Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá an Bhreitheamhnais
Title
Lá an Bhreitheamhnais
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1875
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1911)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Lá an Bhreitheamhnais. Luan an tSléibhe Luan an léir-scris, Luan i mbéimid uilig faoi bhrón, Tuitfidh an t-aer anuas na chaora Lasfaidh an spéir is béidh an mhuir ag dóghadh. Ar treas béiceadh do chloig Mhic Dé Béidh gach aon dá bhfuil marbh beó Béidh gach aon aca i gcolann daonna 'S an t-anam gléigeal ar chruaich na ndeór. Crom anuas a pheacaigh is truagh thú Dean aithrighe luath, is tú féin do chaill; Is minic do luadh tú Mac Dé go uabhrach Is gan agat duais air budh 'nois da chionn, Tiocfaidh an uair ort i mbeidh tú buaidheartha, Fosglochar uaigh agus réabfar ceall, Béidh an t-anam truagh ag dul sa cholann uabhrach, Agus iad ag gluaiseacht go sliabh na mbeann. Tiocfaidh an deagh-Mhac an ceart do dhéanamh Is annsin a bhéas an coiste cruaidh, 'Na shuidhe ar bheinse os cionn síl Hébha A gcortha dha léigheamh agus a n-aighthe air suas. I leabhar Gaedhilg atá gach aon choir O chruthughadh an créatur go dteidh san uaigh, Gurb é adeireas Saetan do gh'aon fhear fheiceann Nach leigeann aon-neach dar chionntuigh uaidh. Tiocfaidh an mhaighdean bharramhail ghléigeal Cnapfaidh éadaigh agus lúbfaidh glún. “A mhic, nach mé fhéin do dhíol do oebghal 'S nach seo na séada ar raibh tú 'g diúl, Seo na maolroisg do shíl na deóra, Nach seo an chiabh do thuit 'na dual, Seo na méara chuaidh fríd do chréachta Anois na tréig mé agus mé faoi ghruaim. Trí ráithe i n-aonfheacht d'iomchar mé an deagh-Mhac 'S an oidhche dhéineach gan bean mo thruaighe I dteach gan léirsdíon i gcathair Bhetel I mainsear chruaidh na n-asal crón. Shiubhal mé sleibhte Braoin go léir leat Seachnadh Herod is tú gan siubhal.” “A mhathair ghlégeal, atá an téicheadh deanta, Is beir leat an meid aca 'bhfuil agat dúil.” An té chuirfidh 'dhochus i righ an duine, Agus Muire an óigh do ghuidhe 'nam Cúl do thabhairt do na mionnaibh móra Is gan cuid na gcomharsan thnu ná shainnt. A chroidhe do dhortadh in aithrighe roghlan, 'S gan faillighe 'n urnuighthe ar luas ná ar mall Síleadh deóra ag aifreann Domhnaigh, B' aoibhinn dóibh sliabh Sion ann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services