Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá an Bhreitheamhnais

Title
Lá an Bhreitheamhnais
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1875
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1911)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Lá an Bhreitheamhnais.



Luan an tSléibhe Luan an léir-scris,
Luan i mbéimid uilig faoi bhrón,
Tuitfidh an t-aer anuas na chaora
Lasfaidh an spéir is béidh an mhuir ag dóghadh.
Ar treas béiceadh do chloig Mhic Dé
Béidh gach aon dá bhfuil marbh beó
Béidh gach aon aca i gcolann daonna
'S an t-anam gléigeal ar chruaich na ndeór.



Crom anuas a pheacaigh is truagh thú
Dean aithrighe luath, is tú féin do chaill;
Is minic do luadh tú Mac Dé go uabhrach
Is gan agat duais air budh 'nois da chionn,
Tiocfaidh an uair ort i mbeidh tú buaidheartha,
Fosglochar uaigh agus réabfar ceall,
Béidh an t-anam truagh ag dul sa cholann uabhrach,
Agus iad ag gluaiseacht go sliabh na mbeann.



Tiocfaidh an deagh-Mhac an ceart do dhéanamh
Is annsin a bhéas an coiste cruaidh,
'Na shuidhe ar bheinse os cionn síl Hébha
A gcortha dha léigheamh agus a n-aighthe air suas.
I leabhar Gaedhilg atá gach aon choir
O chruthughadh an créatur go dteidh san uaigh,
Gurb é adeireas Saetan do gh'aon fhear fheiceann
Nach leigeann aon-neach dar chionntuigh uaidh.



Tiocfaidh an mhaighdean bharramhail ghléigeal
Cnapfaidh éadaigh agus lúbfaidh glún.
“A mhic, nach mé fhéin do dhíol do oebghal
'S nach seo na séada ar raibh tú 'g diúl,
Seo na maolroisg do shíl na deóra,
Nach seo an chiabh do thuit 'na dual,
Seo na méara chuaidh fríd do chréachta
Anois na tréig mé agus mé faoi ghruaim.



Trí ráithe i n-aonfheacht d'iomchar mé an deagh-Mhac
'S an oidhche dhéineach gan bean mo thruaighe
I dteach gan léirsdíon i gcathair Bhetel
I mainsear chruaidh na n-asal crón.
Shiubhal mé sleibhte Braoin go léir leat
Seachnadh Herod is tú gan siubhal.”
“A mhathair ghlégeal, atá an téicheadh deanta,
Is beir leat an meid aca 'bhfuil agat dúil.”



An té chuirfidh 'dhochus i righ an duine,
Agus Muire an óigh do ghuidhe 'nam
Cúl do thabhairt do na mionnaibh móra
Is gan cuid na gcomharsan thnu ná shainnt.
A chroidhe do dhortadh in aithrighe roghlan,
'S gan faillighe 'n urnuighthe ar luas ná ar mall
Síleadh deóra ag aifreann Domhnaigh,
B' aoibhinn dóibh sliabh Sion ann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services