Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litir Naomh Peadair Damien chum an darna Alexandair, Pápa
Title
Litir Naomh Peadair Damien chum an darna Alexandair, Pápa
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1818
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1912)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LITIR NAOMH PEADAIR DAMIEN CHUM AN DARNA ALEXANDAIR, PÁPA. Dobhíodar dís fhear ag dul ag gearradh adhmuid i gcoill. Do rith chuca amach náthair nimhe .i. uile-phiast ghránda mhór a raibh uirri dhá cheann agus a beul osgailte agus a teanga amach ar a raibh trí rinn chaola gheura agus go sílfea go mbeadh teine ag imtheacht as a súile, agus do chuir orra, agus do bhuail duine do na fir ag a raibh misneach buille dh'á thuaigh uirri agus do ghearr dí aon d'a cinn, acht go mío-adhbharach do leig d'a thuaigh tuitim uaidh. Mar fuair an phiast í féin gonta do ghabh buile agus cuthach í, do thóg é ar an míobhúntáisde sin, gan a arm, agus do chas a earball in-a thimcheall. Do liúgh an duine dona ar a chompánach ag iarraidh cabhartha nó ar a laighead go dtiubhra a thuaigh dó arís chum é féin do chosaint nó chum gníomh éigin do dheunamh ar a namhaid noch dobhí anois dá tharraing leis chum a phoill acht dobhí a chompánach comh meaithte sin nár lámhaigh coghnamh ar bith do thabhairt dó, acht lan do sganra agus d'uathbhas do sceinn chum siúbhail ag fágbháil an duine bhoicht dhona sin i gcomhachtaibh na péiste noch le cuthach deargbhuile rug leis dá pholl é gan toirmeasg ná aon chonghnamh ar dómhan, d'aimhdheóin guil agus áirdbéiceadh an príosúnaigh bhoicht. Ní fhuil san stairseo acht fíoghar eudtrom dá bhfuileongaidh an peacach ar uair scartha len-a chorp, an tan, gan aon chabhar ar bith ná súil leis, do-gheabha sé é féin ar cumas an dragúin ifreanda noch do chéasfas é go dochuimsighthe síorruidhe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services