is déara soillsi
Níor sgar re caoi sluagh na hinse
truagh a dtuirse



Fiafruighid díobh
ciodh madh duadh gulmaud
Mor a méad in gach ród
ciamá gcaoid



Ná h-éirgeam coidhche na cluinsi
ar an fear fionn-se
Ní bhidh sona lucht ar loing-si
ar ucht na h-insi.




40. I gceann teóra lá agus oidhche do bhadar ag iomrádh a gcrosáin go
ciamhair ceilmhuinneach agus iar sin do chonncadar én álainn iolchrothach iar
dteacht ar chur tosaigh an churraigh cúcha agus adubhairt an laoi -




Cia um iar sin ua gCorra
uas grianaibh glastonna
Innsigh dam ar Dhia do nimh
cread do bheir sibh caciamhar



A eóin úd ar an gcurrach
sé do bheir sinn go dubhach
Crosán beag do bhí 'nar bhfáil
ros-tairig éag an aithrigh



Is mise bhur gcrosán cóir
mé thainig i riocht an eóin
Anoise tigim go neimh
sibh-se ni bhiaidh go ciamhair.




41. Agus is iar sin do chonncadar inis iongantach oile agus doire
dathalainn duilleadh d'airghidh agus deaghblathaibh cumhra cáomháilne innti
agus an tan ghluaiseadh binn-fhoghair na gaoithe glan-fhuaire glóraighe
ón ndoire sin ba bhinnighthear sé cruit ceoilbhínn caoin-téadach an ceol
do chanadaois. Do caith siad nidh do thoradh an oileáin agus d'ibhsiad nidh
do'n tsruith álainn fíona do bhí tré lár an oileáin agus ni tháinig taom ná
galar cucha da éis agus do bheart an deochan an laoi.




Is áluinn oileán an toraidh
dul gan sgís
Ubhla cumhra srotha fíona
fútha aníos
Nocha rithin ina diaigh
tír i d-táim
Nocha dtaithig bantracht mheargail
ar a clár
Caoine ná gac crann a hubhall
óir is dóigh
Binne ná gach ceól a gcanamhain
uair is áil.




42. Ad chonncadar oileán iongantach oile agus ceithre hoireachta
hionganthacha ann ag roinn na h-inse i gceithre míre .i. aos forasta
finnliath (i n-ionad innte) agus rioghfhlatha isan ionad tánaiste agus
oglaoich is an treas ionad agus giollaidhe san ceathramhadh ionad.
Fa daoine áilne eadrochta uile iad agus cluichidhe gan cumhsanadh gan
comhnaidhe aca d'á ndéanamh agus iad ag siorgháire. Luidhsiam oile neach
uatha-san dfhiafruighe sgéala díobh agus gabhais ag cluichidheacht agus
adubhairt an sagart an laoi.




Is naomhtha nuadh an inis ghlan
ní port ná baile biodhbhadh
Ní sgéal cinnte ró chleacht dam
Noch tearc innte iongnadh



Oileán gan cogadh gan cath
ar ná bid daoine dubhach
Gan brón gan biodhbha go brath
acht díona na slógh subhach.


L. 97


Ceithre dronga ar na h-oilibh
do chim féin na himdeaighidh
Drong fial gan mheing gan mheabhal
nár thriall feall na imdheabhaidh



Gasradh giolla ar a mbíodh bládh
is innte thall do tógbhadh
Sluagh gan léan ná meilleann modh
fó na filleann féar fódmhar



Fir amaise go muirinn mhóir
ní h-olc agus ní héagcóir
Do bhér rabhra gnáth an ghlóir
meidhre for cách a gcéadóir



Drong mór do fhionnliaith a bhfolt
bíd dá taghall go tromdhacht,
Na sruithe ar ná sílim smacht
aoibhinn an cluiche chonnairc



Ceithre h-oireachta áilne
lucht crábhaidh gach rioghdháile
Iongna dul gacha dáimhe
leis nach sámh acht síorgháire



Luigh uainne d'fhághail a fhis
cath-lámh ró sair-bhinnis
An giolla lag ró ba leis
agus do staon se uainn 'san inis.




43. Tarfas dóibh iar sin inis iongantachoile do fhullang féin ar aon-chois
uas an muir agus go gcluindís nuall dhubha móra aiste agus ní riochtach
leó agus do bheart an laoi.




Adchím inis tiar ós tuinn
A haonchos féin ros fulluing
Inis nach ionnsaigh aighe
drong nach fullaingid na daoine



Inis aonchoise ar an muir
a choimhdhe cread um a bhfuil
Mór an mhuinntir, mór an mhuirinn
gach a gcluinfid ní chluinim



Nocha nfhaicim dealbh daoine
do neach fil isan suighe
Cia Faid bhiaid ná in bheatha bhí
nochan mó ná an Coimhdhe adchí.




44. Ad chonncadar aroile sruith iongantach fó deilbh stuaighe nimhe in
aedhir agus ní thuiteadh braon de no go dtuitfeadh isan muir agus do
chluindis a nuaill agus a sgreadail agus ní thogbhaid a gceann as an muir
acht trathnóna Dia Sathairn go tráith eirghe gréine Dia Luain agus adubhairt
an laoi.




Adchím sruith mór ós an muir
mar stuaigh nimhe neamh-adhbhail
Atá crutih nua nimhe an neóil
sa sruith uaithne an aedheóir



Bainne as ní thuit ar tuinn
as sruith an aedhir eadruim
Ní loiteann tuile na tráigh
go dtuiteann uile d'aonláimh



Ó nóin an tSathairn sliocht buan
go traith na teirte san Luan
Sruith adchím 'na stuagh ghuirm ghil
bídh fo thuinn fuar gan feicsin



Ar an uisge fionn ghlan fuar
bí choidhche deaghbhlas deaghbhuan
Nocha teachta ón rígh do ráidh
a fhearta adchím ní chrionaid.




45. Iar sin tarfas dóibh réd iongantach oile ré h-ucht na mara .i. oileán
alainn iongantach agus tighthe agus treabha luchta an oileáin uas a gcionn
shuas agus iad féin futha shíos agus ba duibhthighthear re gual gabhann
dreach gach aon díobh go ndubhairt an teasbog an laoi -




Inis chaoin ar an muir
is milis bárr
Nocha cur céad re gongaibh
fil méad na tonna thall


L. 98


Dubh an dream romghaibh gubha
tré na ngleann
Éirgid tuir go mbórdaibh suas
ar bord liom



Searbh an sál chuireas tonn
leathan na lár
O thuinn go tuinn ro fheiteamh linn
a druim re lár



Caithid cnú ní bhfuil acú
buar na bú
Duamhain tainig matheach
nocha rainig ré a mhúr



Lucht cinadh fil na taoibh-se
gan tinad cucha na raon
Ní risin is claon is ealánaibh
agus sin mar aon.




46. Tarfas dóibh rud iongantach oile ar an muir .i. colamhna airgid aoinghil i
meadhon na mara agus líon áluinn éisg as a mhullach ag a foghairt 'san muir
agus do rad aroile fear díobh, mogall don líon in a rabhadar trí leath-uinge
d'fhionndruinge, cona do chomharthughadh an sgéil sin agus ceithre druime
ar an mogall agus do chonnairc an Maolduine an céadna.



47. Bhadar teóra lá agus oidhche ar an gcuma sin agus do chonncadar nuimhir
do-airmhighthe bradán ar sileadh as gach mogall do'n líon sin agus ba chómh
mór le colbha bliaghna gach bradán ballcorcradh biothálainn agus gach
maighre mor shroitheach mhilis bhlasta dá ngabhaidis as an líon áluinn
faghartha ris an rae sin agus dfhaigsiad an toileán annsin. Adubhairt an
sagart an laoi.




Réd iongantach álainn ar muir
go nach fríth go séiseamhail
Gan imshíomh agá santa
fionn líon fada foghartha



Áluinn thaithneas for thuinntigh
colamhna airgid aoinghil
Agus riamh isé doimhin thall
na taoibh fá colamhain call



Fón líon anas don taoibh thall
an colamha na críonann
Im líon air línn gcanadh
con uas a gcionn an colamhann



Airgead aoingheal sollas sonn
an Líon ro measadh mogall
Níor duaithnidh sal an séad cruaidh
cread nár luidh isan línn mhuir



Ó uilinn go huilinn di
fad colamain fa cidhte
Nocha dtarga grádh do ghné
in cruaidh ínnte salm do leasuighthe



Ar an muir mór is marcach
Críost ar gcoimhdhe comachtach
Rom shaora ar muir slat na séad
an mac gá bhfuil gach mór réd.




48. Iar sin tarfas dóibh inis ro-iongantach oile agus aonmhac eagailsi agus
fós fá hálainn iolchrothach í agus sgotha dearga go méad cláir innte ag
sileadh meala as a gceannaibh agus eanlaith álainn innte go gcanaidís ceol
síthe sírbhinn síreachta agus ro bhadar ag fiafruighe sgéil don chléireach.
Deisgiobal d'Aindrias mise, ar sé, agus m'iarméirge ro dhearmadar in aroile
oidhche. Is uime cuireadh isan aigein mé, áit i bhfuilm ag furnaidhe brátha
sonn agus éanlaith álainn parathais-so chidhtí, 'sé anmanna daoine uile iad
ar sé agus do bheart an laoi:




A ghiolla is gléigeal do shliocht
is saoth liom tú bheith in aimh-riocht
Atá do mhac mór Muire
admhora do mhiorbhuile


L. 99


Ad-lochar do Dhia mar tú
nocha gcaraim brat na bú
Ar sgothaibh milse méad gclár
ar lár inse am aonarán



Do na fioraonchaibh iar mbráth
coimheadaim-sa soillse in raith
Deaghamh giolla Aindriais mé
do dhearmadas m'iarméirge



Go dtigsiad aingil chughat
Is dearbh liom mor-sat cadad.
Go dtigsiad fiaghain nimhe
sunnad ghrian bhratha a ghiolla.




49. Ceileabhraid do iar sin agus adchonncadar inis oile agus daoine marbha
i roinn di agus daoine beó i roinn oile dhi. Do-ghnidís nuaille móra agus
griothgháir adhbhail an tan thigidis na tonna róda ruadh-lasrach tairsibh
agus an drong ba beó dhíobh ba mór agus ba hadhbhail an phian agus an mór
ghabhadh ina rabhadar Dobheart an laoi -




Inis amhra righ oighreacht mhir
go narmaibh go n-iarann-chosaibh
Fó chéada nualla ma gcuairt
fuithin mín aluinn adhbha shuairc



Daoine innte iar bhfaghbhail bháis
daoine oile a gceann a ngnáis
Iomad tonn lonn go lasraibh
daoine oile ar iarann chosaibh



Aitchim ar bhfírinne féin
aitchim an righ ró dhealbh gréin
Uair ní caomh an gníomhradh dhe
dleaghthar do lucht na hinnse.




50. Iar sin chonncadar na leaca troma teintidhe agus slógh móra d'á losgadh
fortha agus beara díogaine dearga triotha agus do gnitís uaille móra agus
golfathadh gráineamhail fortha agus do bhadar ua gCorra da fhiafruighe díobh
cread iad féin agus adubhradar sin riú gur ab leac do leacaibh ifrinn do bhí
annsin agus abraidh-se re bhur gcairdibh maith do dhéanamh
ar eagla rochtain annso agus do bheart an t-easbog in laoi.




A shluagh na leac cá beatha ar bith ba truaighe libh-se
Fó ród na rian an phian bhur sluaighi se
Atáimid-ne sonn a mbeatha dearoil truaigidhe
Go mbraith bit seang for sgaith leic ifirn uaruige
Leaca dearga, beara iarainn gha ruadaine.
Arís go braith ris ár sluaighne.




51. Adchonncadar inis óile amhra álainn agus sonnach arrachta umhuighe
uimpe agus líon umha for sgartha ar fhiaclaibh an tsonnaigh sin. Fagbhaid
sin a gcurrach agus is amhla chualadar fuaim na gaoithe fris an líon gur
thuit a dtoirchim suain agus codalta orra, go rabhadar trí lá agus teóra
oidhche is an aon-chodla sin. Ro musglaoidir iar sin agus tanaig bean
chruthach chaomh-álainn chucha as an ndún agus dá
maoileasa fionndruine um a cosaibh agus ciolarn umha iona láimh agus
easgair airgid aoinghil isan láimh aroile di. Dailis-sium asaire na
tiobruide forra agus ní fhuil blas maith nár tarfas dóibh air, go ndubhairt
an bhean riú gan fanamhuin annsin agus nár badh hann do bhí a n-eiséirge
agus tug biadh dóibh amhail bláith do mhaothail agus d'fhág iat agus
as beart an t-easbog an laoi.




Amhra eadrocht inis
ó dtáim ag tiachtain
Baile bur róimh ro dealbadh
cóir do meadhma dá riasain
Fod dramáin gan duibhe sogalgar
gach laoi líomhtha.


L. 100


Bead uas a bhfuighe
aon mhúr uimhighe uimpe
Líon fionn umha ar forsgaoille
tar fiachlaibh as ón seasgair
Tonn brotha dá brodsgaoille
a béim re cuimluigh cleachta
Glan a teadhais taineamhach
tiagam re gaoith na gaire
Ag Íosa na n-aitreabh ann
iomdha oileán árdamhra.




Agus ag fagbhail an oileáin sin dóibh do rinne an sagart an laoi -




Sgéala aidhbhle an oileáin ghlain
feairrde go mór a marthain
A dream cair mar cair domain
madh ail libh allsughad



D'fagbhamar ar gcórach crom
for tráigh mara murthrom
A gruaige re lár na luighe
gan ló uain dá iongaire



Triallamaoid dula don dún ghlan
go gcualamar ceól iongan
Feasta féin tráigh an olinn air
bagair taigear teann bhinn



Fuaim an línn frioth sonnach slán
binne na téada tiompáin
Rug sinn ar solaim ar séad
dar linn ba foghar faintéad



Colla orainn-ne gearbh anamh
tug an ceól adchualamar
Ro chuir a socht re biothradh
gan olc gan éad gan anbhfaith



Éirgeim as ar gcolla coir
a haithle an treas laoi lán-cóir
Ag dul dúinne níor mhill
seach luim na tráigh tirim



Tainig aoinbhean ann dar bhfios
o'n dún agus on ndeighlios
Gan imdhearga um rún riomh
do rad dúinn digh agus deighbhiad



Suairc a coimleadh gan clú laig
air bhur toingea na tiobruid
Ciolarn umha is easgair glan
aice na láimh da h-ionadh.



An bhean leis nárbh ail asdair
as láimh do líonasdar.
Do rad dúinn féin gach ndigh
fíorasaire aneasgair aenghil.



Do rad dúinn go moch amuith
bia umhail bláith do mhaothail.
Tug blas maith dar mhian le neach
tug dhúinn biadh dursum buidheach



Fagbhaidh an baile go beacht
do ráidh linn géag na bhfionncleacht
Gein go brátha gruab réidh
bur n-anadh an einchéim



Nocha bia a chlann gCorra a bhfos
eiseirghe oraibh na harus
Gurab teann bhur luach gan léin
a dhream leis nach fuath fhírsgéal.




53. Tarfas dóibh aroile eanlaith iongantacha isan aedhior uas a gcionn agus
do bhádar mar iomad toirnighe. Do-riocht éan díobh ar bhórd an churraigh.



54. Do badh ro-mhaith linn dá mba teachtaire do thiucfa do innsint sgéil
dúinn tú, ar siad. Togbhaidh an sagart a cheann suas. Iar sin, ní tualaing
tu labhairt linn, ar in sruith, agus sgéala d'innsin dúinn. Is tualaingt
mé bhúr n-agallamh, ar sé. Dath crochda do bhí for an éan agus síoga geala
ina bruinne. Anam bannsgáile mise a tír Chréta agus is caraid duitse
mé. Abair liom, ar insruith, in tecmait dochum ifirn. Ní ragtai, ar
in t-én. Adlochamar do Dia, ar in sruith, uair ro-thuillsium dol nár
gcorpaibh i n-ifrionn. Rachad-sa airm na h-eadarbhuartha, air in t-én, .i.
airm na n-eanlaith eile. Óir ní h-éanlaith adchidhi-si acht anma daoine
teagait a n-ifrionn gacha Domhnaigh ar iochaibh agus bhuarthach.



55. An bhfeicise iat ar an t-éan. Adchim, ar in sruith. Adchímid teóra
srotha frith rosg .i. sruith bradán, sruith eascoin agus sruith ealadh dubh
agus na h-eoin sin ar ár gcionn, ar in tén, .i. anma dá bpianadh iad, agus
na h-ealaidhe dubha ina ndiaidh .i. na diabhail bhíos dá bpianadh agus
congairid riompa ar teitheadh a bpianta.


L. 101


56. Abair, ar in sruith, créad iat na sreabha geala ar h-ucht. Adér
riot, ar an téan ro bhí mo fhear a dtreabhlaí agus a neasláinte agus ní
dheachas-sa dá fhíos nó gur ba marbh é agus do chuadhas do tóramha agus is
uime sin atait na tri sreabha geala sin ar m'ucht agus ró ba sin dath uile
dá ndeininn a réir agus do bheinn-se da bhur nagallamh sa ni ba foide ná so
da mbeadh sé ar mo chumas.



57. Agus téid uatha iar sin agus adubhairt an laoi -




Éanlaith os gcionn ann sin
cia comreiseid co luinde
An currach do chíom sum réim
tig éan bearach ar broinne



Éirgim suas is radhaim ris
do feadair uair ba én-fis
Mochean aguinn a h-eóin
mise teacht do thabhairt sgeóil.



tré ghlór duine do ráidh riom
aitheasc beag is robhinn liom
Gion gur duine ar dheilbh ná ar dath
nócha móide bheith dár mbráth.



Is am anam ar an t-éan
ná deanaigh sgeinim ream sgeal
nocha dtiucfainn go tuinn lir
acht dod tagallamh a fhir



Géin ro bhadhas ar bith cé
duitse ro badh maincheas mé
Ó ro fhás clúimh ar mo chneas
is mar én tánag read leas.



Ann sin adubhairt sa ris an éan
do bhí ag beathughadh na sgéal
Innis dúinne gan bead
ca leath bhearas sinn ar séad



Fá nach olc do-rinneamhuir riamh
béarthar sibh i dtír na bpian
Gion go dtiaghthuighe ar claochló cuirp
tiaghthuighe go ifrionn aidhbhle uilc



Trí srotha frioth rosg is fíor
adcidhti ar an rian fóríor
Cidh dus-rala féin séad si
nocha daoine acht Dia do-bheir



I riocht na bpiasd bid for snámh
na deamhna a gcorpaibh da gcrádh
Sruith na n-easgain aidhbhle é
sruith na neala is dorcha an gné



Sruith na ndobharchon fá dheóigh
cuirrigean na dtonn dá dtreóir
na hanmanna bíd go bocht
i reachtaibh éan eadruim olc



Osluaigigh gach piasd a bél
ag dul i ndiaidh na n-én
Na h-eoin ag sgreachaigh 's ag gul
ar teitheadh na ndeamhan ndubh



Do bhí i bhfainne an fear go mba
diusum duine fo deilbh mná
Fa beag do ronas da réir
do theighinn ar cuardaib i gcéin



Trí sreabha geala for m'ucht
taithnid amhuil géis do guírt
Muna ndearnainn aimhréir m'fhir
do bhéinn uile fó gné gil



Níor leanas leanamhnas cóir
do rinneas nithe nar cóir
Fuaireas an doirteas as duagh
air sin adusa ruadh



Na h-eoin seo uile, ar in sruith
na h-anmana do claochlodh cruith
A n-anmana d'éis ag corp
nocha bhfaghaid uile acht olc



Fa Domhnach dáilid an sluaigh
a fo-doimhnibh ifearainn fuair
Biad fa na meadhon go mbrón
ba holc mo bheatha reamh ló



Nocha néadaim anadh sun
do dheoin an coimhdhe romchum
Ní dom uaim se faisnéis sgéil
ciodh um anam is um éan.




58. Agus a haithle sin adchonncadar aroile oileán áluinn eadrocht agus
féar


L. 102


gléigeal go mbreachtradh sgoth cheann-chorcra innte agus seanóir arsa ag
sgínim a luith innte agus sidh cheol amhra aige do sheinm ba binne na
ceolaibh an domhain agus adubhairt an deochan an laoi -




A fhir sheinneas an chruit chaoin
ataoi go naoibh os cionn sluagh
Tfholt mar sgoithlín gona naoibh
ni haoibhinn linn do theacht uainn



Mochean duine fil ad riocht
a mbláth mar taoi anocht
Fionn-sgotha corcra for feor
binne 'ná gach ceol do chruit



Ní haithreach duit creidimh cáin
ro fuarais taithleach Dé dil
Is suairc mar mhaoidhim do mhodh
is aoibhinn do chor a fhir.




59. Tiagaid as sin go bhfacadar aon duine adhbhal mór agus lasracha ruadha
ro mhóra ag teacht tairis agus mar do thogbhadh a cheann do bhíodh ag
sgreadadh agus ag gholghaire truaighmhéalach agus badh mór agus badh adhbhal
an phian i raibhe. "Cia tu fein a dhuine truagh," ar siad, "Duine do ghníodh
romhar Domhnaigh me," ars sé, "agus déanaidh-se urnaighe liom fá
eadtromughadh na bpian so agus adubhairt an laoi -




A fhir imreas an bheag beargaigh
uas dreach mara ró mhir ruadh
Is arsaidh do ghol go gloi dearg
tinne ifrinn dom ro-losga



Ar Dia ribh-se a chlann ó gCorradh
rom-beirig as do loch Lir
Nocha n-agam neach for talmhain
rom-chabhra amhlaidh a fhir.




60. Tarfas dóibh iar sin, muir teinntidhe ar lasadh agus í lán do cheannaibh
daoine ndubh in-aonacht agus ro gabh eagla mór aidhbhéil iad agus
adubhairt an laoi -




A chlann Corra do cleacht lear
atá súghadh saile theinidh
Dul tar teine na dtonn mear
ní deimhin a dhrong deighfear



Lán de cheannuibh daoine ndubh
an sáile te dá dtrágha
Cinn dubha amhain as gach sdodh
dula na ndáil is dugha



Do threitibh saile an mhara
um sginidís do calba agcurraidh
Um cuiri fa chéad do chuir
ní suaill a méad ro-mhughadh



Aon chadhan ar tonnaibh tall
againne um tráith ar gcurradh chrann
Nocha gclaon orainn ne ann
rom-saora orain-ne a chaomhchlann.




61. Adchonncadar aroile muilleóir coirtighthe granna ciordhubh ag meilt
muileann fór lár os an fairrge agus dar leo ni raibh do mhaitheas ar bith
coimheas a raibh aige d'á chur i mbéal an mhuilinn. "A dhuine" ar síad,
"cé tú féin" ... "agus cread nach gcuire i muir do bhia. Muilleóir don
diabhal mé," ar sé, "agus gach nidh ceiltir ar Dia agus ar a ndéantar
ceasacht cuirim i mbéal mo mhuilinn" agus adubairt an laoi -




A fhir dhuibh an mhuillinn mhóir
ad mhuirinn ní maith do chiall
Duine nách fuil go fíor
ciodh ma gcuiridh i muir do bhiadh



Gach ní díobh noch cuirim uaim
do shéadaib an bheatha bhuain
Is in bhfairrge bhfurmuil bhfléigh
ní liom féin a gcuirim uaim



Ní fhuil ní nach féidir Dia
séad na maoin na brat na biadh
Nocha mó tá nidh fo nimh
nach feidir an coimhde a fhir.




62. Tarfas dóibh iar sin marcach adhbhal-mhór forsan muir agus each
teinntidhe teine faoi agus tonn teine na dhiaidh agus mar do lingidh na
dhiaidh (no tairis) agus ní bhí ag eighimh ná ag olfartaigh.
"Cad bheir amhail sinn tú a dhuine truaighe," ar ua gCorra. "Each mo
bhráthar


L. 103


ro ghaideas Dia Domhnaigh go na air sin atáim ag fulang na péine so" agus
adubhairt an laoi -




A mharcaigh in eich árd-fhuair
fil isan beatha bith truaighe
Créad na dteigh-se fa thuinn
dod rara an áit n-eagcomhlaidh



An truagh libh m'feicsin amhlaidh
'sa thuinn mara mór
Tarus orm a bhreith a bhfos
acht each mo bhráthar adhbhal ghabhas.



Do rinneas marcachas mear
fris an each Dia Dómhnaigh
Atú for each teine thiar
isé deiridh sgeóil an mharcaigh.




63. Tarfas dóibh iar sin an inis lán do dhaoinibh dubha diamhaire agus eoin
ciordhubha cona gobuibh teineadh agus go crobhaibh dearga cucha agus uatha
ag breith lán a gcrobhaibh da bhfeoil asta. "Cread sibh-féin a dhaoine"
ar siad. Gaibhne agus ceardaithe fallsa easanóireacha sinn, ar siad agus is
uime sin atáid ar dteangtha ar lasadh inar gceannaibh ó bheith ag maslughadh
agus ag tarcuisniughadh na ndaoine agus adubhairt an laoi -




A oireacht uathmar na gceann
agus na ngabhann nglé dhearg
is mór an gabha bhur ndáil
truagh gan bhur snadadh dfághbhail



Eoin ciordhubha go dteimheal
ar cur go ngobaibh teineadh
Beirid lán a gcrobha choidhche
asainn gach laoi as gach oidhche



Adeirim sibhse dhe
agus ní radh faistine
Ó do-chuadhmhar-si féin feacht
nocha n-aoibhinn bhur n-oireacht.




64. Tarfas dóibh iar sin aitheach dubh dorcha diabhlaidhe agus badh méidthir
re molt-chroichinn gac slam teine treithcheim ruaidhe do thigeadh as
glomhair a gcraois agus a gcarbad agus badh méidithir re mol muilinn an
liaghlorg baoi re a hais agus cual adhbhal mór for a mhuin agus deagh oighre
seisridhe innte agus tonn adbhail mhór teine na dhiaidh agus mar
do bheireadh sí air do leagadh fon bfairrge é (féin) "Cread tú féin
a dhuine" ar ua gCorra. Duine mé do bheireadh cual conaigh dia Domhnaigh
lom do greis agus is uime sin atú mar seo ar se agus adubhairt an deochan an
laoi -




A fhir dhuibh leith go luirg leith
is fada ataoi i ndroch bheathaidh
Tomhais romhat gus an dtráigh
mairg Dia do chruadhgáir



Gach cual i ndiaidh a chéile
fó luighe agus fó éirghe
Is in droich-bheathaidh coidhche
gach aon lá agus gac aon oidhche



Aithchim ar fhírinne féin
aithchim an rígh dheilbh gréin,
Na rabhair imbeathaidh bil
fo chumas do luirg a fhir.




65. Adchonncadar iar sin carraig mhór adhbhail chloiche agus aon duine
adhbhail mór ina chomhnuidhe in a mullach agus tonna na fairrge ag teacht
tairis agus brat sgaoilte a na fhiadhnaise agus ní roicheadh a lamha é
"Cia tu féin a dhuine ar a raibh toice mhór san tsaoghal mé" ar se
"agus ní dhearnas do dhéirc riamh acht an taon bhrat so do thabhairt do
chlaimhsig agus fós ní rainig sé chuige agus adubhairt an t-easbog an laoi -




Carraig comhnuighthe
cnuic an domhain so
Cora ceannasa
trom a thonna-sa
For an fíormhullach
mé dá mothughadh


L. 104


Bocht gan beathughadh
olc a cruthughadh
Fuar ar saobthonnaibh
sásaid suightheachta
Fuar a oirighthe
truagh an tuinne
Cloch árd uisgithe
aighear fionn-fhuaradh
Linnte ag long
um an mir agam.
Brat an fhiadhnaise
crodh na claimhsighe
Cia ró geillsighe
ní ró roichsighe
Tonna tairision
diana díogaire
Glaisidh go a dhaile sin
truagh nach uime sin
Easbog againn-ne
Íosa alasdar
Long do líonas sa
tonn ró tráigheasdar
Fuar an t-ionad-soin
gan clith cairdine
Sguine sgeiridighe
caire cairgithe.




66. Tarfas dóibh uair eile inis agus fiodha ro-reidhe ró-álainn innte agus
loch so-mhilis so bhlasta innte agus dfhansad seachtmhain isan inis sin agus
ag triall dóibh eisde d'éirigh piasd adhbhal-mhór dóibh as an loch agus do
ghabh eagla ro mhór iad-san agus do luigh sí is an loch agus do ghabh eagla
ro mhór iad-san agus do luigh sí is an loch as a dtainig agus adubhairt an
deochan -




Inis mara mothuighimid
réidh a fiodh crabha cinnte
Atáid sgotha fír mheala
for bharr gac crainn innte



Maoth óg fion ghlas féir ailghean
na meadhon thall gan tóirneamh
Loch so-mhilis so-bhlasta
leathan taithneamhac toinngheal



Ré seachtmhain as a dháile
dúinn 'san phort n-áluinn niodhan
Ní raibh ann aon duine
ro aitreabh an t-ionad.



Iar sin tan thriallamuir
sealad tar foramna fairrge
Gur éirigh piasd bradhfhada
ar ár n-amas anáirde



An phiasd nochar bhlaiseadar
loighid fó'n loch ó's lingsi
Tar na tonnuibh tulgorma
tiagam a n-úir na h-innsi.




67. As sin dóibh ag iomramha na mara go bhfuaradar inis iongantach annsin
áilne iomlána innte agus fuaradar dá thiobruid innte atciat an soillsi móir
iarsin agus tecuit fón solus go bhfacadar an dá fhear déag ag déanam a
n-uird agus ní raibh soillse eile aca acht gnúis aroile.



Tig fear díobh cucha agus fearas fáilte friú agus ceadaois fris deoch d'ol
as an tiobruid go ndubhairt riú. Líonaidh bhur leasdair aiste ocus
facbhaidh-si as an tír riasin matain uair ní sunn ata bhur n-eiséirge.



68. "An mbéaram nidh do chlochaibh an oileáin ná an tráigh so linn" ar
siad. "Is feairrde a cheadughadh," ar sé, "óir badh brónach an té bhéarás
agus fós an té nach beára." Beiridh fear diobh an chloch lais agus fear
oile dá chloich agus do gluaisiadar riompa agus dibhsiad deoch don tiobraid
agus codlaid iar sin. I moch thraith ar na maireach so dfhéach siad a
gclocha aroile diobha gus ba h-ór (cloch ann) agus badh hairgead an dara
cloch agus ba gloine an treas cloch. Gona de sin ba fíorbhriathrach an
seanóir naomh agus do bheart an laoi -




Oileán mara mir ro mhaír
bhadhmar seachtmhain ar sodhuin
Cia do lodmar leath oile
do radsam gradh do gloine.


L. 105


Dá thabar gan easba ann sin
ciar bé an tirim be an teasbhach
Aon tobar te sa ghné glan
aroile bhí na bhuadhairt



Triallamaoid, giolla an áigh uainn
ar cheann dighe d'uisge fuar
Rug sinn an sruith ro threoruigh
air na déanaidh acht deonaigh



Dá dhuine déag gan doladh
ag seirbhis ba mór-mhonar
A ngrádh mic mor Muire
feadh na beatha barbuighe:



Soillse 'na grian gnúis gach neich
do bhí thall isin carraig
Dóibh ag serbhís Mhic Muire
ní raibh soillse oile.



Fiadfruighe ar badh neasba díobh
cia do-ghnídh sibh obair in bhar dtír
Abruigh ar Dia badh deire
cain do fhagfamair Éire.



Do ráidh rinn an seanóir sean
cidheadh a ghnúis ro-badh rogheal
Atáid sunn dream gan doilbhe
de mhuinntir mhaith mhór-Ailbhe



Lucht an dara curraigh cháidh
sin ag Ailbhe uasal gráidh
Bheith nar mbeatha go dtige an bráth
dúinn d'orduigh Críost seoch cách



Sunn ro thaisigh Dia badéin
gan easbadh ar chruith 'nár céill
Deagh-escnairc cáich ó shoin
amuith gach aon is marbh 'san muir.



Asnaigh as an dtír i dtáim
ria sinnti maidean mochthráith
Na raibh cuma ar bhur gcruith
deis in tíre i dtangamhair



Go ris leam neamh ar naonmhar
cia ró siar mor mbaoghal.




69. D'aithle na laoi sin adchonncadar ar oile oileán álainn agus eaglais
oireanna ann aoibhinn agus aon chléireach ársaidh ag déanamh a thrátha isan
eaglais agus ag beannachadh dho agus adubhairt an laoi -




Port ag parthas minn ar muir
ní tharla acht sin a shamhail
Beas is aitreabh naoimh nimhe
iar atú aoibh ainglidhe



Anois tangamar o'n dtráigh
do dhol na dhíon s' deagh-dháil
Do chum fir móir gan meadradh
do'n tig ba cóir ceileabhraidh



Gabhsum: uile a h-aithle an lir
paidir go n-eaghamh iodhain
Siorraim port diamhair dár ndíon
agus tocht d'iarraidh an áirdrigh



Éirigidh nár ndiaidh amach
aon duine sadhach saoghalach
Nos-bheir leis iona theagh thall
ar deis Dé nár shaoilseam



Fearas failte ró mhór rinn
ar nathach Íosa againn.
Ros tuig gan críost dá dhearbhughadh
an té do bhiodh dá bheaghthughadh



Fiafruidthior againne de
cá slighe cian ba déine
Fuair ar n-éag díon ar domhan
oir is do chreidemur



Do bhuidhin Dé domhsa ar sé
d'a dheisgioballaibh ba déine
Níor dhleacht domhsa gan a dheoin
mo theacht an am-sa ainéoil



Is seadh thuilleas toirse damh ann
nach roichim rígh-theach ro-ghlan
Acht bheith go bráth um bheathaidh
fa cleith ar aithineach



Do chuir Íosa anuas do neimh
aingeal uaidh dá innsin
Mo rae dá chur agicluibh
ar nam dom dol óm dheisgiobal



Do roich dom gach nona ó neimh
aird-righ neimhe na naoimh-fhleadh
Fear ag nach bíodh go bocht
ma thig riogam na rioghphort.




70. Do roic an taingeal-arca proinn leis .i. bairghean agus ordúghadh éisg
gacha fir dóibh agus blas meala air agus innseas an seanóir ord a mbeatha
dóibh agus adubhairt riú dol go rinn iarthair na hEaspaine agus tigeadh
lucht curach cugaibh ann agus beirid sibh go tír agus do-bhéaraid lucht na
tíre grádh a n-anma dibh agus gabtar eaglais libh ann agus fuighfidhe an
giolla a mBreatain agus rachfaide féin don Róimh agus ceileabhraid
dá cheile iar sin agus do comhalladar amhail do bheart an seanóir agus
do chuaidh an t-easbog


L. 106


do'n Róimh agus d'innis a sgéal do Shaorbitheach .i. easbog
Iarmhumhan agus do Mhaolcómog mhic Cumainn in Arainn amhail
isbeart




Trí hua gCorra do Connachtaibh
Gan tiumar táin
Tar ro brúgh rian annsin
Targan an mara iongantaigh
Fuasamar piasta bir coradh
Is fliuch tonna ann sin
Do chuadhamar siar ar maiteamh re righ gréine
Gear bholc ar gciall do rinneamar lan dtreigne.



FINIS.
B 1760-1816ls 18D

Fuaradar dá thiobruid innti, tiobruid díobh buartha agus tiobruid oile.
Adchonncadar soillse móra uatha 'san oileán go ndeachadar dá h-ionnsuighe
agus do chonnchadar an dá fear déag ag déanamh a n-uird agus ní raibh
soillse oile acudh acht gnúis aroile. Tig fear díbh chuca agus fearas
fáilte riú agus ceadaois fris deoch d'ól as an tiobraid go ndubhairt riu
líonaigh bhur leasdair aisde. Cia sibh féin, ar siad. Muinntear
Ailbhe Imlidh sinn, agus isinn ro-réinn an dara curach táinig leis
agus biamaoid nár mbeatha go braith agus gach nduine téid d'éag no
báidhtear ar an bhfairrge biamaoid dá dtorramha agus gabhaigh-si
romhain óir ní sonna atá i ndán díbh éiseirghe.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services