LITIR NAOMH PEADAIR DAMIEN CHUM AN DARNA ALEXANDAIR, PÁPA.
Dobhíodar dís fhear ag dul ag gearradh adhmuid i gcoill. Do rith chuca
amach náthair nimhe .i. uile-phiast ghránda mhór a raibh uirri dhá cheann
agus a beul osgailte agus a teanga amach ar a raibh trí rinn chaola gheura
agus go sílfea go mbeadh teine ag imtheacht as a súile, agus do chuir orra,
agus do bhuail duine do na fir ag a raibh misneach buille dh'á thuaigh uirri
agus do ghearr dí aon d'a cinn, acht go mío-adhbharach do leig d'a thuaigh
tuitim uaidh. Mar fuair an phiast í féin gonta do ghabh buile agus cuthach
í, do thóg é ar an míobhúntáisde sin, gan a arm, agus do chas a earball
in-a thimcheall. Do liúgh an duine dona ar a chompánach ag iarraidh
cabhartha nó ar a laighead go dtiubhra a thuaigh dó arís chum é féin do
chosaint nó chum gníomh éigin do dheunamh ar a namhaid noch dobhí anois dá
tharraing leis chum a phoill acht dobhí a chompánach comh meaithte sin nár
lámhaigh coghnamh ar bith do thabhairt dó, acht lan do sganra agus
d'uathbhas do sceinn chum siúbhail ag fágbháil an duine bhoicht dhona sin i
gcomhachtaibh na péiste noch le cuthach deargbhuile rug leis dá pholl é gan
toirmeasg ná aon chonghnamh ar dómhan, d'aimhdheóin guil agus áirdbéiceadh
an príosúnaigh bhoicht. Ní fhuil san stairseo acht fíoghar eudtrom dá
bhfuileongaidh an peacach ar uair scartha len-a chorp, an tan, gan
aon chabhar ar bith ná súil leis, do-gheabha sé é féin ar cumas an dragúin
ifreanda noch do chéasfas é go dochuimsighthe síorruidhe.